|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/3209 |
23.12.2024 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/3209 ÓN gCOMHAIRLE
an 12 Nollaig 2024
lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/789 lena n-údaraítear an Ungáir beart speisialta a thabhairt isteach de mhaolú ar Airteagal 193 de Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Threoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (1), agus go háirithe Airteagal 395(1), an chéad fhomhír, di,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le hAirteagal 193 de Threoir 2006/112/CE, foráiltear go bhfuil aon duine inchánach atá i mbun soláthar inchánach earraí nó seirbhísí, faoi dhliteanas cáin bhreisluacha (CBL) a íoc leis na húdaráis chánach, mar riail ghinearálta. |
|
(2) |
Le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/789 ón gComhairle (2), údaraíodh an Ungáir beart speisialta a thabhairt isteach de mhaolú ar Airteagal 193 de Threoir 2006/112/CE maidir leis an duine atá faoi dhliteanas CBL a íoc i gcásanna ina ndéanann duine inchánach atá faoi réir imeachtaí leachtúcháin, nó aon imeacht eile lena suitear go dlíthiúil go bhfuil sé dócmhainneach, soláthairtí áirithe (‘an beart speisialta’). |
|
(3) |
Le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1775 ón gComhairle (3), cuireadh síneadh leis an mbeart speisialta go dtí an 31 Nollaig 2024. |
|
(4) |
Le litir a cláraíodh leis an gCoimisiún an 10 Meitheamh 2024, d’iarr an Ungáir an t-údarú, i gcomhréir le hAirteagal 395(2), an chéad fhomhír, de Threoir 2006/112/CE chun leanúint den bheart speisialta a chur i bhfeidhm (‘an iarraidh’). Bhí tuarascáil maidir le cur i bhfeidhm an bhirt speisialta ag gabháil leis an iarraidh sin. |
|
(5) |
De bhun Airteagal 395(2), an dara fomhír, de Threoir 2006/112/CE, chuir an Coimisiún an iarraidh chuig na Ballstáit eile le litir dar dáta an 7 Lúnasa 2024. Le litir dar dáta an 9 Lúnasa 2024, chuir an Coimisiún in iúl don Ungáir go raibh an fhaisnéis uile is gá aige chun breithmheas a dhéanamh ar an iarraidh. |
|
(6) |
Áitíonn an Ungáir gur minic nach n-íocann daoine inchánach atá faoi leachtú nó faoi nós imeachta dócmhainneachta an CBL atá dlite leis na húdaráis chánach. An tráth céanna, is féidir leis an gceannaitheoir, ar duine inchánach é a bhfuil an ceart asbhainte aige, an CBL a tabhaíodh a asbhaint fós agus, dá bhrí sin, tionchar diúltach a imirt ar an mbuiséad poiblí. Chláraigh an Ungáir cásanna calaoise freisin ina ndéanfadh cuideachtaí atá faoi leachtú sonraisc bhréige a eisiúint do chuideachtaí gníomhacha agus an méid CBL is iníoctha acu a laghdú go mór, gan a ráthú go n-íocfadh eisitheoir na sonrasc an CBL atá dlite. |
|
(7) |
Le hAirteagal 199(1), pointe (g), de Threoir 2006/112/CE, cuirtear ar chumas na mBallstát a fhoráil gurb é an duine inchánach dá soláthraítear an mhaoin dhochorraithe arna díol ag féichiúnaí breithiúnais i nós imeachta um dhíol éigeantach an duine inchánach atá faoi dhliteanas CBL a íoc (‘an sásra aistrithe táillí’). Leis an mbeart speisialta, ceadaítear don Ungáir cur i bhfeidhm an tsásra aistrithe táillí a leathnú chuig soláthairtí eile a dhéanann daoine inchánach atá faoi nós imeachta dócmhainneachta, mar atá, soláthar earraí caipitiúla agus soláthar earraí nó seirbhísí eile ar mó ná HUF 100 000 a luach margaidh oscailte. |
|
(8) |
Ar bhonn na faisnéise a chuir an Ungáir ar fáil, tríd an sásra aistrithe táillí a chur i bhfeidhm maidir leis na cineálacha idirbheart sin, simplíodh an bailiú cánach agus cuireadh cosc ar imghabháil nó seachaint cánach. Le cur chun feidhme an bhirt, cuireadh teorainn le caillteanais d’ioncam poiblí agus gineadh ioncam buiséid breise. |
|
(9) |
Ba cheart teorainn ama a chur leis an síneadh a iarradh ar an mbeart speisialta, chun go mbeidh an riarachán cánach náisiúnta in ann gnáthbhearta eile a thabhairt isteach chun aghaidh a thabhairt ar chalaois CBL agus chun caillteanais bhuiséid phoiblí a laghdú. Le tabhairt isetach gnáthbheart den sórt sin, ní bheidh gá le síneadh breise a chur leis an mbeart speisialta sin. Ní dheonaítear maolú ar Airteagal 193 de Threoir 2006/112/CE lena gceadaítear úsáid a bhaint as an sásra aistrithe táillí ach amháin ar bhonn eisceachtúil le haghaidh réimsí calaoiseacha sonracha agus is é an rogha dheireanach é. Thairis sin, beidh Airteagal 199a de Threoir 2006/112/CE fós i bhfeidhm go dtí an 31 Nollaig 2026. Dá bhrí sin, ba cheart síneadh a chur leis an údarú chun an beart speisialta a chur i bhfeidhm go dtí an 31 Nollaig 2026, agus go dtí sin amháin. |
|
(10) |
Ní bheidh aon drochthionchar ag an mbeart speisialta ar acmhainní dílse an Aontais a fhabhraíonn ó CBL. |
|
(11) |
Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/789 a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
In Airteagal 2 de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/789, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara mír:
‘Rachaidh an Cinneadh seo in éag an 31 Nollaig 2026 ’.
Airteagal 2
Gabhfaidh éifeacht leis an gCinneadh seo an dáta a thabharfar fógra faoi.
Airteagal 3
Dírítear an Cinneadh seo chuig an Ungáir.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 12 Nollaig 2024.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
PINTÉR S.
(1) IO L 347, 11.12.2006, lch. 1.
(2) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/789 ón gComhairle an 25 Bealtaine 2018 lena n-údaraítear an Ungáir beart speisialta a thabhairt isteach de mhaolú ar Airteagal 193 de Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO L 134, 31.5.2018, lch. 10).
(3) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1775 an 5 Deireadh Fómhair 2021 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/789 lena n-údaraítear an Ungáir beart speisialta a thabhairt isteach de mhaolú ar Airteagal 193 de Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO L 360, 11.10.2021, lch. 110).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/3209/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)