European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/2206

19.3.2024

Prótacal maidir leis an gcomhar idir an Coimisiún Eorpach agus Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

(C/2024/2206)

Brollach

Tá an Coimisiún Eorpach (dá ngairtear ‘an Coimisiún’ anseo feasta) agus Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (dá ngairtear ‘an Coiste’ anseo feasta) den tuairim gurb é a leas coiteann é an caidreamh eatarthu a threisiú trí chur chun feidhme an Phrótacail seo, agus na socruithe comhair níos dlúithe dá bhforáiltear leis a chur in ionad na socruithe sin atá i bPrótacal an 22 Feabhra 2012.

Cabhróidh na socruithe sin le timpeallacht a chruthú ar mhaithe le rannpháirtíocht bhreise eagraíochtaí na sochaí sibhialta, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal Eorpach araon, i bpróisis ceaptha beartas agus chinnteoireachta an Aontais Eorpaigh agus le hidirphlé struchtúrtha leanúnach a fhorbairt idir na heagraíochtaí sin agus institiúidí an Aontais, de réir mar a fhoráiltear in Airteagal 11(1) agus (2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE).

De bhua an róil a shanntar don Choiste leis na Conarthaí, tá freagracht ar leith air rannchuidiú le dlisteanacht dhaonlathach agus éifeachtacht institiúidí agus bheartais an Aontais Eorpaigh a neartú. Sa chomhthéacs sin, agus an Coiste ina idirghabhálaí pribhléideach idir eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus institiúidí an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 13 CAE, tá ról tábhachtach aige maidir leis an gcaoi a gcuireann na hinstitiúidí sin forálacha Airteagal 11 CAE chun feidhme.

Bíonn an Coimisiún agus an Coiste ag obair i gcomhar le chéile d’fhonn trí mhisean bhunúsacha an Choiste mar a sainaithníodh ina Ráiteas Misin a chur i gcrích:

—

cuidiú le beartais agus reachtaíocht an Aontais Eorpaigh a chur in oiriúint do na dálaí eacnamaíocha, sóisialta agus sibhialta ar an láthair trí chúnamh a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus don Choimisiún Eorpach agus trí leas a bhaint as taithí agus ionadaíochas chomhaltaí an Choiste, as an idirphlé agus as iarrachtaí chun comhdhearcadh a ráthú ar mhaithe leis an leas ginearálta;

—

tacú le hAontas Eorpach níos rannpháirtí a chothú, arb Aontas é atá níos eolaí ar bharúlacha an phobail, trí ghníomhú mar fhóram institiúideach a dhéanann ionadaíocht ar an tsochaí shibhialta eagraithe, a chuireann eolas ar fáil di, a chuireann a barúlacha in iúl agus a chinntíonn idirphlé léi;

—

na luachanna ar a bhfuil lánpháirtiú na hEorpa bunaithe, cúis an daonlathais rannpháirtíochta agus ról eagraíochtaí na sochaí sibhialta a chur chun cinn san Eoraip agus ar fud an domhain.

Tacaíonn an Coimisiún le neartú ról comhairleach an Choiste (ról arna chur i gcrích ag na rannóga, ag an gCoimisiún Comhairleach um Athruithe Tionsclaíocha (CCMI) agus ag comhlachtaí an Choiste, amhail na faireachlanna nó na grúpaí ad hoc), roimh agus i ndiaidh phróiseas ceaptha beartas agus reachtaíochta an Aontais.

Tacaíonn an Coimisiún le comhpháirtíocht dhlúth leis an gCoiste d’fhonn a áirithiú go mbeidh an tAontas rathúil go heacnamaíoch, cuimsitheach go sóisialta agus inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, agus leas iomlán á bhaint as an tsochaí dhigiteach agus as an ngeilleagar digiteach. Tá an Coimisiún agus an Coiste ar aon fhocal faoin tábhacht a bhaineann le bunluachanna an Aontais Eorpaigh agus an smacht reachta a chosaint agus, ag an am céanna, áit tharraingteach a dhéanamh den Aontas Eorpach do ghnó agus é mar aidhm aige lánfhostaíocht agus dul chun cinn sóisialta a bhaint amach, mar aon le hardleibhéal cosanta agus feabhais maidir le cáilíocht an chomhshaoil.

Féadfaidh an Coiste rannchuidiú le meastóireacht a dhéanamh ar chur chun feidhme reachtaíocht an Aontais, go háirithe maidir leis na forálacha a bhfuil feidhm ghinearálta acu, dá bhforáiltear faoi Airteagal 8 go hAirteagal 12 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).

Bíonn an Coimisiún agus an Coiste ag obair i gcomhar le chéile chun an daonlathas rannpháirtíochta a fhorbairt ar leibhéal an Aontais d’fhonn dlisteanacht dhaonlathach an Aontais a neartú.

Tá an Coimisiún agus an Coiste den tuairim gur uirlis phribhléideach é an comhar sin chun idirphlé oscailte, trédhearcach agus rialta a eagrú le comhlachais ionadaíocha agus leis an tsochaí shibhialta, dá dtagraítear in Airteagal 11 CAE.

Tacaíonn an Coimisiún le tionscnaimh an Choiste chun idirphlé agus comhairliúchán leis an tsochaí shibhialta eagraithe Eorpach a éascú, a chur chun cinn agus a struchtúrú, agus le tionscnaimh a bhfuil an tsochaí shibhialta i gcoitinne rannpháirteach iontu. Tacaíonn an Coimisiún freisin le tionscnaimh an Choiste chun an caidreamh le líonra na gComhairlí Eacnamaíocha agus Sóisialta agus le hinstitiúidí den chineál céanna sna Ballstáit a threisiú, ionas gur féidir leis an gCoiste ról iomlán a imirt mar mheán trínar féidir ionchais agus mianta na sochaí sibhialta eagraithe a bhaint amach.

Féadfaidh an Coimisiún agus an Coiste bealaí a shainaithint sna blianta amach romhainn chun an comhar eatarthu a neartú, mar shampla san obair a leanfaidh tograí na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa.

I.   Caidreamh institiúideach agus riaracháin

Clár Oibre an Choimisiúin

1.

I dtús théarma oifige an Choimisiúin, cuirfidh Uachtarán an Choimisiúin a chuspóirí nó a cuspóirí straitéiseacha faoi bhráid an Tionóil Iomlánaigh.

2.

Sa chéad seimeastar den bhliain, fógróidh an Coiste a phríomhthosaíochtaí polaitiúla maidir le Clár Oibre an Choimisiúin don bhliain dár gcionn agus an chaoi a bhfuil sé beartaithe aige rannchuidiú lena chur chun feidhme.

Uair sa bhliain ar a laghad le linn ullmhú Chlár Oibre an Choimisiúin, eagrófar cruinniú idir Uachtarán an Choimisiúin agus/nó an Leas-Uachtarán um an gcaidreamh leis an gCoiste agus Uachtarán an Choiste chun ceisteanna leasa choitinn a scrúdú.

3.

Sa dara seimeastar den bhliain, eagróidh an Coiste díospóireacht ar thodhchaí an Aontais Eorpaigh agus lena linn sin cuirfidh Uachtarán an Choimisiúin nó an Leas-Uachtarán um an gcaidreamh leis an gCoiste tosaíochtaí straitéiseacha an Aontais Eorpaigh i láthair maidir leis an mbliain dár gcionn.

Cruinnithe agus malartú faisnéise

4.

Tabharfar cuireadh do Chomhaltaí an Choimisiúin páirt a ghlacadh in obair an Choiste, go háirithe i gcomhthéacs na seisiún iomlánach, d’fhonn plé a dhéanamh ar na treoirlínte straitéiseacha ina réimsí inniúlachta agus ar aon cheisteanna a chinnfear roimh ré de thoil a chéile. Féadfaidh Comhaltaí an Choimisiúin a iarraidh freisin go n-éistfeadh an Tionól Iomlánach leo. Féadfaidh Comhaltaí an Choimisiúin nó, in imthosca eisceachtúla, oifigigh shinsearacha a iarraidh go dtabharfaí éisteacht dóibh i ndíospóireachtaí Bhiúró an Choiste ar thionscnaimh an Choimisiúin.

Uair sa bhliain ar a laghad, eagrófar cruinnithe idir cathaoirligh nó ionadaithe na rannóg agus CCMI agus Comhalta nó Comhaltaí comhfhreagracha an Choimisiúin nó oifigigh shinsearacha de chuid an Choimisiúin chun saincheisteanna leasa choitinn agus gníomhaíochtaí comhpháirteacha a scrúdú. Féadfaidh cruinnithe ad hoc a bheith i gceist leis na cruinnithe sin nó féadfar iad a reáchtáil faoi chuimsiú cruinniú rannóige/CCMI nó faoi chuimsiú comhdhála.

5.

Beidh ionadaithe an Choimisiúin rannpháirteach in obair an Choiste a fhad a bhaineann sé leis na sainchomhaid a bhfuil siad freagrach astu agus freastalóidh siad, a mhéid is féidir, ar na cruinnithe dá dtugtar cuireadh dóibh. Déanfaidh siad na tograí ón gCoimisiún nó doiciméid eile a bheidh le scrúdú a thíolacadh agus cuirfidh siad faisnéis ar fáil maidir le dul chun cinn na sainchomhad.

Oibreoidh siad i ndlúthchomhar leis na hionadaithe comhfhreagracha ón gCoiste ar na sainchomhaid a bhfuil siad freagrach astu.

6.

Déanfaidh na comhordaitheoirí nó na daoine freagracha arna gceapadh ag gach roinn den Choimisiún agus ag rúnaíochtaí na rannóg agus CCMI, go háirithe, faisnéis a mhalartú go rialta, go mór mór i gcomhthéacs roinn an Choimisiúin a bheith ag pleanáil agus ag cur chun feidhme thosaíochtaí oibre na rannóg, agus chun gníomhaíochtaí comhpháirteacha a shainaithint.

Cuirfidh an Coimisiún clár oibre na gcruinnithe a bheidh aige amach anseo ar fáil d’Uachtaránacht an Choiste.

Uair sa bhliain ar a laghad, tiocfaidh na comhordaitheoirí arna gceapadh ag gach roinn den Choimisiún le chéile le rúnaíocht an Choiste chun faisnéis a mhalartú faoi na príomhghníomhaíochtaí nó na príomhthionscnaimh leasa choitinn arna ndéanamh nó arna bpleanáil ag an gCoimisiún nó ag an gCoiste.

Comhthionscnaimh um chomhar

7.

Ar bhonn thosaíochtaí an Choimisiúin agus an Choiste faoi seach, féadfar cuireadh a thabhairt don Choiste páirt a ghlacadh, i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme, i ngach foirm ábhartha de ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a phléann ábhair a thagann faoi inniúlacht an Choiste. I gcás inarb iomchuí, d’fhéadfadh an Coimisiún agus an Coiste a chinneadh ardáin chomhair nó tionscnaimh a bheadh ann amach anseo a thugann aghaidh ar shaincheisteanna a thagann faoi inniúlacht an Choiste a bhainistiú go comhpháirteach.

I gcás inarb iomchuí, féadfaidh an Coiste oibriú i ndlúthchomhar le seirbhísí an Choimisiúin ar leibhéil éagsúla maidir le hábhair ar leith. Féadfaidh gníomhaíochtaí comhoibritheacha den chineál sin a bheith déthaobhach, lena n-áirítear malartú eolais agus rannpháirtíocht chomhpháirteach in imeachtaí, agus tionscnaimh aonuaire.

II.   Feidhm chomhairleach Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

8.

Leagfaidh an Coiste béim ar a thábhachtaí atá clársceidealú reachtach cuí agus luathfhaisnéis, go háirithe i gcás comhaid phráinneacha agus íogaire. Déanfaidh an Coiste a dhícheall aird a thabhairt ar thosaíochtaí agus ar spriocdhátaí an Choimisiúin agus a chuid oibre féin á heagrú aige. Chuige sin, cuirfidh an Coimisiún faisnéis ar fáil don Choiste maidir le huainiú a chuid tograí faoi chuimsiú na malartuithe rialta idir na rannóga agus CCMI agus ranna an Choimisiúin.

I gcás ina ndéanfaidh an Coimisiún modhnú suntasach ar an togra uaidh i ndiaidh an chéad chomhairliúcháin sa Choiste agus go bhfuil comhairliúchán éigeantach foráilte sna Conarthaí, áiritheoidh sé go rachfar i gcomhairle an athuair leis an gCoiste.

Comhairliúchán roghnach agus tuairimí féintionscnaimh

9.

Ar bhonn Chlár Oibre bliantúil an Choimisiúin agus ar bhonn an scrúdaithe ar thosaíochtaí an Choimisiúin agus an Choiste faoi seach, cuirfidh Ard-Rúnaí an Choimisiúin faoi bhráid an Choiste liosta de na tograí a bhfuil sé beartaithe comhairliúchán roghnach a dhéanamh ina leith. Áireofar ar an liosta sin freisin doiciméid de chineál neamhreachtach a bhfuil sé ar intinn ag an gCoimisiún tuairim an Choiste a iarraidh ina leith.

Tuigeann an Coimisiún go bhféadfadh sé go dteastódh ón gCoiste tuairim a eisiúint tráth ar bith i réimsí ina bhfuil an Coiste den tuairim go bhfuil an inniúlacht agus an saineolas cuí aige agus ina bhféadfadh sé breisluach a chur ar fáil.

10.

Agus an urraim chuí á tabhairt do na Conarthaí, is den tábhacht go ndéanfadh an Coimisiún agus an Coiste araon roghanna spriocdhírithe chun an leas is fearr is féidir a bhaint as an gcomhar eatarthu.

Dá réir sin, is ar na critéir seo a leanas go háirithe a bhunóidh an Coimisiún a chinneadh i dtaobh comhairliúchán roghnach:

—

nach mór don ábhar a bheith ina ábhar leasa ghinearálta agus teacht faoi réimse ina gcuirfeadh tuairim an Choiste breisluach ar fáil i gcomhthéacs beartais agus cinntí an Aontais a cheapadh;

—

gurb é atá i gceist leis an gcéim seo tús a chur le plé maidir le cé chomh hinmholta a bheadh gníomhaíocht de chuid an Aontais i réimse ar leith nó maidir le hábhar ar leith.

Leanfaidh an Coiste de na hiarrachtaí chun a chuid oibre a chuíchóiriú le go bhféadfaidh sé díriú ar na tuairimí sin is dóichí a chuirfidh breisluach iarbhír ar fáil agus beartais agus cinntí an Aontais á gceapadh.

Tústuairimí

11.

Mar chuid den phróiseas chun beartais an Aontais a cheapadh agus obair an Aontais a phleanáil, féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar an gCoiste tústuairimí a dhréachtú in aon réimse ar thábhachtach leis an tsochaí shibhialta eagraithe é agus a bhfuil an Coimisiún den tuairim ina leith go bhfuil an inniúlacht agus an saineolas ag an gCoiste.

A luaithe a bheidh an Clár Oibre glactha ag an gCoimisiún, pléifidh an Coimisiún agus an Coiste tionscnaimh an Choimisiúin agus é mar chuspóir acu cúig ábhar a shainaithint le chéile a d’fhéadfadh a bheith ina n-ábhar tústuairime. Is é Leas-Uachtarán an Choimisiúin um an gcaidreamh leis an gCoiste a chuirfidh na hiarrataí sin ar thústuairimí in iúl don Choiste, maille le heolas beacht i dtaobh an chuspóra agus an sprioc-ama, más ann dó, faoina gcaithfear an tuairim a thabhairt. Glacfaidh an Coiste an tústuairim laistigh den sprioc-am agus, in aon chás, in am agus i dtráth a oirfidh do ghlacadh togra mar atá beartaithe ag an gCoimisiún.

Féachfaidh an Coimisiún agus an Coiste leis na hiarrataí sin ar thústuairimí a ionchorprú i gcur chuige comhtháite, rud a fhágfaidh go bhféadfar barúlacha na ngeallsealbhóirí uile sa tsochaí shibhialta a chur san áireamh a oiread agus is féidir.

Doiciméid an Choimisiúin a tharchur agus struchtúr na dtuairimí ón gCoiste

12.

Seolfaidh an Coimisiún na doiciméid agus an fhaisnéis uile is gá chuig an gCoiste le go bhféadfaidh an Coiste an fheidhm chomhairleach atá aige a chomhlíonadh. Déanfaidh an Coimisiún iad a sheoladh an tráth céanna a sheolfaidh sé iad chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

13.

Chun go mbeidh sé níos éasca tuairimí an Choiste a leanúint, féachfaidh an Coiste go háirithe leis an méid seo a leanas a dhéanamh:

—

aird a tharraingt ar na hathruithe sonracha atá sé a mholadh a dhéanamh ar na tograí reachtacha ón gCoimisiún;

—

achoimre a thabhairt ar na príomh-mholtaí agus na príomhthograí uaidh.

Obair leantach ar thuairimí

14.

Déanfaidh an Coimisiún na bearta iomchuí a leanfaidh as na tuairimí arna n-ullmhú ag an gCoiste maidir le beartais agus cinntí an Aontais a cheapadh, lena n-áirítear tuairimí féintionscnaimh. Chuige sin, is go córasach a thabharfaidh an Coimisiún cúiseanna maidir le hobair leantach a dhéanamh nó gan a dhéanamh ar na tograí le haghaidh athruithe agus ar na moltaí substainteacha a thugtar sna tuairimí ón gCoiste.

I gcás tústuairimí, déanfaidh an Coimisiún na bearta polaitiúla a leanfaidh astu, lena n-áirítear, i gcás inar féidir, go dtabharfaidh an Comhalta inniúil den Choimisiún faisnéis le linn an tseisiúin iomlánaigh a leanfaidh an seisiún iomlánach inar glacadh an tuairim i dtrácht. Déanfaidh an Coimisiún, i bprionsabal, tagairt do thústuairim an Choiste sa mheasúnú tionchair ar an togra reachtach.

Nuair a ghlacfaidh an Coimisiún le tograí le haghaidh athruithe ar dhoiciméid reachtacha, déanfaidh sé iad a ionchorprú, a mhéid is féidir, sna tograí leasaithe.

An Clár Oibre maidir le Rialáil Níos Fearr

15.

Oibreoidh an Coimisiún agus an Coiste i gcomhar le chéile chun ionchur éifeachtach a áirithiú le haghaidh na reachtóireachta níos fearr agus an Chláir Oibre maidir le Rialáil Níos Fearr. Is é an t-ionchur ón gCoiste barúlacha na sochaí sibhialta eagraithe a chur san áireamh sa phróiseas fianaisebhunaithe.

Beidh ionchur ag an gCoiste i meastóireachtaí ex post an Choimisiúin arna iarraidh sin don Choimisiún. Bunaithe ar na meastóireachtaí a bheidh beartaithe don dá bhliain ina dhiaidh sin, iarrfaidh an Coimisiún ar an gCoiste na comhaid a dteastaíonn ón gCoiste ionchur uaidh a bheith iontu a roghnú i bhfoirm tuairimí nó tuarascálacha meastóireachta mar a shainítear i Rialacha Nós Imeachta an Choiste.

D’fhéadfadh an Coiste a bheith rannpháirteach freisin san obair ullmhúcháin le linn gníomhaíochtaí comhairliúcháin a bhaineann le measúnuithe tionchair agus meastóireachtaí. Sa chomhthéacs sin, féadfaidh an Coiste tacú leis an gCoimisiún sa phróiseas comhairliúcháin i réimsí a bhfuil ábharthacht ar leith ag baint leo don tsochaí shibhialta. Thairis sin, féadfaidh an Coiste na comhairliúcháin phoiblí is ábhartha do na heagraíochtaí a ndéanann a chomhaltaí ionadaíocht thar a gceann a chur in iúl dóibh chun cur leis an bhfor-rochtain.

Leanfaidh an Coiste agus an Coimisiún den chomhar eatarthu faoi chuimsiú chlár REFIT, ar cuid den Chlár Oibre um Rialáil Níos Fearr é, agus ar an Ardán ‘Réidh don Todhchaí’.

Oibreoidh an Coimisiún agus an Coiste i gcomhar le chéile maidir leis an bhfadbhreathnaitheacht straitéiseach ar an leibhéal riaracháin faoi chuimsiú an Chórais Eorpaigh um Anailís Straitéiseach agus Beartais (ESPAS). Féadfaidh an Coiste rannchuidiú freisin le gníomhaíochtaí fadbhreathnaitheachta áirithe de chuid an Choimisiúin trí bharúlacha na sochaí sibhialta a thabhairt, chomh maith le saineolas chomhaltaí agus líonraí an Choiste. Tacóidh an Coimisiún leis an gCoiste a acmhainneachtaí fadbhreathnaitheachta a threisiú trí fhaisnéis agus taithí a chomhroinnt, e.g. maidir le próisis nó uirlisí atá ann cheana.

III.   Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus an tsochaí shibhialta eagraithe

Eagraíochtaí agus líonraí na sochaí sibhialta

16.

Tá freagracht ar leith ar an gCoiste as beocht a chur sa daonlathas rannpháirtíochta agus faoi CAE tugtar raon feidhme breise don Choiste chun a ról mar idirghabhálaí pribhléideach a chomhlíonadh san idirphlé idir an tsochaí shibhialta eagraithe agus institiúidí an Aontais.

I bhfianaise Airteagal 11 CAE, oibreoidh an Coimisiún agus an Coiste i gcomhar le chéile chun tuilleadh rannpháirtíochta agus idirphlé le heagraíochtaí na sochaí sibhialta a neartú, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal Eorpach araon, agus chun rannpháirtíocht bhreise na n-eagraíochtaí sin a chothú sa phróiseas ceaptha beartas agus in ullmhú reachtaíocht an Aontais.

Déanfaidh an Coimisiún agus an Coiste an t-idirphlé struchtúrtha a chur chun cinn le chéile idir eagraíochtaí agus líonraí shochaí shibhialta na hEorpa, agus idir na heagraíochtaí sin agus na hinstitiúidí Eorpacha, go háirithe tríd an nGrúpa Idirchaidrimh arna chruthú ag an gCoiste.

Maidir lena bheartas comhairliúcháin, bainfidh an Coimisiún leas, i gcás inarb ábhartha, as tacaíocht an Choiste, go háirithe a mhéid a bhaineann lena chaidreamh leis an tsochaí shibhialta eagraithe a dhoimhniú, san Aontas agus lasmuigh de. Sa chomhthéacs sin, tacóidh an Coiste leis an gCoimisiún trí éisteachtaí, seimineáir agus comhdhálacha comhpháirteacha a eagrú leis na páirtithe lena mbaineann maidir le saincheisteanna sonracha beartais ar leas coiteann iad agus sna cásanna sin ina bhfuil an inniúlacht agus an saineolas cuí ag an gCoiste, agus go háirithe le linn imeacht bliantúil Laethanta na Sochaí Sibhialta nuair is gnách do Chomhalta den Choimisiún ionadaíocht a dhéanamh thar a cheann.

17.

Eagróidh an Coiste, mar chuid den fheidhm chomhairleach atá leis, comhairliúchán struchtúrtha, i bhfoirm éisteachtaí, seimineár nó comhdhálacha, leis an tsochaí shibhialta eagraithe agus é mar aidhm aige a oiread barúlacha agus is féidir a bhailiú ó eagraíochtaí na sochaí sibhialta lena mbaineann.

Tá an Coimisiún toilteanach oibriú i gcomhar leis an gCoiste chun na comhairliúcháin sin a eagrú agus a chur chun feidhme ar an mbealach is iomchuí agus faoi chuimsiú na n-acmhainní atá ar fáil, lena n-áirítear trí bhíthin tacaíocht lóistíochta agus/nó airgeadais.

18.

Is díol sásaimh don Choimisiún cúnamh an Choiste i gcur chun feidhme an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh maidir le heagraíochtaí na sochaí sibhialta. Measfaidh an Coiste ar cheart dó tuairimí féintionscnaimh maidir le Tionscnaimh Eorpacha bhailí ó na Saoránaigh a ghlacadh de réir an cháis sula mbeidh ar an gCoimisiún cinneadh a ghlacadh i leith na dtionscnamh sin agus i gcás ina bhfuil ábhar an tionscnaimh faoi inniúlacht an Choiste.

Tá an Coiste toilteanach tuilleadh a dhéanamh d’fhonn feasacht a mhúscailt maidir leis an Tionscnamh ó na Saoránaigh, go háirithe trí Lá bliantúil an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh a eagrú mar áis idirphlé, malartaithe dea-chleachtas agus líonraithe, nuair is gnách do Chomhalta den Choimisiún ionadaíocht a dhéanamh thar a cheann.

An Seimeastar Eorpach

19.

Leanfaidh an Coimisiún agus an Coiste de na sineirgí idir a ngníomhaíochtaí agus a dtionscnaimh a mhéadú sna réimsí beartais is mó a bhaineann leis an tsochaí shibhialta eagraithe, go háirithe an Seimeastar Eorpach, lena n-áirítear na beartais a leanas, mar atá, an fhorbairt inbhuanaithe agus an t-athrú aeráide, doimhniú an mhargaidh inmheánaigh, an comhrac i gcoinne na bochtaineachta agus an eisiaimh shóisialta, an inimirce, an soláthar fuinnimh, an fhostaíocht agus scileanna. Cuirfidh an Coiste ionchur ar fáil don Choimisiún chun tacú le foirmliú na hanailíse agus na moltaí beartais faoin Seimeastar Eorpach. Coinneoidh an Coiste súil ar chur chun feidhme thosaíochtaí an tSeimeastair Eorpaigh agus, de réir mar is iomchuí, cuirfidh an Coimisiún an Coiste ar an eolas tráth gharspriocanna tábhachtacha phróiseas an tSeimeastair maidir le cur chun feidhme na dtosaíochtaí sin.

Uair sa bhliain, déanfaidh an Coiste tuarascáil a thíolacadh ina ndéanfar measúnú, i ndlúthchomhar le líonra na gComhairlí Eacnamaíocha agus Sóisialta náisiúnta agus le hinstitiúidí eile den chineál céanna, ar rannpháirtíocht na sochaí sibhialta in ullmhú na gClár Náisiúnta um Athchóiriú. Déanfar an tuarascáil sin a phlé le linn an tseisiúin iomlánaigh roimh Chomhairle Eorpach an Earraigh.

Tabharfaidh an Coiste cuireadh don Chomhalta inniúil den Choimisiún páirt a ghlacadh sa phlé agus an Suirbhé Bliantúil don Fhás Inbhuanaithe a thíolacadh.

Líonra na gComhairlí Eacnamaíocha agus Sóisialta náisiúnta

20.

Déanfaidh an Coimisiún agus an Coiste iarracht na saoránaigh a spreagadh úinéireacht a ghlacadh ar bheartais an Aontais. Chuige sin, is díol sásaimh don Choimisiún go bhfuil sé ar intinn ag an gCoiste leanúint de na hiarrachtaí atá ar bun aige líonra na gComhairlí Eacnamaíocha agus Sóisialta náisiúnta agus institiúidí eile den chineál céanna a chur san áireamh sa phróiseas.

An ghné sheachtrach agus comhar leis an tsochaí shibhialta lasmuigh den Aontas

21.

Tá sé d’aidhm ag an gCoiste tacú leis an ngné sheachtrach de ghníomhaíocht an Aontais trí idirphlé a sheoladh le heagraíochtaí na sochaí sibhialta sna tíortha agus sna réigiúin a bhfuil caidreamh struchtúrtha ag an Aontas leo. Sa chomhthéacs sin, tacóidh an Coimisiún le tionscnaimh an Choiste chun ról na sochaí sibhialta eagraithe lasmuigh den Aontas a neartú agus cultúr idirphlé agus comhairliúcháin, maille le struchtúir a bhaineann le próiseas den chineál sin, a chur chun cinn.

Oibreoidh an Coiste agus an Coimisiún le chéile chun bunú shásraí na sochaí sibhialta a bhfuil sé de chúram orthu faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na gcodanna ábhartha de chomhaontuithe trádála an Aontais le tríú tíortha a chur chun cinn agus chun bainistiú agus oibriú na sásraí sin a áirithiú. Le cabhair an Choimisiúin, comhordóidh an Coiste cruinnithe comhpháirteacha idir ionadaithe na sochaí sibhialta san Aontas agus i dtríú tíortha maidir le cur chun feidhme comhaontuithe trádála.

IV.   An Eoraip a chur in iúl i dteannta a chéile

22.

Tá sé ríthábhachtach don Choimisiún agus don Choiste araon dlús a chur leis na sineirgí idir an Coimisiún agus an Coiste i réimse na cumarsáide chun an tAontas Eorpach a thabhairt níos gaire do na saoránaigh agus d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta. Is freagracht chomhroinnte de chuid na n-institiúidí agus na gcomhlachtaí Eorpacha uile é an Eoraip a chur in iúl do na saoránaigh agus d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta. Is mar chúram seirbhíse poiblí ba cheart faisnéis agus cumarsáid éifeachtach ón Aontas Eorpach a mheas go príomha, chun deis a thabhairt do na saoránaigh agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta páirt iomlán a ghlacadh sa díospóireacht Eorpach agus sa phróiseas daonlathach trína gceaptar cinntí agus beartais an Aontais.

23.

Tá an Coimisiún agus an Coiste ar aon fhocal faoi go bhfuil sé le leas ginearálta an Aontais Eorpaigh agus na saoránach a gcaidreamh a neartú i réimse na faisnéise agus na cumarsáide agus comhoibriú go dlúth chuige sin.

Ós rud é go bhfuil an cúram maidir leis an Aontas Eorpach a chur in iúl roinnte idir institiúidí agus comhlachtaí an Aontais, déanfaidh an Coimisiún agus an Coiste malartú rialta le chéile agus le hinstitiúidí an Aontais, lena n-áirítear ar leibhéal na bainistíochta sinsearaí chun cúrsaí faisnéise agus cumarsáide a phlé.

24.

Tá an Coimisiún agus an Coiste ar aon fhocal faoi gur gá an chumarsáid a chomhtháthú sa phróiseas cinnteoireachta. De bhua chomhdhéanamh an Choiste agus an róil a shanntar dó sna Conarthaí, aithníonn an Coimisiún an ról lárnach atá ag an gCoiste maidir le fíorspás poiblí Eorpach idirphlé agus díospóireachta a chruthú maidir leis na hábhair is mó a bhaineann leis na saoránaigh agus lena gcinnfear todhchaí an tionscadail Eorpaigh. Is ambasadóirí de chuid an Choiste comhaltaí an Choiste agus cuirfidh siad ról agus spriocanna insroichte an Choiste in iúl ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais. Fágfaidh comhar idirinstitiúideach níos dlúithe go mbeidh na hinstitiúidí agus na comhlachtaí Eorpacha in ann leas a bhaint as saineolas sin an Choiste.

25.

Oibreoidh an Coimisiún agus an Coiste le chéile chun tuairisciú a dhéanamh sna meáin ar a n-imeachtaí comhpháirteacha trí leas a bhaint as na hardáin agus na huirlisí cumarsáide atá ar fáil. Le linn don Choimisiún agus don Choiste a ngníomhaíochtaí cumarsáide poiblí agus faisnéise a chur i gcrích, cuirfidh siad béim ar a róil faoi seach. Féachfaidh an Coimisiún agus an Coiste le deiseanna comhair i réimse an fhaireacháin ar na meáin a scrúdú, lena n-áirítear an fhéidearthacht rochtain a thabhairt don Choiste ar sheirbhísí roghnaithe i seomra preasa an Choimisiúin.

26.

Déanfaidh an Coimisiún agus an Coiste a liostaí de theagmhálaithe oifigiúla ar leibhéal na ceanncheathrún agus sna Ballstáit a thabhairt cothrom le dáta agus a mhalartú i gcomhréir leis na rialacha cosanta sonraí.

Cuirfidh Ionadaíochtaí an Choimisiúin sna Ballstáit agus pointe teagmhála an Choiste i ngach ceann de na Ballstáit a chéile ar an eolas faoina bpleananna cumarsáide agus oibreoidh siad i gcomhar le chéile chun páirt a ghlacadh, nuair is iomchuí, sna himeachtaí a eagraíonn siad. Beidh saoráidí Ionadaíochtaí an Choimisiúin sna Ballstáit ar fáil, trí chomhaontú, le haghaidh tionscnaimh ón gCoiste i gcás inarb iomchuí agus inar féidir sin a dhéanamh ó thaobh lóistíochta de. D’fhéadfadh sé gur ghá freisin, i gcás inarb iomchuí, dul i gcomhairle le hOifigí Eolais Pharlaimint na hEorpa.

Féadfar a áireamh ar an gcomhar neartaithe le hIonadaíochtaí an Choimisiúin an tacaíocht chun imeachtaí áitiúla an Choiste a eagrú, mar shampla trí chuireadh a thabhairt d’iriseoirí freastal ar phreasimeachtaí an Choiste, ar áitreabh na nIonadaíochtaí mar shampla, nó faisnéis agus teagmhálacha a d’fhéadfadh a bheith ann leis na meáin a mhalartú, i gcás ina mbeadh na hacmhainní ann agus i gcomhréir leis na rialacha cosanta sonraí.

D’fhéadfadh an Coiste cruinnithe na gCeann Ionadaíochta a óstáil ar an láthair, i bhfoirm hibrideach nó ar líne, i gcás ina mbeidís de thoil a chéile maidir le riachtanais agus cuspóirí nithiúla na n-imeachtaí sin.

27.

Is líonra lárnach faisnéise agus cumarsáide é an Coiste, maille lena chomhaltaí, lena eagraíochtaí comhpháirtíochta, leis na Comhairlí Eacnamaíocha agus Sóisialta náisiúnta agus le hinstitiúidí eile den chineál céanna. Glacfaidh an Coimisiún páirt, nuair is féidir, i gcruinnithe a eagróidh an Coiste lena chomhaltaí, le heagraíochtaí óstacha na gcomhaltaí, leis na Comhairlí Eacnamaíocha agus Sóisialta náisiúnta agus le hinstitiúidí eile den chineál céanna.

V.   Cur chun feidhme an Phrótacail

28.

Déanfaidh Uachtarán an Choiste agus Leas-Uachtarán an Choimisiúin um an gcaidreamh leis an gCoiste faireachán bliantúil ar chur chun feidhme an Phrótacail seo. Beidh an faireachán sin bunaithe ar an measúnú arna dhéanamh ag seirbhísí ábhartha an Choimisiúin agus an Choiste faoi mhaoirseacht Ard-Rúnaí an Choimisiúin agus Ardrúnaí an Choiste.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil an 27 Deireadh Fómhair 2022.

Thar ceann an Choimisiúin Eorpaigh

Maroš ŠEFČOVIČ

Leas-Uachtarán

Thar ceann Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Christa SCHWENG

Uachtarán


IARSCRÍBHINN

Dearbhú polaitiúil a ghabhann leis an bPrótacal maidir leis an gcomhar idir an Coimisiún Eorpach agus Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Dearbhaímidne a bhfuil ár n-ainmneacha leis seo thíos, mar atá, Leas-Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh (‘an Coimisiún’) um Chaidreamh Idirinstitiúideach agus um Fhadbhreathnaitheacht, thar ceann an Choimisiúin, agus Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (‘an Coiste’), gur shíníomar inniu an Prótacal athnuaite maidir leis an gcomhar idir an Coimisiún Eorpach agus Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (‘an Prótacal’).

Tá deich mbliana imithe tharainn ó síníodh an Prótacal in 2012, agus ó shin i leith tá feabhas á chur dá bharr ar an gcaidreamh idir an Coimisiún agus an Coiste agus an comhar eatarthu á neartú. Léiríonn an Prótacal seo gur toil linn an chomhpháirtíocht agus an comhar eadrainn a athnuachan, a dhaingniú agus a dhoimhniú a thuilleadh.

Aithníonn an Coimisiún, agus idirphlé oscailte, trédhearcach agus rialta á chothabháil aige le comhlachais ionadaíocha agus leis an tsochaí shibhialta, an ról tábhachtach atá ag Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa mar chomhlacht comhairleach, arb é Teach ionadaithe na sochaí sibhialta Eorpaí é. Dá réir sin, tá ról lárnach ag an gCoiste maidir leis an daonlathas rannpháirtíochta a áirithiú agus a fhorbairt a thuilleadh. Tá an Coimisiún tiomanta tacaíocht a thabhairt do thionscnaimh an Choiste chun idirphlé agus comhairliúchán leis an tsochaí shibhialta eagraithe Eorpach a éascú agus a chur chun cinn, agus do thionscnaimh a bhfuil an tsochaí shibhialta i gcoitinne rannpháirteach iontu.

Chun na críche sin, is éard a dhéantar leis an bPrótacal athnuaite seo maidir leis an gcomhar príomhdhúshláin an chláir oibre pholaitiúil Eorpaigh reatha a chomhtháthú go soiléir ann agus na huirlisí agus na próisis is gá chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin a chur ar fáil. Tá sé mar aidhm ag an gCoimisiún agus ag an gCoiste tairbhe a bhaint as an aistriú digiteach agus as an aistriú glas, aghaidh a thabhairt ar an dul chun cinn geopholaitiúil ar bhealach réamhbhreathnaitheach, leanúint den fhadbhreathnaitheacht a chur san áireamh i bpróiseas ceaptha beartas an Aontais, agus rialachas eacnamaíoch na hEorpa a fheabhsú.

Tríd an bPrótacal, aithníonn an Coimisiún agus an Coiste a thábhachtaí atá an chomhpháirtíocht dhlúth agus speisialta eatarthu d’fhonn a áirithiú go mbeidh an tAontas Eorpach rathúil go heacnamaíoch, cuimsitheach go sóisialta agus inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, agus leas iomlán á bhaint as an tsochaí dhigiteach agus as an ngeilleagar digiteach.

Athdhearbhaíonn an Coimisiún agus an Coiste a dtiomantas iomlán do bhunluachanna an Aontais Eorpaigh, an smacht reachta san áireamh. Tá siad den tuairim freisin go bhfuil sé ríthábhachtach go leanfadh an tAontas Eorpach de bheith iomaíoch agus áit tharraingteach á tairiscint aige do ghnó, agus é mar aidhm aige lánfhostaíocht agus dul chun cinn sóisialta a bhaint amach.

Cuirfidh an Prótacal athnuaite seo maidir leis an gcomhar ar chumas an Choimisiúin agus an Choiste an comhar polaitiúil agus reachtach eatarthu a dhaingniú a thuilleadh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil an 27 Deireadh Fómhair 2022.

Leas-Uachtarán de chuid

an Choimisiúin Eorpaigh

Maroš ŠEFČOVIČ

Uachtarán

Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Christa SCHWENG


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2206/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)