|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/2145 |
23.9.2026 |
CINNEADH (AE) 2026/2145 ÓN gCOMHAIRLE
an 22 Meán Fómhair 2026
lena leasaítear Cinneadh (AE) 2021/1875 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sna comhairliúcháin bhliantúla leis an Ríocht Aontaithe chun teacht ar chomhaontú maidir leis na gabhálacha iomlána incheadaithe
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(3), i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 22 Deireadh Fómhair 2021, ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE) 2021/1875 (1), lena leagtar amach na prionsabail agus na treoshuíomhanna le haghaidh an tseasaimh atá le glacadh thar ceann an Aontais sna comhairliúcháin bhliantúla leis an Ríocht Aontaithe maidir le deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic chomhroinnte, lena n-áirítear stoic dhomhainfharraige, faoi Airteagal 498 den Chomhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile (‘an Comhaontú Trádála agus Comhair’) (2). Le linn an phróisis comhairliúcháin, téann an Coimisiún i mbun na gcomhairliúchán thar ceann an Aontais ar bhonn sheasaimh an Aontais arna sonrú ag an gComhairle faoi fhorálacha ábhartha an Chonartha, agus dlúthchomhar á áirithiú aige leis an gComhairle agus lena comhlachtaí ullmhúcháin, i gcomhréir le prionsabal an chomhair dhílis idir institiúidí an Aontais a leagtar amach in Airteagal 13(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach. |
|
(2) |
Rinneadh athbhreithniú ar Chinneadh (AE) 2021/1875 i mí Iúil 2023 agus thángthas ar an gconclúid nach raibh gá le haon leasú. Ós rud é nár sainaithníodh aon saincheist cur chun feidhme ó shin, tá Cinneadh (AE) 2021/1875 fós oiriúnach dá fheidhm. |
|
(3) |
Rachaidh Cinneadh (AE) 2021/1875 in éag an 30 Meitheamh 2027. Is iomchuí, dá bhrí sin, síneadh a chur lena chur i bhfeidhm maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sna comhairliúcháin bhliantúla leis an Ríocht Aontaithe maidir le deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic chomhroinnte, ós rud é gur cheart toradh na gcomhairliúchán sin a chur chun feidhme i ndlí an Aontais. |
|
(4) |
Ba cheart don Choimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar chur chun feidhme éifeachtach Chinneadh (AE) 2021/1875. Ba cheart a mheas san athbhreithniú an bhfuil gá le haon leasú agus, más iomchuí, ba cheart togra le haghaidh leasú a bheith ag gabháil leis an athbhreithniú. |
|
(5) |
Tá Parlaimint na hEorpa le cur go hiomlán ar an eolas láithreach, de bhun Airteagal 218(10) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. |
|
(6) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh (AE) 2021/1875 a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
I gCinneadh (AE) 2021/1875, cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3:
‘Airteagal 3
Beidh feidhm ag an gCinneadh seo go dtí an 30 Meitheamh 2038.
Déanfaidh an Chomhairle é a athbhreithniú de réir mar is gá agus, i gcás inarb iomchuí, déanfaidh sí é a leasú ar thogra ón gCoimisiún. Déanfar athbhreithniú in aon chás faoin 31 Nollaig 2036.’.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 22 Meán Fómhair 2026.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
T. BYRNE
(1) Cinneadh (AE) 2021/1875 ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2021 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sna comhairliúcháin bhliantúla leis an Ríocht Aontaithe chun teacht ar chomhaontú maidir leis na gabhálacha iomlána incheadaithe (IO L 378, 26.10.2021, lch. 6, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2021/1875/oj).
(2) IO L 149, 30.4.2021, lch. 10, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2021/689(1)/oj.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/2145/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)