European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/2351

22.10.2026

CINNEADH (AE) 2026/2351 ÓN gCOMHAIRLE

an 9 Deireadh Fómhair 2026

maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus an Íoslainn lena leagtar síos na rialacha maidir le rannpháirtíocht na hÍoslainne i gcomhpháirt GOVSATCOM de Chlár Spáis an Aontais agus i gClár an Aontais um Nascacht Shlán, agus maidir le rochtain ar sheirbhísí GOVSATCOM agus ar sheirbhísí rialtais Chlár an Aontais um Nascacht Shlán

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 189, i gcomhar le hAirteagal 218(6), an dara fomhír, pointe (a), de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Ag féachaint don toiliú ó Pharlaimint na hEorpa (1),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le Cinneadh (AE) 2026/434 ón gComhairle (2), an Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus an Íoslainn lena leagtar síos na rialacha maidir le rannpháirtíocht na hÍoslainne i gcomhpháirt GOVSATCOM de Chlár Spáis an Aontais agus i gClár an Aontais um Nascacht Shlán, agus maidir le rochtain ar sheirbhísí GOVSATCOM agus ar sheirbhísí rialtais Chlár an Aontais um Nascacht Shlán (3) (‘an Comhaontú’), síníodh é an 26 Márta 2026, faoi réir a thabhairt i gcrích ar dháta níos déanaí.

(2)

Ó thaobh na geopholaitíochta de, le rannpháirtíocht na hÍoslainne i gcomhpháirt GOVSATCOM de Chlár Spáis an Aontais agus i gClár an Aontais um Nascacht Shlán, agus le rochtain na hÍoslainne ar sheirbhísí GOVSATCOM agus ar sheirbhísí rialtais Chlár an Aontais um Nascacht Shlán, rannchuideofar le ról na hEorpa mar ghníomhaí domhanda a neartú agus cuirfear an comhar idirnáisiúnta chun cinn mar a shainmhínítear sa Straitéis Spáis don Eoraip. Le Comhaontú leis an Íoslainn, neartófar seasamh straitéiseach an Aontais, ar cuspóir é de chuid Straitéis Spáis an Aontais Eorpaigh um Shlándáil agus Cosaint.

(3)

Ba cheart an Comhaontú a fhormheas,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Formheastar leis seo an Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus an Íoslainn lena leagtar síos na rialacha maidir le rannpháirtíocht na hÍoslainne i gcomhpháirt GOVSATCOM de Chlár Spáis an Aontais agus i gClár an Aontais um Nascacht Shlán, agus maidir le rochtain ar sheirbhísí GOVSATCOM agus ar sheirbhísí rialtais Chlár an Aontais um Nascacht Shlán (4).

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 9 Deireadh Fómhair 2026.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

S. HARRIS


(1)  Toiliú an 16 Meán Fómhair 2026 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)  Cinneadh (AE) 2026/434 ón gComhairle an 17 Feabhra 2026 maidir le síniú an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus an Íoslainn lena leagtar síos na rialacha maidir le rannpháirtíocht na hÍoslainne i gcomhpháirt GOVSATCOM de Chlár Spáis an Aontais agus i gClár an Aontais um Nascacht Shlán, agus maidir le rochtain ar sheirbhísí GOVSATCOM agus ar sheirbhísí rialtais Chlár an Aontais um Nascacht Shlán (IO L, 2026/434, 23.2.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/434/oj).

(3)   OJ L, 2026/2350, 22.10.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2026/2350/oj.

(4)  Déanfaidh Ardrúnaíocht na Comhairle dáta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/2351/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)