European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/1314

30.6.2025

CINNEADH (AE) 2025/1314 ÓN gCOMHAIRLE

an 23 Meitheamh 2025

maidir le tograí a thíolacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, le haghaidh leasuithe ar na foscríbhinní a ghabhann leis an gCoinbhinsiún maidir le Trádáil Idirnáisiúnta i Speicis Fána agus Flóra Fiáine i mBaol (CITES) agus maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, ag an 20ú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe sa Choinbhinsiún sin

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192(1), i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tháinig an Coinbhinsiún maidir le Trádáil Idirnáisiúnta i Speicis Fána agus Flóra Fiáine i mBaol (1) (CITES) i bhfeidhm an 1 Iúil 1975. D’aontaigh an tAontas do CITES trí bhíthin Chinneadh (AE) 2015/451 ón gComhairle (2).

(2)

De bhun Airteagal XI(3), pointe (b), de CITES, is féidir le Comhdháil na bPáirtithe in CITES (‘Comhdháil na bPáirtithe’), cinntí a ghlacadh chun Foscríbhinní I agus II a ghabhann le CITES a leasú.

(3)

De bhun Airteagal XVI de CITES, is féidir le haon Pháirtí a chur faoi bhráid Rúnaíocht CITES liosta de na speicis a shainaithníonn sé mar speicis atá faoi réir rialaithe laistigh dá dhlínse d’fhonn dúshaothrú a chosc nó a shrianadh, agus mar speicis a dteastaíonn comhar Páirtithe eile i rialáil trádála ina leith. Tá an liosta sin le háireamh i bhFoscríbhinn III a ghabhann le CITES.

(4)

Déanfaidh Comhdháil na bPáirtithe, le linn an 20ú cruinniú a bheidh aici, ón 24 Samhain 2025 go dtí an 5 Nollaig 2025, cinneadh maidir le haon togra chun Foscríbhinní I agus II a ghabhann le CITES a leasú. Ní mór do na Páirtithe na tograí sin a chur faoi bhráid Rúnaíocht CITES faoin 27 Meitheamh 2025.

(5)

Moltar tograí chun speicis a chur san áireamh i bhFoscríbhinn III a ghabhann le CITES, nach dteastaíonn cinneadh ó Chomhdháil na bPáirtithe ina leith. Mar sin féin, moltar go ndéanfaí na tograí sin ar a laghad 3 mhí roimh chruinnithe ábhartha Chomhdháil na bPáirtithe.

(6)

Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag an 20ú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe maidir le tograí le haghaidh leasuithe ar Fhoscríbhinní I agus II a ghabhann le CITES a bhunú, toisc go mbeidh na leasuithe sin ceangailteach ar an Aontas.

(7)

Tá an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais maidir leis na tograí le haghaidh leasuithe ar na foscríbhinní a ghabhann le CITES a leagtar amach sa Chinneadh seo bunaithe ar anailís shaineolach ar fhiúntas na dtograí sin, i gcomhréir leis na critéir arna mbunú in CITES agus de réir na fianaise eolaíche is fearr atá ar fáil. Leis an anailís shaineolach sin tacaítear leis na tograí le haghaidh leasuithe ar na foscríbhinní a ghabhann le CITES a leagtar amach sa Chinneadh seo, d’fhonn a áirithiú nach bhfuil trádáil an speicis lena mbaineann ina bagairt ar a mharthanas san fhiántas,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gCinneadh seo na tograí le haghaidh leasuithe ar Fhoscríbhinní I agus II a ghabhann leis an gCoinbhinsiún maidir le Trádáil Idirnáisiúnta i Speicis Fána agus Flóra Fiáine i mBaol (CITES), leasuithe atá le tíolacadh ag an Aontas ar ócáid an 20ú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe in CITES (‘Comhdháil na bPáirtithe’). Leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gCinneadh seo na tograí le haghaidh leasuithe ar Fhoscríbhinní I agus II a ghabhann le CITES atá le comhthíolacadh ag an Aontas an tráth sin.

Airteagal 2

An aighneacht maidir le cur san áireamh Fhoscríbhinn III a ghabhann le CITES atá le déanamh ag an Aontas ar ócáid an 20ú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe, leagtar amach í in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 3

Is é seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag an 20ú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe tacú leis na tograí le haghaidh leasuithe ar Fhoscríbhinní I agus II a ghabhann le CITES a leagtar amach in Iarscríbhinní I agus II den Chinneadh seo.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 23 Meitheamh 2025.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

C. SIEKIERSKI


(1)   IO L 75, 19.3.2015, lch. 4, ELI: http://data.europa.eu/eli/convention/2015/451/oj.

(2)  Cinneadh (AE) 2015/451 ón gComhairle an 6 Márta 2015 maidir le haontachas an Aontais Eorpaigh leis an gCoinbhinsiún maidir le Trádáil Idirnáisiúnta i Speicis Fána agus Flóra Fiáine i mBaol (CITES) (IO L 75, 19.3.2015, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2015/451/oj).


IARSCRÍBHINN I

Tograí le haghaidh Leasuithe ar Fhoscríbhinní I agus II a ghabhann le CITES atá le tíolacadh ag an Aontas

Grúpa tacsanomaíoch

Tacsón (gnáthainm)

Moladh

Reiptílí

Gekko badenii *

(Ba Den Golden gecko)

* Faoi réir an léirithe tacaíochta ón t-aon Stát raoin amháin atá ann, Vítneam, faoi 20.6.2025; in éagmais freagra dhearfaigh laistigh den sprioc-am sin, ní chuirfear an togra isteach

Le háireamh i bhFoscríbhinn II

Amfaibiaigh

Pelophylax epeiroticus, Pelophylax shqipericus, Pelophylax ridibundus agus Pelophylax lessonae

(Froganna uisce)

Le háireamh i bhFoscríbhinn II (moill 18 mí ar theacht i bhfeidhm)

Iasc

Anguilla spp.

(Eascanna fionnuisce)

Le háireamh i bhFoscríbhinn II (moill 18 mí ar theacht i bhfeidhm)

Centrophoridae

(Siorcanna slogacha)

Le háireamh i bhFoscríbhinn II

Inveirteabraigh

Holothuria lessoni

(Gaineamhiasc órga)

Le háireamh i bhFoscríbhinn II

Actinopyga echinites, Actinopyga lecanora, Actinopyga mauritiana, Actinopyga miliaris, Actinopyga palauensis agus Actinopyga varians

(Súmairí cladaigh)

Le háireamh i bhFoscríbhinn II

Crainn

Commiphora wightii

(Deilliam Indiach)

Le háireamh i bhFoscríbhinn II

Araucaria angustifolia *

(Péine Paraná)

Le háireamh i bhFoscríbhinn II


IARSCRÍBHINN II

Tograí le haghaidh leasuithe ar Fhoscríbhinní I agus II a ghabhann le CITES atá le comhthíolacadh ag an Aontas

Grúpa tacsanomaíoch

Tacsón (gnáthainm)

Moladh

Iasc

Carcharhinus longimanus

(Siorc bán aigéanach)

Le haistriú ó Fhoscríbhinn II go Foscríbhinn I

Galeorhinus galeus

(Gearrthóir),

Mustelus spp.

(Scoirnigh)*

* Faoi réir deimhniú ón mBrasaíl go bhfuil sé ar intinn acu an togra a thíolacadh

Le háireamh i bhFoscríbhinn II


IARSCRÍBHINN III

Leasú ar Fhoscríbhinn III a ghabhann le CITES atá le tíolacadh ag an Aontas

Grúpa tacsanomaíoch

Tacsón (gnáthainm)

Moladh

Reiptílí

Gallotia atlantica, Gallotia bravoana, Gallotia Caesaris, Gallotia galloti, intermedia Gallotia, Gallotia stehlini

Le háireamh i bhFoscríbhinn III


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/1314/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)