European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/187

3.2.2025

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/187 ÓN gCOIMISIÚN

an 31 Eanáir 2025

lena gceartaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/415 ón gCoimisiún maidir le haigéad malach, aigéad citreach arna tháirgeadh ag Aspergillus niger DSM 25794 nó CGMCC 4513/CGMCC 5751 nó CICC 40347/CGMCC 5343, aigéad sorbach agus sorbáit photaisiam, aigéad aicéiteach, dé-aicéatáit sóidiam agus aicéatáit chailciam, aigéad próipianach, próipianáit sóidiam, próipianáit chailciam agus próipianáit amóiniam, aigéad formach, formáit sóidiam, formáit chailciam agus formáit amóiniam, agus aigéad lachtach arna tháirgeadh ag Bacillus coagulans (LMG S-26145 nó DSM 23965), nó Bacillus smithii (LMG S-27890) nó Bacillus subtilis (LMG S-27889) agus lachtáit chailciam a údarú mar bhreiseáin bheathaithe le haghaidh speicis ainmhíoch áirithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le breiseáin lena n-úsáid i gcothú ainmhithe (1), agus go háirithe Airteagal 9(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/415 ón gCoimisiún (2), údaraíodh aigéad aicéiteach, dé-aicéatáit sóidiam agus aicéatáit chailciam a úsáid mar bhreiseáin bheathaithe ar feadh tréimhse 10 mbliana le haghaidh éanlaith chlóis, muc agus peataí ag uaschion 2 500 mg/kg den ábhar beatha iomlán ina bhfuil cion taise 12 %, agus le haghaidh gach speicis ainmhí eile seachas iasc gan aon uaschion. Mar sin féin, de réir na dtuairimí a ghlac an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht an 1 Feabhra 2012 (3) agus an 6 Bealtaine 2021 (4), níor léiríodh go raibh úsáid na dtrí bhreiseán ábhartha sin sábháilte gan an gá le huaschion a bhunú ach i gcás athchogantach.

(2)

San Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/415 maidir leis na breiseáin dé-aicéatáit sóidiam (a shainaithnítear mar ‘1a262’) agus aicéatáit chailciam (a shainaithnítear mar ‘1a263’), cuireadh iontráil a bhaineann le hábhar neamh-ghalaithe isteach go mícheart sa cholún ‘Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse’ faoin gceannteideal ‘Tréithriú na substainte gníomhaí’.

(3)

San Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/415 maidir leis an mbreiseán dé-aicéatáit sóidiam (a shainaithnítear mar ‘1a626’), sonraíodh comhdhéanamh an bhreiseáin agus tréithriú na substainte gníomhaí in iúl go hearráideach.

(4)

San Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/415 maidir leis an mbreiseán aigéad lachtach (a shainaithnítear mar ‘1a270’), ba cheart don cholún ‘Uaschion’ tagairt a dhéanamh do leibhéal na substainte gníomhaí, ní do leibhéal an bhreiseáin.

(5)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/415 a cheartú dá réir.

(6)

Ós rud é nach gá na ceartúcháin ar théarmaí údarú na mbreiseán aigéad aicéiteach, dé-aicéatáit sóidiam agus aicéatáit chailciam a chur i bhfeidhm láithreach ar chúiseanna sábháilteachta, is iomchuí idirthréimhse a cheadú do pháirtithe leasmhara chun iad féin a ullmhú chun na ceanglais a eascraíonn as na ceartúcháin sin a chomhlíonadh.

(7)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ceartúcháin

Ceartaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/415 mar a leanas:

(1)

ceartaítear an tríú colún ‘Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse’ mar a leanas:

(a)

in iontráil 1a263 maidir le haicéatáit chailciam, sa téacs faoin gceannteideal ‘Tréithriú na substainte gníomhaí’, scriostar an fhoclaíocht ‘ábhar neamh-ghalaithe ≤ 30 mg/kg’;

(b)

in iontráil 1a262 maidir le dé-aicéatáit sóidiam, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs faoi na ceannteidil ‘Comhdhéanamh an bhreiseáin’ agus ‘Tréithriú na substainte gníomhaí’:

‘Comhdhéanamh an bhreiseáin

Dé-aicéatáit sóidiam ≥ 97 %

Foirm sholadach

Tréithriú na substainte gníomhaí

Dé-aicéatáit sóidiam (ainhidriúil agus tríhiodráit) NaC4H7O4

Uimh. CAS 126-96-5

Aicéatáit sóidiam ≥ 58 %

Aigéad aicéiteach ≥ 39 %

Uisce ≤ 2 %

Aigéad formach agus a shalainn agus ábhar eile in-ocsaídithe ≤ 1 g/kg

Arna tháirgeadh trí shintéis cheimiceach’;

(2)

sa cheathrú colún ‘Speiceas nó catagóir ainmhí’, in iontráil 1a260 maidir le haigéad aicéiteach, iontráil 1a262 maidir le dé-aicéatáit sóidiam agus iontráil 1a263 maidir le haicéatáit chailciam, cuirtear ‘Gach speiceas ainmhí seachas éisc agus athchogantaigh’ in ionad na catagóire ainmhí ‘Éanlaith chlóis, muca, peataí’ agus cuirtear ‘Athchogantaigh’ in ionad na catagóire ainmhí ‘Gach speiceas ainmhí eile seachas éisc’;

(3)

sa séú colún ‘Íoschion/Uaschion’, in iontráil 1a270 maidir le haigéad lachtach, cuirtear ‘mg substaint ghníomhach/kg d’ábhar beatha iomlán ina bhfuil cion taise 12 %’ in ionad an teidil ‘mg/kg d’ábhar beatha iomlán ina bhfuil cion taise 12 %’.

Airteagal 2

Bearta idirthréimhseacha

1.   Na breiseáin aigéad aicéiteach (a shainaithnítear mar 1a260), dé-aicéatáit sóidiam (a shainaithnítear mar ‘1a262’) agus aicéatáit chailciam (a shainaithnítear mar ‘1a263’) agus réamh-mheascán a bhfuil siad iontu, nithe a tháirgtear agus a lipéadaítear roimh an 23 Lúnasa 2025 i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme roimh an 23 Feabhra 2025, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh agus dá n-úsáid go dtí go mbeidh na stoic atá ann cheana ídithe.

2.   Beatha chumaisc agus ábhair bheatha a bhfuil na breiseáin nó na réamh-mheascán a ndéantar tagairt dóibh i mír 1 iontu, nithe a tháirgtear agus a lipéadaítear roimh an 23 Feabhra 2026 i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme roimh an 23 Feabhra 2025, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh agus dá n-úsáid go dtí go mbeidh na stoic atá ann cheana ídithe i gcás ina mbeidh sé beartaithe iad a úsáid le haghaidh bia-ainmhithe.

3.   Beatha chumaisc agus ábhair bheatha a bhfuil na breiseáin nó na réamh-mheascán a ndéantar tagairt dóibh i mír 1 iontu, nithe a tháirgtear agus a lipéadaítear roimh an 23 Feabhra 2027 i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme roimh an 23 Feabhra 2025, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh agus dá n-úsáid go dtí go mbeidh na stoic atá ann cheana ídithe i gcás ina mbeidh sé beartaithe iad a úsáid le haghaidh ainmhithe nach bia-ainmhithe iad.

Airteagal 3

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 31 Eanáir 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 268, 18.10.2003, lch. 29, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2003/1831/oj.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/415 ón gCoimisiún an 11 Márta 2022 maidir le haigéad malach, aigéad citreach arna tháirgeadh ag Aspergillus niger DSM 25794 nó CGMCC 4513/CGMCC 5751 nó CICC 40347/CGMCC 5343, aigéad sorbach agus sorbáit photaisiam, aigéad aicéiteach, dé-aicéatáit sóidiam agus aicéatáit chailciam, aigéad próipianach, próipianáit sóidiam, próipianáit chailciam agus próipianáit amóiniam, aigéad formach, formáit sóidiam, formáit chailciam agus formáit amóiniam, agus aigéad lachtach arna tháirgeadh ag Bacillus coagulans (LMG S-26145 nó DSM 23965), nó Bacillus smithii (LMG S-27890) nó Bacillus subtilis (LMG S-27889) agus lachtáit chailciam a údarú mar bhreiseáin bheathaithe le haghaidh speicis ainmhíoch áirithe (IO L 85, 14.3.2022, lch. 6; ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/415/oj).

(3)   EFSA Journal [Iris EFSA] 2012;10(2):2571.

(4)   EFSA Journal [Iris EFSA] 2021;19(6):6615.


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/187/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)