|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/889 |
18.3.2024 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/889 ÓN gCOIMISIÚN
an 15 Márta 2024
lena gceartaítear an leagan Ollainnise de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2866 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2019/631 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí na nósanna imeachta a chinneadh chun fíorú inseirbhíse na luachanna astaíochtaí CO2 agus ídithe breosla de ghluaisteáin paisinéirí agus d’fheithiclí tráchtála éadroma a dhéanamh (fíorú inseirbhíse)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/631 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 lena socraítear na caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí CO2 do ghluaisteáin nua paisinéirí agus d’fheithiclí tráchtála éadroma nua agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 443/2009 agus Rialachán (AE) Uimh. 510/2011 (1), agus go háirithe Airteagal 7(9), an tríú fomhír, agus Airteagal 13(4), an chéad fhomhír, de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Sa leagan Ollainnise de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2866 ón gCoimisiún (2), tá earráid in Airteagal 1(3), pointe (b), a mhéid a bhaineann leis na himthosca ar fúthu nach mbeadh feidhm ag an rialachán sin maidir le monaróirí áirithe. Déanann an earráid difear do shubstaint an ghnímh. |
|
(2) |
Dá bhrí sin, ba cheart an leagan Ollainnise de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2866 a cheartú dá réir. Ní dhéantar difear do na leaganacha teanga eile. |
|
(3) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Athrú Aeráide, arna seachadadh sular glacadh Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2866, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
(ní bhaineann sé leis an leagan Gaeilge)
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 15 Márta 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 111, 25.4.2019, lch. 13, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/631/oj.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2866 ón gCoimisiún an 15 Nollaig 2023 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2019/631 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí na nósanna imeachta a chinneadh chun fíorú inseirbhíse na luachanna astaíochtaí CO2 agus ídithe breosla de ghluaisteáin paisinéirí agus d’fheithiclí tráchtála éadroma a dhéanamh (fíorú inseirbhíse) (IO L, 2023/2866, 18.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/2866/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/889/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)