AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,27.1.2025
COM(2025) 25 final
2025/0011(NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) (ST 10157/21 INIT; ST 10157/21 ADD 1) an 13 Iúil 2021 maidir le formheas an mheasúnaithe ar phlean téarnaimh agus athléimneachta na Laitvia
{SWD(2025) 10 final}
2025/0011 (NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) (ST 10157/21 INIT; ST 10157/21 ADD 1) an 13 Iúil 2021 maidir le formheas an mheasúnaithe ar phlean téarnaimh agus athléimneachta na Laitvia
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, agus go háirithe Airteagal 20(1) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)I ndiaidh don Laitvia an plean téarnaimh agus athléimneachta náisiúnta a thíolacadh an 30 Aibreán 2021, mhol an Coimisiún a mheasúnú dearfach don Chomhairle. D’fhormheas an Chomhairle an measúnú dearfach trí bhíthin Chinneadh Cur Chun Feidhme an 13 Iúil 2021 ón gComhairle. Leasaíodh an Cinneadh Cur Chun Feidhme sin ón gComhairle an 8 Nollaig 2023.
(2)An 18 Nollaig 2024 rinne an Laitvia iarraidh réasúnaithe ar an gCoimisiún togra a dhéanamh le haghaidh Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle an 13 Iúil 2021 a leasú i gcomhréir le hAirteagal 21(1) de Rialachán (AE) 2021/241, ós rud é nach féidir an plean téarnaimh agus athléimneachta a bhaint amach ina iomláine a thuilleadh de bharr imthosca oibiachtúla. Ar an mbonn sin, tá plean téarnaimh agus athléimneachta leasaithe curtha isteach ag an Laitvia.
Leasuithe bunaithe ar Airteagal 21 de Rialachán (AE) 2021/241
(3)Na leasuithe ar an bplean téarnaimh agus athléimneachta a chuir an Laitvia isteach i ngeall ar imthosca oibiachtúla, baineann siad le 28 mbeart.
(4)Mhínigh an Laitvia go ndearnadh 10 mbeart a mhodhnú chun roghanna malartacha níos fearr a chur chun feidhme ar mhaithe le huaillmhian bhunaidh an bhirt a bhaint amach. Baineann sé sin leis an méid seo a leanas: sprioc 4, garsprioc 5a agus an tuairisc ar bheart 1.1.1.r. (Córas Iompair Cathrach Ríge a Ghlasú) faoi Chomhchuid 1 (An tAthrú Aeráide agus Inbhuanaitheacht Chomhshaoil); sprioc 43, sprioc 44, garsprioc 44a agus an tuairisc ar bheart 2.2.1.1.i. (Tacaíocht chun Moil Nuálaíochta Digití agus Pointí Teagmhála Réigiúnacha a bhunú), sprioc 50, sprioc 51, sprioc 52 agus an tuairisc ar bheart 2.2.1.4.i. (Ionstraimí airgeadais chun claochlú digiteach oibreoirí eacnamaíocha a éascú), sprioc 71, sprioc 72 agus an tuairisc ar bheart 2.3.2.1.i. (Scileanna digiteacha do dhaoine) agus garsprioc 74, sprioc 75, sprioc 76 agus an tuairisc ar bheart 2.3.2.2.i. (Forbairt scileanna agus cumas claochlaithe dhigitigh rialtas an stáit agus rialtas áitiúil), iad uile faoi chomhchuid 2 (Claochlú Digiteach); garsprioc 115, garsprioc 116, sprioc 117 agus an tuairisc ar bheart 3.1.2.1.i. (Bearta chun rochtain ar sheirbhísí poiblí agus fostaíocht do dhaoine faoi mhíchumas a chur chun cinn), faoi Chomhchuid 3 (Neamhionannas a Laghdú); sprioc 193 agus sprioc 194 faoi bheart 6.2.1.3.i. (Ionad oiliúna aonair a bhunú chun cáilíochtaí breithiúna, foirne cúirte, ionchúisitheoirí, ionchúisitheoirí cúnta agus imscrúdaitheoirí speisialaithe a fhorbairt (ábhair idirdhisciplíneacha), garsprioc 200, sprioc 201 agus an tuairisc ar bheart 6.3.1.1.i. (Riarachán poiblí oscailte, trédhearcach, cothrom agus cuntasach) agus garsprioc 202, sprioc 203 agus an tuairisc ar bheart 6.3.1.2.i. (Riarachán poiblí a ghairmiúlú agus forbairt riaracháin agus acmhainneachta), iad uile faoi Chomhchuid 6 (An Smacht Reachta); agus sprioc 224 faoi bheart 7.3.i. (Na gréasáin tarchurtha agus dáileacháin leictreachais a uasghrádú, a dhigitiú agus a dhaingniú) faoi Chomhchuid 7 (REPowerEU). Ar an mbonn sin, d’iarr an Laitvia na bearta thuasluaite a leasú, lena n‑áirítear na garspriocanna agus na spriocanna ábhartha. Thairis sin, d’iarr an Laitvia sprioc 4 de bheart 1.1.1.1.i. a bhaint. (Iompar iomaíoch do phaisinéirí iarnróid laistigh de chomhchóras iompair phoiblí chathair Ríge) agus an lána mear-idirthurais bus 5.3 km faoi gharsprioc 5a de bheart 1.1.1.2.i. (Feabhsúcháin atá neamhdhíobhálach don chomhshaol ar chóras iompair phoiblí chathair Ríge) faoi Chomhchuid 1 (An tAthrú Aeráide agus Inbhuanaitheacht Chomhshaoil). Ba cheart Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle an 13 Iúil 2021 a leasú dá réir.
(5)Mhínigh an Laitvia go ndearnadh 13 bheart a leasú chun rogha mhalartach níos fearr a chur chun feidhme ar mhaithe leis an ualach riaracháin a laghdú agus cuspóirí na mbeart a bhaint amach san am céanna. Baineann sé sin leis an méid seo a leanas: an tuairisc ar bheart 1.2.1.5.i. (Nuachóiriú na ngréasán tarchurtha agus dáileacháin leictreachais) agus ar bheart 1.3.1.r. (Córas bainistíochta tubaistí a oiriúnú don athrú aeráide, seirbhísí tarrthála agus mearfhreagartha) faoi Chomhchuid 1 (An tAthrú Aeráide agus Inbhuanaitheacht Chomhshaoil); spriocanna 47, 48 agus 49 agus an tuairisc ar bheart 2.2.1.3.i. (Tacaíocht chun táirgí agus seirbhísí nua a thabhairt isteach i ngnó), garsprioc 57, garsprioc 57a agus an tuairisc ar bheart 2.3.1.r. (Creat tacaíochta don fhoghlaim aosach atá inbhuanaithe agus freagrach go sóisialta a fhorbairt), sprioc 79 agus an tuairisc ar bheart 2.3.2.3.i. (An deighilt dhigiteach a dhúnadh le haghaidh foghlaimeoirí agus institiúidí oideachais atá leochaileach go sóisialta) agus sprioc 83 faoi bheart 2.4.1.2.i. (Forbairt bonneagair leathanbhanda nó bonneagair a bhaineann le líonra fíor-ardacmhainne ‘an míle deireanach’), iad uile faoi Chomhchuid 2 (An Claochlú Digiteach); sprioc 108 faoi bheart 3.1.1.6.i. (Feithiclí astaíochtaí nialasacha a cheannach chun feidhmeanna bardasacha agus seirbhísí gaolmhara a fheidhmiú) agus an tuairisc ar bheart 3.1.2.5.i. (Rannpháirtíocht daoine dífhostaithe, cuardaitheoirí poist agus daoine atá i mbaol dífhostaíochta i margadh an tsaothair), an dá cheann acu faoi Chomhchuid 3 (Neamhionannas a Laghdú); spriocanna 141 agus 142 de bheart 4.1.1.3.i. (Tacaíocht chun bonneagar sláinte soláthraithe tánaisteacha seirbhísí othar seachtrach a neartú) faoi Chomhchuid 4 (Sláinte); sprioc 155, garsprioc 156 agus an tuairisc ar bheart 5.1.1.1.i. (Oibríochtú agus oibriú leanúnach múnla rialachais lánfheidhme don chóras nuálaíochta) garsprioc 160, sprioc 162 agus an tuairisc ar bheart 5.2.1.r. (Athchóiriú an Ardoideachais agus Barr Feabhais Eolaíochta agus Rialachais) agus spriocanna 164 agus 165 agus an tuairisc ar bheart 5.2.1.1.i. (Deontais taighde, forbartha agus comhdhlúthaithe), iad uile faoi Chomhchuid 5 (Claochlú eacnamaíoch agus athchóiriú táirgiúlachta); agus garsprioc 187 agus an tuairisc ar bheart 6.2.1.1.i. (Mol Nuálaíochta AML a bhunú chun feabhas a chur ar shainaithint an sciúrtha airgid) faoi Chomhchuid 6 (An Smacht Reachta). Ar an mbonn sin, d’iarr an Laitvia go mbainfí faisnéis chúlra nó eilimintí nós imeachta nach bhfuil gá leo agus nach rannchuidíonn le cuspóirí na mbeart, go soiléireofaí go mbaineann gnéithe áirithe le cuspóirí nó le comhthéacs na mbeart, agus go simpleofaí tuairiscí ar bhearta nó ar chlocha míle agus ar spriocanna a chruthaíonn ualach riaracháin gan údar a mhéid a bhaineann le cuspóirí na mbeart comhfhreagrach a bhaint amach. Ba cheart Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle an 13 Iúil 2021 a leasú dá réir.
(6)Mhínigh an Laitvia go bhfuil 2 bheart ann nach féidir a bhaint amach a thuilleadh de réir na dtéarmaí sonracha a beartaíodh sa phlean téarnaimh agus athléimneachta bunaidh mar gheall ar athruithe ar éileamh an mhargaidh, agus é á chur san áireamh go bhfuarthas líon neamhleor tograí i gcomparáid le hionchais na n‑údarás sular seoladh na glaonna. Baineann sé sin le sprioc 63, le sprioc 64 agus leis an tuairisc ar bheart 2.3.1.2.i. (Scileanna digiteacha fiontar a fhorbairt) faoi Chomhchuid 2 (Claochlú Digiteach); agus spriocanna 122 agus 123 agus an tuairisc ar bheart 3.1.2.3.i. (Athléimneacht agus leanúnachas na seirbhíse cúraim shóisialta fhadtéarmaigh) faoi Chomhchuid 3 (Neamhionannas a Laghdú). Ar an mbonn sin, d’iarr an Laitvia an leibhéal cur chun feidhme is gá i gcás sprioc 63 agus sprioc 64 de bheart 2.3.1.2.i. a laghdú. (Scileanna digiteacha fiontar a fhorbairt). Thairis sin, d’iarr an Laitvia leibhéal cur chun feidhme spriocanna 122 agus 123 de bheart 3.1.2.3.i. a laghdú. (Athléimneacht agus leanúnachas na seirbhíse cúraim shóisialta fhadtéarmaigh). D’iarr an Laitvia go leasófaí an tuairisc ar an mbeart agus spriocanna 122 agus 123, trí laghdú a dhéanamh ar líon na gconarthaí atá le tabhairt i gcrích ag an ngníomhaireacht Lárnach Maoinithe agus Conarthaí agus trí laghdú a dhéanamh ar líon na ndaoine a bhfuil cúram fadtéarmach le soláthar dóibh. Ba cheart Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle an 13 Iúil 2021 a leasú dá réir. Tar éis bearta a bhaint de réir Airteagal 21 de Rialachán (AE) 2021/241, d’iarr an Laitvia go n‑úsáidfí na hacmhainní a saoradh trí bhearta a bhaint agus trí leibhéal an chur chun feidhme a laghdú chun trí bheart nua a chur isteach agus leibhéal cur chun feidhme birt amháin a mhéadú. Baineann sé sin le garsprioc 4 agus garsprioc 4a de bheart 1.1.1.i. (Bonneagar iompair cathrach Ríge a Fheabhsú) faoi Chomhchuid 1 (An tAthrú Aeráide agus Inbhuanaitheacht Chomhshaoil); sprioc 50 agus sprioc 51 faoi bheart 2.2.1.4.i. (Ionstraimí airgeadais chun claochlú digiteach oibreoirí eacnamaíocha a éascú) faoi Chomhchuid 2 (Claochlú Digiteach); garsprioc 109a agus 109b de bheart 3.1.1.7.i. (Iasachtaí d’fhorbróirí réadmhaoine chun teaghaisí ar cíos íseal a thógáil) faoi Chomhchuid 3 (Neamhionannas a Laghdú); sprioc 130a de bheart 3.1.2.6.i. (Infhaighteacht áiseanna teicniúla a éascú) faoi Chomhchuid 3. Ar an mbonn sin, d’iarr an Laitvia leibhéal cur chun feidhme gharsprioc 4 a mhéadú trí gharsprioc 4 a chur in ionad sprioc 4 agus síniú conarthaí a thabhairt isteach le haghaidh na hinfheistíochta nua lena ndéanfar Lárstáisiún Traenach Ríge a uasghrádú, agus garsprioc 4a a chur chur isteach, garsprioc arb é a bheadh i gceist léi cur i gcrích na hinfheistíochta nua a cuireadh isteach chun Lárstáisiún Traenach Ríge a uasghrádú. I ndáil leis an méid sin, d’iarr an Laitvia an leibhéal cur chun feidhme is gá a mhéadú tríd an tuairisc ar bheart 1.1.1.i. a leasú. (Bonneagar iompair cathrach Ríge a Fheabhsú) faoi Chomhchuid 1 (An tAthrú Aeráide agus Inbhuanaitheacht Chomhshaoil) agus an infheistíocht san iompar le haghaidh uasghrádú Lárstáisiún Traenach Ríge a chur isteach. Thairis sin, d’iarr an Laitvia leibhéal cur chun feidhme sprioc 50 agus sprioc 51 de bheart 2.2.1.4.i. a laghdú. (Ionstraimí airgeadais chun claochlú digiteach oibreoirí eacnamaíocha a éascú) faoi Chomhchuid 2 (Claochlú Digiteach). Ina theannta sin, d’iarr an Laitvia garsprioc 109a agus garsprioc 109b agus beart 3.1.1.7.i. a chur leis. (Iasachtaí d’fhorbróirí réadmhaoine chun teaghaisí ar cíos íseal a thógáil) faoi Chomhchuid 3 (Neamhionannas a Laghdú). Beart 3.1.1.7.i. (Iasachtaí d’fhorbróirí réadmhaoine chun teaghaisí ar cíos íseal a thógáil), is beart é a rannchuidíonn ó thaobh aghaidh a thabhairt ar Mholadh Tírshonrach 3.2, 2019 chun beartas eacnamaíoch a bhaineann le hinfheistíocht a dhíriú ar sholáthar tithíochta inacmhainne. Ina theannta sin, tá údar leis an mbeart nua sin mar gheall ar aibíocht fhadtéarmach (30 bliain) na n‑iasachtaí atá i gceist, mar gheall ar mhéid beag an bhirt (EUR 29 milliún, suim arb é an sciar den phlean atá i gceist léi 1,5 %), mar gheall ar an margadh caipitil teoranta sa Laitvia ina laghdaítear foinsí malartacha maoinithe do thionscadail fhadtéarmacha den chineál sin, agus mar gheall ar spriocdhíriú sóisialta an bhirt, toisc go bhfuil maoiniú fadtéarmach do bhearta sóisialta den sórt sin níos lú i gcomparáid le bearta i réimsí beartais eile. Thairis sin, d’iarr an Laitvia sprioc 130a de bheart 3.1.2.6.i. a chur leis. (Infhaighteacht áiseanna teicniúla a éascú) faoi Chomhchuid 3 (Neamhionannas a laghdú).
(7)Measann an Coimisiún go dtugann na cúiseanna arna gcur chun cinn ag an Laitvia údar leis na leasuithe de bhun Airteagal 21(2) de Rialachán (AE) 2021/241, agus gur cheart Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle an 13 Iúil 2021 a leasú dá réir.
Dáileadh garspriocanna agus spriocanna
(8)Ba cheart dáileadh na ngarspriocanna agus na spriocanna i dtráthchodanna a mhodhnú chun na leasuithe ar an bplean agus an amlíne tháscach a chuir an Laitvia i láthair a chur san áireamh.
Ceartúcháin ar earráidí cléireachais
(9)Sainaithníodh cúig earráid chléireachais i dtéacs an Chinnidh Cur Chun Feidhme ón gComhairle, lena ndéantar difear d’aon sprioc amháin, do gharsprioc amháin agus do cheithre bheart faoi cheithre chomhchuid. Ba cheart an Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle a leasú chun na hearráidí cléireachais sin a cheartú, earráidí nach bhfreagraíonn d’ábhar an phlean téarnaimh agus athléimneachta a cuireadh faoi bhráid an Choimisiúin an 30 Aibreán 2021, mar a chomhaontaigh an Coimisiún agus an Laitvia. Baineann na hearráidí cléireachais sin le sprioc 33 de bheart 2.1.2.1.i. (Ardáin, córais agus seirbhísí comhroinnte láraithe) faoi Chomhchuid 2 (Claochlú Digiteach), garsprioc 94 de bheart 3.1.1.3.i. (Infheistíochtaí i mbonneagar poiblí chun páirceanna tionsclaíocha a fhorbairt sna réigiúin) faoi Chomhchuid 3 (Neamhionannas a Laghdú), agus na tuairiscí ar na bearta seo a leanas: beart 1.2.1.3.i. (Foirgnimh bhardasacha agus bonneagar bardasach a fheabhsú tríd an aistriú chuig teicneolaíochtaí fuinnimh in‑athnuaite a chur chun cinn agus éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú), faoi Chomhchuid 1 (An tAthrú Aeráide agus Inbhuanaitheacht Chomhshaoil), beart 3.1.1.3.i. (Infheistíochtaí i mbonneagar poiblí chun páirceanna tionsclaíocha a fhorbairt sna réigiúin) agus beart 3.1.2.4.i. (Forbairt shintéiseach na seirbhísí athshlánúcháin shóisialta agus ghairme chun athléimneacht daoine a bhfuil lagú feidhme orthu a chur chun cinn) faoi Chomhchuid 3 (Neamhionannas a Laghdú) agus beart 4.1.1.2.i. (Tacaíocht chun bonneagar sláinte na n‑ospidéal ollscoile agus réigiúnach a neartú) faoi Chomhchuid 4 (Sláinte). Ní dhéanann na ceartúcháin sin difear do chur chun feidhme na mbeart lena mbaineann.
Measúnú an Choimisiúin
(10)Rinne an Coimisiún measúnú ar an bplean téarnaimh agus athléimneachta leasaithe i gcomparáid leis na critéir mheasúnaithe a leagtar síos in Airteagal 19(3) de Rialachán (AE) 2021/241.
Gan dochar suntasach a dhéanamh
(11)I gcomhréir le hAirteagal 19(3), pointe (d) de Rialachán (AE) 2021/241, agus le critéar 2.4 d’Iarscríbhinn V a ghabhann leis, meastar go n‑áiritheofar leis an bplean téarnaimh agus athléimneachta leasaithe nach ndéanfaidh aon bheart (Rátáil A) maidir le cur chun feidhme na n‑athchóirithe agus na dtionscadal infheistíochta a áirítear sa phlean téarnaimh agus athléimneachta sin, nach ndéanfaidh aon bheart dá leithéid dochar suntasach do chuspóirí comhshaoil de réir bhrí Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (an prionsabal ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’).
(12)Cinneadh go gcomhlíonann an plean téarnaimh agus athléimneachta leasaithe an prionsabal ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’ mar a leagtar amach sa Treoraíocht Theicniúil maidir le ‘Gan Dochar Suntasach a Dhéanamh’ (2021/C58/01) agus go bhfuil sé i gcomhréir leis an modheolaíocht a sholáthraítear sa treoir theicniúil a sholáthraítear san Fhógra ón gCoimisiún dar teideal ‘Treoraíocht theicniúil maidir le cur i bhfeidhm “gan dochar suntasach a dhéanamh” faoi Rialachán na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta’. Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid, i gcás gach birt leasaithe agus gach birt nua, gur léirigh an fhaisnéis a chuir an Laitvia ar fáil go bhfuil an prionsabal sin á chomhlíonadh.
Rannchuidiú leis an aistriú glas lena n‑áirítear an bhithéagsúlacht
(13)I gcomhréir le hAirteagal 19(3), pointe (e) de Rialachán (AE) 2021/241 agus le critéar 2.5 d’Iarscríbhinn V a ghabhann leis, tá bearta sa phlean téarnaimh agus athléimneachta leasaithe a rannchuidíonn go mór (Rátáil A) ó thaobh an aistrithe ghlais de, lena n‑áirítear an bhithéagsúlacht, nó ó thaobh aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a eascraíonn as sin. An méid airgid a ghabhann leis na bearta a thacaíonn le cuspóirí aeráide, 38,14 % de leithdháileadh iomlán an phlean leasaithe atá ann, agus 100 % de chostais mheasta iomlána na mbeart sa chaibidil REPowerEU atá ann, costais arna ríomh i gcomhréir leis an modheolaíocht a leagtar amach in Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/241. I gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán (AE) 2021/241, tá an plean téarnaimh agus athléimneachta leasaithe comhsheasmhach leis an bhfaisnéis atá sa Phlean Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide don tréimhse 2021–2030.
(14)Tar éis an mhodhnaithe bheartaithe ar an bplean téarnaimh agus athléimneachta, tháinig laghdú ar an ranníocaíocht le cuspóirí aeráide ionas gur 38,14 % atá i gceist faoi láthair, san áit a mbíodh 41,51 % i gceist roimhe seo. An laghdú ar an ranníocaíocht le cuspóirí aeráide, is toradh é ar dheireadh a bheith curtha le hinfheistíocht faoi bheart 1.1.1.1.i. (Infheistíocht: Iompar iomaíoch do phaisinéirí iarnróid laistigh de chomhchóras iompair phoiblí chathair Ríge) i gComhchuid 1 (An tAthrú Aeráide agus Inbhuanaitheacht Chomhshaoil) agus infheistíocht nua a cuireadh isteach sa phlean ina áit, arb infheistíocht í lena dtacaítear le córas iompair phoiblí ilmhódach a fhorbairt i Ríge, córas ina mbeadh an t‑iarnród ina chnámh droma ag an iompar. Is éard atá i gceist leis an athrú deireadh a chur le hinfheistíocht a rannchuidíodh 100 % leis na cuspóirí aeráide , agus infheistíocht nua a chur ina hionad a rannchuidíonn 40 % leis na cuspóirí sin.
Costáil
(15)I gcomhréir le hAirteagal 19(3), pointe (i), de Rialachán (AE) 2021/241 agus le critéar 2.9 d’Iarscríbhinn V a ghabhann leis, an t‑údar a thugtar sa phlean téarnaimh agus athléimneachta leasaithe maidir le méid na gcostas iomlán measta a bhaineann leis an bplean, tá an t‑údar sin measartha maidir lena réasúnta agus a inchreidte atá sé (Rátáil B), tá sé i gcomhréir le prionsabal na costéifeachtúlachta agus tá sé i gcomhréir leis an tionchar ionchasach náisiúnta eacnamaíoch agus sóisialta.
(16)An fhaisnéis a chuir an Laitvia ar fáil maidir leis an bplean téarnaimh agus athléimneachta leasaithe, tá sí mionsonraithe agus tá bunús maith léi. Thairis sin, chuir an Laitvia doiciméid ar leithligh isteach agus orthu sin bhí tuairiscí níos críochnúla ar an modheolaíocht is bun leis na ríomhanna costais agus mínithe ar an gcaoi a mbaineann tionscadail a bhí ann roimhe seo le meastacháin chostais na mbeart nua, i bhfoirm dhoiciméadachta, agus ar an mbreisíocht a ghabhann le cistiú ón Aontas i gcás inarb infheidhme. Léirítear sa mheasúnú ar na meastacháin chostais agus ar an bhfaisnéis tacaíochta go bhfuil údar maith le formhór chostais na mbeart nua, go bhfuil siad réasúnta agus inchreidte, agus nach gcuimsíonn siad costais a chumhdaítear le maoiniú reatha ón Aontas nó le maoiniú atá beartaithe aige. Mar sin féin, ós rud é go bhfuil roinnt gnéithe costála nach bhfuil doiciméadaithe go hiomlán, meastar go bhfuil an fhaisnéis go measartha soiléir, rud atá ina údar le rátáil B. Ar deireadh, tá méid chostais iomlána mheasta an phlean téarnaimh agus athléimneachta i gcomhréir le prionsabal na costéifeachtúlachta agus tá sé i gcomhréir leis an tionchar ionchasach náisiúnta eacnamaíoch agus sóisialta.
Measúnú dearfach
(17)Tar éis an mheasúnaithe dhearfaigh ón gCoimisiún maidir leis an bplean téarnaimh agus athléimneachta leasaithe, measúnú inar cinneadh go gcomhlíonann an plean go sásúil na critéir mheasúnaithe a leagtar amach i Rialachán (AE) 2021/241, i gcomhréir le hAirteagal 20(2) den Rialachán sin agus le hIarscríbhinn V a ghabhann leis, ba cheart na hathchóirithe agus na tionscadail infheistíochta is gá chun an plean téarnaimh agus athléimneachta leasaithe a chur chun feidhme, ba cheart iad a leagan amach, iad sin agus na garspriocanna, na spriocanna agus na táscairí ábhartha, maille leis an méid a chuirfidh an tAontas ar fáil i bhfoirm tacaíochta airgeadais neamh‑iníoctha le haghaidh chur chun feidhme an phlean téarnaimh agus athléimneachta leasaithe.
Ranníocaíocht airgeadais
(18)Is é EUR 1 969 244 522 costas iomlán measta phlean téarnaimh agus athléimneachta leasaithe na Laitvia. Ós rud é go bhfuil méid chostais iomlána mheasta an phlean leasaithe comhionann leis an ranníocaíocht uasta airgeadais nuashonraithe atá ar fáil don Laitvia, an ranníocaíocht airgeadais arna cinneadh i gcomhréir le hAirteagal 20(4) a leithdháilfear ar phlean leasaithe na Laitvia, ba cheart í a bheith comhionann le méid iomlán na ranníocaíochta uasta airgeadais atá ar fáil do phlean leasaithe na Laitvia. EUR 1 969 244 522 atá sa mhéid sin.
(19)Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) (ST 10157/21 INIT; ST 10157/21 ADD 1) ón gComhairle an 13 Iúil 2021 maidir le formheas an mheasúnaithe ar phlean téarnaimh agus athléimneachta na Laitvia a leasú dá réir. Ar mhaithe le soiléireacht, ba cheart an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh Cur Chun Feidhme sin ón gComhairle a ionadú go hiomlán.
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle an 13 Iúil 2021 maidir le formheas an mheasúnaithe ar phlean téarnaimh agus athléimneachta na Laitvia mar a leanas:
(1) cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1:
‘Airteagal 1
Formheas an mheasúnaithe ar an bplean téarnaimh agus athléimneachta
Formheastar an measúnú ar phlean téarnaimh agus athléimneachta leasaithe na Laitvia ar bhonn na gcritéar dá bhforáiltear in Airteagal 19(3) de Rialachán (AE) 2021/241. Leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo na hathchóirithe agus na tionscadail infheistíochta atá ann faoin bplean téarnaimh agus athléimneachta, na socruithe agus an t‑amchlár i ndáil le faireachán a dhéanamh ar an bplean agus é a chur chun feidhme, lena n‑áirítear na garspriocanna agus na spriocanna ábhartha, na táscairí ábhartha a bhaineann le comhlíonadh na ngarspriocanna agus na spriocanna beartaithe, agus na socruithe maidir le rochtain iomlán ar na bunsonraí ábhartha a sholáthar don Choimisiún.’;
(2) an téacs a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo, cuirtear é in ionad na hIarscríbhinne.
Airteagal 2
Seolaí
Is chuig Poblacht na Laitvia a dhírítear an Cinneadh seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán