European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/2696

14.10.2024

CINNEADH (AE) 2024/2696 ÓN gCOMHAIRLE

an 10 Deireadh Fómhair 2024

maidir le neamh-athsholáthar Comhalta den Choimisiún

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 246, an tríú mír, de,

Ag féachaint don togra ó Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

D’éirigh an Coimisinéir BRETON as oifig mar Chomhalta den Choimisiún, le héifeacht ón 16 Meán Fómhair 2024.

(2)

I gcomhréir le hAirteagal 246, an tríú mír, den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d’aon toil ar thogra ó Uachtarán an Choimisiúin, a chinneadh nach gá folúntas a tharlaíonn sa Choimisiún de bharr éirí as oifig a líonadh, go háirithe nuair nach bhfuil fágtha ach beagán ama de théarma oifige an chomhalta.

(3)

Ón lá a tháinig éifeacht leis an éirí as oifig, beidh níos lú ná 2 mhí fágtha de théarma oifige an Choimisiúin reatha. Ní cosúil gur gá Comhalta den Choimisiún atá éirithe as oifig a athsholáthar le haghaidh tréimhse chomh gearr sin, agus eagrúchán an Choimisiúin mar chomhlacht coláisteach de bhun Airteagal 17(6) den Chonradh ar an Aontas Eorpach á chur san áireamh.

(4)

Tá an Cinneadh seo gan dochar do chomhdhéanamh an Choimisiúin ó thús a théarma oifige nua in 2024,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ní líonfar an folúntas sa Choimisiún, ar folúntas é atá ann de bhrí gur éirigh an Coimisinéir BRETON as oifig.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 10 Deireadh Fómhair 2024.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

PINTÉR S.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/2696/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)