|
18.5.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 139/116 |
CINNEADH (AE) 2022/769 ÓN gCOIMISIÚN
an 13 Aibreán 2022
maidir le comhsheasmhacht na spriocanna feidhmíochta atá sa dréachtphlean feidhmíochta a chuir an Liotuáin isteach de bhun Rialachán (CE) Uimh. 549/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais i leith an tríú tréimhse tagartha
(a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2022) 2290)
(Is é an téacs Liotuáinise amháin atá barántúil)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 549/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2004 lena leagtar síos an creat chun aerspás Eorpach aonair a chruthú (an creat-Rialachán) (1), agus go háirithe Airteagal 11(3), pointe (c), an chéad mhír de,
Ag féachaint do Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317 ón gCoimisiún an 11 Feabhra 2019 lena leagtar síos scéim feidhmíochta agus muirearaithe san aerspás Eorpach aonair (2), agus go háirithe Airteagal 14(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
BREITHNITHE GINEARÁLTA
|
(1) |
De bhun Airteagal 11 de Rialachán (CE) Uimh. 549/2004, tá scéim feidhmíochta le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta agus feidhmeanna líonra aerloingseoireachta le bunú. Thairis sin, de bhun Airteagal 10 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, tá na Ballstáit le spriocanna feidhmíochta ceangailteacha a tharraingt suas, ar an leibhéal náisiúnta nó ar leibhéal na mbloc feidhme aerspáis, i leith gach tréimhse tagartha den scéim feidhmíochta le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta agus feidhmeanna líonra aerloingseoireachta. Ní mór na spriocanna feidhmíochta sin a bheith comhsheasmhach leis na spriocanna uile-Aontais arna ghlacadh ag an gCoimisiún i leith na tréimhse tagartha lena mbaineann. Is é an Coimisiún atá freagrach as measúnú a dhéanamh an bhfuil na spriocanna feidhmíochta molta atá sna dréachtphleananna arna dtarraingt suas ag na Ballstáit comhsheasmhach leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais, agus na critéir mheasúnaithe a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317 á úsáid aige. |
|
(2) |
Ó bhí an chéad ráithe 2020 ann, bhí tionchar suntasach ag ráig phaindéim COVID-19 ar earnáil an aeriompair agus tá méid an aerthráchta laghdaithe go mór i gcomparáid leis na leibhéil roimh an bpaindéim, mar gheall ar na bearta a rinne na Ballstáit agus tríú tíortha chun an paindéim a shrianadh. |
|
(3) |
Leagadh spriocanna feidhmíochta uile-Aontais i leith an tríú tréimhse thagartha (‘TT3’) síos i dtosach i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/903 ón gCoimisiún (3). Maidir leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais sin agus na dréachtphleananna feidhmíochta TT3 a chuir na Ballstáit isteach ina dhiaidh sin, ós rud é gur tarraingíodh suas iad sular tharla ráig phaindéim COVID-19, ní fhéadfaí an t-athrú suntasach a tháinig ar na dálaí aeriompair de dheasca na paindéime a chur san áireamh iontu. |
|
(4) |
Mar fhreagairt ar thionchar phaindéim COVID-19 ar sholáthar seirbhísí aerloingseoireachta, leagadh amach bearta eisceachtúla le haghaidh an tríú tréimhse thagartha, de mhaolú ar Rialachán (AE) 2019/317, i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1627 ón gCoimisiún (4). De bhun Airteagal 2(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1627, ghlac an Coimisiún, an 2 Meitheamh 2021, Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/891 (5) lena leagtar spriocanna feidhmíochta athbhreithnithe uile-Aontais amach i leith TT3. |
|
(5) |
Tugann an Coimisiún dá aire gurb é a thuartar le réamhaisnéis tráchta bhonnlíne Sheirbhís Staidrimh agus Réamhaisnéise Eurocontrol (‘STATFOR’) ó mhí Dheireadh Fómhair 2021 go sroichfidh an t-aerthrácht ar an leibhéal uile-Aontais na leibhéil ar a raibh sé roimh an bpaindéim le linn 2023 agus go sáróidh sé na leibhéil sin in 2024. Mar sin féin, tá leibhéal ard éiginnteachta fós ag baint le forbairt an tráchta mar gheall ar na rioscaí a bhaineann le forbairt staid eipidéimeolaíoch COVID-19. Tugann an Coimisiún dá aire, freisin, go meastar go dtiocfaidh téarnamh míchothrom ar an aerthrácht sna Ballstáit éagsúla. |
|
(6) |
Tá dréachtphleananna feidhmíochta, agus spriocanna áitiúla feidhmíochta iontu i leith TT3, tiomsaithe agus glactha ag na Ballstáit uile, agus cuireadh faoi bhráid an Choimisiún iad lena measúnú faoin 1 Deireadh Fómhair 2021. Tar éis a fhíorú don Choimisiún arbh iomlán do na dréachtphleananna feidhmíochta sin, d’iarr sé ar Bhallstáit dréachtphleananna feidhmíochta athbhreithnithe a chur faoina bhráid faoin 17 Samhain 2021. An measúnú ón gCoimisiún a chuirtear i láthair sa Chinneadh seo, is ar an dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe a chuir an Liotuáin isteach atá sé bunaithe. |
|
(7) |
Tá tuarascáil curtha faoi bhráid an Choimisiúin ag an gcomhlacht um athbhreithniú ar an bhfeidhmíocht a thugann cúnamh don Choimisiún maidir le cur chun feidhme na scéime feidhmíochta de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (CE) Uimh. 549/2004, agus comhairle uaidh inti maidir leis an measúnú ar na dréachtphleananna feidhmíochta i leith TT3. |
|
(8) |
I gcomhréir le hAirteagal 14(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, rinne an Coimisiún measúnú ar chomhsheasmhacht na spriocanna feidhmíochta áitiúla atá beartaithe ag an Liotuáin ar bhonn na gcritéar measúnaithe a leagtar síos i bpointe 1 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme sin, agus imthosca áitiúla á gcur san áireamh. Chomhlánaigh an Coimisiún an measúnú, i leith gach príomhréimse feidhmíochta agus na spriocanna feidhmíochta a bhaineann leis, trí athbhreithniú a dhéanamh ar na dréachtphleananna feidhmíochta i leith na n-eilimintí a leagtar amach i bpointe 2 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme sin. |
|
(9) |
Ós rud é nach bhfuil aon aerfort sa Liotuáin a thagann faoi raon feidhme Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317 i leith TT3, níl aon sprioc áitiúil feidhmíochta maidir le seirbhísí aerloingseoireachta críochfoirt sa dréachtphlean feidhmíochta a chuir sí isteach i leith TT3. Dá bhrí sin, na torthaí atá sa Chinneadh seo, is le seirbhísí aerloingseoireachta faoi bhealach amháin a bhaineann siad. |
MEASÚNÚ ÓN gCOIMISIÚN
Measúnú ar na dréachtspriocanna feidhmíochta i bpríomhréimse feidhmíochta na sábháilteachta
|
(10) |
Maidir le príomhréimse feidhmíochta na sábháilteachta, rinne an Coimisiún measúnú ar chomhsheasmhacht na spriocanna a chuir an Liotuáin faoina bhráid maidir lena héifeachtaí a dhéanann soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta bainistíocht ar an tsábháilteacht, ar bhonn an chritéir a leagtar síos i bpointe 1.1 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317. Rinneadh an measúnú sin agus imthosca áitiúla á gcur san áireamh agus rinneadh é a chomhlánú leis an athbhreithniú ar bhearta atá beartaithe chun na spriocanna comhshaoil a bhaint amach i ndáil leis na heilimintí a leagtar amach i bpointe 2.1.(a) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317. |
|
(11) |
Is iad seo a leanas na dréachtspriocanna feidhmíochta i bpríomhréimse feidhmíochta na sábháilteachta a mholann an Liotuáin i leith éifeachtacht na bainistíochta sábháilteachta, arna miondealú de réir na gcuspóirí bainistíochta sábháilteachta agus arna sloinneadh mar leibhéil cur chun feidhme:
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(12) |
Tá sé suite ag an gCoimisiún gurb ionann na dréachtspriocanna sábháilteachta a mholann an Liotuáin le haghaidh an tsoláthraí seirbhísí aerloingseoireachta (EANS) agus na spriocanna sábháilteachta uile-Aontais i leith bhliain féilire 2024. |
|
(13) |
Tugann an Coimisiún dá aire go leagtar síos leis an dréachtphlean feidhmíochta a thíolaic an Liotuáin bearta do Oro Navigacija chun na spriocanna sábháilteachta áitiúla a bhaint amach amhail córas bainistithe nua aerthráchta (‘ATM’) a chur in úsáid ag a mbeidh feidhmeanna breise sábháilteachta, athbhreithnithe rialta ar an mbeartas sábháilteachta lena dtugtar aird ar rialacháin náisiúnta agus idirnáisiúnta, oiliúint sábháilteachta feabhsaithe, agus comhar sibhialta-míleata méadaithe. |
|
(14) |
Ar bhonn na dtorthaí a leagtar amach in aithrisí (12) agus (13), is é an measúnú ba cheart a dhéanamh ar na dréachtspriocanna i ndréachtphlean feidhmíochta na Liotuáine go bhfuil siad comhsheasmhach leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais i bpríomhréimse feidhmíochta na sábháilteachta. |
Measúnú ar na dréachtspriocanna feidhmíochta i bpríomhréimse feidhmíochta an chomhshaoil
|
(15) |
Maidir le príomhréimse feidhmíochta an chomhshaoil, rinneadh measúnú ar chomhsheasmhacht na spriocanna a chuir an Liotuáin isteach maidir le meánéifeachtúlacht chothrománach eitilte faoi bhealach a bhaineann leis an ruthag eitilte iarbhír, ar bhonn an chritéir a leagtar síos i bpointe 1.2 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317. Dá réir sin, cuireadh na spriocanna a mholtar i ndréachtphlean feidhmíochta na Liotuáine i gcomparáid leis na luachanna tagartha ábhartha le haghaidh éifeachtúlacht chothrománach na heitilte faoi bhealach a leagtar amach i bplean feabhsúcháin líonra aerbhealaí na hEorpa a bhí ar fáil nuair a glacadh na spriocanna feidhmíochta athbhreithnithe uile-Aontais i leith TT3, eadhon an 2 Meitheamh 2021. Rinneadh an measúnú sin agus imthosca áitiúla á gcur san áireamh agus rinneadh é a chomhlánú leis an athbhreithniú ar bhearta atá beartaithe chun na spriocanna comhshaoil a bhaint amach faoi phointe 2.1(a) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317. |
|
(16) |
I gcás bhliain féilire 2020, ní dhearnadh athbhreithniú le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/891 ar an sprioc fheidhmíochta uile-Aontais i leith TT3 i bpríomhréimse feidhmíochta an chomhshaoil, sprioc a leagadh amach i dtosach i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/903, toisc go raibh an tréimhse le haghaidh chur i bhfeidhm na sprice sin imithe in éag agus, dá bhrí sin, go raibh sí curtha chun feidhme go críochnaitheach cheana, rud a d’fhág nárbh fhéidir coigeartuithe cúlghabhálacha a dhéanamh. Dá réir sin, níor iarradh ar na Ballstáit athbhreithniú a dhéanamh ar a spriocanna áitiúla feidhmíochta i leith bhliain féilire 2020 i bpríomhréimse feidhmíochta an chomhshaoil sna dréachtphleananna feidhmíochta a bhí le cur isteach faoin 1 Deireadh Fómhair 2021. Dá bhrí sin, an measúnú ar chomhsheasmhacht na spriocanna áitiúla feidhmíochta comhshaoil leis na spriocanna feidhmíochta comhfhreagracha uile-Aontais, ba cheart é a dhéanamh i leith bhlianta féilire 2021, 2022, 2023 agus 2024. |
|
(17) |
Is iad seo a leanas na dréachtspriocanna feidhmíochta i bpríomhréimse feidhmíochta an chomhshaoil a mholann an Liotuáin, mar aon leis na luachanna tagartha náisiúnta comhfhreagracha i leith TT3 ó phlean feabhsúcháin líonra aerbhealaí na hEorpa, arna sloinneadh mar mheánéifeachtúlacht chothrománach eitilte faoi bhealach a bhaineann leis an ruthag eitilte iarbhír:
|
|
(18) |
Tugann an Coimisiún faoi deara gurb ionann na dréachtspriocanna comhshaoil a mholann an Liotuáin agus na luachanna tagartha náisiúnta comhfhreagracha i gcás gach bliana féilire ó 2021 go 2024. |
|
(19) |
Maidir le pointe 2.1(a) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme 2019/317, tugann an Coimisiún dá aire go bhfuil bearta curtha i láthair ag an Liotuáin sna dréachtphleananna feidhmíochta chun na spriocanna áitiúla comhshaoil a bhaint amach, lena n-áirítear nósanna imeachta um aerspás saorbhealaigh a mhéadú laistigh de Baltic FAB faoin 2 Feabhra 2022 mar aon le bearta a mholann an Bainisteoir Líonra in ERNIP, lena n-áirítear plean aistrithe le haghaidh loingseoireacht fheidhmíochtbhunaithe agus úsáid sholúbtha an aerspáis a fheabhsú a thuilleadh. |
|
(20) |
Ar bhonn na dtorthaí a leagtar amach in aithrisí (18) agus (19), is é an measúnú ba cheart a dhéanamh ar na dréachtspriocanna i ndréachtphlean feidhmíochta na Liotuáine go bhfuil siad comhsheasmhach leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais i bpríomhréimse feidhmíochta an chomhshaoil. |
Measúnú ar na dréachtspriocanna feidhmíochta i bpríomhréimse feidhmíochta na hacmhainneachta
|
(21) |
Maidir le príomhréimse feidhmíochta na hacmhainneachta, rinneadh measúnú ar chomhsheasmhacht na spriocanna a chuir an Liotuáin isteach maidir leis an meánmhoill i mbainistiú na sreibhe aerthráchta (‘ATFM’) faoi bhealach in aghaidh na heitilte, ar bhonn an chritéir a leagtar síos i bpointe 1.3 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317. Dá réir sin, cuireadh na spriocanna a mholtar i ndréachtphlean feidhmíochta na Liotuáine i gcomparáid leis na luachanna tagartha ábhartha a leagtar amach sa Phlean Oibríochta Gréasáin a bhí ar fáil nuair a glacadh na spriocanna feidhmíochta athbhreithnithe uile-Aontais i leith TT3, eadhon an 2 Meitheamh 2021. Rinneadh an measúnú sin agus imthosca áitiúla á gcur san áireamh agus rinneadh é a chomhlánú leis an athbhreithniú ar bhearta atá beartaithe chun na spriocanna acmhainneachta a bhaint amach faoi phointe 2.1(a) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317. |
|
(22) |
I gcás bhliain féilire 2020, ní dhearnadh athbhreithniú le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/891 ar an sprioc feidhmíochta uile-Aontais i leith TT3 i bpríomhréimse feidhmíochta na hacmhainneachta, sprioc a leagadh amach i dtosach i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/903, toisc go raibh an tréimhse le haghaidh chur i bhfeidhm na sprice sin imithe in éag agus, dá bhrí sin, go raibh sí curtha chun feidhme go críochnaitheach cheana, rud a d’fhág nárbh fhéidir coigeartuithe cúlghabhálacha a dhéanamh. Dá réir sin, níor iarradh ar na Ballstáit athbhreithniú a dhéanamh ar a spriocanna áitiúla feidhmíochta i leith bhliain féilire 2020 i bpríomhréimse feidhmíochta na hacmhainneachta sna dréachtphleananna feidhmíochta a bhí le cur isteach faoin 1 Deireadh Fómhair 2021. Dá bhrí sin, an measúnú ar chomhsheasmhacht na spriocanna áitiúla feidhmíochta acmhainneachta leis na spriocanna feidhmíochta comhfhreagracha uile-Aontais, ba cheart é a dhéanamh i leith bhlianta féilire 2021, 2022, 2023 agus 2024. |
|
(23) |
Is iad seo a leanas na dréachtspriocanna acmhainneachta eitiltí faoi bhealach a mholann an Liotuáin i leith TT3, arna sloinneadh i nóiméid mhoille ATFM in aghaidh na heitilte, mar aon leis na luachanna tagartha comhfhreagracha ón bPlean Oibríochta Líonra:
|
|
(24) |
Tugann an Coimisiún faoi deara gurb ionann na dréachtspriocanna acmhainneachta a mholann an Liotuáin agus na luachanna tagartha náisiúnta comhfhreagracha i gcás gach bliana féilire ó 2021 go 2024. |
|
(25) |
Maidir le pointe 2.1(a) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme 2019/317, tugann an Coimisiún dá aire go bhfuil raon beart curtha i láthair ag an Liotuáin sa dréachtphlean feidhmíochta chun na spriocanna áitiúla acmhainneachta eitiltí faoi bhealach a bhaint amach. Áirítear ar na bearta sin an tairbhe is fearr is féidir a bhaint amach as Lárionad Rialaithe Limistéar aerspás Vilnius, córas nua ATM a chur in úsáid chomh maith le córas uainchláir nua a thabhairt isteach in 2022 le haghaidh rialtóirí aerthráchta (ATCOnna). |
|
(26) |
Ar bhonn na dtorthaí a leagtar amach in aithrisí (24) agus (25), is é an measúnú ba cheart a dhéanamh ar na dréachtspriocanna i ndréachtphlean feidhmíochta na Liotuáine go bhfuil siad comhsheasmhach leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais i bpríomhréimse feidhmíochta na hacmhainneachta. |
Measúnú ar na dréachtspriocanna feidhmíochta i bpríomhréimse feidhmíochta na costéifeachtúlachta
|
(27) |
Maidir le príomhréimse feidhmíochta na costéifeachtúlachta, rinneadh measúnú ar chomhsheasmhacht na spriocanna a chuir an Liotuáin isteach maidir leis an gcostas aonaid arna shuíomh (‘CAAS’) le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta eitiltí faoi bhealach, ar bhonn na gcritéar a leagtar síos i bpointí 1.4(a), (b) agus (c) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317. Is iad na critéir sin an treocht CAAS le linn TT3, an treocht fhadtéarmach CAAS le linn TT2 agus TT3 (2015-2024), agus luach bonnlíne CAAS ar leibhéil an limistéir muirearaithe i gcomparáid le meánluach na limistéar muirearaithe a bhfuil timpeallacht oibríochtúil agus eacnamaíoch chomhchosúil ag soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta iontu. |
|
(28) |
Rinneadh measúnú ar na spriocanna éifeachtúlachta eitiltí faoi bhealach agus imthosca áitiúla á gcur san áireamh. Comhlánaíodh an measúnú le hathbhreithniú ar na príomhfhachtóirí agus na príomhpharaiméadair is bunús leis na spriocanna sin, mar a shonraítear i bpointe 2.1(d) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317. |
|
(29) |
Is iad seo a leanas na dréachtspriocanna costéifeachtúlachta eitiltí faoi bhealach a mholann an Liotuáin i leith TT3:
|
|
(30) |
Maidir leis an gcritéar a leagtar síos i bpointe 1.4(a) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, tugann an Coimisiún faoi deara gur fearr treocht CAAS eitiltí faoi bhealach na Liotuáine ar leibhéal an limistéir muirearaithe le linn TT3, mar atá, -0,1 %, ná an treocht uile-Aontais le linn na tréimhse céanna, mar atá, +1,0 %. |
|
(31) |
Maidir leis an gcritéar a leagtar síos i bpointe 1.4(b) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, tugann an Coimisiún faoi deara gur fearr treocht fhadtéarmach CAAS eitiltí faoi bhealach na Liotuáine le linn TT2 agus TT3 ar leibhéal an limistéir muirearaithe, mar atá, -2,0 %, ná an treocht uile-Aontais le linn na tréimhse céanna, mar atá, -1,3 %. |
|
(32) |
Maidir leis an gcritéar a leagtar síos i bpointe 1.4(c) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, tugann an Coimisiún faoi deara go bhfuil luach bonnlíne CAAS na Liotuáine, mar atá, EUR 37,64 i dtéarmaí réadacha ar phraghsanna 2017 (‘EUR2017’), 42,7 % níos airde ná meánluach bonnlíne an ghrúpa comparáide ábhartha, mar atá, EUR 26,39 in EUR2017. Tugann an Coimisiún dá aire go bhfuil costas aonaid na Liotuáine arna shuíomh fós níos airde ná meán an ghrúpa comparáide le linn TT3 ar fad, agus go bhfuil sé 23,0 % níos airde ná an meán sin i leith 2024. |
|
(33) |
Mar a leagtar amach in aithrisí (30) agus (31), is léir gur fearr feidhmíocht na Liotuáine ná an treocht CAAS uile-Aontais i leith TT3 agus an treocht fhadtéarmach CAAS uile-Aontais araon. Thairis sin, tá CAAS na Liotuáine i leith 2024 níos ísle ná luach bonnlíne 2014 agus tá sé cobhsaí i gcomparáid le luach bonnlíne 2019. In ainneoin na difríochta idir luach bonnlíne na Liotuáine agus an meánghrúpa comparáide a fheictear in aithris (32), tá sé léirithe ag an Liotuáin gur fearr forbairt na costéifeachtúlachta ná na treochtaí uile-Aontais, rud a chuireann bonn leordhóthanach ar fáil chun comhsheasmhacht a bhunú leis na spriocanna feidhmíochta costéifeachtúlachta uile-Aontais le haghaidh RP3. |
|
(34) |
Ar bhonn na dtorthaí a leagtar amach in aithrisí (27) go (33), is é an measúnú ba cheart a dhéanamh ar na dréachtspriocanna i ndréachtphlean feidhmíochta na Liotuáine go bhfuil siad comhsheasmhach leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais i bpríomhréimse feidhmíochta na costéifeachtúlachta. |
CONCLÚIDÍ
|
(35) |
Ar bhonn an mheasúnaithe a leagtar amach in aithrisí (10) go (34), tá sé suite ag an gCoimisiún go bhfuil na spriocanna feidhmíochta atá sa dréachtphlean feidhmíochta a chuir an Liotuáin isteach comhsheasmhach leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais. |
|
(36) |
Tugann an Coimisiún dá aire go bhfuil sé tugtha le fios ag roinnt Ballstát go bhfuil sé i gceist acu ítimí costais a bhaineann le ladrainn a bhrath ag na haerfoirt a chur lena mbonn costais i leith TT3. Ní raibh an Coimisiún in ann a shuí go beacht, ar bhonn na n-eilimintí atá sna dréachtphleananna feidhmíochta, cé mhéad a chuir na Ballstáit costais shuite den chineál sin lena mbonn costais i leith TT3, ná, i gcásanna inar chuir, cé mhéad a thabhaítear iad i ndáil le soláthar na seirbhísí aerloingseoireachta, rud a d’fhágfadh gurbh fhéidir a mheas gur costais incháilithe iad faoin scéim feidhmíochta agus muirearaithe. Tá iarraidh ad hoc ar fhaisnéis curtha ag seirbhísí an Choimisiún chuig na Ballstáit uile chun faisnéis ábhartha a bhailiú, agus déanfaidh siad tuilleadh scrúdaithe ar na costais a thuairiscítear maidir le ladrainn a bhrath ag na haerfoirt i gcomhthéacs an fhíoraithe ar chomhlíontacht na rátaí aonaid. Tá an Cinneadh seo gan dochar do thorthaí ná do chonclúidí an Choimisiúin maidir le costais braite na ladrann. |
|
(37) |
Mar fhreagairt ar ionsaí míleata na Rúise ar an Úcráin, a thosaigh an 24 Feabhra 2022, tá bearta sriantacha glactha ag an Aontas lena gcuirtear toirmeasc ar aeriompróirí Rúiseacha, ar aon aerárthach atá cláraithe sa Rúis agus ar aon aerárthach nach bhfuil cláraithe sa Rúis ach atá faoi úinéireacht, ar chairtfhostú, nó faoi rialú ar shlí eile ag aon duine nádúrtha nó dlítheanach Rúiseach nó ag aon eintiteas nó comhlacht Rúiseach tuirlingt i gcríoch an Aontais, éirí de thalamh uaithi, nó eitilt thairsti. Tá laghdú ag teacht ar an aerthrácht san aerspás os cionn chríoch an Aontais i ngeall ar na bearta sin. Níor cheart, ámh, go mbeadh an tionchar ar an leibhéal uile-Aontais inchomparáide leis an laghdú ar an aerthrácht de dheasca ráig phaindéim COVID-19 i mí an Mhárta 2020. Dá bhrí sin, is iomchuí na bearta agus na próisis atá ann faoi láthair le haghaidh chur chun feidhme na scéime feidhmíochta agus muirearaithe le linn TT3 a choinneáil ar bun. |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Na spriocanna feidhmíochta atá sa dréachtphlean feidhmíochta a chuir an Liotuáin isteach de bhun Rialachán (CE) Uimh. 549/2004 agus a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo, tá siad comhsheasmhach leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais i leith an tríú tréimhse tagartha a leagtar amach i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/891.
Airteagal 2
Dírítear an Cinneadh seo chuig an Liotuáin.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 13 Aibreán 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
Adina VĂLEAN
Comhalta den Choimisiún
(1) IO L 96, 31.3.2004, lch. 1.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317 ón gCoimisiún an 11 Feabhra 2019 lena leagtar síos scéim feidhmíochta agus muirearaithe san aerspás Eorpach aonair agus lena n-aisghairtear Rialacháin Chur Chun Feidhme (AE) Uimh. 390/2013 agus (AE) Uimh. 391/2013 (IO L 56, 25.2.2019, lch. 1).
(3) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/903 ón gCoimisiún an 29 Bealtaine 2019 lena leagtar síos spriocanna feidhmíochta uile-Aontais le haghaidh an líonra um bainistíocht aerthráchta i ndáil leis an tríú tréimhse thagartha dar tús an 1 Eanáir 2020 agus dar críoch an 31 Nollaig 2024 (IO L 144, 3.6.2019, lch. 49).
(4) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1627 ón gCoimisiún an 3 Samhain 2020 maidir le bearta eisceachtúla i ndáil leis an tríú tréimhse thagartha (2020-2024) den scéim feidhmíochta agus muirearaithe san aerspás Eorpach de dheasca phaindéim COVID-19 (IO L 366, 4.11.2020, lch. 7).
(5) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/891 ón gCoimisiún an 2 Meitheamh 2021 lena leagtar síos spriocanna feidhmíochta athbhreithnithe uile-Aontais le haghaidh an líonra um bainistíocht aerthráchta i ndáil leis an tríú tréimhse thagartha (2020-2024) agus lena n-aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/903 (IO L 195, 3.6.2021, lch. 3).
IARSCRÍBHINN
Na spriocanna feidhmíochta atá san áireamh sa dréachtphlean feidhmíochta a chuir an Liotuáin isteach de bhun Rialachán (CE) Uimh. 549/2004 agus a fuarthas go bhfuil siad comhsheasmhach leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais le haghaidh an tríú tréimhse thagartha.
PRÍOMHRÉIMSE FEIDHMÍOCHTA SÁBHÁILTEACHTA
Éifeachtacht na bainistíochta sábháilteachta
|
an Liotuáin |
Spriocanna maidir le héifeachtacht na bainistíochta sábháilteachta, arna sloinneadh mar leibhéal cur chun feidhme, ó leibhéal EASA A go D |
||||
|
An soláthraí seirbhísí aerloingseoireachta lena mbaineann |
Cuspóir na bainistíochta sábháilteachta |
2021 |
2022 |
2023 |
2024 |
|
Oro Navigacija |
Beartas agus cuspóirí sábháilteachta |
C |
C |
C |
C |
|
Bainistíocht riosca sábháilteachta |
D |
D |
D |
D |
|
|
Dearbhú sábháilteachta |
C |
C |
C |
C |
|
|
Cur chun cinn na sábháilteachta |
C |
C |
C |
C |
|
|
Cultúr sábháilteachta |
C |
C |
C |
C |
|
PRÍOMHRÉIMSE FEIDHMÍOCHTA AN CHOMHSHAOIL
Meánéifeachtúlacht chothrománach eitilte faoi bhealach an ruthaig eitilte iarbhír
|
|
2021 |
2022 |
2023 |
2024 |
|
Dréacht de spriocanna comhshaoil faoi bhealach na Liotuáine, arna sloinneadh mar mheánéifeachtúlacht chothrománach faoi bhealach an ruthaig eitilte iarbhír |
1,93 % |
1,92 % |
1,92 % |
1,92 % |
|
Luachanna tagartha don Liotuáin |
1,93 % |
1,92 % |
1,92 % |
1,92 % |
PRÍOMHRÉIMSE FEIDHMÍOCHTA ACMHAINNEACHTA
Meánmhoill ATFM eitilte faoi bhealach i nóiméid in aghaidh na heitilte
|
|
2021 |
2022 |
2023 |
2024 |
|
Dréacht de spriocanna acmhainneachta faoi bhealach na Liotuáine „ i nóiméid ar mhoill ATFM in aghaidh na heitilte |
0,01 |
0,03 |
0,03 |
0,03 |
|
Luachanna tagartha don Liotuáin |
0,01 |
0,03 |
0,03 |
0,03 |
PRÍOMHRÉIMSE FEIDHMÍOCHTA COSTÉIFEACHTÚLACHTA
Costas aonaid arna shuíomh le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta faoi bhealach
|
Limistéar muirearaithe faoi bhealach na Liotuáine |
Luach bonnlíne 2014 |
Luach bonnlíne 2019 |
2020 -2021 |
2022 |
2023 |
2024 |
|
Dréacht de spriocanna costéifeachtúlachta faoi bhealach, arna sloinneadh mar chostas aonaid faoi bhealach arna shuíomh (i dtéarmaí réadacha ag praghsanna 2017) |
EUR 45,12 |
EUR 37,64 |
EUR 50,51 |
EUR 44,40 |
EUR 41,02 |
EUR 37,52 |