|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/262 |
29.1.2026 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/262 ÓN gCOMHAIRLE
an 29 Eanáir 2026
lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2023/1529 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise thacaíocht mhíleata na hIaráine do chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus do ghrúpaí armtha agus eintitis sa Mheánoirthear agus i réigiún na Mara Rua
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2023/1529 ón gComhairle an 20 Iúil 2023 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise thacaíocht mhíleata na hIaráine do chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus do ghrúpaí armtha agus eintitis sa Mheánoirthear agus i réigiún na Mara Rua (1), agus go háirithe Airteagal 7(1) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 20 Iúil 2023, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) 2023/1529. |
|
(2) |
Sna conclúidí uaithi an 21 agus an 22 Márta 2024, chuir an Chomhairle Eorpach in iúl dá ndéanfadh an Iaráin diúracáin bhalaistíocha agus teicneolaíocht ghaolmhar a aistriú chun na Rúise lena n-úsáid i gcoinne na hÚcráine, tar éis di aerárthaigh gan foireann a sholáthar don Rúis, atá in úsáid gan stad i gcoinne an phobail shibhialta san Úcráin, go mbeadh an tAontas Eorpach faoi réir chun freagairt go tapa agus i gcomhar le comhpháirtithe idirnáisiúnta, lena n-áirítear le bearta sriantacha suntasacha nua i gcoinne na hIaráine. Thairis sin, chuir an Chomhairle Eorpach in iúl nach mór an rochtain atá ag an Rúis ar ábhair agus teicneolaíochtaí íogaire atá ábhartha don láthair chatha a shrianadh a mhéid is féidir, lena n-áirítear trí dhíriú ar eintitis i dtríú tíortha lena gcumasaítear an teacht timpeall sin. D’iarr an Chomhairle Eorpach ar Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (‘an tArdionadaí’) agus ar an gCoimisiún smachtbhannaí breise a ullmhú i gcoinne na Bealarúise, na Cóiré Thuaidh agus na hIaráine. |
|
(3) |
An 13 Meán Fómhair 2024, i ráiteas ón Ardionadaí thar ceann an Aontais, cháin an tAontas go láidir aistriú na ndiúracán balaistíoch de dhéantús na hIaráine chuig an Rúis, agus meastar gur bagairt dhíreach é sin ar shlándáil na hEorpa agus gur géarú ábhartha substainteach é ar sholáthar aerárthach gan foireann agus armlóin ón Iaráin, a d’úsáid an Rúis ina cogadh foghach neamhdhleathach ar an Úcráin. D’fhreagródh an tAontas go pras agus i gcomhar le comhpháirtithe idirnáisiúnta, lena n-áirítear le bearta sriantacha suntasacha nua i gcoinne na hIaráine, lena n-áirítear daoine aonair agus eintitis a ainmniú a bhfuil baint acu le cláir diúracán balaistíoch agus ladrann na hIaráine, agus i ndáil leis an méid sin, tá bearta sriantacha in earnáil eitlíochta na hIaráine á mbreithniú aige freisin. |
|
(4) |
Sna conclúidí uaithi an 19 Nollaig 2024, dúirt an Chomhairle gur géarú idirnáisiúnta ar an gcogadh iad na haistrithe arm agus an doimhniú ar an gcomhar míleata idir an Rúis agus DPDC agus an Iaráin, mar aon le himscaradh fhórsaí míleata DPDC chun na Rúise agus a n-úsáid ar láthair an chatha i gcoinne na hÚcráine, agus go bhfuil iarmhairtí tromchúiseacha ag an méid sin don tsíocháin agus don tslándáil idirnáisiúnta. |
|
(5) |
Tá aerfheithiclí gan foireann agus comhpháirteanna aerfheithiclí gan foireann arna dtáirgeadh san Iaráin á n-úsáid ag an Rúis chun tacú lena cogadh foghach i coinne na hÚcráine, rud a sháraíonn ceannasacht, neamhspleáchas agus iomláine chríochach na hÚcráine, lena n-áirítear i gcoinne sibhialtach agus in aghaidh an bhonneagair shibhialtaigh. Dá bhrí sin, trí chlár Státurraithe na hIaráine chun aerfheithiclí gan foireann a fhorbairt agus a tháirgeadh, rannchuidítear le sáruithe ar Chairt na Náisiún Aontaithe agus ar bhunphrionsabail an dlí idirnáisiúnta. |
|
(6) |
I bhfianaise a thromchúisí atá an staid, ba cheart ceathrar agus sé eintiteas a áireamh ar liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach a leagtar amach in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/1529. |
|
(7) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) 2023/1529 a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/1529 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 29 Eanáir 2026.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
K. KALLAS
(1) IO L 186, 25.7.2023, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/1529/oj.
IARSCRÍBHINN
Leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/1529 mar a leanas:
|
(1) |
cuirtear na hiontrálacha seo a leanas leis faoin gceannteideal ‘A. Daoine nádúrtha’:
|
|
(2) |
Cuirtear isteach an iontráil seo a leanas faoin gceannteideal ‘B. Daoine dlítheanacha, eintitis agus comhlachtaí’:
|
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/262/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)