AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,24.2.2022
COM(2022) 67 final
2022/0046(NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag an 15ú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe i gCoinbhinsiún Basel maidir le Rialú Gluaiseachtaí Trasteorann Dramhaíolacha Guaiseacha agus a nDiúscairt maidir le leasuithe áirithe ar Airteagal 6(2) den Choinbhinsiún sin
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.ÁBHAR AN TOGRA
Baineann an togra seo le cinneadh lena mbunaítear seasamh an Aontais ag an 15ú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe i gCoinbhinsiún Basel, maidir le togra chun Airteagal 6 den Choinbhinsiún sin a athrú. Beidh an cruinniú ar siúl i mí an Mheithimh 2022.
2.COMHTHÉACS AN TOGRA
2.1.Coinbhinsiún Basel maidir le Rialú Gluaiseachtaí Trasteorann Dramhaíolacha Guaiseacha agus a nDiúscairt
Glacadh Coinbhinsiún Basel maidir le Rialú Gluaiseachtaí Trasteorann Dramhaíolacha Guaiseacha agus a nDiúscairt (‘an Coinbhinsiún’) an 22 Márta 1989 agus tháinig sé i bhfeidhm in 1992. Tá an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit ina bPáirtithe sa Choinbhinsiún. Tá 188 bPáirtí sa Choinbhinsiún.
Is é bunchloch an Choinbhinsiúin córas rialaithe maidir le honnmhairiú, allmhairiú agus idirthuras dramhaíola áirithe, tríd an nós imeachta ar a dtugtar ‘toiliú feasach roimh ré’. Tabharfar fógra roimh ré d’údaráis inniúla na Stát allmhairiúcháin agus idirthurais i dtaobh onnmhairí dramhaíola atá faoi réir an Choinbhinsiúin. Is i scríbhinn a thabharfar na fógraí agus beidh iontu na dearbhuithe agus an fhaisnéis a shonraítear in Iarscríbhinn V A a ghabhann leis an gCoinbhinsiún. Ní féidir le honnmhairiú dramhaíola dul ar aghaidh ach i gcás ina bhfuil toiliú i scríbhinn tugtha ag na Stáit uile lena mbaineann (Airteagal 6 den Choinbhinsiún).
Tá feidhm ag córas rialaithe an Choinbhinsiúin maidir le dramhaíl ghuaiseach a shainmhínítear in Airteagal 1 agus a liostaítear in Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis an gCoinbhinsiún, agus maidir le dramhaíl a liostaítear in Iarscríbhinn II, ina bhfuil dramhaíl a bhailítear ó theaghlaigh, iarmhair a eascraíonn as loisceadh dramhaíola tí agus dramhaíl phlaisteach áirithe. Sa Choinbhinsiún freisin liostaítear in Iarscríbhinn IX iontrálacha dramhaíola nach dtagann faoina raon feidhme ná faoina chóras rialaithe ach amháin má tá ábhar sa dramhaíl a bhaineann le catagóir in Iarscríbhinn I agus as a dtagann saintréith ghuaiseach a liostaítear in Iarscríbhinn III.
2.2.Comhdháil na bPáirtithe
Is í Comhdháil na bPáirtithe i gCoinbhinsiún Basel príomhchomhlacht cinnteoireachta an Choinbhinsiúin. Tá cumhachtaí aici na hIarscríbhinní a ghabhann leis an gCoinbhinsiún a leasú agus tagann sí le chéile gach 2 bhliain.
Reáchtálfar an 15ú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe i gCoinbhinsiún Basel (CoP15) ina dhá chuid: bhí an chéad chuid ar líne ar siúl ón 26 go dtí an 30 Iúil 2021 agus leanfar leis an gcruinniú le linn na coda aghaidh ar aghaidh sa Ghinéiv, ón 6 go dtí an 17 Meitheamh 2022.
2.3.An leasú atá beartaithe ar an gCoinbhinsiún
Chuir Cónaidhm na Rúise togra síos lena bhreithniú ag an 15ú cruinniú de Comhdháil na bPáirtithe, ar togra é a ceapadh chun leasú a dhéanamh ar an gcéad abairt de mhír 2 d’Airteagal 6 den Choinbhinsiún (‘an gníomh atá beartaithe’).
Léitear an chéad abairt d’Airteagal 6(2) den Choinbhinsiún mar a leanas: ‘Tabharfaidh an Stát allmhairiúcháin freagra i scríbhinn ar an bhfógróir, ag toiliú leis an ngluaiseacht i dteannta nó d’éagmais coinníollacha, ag diúltú an ghluaiseacht a cheadú, nó ag iarraidh faisnéis bhreise’.
Leis an ngníomh atá beartaithe moltar an abairt sin a leasú trí theorainn ama 30 lá a chur isteach, ar laistigh den tréimhse sin ba cheart do thír allmhairiúcháin freagra a thabhairt ar an bhfógróir (chun toiliú leis an loingsiú atá beartaithe, cead a dhiúltú don loingsiú sin, nó faisnéis bhreise a iarraidh). Ina theannta sin, tá sé i gceist leis an togra go scriosfar an chamóg ‘,’ atá idir ‘coinníollacha’ agus ‘ag diúltú’, chun ‘nó’ a chur isteach in ionad na camóige.
Cuirtear an Coinbhinsiún chun feidhme san Aontas trí bhíthin Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2006 maidir le loingsithe dramhaíola (‘WSR’ anseo feasta). Thiocfadh aon mhodhnú ar an gCoinbhinsiún i bhfeidhm san Aontas Eorpach tar éis dó a bheith curtha chun feidhme trí leasuithe ar an Rialachán seo.
Leis na rialacha atá ann faoi láthair a bhfuil feidhm acu maidir leis an Aontas agus a Bhallstáit, foráiltear cheana go bhfuil sprioc-am 30 lá ag an tír allmhairiúcháin chun freagra a thabhairt ar an bhfógróir (féach Airteagal 8 de WSR). Tá feidhm aige sin freisin maidir le tíortha eile ECFE, de réir Chinneadh ECFE.
Ó thaobh an Aontais de, an t‑aon iarmhairt phraiticiúil a bheadh ann dó ag eascairt as na hathruithe a bhaineann leis an togra ó Chónaidhm na Rúise, bhainfeadh sí leis an nós imeachta maidir le honnmhairiú dramhaíola faoina dtugtar fógra chuig tíortha nach tíortha ECFE iad. De bhrí go bhfuil toirmeasc ar onnmhairiú dramhaíola in Iarscríbhinn VIII agus Iarscríbhinn II chuig tíortha nach tíortha ECFE iad faoi WSR, ní bhainfeadh an t‑athrú a thiocfadh de bharr thogra na Rúise ach le ‘dramhaíl neamhliostaithe’ (i.e. mar thoradh ar thogra na Rúise, bheadh ar thíortha nach tíortha ECFE iad atá ag allmhairiú dramhaíl neamhliostaithe ón Aontas Eorpach freagra a thabhairt ar an bhfógróir laistigh de 30 lá), rudaí atá, faoi Airteagal 3(1)(b)(iii) agus (iv) de WSR, faoi réir an nós imeachta i dtaobh toiliú ‘feasach roimh ré’. Chiallódh an leasú atá á mholadh ag Cónaidhm na Rúise, i gcásanna den sórt sin, go mbeadh ar an tír allmhairiúcháin freagra a thabhairt ar an bhfógróir laistigh de 30 lá maidir le loingsiú ón Aontas atá beartaithe le haghaidh tír nach tír ECFE í.
An nós imeachta maidir leis an gCoinbhinsiún a leasú, is faoi rialú Airteagal 17 den Choinbhinsiún atá sé. Ní mór aon leasú den sórt sin a ghlacadh ag cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe. Beidh an leasú ina cheangal ar na Páirtithe sin a dhéanfaidh a gcuid ionstraimí daingniúcháin, formheasa, deimhnithe foirmiúil nó glactha a thaisceadh i gcomhréir le hAirteagal 17(5) den Choinbhinsiún, lena bhforáiltear mar a leanas: ‘Déanfar ionstraimí daingniúcháin, formheasa, deimhnithe foirmiúil nó glactha a thaisceadh leis an Taiscí. Maidir le leasuithe a ghlactar i gcomhréir le mír 3 nó mír 4 thuasluaite, tiocfaidh siad i bhfeidhm idir na Páirtithe a ghlac leo ar an 90ú lá tar éis don Taiscí a n‑ionstraimí daingniúcháin, formheasa, deimhnithe foirmiúil nó glactha a fháil ó thrí cheathrú de na Páirtithe ar a laghad a ghlac leo nó ó dhá thrian de na Páirtithe ar a laghad sa phrótacal lena mbaineann a ghlac leo, ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt sa phrótacal sin. I gcás aon Pháirtí eile, tiocfaidh na leasuithe i bhfeidhm ar an 90ú lá tar éis don Pháirtí sin a ionstraim daingniúcháin, formheasa, deimhnithe foirmiúil nó ghlactha i leith na leasuithe sin a thaisceadh’. Is gá dá bhrí sin go ndéanfaidh trí cheathrú de na Páirtithe sa Choinbhinsiún (is é sin 141 Pháirtí) leasú a dhaingniú, a fhormheas, a dheimhniú go foirmiúil nó a ghlacadh chun go dtiocfaidh aon leasú ar an gCoinbhinsiún i bhfeidhm.
Leasaíodh corp an Choinbhinsiúin uair amháin, go n‑uige seo, trí Airteagal 4A a chur isteach agus ina dhiaidh sin trí Iarscríbhinn VII (‘Leasú Toirmisc Basel’) a chur leis an gCoinbhinsiún. Chomhaontaigh Comhdháil na bPáirtithe an leasú sin ag a tríú cruinniú in 1995 agus tháinig sé i bhfeidhm in 2019 maidir leis na Páirtithe sin a dhaingnigh é.
3.AN SEASAMH ATÁ LE GLACADH THAR CEANN AN AONTAIS
(1)Níor cheart don Aontas tacú leis an leasú ar mhír 2 d’Airteagal 6 den Choinbhinsiún a mhol Cónaidhm na Rúise.
(2)Ní bheadh aon athrú mór i gceist don Aontas agus dá Bhallstáit leis an gcéad chuid den leasú (go mbeidh teorainn ama 30 lá ag an tír allmhairiúcháin chun freagra a thabhairt ar an bhfógróir), toisc, maidir leis an teorainn ama 30 lá sa leasú atá beartaithe a bheadh ag tíortha allmhairiúcháin chun freagra a thabhairt ar an bhfógróir, go bhfuil feidhm aici cheana maidir le tromlach na loingsithe arna bhfógairt ag an Aontas Eorpach agus a Bhallstáit faoi dhlí an Aontais (seachas onnmhairithe dramhaíola neamhliostaithe chuig tíortha nach tíortha ECFE iad). Chomh maith leis sin, ní athródh sé na hoibleagáidí don Aontas Eorpach agus a Bhallstáit a fhaigheann fógraí, toisc go bhfuil feidhm cheana faoi dhlí an Aontais ag an teorainn ama 30 lá chun freagra a thabhairt.
(3)Ní léir go bhfuil gá leis an dara cuid den leasú (‘nó’ a chur in ionad camóige) agus chruthódh sí éiginnteacht dhlíthiúil. Tá an foirmliú reatha soiléir go leor gur féidir leis an tír allmhairiúcháin freagairt ar thrí bhealach éagsúla nuair a thugann sí freagra ar an bhfógróir (toiliú leis an ngluaiseacht, cead a dhiúltú don ghluaiseacht sin, nó faisnéis bhreise a iarraidh). Ní gá dá bhrí sin an abairt sin a leasú.
(4)Próiseas trom a ídíonn go leor ama is ea an próiseas a bhaineann leis an gCoinbhinsiún a leasú, go háirithe ós rud é go gceanglaíonn sé ar gach Páirtí dul ar aghaidh lena phróiseas inmheánach daingniúcháin agus go dteastaíonn daingniú ó thrí cheathrú de na Páirtithe go léir sula dtiocfaidh an leasú i bhfeidhm. D'fhéadfadh sé freisin nach mbeadh ag an leasú seo sa deireadh ach tionchar teoranta, de bhrí nach mbíonn leasuithe ina gceangal ach orthu siúd atá tar éis iad a dhaingniú. Dá bhrí sin ní thabharfadh an leasú atá beartaithe aghaidh ar éifeachtacht an Choinbhinsiúin a fheabhsú ar bhealach éifeachtúil toisc go gcuirfeadh sé tús le próiseas fada trom laistigh den Choinbhinsiún agus dá Pháirtithe.
(5)Cé nach dtacaíonn sé leis na leasuithe atá beartaithe, ba cheart don Aontas é a chur i dtábhacht gur cheart do na Páirtithe feidhmiú níos fearr a chur chun cinn maidir leis an nós imeachta um fhógra a thabhairt, faoi chuimsiú Choinbhinsiún Basel. D’fhéadfaí a áireamh leis sin bunú teorainneacha ama eile le haghaidh freagraí ar fhógróirí, go háirithe i gcomhair tíortha idirthurais, chomh maith le húsáid na gcóras leictreonacha idirmhalartaithe sonraí a spreagadh nó an coincheap ar a dtugtar ‘saoráidí réamhthoilithe’, a eascraíonn as Cinneadh ECFE maidir le gluaiseachtaí trasteorann dramhaíola, a ionchorprú i gcreat Choinbhinsiún Basel. Tá roinnt próiseas ar siúl sa Choinbhinsiún cheana maidir leis na saincheisteanna sin, próisis atá úsáideach ach nach bhfuil ach torthaí teoranta orthu go dtí seo. Ba cheart don Aontas an tábhacht a bhaineann leis na saincheisteanna sin a chur i dtábhacht agus féachaint an bhféadfaí aghaidh a thabhairt orthu mar chuid de thionscnaimh nua nó tionscnaimh atá ann cheana, rud nach mbeadh athrú ar an gCoinbhinsiún i gceist leis. Ba cheart don Aontas oscailteacht a léiriú i leith tionscnaimh fhéideartha den sórt sin.
(6)Ar deireadh, ba cheart a thabhairt faoi deara, cé nach mbaineann aon bhreisluach soiléir le glacadh an leasaithe atá beartaithe, nach ndéanfaí dochar do leasanna an Aontais ach an oiread.
4.BUNÚS DLÍ
4.1.Bunús dlí don nós imeachta
4.1.1.Na Prionsabail
In Airteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) déantar foráil maidir le cinntí lena leagtar síos ‘na seasaimh a ghlacfar thar ceann an Aontais i gcomhlacht arna chur ar bun le comhaontú nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin gníomhartha a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, seachas gníomhartha lena bhforlíonfar nó lena leasófar creat institiúideach an chomhaontaithe.’
Áirítear ar na ‘gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo’ gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo de bhua rialacha an dlí idirnáisiúnta lena rialaítear an comhlacht atá i gceist. Áirítear orthu freisin ionstraimí nach bhfuil éifeacht cheangailteach leo faoin dlí idirnáisiúnta, ach a d’fhéadfadh ‘tionchar cinntitheach a imirt ar ábhar na reachtaíochta a ghlacfaidh reachtas an Aontais Eorpaigh’.
4.1.2.Cur i bhfeidhm maidir leis an gcás seo
Is comhlacht í Comhdháil na bPáirtithe i gCoinbhinsiún Basel a bunaíodh leis an gCoinbhinsiún.
Gníomh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leis is ea an gníomh a iarrtar ar Chomhdháil na bPáirtithe a ghlacadh. Beidh an gníomh atá beartaithe ceangailteach faoin dlí idirnáisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 18 den Choinbhinsiún. D’fhéadfadh sé tionchar a imirt ar ábhar reachtaíocht an Aontais Eorpaigh, eadhon Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2006 maidir le loingsithe dramhaíola. Cuireann an Rialachán sin an Coinbhinsiún chun feidhme trí, inter alia, na nósanna imeachta a leagan síos maidir le honnmhairí ón Aontas agus allmhairí isteach ann chomh maith le loingsithe idir na Ballstáit.
Leis an ngníomh atá beartaithe ní fhorlíontar ná ní leasaítear creat institiúideach an Chomhaontaithe.
Dá bhrí sin, is é Airteagal 218(9) CFAE bunús dlí nós imeachta an chinnidh atá beartaithe.
4.2.Bunús dlí substainteach
4.2.1.Na Prionsabail
An bunús dlí substainteach atá le cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE, is ar chuspóir agus ábhar an ghnímh atá beartaithe a bhraitheann sé go príomha, gníomh a bhfuiltear ag glacadh seasamh ina leith thar ceann an Aontais. Má tá dhá aidhm ag an ngníomh atá beartaithe nó má tá dhá chomhpháirt ann agus más féidir ceann de na haidhmeanna nó de na comhpháirteanna sin a shainaithint mar phríomhaidhm nó mar phríomh‑chomhpháirt agus an ceann eile mar aidhm nó comhpháirt theagmhasach, ní mór an cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE a bhunú ar bhunús dlí substainteach aonair, is é sin an bunús dlí a éilítear de réir na príomhaidhme nó na príomh‑chomhpháirte.
4.2.2.Cur i bhfeidhm maidir leis an gcás seo
Baineann príomhchuspóir agus príomhábhar an ghnímh atá beartaithe le cosaint an chomhshaoil.
Dá bhrí sin, is é Airteagal 192(1) CFAE bunús dlí substainteach nós imeachta an chinnidh atá beartaithe.
4.3.Conclúid
Ba cheart Airteagal 192(1) CFAE, i gcomhar le hAirteagal 218(9) CFAE, a bheith mar bhunús dlí leis an gcinneadh atá beartaithe.
2022/0046 (NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag an 15ú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe i gCoinbhinsiún Basel maidir le Rialú Gluaiseachtaí Trasteorann Dramhaíolacha Guaiseacha agus a nDiúscairt maidir le leasuithe áirithe ar Airteagal 6(2) den Choinbhinsiún sin
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192(1), i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Tháinig Coinbhinsiún Basel maidir le Rialú Gluaiseachtaí Trasteorann Dramhaíolacha Guaiseacha agus a nDiúscairt (‘an Coinbhinsiún’) i bhfeidhm in 1992 agus rinne an tAontas é a fhormheas le Cinneadh 93/98/CEE ón gComhairle maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Chomhphobail, Choinbhinsiún Basel an 22 Márta 1989 maidir le rialú gluaiseachtaí trasteorann dramhaíolacha guaiseacha agus a ndiúscairt.
(2)De bhun Airteagal 15(5)(b) den Coinbhinsiún, déanfaidh Comhdháil na bPáirtithe, de réir mar is gá, leasuithe ar an gCoinbhinsiún a mheas agus a ghlacadh.
(3)Tá Comhdháil na bPáirtithe, le linn a 15ú cruinniú i mí an Mheithimh 2022, le glacadh na leasuithe ar Airteagal 6(2) den Choinbhinsiún a mheas, ar leasuithe iad a chuir Cónaidhm na Rúise isteach. Is é is aidhm don togra sin teorainn ama 30 lá a bhunú ar laistigh di a thabharfaidh tír allmhairiúcháin freagra ar an bhfógróir maidir le loingsiú dramhaíola, agus athrú eile a chuimsiú a chuirtear i láthair mar athrú eagarthóireachta.
(4)Is gá an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag Comhdháil na bPáirtithe a bhunú i leith an togra seo, de bhrí go bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leis, ó tharla gur leasú ar théacs an Choinbhinsiúin atá ann. Má ghlacann Comhdháil na bPáirtithe an leasú, bheadh an gníomh sin ina cheangal ar an Aontas agus bheadh tionchar aige ar ábhar dhlí an Aontais, eadhon Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2006 maidir le loingsithe dramhaíola.
(5)Níor cheart don Aontas tacú leis na leasuithe thuas ar an gCoinbhinsiún toisc go mbeadh próiseas fada trom i gceist chun go dtiocfadh na leasuithe i bhfeidhm agus dealraíonn sé a bheith díréireach tús a chur le próiseas den sórt sin, agus go bhféadfaí cuspóirí an leasaithe a bhaint amach ar mhodhanna eile. Ina ionad sin ba cheart don Aontas a bheith oscailte do thionscnaimh a cheaptar chun feabhas a chur ar an nós imeachta maidir le toiliú feasach roimh ré’, ar choinníoll raon feidhme níos leithne a bheith acu ná mar atá ag an togra a cuireadh faoi bhráid Cop15, go bhfuil siad i gcomhréir le beartais agus cuspóirí leathana an Aontais agus nach n‑éilíonn siad leasú ar an gCoinbhinsiún. Ba cheart a thabhairt faoi deara, cé nach mbaineann aon bhreisluach soiléir le glacadh an leasaithe atá beartaithe, nach ndéanfaí dochar do leasanna an Aontais ach an oiread.
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
1.Is é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag an 15ú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe i gCoinbhinsiún Basel nach dtacóidh sé leis na leasuithe ar mhír 2 d’Airteagal 6 den Choinbhinsiún, arna gcur isteach ag Cónaidhm na Rúise.
2.I gcás ina gcuirtear isteach tograí eile chun feabhas a chur ar fheidhmiú an nós imeachta maidir le ‘toiliú feasach roimh ré’ ag an 15ú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe i gCoinbhinsiún Basel, tacóidh an tAontas leis na tograí sin faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas :
(a)tá siad ceaptha chun feabhas a chur ar fheidhmiú an nós imeachta sin, trí aghaidh a thabhairt ar mhoilleanna agus fadhbanna a fhearann ar Stáit onnmhairiúcháin, idirthurais nó allmhairiúcháin ó thaobh fógraí a láimhseáil agus trí thacú le digitiú an nós imeachta maidir le ‘toiliú feasach roimh ré’, chun gur féidir dramhaíl a loingsiú thar theorainneacha gan moill mhíchuí, i gcás ina mbíonn na loingsithe i gceist i gcomhréir le forálacha an Choinbhinsiúin, gan athrú ar an gCoinbhinsiún a bheith riachtanach;
(b)rannchuidíonn siad le bainistiú dramhaíola atá neamhdhíobhálach don chomhshaol agus leis an aistriú i dtreo geilleagair chiorclaigh dhomhanda; agus
(c)tacaíonn siad le cur chun feidhme cuí na sásraí rialaithe a leagtar síos sa Choinbhinsiún agus rannchuidíonn siad le soiléireacht dhlíthiúil ina leith sin.
Airteagal 2
D’fhéadfaí mionchoigeartú ar an seasamh dá dtagraítear in Airteagail 1 a chomhaontú, i bhfianaise forbairtí ag an 15ú cruinniú de Comhdháil na bPáirtithe, idir ionadaithe an Aontais, i gcomhairle leis na Ballstáit, le linn cruinnithe comhordaithe ar an láthair, gan aon chinneadh eile ón gComhairle.
Airteagal 3
Is chuig an gCoimisiún a dhírítear an Cinneadh seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán