European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/2157

27.10.2025

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/2157 ÓN gCOMHAIRLE

an 17 Deireadh Fómhair 2025

lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1447 maidir le formheas an mheasúnaithe ar Phlean na hÚcráine

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/792 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Feabhra 2024 lena mbunaítear an tSaoráid don Úcráin (1), agus go háirithe Airteagal 20(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tar éis don Úcráin Plean na hÚcráine (‘an Plean’) a chur isteach an 20 Márta 2024, mhol an Coimisiún don Chomhairle measúnú dearfach a dhéanamh air. D’fhormheas an Chomhairle an measúnú dearfach sin le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1447 ón gComhairle (2).

(2)

Ó d’fhormheas an Chomhairle an Plean, agus i gcomhréir le hAirteagail 24 agus 25 de Rialachán (AE) 2024/792, eisíocadh suim EUR 6 000 000 000 leis an Úcráin mar mhaoiniú idirlinne eisceachtúil agus eisíocadh suim EUR 1 890 000 000 leis an Úcráin i bhfoirm réamh-mhaoiniúcháin, ar réamhíocaíocht 7 % den tacaíocht iasachta é a bhfuil an Úcráin incháilithe lena fáil faoin bPlean. Eisíocadh suim bhreise EUR 14 995 446 398 leis an Úcráin sna chéad cheithre thráthchuid faoin bPlean de bhun Airteagal 26(4) de Rialachán (AE) 2024/792.

(3)

Tá cúrsaí san Úcráin fós an-dúshlánach. Tá cogadh foghach leanúnach na Rúise ag cur moill ar théarnamh eacnamaíoch agus atógáil na hÚcráine agus tá brú ollmhór á chur ar a hacmhainneachtaí riaracháin. Dá bhrí sin, ní féidir leis an Úcráin roinnt céimeanna cáilíochtúla agus cainníochtúla faoin bPlean a bhaint amach, ní go páirteach ná go hiomlán, a thuilleadh, go háirithe a mhéid a bhaineann le huainiú na gcéimeanna sin.

(4)

An 7 Lúnasa 2025, tar éis don Úcráin dul i gcomhairle le Verkhovna Rada, mhol an Úcráin leasuithe ar an bPlean de bhun Airteagal 20(1) de Rialachán (AE) 2024/792 (‘na leasuithe atá beartaithe’) ar an bhforas nach féidir an Plean a bhaint amach ina iomláine a thuilleadh de dheasca imthosca oibiachtúla.

(5)

Baineann na leasuithe atá beartaithe le 46 chéim as na 146 chéim cháilíochtúla agus chainníochtúla a leagtar amach i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1447. Tagraíonn na leasuithe atá beartaithe do chéimeanna atá le cur chun feidhme idir R3-2025 agus R4-2027. I gcás 10 gcinn de na céimeanna sin, mhol an Úcráin síneadh a chur leis an sprioc-am tosaigh, agus rinneadh dul chun cinn maidir le 4 chéim. Leasaíodh de bheagán an tuairisc ar 36 chéim, chun earráidí cléireachais a cheartú den chuid is mó. Rinneadh dhá chéim a roinnt ina dhá gcéim an ceann, cumascadh dhá chéim ina n-aon chéim amháin agus scriosadh céim amháin a bhí nasctha le sprioc eatramhach. Laghdaíodh leithdháiltí infheistíochta chun foinsí eile deontóirí a léiriú i gcás infheistíochtaí sonracha nó éileamh níos ísle ná mar a bhí coinne leis ar dtús, rud a fhágann gur féidir na méideanna a ath-leithdháileadh ar thacaíocht bhuiséadach ghinearálta. Léiríonn ath-leithdháileadh den sórt sin na brúnna fioscacha a eascraíonn as an gcogadh leanúnach agus cuidíonn sé le haghaidh a thabhairt orthu. Dá bhrí sin, níor tháinig athrú ar an líon iomlán céimeanna sa Phlean ná ar an líon tosaigh athchóirithe agus infheistíochtaí. Moladh roinnt leasuithe a bhaineann leis na socruithe chun an Plean a chur chun feidhme agus chun faireachán agus tuairisciú a dhéanamh air gan aon tionchar a bheith ag na leasuithe sin ar an measúnú tosaigh ar an bPlean ón gCoimisiún.

(6)

I gcomhréir le hAirteagal 18 de Rialachán (AE) 2024/792, rinne an Coimisiún measúnú ar ábharthacht, ar chuimsitheacht agus ar oiriúnacht na leasuithe atá beartaithe. Agus an measúnú sin á dhéanamh ag an gCoimisiún, d’oibrigh sé, a mhéid ab fhéidir, i gcomhar leis an Úcráin. Mheasúnaigh an Coimisiún go háirithe maidir leis na leasuithe atá beartaithe an freagairt riachtanaisbhunaithe chuimsitheach iad atá cothrom a dhóthain ar chuspóirí na Saoráide don Úcráin, an rannchuidíonn siad le haghaidh a thabhairt ar na dúshláin ábhartha a sainaithníodh i gcomhthéacs chonair aontachais na hÚcráine leis an Aontas agus an bhfuil siad comhsheasmhach le haghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin, an bhfuil siad comhsheasmhach le prionsabail ghinearálta na Saoráide don Úcráin a leagtar amach in Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2024/792, agus an gcomhlíonann siad riachtanais téarnaimh, atógála agus nuachóirithe na hÚcráine. Leis na leasuithe atá beartaithe, coinnítear ar bun uaillmhian an Phlean rannchuidiú leis an maolú ar an athrú aeráide agus leis an oiriúnú don athrú sin, leis an smacht reachta a chur chun cinn, le cuspóirí sóisialta agus leis an gcomhionannas inscne agus cumhachtú na mban agus na gcailíní. Ní dhéanann na leasuithe atá beartaithe difear do na socruithe atá ann faoi láthair chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint. Ar deireadh, mheasúnaigh an Coimisiún an ndeachthas i gcomhairle go cuí le Verkhovna Rada i gcomhréir le creat dlí náisiúnta na hÚcráine, an gcuirtear san áireamh na leasuithe atá beartaithe, i gcás inarb iomchuí, ionchur ó na páirtithe leasmhara agus an áirithítear leis na leasuithe atá beartaithe gur féidir le deontóirí eile tacú le cuspóirí an Phlean.

(7)

Measann an Coimisiún nach ndéanann na leasuithe atá beartaithe difear don mheasúnú dearfach ar an bPlean a leagtar amach i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1447 a mhéid a bhaineann le hábharthacht, cuimsitheacht agus oiriúnacht an Phlean. Sa mheasúnú ón gCoimisiún, chuir sé san áireamh go háirithe na critéir mheasúnaithe a leagtar síos in Airteagal 18(3), pointí (a) go (l), de Rialachán (AE) 2024/792.

(8)

De bhun Airteagal 20(3) de Rialachán (AE) 2024/792, measann an Coimisiún go bhfuil údar cuí leis na leasuithe atá beartaithe.

(9)

De bhun Airteagal 7 de Rialachán (AE) 2024/792, is féidir leis na Ballstáit, tríú tíortha, eagraíochtaí idirnáisiúnta, institiúidí idirnáisiúnta airgeadais nó foinsí eile ranníocaíochtaí breise a sholáthar don tSaoráid don Úcráin, lena n-áirítear ranníocaíochtaí a sholáthar don Phlean.

(10)

De bhun Airteagal 7 de Rialachán (AE) 2024/792, soláthróidh an tSualainn SEK 750 000 000, arb ionann é agus thart ar EUR 67 000 000, mar ranníocaíocht airgeadais bhreise le Colún I den tSaoráid don Úcráin i bhfoirm tacaíochta airgeadais neamh-inaisíoctha. Is ioncam sannta seachtrach í an ranníocaíocht sin. Tá an Coimisiún freagrach as an ranníocaíocht sin a bhainistiú i gcomhréir leis na nósanna imeachta is infheidhme maidir le caiteachas an Aontais, go háirithe na nósanna imeachta faoi Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) agus Rialachán (AE) 2024/792.

(11)

Ba cheart an ranníocaíocht airgeadais ón tSualainn a chur ar fáil don Úcráin faoi réir theacht i bhfeidhm an chomhaontaithe maidir le haistriú idir an tSualainn agus an Coimisiún agus faoi réir aistriú na ranníocaíochta airgeadais gaolmhaire. Leithdháiltear an ranníocaíocht airgeadais sin ar an seachtú, ar an ochtú agus ar an naoú tráthchuid ráithiúil den Phlean agus meastar go n-eisíocfar é faoi réir chomhlíonadh sásúil na gcéimeanna cáilíochtúla agus cainníochtúla ábhartha. Déanfar méideanna an seachtú, an ochtú agus an naoú tráthchuid den Phlean a choigeartú dá réir sin chun méid deiridh na ranníocaíochta airgeadais sin arna shloinneadh ina euro, a eascraíonn as cur i bhfeidhm an ráta malairte oifigiúil tráth an aistrithe, a chur san áireamh.

(12)

Measann an Coimisiún go gcomhlíonann na leasuithe atá beartaithe go sásúil na critéir mheasúnaithe a leagtar amach in Airteagal 18(3) de Rialachán (AE) 2024/792, agus gur cheart measúnú dearfach a dhéanamh ar na leasuithe atá beartaithe. Dá bhrí sin, ba cheart an measúnú a fhormheas agus na céimeanna cáilíochtúla agus cainníochtúla is gá chun Plean na hÚcráine, arna leasú leis an gCinneadh Cur Chun Feidhme seo ón gComhairle, a chur chun feidhme agus ba cheart an méid breise atá le cur ar fáil ón Aontas a leagan amach sa Chinneadh seo i gcomhréir le hAirteagal 19 de Rialachán (AE) 2024/792.

(13)

Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1447 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1447 mar a leanas:

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1:

‘Airteagal 1

Formheas an mheasúnaithe ar Phlean na hÚcráine

Ar bhonn na gcritéar a leagtar amach in Airteagal 18 de Rialachán (AE) 2024/792, déantar an measúnú ón gCoimisiún ar Phlean leasaithe na hÚcráine, arna leasú le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2157 ón gComhairle (*1), a fhormheas. Na hathchóirithe agus na tionscadail infheistíochta a dtugtar tuairisc orthu i bPlean leasaithe na hÚcráine, na socruithe agus an tráthchlár maidir le Plean na hÚcráine a chur chun feidhme agus faireachán a dhéanamh air, lena n-áirítear na céimeanna cáilíochtúla agus cainníochtúla, agus na socruithe chun rochtain iomlán ar na doiciméid fholuiteacha agus ar na sonraí foluiteacha a thabhairt don Choimisiún, don Oifig Eorpach Frith-Chalaoise, do Chúirt Iniúchóirí na hEorpa agus, i gcás inarb infheidhme, d’Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh, leagtar amach iad san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

(*1)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2157 ón gComhairle an 17 Deireadh Fómhair 2025 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1447 maidir le formheas an mheasúnaithe ar Phlean na hÚcráine (IO L, 2025/2157, 27.10.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/2157/oj).’;"

(2)

in Airteagal 2, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

‘4.   Cuirfear ranníocaíocht airgeadais bhreise, i bhfoirm tacaíochta neamh-inaisíoctha arb ionann í in EUR agus SEK 750 000 000 ag an ráta malairte oifigiúil tráth a aistreoidh an tSualainn an ranníocaíocht chuig an tSaoráid don Úcráin, ar fáil don Úcráin de bhun Airteagal 7 de Rialachán (AE) 2024/792.

Cuirfear an ranníocaíocht airgeadais bhreise dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo chun feidhme i gcomhréir leis na rialacha agus leis na coinníollacha is infheidhme maidir leis an méid dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.’

;

(3)

cuirtear an téacs a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo in ionad na hIarscríbhinne.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 17 Deireadh Fómhair 2025.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. HEUNICKE


(1)   IO L, 2024/792, 29.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/792/oj.

(2)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1447 ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 maidir le formheas an mheasúnaithe ar Phlean na hÚcráine (IO L, 2024/1447, 24.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/1447/oj).

(3)  Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2024 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais (IO L, 2024/2509, 26.9.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2509/oj).


IARSCRÍBHINN

TACAÍOCHT AIRGEADAIS FAOI PHLEAN NA hÚCRÁINE

Eagrófar na tráthchodanna dá dtagraítear in Airteagal 19(.2), pointe (c) de Rialachán (AE) 2024/792 ar an mbealach seo a leanas, i bhfianaise na n-uasmhéideanna táscacha bliantúla dá bhforáiltear sa Rialachán:

An chéad tráthchuid (R2-2024)

Méid foriomlán: EUR 4 365 691 244

Tacaíocht neamh-inaisíoctha: EUR 1 500 000 000

Iasachtaí: EUR 2 865 691 244

Líon iomlán beart: 9

Uimhir sheicheamhach

Athchóiriú/Infheistíocht

Ainm an bhirt

2.2

C2.R1 Bainistiú feabhsaithe ioncaim

Glacadh an phlean straitéisigh um dhigitiú Sheirbhís Custaim an Stáit

2.3

C2.R2 Bainistíocht fheabhsaithe airgeadais phoiblí

Formheas an Dearbhaithe Buiséid le haghaidh 2025-2027

2.7

C2.R4 Bainistiú feabhsaithe infheistíochta poiblí

Glacadh an Phlean gníomhaíochta um chur chun feidhme an Treochláir um bainistiú infheistíochta poiblí a athchóiriú

4.2

C4.R1 Forbairt acmhainneacht institiúideach an bhonneagair in aghaidh an éillithe

Ceannasaí nua a cheapadh ar an nGníomhaireacht Náisiúnta um Éilliú a Chosc

6.2

C6.R2 Rialachas agus bainistiú feabhsaithe fiontar faoi úinéireacht stáit

Teacht i bhfeidhm na reachtaíochta maidir le rialachas corparáideach fiontar faoi úinéireacht stáit

8.3

C8.R2 Athchóiriú Bhiúró Slándála Eacnamaíche na hÚcráine

Teacht i bhfeidhm an dlí maidir le hathbhreithniú a dhéanamh ar bhunús dlí Bhiúró Slándála Eacnamaíche na hÚcráine.

10.1

C10.R1 Plean Náisiúnta Comhtháite Fuinnimh Agus Aeráide

Glacadh an Phlean Chomhtháite Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide

10.15

C10.R7 Éifeachtúlacht fuinnimh fheabhsaithe i bhfoirgnimh phoiblí agus feabhas a chur ar nósanna imeachta soláthair phoiblí

Glacadh na Straitéise um nuachóiriú teirmeach foirgneamh go dtí 2050 agus an Phlean Gníomhaíochta

12.8

C12.R6 Dímhianú limistéar talún agus uisce

Glacadh an doiciméid straitéisigh maidir le Gníomhaíocht Mianach le haghaidh na tréimhse suas le 2033

An dara tráthchuid (R3 2024)

Méid foriomlán: EUR 4 248 847 926

Tacaíocht neamh-inaisíoctha: EUR 1 500 000 000

Iasachtaí: EUR 2 748 847 926

Líon iomlán beart: 9

Uimhir sheicheamhach

Athchóiriú/Infheistíocht

Ainm an bhirt

4.1

C4.R1 Forbairt acmhainneacht institiúideach an bhonneagair in aghaidh an éillithe

Lucht saothair méadaithe le haghaidh Oifig an Ionchúisitheora Speisialaithe in aghaidh an Éillithe

4.4

C4.R2 Feabhas a chur ar an gcreat dlíthiúil le haghaidh troid níos éifeachtaí in aghaidh an éillithe

Teacht i bhfeidhm an Chóid Choiriúil leasaithe agus an Chóid Nós Imeachta Choiriúil

4.6

C4.R2 Feabhas a chur ar an gcreat dlíthiúil le haghaidh troid níos éifeachtaí in aghaidh an éillithe

Glacadh Plean Gníomhaíochta chun an Straitéis um Aisghabháil Sócmhainní le haghaidh na tréimhse 2023-2025 a chur chun feidhme

7.6

C7.R6 Feidhmiú feabhsaithe an mhargaidh saothair

Glacadh na Straitéise um Méadú Daonra le haghaidh na tréimhse suas le 2040

8.1

C8.R1 Timpeallacht rialála fheabhsaithe

Glacadh an Phlean Gníomhaíochta um dhírialáil

9.5

C9.R3 An beartas réigiúnach a fhorbairt agus a chur chun feidhme

Rúin a ghlacadh chun leasú a dhéanamh ar Straitéis an Stáit um Fhorbairt Réigiúnach le haghaidh na tréimhse 2021-2027

10.8

C10.R3 An margadh leictreachais a athchóiriú

Teacht i bhfeidhm na reachtaíochta tánaistí a bhaineann leis an Rialachán i dtaca leis an dlí maidir le Sláine agus Trédhearcacht an Mhargaidh Fuinnimh Mhórdhíola (REMIT)

15.1

C15. R1 An truailliú tionsclaíoch a chosc, a laghdú agus a rialú

Teacht i bhfeidhm na reachtaíochta maidir leis an truailliú tionsclaíoch a chosc, a laghdú agus a rialú agus forálacha á gcur i bhfeidhm go páirteach

15.10

C15.R6 Measúnú ar an Tionchar ar an gComhshaol (MTC) agus Measúnú Straitéiseach Comhshaoil (SEA)

Nóta coincheapa a fhorbairt lena sainítear raon feidhme na ndialltaí ó rialacha an Mheasúnaithe ar an Tionchar ar an gComhshaol (MTC) agus ó rialacha an Mheasúnaithe Straitéisigh Comhshaoil (SEA)

An tríú tráthchuid (R4 2024)

Méid foriomlán: EUR 3 717 741 935

Tacaíocht neamh-inaisíoctha: EUR 400 000 000

Iasachtaí: EUR 3 317 741 935

Líon iomlán beart: 13

Uimhir sheicheamhach

Athchóiriú/Infheistíocht

Ainm an bhirt

2.1

C2.R1 Bainistiú feabhsaithe ioncaim

Glacadh an phlean straitéisigh um dhigitiú Sheirbhís Cánach an Stáit

3.6

C3.R2 Athchóirithe dócmhainneachta agus forfheidhmiú cinntí cúirte

Teacht i bhfeidhm na reachtaíochta maidir le feabhas a chur ar an gcóras dócmhainneachta

6.1

C6.R1 Glacadh beartais um úinéireacht stáit

Glacadh beartais um úinéireacht stáit agus triáis fiontar faoi úinéireacht stáit

7.5

C7.R5 Bonneagar sóisialta feabhsaithe agus an dí-institiúidiú

Glacadh na Straitéise um athchóiriú a dhéanamh ar Institiúidí Sícinéareolaíocha agus ar Ionaid chónaithe eile, agus um Dhí-institiúidiú Cúraim le haghaidh Daoine faoi Mhíchumas agus Daoine Scothaosta agus glacadh na Straitéise lena n-Áirithítear Ceart gach Linbh san Úcráin Fás Aníos i dTimpeallacht Teaghlaigh le haghaidh na tréimhse 2024-2028

8.7

C8.R5 Comhchuibhiú reachtaíochta agus caighdeán leis an Aontas

Glacadh an rúin maidir le bearta faireachais margaidh a atosú agus táirgí neamhbhia a rialú, lena n-áirítear cigireacht ar shábháilteacht táirgí

9.6

C9.R3 An beartas réigiúnach a fhorbairt agus a chur chun feidhme

Rúin a ghlacadh chun pleanáil uirbeach a fhorbairt ar an leibhéal áitiúil

10.2

C10.R2 Creat feabhsaithe rialála chun méadú a chur ar an bhfuinneamh in-athnuaite agus oibriú cobhsaí an chórais fuinnimh a áirithiú

Creat margadhbhunaithe le haghaidh fuinneamh in-athnuaite a thabhairt isteach

10.10

C10.R5 Neamhspleáchas an Choimisiúin Rialála Náisiúnta um Fhuinneamh agus um Fhóntais a áirithiú

Teacht i bhfeidhm na reachtaíochta chun neamhspleáchas an Choimisiúin Rialála Náisiúnta um Fhuinneamh agus um Fhóntais a áirithiú

11.1

C11.R1 Pleanáil chuimsitheach san earnáil iompair

Straitéis Náisiúnta Iompair athbhreithnithe na hÚcráine go dtí 2030 a ghlacadh

11.2

C11.R2 Acmhainneacht lóistíochta onnmhairiúcháin na hÚcráine a fhorbairt

An Straitéis a ghlacadh chun an bonneagar teorann a fhorbairt agus a leathnú le Ballstáit an Aontais agus le Poblacht na Moldóive go dtí 2030

12.1

C12.R1 An creat institiúideach maidir leis an talmhaíocht agus an fhorbairt tuaithe a ailíniú le beartas an Aontais

An Straitéis um Thalmhaíocht agus Forbairt Tuaithe go dtí 2030 a ghlacadh

12.5

C12.R4 Feabhas a chur ar chlár leictreonach poiblí oifigiúil na bhfeirmeacha

Teacht i bhfeidhm na reachtaíochta maidir le Clár Talúntais an Stáit

13.1

C13.R1 An phleanáil straitéiseach a láidriú agus an creat is fearr is féidir a áirithiú le haghaidh infheisteoirí straitéiseacha

Teacht i bhfeidhm na reachtaíochta maidir le hathbhreithniú a dhéanamh ar an gClár Náisiúnta um Fhorbairt Bhonn Acmhainní Mianracha na hÚcráine go dtí 2030

An ceathrú tráthchuid (R1 2025)

Méid foriomlán: EUR 4 779 953 917

Tacaíocht neamh-inaisíoctha: EUR 500 000 000

Iasachtaí: EUR 4 279 953 917

Líon iomlán beart: 16

Uimhir sheicheamhach

Athchóiriú/Infheistíocht

Ainm an bhirt

1.1

C1.R1 Pá sa státseirbhís a athchóiriú

Teacht i bhfeidhm athruithe reachtacha ar an athchóiriú pá sa státseirbhís

4.3

C4. R1 Forbairt acmhainneacht institiúideach an bhonneagair in aghaidh an éillithe

Lucht saothair méadaithe le haghaidh na hArdchúirte in aghaidh an Éillithe

4.7

C4.R2 Feabhas a chur ar an gcreat dlíthiúil le haghaidh troid níos éifeachtaí in aghaidh an éillithe.

Teacht i bhfeidhm an Dlí lena ndéantar athchóiriú ar an nGníomhaireacht um Aisghabháil agus Bainistíocht Sócmhainní

6.6

C6.R3 Deighilt cuntas idir oibleagáidí seirbhíse poiblí agus gníomhaíochtaí neamh-PSO i bhfiontair faoi úinéireacht stáit

An Treochlár um oibleagáidí seirbhíse poiblí agus gníomhaíochtaí neamh-PSO a dheighilt ó chéile

7.2

C7.R2 Oideachas réamh-bhunscoile feabhsaithe

Teacht i bhfeidhm na reachtaíochta maidir leis an oideachas réamh-bhunscoile

7.11

C7.R9 Forbairt fheabhsaithe cultúir

Glacadh na Straitéise um Chultúr na hÚcráine a Fhorbairt

9.1

C9.R1 Dlús a chur leis an dílárú

Teacht i bhfeidhm na reachtaíochta maidir le hathchóiriú a dhéanamh ar eagrúchán críochach na n-údarás feidhmiúcháin san Úcráin agus cur i bhfeidhm moillithe

9.4

C9.R2 Rannpháirtíocht mhéadaithe saoránach sa phróiseas cinnteoireachta ar an leibhéal áitiúil

Teacht i bhfeidhm na reachtaíochta le haghaidh comhairliúcháin phoiblí maidir le beartas poiblí agus cur i bhfeidhm moillithe ag gabháil leis

12.3

C12.R2 Margadh talún feidhmiúil a áirithiú

Córas uathoibrithe a chur ar bun chun faireachán poiblí a dhéanamh ar chaidreamh talún

12.7

C12.R5 Forbairt fhadtéarmach an chórais uisciúcháin chun athléimneacht na hearnála in aghaidh an athraithe aeráide a mhéadú

Glacadh an phlean fhadtéarmaigh um chóras uisciúcháin

13.5

C13.R2 Nósanna imeachta feabhsaithe riaracháin

Ríomhchaibinéad uasghrádaithe d’úsáideoirí fo-ithreach a bhunú

14.1

C14.R1 Bonneagar digiteach slán éifeachtúil

Glacadh an Phlean athbhreithnithe um an speictream raidió san Úcráin a leithdháileadh agus a úsáid

14.2

C14.R1 Bonneagar digiteach slán éifeachtúil

Teacht i bhfeidhm na reachtaíochta maidir le cumais chibearshlándála acmhainní faisnéise stáit agus bonneagar faisnéise criticiúil a neartú

14.3

C14.R2 Digitiú seirbhísí poiblí

Glacadh an Phlean Gníomhaíochta um dhigitiú seirbhísí poiblí go dtí 2026

15.2

C15.R2 Beartas don athrú aeráide

Teacht i bhfeidhm na reachtaíochta maidir le Beartas an Stáit don Athrú Aeráide

15.5

C15.R3 Meicníochtaí margaidh na praghsála carbóin

Glacadh an Phlean Gníomhaíochta um Chóras Náisiúnta Trádála Astaíochtaí Gás Ceaptha Teasa a Bhunú

An cúigiú tráthchuid (R2 2025)

Méid foriomlán: EUR 2 124 423 963

Tacaíocht neamh-inaisíoctha: EUR 300 000 000

Iasachtaí: EUR 1 824 423 963

Líon iomlán beart: 11

Uimhir sheicheamhach

Athchóiriú/Infheistíocht

Ainm an bhirt

3.5

C3.R1 Feabhas a chur ar chuntasacht, ar ionracas agus ar ghairmiúlacht na mbreithiúna

Teacht i bhfeidhm na reachtaíochta lena n-athbhreithnítear dearbhuithe ionracais na mbreithiúna agus na próisis fíorúcháin a bhaineann leo

3.8

C3.R2 Athchóirithe dócmhainneachta agus forfheidhmiú cinntí cúirte

Teacht i bhfeidhm an dlí maidir le forfheidhmiú cinntí cúirte a bhaineann le hoibleagáidí airgeadaíochta agus neamh-airgeadaíochta agus digitiú breise a dhéanamh ar imeachtaí forfheidhmithe.

5.4

C5.R3 Réiteach feabhsaithe iasachtaí neamhthuillmheacha

Glacadh na straitéise um réiteach iasachtaí neamhthuillmheacha

7.1

C7.R1 Gairmoideachas feabhsaithe

Teacht i bhfeidhm na reachtaíochta maidir leis an ngairmoideachas

7.10

C7.R8 Slándáil shóisialta fheabhsaithe

Glacadh an rúin maidir le soláthar seirbhísí sóisialta

8.4

C8.R3 Rochtain ar mhaoiniú agus ar mhargaí

Glacadh na Straitéise um Fhiontair Bheaga agus Mheánmhéide (FBManna) agus an Phlean Gníomhaíochta le haghaidh a cur chun feidhme

9.2

C9.R1 Dlús a chur leis an dílárú

Staidéar ar na bearta is gá chun pearsantacht dhlítheanach a thabhairt do bhardais a fhormhuiniú agus a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin Aireacht Chomhphobail, Chríocha agus Fhorbairt Bonneagair na hÚcráine

10.4

C10.R2 Creat feabhsaithe rialála chun méadú a chur ar an bhfuinneamh in-athnuaite agus oibriú cobhsaí an chórais fuinnimh a áirithiú

An Treochlár a ghlacadh um próiseas chun an Formhuirear Fuinnimh In-athnuaite a dheighilt ón Taraif Tharchuir

13.3

C13.R2 Nósanna imeachta feabhsaithe riaracháin

Foilsiú píblíne tionscadal infheistíochta chun amhábhair chriticiúla a eastóscadh

13.4

C13. R2 Nósanna imeachta feabhsaithe riaracháin

Seoladh tairiscintí idirnáisiúnta Comhaontuithe um Chomhroinnt Táirgí lena n-áirithítear an trédhearcacht

15.6

C15.R3 Meicníochtaí margaidh na praghsála carbóin

Atosú an chórais faireacháin, tuairiscithe agus fíorúcháin éigeantaigh

An séú tráthchuid (R3 2025)

Méid foriomlán: EUR 2 655 529 954

Tacaíocht neamh-inaisíoctha: EUR 300 000 000

Iasachtaí: EUR 2 355 529 954

Líon iomlán beart: 10

Uimhir sheicheamhach

Athchóiriú/Infheistíocht

Ainm an bhirt

2.8

C2.R4 Bainistiú feabhsaithe infheistíochta poiblí

Forbairt agus cur chun feidhme na huirlise bainistíochta digití le haghaidh atógáil na hÚcráine

3.1

C3.R1 Feabhas a chur ar chuntasacht, ar ionracas agus ar ghairmiúlacht na mbreithiúna

20 % ar a laghad d’fholúntais bhreithiúnacha a líonadh

3.2

C3.R1 Feabhas a chur ar chuntasacht, ar ionracas agus ar ghairmiúlacht na mbreithiúna

Teacht i bhfeidhm an dlí lena mbunaítear cúirt nua chun cásanna riaracháin a éisteacht

5.2

C5.R2 Úinéireacht stáit san earnáil baincéireachta a laghdú

Teacht i bhfeidhm na reachtaíochta maidir leis na prionsabail le haghaidh díolachán banc faoi úinéireacht stáit

8.8

C8.R5 Comhchuibhiú reachtaíochta agus caighdeán leis an Aontas

Glacadh caighdeán comhchuibhithe le haghaidh trí ghrúpa táirgí tionsclaíocha

10.5

C10.R3 An margadh leictreachais a athchóiriú

Glacadh an Dlí maidir le trasuí an phacáiste comhtháthaithe leictreachais

12.4

C12.R3 Feabhas a chur ar an socrú institiúideach agus riaracháin chun cláir infheistíochta a bhainistiú

Teacht i bhfeidhm na reachtaíochta maidir le tacaíocht phoiblí do thalmhaíocht na hÚcráine

13.2

C13.R1 An phleanáil straitéiseach a láidriú agus an creat is fearr is féidir a áirithiú le haghaidh infheisteoirí straitéiseacha

Tuairisc a fhoilsiú ar fhíorú cúltaiscí Amhábhar Criticiúil na hÚcráine

15.4

C.15.R2 Beartas don athrú aeráide

Glacadh an dara Rannchuidiú ón Úcráin arna Chinneadh go náisiúnta le Comhaontú Pháras

15.9

C15.R5 Méadú ar an ngeilleagar ciorclach

Glacadh an Phlean Náisiúnta Bainistithe Dramhaíola go dtí 2033

An seachtú tráthchuid (R4 2025)

Méid foriomlán: EUR 2 944 082 949  (1)

Tacaíocht neamh-inaisíoctha: EUR 173 000 000

Iasachtaí: EUR 2 771 082 949

Líon iomlán beart: 20

Uimhir sheicheamhach

Athchóiriú/Infheistíocht

Ainm an bhirt

1.2

C1.R2 Earcaíocht agus nós imeachta roghnúcháin ar bhonn fiúntais le haghaidh na státseirbhíse

Teacht i bhfeidhm na n-athruithe reachtacha chun feabhas a chur ar an nós imeachta um dhul isteach sa státseirbhís, oibriú sa státseirbhís agus imeacht ón státseirbhís

2.6

C2.R3 Bainistiú feabhsaithe fiachais náisiúnta

Glacadh na straitéise um bainistiú fiachais stáit mheántéarmaigh

2.9

C2.R5 Córas feabhsaithe iniúchóireachta agus rialaithe airgeadais

Glacadh na leasuithe ar an reachtaíocht ábhartha maidir le rialú airgeadais an stáit

3.3

C3.R1 Feabhas a chur ar chuntasacht, ar ionracas agus ar ghairmiúlacht na mbreithiúna

Socrú/breithniú 20 % de sheanchásanna araíonachta nár breithníodh roimh dheireadh na bliana 2023

3.4

C3.R2 Feabhas a chur ar chuntasacht, ar ionracas agus ar ghairmiúlacht na mbreithiúna

Tabhairt i gcrích na meastóireachta cáilíochta (grinnfhiosrúchán) i dtaobh 50 % de na breithiúna nach ndearnadh an mheastóireacht orthu roimh an 30 Meán Fómhair 2016

3.9

C3.R2 Athchóirithe dócmhainneachta agus forfheidhmiú cinntí cúirte

Beidh córas bailithe sonraí maidir le forfheidhmiú cinntí cúirte i bhfeidhm

4.8

C4.R3 Bearta chun an sciúradh airgid a chomhrac

An chéad Mheasúnú Náisiúnta Riosca eile a dhéanamh

5.6

C5.R4 Acmhainneacht fheabhsaithe an údaráis um maoirseacht airgeadais

Teacht i bhfeidhm an dlí maidir le feabhas a chur ar an rialachán stáit maidir le margaí caipitil agus margaí eagraithe tráchtearraí

6.7

C6.R3 Deighilt cuntas idir oibleagáidí seirbhíse poiblí agus gníomhaíochtaí neamh-PSO in oibleagáidí seirbhíse poiblí

Teacht i bhfeidhm na reachtaíochta maidir le deighilt gníomhaíochtaí PSO agus gníomhaíochtaí neamh-PSO

6.9

C6.R4 Creat rialaithe feabhsaithe um státchabhair

Teacht i bhfeidhm na reachtaíochta cothrom le dáta maidir an státchabhair agus atosú iomlán chur i bhfeidhm an rialaithe státchabhrach

7.8

C7.R7 Rochtain ar thithíocht a áirithiú le haghaidh daoine atá i ngátar

Teacht i bhfeidhm na reachtaíochta maidir le Bunphrionsabail an Bheartais Tithíochta

8.2

C8.R1 Timpeallacht rialála fheabhsaithe

Teacht i bhfeidhm na reachtaíochta i gcomhréir leis an bPlean Gníomhaíochta maidir le dírialáil in earnálacha sonracha

10.3

C10.R2 Creat feabhsaithe rialála chun méadú a chur ar an bhfuinneamh in-athnuaite agus oibriú cobhsaí an chórais fuinnimh a áirithiú

Teacht i bhfeidhm na reachtaíochta maidir le feabhas a chur ar nósanna imeachta ceadúcháin le haghaidh infheistíochtaí san fhuinneamh in-athnuaite

10.7

C10.R3 An margadh leictreachais a athchóiriú

Oibreoir nua sa mhargadh leictreachais a cheapadh

10.11

C10.R5 Neamhspleáchas an Choimisiúin Rialála Náisiúnta um Fhuinneamh agus um Fhóntais a áirithiú

Teacht i bhfeidhm na leasuithe ar Dhlí na hÚcráine maidir leis an ‘gCoimisiún Rialála Náisiúnta um Fhuinneamh agus um Fhóntais’

10.13

C10.R6 Éifeachtúlacht fheabhsaithe i dtéamh ceantair

Clár eacnamaíoch spriocdhírithe an Stáit a ghlacadh chun nuachóiriú a dhéanamh ar fhuinneamh na bhfiontar giniúna teasa le linn na tréimhse suas le 2030

10.14

C10.R6 Éifeachtúlacht fheabhsaithe i dtéamh ceantair

Teacht i bhfeidhm na reachtaíochta chun tacú le téamh ceantair éifeachtúil níos inbhuanaithe a fhorbairt

11.3

C11.R3 Léirscaoileadh na hearnála iompair d’iarnród

Teacht i bhfeidhm an dlí maidir le sábháilteacht tráchta agus idir-inoibritheacht iompar iarnróid na hÚcráine agus feidhm ag an dlí sin laistigh de 3 bliana ó dháta a ghlactha

13.6

C13.R3 Úsáid Teicneolaíochtaí nua-aimseartha Eastósctha agus Comhtháthú na hÚcráine i Slabhraí Luacha Próiseála Nua-Aimseartha

Foilsiú staidéir ar an reachtaíocht maidir le tuairisciú comhshaoil, sóisialta agus rialachais

15.3

C15.R2 Beartas don athrú aeráide

glacadh an Rúin maidir leis an gComhairle Eolaíochta agus Saineolaithe um an Athrú Aeráide agus um Chaomhnú an Chisil Ózóin

An t-ochtú tráthchuid (R1 2026)

Méid foriomlán: EUR 1 880 870 968  (2)

Tacaíocht neamh-inaisíoctha: EUR 147 000 000

Iasachtaí: EUR 1 733 870 968

Líon iomlán beart: 8

Uimhir sheicheamhach

Athchóiriú/Infheistíocht

Ainm an bhirt

1.5

C1.R3 Bainistiú na státseirbhíse agus bainistiú acmhainní daonna a dhigitiú

Beidh an Córas Faisnéise um Bainistiú Acmhainní Daonna (HRMIS) i bhfeidhm

3.7

C3.R2 Athchóirithe dócmhainneachta agus forfheidhmiú cinntí cúirte

Teacht i bhfeidhm na reachtaíochta maidir le nósanna imeachta simplithe dócmhainneachta le haghaidh Micrifhiontar agus Fiontair Bheaga agus Mheánmhéide (MFBManna)

3.12

C3.R4 Athchóiriú na Seirbhíse Ionchúisimh Phoiblí

Teacht i bhfeidhm na reachtaíochta chun gur féidir ionchúisitheoirí ar leibhéal na bainistíochta a roghnú ar bhealach trédhearcach ar bhonn fiúntais

5.1

C5.R1 Measúnú ar an earnáil baincéireachta

Foilsiú an Mheasúnaithe Athléimneachta ar an gcóras baincéireachta

8.5

C8.R3 Rochtain ar mhaoiniú agus ar mhargaí

Teacht i bhfeidhm na reachtaíochta maidir le haontachas réadmhaoine le líonraí innealtóireachta seachtracha a shimpliú agus feabhas a chur ar rialáil i réimse an iompair píblíne

9.3

C9.R1 Dlús a chur leis an dílárú

Teacht i bhfeidhm na reachtaíochta chun dáileadh níos fearr cumhachtaí a áirithiú idir rialtais áitiúla agus údaráis feidhmiúcháin

12.6

C12.R4 Feabhas a chur ar chlár leictreonach poiblí oifigiúil na bhfeirmeacha

Foilsiú na tuarascála ar chur chun feidhme na tacaíochta stáit tríd an gClár Talmhaíochta poiblí

15.8

C15.R5 Méadú ar an ngeilleagar ciorclach

Glacadh na Straitéise um chur chun feidhme phrionsabail an gheilleagair chiorclaigh agus an Phlean Gníomhaíochta a ghabhann léi

An naoú tráthchuid (R2 2026)

Méid foriomlán: EUR 2 411 976 959  (3)

Tacaíocht neamh-inaisíoctha: EUR 172 000 000

Iasachtaí: EUR 2 239 976 959

Líon iomlán beart: 16

Uimhir sheicheamhach

Athchóiriú/Infheistíocht

Ainm an bhirt

1.4

C1.R3 Bainistiú na státseirbhíse agus bainistiú acmhainní daonna a dhigitiú

Nuachóiriú ar an Tairseach Ghréasáin Aontaithe Stáit um Sheirbhísí Leictreonacha

3.10

C3.R2 Athchóirithe dócmhainneachta agus forfheidhmiú cinntí cúirte

Tá córas TF nuashonraithe i bhfeidhm le haghaidh forfheidhmiú cinntí cúirte

4.5

C4.R2 Feabhas a chur ar an gcreat dlíthiúil le haghaidh troid níos éifeachtaí in aghaidh an éillithe

Glacadh Straitéise nua in aghaidh an Éillithe agus Cláir Stáit in aghaidh an Éillithe le haghaidh na tréimhse tar éis 2025

5.5

C5.R3 Réiteach feabhsaithe iasachtaí neamhthuillmheacha

Teacht i bhfeidhm na ngníomhartha dlí chun feabhas a chur ar réiteach iasachtaí neamhthuillmheacha

5.3

C5.R2 Úinéireacht stáit san earnáil baincéireachta a laghdú

Glacadh na straitéise um úinéireacht stáit san earnáil baincéireachta a laghdú de réir a chéile

6.3

C6.R2 Rialachas agus bainistiú feabhsaithe fiontar faoi úinéireacht stáit

Ceapadh Bord maoirseachta le haghaidh fiontair faoi úinéireacht stáit, boird ar a bhfuil tromlach ball neamhspleách

7.7

C7.R6 Feidhmiú feabhsaithe an mhargaidh saothair

Glacadh na Straitéise um Fhostaíocht Pobail

7.12

C7.I1 Infheistíochtaí san oideachas

Infheistíochtaí dar luach EUR 300 milliún ar a laghad san oideachas

7.14

C7.I2 Infheistíochtaí sa chúram sláinte

Infheistíochtaí dar luach EUR 200 milliún ar a laghad sa chúram sláinte

7.18

C7 I5 Infheistíochtaí sa tithíocht a sholáthar do ghrúpaí leochaileacha sa phobal

Infheistíochtaí dar luach EUR 200 milliún ar a laghad chun tithíocht a sholáthar d’iarshaighdiúirí cogaidh atá faoi mhíchumas a bhaineann le grúpaí I-II, do bhaill teaghlaigh iarshaighdiúirí nach maireann agus do dhaoine easáitithe ina dtír féin

9.7

C9.I1 Infheistíochtaí le haghaidh riachtanais téarnaimh, atógála agus athchóirithe údaráis fhonáisiúnta na hÚcráine

Leithdháileadh 5 % ar a laghad den tacaíocht airgeadais neamh-inaisíoctha fhoriomlán chun freastal ar riachtanais na n-údarás fonáisiúnta maidir le téarnamh, atógáil agus nuachóiriú

10.6

C10.R3 An margadh leictreachais a athchóiriú

Teacht i bhfeidhm na reachtaíochta maidir leis na coinníollacha i dtaca le cánachas ar rannpháirtithe sa mhargadh leictreachais a athrú

10.9

C10.R4 Léirscaoileadh praghsanna leictreachais agus gáis nádúrtha

Treochlár a ghlacadh chun an margadh gáis agus leictreachais a léirscaoileadh de réir a chéile, ar Treochlár é a bheidh le cur chun feidhme tar éis dhul in éag an dlí airm

12.9

C12.I1 Infheistíochtaí sa dímhianú

Infheistíochtaí dar luach EUR 30 milliún ar a laghad i ndímhianú talún talmhaíochta

14.4

C14.R2 Digitiú seirbhísí poiblí

Teacht i bhfeidhm an ghnímh dlí maidir le feidhmiú an Chórais Ríomh-shainaitheantais Chomhtháite, i gcomhréir le prionsabail Rialachán (AE) 2024/1183

15.7

C15.R4 Athchóiriú agus caomhnú acmhainní nádúrtha

Teacht i bhfeidhm an Dlí maidir leis an dífhoraoisiú agus an díghrádú foraoise a laghdú

An deichiú tráthchuid (R3 2026)

Méid foriomlán: EUR 531 105 991

Tacaíocht neamh-inaisíoctha: EUR 75 000 000

Iasachtaí: EUR 456 105 991

Líon iomlán beart: 5

Uimhir sheicheamhach

Athchóiriú/Infheistíocht

Ainm an bhirt

1.3

C1.R2 Earcaíocht agus nós imeachta roghnúcháin ar bhonn fiúntais le haghaidh na státseirbhíse

Athbhunú na hearcaíochta ar bhonn fiúntais sa státseirbhís de réir a chéile

3.13

C3.R4 Athchóiriú na Seirbhíse Ionchúisimh Phoiblí

Teacht i bhfeidhm na reachtaíochta lena gcuirtear feabhas ar an gcóras araíonachta le haghaidh ionchúisitheoirí agus lena méadaítear acmhainneacht Choimisiún Cáilíochta agus Araíonachta na nIonchúisitheoirí

6.4

C6.R2 Rialachas agus bainistiú feabhsaithe fiontar faoi úinéireacht stáit

Corparáidiú fiontar tábhachtach faoi úinéireacht stáit

7.4

C7.R4 An t-aistriú ón tseirbhís mhíleata chuig an saol sibhialtach

Teacht i bhfeidhm na reachtaíochta chun córas aistrithe ón tseirbhís mhíleata chuig an saol sibhialtach a chur chun feidhme

10.16

C10.R7 Éifeachtúlacht fuinnimh fheabhsaithe i bhfoirgnimh phoiblí agus feabhas a chur ar nósanna imeachta soláthair phoiblí

Gníomhartha dlí a ghlacadh maidir le híosleibhéil feidhmíochta éifeachtúlachta fuinnimh a leagan síos le haghaidh foirgneamh

An t-aonú tráthchuid déag (R4 2026)

Méid foriomlán: EUR 531 105 991

Tacaíocht neamh-inaisíoctha: EUR 100 000 000

Iasachtaí: EUR 431 105 991

Líon iomlán beart: 9

Uimhir sheicheamhach

Athchóiriú/Infheistíocht

Ainm an bhirt

2.4

C2.R2 Bainistíocht fheabhsaithe airgeadais phoiblí

Athbhreithniú caiteachais a dhéanamh ar bhuiséad an stáit

2.5

C2.R2 Bainistíocht fheabhsaithe airgeadais phoiblí

Teacht i bhfeidhm an Dlí maidir le Leasuithe ar Chód Buiséid na hÚcráine chun an Nós Imeachta a Shainiú um Rioscaí Fioscacha na mBuiséad Áitiúil a Bhainistiú

3.15

C3.R1 Feabhas a chur ar chuntasacht, ar ionracas agus ar ghairmiúlacht na mbreithiúna

Tá cúirt nua chun cásanna riaracháin a éisteacht ag feidhmiú

3.14

C3.R4 Athchóiriú na Seirbhíse Ionchúisimh Phoiblí

Tá Córas Bainistíochta ríomhchásanna i bhfeidhm sa cheartas coiriúil

7.9

C7.R7 Rochtain ar thithíocht a áirithiú le haghaidh daoine atá i ngátar

Teacht i bhfeidhm na reachtaíochta maidir le Ciste Tithíochta Sóisialta

7.3

C7.R3 Córas feabhsaithe athshlánaithe le haghaidh daoine faoi mhíchumas

Teacht i bhfeidhm na reachtaíochta maidir le hathshlánú daoine faoi mhíchumas

10.12

C10.R6 Éifeachtúlacht fheabhsaithe i dtéamh ceantair

An moratóir ar tharaifí teasa agus uisce the atá ag ardú a chur ar ceal

11.8

C11 R3 Léirscaoileadh na hearnála iompair d’iarnród

Teacht i bhfeidhm an dlí maidir le margadh an iompair ar iarnród agus forálacha an dlí chéanna á gcur i bhfeidhm go seicheamhach

11.5

C11.R4 Seirbhísí feabhsaithe loingseoireachta agus calafoirt

Teacht i bhfeidhm na reachtaíochta maidir le loingeas ceannaíochta agus loingseoireacht ar uiscebhealaí intíre

An dara tráthchuid déag (R1 2027)

Méid foriomlán: EUR 318 663 594

Tacaíocht neamh-inaisíoctha: EUR 70 000 000

Iasachtaí: EUR 248 663 594

Líon iomlán beart: 2

Uimhir sheicheamhach

Athchóiriú/Infheistíocht

Ainm an bhirt

11.6

C11.R4 Seirbhísí feabhsaithe loingseoireachta agus calafoirt

An reachtaíocht náisiúnta atá ann cheana a athbhreithniú agus a leasú i gcomhréir le prionsabail Rialachán (AE) 2017/352 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Feabhra 2017 lena mbunaítear creat chun seirbhísí calafoirt a sholáthar agus rialacha comhchoiteanna maidir le trédhearcacht airgeadais calafort

12.2

C12. R1 An creat institiúideach maidir leis an talmhaíocht agus an fhorbairt tuaithe a ailíniú le beartas an Aontais

Córas an Líonra Sonraí um Inbhuanaitheacht Feirme (LSIF) a bhunú

An tríú tráthchuid déag (R2 2027)

Méid foriomlán: EUR 212 442 396

Tacaíocht neamh-inaisíoctha: EUR 50 000 000

Iasachtaí: EUR 162 442 396

Líon iomlán beart: 2

Uimhir sheicheamhach

Athchóiriú/Infheistíocht

Ainm an bhirt

4.9

C4.R3 Bearta chun an sciúradh airgid a chomhrac

Teacht i bhfeidhm na reachtaíochta maidir le clárlann na gcuntas bainc le haghaidh daoine aonair agus taisceadáin bhainc phearsanta, agus clárlann na gcuntas bainc le haghaidh eintitis dhlítheanacha

4.10

C4.R3 Bearta chun an sciúradh airgid a chomhrac

Na bogearraí agus na crua-earraí is gá le haghaidh chlárlann na gcuntas bainc i gcomhair daoine aonair agus na dtaisceadán bainc pearsanta, agus clárlann na gcuntas bainc le haghaidh eintitis dhlíthiúla, is nithe iad atá ag feidhmiú

An ceathrú tráthchuid déag (R3 2027)

Méid foriomlán: EUR 212 442 396

Tacaíocht neamh-inaisíoctha: EUR 50 000 000

Iasachtaí: EUR 162 442 396

Líon iomlán beart: 2

Uimhir sheicheamhach

Athchóiriú/Infheistíocht

Ainm an bhirt

6.8

C6.R3 Deighilt cuntas idir oibleagáidí seirbhíse poiblí agus gníomhaíochtaí neamh-PSO i bhfiontair faoi úinéireacht stáit

Tuarascáil iniúchóireachta lena ndearbhófar deighilt gníomhaíochtaí PSO agus gníomhaíochtaí neamh-PSO a thíolacadh

8.6

C8.R4 Soláthar poiblí feabhsaithe

Teacht i bhfeidhm na reachtaíochta maidir leis an reachtaíocht i réimse an tsoláthair phoiblí a chomhchuibhiú le acquis an Aontais.

An cúigiú tráthchuid déag (R4 2027)

Méid foriomlán: EUR 1 402 119 817

Tacaíocht neamh-inaisíoctha: EUR 0

Iasachtaí: EUR 1 402 119 817

Líon iomlán beart: 14

Uimhir sheicheamhach

Athchóiriú/Infheistíocht

Ainm an bhirt

3.11

C3.R3 Digitiú an chórais bhreithiúnaigh

Réitigh TF a chur ar bun sa chóras breithiúnach

6.5

C6.R2 Rialachas agus bainistiú feabhsaithe fiontar faoi úinéireacht stáit

Tuarascáil a chur isteach ina léirítear go gcloítear go cuí le prionsabail an rialachais chorparáidigh

7.13

C7.I1 Infheistíochtaí san oideachas

Infheistíochtaí dar luach EUR 650 milliún ar a laghad san oideachas

7.15

C7.I2 Infheistíochtaí sa chúram sláinte

Infheistíochtaí dar luach EUR 400 milliún ar a laghad sa chúram sláinte

7.16

C7.I3 Infheistíochtaí sa bhonneagar sóisialta

Infheistíochtaí EUR 350 milliún ar a laghad sa bhonneagar sóisialta

7.17

C7.I4 Infheistíochtaí sa chúiteamh i leith tithíocht a ndearnadh damáiste di nó a scriosadh

Infheistíochtaí dar luach EUR 600 milliún ar a laghad le haghaidh cúiteamh airgeadais i leith tithíocht a ndearnadh damáiste di

7.19

C7.I5 Infheistíochtaí chun tithíocht a sholáthar do ghrúpaí leochaileacha sa phobal

Infheistíochtaí dar luach EUR 450 milliún ar a laghad chun tithíocht a sholáthar d’iarshaighdiúirí cogaidh atá faoi mhíchumas a bhaineann le grúpaí I-II, do bhaill teaghlaigh iarshaighdiúirí nach maireann agus do dhaoine easáitithe ina dtír féin

8.9

C8.R6 Aghaidh a thabhairt ar íocaíochtaí déanacha

Teacht i bhfeidhm na reachtaíochta maidir le híocaíochtaí déanacha a chomhrac

8.10

C8.I1 Infheistíochtaí sa tacaíocht airgeadais le haghaidh micrifhiontar agus fiontair bheaga agus mheánmhéide

Infheistíochtaí dar luach EUR 450 milliún ar a laghad le haghaidh tacaíocht airgeadais do mhicrifhiontair agus d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide agus d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide phróiseála

9.8

C9.I1 Infheistíochtaí le haghaidh riachtanais téarnaimh, atógála agus athchóirithe údaráis fhonáisiúnta na hÚcráine

Leithdháileadh 20 % ar a laghad den tacaíocht airgeadais neamh-inaisíoctha fhoriomlán chun freastal ar riachtanais na n-údarás fonáisiúnta maidir le téarnamh, atógáil agus nuachóiriú

10.17

C10.I1 Infheistíochtaí sa bhonneagar fuinnimh

Infheistíochtaí EUR 550 milliún ar a laghad sa bhonneagar fuinnimh

11.4

C11.R3 Léirscaoileadh na hearnála iompair d’iarnród

Na fodhlíthe a ghlacadh le haghaidh cur chun feidhme na reachtaíochta maidir le hiompar d’iarnród

11.7

C11.I1 Infheistíochtaí sa bhonneagar iompair

Infheistíochtaí EUR 350 milliún ar a laghad sa bhonneagar iompair

12.10

C12.I1 Infheistíochtaí sa dímhianú

Infheistíochtaí dar luach EUR 100 milliún ar a laghad i ndímhianú talún talmhaíochta

C.1.   ATHCHÓIRIÚ AR AN RIARACHÁN POIBLÍ

1.   Tuairisc ar Athchóirithe agus Infheistíochtaí

Is é is cuspóir don chaibidil seo acmhainneacht agus éifeachtúlacht riarachán poiblí na hÚcráine a neartú agus na rialacha, na caighdeáin, na beartais agus na cleachtais i réimse an riaracháin phoiblí a ailíniú de réir a chéile le acquis, beartais agus cleachtais an Aontais. Go sonrach, dírítear sa chaibidil seo ar athbhreithniú a dhéanamh ar chóras luacha saothair na státseirbhíse, feabhas a chur ar earcaíocht agus roghnú na státseirbhíse bunaithe ar fhiúntas, agus ar dhigitiú chórais na státseirbhíse agus na gcóras bainistíochta acmhainní daonna.

Athchóiriú 1. Athchóiriú ar Luach Saothair na Státseirbhíse

Is é is cuspóir don athchóiriú seo córas luacha saothair trédhearcach cothrom intuartha a thabhairt isteach i gcomhréir le prionsabail ábhartha ECFE/SIGMA maidir le riarachán poiblí (4).

Tá beart amháin ag baint leis an athchóiriú. Is é atá i gceist leis go dtiocfaidh reachtaíocht nua i bhfeidhm lena dtabharfar isteach córas nua luacha saothair a bheidh bunaithe ar aicmiú feidhmiúil post, deighilt shoiléir pá ina chomhpháirteanna seasta agus athraitheacha, agus laghdú ar an bhforlíonadh sinsearachta ó 50 % go 30 %.

Tá coinne leis go dtabharfar an t-athchóiriú i gcrích faoi R1 2025.

Athchóiriú 2. Nós imeachta earcaíochta agus roghnúcháin ar bhonn fiúntais don státseirbhís

Is é is cuspóir don athchóiriú seo nós imeachta earcaíochta agus roghnúcháin bunaithe ar fhiúntas a thabhairt isteach do státseirbhísigh, d’fhonn muinín an phobail a áirithiú agus foireann ardghairmiúil a mhealladh chuig an státseirbhís.

Tá dhá bheart ag baint leis an athchóiriú. Ar an gcéad dul síos, is é atá i gceist leis an athchóiriú go dtiocfaidh reachtaíocht i bhfeidhm chun feabhas a chur ar an nós imeachta um dhul isteach sa státseirbhís, oibriú sa státseirbhís agus imeacht uaithi. Ar an dara dul síos, is é atá i gceist leis roghnú bunaithe ar fhiúntas a athbhunú de réir a chéile le haghaidh poist fholmha do státseirbhísigh i gcatagóirí A, B agus C.

Tá coinne leis go dtabharfar an t-athchóiriú i gcrích faoi R3 2026.

Athchóiriú 3. Bainistiú na státseirbhíse agus bainistiú acmhainní daonna a dhigitiú

Tá an t-athchóiriú seo dírithe ar fheidhmeanna bainistíochta acmhainní daonna na státseirbhíse a dhigitiú, agus aird aige ar an gcóras faisnéise um bainistiú acmhainní daonna (HRMIS) agus ar an Tairseach Ghréasáin Aontaithe Stáit um Sheirbhísí Leictreonacha.

Tá dhá bheart ag baint leis an athchóiriú. Ar an gcéad dul síos, beidh córas faisnéise um bainistiú acmhainní daonna oibríochtúil agus úsáidfear é i ngach aireacht agus i ngach údarás feidhmiúcháin lárnach oibríochtúil/gníomhach eile agus ina gcomhlachtaí críochacha. Ar an dara dul síos, déanfar nuachóiriú ar an Tairseach Ghréasáin Aontaithe Stáit um Sheirbhísí Leictreonacha.

Tá coinne leis go dtabharfar an t-athchóiriú i gcrích faoi R2 2026.

2.   Liosta na mbeart agus an tráthchlár don chur chun feidhme

Uimh.

Athchóiriú / Infheistíocht

Ainm an bhirt

Amlíne

Tuairisc ar an mbeart

1.1

Athchóiriú 1.

Athchóiriú ar luach saothair na státseirbhíse

Teacht i bhfeidhm athruithe reachtacha ar an athchóiriú pá sa státseirbhís

R1

2025

Teacht i bhfeidhm reachtaíochta (lena n-áireofar glacadh na ngníomhartha tánaisteacha dlíthiúla agus normatacha is gá), a chomhlíonfaidh prionsabail ábhartha SIGMA ECFE maidir le riarachán poiblí. Leis an reachtaíocht dírítear ar na príomhréimsí seo a leanas:

—

pá a thabhairt isteach bunaithe ar aicmiú feidhmiúil post;

—

deighilt shoiléir phá ina chodanna seasta nó ráthaithe (nach lú ná 70 % in aghaidh na bliana) agus codanna athraitheacha (nach mó ná 30 % in aghaidh na bliana);

—

laghdú ar fhorlíonadh sinsearachta ó 50 % go 30 %.

1.2

Athchóiriú 2.

Nós imeachta earcaíochta agus roghnúcháin ar bhonn fiúntais don státseirbhís

Teacht i bhfeidhm na n-athruithe reachtacha chun feabhas a chur ar an nós imeachta um dhul isteach sa státseirbhís, oibriú sa státseirbhís agus imeacht ón státseirbhís

R4

2025

Teacht i bhfeidhm reachtaíochta (lena n-áireofar glacadh na ngníomhartha tánaisteacha dlíthiúla agus normatacha is gá), chun feabhas a chur ar an nós imeachta um dhul isteach sa státseirbhís, oibriú sa státseirbhís agus imeacht uaithi. Comhlíonann an reachtaíocht prionsabail ábhartha ECFE/SIGMA maidir le riarachán poiblí a bhaineann le hearcaíocht bunaithe ar fhiúntas.

Na forálacha a bhaineann le hatosú an roghnúcháin atá bunaithe ar fhiúntas le haghaidh phoist uile na státseirbhíseach sa chríoch atá faoi rialú na hÚcráine, áit nach bhfuil aon chogaíocht ar siúl, tiocfaidh siad i bhfeidhm agus beidh feidhm acu ón 1 Meitheamh 2026 (i gcomhréir le ceanglais bheart 1.3).

1.3

Athchóiriú 2.

Nós imeachta earcaíochta agus roghnúcháin ar bhonn fiúntais don státseirbhís

Athbhunú na hearcaíochta ar bhonn fiúntais sa státseirbhís de réir a chéile

R3

2026

Athbhunú an roghnúcháin ar bhonn fiúntais do phoist fholmha i gcás gach státseirbhíseach, cuirfear chun feidhme é de réir a chéile i dtrí chéim:

1)

i gcás poist státseirbhíse chatagóir ‘A’;

2)

i gcás poist státseirbhíse chatagóir ‘B’ (sa chríoch atá faoi rialú na hÚcráine nach bhfuil aon chogaíocht ar siúl inti);

3)

i gcás poist státseirbhíse chatagóir ‘C’ (sa chríoch atá faoi rialú na hÚcráine nach bhfuil aon chogaíocht ar siúl inti).

1.4

Athchóiriú 3.

Bainistiú na státseirbhíse agus bainistiú acmhainní daonna a dhigitiú

Nuachóiriú ar an Tairseach Ghréasáin Aontaithe Stáit um Sheirbhísí Leictreonacha

R2

2026

Rinneadh nuachóiriú ar an Tairseach Ghréasáin Aontaithe Stáit um Sheirbhísí Leictreonacha. An fheidhmiúlacht chun folúntais a fhoilsiú agus iarratais a chur isteach, cuireadh chun feidhme go hiomlán í agus tá sí ag feidhmiú go hiomlán.

1.5

Athchóiriú 3.

Bainistiú na státseirbhíse agus bainistiú acmhainní daonna a dhigitiú

Beidh an Córas Faisnéise um Bainistiú Acmhainní Daonna (HRMIS) i bhfeidhm

R1

2026

Beidh an Córas Faisnéise um Bainistiú Acmhainní Daonna (HRMIS) oibríochtúil agus úsáidfear é i ngach aireacht agus i ngach údarás feidhmiúcháin lárnach oibríochtúil/gníomhach eile agus ina gcomhlachtaí críochacha.

C.2.   BAINISTÍOCHT AIRGEADAIS PHOIBLÍ

1.   Tuairisc ar Athchóirithe agus Infheistíochtaí

Is é is cuspóir don chaibidil seo athléimneacht mhaicreacnamaíoch agus airgeadais na hÚcráine a fheabhsú, úsáid éifeachtúil cistí poiblí a áirithiú, ailíniú le caighdeáin an Aontais, agus fás inbhuanaithe a chur chun cinn.

Athchóiriú 1. Feabhas a chur ar bhainistiú ioncaim

Is é is cuspóir don athchóiriú seo feabhas a chur ar shlógadh ioncaim intíre trí fheabhas a chur ar éifeachtúlacht an riaracháin cánach agus custaim.

Tá dhá bheart ag baint leis an athchóiriú. Ar an gcéad dul síos, glacfar plean straitéiseach náisiúnta fadtéarmach um fhorbairt dhigiteach, um chlaochlú digiteach agus um dhigitiú Sheirbhís Custaim an Stáit. Ar an dara dul síos, glacfar an plean straitéiseach um fhorbairt dhigiteach, chlaochlú digiteach agus dhigitiú Sheirbhís Cánach Stáit na hÚcráine.

Tá coinne leis go dtabharfar an t-athchóiriú i gcrích faoi R4 2024.

Athchóiriú 2. Feabhas a chur ar bhainistíocht airgeadais phoiblí

Is é is cuspóir don athchóiriú seo córas éifeachtúil bainistíochta airgeadais phoiblí a thógáil agus cobhsaíocht airgeadais an stáit a áirithiú.

Tá trí bheart ag baint leis an athchóiriú. Ar an gcéad dul síos, déanfar an Dearbhú Buiséid le haghaidh 2025-2027 a fhormheas chun an phleanáil bhuiséadach mheántéarmach a athbhunú agus chun intuarthacht an bheartais bhuiséadaigh a áirithiú. Ar an dara dul síos, leis an athchóiriú tabharfar isteach athbhreithnithe bliantúla caiteachais ar bhuiséad an stáit agus aird á tabhairt ar chleachtais ECFE i réimsí tosaíochta, lena n-áireofar an chosaint shóisialta, an t-oideachas, an cúram sláinte, an fuinneamh, an tacaíocht ghnó. Ar an tríú dul síos, tiocfaidh dlí i bhfeidhm lena leasófar Cód Buiséid na hÚcráine chun an nós imeachta a shainiú um rioscaí fioscacha na mbuiséad áitiúil a bhainistiú.

Tá coinne leis go dtabharfar an t-athchóiriú i gcrích faoi R4 2026.

Athchóiriú 3. Feabhas a chur ar bhainistíocht airgeadais phoiblí

Is é is cuspóir don athchóiriú seo trédhearcacht an bheartais maidir le bainistiú fiachais stáit a mhéadú agus éifeachtúlacht an bhainistithe fiachais stáit a mhéadú.

Moltar beart amháin san athchóiriú, mar atá an straitéis mheántéarmach um bainistiú fiachais stáit le haghaidh 2026-2028 a ghlacadh. Áireofar sa straitéis anailís ar struchtúr agus treochtaí fiachais phoiblí reatha, bunú spriocanna chun inbhuanaitheacht fiachais a áirithiú, agus forbairt beart don mhargadh fiachais cheannasaigh intíre.

Tá coinne leis go dtabharfar an t-athchóiriú i gcrích faoi R4 2025.

Athchóiriú 4. Feabhas a chur ar bhainistiú infheistíochta phoiblí

Is é is cuspóir don athchóiriú seo an creat institiúideach le haghaidh bainistiú infheistíochta poiblí san Úcráin a neartú, sainiú a dhéanamh ar róil agus freagrachtaí do rannpháirtithe ag gach céim de thimthriall an tionscadail infheistíochta, ar thosaíochtaí straitéiseacha, ar an trédhearcacht, agus ar chreat faireacháin tionscadail dhigitigh.

Tá dhá bheart ag baint leis an athchóiriú. Ar an gcéad dul síos, glacfar plean gníomhaíochta chun treochlár i dtreo bainistiú infheistíochta poiblí feabhsaithe a chur chun feidhme. Ar an dara dul síos, is é atá i gceist leis an athchóiriú uirlis bainistíochta digití a fhorbairt agus a chur chun feidhme chun an Úcráin a atógáil.

Tá coinne leis go dtabharfar an t-athchóiriú i gcrích faoi R3 2025.

Athchóiriú 5. Feabhas a chur ar na córais iniúchóireachta

Is é is cuspóir don athchóiriú seo an córas iniúchóireachta agus rialaithe airgeadais a neartú, go háirithe chun ardleibhéal cosanta a bhaint amach le haghaidh leasanna airgeadais an Aontais Eorpaigh maidir leis na cistí a úsáidtear faoi Cholún I den tSaoráid don Úcráin, i gcomhréir le hAirteagal 35 de Rialachán (AE) 2024/792.

Tá beart amháin ag baint leis an athchóiriú. Is é atá i gceist leis leasuithe a ghlacadh agus, i gcás inarb infheidhme, teacht i bhfeidhm leasuithe ar na rúin nó ar reachtaíocht eile maidir le rialú airgeadais stáit, rud a chuirfidh ar a cumas don tSeirbhís Iniúchóireachta Stáit a áirithiú go mbeidh na huirlisí is gá ag an institiúid chun ardleibhéal cosanta a áirithiú do leas airgeadais an Aontais Eorpaigh, go háirithe le haghaidh na gcistí a úsáidtear faoi Cholún I den tSaoráid don Úcráin.

Tá coinne leis go dtabharfar an t-athchóiriú i gcrích faoi R4 2025.

2.   Liosta na mbeart agus an tráthchlár don chur chun feidhme

Uimh.

Athchóiriú / Infheistíocht

Ainm an bhirt

Amlíne

Tuairisc ar an mbeart

2.1

Athchóiriú 1.

Feabhas a chur ar bhainistiú ioncaim

Glacadh an phlean straitéisigh um dhigitiú Sheirbhís Cánach an Stáit

R4

2024

An plean straitéiseach um fhorbairt dhigiteach, um chlaochlú digiteach agus um dhigitiú Sheirbhís Cánach Stáit na hÚcráine a ghlacadh, i gcomhréir le moltaí na Straitéise Náisiúnta Ioncaim le haghaidh 2024-2030.

2.2

Athchóiriú 1.

Feabhas a chur ar bhainistiú ioncaim

An plean straitéiseach a ghlacadh chun Seirbhís Cánach an Stáit a dhigitiú

R2

2024

An plean straitéiseach náisiúnta fadtéarmach a ghlacadh um fhorbairt dhigiteach, um chlaochlú digiteach agus um dhigitiú Sheirbhís Custaim an Stáit.

2.3

Athchóiriú 2.

Feabhas a chur ar bhainistíocht airgeadais phoiblí

Formheas an Dearbhaithe Buiséid le haghaidh 2025-2027

R2

2024

Formheasfar an Dearbhú Buiséid le haghaidh 2025-2027 agus cuirfear faoi bhráid na Parlaiminte é. Leis an Dearbhú díreofar ar na príomhréimsí seo:

—

príomh-réamh-mheastacháin mhaicreacnamaíocha ar fhorbairt eacnamaíoch agus shóisialta na tíre;

—

príomhtháscairí buiséid (ioncaim, caiteachais, easnamh buiséid, fiachas poiblí);

—

tosaíochtaí beartais phoiblí de réir réimsí agus uasteorainneacha caiteachais le haghaidh gach príomhaonaid caiteachais;

—

an gaol idir buiséad an stáit agus buiséid áitiúla, lena n-áireofar an treoir is gá chun réamhaisnéisí meántéarmacha ar bhuiséid áitiúla a ullmhú;

—

measúnú ar rioscaí fioscacha.

2.4

Athchóiriú 2.

Feabhas a chur ar bhainistíocht airgeadais phoiblí

Athbhreithniú caiteachais a dhéanamh ar bhuiséad an stáit

R4

2026

Déanfar athbhreithnithe caiteachais ar bhuiséad an stáit go bliantúil bunaithe ar chinneadh an Rialtais agus ar an modheolaíocht ina gcuirfear san áireamh dea-chleachtais ECFE go háirithe sna réimsí tosaíochta, amhail an chosaint shóisialta, an t-oideachas, an cúram sláinte, an fuinneamh, an tacaíocht ghnó.

2.5

Athchóiriú 2.

Feabhas a chur ar bhainistíocht airgeadais phoiblí

Teacht i bhfeidhm an Dlí maidir le Leasuithe ar Chód Buiséid na hÚcráine chun an Nós Imeachta a Shainiú um Rioscaí Fioscacha na mBuiséad Áitiúil a Bhainistiú

R4

2026

Teacht i bhfeidhm an Dlí maidir le Leasuithe ar Chód Buiséid na hÚcráine chun an Nós Imeachta a Shainiú um Rioscaí Fioscacha a bhaineann le Buiséid Áitiúla a Bhainistiú. Leis an Dlí dírítear ar na príomhréimsí seo a leanas:

—

a chinneadh cé hiad na heintitis atá freagrach as rioscaí fioscacha na mbuiséad áitiúil a bhainistiú;

—

na nósanna imeachta a bhunú le haghaidh comhar idir eintitis éagsúla atá freagrach as rioscaí fioscacha na mbuiséad áitiúil a bhainistiú;

—

na creataí modheolaíocha a shainiú chun rioscaí fioscacha na mbuiséad áitiúil a bhainistiú.

2.6

Athchóiriú 3.

Feabhas a chur ar bhainistíocht airgeadais phoiblí

Glacadh na straitéise um bainistiú fiachais stáit mheántéarmaigh

R4

2025

An straitéis mheántéarmach um bainistiú fiachais stáit (MTDS) le haghaidh 2026-2028 a ghlacadh. Leis an MTDS dírítear ar na príomhréimsí seo:

—

anailís ar struchtúr agus treochtaí reatha an fhiachais náisiúnta;

—

spriocanna chun inbhuanaitheacht fiachais a áirithiú;

—

bearta chun margadh fiachais cheannasaigh intíre a fhorbairt.

2.7

Athchóiriú 4.

Feabhas a chur ar bhainistiú infheistíochta phoiblí

Glacadh an Phlean gníomhaíochta um chur chun feidhme an Treochláir um bainistiú infheistíochta poiblí a athchóiriú

R2

2024

An Plean gníomhaíochta maidir le cur chun feidhme an Treochláir um bainistiú infheistíochta poiblí a athchóiriú. Díreofar leis an bplean gníomhaíochta ar na príomhréimsí sin agus áireofar leis an seicheamhú agus an tráthchlár:

—

pleanáil straitéiseach um infheistíocht phoiblí a thabhairt isteach i ndlúthchomhar le pleanáil buiséid;

—

sainiú ar róil na rannpháirtithe uile ag gach céim de thimthriall an tionscadail infheistíochta;

—

cuir chuige aontaithe a bhunú maidir le tionscadail infheistíochta a roghnú, meastóireacht agus faireachán a dhéanamh orthu, beag beann ar fhoinsí cistithe (ioncaim bhuiséid, deontóirí idirnáisiúnta, ráthaíochtaí stáit (áitiúla), lamháltais, comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí) chun píblíne thionscadail aonair a ullmhú;

—

critéir tosaíochta a shainiú lena léirítear riachtanais shainithe, aibíocht tionscadal, agus ailíniú le straitéisí earnála agus/nó réigiúnacha i gcomhthéacs na bainistíochta infheistíochta poiblí;

—

measúnú neamhspleách ar thionscadail mhóra infheistíochta poiblí a thabhairt isteach.

2.8

Athchóiriú 4.

Feabhas a chur ar bhainistiú infheistíochta phoiblí

Forbairt agus cur chun feidhme na huirlise bainistíochta digití le haghaidh atógáil na hÚcráine

R3

2025

An uirlis bainistíochta digití le haghaidh atógáil na hÚcráine a fhorbairt agus a chur chun feidhme, ar uirlis í lena dtabharfar rochtain phoiblí ar shonraí maidir le tionscadail atógála ag gach céim, lena n-áireofar an phleanáil, an maoiniú, an soláthar, an tógáil agus an coimisiúnú, chun gur féidir faireachán poiblí trédhearcach a dhéanamh ar chur chun feidhme tionscadal agus comhordú níos fearr a dhéanamh idir earnálacha ar iarrachtaí atógála.

2.9

Athchóiriú 5.

Feabhas a chur ar na córais iniúchóireachta agus rialaithe airgeadais

Glacadh na leasuithe ar an reachtaíocht ábhartha maidir le rialú airgeadais an stáit

R4

2025

Leasuithe ar na rúin ón gComh-Aireacht Airí a ghlacadh agus, más gá, teacht i bhfeidhm reachtaíocht ábhartha eile maidir le rialú airgeadais stáit. Leis na leasuithe sin, dírítear ar na príomhréimsí seo a leanas:

—

tacaíocht a sholáthar do Sheirbhísí Iniúchóireachta Stáit chun a áirithiú go mbeidh na huirlisí is gá ag an institiúid chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint, go háirithe le haghaidh na gcistí a úsáidtear faoi Cholún I den tSaoráid don Úcráin, i gcomhréir le prionsabail na gcaighdeán iniúchóireachta idirnáisiúnta;

—

bearta a neartú chun faireachán a dhéanamh ar na nósanna imeachta soláthair.

C.3.   CÓRAS BREITHIÚNACH

1.   Tuairisc ar Athchóirithe agus Infheistíochtaí

Is é is cuspóir don chaibidil seo cumas, cuntasacht, ionracas, éifeachtúlacht agus trédhearcacht an chórais bhreithiúnaigh a mhéadú, rud atá ríthábhachtach chun an smacht reachta agus cosaint chearta an duine san Úcráin a áirithiú agus chun téarnamh tapa, fás eacnamaíoch agus mealladh infheistíochta a áirithiú.

Athchóiriú 1. Feabhas a chur ar chuntasacht, ar ionracas agus ar ghairmiúlacht na mbreithiúna

Is é is cuspóir don athchóiriú seo torthaí an athchóirithe bhreithiúnaigh a chomhdhlúthú agus muinín an phobail as na breithiúna a chothú trí thús a chur arís le roghnú trédhearcach na mbreithiúna ar bhonn fiúntais, trí bhorradh a chur faoin meastóireacht cháilíochta a dhéantar ar bhreithiúna ina suí, tríd an gcóras freagrachta araíonachta a neartú, uirlisí um ionracas breithiúnach atá ann cheana a threisiú, agus cúirt nua a bhunú chun cásanna riaracháin a bhainfidh le gníomhaireachtaí stáit a éisteacht.

Tá sé bheart ag baint leis an athchóiriú. Ar an gcéad dul síos, líonfar 20 % d’fholúntais bhreithiúnacha bunaithe ar reachtaíocht leasaithe, lena n-áireofar céimeanna roghnúcháin cuíchóirithe agus tréimhsí oiliúna breithiúnacha éigeantacha giorraithe, cur i bhfeidhm comhsheasmhach critéar measúnaithe soiléir agus modheolaíocht scórála, agus rannpháirtíocht na Comhairle um Ionracas Poiblí i measúnú a dhéanamh ar ionracas na n-iarrthóirí breithiúnacha. Ar an dara dul síos, bunaítear go dlíthiúil Cúirt Riaracháin Dúiche Speisialaithe nua agus Cúirt Riaracháin Achomhairc Speisialaithe nua agus seoltar roghnú trédhearcach breithiúna i gcomhréir leis an reachtaíocht a glacadh. Ar an tríú dul síos, réiteofar 20 % de na cásanna araíonachta atá ar feitheamh le rannpháirtíocht Sheirbhís na gCigirí Araíonachta ar bhonn mhodheolaíocht tosaíochta Ard-Chomhairle an Cheartais. Ar an gceathrú dul síos, cuirfear an mheastóireacht cháilíochta (grinnfhiosrúchán) i gcrích i ndáil le 50 % de na cásanna atá fós gan réiteach. Ar an gcúigiú dul síos, tiocfaidh dlíthe agus fodhlíthe i bhfeidhm maidir leis na dearbhuithe ionracais a athbhreithniú agus a fhíorú. Ar an séú dul síos, tá Cúirt Riaracháin Dúiche Speisialaithe nua agus Cúirt Riaracháin Achomhairc Speisialaithe nua ag feidhmiú.

Tá coinne leis go dtabharfar an t-athchóiriú i gcrích faoi R4 2026.

Athchóiriú 2. Athchóirithe dócmhainneachta agus forfheidhmiú cinntí cúirte

Is é is cuspóir don athchóiriú seo feabhas a chur ar nósanna imeachta um dócmhainneacht agus forfheidhmithe tríd an reachtaíocht ábhartha a ailíniú le acquis an Aontais agus trí acmhainneachtaí institiúideacha agus eile a fhothú chun í a chur i bhfeidhm i gceart.

Tá cúig bheart ag baint leis an athchóiriú. Ar an gcéad dul síos, tiocfaidh reachtaíocht i bhfeidhm maidir le feabhas a chur ar an gcóras dócmhainneachta, lena dtabharfar isteach córas coiscthe dócmhainneachta agus an uirlis réamhrabhaidh d’eintitis dhlíthiúla agus d’fhiontraithe i gcomhréir le acquis an Aontais. Ar an dara dul síos, tiocfaidh reachtaíocht i bhfeidhm chun nósanna imeachta simplithe um dhócmhainneacht a thabhairt isteach do Mhicrifhiontair, d’Fhiontair Bheaga agus Mheánmhéide (MFBManna) i gcomhréir le acquis an Aontais. Ar an tríú dul síos, tiocfaidh an dlí i bhfeidhm maidir le forfheidhmiú cinntí cúirte a bhainfidh le hoibleagáidí airgeadaíochta agus neamhairgeadaíochta agus le digitiú breise na n-imeachtaí forfheidhmithe. Ar an gceathrú dul síos, beidh córas TF uasghrádaithe i bhfeidhm chun an próiseas forfheidhmithe, rianú sócmhainní féichiúnaithe, reo cuntas bainc, agus aisghabháil fiach a éascú. Ar an gcúigiú dul síos, beidh córas bailithe sonraí i bhfeidhm maidir le forfheidhmiú cinntí cúirte.

Tá coinne leis go dtabharfar an t-athchóiriú i gcrích faoi R2 2026.

Athchóiriú 3. An córas breithiúnach a dhigitiú

Is é is cuspóir don athchóiriú seo rochtain ar cheartas a fheabhsú, trédhearcacht, éifeachtúlacht agus éifeachtacht a mhéadú in oibriú na gcúirteanna, costais oibríochtúla a shábháil, agus ceapadh beartas a bheidh bunaithe ar fhianaise a chumasú i measc na mbreithiúna.

Tá beart amháin ag baint leis an athchóiriú. Baineann sé le fochóras an Bhainistithe Leictreonaigh Doiciméad de chuid an Chórais Faisnéise agus Teileachumarsáide Aontaithe Bhreithiúnaigh (UJITS) a thabhairt isteach in 15 chúirt phíolótacha a bhfuil dlínse ghinearálta, thráchtála agus riaracháin acu ar leibhéal na céadchéime agus ar leibhéal na céime achomhairc.

Tá coinne leis go dtabharfar an t-athchóiriú i gcrích faoi R4 2027.

Athchóiriú 4. An tSeirbhís Ionchúisimh a Athchóiriú

Is é is cuspóir don athchóiriú seo ionracas, tuilleamhlathas agus gairmiúlacht a threisiú i measc an luchta ionchúisimh agus éilliú a chosc i slabhra an cheartais choiriúil.

Tá trí bheart ag baint leis an athchóiriú. Ar an gcéad dul síos, tiocfaidh reachtaíocht i bhfeidhm lena mbunófar próiseas roghnúcháin d’ionchúisitheoirí ar leibhéal na bainistíochta a bheidh trédhearcach agus ar bhonn fiúntais. Ar an dara dul síos, tiocfaidh reachtaíocht i bhfeidhm lena gcuirfear feabhas ar an gcóras araíonachta d’ionchúisitheoirí agus lena méadófar acmhainneacht Choimisiún Cáilitheachta agus Araíonachta na nIonchúisitheoirí. Ar an tríú dul síos, cuirtear 3 mhodúl de chóras bainistíochta ríomhchásanna i slabhra an cheartais choiriúil i bhfeidhm chun gur féidir próiseáil dhigiteach a dhéanamh ar chásanna coiriúla.

Tá coinne leis go dtabharfar an t-athchóiriú i gcrích faoi R4 2026.

2.   Liosta na mbeart agus an tráthchlár don chur chun feidhme

Uimh.

Athchóiriú / Infheistíocht

Ainm an bhirt

Amlíne

Tuairisc ar an mbeart

3.1

Athchóiriú 1.

Feabhas a chur ar chuntasacht, ar ionracas agus ar ghairmiúlacht na mbreithiúna

20 % ar a laghad de chomhdú na bhfolúntas breithiúnach a líonadh.

R3

2025

Líonfar 20 % ar a laghad de na folúntais bhreithiúnacha a bheidh ar fáil ón 16 Deireadh Fómhair 2023 ar aghaidh (líon iomlán 2 205 phost) ar bhonn reachtaíocht leasaithe, lena n-áireofar na heilimintí seo a leanas:

—

céimeanna cuíchóirithe roghnúcháin agus tréimhsí oiliúna breithiúnacha éigeantacha giorraithe;

—

critéir mheasúnaithe agus modheolaíocht scórála a bheidh soiléir agus foilsithe go cuí a chur i bhfeidhm go comhsheasmhach chun measúnú a dhéanamh ar inniúlacht ghairmiúil agus ionracas na n-iarrthóirí breithiúnacha;

—

rannpháirtíocht na Comhairle um Ionracas Poiblí maidir le measúnú a dhéanamh ar ionracas na n-iarrthóirí breithiúnacha nuair is gá sin de réir an dlí.

3.2

Athchóiriú 1.

Feabhas a chur ar chuntasacht, ar ionracas agus ar ghairmiúlacht na mbreithiúna

Teacht i bhfeidhm an dlí lena mbunaítear cúirt nua chun cásanna riaracháin a éisteacht

R3

2025

An dlí maidir le bunú na Cúirte Riaracháin Dúiche Speisialaithe nua agus na Cúirte Riaracháin Achomhairc Speisialaithe nua, tháinig sé i bhfeidhm agus seoltar roghnú trédhearcach breithiúna i gcomhréir leis an reachtaíocht a glacadh.

3.15

Athchóiriú 1.

Feabhas a chur ar chuntasacht, ar ionracas agus ar ghairmiúlacht na mbreithiúna

Tá cúirt nua chun cásanna riaracháin a éisteacht ag feidhmiú

R4

2026

Tiocfaidh an Chúirt Riaracháin Dúiche Speisialaithe nua agus an Chúirt Riaracháin Achomhairc Speisialaithe nua i bhfeidhm..

3.3

Athchóiriú 1.

Feabhas a chur ar chuntasacht, ar ionracas agus ar ghairmiúlacht na mbreithiúna

Socrú/breithniú 20 % de sheanchásanna araíonachta nár breithníodh roimh dheireadh na bliana 2023

R4

2025

Déanfar 20 % de na sean-imeachtaí araíonachta (gearáin) nár breithníodh roimh an 31 Nollaig 2023 a réiteach/a bhreithniú i gcomhar le rannpháirtíocht Sheirbhís na gCigirí Araíonachta agus ar bhonn na gcritéar chun tús áite a thabhairt do bhreithniú ar ghearáin araíonachta, dá bhforáiltear i gclásal 13.7 de Rialacha Nós Imeachta na hArd-Chomhairle Ceartais (arna leasú an 21 Samhain 2023, Uimh. 1068/0/15-23) atá foilsithe ar shuíomh gréasáin oifigiúil Ard-Chomhairle an Cheartais.

3.4

Athchóiriú 1.

Feabhas a chur ar chuntasacht, ar ionracas agus ar ghairmiúlacht na mbreithiúna

Tabhairt i gcrích na meastóireachta cáilíochta (grinnfhiosrúchán) i dtaobh 50 % de na breithiúna nach ndearnadh an mheastóireacht orthu roimh an 30 Meán Fómhair 2016

R4

2025

Cuirfear an mheastóireacht cháilíochta (grinnfhiosrúchán) i gcrích i ndáil le 50 % de na breithiúna a raibh orthu dul faoin meastóireacht fós an 30 Meán Fómhair 2016 i gcomhréir leis na nósanna imeachta atá bunaithe agus i gcomhar leis an gComhairle um Ionracas Poiblí.

3.5

Athchóiriú 1.

Feabhas a chur ar chuntasacht, ar ionracas agus ar ghairmiúlacht na mbreithiúna

Teacht i bhfeidhm na reachtaíochta lena n-athbhreithnítear dearbhuithe ionracais na mbreithiúna agus na próisis fíorúcháin a bhaineann leo

R2

2025

Teacht i bhfeidhm dhlíthe agus fhodhlíthe Choimisiún Ardcháilíochta Bhreithiúna na hÚcráine lena ndéanfar athbhreithniú ar dhearbhuithe ionracais na mbreithiúna agus ar a bpróiseas fíorúcháin. Leis na gníomhartha dírítear ar na príomhréimsí seo a leanas:

—

soiléiriú ar inneachar na ndearbhuithe ionracais agus ar an bhforas chun an fíorúchán a thionscnamh;

—

leathnú na tréimhse ama a chumhdófar leis an bhfíorúchán;

—

feabhas a chur ar an nós imeachta fíorúcháin trí na sásraí fíorúcháin agus na sprioc-amanna a shonrú, cearta agus oibleagáidí na ndaoine agus na n-eintiteas a mbeidh baint acu leis an bpróiseas fíorúcháin a shainiú, iarmhairtí dlíthiúla an fhíorúcháin a shoiléiriú.

3.6

Athchóiriú 2.

Athchóirithe dócmhainneachta agus forfheidhmiú cinntí cúirte

Teacht i bhfeidhm na reachtaíochta maidir le feabhas a chur ar an gcóras dócmhainneachta

R4

2024

Teacht i bhfeidhm an dlí maidir le feabhas a chur ar an gcóras um dhócmhainneacht agus ar an reachtaíocht thánaisteach ábhartha, lena dtabharfar isteach córas coiscthe dócmhainneachta agus an uirlis réamhrabhaidh d’eintitis dhlítheanacha agus d’fhiontraithe i gcomhréir le prionsabail Threoir (AE) 2019/1023 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le creataí um athstruchtúrú coisctheach, maidir le hurscaoileadh fiachais, agus maidir le dícháilíochtaí agus maidir le bearta chun éifeachtúlacht nósanna imeachta a bhaineann le hathstruchtúrú, dócmhainneacht agus urscaoileadh fiachais a fheabhsú, agus lena leasaítear Treoir (AE) 2017/1132. Leis an reachtaíocht nua dírítear ar na príomhréimsí seo a leanas:

—

féimheacht a chosc agus sócmhainneacht féichiúnaithe a athbhunú

—

comharthaí géarchéime sa chuideachta a bhrath go luath

—

deiseanna breise a shainaithint chun sócmhainneacht cuideachtaí a athbhunú

—

infhaighteacht faisnéise do na cuideachtaí i dtaobh na sásraí chun dócmhainneacht a chosc agus maidir le luathrabhadh.

3.7

Athchóiriú 2.

Athchóirithe dócmhainneachta agus forfheidhmiú cinntí cúirte

Teacht i bhfeidhm na reachtaíochta maidir le nósanna imeachta simplithe dócmhainneachta le haghaidh Micrifhiontar agus Fiontair Bheaga agus Mheánmhéide (MFBManna)

R1

2026

Teacht i bhfeidhm na reachtaíochta maidir le nósanna imeachta simplithe um dhócmhainneacht i gcás Micrifhiontar, Fiontair Bheaga agus Fiontair Mheánmhéide i gcomhréir le prionsabail Threoir (AE) 2019/1023 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le creataí um athstruchtúrú coisctheach, maidir le hurscaoileadh fiachais, agus maidir le dícháilíochtaí, agus maidir le bearta chun éifeachtúlacht nósanna imeachta a bhaineann le hathstruchtúrú, dócmhainneacht agus urscaoileadh fiachais a fheabhsú, agus lena leasaítear Treoir (AE) 2017/1132. Dréachtaíodh an reachtaíocht bunaithe ar mheasúnú tionchair rialála i gcomhar le saineolaithe an Aontais. Leis an reachtaíocht dírítear ar na príomhréimsí seo a leanas:

—

nósanna imeachta simplithe lasmuigh den chúirt agus nósanna imeachta féimheachta le haghaidh MFBManna (lena n-áirítear fiontraithe aonair);

—

infhaighteacht uirlisí dócmhainneachta agus seirbhísí cleachtóirí dócmhainneachta do MFBManna;

—

mí-úsáid nósanna imeachta um dhócmhainneacht a dhéanann MFBManna a chosc.

3.8

Athchóiriú 2.

Athchóirithe dócmhainneachta agus forfheidhmiú cinntí cúirte

Teacht i bhfeidhm na reachtaíochta maidir le feabhas a chur ar fhorfheidhmiú cinntí cúirte a bhainfidh le hoibleagáidí airgeadaíochta agus neamh-airgeadaíochta agus maidir leis an digitiú

R2

2025

Teacht i bhfeidhm an dlí maidir le forfheidhmiú cinntí cúirte a bhainfidh le hoibleagáidí airgeadaíochta agus neamh-airgeadaíochta agus digitiú breise a dhéanamh ar imeachtaí forfheidhmithe.

3.9

Athchóiriú 2.

Athchóirithe dócmhainneachta agus forfheidhmiú cinntí cúirte

Beidh córas bailithe sonraí maidir le forfheidhmiú cinntí cúirte i bhfeidhm

R4

2025

Beidh córas bailithe sonraí maidir le forfheidhmiú cinntí cúirte i bhfeidhm.

3.10

Athchóiriú 2.

Athchóirithe dócmhainneachta agus forfheidhmiú cinntí cúirte

Tá córas TF nuashonraithe i bhfeidhm le haghaidh forfheidhmiú cinntí cúirte

R2

2026

Beidh córas TF uasghrádaithe um fhorfheidhmiú oibríochtúil chun an próiseas forfheidhmithe, rianú sócmhainní féichiúnaithe, reo cuntas bainc, agus aisghabháil fiach a éascú.

3.11

Athchóiriú 3.

An córas breithiúnach a dhigitiú

Réitigh TF a chur ar bun sa chóras breithiúnach

R4

2027

Fochóras an Bhainistithe Leictreonaigh Doiciméad de chuid an Chórais Faisnéise agus Teileachumarsáide Aontaithe Bhreithiúnaigh (UJITS) a thabhairt isteach in 15 chúirt phíolótacha a bhfuil dlínse ghinearálta, thráchtála agus riaracháin acu ar leibhéal na céadchéime agus ar leibhéal na céime achomhairc.

3.12

Athchóiriú 4.

An tSeirbhís Ionchúisimh a Athchóiriú

Teacht i bhfeidhm na reachtaíochta chun gur féidir ionchúisitheoirí ar leibhéal na bainistíochta a roghnú ar bhealach trédhearcach ar bhonn fiúntais

R1

2026

Teacht i bhfeidhm na reachtaíochta chun gur féidir ionchúisitheoirí ar leibhéal na bainistíochta a roghnú ar bhealach trédhearcach ar bhonn fiúntais. Leis an reachtaíocht sin dírítear ar na príomhréimsí seo:

—

critéir mheasúnaithe shoiléire, lena n-áirítear inniúlacht ghairmiúil agus ionracas/eitic;

—

nós imeachta roghnúcháin trédhearcach, iomaíoch ar bhonn fiúntais lena n-áireofar seiceáil inchreidte maidir le gairmiúlacht agus ionracas;

—

cumas institiúideach agus cumhachtaí Oifig an Ionchúisitheora agus na gcomhlachtaí féinrialtais a neartú, go háirithe Comhairle na nIonchúisitheoirí, ó thaobh ionchúisitheoirí a roghnú do phoist shinsearacha de.

3.13

Athchóiriú 4.

An tSeirbhís Ionchúisimh a Athchóiriú

Teacht i bhfeidhm na reachtaíochta lena gcuirtear feabhas ar an gcóras araíonachta le haghaidh ionchúisitheoirí agus lena méadaítear acmhainneacht Choimisiún Cáilíochta agus Araíonachta na nIonchúisitheoirí

R3

2026

Teacht i bhfeidhm na reachtaíochta lena gcuirfear feabhas ar an gcóras araíonachta d’ionchúisitheoirí agus lena neartófar acmhainneacht institiúideach Choimisiún Cáilitheachta agus Araíonachta na nIonchúisitheoirí (QDCP). Leis an gcreat feabhsaithe dlíthiúil agus institiúideach lena ndírítear ar mholtaí GRECO a chur chun feidhme, dírítear ar na príomhréimsí seo a leanas:

—

sonrú ar chionta araíonachta a bhaineann le hiompar ionchúisitheoirí agus a mhéid a chomhlíonann siad caighdeáin eiticiúla, agus leathnú a dhéanamh ar liosta na smachtbhannaí araíonachta atá ar fáil chun a gcomhréireacht agus a n-éifeachtacht a mhéadú;

—

na forálacha maidir le comhdhéanamh QDCP a leasú chun a áirithiú go mbeidh tromlach na suíochán i seilbh ionchúisitheoirí arna dtoghadh ag a gcomhghleacaithe agus nós imeachta neamhspleách agus oibiachtúil a sheoladh chun na hiarrthóirí uile do chomhaltaí QDCP a réamhroghnú, lena n-áirítear a n-ionracas a fhíorú;

—

éifeachtúlacht imeachtaí araíonachta a mhéadú trí reacht na dtréimhsí a shíneadh.

3.14

Athchóiriú 4.

An tSeirbhís Ionchúisimh a Athchóiriú

Tá Córas Bainistíochta ríomhchásanna i bhfeidhm sa cheartas coiriúil

R4

2026

Tá modúl bunaithe córais an Chórais Bainistíochta Ríomhchásanna de chuid an cheartais choiriúil, an modúl leictreonach um imeachtaí coiriúla, agus an modúl cás-anailíse ag feidhmiú, rud a chumasaíonn próiseáil dhigiteach cásanna coiriúla agus rud a dhéanann an Clár Aontaithe um Imscrúduithe Réamhthrialacha, atá as dáta, a ionadú/a uasghrádú go mór de réir a chéile.

C.4.   AN TROID IN AGHAIDH AN ÉILLITHE AGUS AN SCIÚRTHA AIRGID

1.   Tuairisc ar Athchóirithe agus Infheistíochtaí

Is é cuspóir na caibidle seo na príomhghníomhaireachtaí in aghaidh an éillithe a threisiú agus an creat dlíthiúil a thabhairt cothrom le dáta chun méadú a chur ar éifeachtacht fhoriomlán an chreata in aghaidh an éillithe agus chur chun feidhme bheartas an stáit in aghaidh an éillithe, rud atá riachtanach le haghaidh timpeallacht fhabhrach ghnó agus infheistíochta agus le haghaidh téarnamh inbhuanaithe agus fás eacnamaíoch. Tugtar aghaidh sa chaibidil freisin ar na heasnaimh a bhaineann le haisghabháil agus bainistiú sócmhainní ar an leibhéal institiúideach agus ar an leibhéal nós imeachta agus ar ailíniú reachtaíocht na hÚcráine le acquis an Aontais agus le caighdeáin FATF i dtaobh an sciúradh airgid a chomhrac lena gcumasófar dul i ngleic ar bhealach níos fearr leis an gcoireacht eacnamaíoch agus feabhas a chur ar an timpeallacht ghnó fhoriomlán san Úcráin.

Athchóiriú 1. Acmhainneacht institiúideach an chreata in aghaidh an éillithe a fhorbairt.

Is é cuspóir an athchóirithe seo acmhainneacht fhoriomlán an bhonneagair in aghaidh an éillithe a mhéadú chun an t-éilliú a chomhrac, lena n-áireofar ar an ardleibhéal, trí imscrúdú gníomhach éifeachtúil.

Tá trí bheart ag baint leis an athchóiriú. Ar an gcéad dul síos, tabharfar an deis d’Oifig an Ionchúisitheora Speisialaithe in aghaidh an Éillithe (SAPO) a lucht saothair a mhéadú ó 10 % go 15 %. Ar an dara dul síos, ceapfar ceannaire nua ar an nGníomhaireacht Náisiúnta um Éilliú a Chosc. Ar an tríú dul síos, méadófar líon na mbreithiúna agus líon na ngaireas ag an Ard-Chúirt in aghaidh an Éillithe (HACC) faoi 60 % agus faoi 40 % faoi seach.

Tá coinne leis go dtabharfar an t-athchóiriú i gcrích faoi R1 2025.

Athchóiriú 2. Feabhas a chur ar an gcreat dlíthiúil chun an t-éilliú a chomhrac ar bhealach níos éifeachtaí

Is é cuspóir foriomlán an athchóirithe na príomhinstitiúidí in aghaidh an éillithe a neartú agus an nós imeachta coiriúil a chuíchóiriú chun cur lena n-éifeachtúlacht, lena n-áirítear i gcásanna ardleibhéil éillithe, agus cásanna mí-úsáide nós imeachta agus cur isteach míchuí a chosc ag an am céanna. Tugann an t-athchóiriú aghaidh freisin ar na heasnaimh a bhaineann le sócmhainní a aisghabháil agus a bhainistiú ar an leibhéal institiúideach agus ar an leibhéal nós imeachta.

Tá ceithre bheart ag baint leis an athchóiriú. Ar an gcéad dul síos, teacht i bhfeidhm an Chóid Choiriúil leasaithe agus an Chóid Nós Imeachta Choiriúil. Feabhsaíonn an reachtaíocht leasaithe na forálacha lena rialaítear margáil phléadála; cealaíonn sí an tréimhse imscrúdaithe réamhthrialach ón am a cláraíodh na himeachtaí coiriúla go dtí go dtugtar fógra faoin amhras agus beidh breitheamh aonair den Ard-Chúirt in aghaidh an Éillithe in ann cásanna áirithe a bhreithniú. Ar an dara dul síos, glacfar Straitéis nua in aghaidh an Éillithe agus Clár Stáit in aghaidh an Éillithe don tréimhse tar éis 2025. Ar an tríú dul síos, glacfar plean gníomhaíochta chun an Straitéis um Aisghabháil Sócmhainní le haghaidh 2023-2025 a chur chun feidhme. Ar an gceathrú dul síos, tiocfaidh an dlí lena n-athchóireofar an Ghníomhaireacht um Aisghabháil agus Bainistiú Sócmhainní (ARMA) i bhfeidhm.

Tá coinne leis go dtabharfar an t-athchóiriú i gcrích faoi R2 2026.

Athchóiriú 3. Bearta chun an sciúradh airgid a chomhrac

Is é is cuspóir don athchóiriú seo creat dlíthiúil na hÚcráine a ailíniú a thuilleadh le acquis an Aontais agus le caighdeáin FATF agus córas éifeachtach a chruthú chun an sciúradh airgid a chomhrac san Úcráin chun dul i ngleic ar bhealach níos fearr leis an gcoireacht eacnamaíoch agus chun feabhas a chur ar an timpeallacht ghnó fhoriomlán san Úcráin.

Tá trí bheart ag baint leis an athchóiriú. Ar an gcéad dul síos, déanfar an chéad Mheasúnú Riosca Náisiúnta eile. Ar an dara dul síos, tiocfaidh i bhfeidhm an reachtaíocht maidir le clárlann na gcuntas bainc le haghaidh daoine aonair agus taisceadáin bhainc phearsanta, agus clárlann na gcuntas bainc le haghaidh eintitis dhlítheanacha i gcomhréir le prionsabail acquis an Aontais. Ar an tríú dul síos, cuirfear i bhfeidhm na bogearraí agus na crua-earraí is gá le haghaidh chlárlann na gcuntas bainc i gcomhair daoine aonair agus na dtaisceadán bainc pearsanta, agus clárlann na gcuntas bainc le haghaidh eintitis dhlíthiúla.

Tá coinne leis go dtabharfar an t-athchóiriú i gcrích faoi R2 2027.

2.   Liosta na mbeart agus an tráthchlár don chur chun feidhme

Uimh.

Athchóiriú / Infheistíocht

Ainm an bhirt

Amlíne

Tuairisc ar an mbeart

4.1

Athchóiriú 1.

Acmhainneacht institiúideach an chreata in aghaidh an éillithe a fhorbairt

Lucht saothair méadaithe le haghaidh Oifig an Ionchúisitheora Speisialaithe in aghaidh an Éillithe

R3

2024

Tugtar deis d’Oifig an Ionchúisitheora Speisialaithe in aghaidh an Éillithe a lucht saothair a mhéadú ó 10 % go 15 % de lucht saothair an Bhiúró Náisiúnta in aghaidh an Éillithe.

4.2

Athchóiriú 1.

Acmhainneacht institiúideach an chreata in aghaidh an éillithe a fhorbairt

Ceannasaí nua a cheapadh ar an nGníomhaireacht Náisiúnta um Éilliú a Chosc

R2

2024

Ceapfar ceannaire nua ar an nGníomhaireacht Náisiúnta um Éilliú a Chosc tar éis nós imeachta roghnúcháin i gcomhréir leis an Dlí maidir le hÉilliú a Chosc

4.3

Athchóiriú 1.

Acmhainneacht institiúideach an chreata in aghaidh an éillithe a fhorbairt

Lucht saothair méadaithe le haghaidh na hArdchúirte in aghaidh an Éillithe

R1

2025

Tiocfaidh méadú 60 % ar líon pearsanra bhreithiúna na hArd-Chúirte in aghaidh an Éillithe (HACC), agus tiocfaidh méadú 40 % ar líon na ngaireas HACC.

4.4

Athchóiriú 2.

Feabhas a chur ar an gcreat dlíthiúil chun an t-éilliú a chomhrac ar bhealach níos éifeachtaí

Teacht i bhfeidhm an Chóid Choiriúil leasaithe agus an Chóid Nós Imeachta Choiriúil

R3

2024

Teacht i bhfeidhm Dhlíthe na hÚcráine maidir le Cód Coiriúil na hÚcráine agus Cód Nós Imeachta Choiriúil na hÚcráine a leasú. Leis an dlí dírítear ar na príomhréimsí seo:

—

feabhas ar na forálacha lena rialaítear margáil phléadála;

—

an tréimhse imscrúdaithe réamhthrialach a chealú ón am a cláraíodh na himeachtaí coiriúla go dtí go dtugtar fógra faoin amhras;

—

ceadú do bhreithimh aonair den Ard-Chúirt in aghaidh an Éillithe cásanna áirithe a bhreithniú.

4.5

Athchóiriú 2.

Feabhas a chur ar an gcreat dlíthiúil chun an t-éilliú a chomhrac ar bhealach níos éifeachtaí

Glacadh Straitéise nua in aghaidh an Éillithe agus Cláir Stáit in aghaidh an Éillithe le haghaidh na tréimhse tar éis 2025

R2

2026

Déanfaidh an Pharlaimint agus an Rialtas faoi seach Straitéis in aghaidh Éillithe agus Clár Stáit in aghaidh an Éillithe a ghlacadh agus a fhoilsiú lena gcur chun feidhme le haghaidh na tréimhse tar éis 2025.

4.6

Athchóiriú 2.

Feabhas a chur ar an gcreat dlíthiúil chun an t-éilliú a chomhrac ar bhealach níos éifeachtaí.

Glacadh Plean Gníomhaíochta chun an Straitéis um Aisghabháil Sócmhainní le haghaidh na tréimhse 2023-2025 a chur chun feidhme

R3

2024

Plean Gníomhaíochta maidir le cur chun feidhme na Straitéise um Aisghabháil Sócmhainní le haghaidh 2023-2025 a ghlacadh agus a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin na Comh-Aireachta Airí.

4.7

Athchóiriú 2.

Feabhas a chur ar an gcreat dlíthiúil chun an t-éilliú a chomhrac ar bhealach níos éifeachtaí.

Teacht i bhfeidhm an Dlí lena ndéantar athchóiriú ar an nGníomhaireacht um Aisghabháil agus Bainistíocht Sócmhainní

R1

2025

Teacht i bhfeidhm an Dlí lena ndéantar athchóiriú ar an nGníomhaireacht um Aisghabháil agus Bainistíocht Sócmhainní. Leis an dlí dírítear ar na príomhréimsí seo a leanas:

—

nós imeachta roghnúcháin trédhearcach ar bhonn fiúntais le haghaidh cheannaire na gníomhaireachta, lena n-áireofar seiceáil inchreidte maidir le hionracas agus gairmiúlacht;

—

córas measúnaithe feidhmíochta seachtrach neamhspleách;

—

nós imeachta trédhearcach chun sócmhainní urghafa faoi rialú na gníomhaireachta a bhainistiú agus a dhíol.

4.8

Athchóiriú 3.

Bearta chun an sciúradh airgid a chomhrac

An chéad Mheasúnú Náisiúnta Riosca eile a dhéanamh

R4

2025

An chéad Mheasúnú Riosca Náisiúnta eile a ullmhú agus a chur chun feidhme i gcomhréir leis an Modheolaíocht nuashonraithe le haghaidh an Mheasúnaithe Náisiúnta ar rioscaí sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta san Úcráin

4.9

Athchóiriú 3.

Bearta chun an sciúradh airgid a chomhrac

Teacht i bhfeidhm na reachtaíochta maidir le clárlann na gcuntas bainc le haghaidh daoine aonair agus taisceadáin bhainc phearsanta, agus clárlann na gcuntas bainc le haghaidh eintitis dhlítheanacha

R2

2027

Teacht i bhfeidhm an chreata dhlíthiúil is gá do chlárlann na gcuntas bainc le haghaidh daoine aonair agus taisceadáin bhainc phearsanta, agus do chlárlann na gcuntas bainc le haghaidh eintitis dhlíthiúla i gcomhréir le prionsabail Threoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le húsáid an chórais airgeadais chun sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún, Treoir (AE) 2019/1153 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 lena leagtar síos rialacha lena n-éascaítear úsáid faisnéise airgeadais agus faisnéise eile le haghaidh cionta coiriúla áirithe a chosc, a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2000/642/CGB ón gComhairle, agus Treoir (AE) 2024/1640 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2024 maidir leis na sásraí atá le cur ar bun ag na Ballstáit chun cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun críocha an sciúrtha airgid nó mhaoiniú na sceimhlitheoireachta, lena leasaítear Treoir (AE) 2019/1937, agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Treoir (AE) 2015/849, lena leasaítear reachtaíocht na hÚcráine maidir le Cáin, Baincéireacht, CSA, margadh caipitil agus seirbhísí íocaíochta.

4.10

Athchóiriú 3.

Bearta chun an sciúradh airgid a chomhrac.

Na bogearraí agus na crua-earraí is gá le haghaidh chlárlann na gcuntas bainc i gcomhair daoine aonair agus na dtaisceadán bainc pearsanta, agus clárlann na gcuntas bainc le haghaidh eintitis dhlíthiúla, is nithe iad atá ag feidhmiú

R2

2027

Na bogearraí agus na crua-earraí is gá le haghaidh chlárlann na gcuntas bainc i gcomhair daoine aonair agus na dtaisceadán bainc pearsanta, agus clárlann na gcuntas bainc le haghaidh eintitis dhlíthiúla, is nithe iad atá ag feidhmiú.

C.5.   NA MARGAÍ AIRGEADAIS

1.   Tuairisc ar Athchóirithe agus Infheistíochtaí

Is é is cuspóir don chaibidil seo acmhainneacht earnáil airgeadais na hÚcráine a ghiaráil chun borradh a chur faoin bhfás eacnamaíoch agus chun tacú leis an téarnamh, trí fhaireachán a dhéanamh ar shláinte earnáil na baincéireachta chun cobhsaíocht airgeadais a choinneáil ar bun, trí chreat rialála a neartú maidir le hailíniú le caighdeáin an Aontais, trí aghaidh a thabhairt ar iasachtaí neamhthuillmheacha, agus trí fheabhas a chur ar rialáil na margaí caipitil.

Athchóiriú 1. Measúnú ar an earnáil baincéireachta

Is é is cuspóir don athchóiriú seo filleadh ar an bpróiseas measúnaithe rialta, leochaileachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann laistigh de mhórbhainc a shainaithint, agus athléimneacht an chórais baincéireachta san Úcráin a áirithiú.

Tá beart amháin ag baint leis an athchóiriú. Déanfaidh Banc Náisiúnta na hÚcráine measúnú athléimneachta ar na bainc is mó lena n-áireofar tástáil struis faoin gcás díobhálach chomh maith le hAthbhreithniú neamhspleách ar Cháilíocht Sócmhainní.

Tá coinne leis go dtabharfar an t-athchóiriú i gcrích faoi R1 2026.

Athchóiriú 2. Úinéireacht stáit san earnáil baincéireachta a laghdú

Is é is cuspóir don athchóiriú seo na prionsabail a leagan síos maidir le bainc atá faoi úinéireacht stáit a dhíol agus maidir leis an straitéis um úinéireacht an stáit san earnáil baincéireachta a laghdú de réir a chéile.

Tá dhá bheart ag baint leis an athchóiriú. Ar an gcéad dul síos, bunófar, le reachtaíocht nuashonraithe, treoirphrionsabail maidir le bunanna úinéireachta athraitheacha i mbainc faoi úinéireacht an stáit a dhíol, agus ag an am céanna an tsolúbthacht a sholáthar le haghaidh éadáil iomlán. Ar an dara dul síos, glacfar straitéis lena ndéanfar ullmhúchán chun úinéireacht stáit i mbainc faoi úinéireacht stáit a laghdú de réir a chéile.

Tá coinne leis go dtabharfar an t-athchóiriú i gcrích faoi R2 2026.

Athchóiriú 3. Feabhas a chur ar réiteach iasachtaí neamhthuillmheacha

Is é is cuspóir don athchóiriú seo feabhas a chur ar réiteach iasachtaí neamhthuillmheacha (NPLanna).

Tá dhá bheart ag baint leis an athchóiriú. Ar an gcéad dul síos, glacfaidh an Úcráin straitéis um iasachtaí neamhthuillmheacha a réiteach, lena ndíreofar ar cheanglais stuamachta agus lena bhfeabhsófar an creat maidir le hathstruchtúrú agus réiteach iasachtaí neamhthuillmheacha. Ar an dara dul síos, glacfar na leasuithe reachtacha ina dhiaidh sin ar na dlíthe ábhartha, lena dtabharfar aghaidh ar mholtaí na straitéise.

Tá coinne leis go dtabharfar an t-athchóiriú i gcrích faoi R2 2026.

Athchóiriú 4. Acmhainneacht fheabhsaithe an údaráis um maoirseacht airgeadais

Is é is cuspóir don athchóiriú seo feabhas a chur ar an rialáil stáit le haghaidh margaí caipitil agus margaí tráchtearraí eagraithe.

Tá beart amháin ag baint leis an athchóiriú. Is é atá i gceist leis teacht i bhfeidhm an Dlí maidir le feabhas a chur ar rialáil stáit le haghaidh margaí caipitil agus margaí tráchtearraí eagraithe, agus é a ailíniú le caighdeáin na hEagraíochta Idirnáisiúnta um Choimisiúin Urrús (IOSCO).

Tá coinne leis go dtabharfar an t-athchóiriú i gcrích faoi R4 2025.

2.   Liosta na mbeart agus an tráthchlár don chur chun feidhme

Uimh.

Athchóiriú / Infheistíocht

Ainm an bhirt

Amlíne

Tuairisc ar an mbeart

5.1

Athchóiriú 1.

Measúnú ar an earnáil baincéireachta

Foilseofar an measúnú ar athléimneacht sa chóras baincéireachta

R1

2026

Foilseoidh Banc Náisiúnta na hÚcráine (NBU) an Measúnú ar Athléimneacht na mbanc is mó sa chóras baincéireachta (ó thaobh sócmhainní de) lena n-áireofar tástáil struis faoin gcás díobhálach, agus torthaí d’Athbhreithniú neamhspleách ar Cháilíocht Sócmhainní más féidir é sin a dhéanamh ag brath ar na dálaí.

5.2

Athchóiriú 2.

Úinéireacht stáit san earnáil baincéireachta a laghdú

Teacht i bhfeidhm na reachtaíochta maidir leis na prionsabail le haghaidh díolachán banc faoi úinéireacht stáit

R3

2025

Teacht i bhfeidhm na reachtaíochta nuashonraithe maidir le bainc atá faoi úinéireacht an stáit a dhíol, mar atá Dlí na hÚcráine ‘Maidir le Dhífheistiú Scairshealbhaíochtaí faoi Úinéireacht Stáit i gCaipiteal Cairte na mBanc a bhfuil Athchaipitliú déanta ag an Stát ina leith’ Uimh. 4524-VI dar dáta 2012. Leis an reachtaíocht athbhreithnithe, ba cheart díol bunanna úinéireachta éagsúla i mbainc atá faoi úinéireacht an stáit a éascú, agus ag an am céanna solúbthacht a chur ar fáil le haghaidh éadáil iomlán. Forbrófar na bunphrionsabail lena dtreorófar díol na mbanc faoi úinéireacht an stáit trí phlé comhoibríoch i gcomhdhearcadh leis na deontóirí idirnáisiúnta.

5.3

Athchóiriú 2.

Úinéireacht stáit san earnáil baincéireachta a laghdú

Glacadh na straitéise um úinéireacht stáit san earnáil baincéireachta a laghdú de réir a chéile

R2

2026

Rún an Rialtais nó gníomh dlíthiúil eile de chuid an Rialtais a ghlacadh chun an straitéis um athchóiriú le haghaidh bainc faoi úinéireacht an stáit a ghlacadh, ar straitéis í ina leagfar amach laghdú de réir a chéile ar úinéireacht an stáit san earnáil baincéireachta. Leis an straitéis dírítear ar na príomhréimsí seo a leanas:

—

sláinte agus cobhsaíocht airgeadais;

—

iasachtaí neamhthuillmheacha a bhainistiú;

—

rioscaí fioscacha a mhaolú;

—

rialachas na mbanc agus éifeachtúlacht oibríochtúil a fheabhsú;

—

feabhsú ar luach bainc, inmharthanacht fhadtéarmach, agus céimeanna i dtreo príobháidiú (i gcás inarb ábhartha).

5.4

Athchóiriú 3.

Feabhas a chur ar réiteach iasachtaí neamhthuillmheacha

Glacadh na straitéise um réiteach iasachtaí neamhthuillmheacha

R2

2025

An straitéis a ghlacadh um iasachtaí neamhthuillmheacha a réiteach i gcomhréir le cleachtais ábhartha an Aontais. Leis an straitéis dírítear ar na príomhréimsí seo a leanas:

—

na ceanglais stuamachta a neartú maidir le hiasachtaí neamhthuillmheacha a aithint agus a réiteach;

—

sonraí maidir leis na hiasachtaí neamhthuillmheacha agus sonraí ábhartha eile margaidh a mhalartú idir na hinstitiúidí airgeadais agus gníomhaireachtaí stáit chun feabhas a chur ar réiteach iasachtaí neamhthuillmheacha;

—

athbhreithniú ar bhacainní a d’fhéadfadh a bheith ann agus bearta a fhorbairt chun feabhas a chur ar an gcreat maidir le hiasachtaí neamhthuillmheacha a athstruchtúrú agus a réiteach.

5.5

Athchóiriú 3.

Feabhas a chur ar réiteach iasachtaí neamhthuillmheacha

Teacht i bhfeidhm na ngníomhartha dlí chun feabhas a chur ar réiteach iasachtaí neamhthuillmheacha

R2

2026

Teacht i bhfeidhm na ngníomhartha dlíthiúla lena gcuirfear chun feidhme moltaí na straitéise um iasachtaí neamhthuillmheacha a réiteach trína gcuirfear feabhas ar an gcóras réitithe iasachtaí neamhthuillmheacha.

5.6

Athchóiriú 4.

Acmhainneacht fheabhsaithe an údaráis um maoirseacht airgeadais

Teacht i bhfeidhm an dlí maidir le feabhas a chur ar an rialachán stáit maidir le margaí caipitil agus margaí eagraithe tráchtearraí

R4

2025

Teacht i bhfeidhm an Dlí maidir le feabhas a chur ar rialáil stáit le haghaidh margaí caipitil agus margaí tráchtearraí eagraithe, agus é a ailíniú le caighdeáin IOSCO. Tagraíonn sé sin do chumas an Choimisiúin Náisiúnta um Urrúis agus Stocmhargadh (NSSMC) feidhmiú saor ó thionchar seachtrach, go háirithe ó bhrúnna polaitiúla nó tionscail, cinntí a dhéanamh bunaithe ar an dlí agus ar leas is fearr shláine an mhargaidh agus cosanta infheisteoirí, seachas ar leasanna seachtracha, agus sásraí forfheidhmiúcháin láidre agus comhar idirnáisiúnta a bheith acu.

C.6.   SÓCMHAINNÍ POIBLÍ A BHAINISTIÚ

1.   Tuairisc ar Athchóirithe agus Infheistíochtaí

Is é is cuspóir don chaibidil seo feabhas a chur ar an mbeartas um úinéireacht stáit, ar rialachas corparáideach agus ar bhainistiú fhiontair na hÚcráine atá faoi úinéireacht stáit agus chun an creat Státchabhrach a chomhchuibhiú le acquis an Aontais. Cuireann sé sin feabhas ar thrédhearcacht agus ar éifeachtúlacht agus tacaíonn sé le cothroime iomaíochta leis an earnáil phríobháideach a neartú.

Athchóiriú 1. Glacadh beartais um úinéireacht stáit

Is é is cuspóir don athchóiriú seo beartas um úinéireacht stáit a ghlacadh a léireodh tosaíochtaí fadtéarmacha uile-rialtais úinéireacht na bhfiontar faoi úinéireacht stáit. Déanfar triáis fiontar faoi úinéireacht stáit a athnuachan de réir na bprionsabal a leagfar amach sa bheartas um úinéireacht stáit. Mar thoradh ar thriáis na bhfiontar faoi úinéireacht stáit, déanfar liosta de na fiontair faoi úinéireacht stáit a fhanfaidh faoi úinéireacht stáit ar bhonn straitéiseach, liosta de na fiontair faoi úinéireacht stáit a molfar iad a phríobháidiú, agus léireofar freisin na fiontair uile faoi úinéireacht stáit a mbeidh toirmeasc sealadach ar a bpríobháidiú agus an dlí airm i réim i bhfo-alt tiomnaithe, mar aon le liosta de na fiontair faoi úinéireacht stáit a leachtófar.

Tá beart amháin ag baint leis an athchóiriú. Is é atá i gceist leis teacht i bhfeidhm reachtaíochta lena dtabharfar isteach an beartas um úinéireacht stáit, agus foilsiú thriáis na bhfiontar faoi úinéireacht stáit.

Tá coinne leis go dtabharfar an t-athchóiriú i gcrích faoi R4 2024.

Athchóiriú 2. Rialachas agus bainistiú feabhsaithe fiontar faoi úinéireacht stáit

Is é is cuspóir don athchóiriú seo an t-aistriú a éascú ó fhoirm dhlíthiúil an stáit maidir le fiontar aonadach go foirmeacha atá níos dírithe ar an tráchtáil, creat rialachais níos éifeachtúla agus níos trédhearcaí a chothú d’fhiontair faoi úinéireacht stáit trí fheabhas a chur ar chaighdeáin rialachais chorparáidigh agus ar a gcur chun feidhme sna fiontair is tábhachtaí faoi úinéireacht stáit.

Tá ceithre bheart ag baint leis an athchóiriú. Ar an gcéad dul síos, tiocfaidh dlí nua i bhfeidhm lena bhfeabhsófar rialachas corparáideach fiontar faoi úinéireacht stáit agus treoirlínte ECFE á gcur san áireamh (5), lena n-áireofar feabhas trí chumhachtaí bhoird mhaoirseachta na bhfiontar faoi úinéireacht stáit a shainiú. Ar an dara dul síos, ceapfar boird mhaoirseachta ina mbeidh tromlach de chomhaltaí neamhspleácha in 15 cinn de na fiontair is tábhachtaí faoi úinéireacht stáit ar a laghad. Ar an tríú dul síos, déanfaidh an Úcráin 15 cinn de na príomhfhiontair is tábhachtaí faoi úinéireacht stáit ar a laghad, a chorparáidiú mar chuideachtaí comhstoic nó mar chuideachtaí faoi dhliteanas teoranta. Ar an gceathrú dul síos, cuirfidh na húdaráis an chéad tuarascáil bhliantúil isteach ina léirítear go gcloítear go cuí le prionsabail an rialachais chorparáidigh.

Tá coinne leis go dtabharfar an t-athchóiriú i gcrích faoi R4 2027.

Athchóiriú 3. Díchuachadh cuntas idir oibleagáidí seirbhíse poiblí (PSO) agus gníomhaíochtaí neamh-PSO i bhfiontair faoi úinéireacht stáit

Is é is cuspóir don athchóiriú seo cothroime iomaíochta leis an earnáil phríobháideach a neartú, chomh maith le tuilleadh cóineasaithe le acquis an Aontais trí chuntais a dheighilt idir gníomhaíochtaí a bhaineann le hOibleagáidí Seirbhíse Poiblí (PSOnna) ó ghníomhaíochtaí neamh-PSOnna.

Tá trí bheart ag baint leis an athchóiriú. Ar an gcéad dul síos, déanfaidh an Úcráin Treochlár a ghlacadh agus a fhoilsiú ina saineofar na bearta is gá chun cuntais a dheighilt go struchtúrach ar bhonn éigeantach idir gníomhaíochtaí PSO agus gníomhaíochtaí neamh-PSO le haghaidh gach fiontair faoi úinéireacht stáit atá ag gabháil do PSOnna. Ar an dara dul síos, teacht i bhfeidhm na reachtaíochta chun ailíniú le Treoir 2006/111 ón gCoimisiún Eorpach, lena n-áiritheofar go saineofar agus go gcuirfear chun feidhme díchuachadh struchtúrach sainordaitheach na gcuntas idir gníomhaíochtaí PSO agus gníomhaíochtaí neamh-PSO. Ar an tríú dul síos, foilseoidh an Úcráin tuarascáil neamhspleách iniúchóireachta maidir leis na fiontair is tábhachtaí faoi úinéireacht stáit atá ag gabháil do PSOnna, lena n-áirítear cur chun feidhme an díchuachta cuntas agus comhlíonadh an mhargaidh maidir le tras-fhóirdheonú.

Tá coinne leis go dtabharfar an t-athchóiriú i gcrích faoi R3 2027.

Athchóiriú 4. Creat rialaithe feabhsaithe um státchabhair

Is é is cuspóir don athchóiriú seo deireadh a chur le fionraíocht chur i bhfeidhm an rialaithe Státchabhrach agus an creat rialaithe Státchabhrach a ailíniú le creat rialaithe Státchabhrach an Aontais, rud a d’fhágfadh go mbeadh níos mó trédhearcachta ann maidir leis an gcistiú stáit d’fhiontair faoi úinéireacht stáit.

Tá beart amháin ag baint leis an athchóiriú. Is é atá i gceist leis sin reachtaíocht maidir le státchabhair a thabhairt cothrom le dáta, lena n-áirítear forálacha i ndáil le seirbhísí ar mhaithe leis an leas eacnamaíoch i gcoitinne, mar aon le deireadh iomlán a chur le fionraíocht chur i bhfeidhm an rialaithe státchabhrach ag Coiste Frithmhonaplachta na hÚcráine.

Tá coinne leis go dtabharfar an t-athchóiriú i gcrích faoi R4 2025.

2.   Liosta na mbeart agus an tráthchlár don chur chun feidhme

Uimh.

Athchóiriú / Infheistíocht

Ainm an bhirt

Amlíne

Tuairisc ar an mbeart

6.1

Athchóiriú 1.

Glacadh beartais um úinéireacht stáit

Glacadh beartais um úinéireacht stáit agus triáis fiontar faoi úinéireacht stáit

R4

2024

An Rún ó Chomh-Aireacht Airí na hÚcráine a ghlacadh agus a fhoilsiú maidir leis an mBeartas Ginearálta um Úinéireacht Stáit agus ‘triáiseáil’ na bhfiontar faoi úinéireacht stáit a Fhormheas. Leis an mBeartas um Úinéireacht Stáit dírítear ar na príomhréimsí seo:

—

liosta a dhéanamh de na cuspóirí beartais phoiblí nach mór d’fhiontar faoi úinéireacht stáit a bhaint amach;

—

tuairisc a thabhairt ar ról an stáit i rialachas na bhfiontar faoi úinéireacht stáit; an chaoi a gcuirfidh an stát an beartas um úinéireacht chun feidhme; agus róil agus freagrachtaí faoi seach na n-údarás rialtais sin a bhfuil baint acu lena chur chun feidhme;

—

na réasúnaíochtaí foriomlána maidir le fiontair faoi úinéireacht stáit a choinneáil faoi úinéireacht stáit a shainiú agus na réasúnaíochtaí sin a chur faoi réir athbhreithnithe tráthrialta;

—

tosaíochtaí fadtéarmacha uile-rialtais a leagan síos maidir le húinéireacht na bhfiontar faoi úinéireacht stáit;

—

an beartas díbhinní a shainiú agus an beartas luacha saothair le haghaidh comhaltaí bord maoirseachta agus bainisteoirí a shainiú.

Leis an mbeartas um úinéireacht is féidir athchóirithe rialachais chorparáidigh ECFE a chur chun feidhme i gcuideachtaí oibreoirí córais dáileacháin chun feabhas a chur ar an iomaíocht sna margaí gáis nádúrtha.

Seo a leanas na torthaí a thiocfaidh as triáis na bhfiontar faoi úinéireacht stáit:

—

liosta de na fiontair faoi úinéireacht stáit a fhanfaidh faoi úinéireacht stáit ar bhonn straitéiseach;

—

liosta de na fiontair faoi úinéireacht stáit a molfar iad a phríobháidiú, agus léireofar freisin na fiontair uile faoi úinéireacht stáit a mbeidh toirmeasc sealadach ar a bpríobháidiú agus an dlí airm i bhfeidhm i bhfo-alt tiomnaithe;

—

liosta de na fiontair faoi úinéireacht stáit a leachtófar.

6.2

Athchóiriú 2.

Rialachas agus bainistiú feabhsaithe fiontar faoi úinéireacht stáit

Teacht i bhfeidhm na reachtaíochta maidir le rialachas corparáideach fiontar faoi úinéireacht stáit

R2

2024

Teacht i bhfeidhm an dlí nua maidir le rialachas corparáideach ar fhiontair faoi úinéireacht stáit agus treoirlínte ECFE maidir le rialachas corparáideach á gcur san áireamh. Leis an dlí dírítear ar na príomhréimsí seo a leanas:

—

sainiú a dhéanamh ar na cumhachtaí atá ag boird mhaoirseachta na bhfiontar faoi úinéireacht stáit chun POFanna a cheapadh agus a bhriseadh as a bpost;

—

na cumhachtaí atá ag boird mhaoirseachta na bhfiontar faoi úinéireacht stáit a shainiú chun doiciméid straitéiseacha, infheistíochta agus pleananna airgeadais na bhfiontar faoi úinéireacht stáit a fhormheas;

—

nós imeachta meastóireachta bliantúla a bhunú do bhoird mhaoirseachta na bhfiontar faoi úinéireacht stáit.

6.3

Athchóiriú 2.

Rialachas agus bainistiú feabhsaithe fiontar faoi úinéireacht stáit

Ceapadh Bord maoirseachta le haghaidh fiontair faoi úinéireacht stáit, boird ar a bhfuil tromlach ball neamhspleách

R2

2026

Déantar boird mhaoirseachta ina mbeidh tromlach de chomhaltaí neamhspleácha a cheapadh le haghaidh 15 fhiontar faoi úinéireacht stáit ar a laghad ó liosta na bpríomhfhiontar is tábhachtaí faoi úinéireacht stáit a formheasadh leis an gcinneadh prótacail ón gComh-Aireacht Airí. Ainmnítear comhaltaí an Bhoird maoirseachta trí bhíthin próiseas roghnúcháin iomaíoch, ar bhonn na nósanna imeachta a comhaontaíodh agus atá i bhfeidhm tráth a chuirtear tús leis an roghnú.

6.4

Athchóiriú 2.

Rialachas agus bainistiú feabhsaithe fiontar faoi úinéireacht stáit

Corparáidiú fiontar tábhachtach faoi úinéireacht stáit

R3

2026

Déanfar 15 fhiontar faoi úinéireacht stáit ar a laghad ó liosta na bpríomhfhiontar is tábhachtaí faoi úinéireacht stáit arna bhformheas le cinneadh prótacail ón gComhaireacht a chorparáidiú mar chuideachtaí comhstoic nó mar chuideachtaí faoi dhliteanas teoranta.

6.5

Athchóiriú 2.

Rialachas agus bainistiú feabhsaithe fiontar faoi úinéireacht stáit

Tuarascáil a chur isteach ina léirítear go gcloítear go cuí le prionsabail an rialachais chorparáidigh

R4

2027

Roinnfear leis an gCoimisiún Eorpach an chéad tuarascáil bhliantúil ina mbeidh na torthaí airgeadais agus oibríochtúla lena léireofar go gcomhlíontar prionsabail an rialachais chorparáidigh go cuí. Déantar measúnú sa tuarascáil freisin ar neamhspleáchas chinnteoireacht na mBord maoirseachta, go háirithe in 15 fhiontar faoi úinéireacht stáit ar a laghad ó liosta na bpríomhfhiontar faoi úinéireacht stáit, lena n-áirítear an gá toiliú de facto ón rialtas le cinntí maidir le hábhair straitéiseacha agus ceapacháin bhainistíochta.

Roimh an iniúchadh, déanfar na príomhphrionsabail seo a leanas maidir le rialachas corparáideach a chur i bhfeidhm agus a fhorfheidhmiú:

—

saineofar róil na Comh-Aireachta Airí, na hAireachta Airgeadais, na hAireachta Geilleagair go soiléir, agus forfheidhmeofar maoirseacht na Parlaiminte;

—

saineofar sainordú agus raon feidhme na n-eintiteas bainistíochta comhdhlúite um fhiontair faoi úinéireacht stáit go soiléir i gcomhréir iomlán leis an mBeartas um Úinéireacht Stáit;

—

tá breithnithe bainistíochta airgeadais phoiblí leabaithe i gcairteacha na bhfiontar is tábhachtaí faoi úinéireacht stáit (agus, más gá, i gcairteacha eintitis bhainistíochta comhdhlúite na bhfiontar faoi úinéireacht stáit);

—

leasaítear, nuair is gá, cairteacha na bhfiontar is tábhachtaí faoi úinéireacht stáit, i gcomhréir le prionsabail athchóirithe an rialachais chorparáidigh, lena n-áirítear é sin a dhéanamh chun neamhspleáchas na mbord maoirseachta a áirithiú agus iad i mbun cinnteoireachta.

6.6

Athchóiriú 3.

Deighilt na gcuntas idir gníomhaíochtaí oibleagáidí seirbhíse poiblí (PSO) agus gníomhaíochtaí neamh-PSO i bhfiontair faoi úinéireacht stáit

An Treochlár um oibleagáidí seirbhíse poiblí agus gníomhaíochtaí neamh-PSO a dheighilt ó chéile

R1

2025

An Treochlár a ghlacadh agus a fhoilsiú ina saineofar na bearta is gá chun cuntais a dheighilt go struchtúrach ar bhonn éigeantach idir gníomhaíochtaí PSO agus gníomhaíochtaí neamh-PSO le haghaidh gach fiontair faoi úinéireacht stáit atá ag gabháil do PSOnna. Tá an Treochlár bunaithe ar an leibhéal reatha glactha le cuir chuige cuntasaíochta is gá a sainaithníodh agus áirítear ann bearta oibríochtúla chun cuntais a dheighilt le haghaidh cuideachtaí atá ag céimeanna éagsúla de chur chun feidhme na n-athruithe is gá. Déantar cur síos sa Treochlár ar an gcaoi a ndéanfar deighilt na gcuntas idir gníomhaíochtaí PSO agus gníomhaíochtaí neamh-PSO sna príomhfhiontair is tábhachtaí uile faoi úinéireacht stáit a formheasadh leis an gcinneadh prótacail ón gComh-Aireacht Airí.

6.7

Athchóiriú 3.

Deighilt na gcuntas idir gníomhaíochtaí oibleagáidí seirbhíse poiblí (PSO) agus gníomhaíochtaí neamh-PSO i bhfiontair faoi úinéireacht stáit

Teacht i bhfeidhm na reachtaíochta maidir le deighilt gníomhaíochtaí PSO agus gníomhaíochtaí neamh-PSO

R4

2025

Teacht i bhfeidhm na reachtaíochta a shainaithnítear sa Treochlár a glacadh faoi bheart 6.6 chun ailíniú le Treoir 2006/111 ón gCoimisiún Eorpach, lena n-áiritheofar go ndéanfar díchuachadh struchtúrach sainordaitheach na gcuntas idir gníomhaíochtaí PSO agus gníomhaíochtaí neamh-PSO a shainiú agus a chur chun feidhme sna príomhfhiontair is tábhachtaí uile faoi úinéireacht stáit a fhormheastar leis an gcinneadh prótacail ón gComh-Aireacht Airí atá ag gabháil do PSOnna.

6.8

Athchóiriú 3.

Deighilt na gcuntas idir gníomhaíochtaí oibleagáidí seirbhíse poiblí (PSO) agus gníomhaíochtaí neamh-PSO i bhfiontair faoi úinéireacht stáit

Tuarascáil iniúchóireachta lena ndearbhófar deighilt gníomhaíochtaí PSO agus gníomhaíochtaí neamh-PSO a thíolacadh

R3

2027

Tuarascáil iniúchóireachta neamhspleáiche a thíolacadh, ar tuarascáil í a rinne cuideachta iniúchóireachta atá mar chuid den líonra iniúchóireachta idirnáisiúnta agus, de réir na reachtaíochta náisiúnta, a bhfuil sé de cheart aici iniúchadh éigeantach a dhéanamh ar ráitis airgeadais fiontar lena mbaineann leas an phobail. Sa tuarascáil sin tá measúnú mionsonraithe ar na réimsí seo a leanas le haghaidh na bpríomhfhiontar is tábhachtaí faoi úinéireacht stáit a formheasadh leis an gcinneadh prótacail ón gComh-Aireacht Airí, atá ag gabháil do PSO:

—

deighilt cuntas a chur chun feidhme;

—

comhlíonadh margaidh maidir le tras-fhóirdheonú;

—

sainmhíniú ar oibleagáidí seirbhíse poiblí le haghaidh gach fiontair faoi úinéireacht stáit;

—

costais, sreafaí airgeadais agus dliteanais a eascraíonn as oibleagáidí Seirbhíse Poiblí.

6.9

Athchóiriú 4.

Creat rialaithe feabhsaithe um státchabhair

Teacht i bhfeidhm na reachtaíochta cothrom le dáta maidir an státchabhair agus atosú iomlán chur i bhfeidhm an rialaithe státchabhrach

R4

2025

Teacht i bhfeidhm na reachtaíochta a tugadh cothrom le dáta maidir le státchabhair, lena n-áirítear forálacha i ndáil le seirbhísí ar mhaithe leis an leas eacnamaíoch i gcoitinne, mar aon le neamhfhionraíocht iomlán i gcás chur i bhfeidhm an rialaithe státchabhrach ag Coiste Frithmhonaplachta na hÚcráine, cé is moite d’athchaipitliú an Stáit ar bhainc a bhfuil tábhacht shistéamach leo agus a bhfuil imréiteach rúndachta stáit acu chun an tionscal cosanta a mhaoiniú ar feadh ré an dlí airm. Ceadófar leis an dlí freisin scéimeanna cabhrach sonracha iomchuí chun tacaíocht a thabhairt do FBManna dá bhforáiltear faoin dlí airm.

C.7.   CAIPITEAL DAONNA

1.   Tuairisc ar Athchóirithe agus Infheistíochtaí

Is é is cuspóir don chaibidil seo athchóirithe a chur i láthair a mheastar is gá chun stop a chur le creimeadh an chaipitil dhaonna atá ar siúl le blianta beaga anuas, agus ag an am céanna bonn a leagan síos do phróiseas inbhuanaithe téarnaimh, atógála agus nuachóirithe.

Athchóiriú 1. Feabhas a chur ar an ngairmoideachas

Is é is cuspóir don athchóiriú seo a áirithiú go gcomhlíonfaidh an t-oideachas riachtanais an mhargaidh saothair agus théarnamh na tíre trí acmhainneacht institiúideach na n-eintiteas oideachais a leathnú chun gairmoideachas foirmiúil agus neamhfhoirmiúil a chur ar fáil, agus an caidreamh idir institiúidí gairmoideachais agus páirtithe leasmhara náisiúnta/áitiúla agus idirnáisiúnta a rialáil ar mhaithe le forbairt inbhuanaithe an chaipitil dhaonna san Úcráin.

Tá beart amháin ag baint leis an athchóiriú. Is é atá i gceist leis teacht i bhfeidhm na reachtaíochta maidir leis an ngairmoideachas.

Tá coinne leis go dtabharfar an t-athchóiriú i gcrích faoiR2 2025.

Athchóiriú 2. Feabhas a chur ar oideachas réamh-bhunscoile

Is é is cuspóir don athchóiriú seo rochtain ar oideachas réamh-bhunscoile ar ardchaighdeán a áirithiú agus tá sé d’aidhm ag an athchóiriú freisin rannpháirtíocht na mban a bhfuil leanaí réamh-bhunscoile acu sa mhargadh saothair a mhéadú.

Tá beart amháin ag baint leis an athchóiriú. Is é atá i gceist leis teacht i bhfeidhm na reachtaíochta maidir leis an oideachas réamh-bhunscoile.

Tá coinne leis go dtabharfar an t-athchóiriú i gcrích faoi R1 2025.

Athchóiriú 3. Córas feabhsaithe athshlánaithe le haghaidh daoine faoi mhíchumas

Is é is cuspóir don athchóiriú seo feabhas a chur ar an gcóras athshlánúcháin agus measúnú níos leithne a dhéanamh ar riachtanais na ndaoine trí chóras leictreonach nua.

Tá beart amháin ag baint leis an athchóiriú. Is é atá i gceist leis teacht i bhfeidhm reachtaíochta chun ailíniú le caighdeáin idirnáisiúnta chun feidhmiú, míchumas agus sláinte a thomhas, agus chun córas leictreonach a thabhairt isteach ina mbeidh faisnéis faoi riachtanais an duine aonair agus a thairgfidh seirbhísí go huathoibríoch i gcomhréir leis na riachtanais shainaitheanta.

Tá coinne leis go dtabharfar an t-athchóiriú i gcrích faoi R4 2026.

Athchóiriú 4. Aistriú ó sheirbhís mhíleata chuig saol sibhialtach

Is é is cuspóir don athchóiriú seo an t-aistriú ó sheirbhís mhíleata chuig saol sibhialtach a éascú, lena n-áireofar rannpháirtíocht ghníomhach sa saol sóisialta agus eacnamaíoch.

Tá beart amháin ag baint leis an athchóiriú, mar atá teacht i bhfeidhm na mbeart reachtach is gá chun an córas aistrithe agus seirbhísí gaolmhara a chur chun feidhme.

Tá coinne leis go dtabharfar an t-athchóiriú i gcrích faoi R3 2026.

Athchóiriú 5. Feabhas a chur ar an mbonneagar sóisialta agus ar an dí-institiúidiú

Is é is cuspóir don athchóiriú seo feabhas a chur ar fholláine leanaí, daoine faoi mhíchumas, agus daoine scothaosta sa chóras cúraim phoiblí.

Tá beart amháin ag baint leis an athchóiriú. Is é atá i gceist leis dhá straitéis a ghlacadh chun institiúidí sícinéareolaíocha agus institiúidí cónaithe eile a athchóiriú agus chun cúram do leanaí, do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine scothaosta a dhí-institiúidiú.

Tá coinne leis go dtabharfar an t-athchóiriú i gcrích faoi R4 2024.

Athchóiriú 6. Feabhas a chur ar fheidhmiú an mhargaidh saothair

Is é is cuspóir don athchóiriú seo cur le feidhmiú feabhsaithe an mhargaidh saothair.

Tá dhá bheart ag baint leis an athchóiriú. Ar an gcéad dul síos, glacfar straitéis arb é is aidhm di staid dhéimeagrafach na hÚcráine go dtí 2040 a fheabhsú, lena n-áireofar básmhaireacht anabaí a laghdú, agus treochtaí diúltacha imirce a shárú. Ar an dara dul síos, glacfar straitéis fostaíochta daonra ina mbeartófar bearta chun coinníollacha mhargadh saothair na hÚcráine a thabhairt cothrom le dáta, amhail rochtain shimplithe ar an margadh saothair, agus seirbhís athchóirithe fostaíochta stáit.

Tá coinne leis go dtabharfar an t-athchóiriú i gcrích faoi R2 2026.

Athchóiriú 7. Rochtain ar thithíocht a áirithiú le haghaidh daoine atá i ngátar

Is é is cuspóir don athchóiriú seo creat a fhorbairt le haghaidh córas tithíochta sóisialta.

Tá dhá bheart ag baint leis an athchóiriú. Ar an gcéad dul síos, tiocfaidh reachtaíocht i bhfeidhm lena leagfar síos príomhthosaíochtaí do bheartas tithíochta na hÚcráine, amhail an gá atá le trédhearcacht, inrochtaineacht do na grúpaí is leochailí, nó scéimeanna tacaíochta a chruthú. Ar an dara dul síos, tiocfaidh reachtaíocht i bhfeidhm lena mbunófar tithíocht shóisialta.

Tá coinne leis go dtabharfar an t-athchóiriú i gcrích faoi R4 2026.

Athchóiriú 8. Feabhas a chur ar an tslándáil shóisialta

Is é is cuspóir don athchóiriú seo soláthar seirbhísí sóisialta poiblí a fheabhsú, trí shásraí a thabhairt isteach chun seirbhísí sóisialta áirithe a fháil ó sholáthraithe cláraithe.

Tá beart amháin ag baint leis an athchóiriú. Is é atá i gceist leis rún a ghlacadh lena ndéanfar athchóiriú ar an gcóras soláthair sóisialta le haghaidh seirbhísí sóisialta, lena n-athrófar an tsamhail mhaoiniúcháin go samhail cheannaigh seirbhísí sóisialta a bheidh dírithe ar thorthaí, agus lena ndreasófar soláthar seirbhísí sóisialta nach maoiníonn an pobal de ghnáth.

Tá coinne leis go dtabharfar an t-athchóiriú i gcrích faoi R2 2025.

Athchóiriú 9. Forbairt fheabhsaithe cultúir

Is é is cuspóir don athchóiriú seo oidhreacht chultúrtha na hÚcráine a chur chun cinn.

Tá beart amháin ag baint leis an athchóiriú. Is é atá i gceist leis straitéis a ghlacadh lena leagfar síos spriocanna tosaíochta amhail cáilíocht agus inrochtaineacht thairiscint chultúrtha na hÚcráine a fheabhsú, chomh maith le fothú acmhainneachta d’institiúidí cultúrtha na hÚcráine.

Tá coinne leis go dtabharfar an t-athchóiriú i gcrích faoi R1 2025.

Infheistíocht 1. Infheistíochtaí san oideachas

Is é cuspóir na hinfheistíochta seo feabhas a chur ar an rochtain ar oideachas poiblí sábháilte ar ardchaighdeán.

Tá dhá bheart ag baint leis an infheistíocht. Ar an gcéad dul síos, baineann sé le EUR 300 milliún ar a laghad i bpraghsanna reatha (i gcoibhéis UAH) a bhuiséadú chun feabhas a chur ar an rochtain ar oideachas sábháilte ar ardcháilíocht le haghaidh na mblianta 2024 agus 2025. Ar an dara dul síos, baineann sé le EUR 650 milliún ar a laghad (i gcoibhéis UAH) a bhuiséadú chun feabhas a chur ar an rochtain ar oideachas sábháilte ar ardcháilíocht le haghaidh na mblianta 2024, 2025, 2026 agus 2027.

Tá coinne leis go dtabharfar an infheistíocht i gcrích faoi R4 2027.

Infheistíocht 2. Infheistíochtaí i gcúram sláinte

Is é is cuspóir don infheistíocht seo feabhas a chur ar chóras cúraim sláinte poiblí na hÚcráine.

Tá dhá bheart ag baint leis an infheistíocht. Ar an gcéad dul síos, baineann sé le EUR 200 milliún ar a laghad i bpraghsanna reatha (i gcoibhéis UAH) a bhuiséadú chun an bonneagar agus na saoráidí cúraim sláinte a neartú, seirbhísí cúraim sláinte a dhigitiú, agus trealamh le haghaidh anailís leighis, máinliachta agus cúram othar a sholáthar le haghaidh na mblianta 2024 agus 2025. Ar an dara dul síos, baineann sé le EUR 400 milliún ar a laghad (i gcoibhéis UAH) a bhuiséadú chun an bonneagar agus na saoráidí cúraim sláinte a neartú, seirbhísí cúraim sláinte a dhigitiú, agus trealamh le haghaidh anailís leighis, máinliachta agus cúram othar a sholáthar le haghaidh na mblianta 2024, 2025, 2026 agus 2027.

Tá coinne leis go dtabharfar an infheistíocht i gcrích faoi R4 2027.

Infheistíocht 3. Infheistíochtaí sa bhonneagar sóisialta

Is é is cuspóir don infheistíocht seo bonneagar sóisialta na hÚcráine a neartú.

Tá beart amháin ag baint leis an infheistíocht. Baineann sé le EUR 350 milliún ar a laghad i bpraghsanna reatha (i gcoibhéis UAH) a bhuiséadú le haghaidh athbhunú, tógáil (tógáil nua, atógáil, ollchóiriú, athbhunú) bonneagair shóisialta a ndearnadh damáiste dó/a scriosadh.

Tá coinne leis go dtabharfar an infheistíocht i gcrích faoi R4 2027.

Infheistíocht 4. Infheistíochtaí i gcúiteamh i leith tithíocht a ndearnadh damáiste di nó a scriosadh

Is é is cuspóir don infheistíocht seo feabhas a chur ar an rochtain ar thithíocht inacmhainne agus feabhas a chur ar cháilíocht agus ar inrochtaineacht tithíochta.

Tá beart amháin ag baint leis an infheistíocht. Baineann sé le EUR 600 milliún ar a laghad i bpraghsanna reatha (i gcoibhéis UAH) a bhuiséadú le haghaidh na gcúiteamh a íoctar le daoine a ndearnadh damáiste dá dtithíocht nó ar scriosadh a dtithíocht mar thoradh ar chogadh foghach na Rúise.

Tá coinne leis go dtabharfar an infheistíocht i gcrích faoi R4 2027.

Infheistíocht 5. Infheistíochtaí i soláthar tithíochta do ghrúpaí leochaileacha sa daonra

Is é cuspóir don infheistíocht seo feabhas a chur ar an rochtain ar thithíocht inacmhainne agus feabhas a chur ar cháilíocht agus ar inrochtaineacht tithíochta agus béim ar leith á leagan ar iarshaighdiúirí, ar iarshaighdiúirí faoi mhíchumas, ar a mbaill teaghlaigh agus ar dhaoine atá easáitithe ina dtír féin.

Tá dhá bheart ag baint leis an infheistíocht. Ar an gcéad dul síos, baineann sé le EUR 200 milliún ar a laghad i bpraghsanna reatha (i gcoibhéis UAH) a bhuiséadú chun tithíocht a sholáthar do dhaoine faoi mhíchumas de ghrúpa I-II le haghaidh na mblianta 2024 agus 2025. Ar an dara dul síos, baineann sé le EUR 450 milliún ar a laghad (i gcoibhéis UAH) a bhuiséadú chun tithíocht a sholáthar do dhaoine faoi mhíchumas de ghrúpa I-II le haghaidh na mblianta 2024, 2025, 2026 agus 2027.

Tá coinne leis go dtabharfar an infheistíocht i gcrích faoi R4 2027.

2.   Liosta na mbeart agus an tráthchlár don chur chun feidhme

Uimh.

Athchóiriú / Infheistíocht

Ainm an bhirt

Amlíne

Tuairisc ar an mbeart

7.1

Athchóiriú 1.

Feabhas a chur ar an ngairmoideachas

Teacht i bhfeidhm na reachtaíochta maidir leis an ngairmoideachas

R2

2025

Teacht i bhfeidhm Dhlí na hÚcráine ‘Maidir leis an nGairmoideachas’. Leis an dlí dírítear ar na príomhréimsí seo a leanas:

—

sainítear rialacha cothroma maidir le feidhmiú eintiteas oideachais i margadh na seirbhísí oideachais i réimse an ghairmoideachais;

—

leathnófar acmhainneacht institiúideach eintiteas oideachais chun gairmoideachas foirmiúil agus neamhfhoirmiúil a sholáthar;

—

sainítear go soiléir an caidreamh idir institiúidí gairmoideachais, páirtithe leasmhara náisiúnta/áitiúla agus idirnáisiúnta maidir le forbairt inbhuanaithe an chaipitil dhaonna san Úcráin.

7.2

Athchóiriú 2.

Feabhas a chur ar oideachas réamh-bhunscoile

Teacht i bhfeidhm na reachtaíochta maidir leis an oideachas réamh-bhunscoile

R1

2025

Teacht i bhfeidhm Dhlí na hÚcráine ‘Maidir le hOideachas Réamh-bhunscoile’ i gcomhréir leis an Moladh ón gComhairle an 22 Bealtaine 2019 maidir le hOideachas Luath-Óige ar Ardchaighdeán. Leis an dlí dírítear ar na príomhréimsí seo a leanas:

—

ráthaíochtaí maidir le rochtain ar oideachas réamh-bhunscoile do leanaí atá in aois luath agus in aois na réamh-bhunscoile;

—

rialacha cothroma maidir le feidhmiú eintiteas oideachais i margadh na seirbhísí oideachais i réimse an oideachais réamh-bhunscoile;

—

dálaí oibre cuibhiúla d’fhostaithe i réimse an oideachais réamh-bhunscoile;

—

na rialacha maidir le feidhmiú líonra sholúbtha éifeachtúil de sholáthraithe oideachais réamh-bhunscoile.

7.3

Athchóiriú 3.

Córas feabhsaithe athshlánaithe le haghaidh daoine faoi mhíchumas

Teacht i bhfeidhm na reachtaíochta maidir le hathshlánú daoine faoi mhíchumas

R4

2026

Teacht i bhfeidhm an Dlí ‘Maidir le Leasuithe ar Dhlí na hÚcráine Maidir le hAthshlánú Daoine faoi Mhíchumas san Úcráin’.

Leis an dlí dírítear ar na príomhréimsí seo a leanas:

—

an tAicmiú Idirnáisiúnta ar Fheidhmiú, ar Mhíchumas agus ar Shláinte a úsáid;

—

córas leictreonach a thabhairt isteach ina bhfuil faisnéis faoi riachtanais an duine aonair agus ina dtairgtear seirbhísí go huathoibríoch i gcomhréir leis na riachtanais arna sainaithint (riachtanais shóisialta, riachtanais leighis, agus tuilleadh nach iad).

7.4

Athchóiriú 4.

Aistriú ó sheirbhís mhíleata chuig saol sibhialtach

Teacht i bhfeidhm na reachtaíochta chun córas aistrithe ón tseirbhís mhíleata chuig an saol sibhialtach a chur chun feidhme

R3

2026

Teacht i bhfeidhm Dhlí na hÚcráine maidir leis an mBeartas um Iarshaighdiúirí Stáit, lena n-áirítear córas a thabhairt isteach maidir le haistriú ón tseirbhís mhíleata go dtí an saol sibhialta. Leis an dlí díreofar ar na príomhréimsí seo a leanas:

—

athshlánú agus cúram leighis, lena n-áirítear cúnamh síceolaíoch;

—

cláir oiliúna, athoiliúna agus forbartha gairmiúla;

—

na coinníollacha is gá chun iarshaighdiúirí a fhostú mar aicme ar leithligh;

—

bearta chun tacú le gnólachtaí iarshaighdiúirí.

7.5

Athchóiriú 5.

Feabhas a chur ar an mbonneagar sóisialta agus ar an dí-institiúidiú

Glacadh na Straitéise um athchóiriú a dhéanamh ar Institiúidí Sícinéareolaíocha agus ar Ionaid chónaithe eile, agus um Dhí-institiúidiú Cúraim le haghaidh Daoine faoi Mhíchumas agus Daoine Scothaosta agus glacadh na Straitéise lena n-Áirithítear Ceart gach Linbh san Úcráin Fás Aníos i dTimpeallacht Teaghlaigh le haghaidh na tréimhse 2024-2028

R4

2024

An tOrdú ón gComh-Aireacht Airí a ghlacadh ‘Maidir le Formheas na Straitéise um Institiúidí Sícinéareolaíocha, Institiúidí Cónaithe eile a athchóiriú agus Cúram do Dhaoine faoi Mhíchumas, agus Daoine Scothaosta a Dhí-Institiúidiú’ agus an tOrdú ón gComh-Aireacht a ghlacadh ‘Maidir le Formheas na Straitéise um Ceart Gach Linbh san Úcráin chun Fás Aníos i dTimpeallacht Teaghlaigh a Áirithiú 2024-2028’. Leis na Straitéisí dírítear ar na príomhréimsí seo:

—

seirbhísí sóisialta a fhorbairt chun tacú le teaghlaigh a bhfuil leanaí acu, le daoine faoi mhíchumas agus le daoine scothaosta maireachtáil go neamhspleách sa phobal agus institiúidiú a chosc;

—

seirbhísí maireachtála cuidithe a fhorbairt do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine scothaosta a bhfuil tacaíocht bhreise de dhíth orthu;

—

cineálacha tógála teaghlachbhunaithe a sholáthar (e.g. cúram altrama, caomhnóireacht, agus uchtú) do leanaí atá fágtha gan cúram tuismitheora.

7.6

Athchóiriú 6.

Feabhas a chur ar fheidhmiú an mhargaidh saothair

Glacadh na Straitéise um Méadú Daonra le haghaidh na tréimhse suas le 2040

R3

2024

Ordú ó Chomh-Aireacht Airí na hÚcráine a ghlacadh ‘Maidir le Straitéis Dhéimeagrafach na hÚcráine le haghaidh na Tréimhse suas go dtí 2040 a Fhormheas’. Leis an Straitéis dírítear ar na príomhréimsí seo a leanas:

—

feabhas a chur ar an staid i réimse na torthúlachta;

—

básmhaireacht anabaí a laghdú, go háirithe i measc na bhfear atá in aois oibre;

—

treochtaí diúltacha imirce a shárú, trí fhilleadh imirceach éigeantais, ionadaithe ón diaspóra eachtrach a mhealladh chuig an Úcráin, etc.;

—

fad saoil gníomhach a chur chun cinn;

—

réamhchoinníollacha bonneagair agus slándála a chruthú chun feabhas a chur ar an staid dhéimeagrafach.

7.7

Athchóiriú 6.

Feabhas a chur ar fheidhmiú an mhargaidh saothair

Glacadh na Straitéise um Fhostaíocht Pobail

R2

2026

An tOrdú ó Chomh-Aireacht Airí na hÚcráine a ghlacadh maidir le formheas na Straitéise um Fhostaíocht Daonra. Leis an straitéis dírítear ar na príomhréimsí seo a leanas:

—

dálaí fabhracha fostaíochta a chruthú, lena n-áirítear na dálaí sin a chruthú trí fhiontraíocht agus béim ar leith á leagan ar mhná;

—

rochtain ar an margadh saothair a shimpliú;

—

athoiliúint agus athcháiliú;

—

seirbhís fostaíochta an stáit a athchóiriú;

—

réamhaisnéisiú an mhargaidh saothair a athchóiriú;

—

dreasachtaí chun tallann eachtrach a mhealladh chuig margadh saothair na hÚcráine mar aon le fiontraithe eachtracha, pearsanra oibre, pearsanra oibre ardoilte agus mic léinn.

7.8

Athchóiriú 7.

Rochtain ar thithíocht a áirithiú le haghaidh daoine atá i ngátar

Teacht i bhfeidhm na reachtaíochta maidir le Bunphrionsabail an Bheartais Tithíochta

R4

2025

Teacht i bhfeidhm Dhlí na hÚcráine ‘Maidir le Bunphrionsabail an Bheartais Tithíochta’. Leis an Dlí dírítear ar na príomhréimsí seo a leanas:

—

ba cheart rochtain ar thithíocht do na catagóirí saoránach is leochailí a bheith ar an bpríomhphrionsabal maidir le tithíocht a sholáthar;

—

sásraí éagsúla tacaíochta a chruthú do shaoránaigh a bhfuil acmhainní airgeadais éagsúla acu agus critéir a chinneadh maidir le rochtain a fháil ar na sásraí sin;

—

an bunús dlí a rialáil chun léas ar thithíocht chomhchoiteann a thabhairt isteach, tithíocht chomhchoiteann a ligean ar léas in éineacht leis an gceart ceannaigh;

—

córas trédhearcach a chruthú chun riachtanais tithíochta na saoránach a chlárú chun freagairt phras a áirithiú ar an leibhéal áitiúil;

—

creat trédhearcach a chruthú chun gur féidir leis an bpobal, leis an tsochaí shibhialta agus leis an bpobal idirnáisiúnta faireachán a dhéanamh.

7.9

Athchóiriú 7.

Rochtain ar thithíocht a áirithiú le haghaidh daoine atá i ngátar

Teacht i bhfeidhm na reachtaíochta maidir le Ciste Tithíochta Sóisialta

R4

2026

Teacht i bhfeidhm Dhlí na hÚcráine maidir le Leasuithe ar Dhlí na hÚcráine ‘Maidir leis an gCiste Tithíochta Sóisialta’ (nó an leagan nua den Dlí sin). Leis an Dlí dírítear ar na príomhréimsí seo a leanas:

—

creat institiúideach a bhunú chun soláthar leordhóthanach tionscadal tithíochta sóisialta a áirithiú;

—

córas trédhearcach a bhunú chun faireachán a dhéanamh ar riachtanais na saoránach chun freagairt phras ar an leibhéal áitiúil a áirithiú;

—

creat trédhearcach a bhunú chun gur féidir leis an bpobal, leis an tsochaí shibhialta agus leis an bpobal idirnáisiúnta faireachán a dhéanamh;

—

feabhas a chur ar acmhainneacht an chreata institiúidigh chun soláthar leordhóthanach tionscadal tithíochta sóisialta a áirithiú;

—

feabhas a chur ar na rialacha maidir le tithíocht shóisialta a bhunú agus a oibriú, lena n-áirítear comhlíonadh na gcaighdeán éifeachtúlachta fuinnimh, sábháilteachta agus caighdeáin eile a áirithiú.

7.10

Athchóiriú 8.

Feabhas a chur ar an tslándáil shóisialta

Glacadh an rúin maidir le soláthar seirbhísí sóisialta

R2

2025

An rún ó Chomh-Aireacht Airí na hÚcráine a ghlacadh maidir le seirbhísí sóisialta a cheannach ar chostas bhuiséad an stáit. Tá an Rún neodrach ó thaobh cúrsaí fioscacha de agus ní dhéanann sé difear ar bhealach ar bith d’inbhuanaitheacht fiachais na hÚcráine agus dírítear leis ar na príomhréimsí seo:

—

aistriú ó institiúidí maoiniúcháin go samhail cheannaigh le haghaidh seirbhísí sóisialta atá dírithe ar thorthaí;

—

sásra a thabhairt isteach chun seirbhísí sóisialta áirithe a cheannach ó sholáthraithe cláraithe seirbhísí sóisialta, idir sholáthraithe poiblí agus soláthraithe príobháideacha, bunaithe ar chaighdeáin agus ar chritéir sheanbhunaithe seirbhíse sóisialta do sholáthraithe.

7.11

Athchóiriú 9.

Forbairt fheabhsaithe cultúir

Glacadh na Straitéise um Chultúr na hÚcráine a Fhorbairt

R1

2025

Ordú ón gComh-Aireacht Airí a ghlacadh lena bhformheastar an Straitéis um Chultúr na hÚcráine a Fhorbairt. Leis an straitéis dírítear ar na príomhréimsí seo a leanas:

—

oidhreacht agus maoin chultúrtha mhuintir na hÚcráine a chaomhnú, a choimirciú agus a chur chun cinn mar chuid lárnach den chomhlimistéar cultúrtha Eorpach, cuimhneachán náisiúnta a chaomhnú;

—

seirbhísí agus deiseanna cultúrtha inrochtana ar ardchaighdeán a chur ar fáil ar mhaithe le féinréadú cruthaitheach daoine;

—

fothú acmhainneachta institiúidí cultúrtha na hÚcráine chun inrochtaineacht a fheabhsú, dea-chleachtais na rannpháirtíochta cultúrtha a roinnt, agus caidreamh cultúrtha idirnáisiúnta a neartú;

—

tacaíocht d’earnáil na dtionscal cruthaitheach mar spreagadh don nuálaíocht shóisialta agus don fhostaíocht, feabhas a chur ar acmhainneachtaí institiúideacha na dtionscal cruthaitheach.

7.12

Infheistíocht 1. Infheistíochtaí san oideachas

Infheistíochtaí dar luach EUR 300 milliún ar a laghad san oideachas

R2

2026

Tuarascáil eatramhach ón rialtas (nó tuarascáil ón Státchiste) ina léirítear gur bhuiséadaigh an rialtas ginearálta go háirithe i mBuiséid an Stáit le haghaidh 2024 agus 2025, le haghaidh na leibhéal réigiúnach agus áitiúil (mar chuid de bheart 9.7), ar a laghad EUR 300 milliún (i gcoibhéis UAH) chun feabhas a chur ar an rochtain ar oideachas sábháilte ar ardcháilíocht, lena n-áirítear oideachas réamh-bhunscoile i gcomhréir leis an reachtaíocht nua maidir leis an oideachas réamh-bhunscoile, i measc rudaí eile, le haghaidh na nithe seo a leanas:

—

foscadáin agus dálaí sábháilte i bhforais oideachais;

—

busanna scoile;

—

modh teagaisc nua-aimseartha, lena n-áirítear modh teagaisc trí bhíthin an digitithe;

—

ábhair agus trealamh d’fhorais oideachais;

—

cothú ardcháilíochta;

—

ceardlanna agus saotharlanna a bhunú in institiúidí oideachais;

—

feabhas a chur ar éifeachtúlacht fuinnimh foirgneamh oideachais.

7.13

Infheistíocht 1. Infheistíochtaí san oideachas

Infheistíochtaí dar luach EUR 650 milliún ar a laghad san oideachas

R4

2027

Tuarascáil chríochnaitheach ón rialtas (nó tuarascáil ón Státchiste) ina léirítear gur bhuiséadaigh an rialtas ginearálta i mBuiséid an Stáit le haghaidh 2024, 2025, 2026 agus 2027 go háirithe, le haghaidh na leibhéal réigiúnach agus áitiúil (mar chuid de bheart 9.8) EUR 650 milliún ar a laghad (i gcoibhéis UAH) chun feabhas a chur ar an rochtain ar oideachas sábháilte ardcháilíochta, lena n-áirítear oideachas réamh-bhunscoile i gcomhréir leis an reachtaíocht nua maidir le hoideachas réamh-bhunscoile, i measc rudaí eile, le haghaidh na nithe seo a leanas:

—

foscadáin agus dálaí sábháilte i bhforais oideachais;

—

busanna scoile;

—

modh teagaisc nua-aimseartha, lena n-áirítear modh teagaisc trí bhíthin an digitithe;

—

ábhair agus trealamh d’fhorais oideachais;

—

cothú ardcháilíochta;

—

ceardlanna agus saotharlanna a bhunú in institiúidí oideachais;

—

feabhas a chur ar éifeachtúlacht fuinnimh foirgneamh oideachais.

7.14

Infheistíocht 2.

Infheistíochtaí i gcúram sláinte

Infheistíochtaí dar luach EUR 200 milliún ar a laghad sa chúram sláinte

R2

2026

Tuarascáil eatramhach ón rialtas (nó tuarascáil ón Státchiste) ina léirítear gur bhuiséadaigh an rialtas ginearálta i mBuiséid an Stáit le haghaidh 2024 agus 2025, EUR 200 milliún ar a laghad (i gcoibhéis UAH), a ndéanfar cuid den mhéid sin a bhuiséadú le haghaidh an leibhéil réigiúnaigh (mar chuid de bheart 9.7), chun cúram sláinte a neartú, i measc rudaí eile, le haghaidh na nithe seo a leanas:

—

trealamh saotharlainne le haghaidh anailís mhicribhitheolaíoch, cheimiceach agus fhisiceach;

—

foscadáin agus bearta sábháilteachta le haghaidh saoráidí cúraim sláinte;

—

trealamh ospidéil le haghaidh anailís leighis, máinliachta, agus cúram othar;

—

bonneagar agus saoráidí cúraim sláinte;

—

Córais TF chun feabhas a chur ar éifeachtúlacht agus éifeachtacht seirbhísí cúraim sláinte.

7.15

Infheistíocht 2.

Infheistíochtaí i gcúram sláinte

Infheistíochtaí dar luach EUR 400 milliún ar a laghad sa chúram sláinte

R4

2027

Tuarascáil chríochnaitheach ón rialtas (nó tuarascáil ón Státchiste) ina léirítear gur bhuiséadaigh an rialtas ginearálta i mBuiséid an Stáit le haghaidh 2024, 2025, 2026, agus 2027, EUR 400 milliún ar a laghad (i gcoibhéis UAH), a ndéanfar cuid den mhéid sin a bhuiséadú le haghaidh an leibhéil réigiúnaigh (mar chuid de bheart 9.8), chun cúram sláinte a neartú, i measc rudaí eile, le haghaidh na nithe seo a leanas:

—

trealamh saotharlainne le haghaidh anailís mhicribhitheolaíoch, cheimiceach agus fhisiceach;

—

foscadáin agus bearta sábháilteachta le haghaidh saoráidí cúraim sláinte;

—

trealamh ospidéil le haghaidh anailís leighis, máinliachta, agus cúram othar;

—

bonneagar agus saoráidí cúraim sláinte;

—

Córais TF chun feabhas a chur ar éifeachtúlacht agus éifeachtacht seirbhísí cúraim sláinte.

7.16

Infheistíocht 3.

Infheistíochtaí sa bhonneagar sóisialta

Infheistíochtaí EUR 350 milliún ar a laghad sa bhonneagar sóisialta

R4

2027

Tuarascáil chríochnaitheach ón rialtas (nó tuarascáil ón Státchiste) ina léirítear gur bhuiséadaigh an rialtas ginearálta i mBuiséid an Stáit le haghaidh 2026 agus 2027 EUR 350 milliún ar a laghad (i gcoibhéis UAH) chun bonneagar sóisialta a ndearnadh damáiste dó/a scriosadh a athbhunú, a thógáil (tógáil nua, atógáil, ollchóiriú, athchóiriú), a ndéanfar cuid den mhéid sin a bhuiséadú le haghaidh an leibhéil réigiúnaigh (mar chuid de bheart 9.8), chun deireadh a chur leis na hiarmhairtí sóisialta, eacnamaíocha agus comhshaoil a eascraíonn as ionsaí armtha Chónaidhm na Rúise in aghaidh na hÚcráine, go háirithe ar an leibhéal réigiúnach.

7.17

Infheistíocht 4.

Infheistíochtaí i gcúiteamh i leith tithíocht a ndearnadh damáiste di nó a scriosadh

Infheistíochtaí dar luach EUR 600 milliún ar a laghad le haghaidh cúiteamh airgeadais i leith tithíocht a ndearnadh damáiste di

R4

2027

Tuarascáil chríochnaitheach ón rialtas (nó tuarascáil Státchiste an Stáit) ina léireofar gur bhuiséadaigh an rialtas ginearálta i mBuiséid an Stáit le haghaidh 2026 agus 2027, EUR 600 milliún ar a laghad (i gcoibhéis UAH), le haghaidh na gcúiteamh a íocfar le daoine a ndearnadh damáiste dá dtithíocht nó ar scriosadh a dtithíocht mar thoradh ar chogaíocht, gníomhartha sceimhlitheoireachta, sabaitéireacht de bharr ionsaí míleata Chónaidhm na Rúise bunaithe ar shonraí fíoraithe ón gClár Stáit maidir le maoin a ndearnadh Damáiste di nó a scriosadh.

7.18

Infheistíocht 5. Infheistíochtaí i soláthar tithíochta do ghrúpaí leochaileacha den daonra

Infheistíochtaí dar luach EUR 200 milliún ar a laghad chun tithíocht a chur ar fáil d’iarshaighdiúirí faoi mhíchumas de na grúpaí I-II, do bhaill teaghlaigh iarshaighdiúirí éagtha agus do dhaoine easáitithe ina dtír féin

R2

2026

Tuarascáil eatramhach ón rialtas (nó tuarascáil ón Státchiste) ina léireofar gur bhuiséadaigh an Rialtas ginearálta i mBuiséid an Stáit le haghaidh 2024 agus 2025 EUR 200 milliún ar a laghad (i gcoibhéis UAH) chun tithíocht a sholáthar dóibh siúd a leanas:

—

daoine faoi mhíchumas de ghrúpaí I-II a chosain neamhspleáchas, ceannasacht agus iomláine chríochach na hÚcráine;

—

baill teaghlaigh na gcosantóirí éagtha;

—

daoine easáitithe ina dtír féin a chosain neamhspleáchas, ceannasacht agus iomláine chríochach na hÚcráine agus a mbaill teaghlaigh.

7.19

Infheistíocht 5. Infheistíochtaí i soláthar tithíochta do ghrúpaí leochaileacha den daonra

Infheistíochtaí dar luach EUR 450 milliún ar a laghad chun tithíocht a sholáthar d’iarshaighdiúirí faoi mhíchumas de ghrúpaí I-II, do bhaill teaghlaigh iarshaighdiúirí éagtha agus do dhaoine easáitithe ina dtír féin

R4

2027

Tuarascáil chríochnaitheach ón rialtas (nó tuarascáil ón Státchiste) ina léireofar gur bhuiséadaigh an Rialtas ginearálta i mBuiséid an Stáit le haghaidh 2024, 2025, 2026, agus 2027 EUR 450 milliún ar a laghad (i gcoibhéis UAH) chun tithíocht a sholáthar dóibh siúd a leanas:

—

daoine faoi mhíchumas de ghrúpaí I-II a chosain neamhspleáchas, ceannasacht agus iomláine chríochach na hÚcráine;

—

baill teaghlaigh na gcosantóirí éagtha;

—

Daoine easáitithe ina dtír féin a chosain neamhspleáchas, ceannasacht agus iomláine chríochach na hÚcráine agus a mbaill teaghlaigh.

C.8.   AN TIMPEALLACHT GHNÓ

1.   Tuairisc ar Athchóirithe agus Infheistíochtaí

Is é is cuspóir don chaibidil seo feabhas a chur ar an timpeallacht ghnó san Úcráin, agus aitheantas á thabhairt do ról na hearnála príobháidí i dtéarnamh inbhuanaithe na tíre. Tá na hathchóirithe sa chaibidil seo spriocdhírithe ar na costais a bhaineann le gnó a dhéanamh a laghdú, inter alia, trí mhaorlathas a laghdú, digitiú a mhéadú, agus rochtain ar mhaoiniú a éascú.

Athchóiriú 1. Timpeallacht Rialála Feabhsaithe

Is é is cuspóir don athchóiriú seo feabhas a chur ar an timpeallacht rialála trí dheireadh a chur le rialacháin fhorluiteacha, agus trí nósanna imeachta riaracháin a shimpliú agus a dhigitiú.

Tá dhá bheart ag baint leis an athchóiriú. Ar an gcéad dul síos, glacfar Plean Gníomhaíochta maidir le hoptamú agus digitiú rialáil na ngníomhaíochtaí eacnamaíocha in earnálacha éagsúla. Ar an dara dul síos, tiocfaidh reachtaíocht i bhfeidhm maidir le dírialáil agus simpliú coinníollacha gnó.

Tá coinne leis go dtabharfar an t-athchóiriú i gcrích faoi R4 2025.

Athchóiriú 2. Athchóiriú ar an mBiúró Slándála Eacnamaíche

Is é is cuspóir don athchóiriú seo an Biúró Slándála Eacnamaíche a athsheoladh agus a athbheochan trí shainordú níos soiléire agus próiseas oscailte, trédhearcach agus iomaíoch a sholáthar chun bainistíocht agus foireann a roghnú.

Tá beart amháin ag baint leis an athchóiriú. Baineann sé le reachtaíocht nua a theacht i bhfeidhm chun próiseas oscailte, trédhearcach agus iomaíoch (ar bhonn fiúntais) a bhunú chun bainistíocht agus foireann a roghnú, ceanglais neartaithe don choimisiún roghnúcháin, córas conartha le haghaidh fostaithe, raon feidhme soiléir agus sainiú sainordaithe, agus sásra maidir le fianú ball foirne.

Tá coinne leis go dtabharfar an t-athchóiriú i gcrích faoi R2 2024.

Athchóiriú 3. Rochtain ar mhaoiniú agus ar mhargaí

Is é is cuspóir don athchóiriú seo cuidiú leis an earnáil phríobháideach trí uirlisí éagsúla.

Tá dhá bheart ag baint leis an athchóiriú. Ar an gcéad dul síos, glacfaidh an Úcráin an Straitéis agus an Plean Gníomhaíochta um Fhiontair Bheaga agus Mheánmhéide (FBManna) lena gcur chun feidhme chun feabhas a chur ar rochtain ar mhargaí, ar mhaoiniú agus ar acmhainní eile agus ar rochtain ar eolas le haghaidh FBManna. Ar an dara dul síos, tiocfaidh leasuithe reachtacha i bhfeidhm maidir le rochtain ar na líonraí fóntais a shimpliú.

Tá coinne leis go dtabharfar an t-athchóiriú i gcrích faoi R1 2026.

Athchóiriú 4. Soláthar poiblí feabhsaithe

Is é is cuspóir don athchóiriú seo córas soláthair phoiblí na hÚcráine a neartú trí chreat reachtach atá ailínithe le acquis an Aontais.

Tá beart amháin ag baint leis an athchóiriú. Is éard atá i gceist leis an reachtaíocht soláthair phoiblí a ailíniú le acquis an Aontais, agus sin ag díriú go príomha ar threoracha maidir le soláthar poiblí clasaiceach agus ar threoracha maidir le soláthar poiblí fóntais, ar lamháltais agus ar Chomhpháirtíochtaí Príobháideacha Poiblí, ar cheanglais maidir le lipéadú fuinnimh agus éicidhearthóireacht a chur i bhfeidhm mar íoschritéir shainordaitheacha le linn an tsoláthair phoiblí, agus ar an gcóras ríomhsholáthair a fheabhsú.

Tá coinne leis go dtabharfar an t-athchóiriú i gcrích faoi R3 2027.

Athchóiriú 5. Reachtaíocht agus caighdeáin a chomhchuibhiú leis an Aontas Eorpach

Is é is cuspóir don athchóiriú seo bearta faireachais margaidh a atosú agus glacadh noirm agus caighdeáin an Aontais a éascú san Úcráin, go háirithe i réimsí na dtáirgí tionsclaíocha.

Tá dhá bheart ag baint leis an athchóiriú. Ar an gcéad dul síos, glacfar reachtaíocht maidir le bearta faireachais margaidh a atosú agus rialú le haghaidh táirgí neamhbhia. Ar an dara dul síos, déanfar caighdeáin chomhchuibhithe le haghaidh trí ghrúpa de tháirgí tionsclaíocha (meaisíní, comhoiriúnacht leictreamaighnéadach trealaimh, trealamh leictreach ísealvoltais) a aistriú ina gcaighdeáin náisiúnta.

Tá coinne leis go dtabharfar an t-athchóiriú i gcrích faoi R3 2025.

Athchóiriú 6. Aghaidh a thabhairt ar íocaíochtaí déanacha

Is é is cuspóir don athchóiriú seo a áirithiú nach gcuirfidh íocaíochtaí déanacha bac ar ghníomhaíocht ghnó.

Tá beart amháin ag baint leis an athchóiriú. Baineann sé le reachtaíocht ábhartha a ailíniú le Treoir 2011/7/AE (ar a dtugtar ‘an Treoir maidir le hÍocaíochtaí Déanacha’ freisin).

Tá coinne leis go dtabharfar an t-athchóiriú i gcrích faoi R4 2027.

Infheistíocht 1. Infheistíochtaí i dtacaíocht airgeadais do mhicrifhiontair agus do FBManna

Is é is cuspóir don infheistíocht seo a áirithiú go mbeidh rochtain ag fiontraithe ar mhaoiniú.

Tá beart amháin ag baint leis an infheistíocht. Baineann sé le EUR 450 milliún ar a laghad i bpraghsanna reatha (i gcoibhéis UAH) a bhuiséadú chun feabhas a chur ar an rochtain ar thacaíocht airgeadais do mhicrifhiontair, do FBManna, d’fheirmeoirí beaga agus meánmhéide, agus go háirithe d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide phróiseála le haghaidh na mblianta 2024, 2025, 2026 agus 2027 ar féidir iasachtú corparáideach agus deontais a áireamh iontu, iasachtaí agus deontais a leithdháilfear bunaithe ar chritéir thrédhearcacha.

Tá coinne leis go dtabharfar an infheistíocht i gcrích faoi R4 2027.

2.   Liosta na mbeart agus an tráthchlár don chur chun feidhme

Uimh.

Athchóiriú / Infheistíocht

Ainm an bhirt

Amlíne

Tuairisc ar an mbeart

8.1

Athchóiriú 1.

Timpeallacht rialála fheabhsaithe

Glacadh an Phlean Gníomhaíochta um dhírialáil

R3

2024

An tOrdú ó Chomh-Aireacht Airí na hÚcráine a ghlacadh maidir leis an bPlean Gníomhaíochta i dtaca le dírialáil a fhormheas. Leis an bPlean Gníomhaíochta, dírítear ar na príomhréimsí seo a leanas:

—

na rialacháin maidir le rochtain ar an margadh a laghdú agus a dhigitiú;

—

samhail phionósach agus dhiansmachtúil na maoirseachta stáit (rialú) a athrú go samhail choisctheach (cur chuige riosca-dhírithe);

—

an líon feidhmeanna maoirseachta agus rialaithe a laghdú.

8.2

Athchóiriú 1.

Timpeallacht rialála fheabhsaithe

Teacht i bhfeidhm na reachtaíochta i gcomhréir leis an bPlean Gníomhaíochta maidir le dírialáil in earnálacha sonracha

R4

2025

Teacht i bhfeidhm na reachtaíochta maidir le dírialáil agus simpliú coinníollacha gnó. Leis an reachtaíocht dírítear ar na príomhréimsí seo a leanas:

—

nósanna imeachta maidir le ceadanna agus ceadúnais a dhigitiú trí thionscadal turgnamhach a chur chun feidhme maidir le Córas Leictreonach Aontaithe an Stáit maidir le Doiciméid Cheada a thabhairt isteach;

—

cigireachtaí gnó a laghdú trí árachas agus iniúchadh deonach a thabhairt isteach;

—

an tsaincheist maidir le comharbas dlíthiúil doiciméad ceada agus ceadúnas a shocrú i gcás ina n-athraítear foirm eagraíochtúil agus dhlíthiúil eintitis ghnó.

8.3

Athchóiriú 2.

Athchóiriú ar Bhiúró Slándála Eacnamaíche na hÚcráine

Teacht i bhfeidhm an dlí maidir le hathbhreithniú a dhéanamh ar bhunús dlí Bhiúró Slándála Eacnamaíche na hÚcráine

R2

2024

Teacht i bhfeidhm an dlí maidir le hathbhreithniú a dhéanamh ar bhunús dlí ghníomhaíocht Bhiúró Slándála Eacnamaíche na hÚcráine. Leis an reachtaíocht nua dírítear ar na príomhréimsí seo a leanas:

—

próiseas oscailte, trédhearcach agus iomaíoch a fhorbairt chun bainistíocht agus foireann a roghnú, an ceannaire nua a roghnú ar nós imeachta ar bhonn fiúntais a shainítear sa dlí

—

ceanglais don choimisiún roghnúcháin a neartú;

—

córas conartha a thabhairt isteach le haghaidh fostaithe;

—

raon feidhme agus sainordú níos soiléire a shainiú;

—

sásra maidir le fianú ball foirne a fhorbairt.

8.4

Athchóiriú 3.

Rochtain ar mhaoiniú agus ar mhargaí.

Glacadh na Straitéise um Fhiontair Bheaga agus Mheánmhéide (FBManna) agus an Phlean Gníomhaíochta le haghaidh a cur chun feidhme

R2

2025

Glacadh an rúin ó Chomh-Aireacht Airí na hÚcráine maidir leis an Straitéis agus an Plean Gníomhaíochta um FBManna a fhormheas chun í a chur chun feidhme. Leis an straitéis dírítear ar na príomhréimsí seo a leanas:

—

rochtain ar mhargaí;

—

rochtain ar mhaoiniú agus ar acmhainní eile;

—

rochtain ar eolas.

8.5

Athchóiriú 3.

Rochtain ar mhaoiniú agus ar mhargaí.

Teacht i bhfeidhm na reachtaíochta maidir le haontachas réadmhaoine le líonraí innealtóireachta seachtracha a shimpliú agus feabhas a chur ar rialáil i réimse an iompair píblíne

R1

2026

Teacht i bhfeidhm an Dlí maidir le Leasuithe ar Ghníomhartha Reachtacha maidir le hAontachas Réadmhaoine le Líonraí Innealtóireachta Seachtracha a Shimpliú agus feabhas a chur ar rialáil i réimse an iompair phíblíne. Leis an dlí dírítear ar na príomhréimsí seo a leanas:

—

rochtain oscailte ar fhaisnéis faoi líonraí innealtóireachta seachtracha trí chláir leictreonacha phoiblí, má cheadaítear sin de bharr na staide slándála, rud a chinnfear i bhforálacha ábhartha na leasuithe ar an dlí, chomh maith le nós imeachta aontaithe chun nascadh le líonraí innealtóireachta seachtracha;

—

faisnéis faoi líonraí innealtóireachta seachtracha a chur san a áireamh i gcláir leictreonacha phoiblí d’úinéireacht stáit, má cheadaítear sin de bharr na staide slándála, rud a chinnfear i bhforálacha ábhartha an leasaithe ar an dlí;

—

faisnéis a chur isteach i gcláir leictreonacha phoiblí de mhaoin stáit maidir le criosanna cosanta líonraí innealtóireachta seachtracha.

8.6

Athchóiriú 4.

Soláthar poiblí feabhsaithe

Teacht i bhfeidhm na reachtaíochta maidir leis an reachtaíocht i réimse an tsoláthair phoiblí a chomhchuibhiú le acquis an Aontais.

R3

2027

Teacht i bhfeidhm Dhlíthe na hÚcráine lena ndéantar an reachtaíocht i réimse an tsoláthair phoiblí a ailíniú leis na nithe seo a leanas:

—

Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/18/CE;

—

Treoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir leis an soláthar a dhéanann eintitis a oibríonn in earnálacha an uisce, an fhuinnimh, an iompair agus na seirbhísí poist agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/17/CE;

—

Treoir 2014/23/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le conarthaí lamháltais a dhámhachtain;

—

Treoir 2009/81/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le comhordú na nósanna imeachta um dhámhachtain i dtaca le conarthaí áirithe oibreacha, soláthair agus seirbhíse a dhéanann údaráis chonarthacha nó eintitis chonarthacha i réimse na cosanta agus na slándála, agus lena leasaítear Treoracha 2004/17/CE agus 2004/18/CE;

—

Treoir 89/665/CEE ón gComhairle an 21 Nollaig 1989 maidir le comhordú na ndlíthe, na rialachán agus na bhforálacha riaracháin a bhaineann le cur i bhfeidhm nósanna imeachta athbhreithnithe chun conarthaí soláthair phoiblí agus oibreacha poiblí a dhámhachtain;

—

Treoir 92/13/CEE ón gComhairle an 25 Feabhra 1992 lena gcomhordaítear na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin a bhaineann le rialacha an Chomhphobail a chur i bhfeidhm maidir le nósanna imeachta soláthair eintiteas a oibríonn in earnálacha an uisce, an fhuinnimh, an iompair agus na teileachumarsáide;

—

Treoir 2007/66/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2007 lena leasaítear Treoracha 89/665/CEE agus 92/13/CEE ón gComhairle maidir le feabhas a chur ar éifeachtacht na nósanna imeachta athbhreithnithe a bhaineann le conarthaí poiblí a dhámhachtain;

—

Treoir 2014/55/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le ríomhshonrascadh sa soláthar poiblí

Leis na dlíthe sin, dírítear ar na príomhréimsí seo a leanas:

—

an reachtaíocht náisiúnta a ailíniú a thuilleadh le treoracha maidir le soláthar poiblí clasaiceach agus le treoracha maidir le soláthar poiblí fóntais, go háirithe i dtaca le raon feidhme ábhartha an Dlí maidir le Soláthar Poiblí agus díolúintí ina leith, teorannú ar rialáil soláthair nach mbaineann go díreach le riachtanais mhíleata a dhéanann custaiméirí i réimse na slándála agus na cosanta;

—

reachtaíocht náisiúnta maidir le lamháltais agus PCCanna a ailíniú a thuilleadh le acquis an Aontais;

—

cur i bhfeidhm na gceanglas maidir leis an lipéadú fuinnimh agus an éicidhearthóireacht a bheith ina íoschritéir shainordaitheacha le linn an tsoláthair phoiblí;

—

an córas ríomhsholáthair a fheabhsú, lena n-áirítear forbairt ríomhchonarthachta i gcóras Prozorro, agus idir-inoibritheacht oibríochtúil le córas DREAM agus córais TF eile stáit más infheidhme.

8.7

Athchóiriú 5.

Reachtaíocht agus caighdeáin a chomhchuibhiú leis an Aontas Eorpach

Glacadh an rúin maidir le bearta faireachais margaidh a atosú agus táirgí neamhbhia a rialú, lena n-áirítear cigireacht ar shábháilteacht táirgí

R4

2024

An Rún ó Chomh-Aireacht Airí na hÚcráine a ghlacadh maidir le Leasuithe ar an Rún an 13 Márta 2022 uimh. 303 ‘Maidir le Foirceannadh ar Bhearta Faireachais Stáit (Rialú) agus Faireachas Margaidh stáit faoi Choinníollacha an Dlí Airm’ a mhéid a bhaineann le faireachas margaidh stáit a eisiamh óna raon feidhme agus chun Rún an 3 Bealtaine 2022 uimh. 550 ‘Maidir le Rialú Stáit ar Tháirgí Neamhbhia faoi Choinníollacha an Dlí Airm a Fhoirceannadh’ chun bearta faireachais margaidh agus rialú táirgí neamhbhia a atosú, lena n-áirítear cigireachtaí sábháilteachta táirgí

8.8

Athchóiriú 5.

Reachtaíocht agus caighdeáin a chomhchuibhiú leis an Aontas Eorpach

Glacadh caighdeán comhchuibhithe le haghaidh trí ghrúpa táirgí tionsclaíocha

R3

2025

Glactar caighdeáin chomhchuibhithe le haghaidh 3 ghrúpa de tháirgí tionsclaíocha (innealra, comhoiriúnacht leictreamaighnéadach trealaimh, trealamh leictreach ísealvoltais) mar ghrúpaí náisiúnta trí mhodh aistriúcháin

8.9

Athchóiriú 6.

Aghaidh a thabhairt ar íocaíochtaí déanacha

Teacht i bhfeidhm na reachtaíochta maidir le híocaíochtaí déanacha a chomhrac

R4

2027

Teacht i bhfeidhm na leasuithe ar an reachtaíocht i gcomhréir le prionsabail Threoir 2011/7/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 maidir le cur in aghaidh íocaíochtaí déanacha in idirbhearta tráchtála (athmhúnlú)

8.10

Infheistíocht 1. Infheistíochtaí i dtacaíocht airgeadais do mhicrifhiontair agus do FBManna

Infheistíocht dar luach EUR 450 milliún ar a laghad le haghaidh tacaíocht airgeadais do mhicrifhiontair, do FBManna agus d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide phróiseála

R4

2027

Tuarascáil ón rialtas (nó tuarascáil ón Státchiste) ina léirítear gur bhuiséadaigh an rialtas ginearálta EUR 450 milliún (i gcoibhéis UAH) ar a laghad i mBuiséid an Stáit le haghaidh 2024, 2025, 2026, 2027 le haghaidh tacaíocht airgeadais do mhicrifhiontair, do FBManna, d’fheirmeoirí beaga agus meánmhéide, agus go háirithe d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide phróiseála, i gcomhréir freisin leis an Straitéis agus leis an bPlean Gníomhaíochta um FBManna nua nuair a ghlacfar iad agus i gcás inarb ábhartha, straitéis agus plean ar féidir iasachtú corparáideach agus deontais a áireamh iontu a leithdháilfear bunaithe ar chritéir thrédhearcacha. Seoltar an t-iasachtú corparáideach trí idirghabhálaithe airgeadais. Seoltar na deontais trí eintitis thiomnaithe ag a bhfuil acmhainní agus acmhainneacht iomchuí agus trí idirghabhálaithe airgeadais.

C.9.   DÍLÁRÚ AGUS BEARTAS RÉIGIÚNACH

1.   Tuairisc ar Athchóirithe agus Infheistíochtaí

Is é is cuspóir don chaibidil seo próiseas an díláraithe ar an leibhéal institiúideach agus reachtach a chur chun cinn agus forbairt an bheartais réigiúnaigh a neartú. Cuireann sé sin le leibhéal níos airde rannpháirtíochta sa phróiseas cinnteoireachta ar an leibhéal áitiúil agus tugtar de chumhacht d’eintitis rialtais réigiúnacha agus áitiúla páirt a ghlacadh sa phróiseas téarnaimh agus atógála. Leis an athchóiriú, neartaítear freisin acmhainneacht na n-eintiteas, na struchtúr agus na gcóras a úsáidfear chun tionscadail téarnaimh agus atógála a shainaithint, a chur chun feidhme agus chun meastóireacht a dhéanamh orthu.

Athchóiriú 1. Dílárú a chur chun cinn

Is é is cuspóir don athchóiriú seo creat a chur ar bun chun údaráis de chineál maorachta a dhéanamh de riarachán an stáit áitiúil agus chun dáileadh níos fearr cumhachtaí idir rialtais áitiúla agus údaráis feidhmiúcháin a áirithiú.

Tá trí bheart ag baint leis an athchóiriú. Ar an gcéad dul síos, an reachtaíocht maidir le húdaráis de chineál maorachta a dhéanamh de riarachán an stáit áitiúil, tagann sí i bhfeidhm agus cuirtear i bhfeidhm í laistigh de 12 mhí ón dáta a dhéantar an dlí airm a fhoirceannadh nó a dhíothú san Úcráin. Ar an dara dul síos, déantar staidéar ar na bearta is gá chun pearsantacht dhlítheanach a thabhairt do bhardais a fhormhuiniú agus a fhoilsiú. Ar an tríú dul síos, an reachtaíocht chun dáileadh níos fearr cumhachtaí a áirithiú idir rialtais áitiúla agus údaráis feidhmiúcháin, tiocfaidh sí i bhfeidhm agus beidh feidhm aici ar feadh 12 mhí tar éis dheireadh an dlí airm agus ó thús na tréimhse buiséid nua.

Tá coinne leis go dtabharfar an t-athchóiriú i gcrích faoi R1 2026.

Athchóiriú 2. Rannpháirtíocht mhéadaithe na saoránach sa phróiseas cinnteoireachta ar an leibhéal áitiúil

Is é is cuspóir don athchóiriú seo rannpháirtíocht na saoránach agus rannpháirtíocht ghníomhach i bpróisis chinnteoireachta áitiúla a mhéadú.

Tá beart amháin ag baint leis an athchóiriú. An dlí le haghaidh comhairliúcháin phoiblí maidir leis an mbeartas poiblí, tagann sé i bhfeidhm agus cuirtear i bhfeidhm é laistigh de 12 mhí ón dáta a dhéantar an dlí airm san Úcráin a fhoirceannadh nó a dhíothú. Leis an reachtaíocht, seoltar sásra dlíthiúil le haghaidh comhairliúcháin phoiblí le linn cheapadh agus chur chun feidhme an bheartais phoiblí, agus tugtar aghaidh ar shaincheisteanna a bhfuil tábhacht áitiúil ag baint leo.

Tá coinne leis go dtabharfar an t-athchóiriú i gcrích faoi R1 2025.

Athchóiriú 3. Beartas réigiúnach a fhorbairt agus a chur chun feidhme

Is é is cuspóir don athchóiriú seo an beartas réigiúnach a ailíniú le hiarrachtaí téarnaimh agus atógála, tríd an straitéis maidir le forbairt réigiúnach agus forbairt na pleanála uirbí a leasú ar an leibhéal áitiúil.

Tá dhá bheart ag baint leis an athchóiriú. Ar an gcéad dul síos, rúin a ghlacadh chun straitéis an Stáit um Fhorbairt Réigiúnach le haghaidh 2021-2027 a leasú. Ar an dara dul síos, glactar an rún maidir le forbairt na pleanála uirbí ar an leibhéal áitiúil chun digitiú na doiciméadachta pleanála uirbí a chothú.

Tá coinne leis go dtabharfar an t-athchóiriú i gcrích faoi R4 2024.

Infheistíocht 1. Infheistíochtaí le haghaidh riachtanais téarnaimh, atógála agus nuachóirithe údaráis fhonáisiúnta na hÚcráine

Is é is cuspóir don infheistíocht tacú le riachtanais téarnaimh, atógála agus nuachóirithe údaráis fhonáisiúnta na hÚcráine, go háirithe an féinrialtas áitiúil.

Tá dhá bheart ag baint leis an infheistíocht. Ar an gcéad dul síos, ní mór tuarascáil eatramhach a sholáthar ina léirítear gur leithdháileadh 5 % ar a laghad den tacaíocht mhaoiniúcháin neamh-inaisíoctha faoi Cholún I den tSaoráid don Úcráin ar riachtanais téarnaimh, atógála agus nuachóirithe údaráis fhonáisiúnta na hÚcráine, go háirithe an féinrialtas áitiúil le haghaidh na mblianta 2024 agus 2025. Ar an dara dul síos, ní mór tuarascáil a sholáthar ina léirítear gur leithdháileadh ar a laghad 20 % den tacaíocht mhaoiniúcháin neamh-inaisíoctha faoi Cholún I den tSaoráid don Úcráin ar riachtanais téarnaimh, atógála agus nuachóirithe údaráis fhonáisiúnta na hÚcráine, go háirithe am féinrialtas áitiúil le haghaidh na mblianta 2024, 2025, 2026 agus 2027.

Tá coinne leis go dtabharfar an infheistíocht i gcrích faoi R4 2027

2.   Liosta na mbeart agus an tráthchlár don chur chun feidhme

Uimh.

Athchóiriú / Infheistíocht

Ainm an bhirt

Amlíne

Tuairisc ar an mbeart

9.1

Athchóiriú 1.

Dílárú a chur chun cinn

Teacht i bhfeidhm na reachtaíochta maidir le hathchóiriú a dhéanamh ar eagrúchán críochach na n-údarás feidhmiúcháin san Úcráin agus cur i bhfeidhm moillithe

R1

2025

Teacht i bhfeidhm Dhlí na hÚcráine ‘Maidir le Leasuithe ar Dhlí na hÚcráine “Maidir le Riaracháin Stát Áitiúil” agus roinnt Gníomhartha Reachtacha eile de chuid na hÚcráine a mhéid a bhaineann le hAthchóiriú Eagraíocht Chríochach na nÚdarás Feidhmiúcháin san Úcráin’ agus iad a chur i bhfeidhm laistigh de 12 mhí ó dháta foirceanta nó díothaithe an dlí airm san Úcráin. Glacfar foghníomhartha dlí chun an dlí a chur chun feidhme tar éis dó teacht i bhfeidhm.

Leis an dlí dírítear ar na príomhréimsí seo a leanas:

—

údaráis de chineál maorachta a dhéanamh de riaracháin stát áitiúil chun córas cothromaithe a chruthú chun cineál dlíthiúil na ngníomhaíochtaí a dhéanann comhlachtaí féinrialtais áitiúla a áirithiú;

—

comhordú chomhlachtaí críochacha na n-údarás feidhmiúcháin lárnach a áirithiú agus beartas an stáit á chur chun feidhme acu ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal áitiúil.

9.2

Athchóiriú 1.

Dílárú a chur chun cinn

Staidéar ar na bearta is gá chun pearsantacht dhlítheanach a thabhairt do bhardais a fhormhuiniú agus a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin Aireacht Chomhphobail, Chríocha agus Fhorbairt Bonneagair na hÚcráine

R2

2025

Foilsiú thorthaí an staidéir maidir leis an deis stádas eintitis dhlítheanach a dheonú ar phobail chríochacha ar thairseach gréasáin oifigiúil Aireacht Chomhphobail, Críocha agus Forbartha Bonneagair na hÚcráine

9.3

Athchóiriú 1.

Dílárú a chur chun cinn

Teacht i bhfeidhm na reachtaíochta chun dáileadh níos fearr cumhachtaí a áirithiú idir rialtais áitiúla agus údaráis feidhmiúcháin

R1

2026

Teacht i bhfeidhm na leasuithe ar Dhlí na hÚcráine ‘Maidir le Féinrialú Áitiúil san Úcráin’ agus dlíthe earnáilsonracha a bhfuil feidhm acu laistigh de 12 mhí tar éis dheireadh an dlí airm ach tráth nach luaithe ná tús na tréimhse buiséid nua. Tá coinne leis go ndíreoidh na leasuithe reachtacha sin ar na príomhréimsí seo a leanas:

—

dáileadh feabhsaithe cumhachtaí a chur á dhéanamh idir rialtais áitiúla agus údaráis feidhmiúcháin bunaithe ar phrionsabail na coimhdeachta agus an díláraithe;

—

cuidiú le deireadh a chur le coinbhleachtaí inniúlachta idir leibhéil éagsúla údarás lárnach, réigiúnach, ceantair agus áitiúil, agus laistigh de chomhlachtaí féinrialtais áitiúla chomh maith;

—

cáilíocht chuí seirbhísí poiblí a spreagadh ar an leibhéal áitiúil agus úsáid éifeachtúil cistí buiséid.

9.4.

Athchóiriú 2.

Rannpháirtíocht mhéadaithe na saoránach sa phróiseas cinnteoireachta ar an leibhéal áitiúil

Teacht i bhfeidhm na reachtaíochta le haghaidh comhairliúcháin phoiblí maidir le beartas poiblí agus cur i bhfeidhm moillithe ag gabháil leis

R1

2025

Teacht i bhfeidhm Dhlí na hÚcráine ‘Maidir le Comhairliúcháin Phoiblí’ lena chur i bhfeidhm laistigh de 12 mhí ón dáta a ndéantar an dlí airm san Úcráin a fhoirceannadh nó a dhíothú. Leis an Dlí, lainseálfar sásra dlíthiúil le haghaidh comhairliúcháin phoiblí le linn cheapadh agus chur chun feidhme an bheartais phoiblí, agus tabharfar aghaidh ar shaincheisteanna a bhfuil tábhacht áitiúil ag baint leo, lena leagfar síos réamhchoinníollacha le haghaidh ceapadh beartas agus cinnteoireachta atá comhleanúnach, éifeachtach agus éifeachtúil.

9.5

Athchóiriú 3.

Beartas réigiúnach a fhorbairt agus a chur chun feidhme

Rúin a ghlacadh chun leasú a dhéanamh ar Straitéis an Stáit um Fhorbairt Réigiúnach le haghaidh na tréimhse 2021-2027

R3

2024

Glacadh an Rúin ó Chomh-Aireacht Airí na hÚcráine dar teideal ‘On Amendments to the State Strategy for Regional Development for 2021-2027’ [‘Maidir le Leasuithe ar an Straitéis Stáit um Fhorbairt Réigiúnach le haghaidh na tréimhse 2021-2027], arna fhormheas le Rún ó Chomh-Aireacht Airí na hÚcráine Uimh. 695 dar dáta an 5 Lúnasa 2020’. Leis an rún, dírítear ar na príomhréimsí seo a leanas:

—

rialachas il-leibhéil a fhorbairt, córas bainistíochta na forbartha réigiúnaí a chomhfhogasú do nósanna imeachta agus dea-chleachtais an Aontais;

—

comhpháirtíochtaí, comhar idirbhardasach, idir-réigiúnach agus trasteorann a chur chun cinn;

—

acmhainneacht institiúideach na bpobal críochach agus na réigiún críochach a fhorbairt ó thaobh bainistiú tionscadal, digitithe, frith-éillithe agus pleanáil straitéiseach de.

9.6

Athchóiriú 3.

Beartas réigiúnach a fhorbairt agus a chur chun feidhme

Rúin a ghlacadh chun pleanáil uirbeach a fhorbairt ar an leibhéal áitiúil

R4

2024

Na Rúin ó Chomh-Aireacht Airí na hÚcráine a ghlacadh lena bhformheastar an Nós Imeachta maidir le cadastar pleanála uirbí ar leibhéal an stáit a choinneáil ar bun, an Clár Aontaithe Stáit um Sheoltaí, an Clár Aontaithe Stáit um Fhoirgneamh agus Struchtúir, an Clár Aontaithe Stáit um Aonaid Riaracháin, lena leasaítear rúin ó Chomh-Aireacht Airí na hÚcráine lena rialaítear forbairt doiciméad pleanála uirbí i bhfoirm doiciméad leictreonach, Córas Aontaithe leictreonach an Stáit a choinneáil ar bun i réimse na tógála, an chomhtháthaithe agus idirghníomhaíocht faisnéise idir cláir agus cadastair an stáit.

9.7

Infheistíocht 1. Infheistíochtaí le haghaidh riachtanais téarnaimh, atógála agus nuachóirithe údaráis fhonáisiúnta na hÚcráine

Leithdháileadh 5 % ar a laghad den tacaíocht airgeadais neamh-inaisíoctha fhoriomlán chun freastal ar riachtanais na n-údarás fonáisiúnta maidir le téarnamh, atógáil agus nuachóiriú

R2

2026

Tuarascáil eatramhach lena léirítear go ndearnadh 5 % ar a laghad den tacaíocht airgeadais neamh-inaisíoctha faoi Cholún I a leithdháileadh ar riachtanais téarnaimh, atógála agus nuachóirithe údaráis fonáisiúnta na hÚcráine, go háirithe an féinrialtas áitiúil.

9.8

Infheistíocht 1. Infheistíochtaí le haghaidh riachtanais téarnaimh, atógála agus nuachóirithe údaráis fhonáisiúnta na hÚcráine

Leithdháileadh 20 % ar a laghad den tacaíocht airgeadais neamh-inaisíoctha fhoriomlán chun freastal ar riachtanais na n-údarás fonáisiúnta maidir le téarnamh, atógáil agus nuachóiriú

R4

2027

Tuarascáil chríochnaitheach lena gcruthaítear go ndearnadh 20 % ar a laghad den tacaíocht maoinithe neamh-inaisíoctha faoi Cholún I a leithdháileadh ar riachtanais téarnaimh, atógála agus nuachóirithe údaráis fonáisiúnta na hÚcráine, go háirithe an féinrialtas áitiúil.

C.10.   EARNÁIL AN FHUINNIMH

1.   Tuairisc ar Athchóirithe agus Infheistíochtaí

Is é is cuspóir don chaibidil seo athléimneacht agus slándáil earnáil an fhuinnimh san Úcráin a neartú, go háirithe d’fhonn aistriú chuig fuinneamh glan a éascú, lena n-áirítear trí dhíriú ar na bearta éifeachtúlachta fuinnimh, tacú le hinfheistíochtaí ón earnáil phríobháideach san fhuinneamh in-athnuaite, athchóirithe struchtúracha a chur chun cinn, agus comhtháthú chóras fuinnimh na hÚcráine le córas fuinnimh an Aontais a éascú.

Athchóiriú 1. Plean Comhtháite Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide

Is é is cuspóir don athchóiriú seo an Plean Comhtháite Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide (PCNFA) a fhormheas ina leagfar amach cuspóirí aeráidneodrachta náisiúnta, agus é mar sprioc uileghabhálach aige astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú.

Tá beart amháin ag baint leis an athchóiriú. Baineann sé leis an bPlean Comhtháite Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide a ghlacadh.

Tá coinne leis go dtabharfar an t-athchóiriú i gcrích faoi R2 2024.

Athchóiriú 2. Creat rialála feabhsaithe chun fuinneamh in-athnuaite a mhéadú agus chun oibriú cobhsaí an chórais fuinnimh a áirithiú.

Is é is cuspóir don athchóiriú seo sciar an fhuinnimh in-athnuaite i meascán fuinnimh na hÚcráine a mhéadú. Déanfar amhlaidh trí fheabhas a chur ar na dálaí maidir le fuinneamh in-athnuaite a fhorbairt ar bhonn margaidh.

Tá trí bheart ag baint leis an athchóiriú. Ar an gcéad dul síos, baineann sé le creat fuinnimh in-athnuaite margadhbhunaithe a thabhairt isteach i gcomhréir le rialacha an Aontais, lena sainítear na nósanna imeachta agus na doiciméid is gá le haghaidh ceantanna iomaíocha. Ar an dara dul síos, tagann reachtaíocht i bhfeidhm maidir leis na nósanna imeachta ceadúcháin le haghaidh infheistíochtaí san fhuinneamh in-athnuaite a chuíchóiriú agus a ghiorrú i gcomhréir le rialacha an Aontais. Ar an tríú dul síos, baineann sé le Treochlár a fhorbairt agus a fhormheas chun an Formhuirear ar Fhuinneamh In-athnuaite a dheighilt ón Taraif Tarchuir.

Tá coinne leis go dtabharfar an t-athchóiriú i gcrích faoi R4 2025.

Athchóiriú 3. Athchóiriú ar mhargadh an leictreachais

Is é is cuspóir don athchóiriú seo feabhas a chur ar an gcreat rialála le haghaidh earnáil an fhuinnimh san Úcráin, lena n-áirítear tacú le comhtháthú mhargaí na hÚcráine agus na hEorpa.

Tá ceithre bheart ag baint leis an athchóiriú. Ar an gcéad dul síos, tagann reachtaíocht i bhfeidhm lena dtrasuitear an pacáiste maidir le comhtháthú leictreachais. Ar an dara dul síos, tagann reachtaíocht i bhfeidhm lena n-athraítear an córas cánachais indírigh ar rannpháirtithe i margadh an leictreachais, reachtaíocht lena n-éascaítear cúpláil an mhargaidh i gcás margaí lá roimh ré agus margaí ionlae na stát comharsanachta agus onnmhairiú agus allmhairiú fuinnimh leictrigh. Ar an tríú dul síos, ceaptar oibreoir nua sa mhargadh leictreachais arna ainmniú ag an rialtóir. Ar an gceathrú dul síos, tagann an reachtaíocht thánaisteach i bhfeidhm maidir leis an dlí i dtaca le sláine agus trédhearcacht an mhargaidh mórdhíola fuinnimh (REMIT).

Tá coinne leis go dtabharfar an t-athchóiriú i gcrích faoi R2 2026.

Athchóiriú 4. Praghsanna leictreachais agus gáis nádúrtha a léirscaoileadh

Is é is cuspóir don athchóiriú seo na forais a leagan síos chun praghsanna a léirscaoileadh de réir a chéile, ach na dálaí a bheith oiriúnach, rud a áiritheoidh go mbeidh bearta leordhóthanacha ann chun teaghlaigh leochaileacha a chosaint.

Tá beart amháin ag baint leis an athchóiriú. Baineann sé le Treochlár a ghlacadh chun margaí gáis agus leictreachais a léirscaoileadh de réir a chéile, ina n-áireofar sraith beart sonrach a bheidh le déanamh agus an amlíne a bheidh le cur chun feidhme tar éis deireadh a chur leis an dlí airm.

Tá coinne leis go dtabharfar an t-athchóiriú i gcrích faoi R2 2026.

Athchóiriú 5. Neamhspleáchas an Choimisiúin Rialála Náisiúnta um Fhuinneamh agus um Fhóntais a áirithiú

Is é is cuspóir don athchóiriú seo neamhspleáchas an rialtóra fuinnimh a neartú agus feidhmiú agus forbairt éifeachtach na margaí in earnálacha an fhuinnimh agus na bhfóntas a áirithiú.

Tá dhá bheart ag baint leis an athchóiriú. Ar an gcéad dul síos, tiocfaidh na leasuithe reachtacha i bhfeidhm lena ndíolmhaítear cinntí an rialtóra fuinnimh ó nós imeachta clárúcháin an stáit, i gcomhréir le ceanglais threoracha ábhartha an Aontais. Ar an dara dul síos, tagann leasuithe reachtacha i bhfeidhm chun foráil a dhéanamh maidir le stádas speisialta an rialtóra a shonrú, de réir threoracha ábhartha an Aontais.

Tá coinne leis go dtabharfar an t-athchóiriú i gcrích faoi R4 2025.

Athchóiriú 6. Éifeachtúlacht fheabhsaithe i dtéamh ceantair

Is é is cuspóir don athchóiriú seo feabhas a chur ar earnáil an téimh ceantair agus féachaint le hathléimneacht an chórais fuinnimh chomhtháite a neartú, lena n-áirítear trí fheabhas a chur ar an gcreat rialála, agus trí thacú le nuachóiriú na gcuideachtaí téimh.

Tá trí bheart ag baint leis an athchóiriú. Ar an gcéad dul síos, clár eacnamaíoch spriocdhírithe an Stáit maidir le fiontair giniúna teasa a nuachóiriú le linn na tréimhse suas le 2030, glacfar an clár sin chun feabhas a chur ar sheirbhísí soláthair teasa, chun tacú le haistriú glas earnáil an fhuinnimh agus chun rialachas a neartú. Ar an dara dul síos, tiocfaidh reachtaíocht i bhfeidhm chun tacú le téamh ceantair éifeachtúil inbhuanaithe a fhorbairt trí rialacha soiléire maidir le nasc líonra agus dínasc líonra, agus maidir le feabhas a chur ar na nósanna imeachta i dtaca le fostáisiúin téimh aonair a shuiteáil i mbloic árasán. Ar an tríú dul síos, cuirfidh an Úcráin ar ceal an moratóir ar tharaifí teasa agus uisce the atá ag ardú.

Tá coinne leis go dtabharfar an t-athchóiriú i gcrích faoi R4 2026.

Athchóiriú 7. Éifeachtúlacht fuinnimh níos fearr i bhfoirgnimh phoiblí agus feabhas a chur ar nósanna imeachta soláthair phoiblí

Is é is cuspóir don athchóiriú seo feabhas a chur ar an inbhuanaitheacht fuinnimh agus tacú le hídiú fuinnimh a laghdú trí bhearta éifeachtúlachta fuinnimh a chur i bhfeidhm.

Tá dhá bheart ag baint leis an athchóiriú. Ar an gcéad dul síos, glacfaidh an Úcráin Straitéis um Nuachóiriú Teirmeach Foirgneamh go dtí 2050 agus plean Gníomhaíochta a ghabhann léi, arb é is aidhm dó feabhas a chur ar éifeachtúlacht fuinnimh na bhfoirgneamh. Ar an dara dul síos, glacfaidh an Úcráin gníomhartha dlíthiúla maidir le híosleibhéil feidhmíochta éifeachtúlachta fuinnimh a shocrú le haghaidh foirgneamh agus le haghaidh táirgí freisin a chumhdaítear le reachtaíocht an Aontais maidir le lipéadú fuinnimh, chomh maith le gníomhartha dlíthiúla maidir le haicmí leibhéal feidhmíochta éifeachtúlachta fuinnimh a shocrú le haghaidh táirgí a chumhdaítear le reachtaíocht an Aontais maidir le lipéadú fuinnimh. .

Tá coinne leis go dtabharfar an t-athchóiriú i gcrích faoi R3 2026.

Infheistíocht 1. Infheistíochtaí sa bhonneagar fuinnimh

Is é is cuspóir don infheistíocht seo bonneagar fuinnimh criticiúil a mhaoiniú chun slándáil fuinnimh a áirithiú, agus béim láidir á leagan ar éifeachtúlacht fuinnimh agus ar fhoinsí in-athnuaite a fhorbairt.

Tá beart amháin ag baint leis an infheistíocht. Baineann sé le EUR 550 milliún ar a laghad i bpraghsanna reatha (i gcoibhéis UAH) a bhuiséadú le haghaidh infheistíochtaí fuinnimh in 2026 agus 2027 chun bonneagar fuinnimh na hÚcráine a neartú, lena n-áirítear ar an leibhéal réigiúnach, agus béim á leagan ar fheabhas a chur ar éifeachtúlacht fuinnimh i dtéamh ceantair, i bhfoirgnimh phoiblí, agus san earnáil chónaithe, ar chosaint fhisiciúil bhonneagar na hÚcráine, agus ar fhoinsí fuinnimh in-athnuaite a fhorbairt.

Tá coinne leis go dtabharfar an infheistíocht i gcrích faoi R4 2027.

2.   Liosta na mbeart agus an tráthchlár don chur chun feidhme

Uimh.

Athchóiriú / Infheistíocht

Ainm an bhirt

Amlíne

Tuairisc ar an mbeart

10.1

Athchóiriú 1.

Plean Comhtháite Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide

Glacadh an Phlean Chomhtháite Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide

R2

2024

Reacht ó Chomh-Aireacht Airí na hÚcráine a ghlacadh maidir leis an bPlean Comhtháite Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide a fhormheas chun cuspóirí aeráidneodrachta náisiúnta a bhunú agus pleanáil iomchuí a áirithiú tar éis aird chuí a thabhairt ar na moltaí ón gComhphobal Fuinnimh. Sainítear sa phlean spriocanna atá le baint amach faoi 2030 maidir leis na nithe seo a leanas:

—

Laghdú ar gháis ceaptha teasa, lena n-áirítear trí shásraí praghsála carbóin margadhbhunaithe;

—

sciar an fhuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite san olltomhaltas deiridh fuinnimh;

—

an coigilteas fuinnimh sa tomhaltas deiridh fuinnimh.

10.2

Athchóiriú 2.

Creat rialála feabhsaithe chun fuinneamh in-athnuaite a mhéadú agus chun oibriú cobhsaí an chórais fuinnimh a áirithiú

Creat margadhbhunaithe le haghaidh fuinneamh in-athnuaite a thabhairt isteach

R4

2024

Teacht i bhfeidhm an chreata mhargadhbhunaithe reachtaigh agus rialála le haghaidh infheistíochtaí i bhfoinsí fuinnimh in-athnuaite i gcomhréir le rialacha an Aontais, is é sin le rá na nósanna imeachta agus na doiciméid is gá le haghaidh ceantanna iomaíocha. Tugtar an gníomh reachtach seo a leanas isteach/leasaítear an gníomh reachtach seo a leanas: An Rún ón gComh-Aireacht Airí ‘Maidir le Leasuithe ar an Rún ó Chomh-Aireacht na nAirí’ dar dáta an 29 Nollaig 2019 Uimh. 1175 maidir le Feabhas a chur ar an Nós Imeachta i dtaca le Ceantanna a Reáchtáil chun Cuótaí Tacaíochta a Dháileadh’

10.3

Athchóiriú 2.

Creat rialála feabhsaithe chun fuinneamh in-athnuaite a mhéadú agus chun oibriú cobhsaí an chórais fuinnimh a áirithiú

Teacht i bhfeidhm na reachtaíochta maidir le feabhas a chur ar nósanna imeachta ceadúcháin le haghaidh infheistíochtaí san fhuinneamh in-athnuaite

R4

2025

Teacht i bhfeidhm na reachtaíochta maidir leis na nósanna imeachta ceadúcháin le haghaidh infheistíochtaí in-athnuaite a ghiorrú i gcomhréir le rialacha an Aontais arna dtrasuí sa Chomhphobal Fuinnimh mar Mholadh 2024/1/MC-EnC ón gComhairle Aireachta an 11 Nollaig 2024 maidir le dlús a chur le himscaradh tionscadal fuinnimh in-athnuaite agus cur chun feidhme bhunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh (‘Moladh 2024/1/MC-EnC’).

10.4

Athchóiriú 2.

Creat rialála feabhsaithe chun fuinneamh in-athnuaite a mhéadú agus chun oibriú cobhsaí an chórais fuinnimh a áirithiú

An Treochlár a ghlacadh um próiseas chun an Formhuirear Fuinnimh In-athnuaite a dheighilt ón Taraif Tharchuir

R2

2025

An Treochlár a ghlacadh um próiseas chun an Formhuirear Fuinnimh In-athnuaite a dheighilt ón Taraif Tharchuir agus gníomhartha reachtacha agus téarmaí cur chun feidhme a bhfuil gá leo a shainaithint.

10.5

Athchóiriú 3.

Athchóiriú ar mhargadh an leictreachais

Teacht i bhfeidhm an Dlí maidir leis an bpacáiste i dtaca le comhtháthú leictreachais a thrasuí

R3

2025

Teacht i bhfeidhm an Dlí maidir le trasuí an phacáiste maidir le comhtháthú leictreachais, lena ndéantar reachtaíocht náisiúnta na hÚcráine a ailíniú leis an bpacáiste maidir le comhtháthú leictreachais, mar a ionchorpraíodh é in acquis an Chomhphobail Fuinnimh i mí na Nollag 2022. Leis an bpacáiste maidir le comhtháthú leictreachais, déantar reachtaíocht a chomhfhogasú i gcomhréir leis na gníomhartha agus na cóid ghréasáin agus na treoirlínte seo a leanas:

—

Treoir (AE) 2019/944 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir le rialacha comhchoiteanna don mhargadh inmheánach don leictreachas agus lena leasaítear Treoir 2012/27/AE (athmhúnlú)

—

Rialachán (AE) 2019/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir leis an margadh inmheánach don leictreachas (athmhúnlú);

—

Rialachán (AE) 2019/941 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir le riosca-ullmhacht in earnáil an leictreachais agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/89/CE;

—

Rialachán (AE) 2019/942 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 lena mbunaítear Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (athmhúnlú).

—

leis na cúig Chód Líonra agus leis na Treoirlínte, bunaítear rialacha mionsonraithe a bhaineann le deighleoga margaidh éagsúla agus le hoibríocht an chórais:

—

Rialachán (AE) 2016/1719 ón gCoimisiún an 26 Meán Fómhair 2016 lena mbunaítear treoirlíne maidir le leithdháileadh acmhainne fadtréimhseach;

—

Rialachán (AE) 2015/1222 ón gCoimisiún an 24 Iúil 2015 lena mbunaítear treoirlíne maidir le leithdháileadh acmhainne agus bainistiú ar phlódú;

—

Rialachán (AE) 2017/2195 ón gCoimisiún an 23 Samhain 2017 lena mbunaítear treoirlíne maidir le cothromúchán leictreachais;

—

Rialachán (AE) 2017/1485 ón gCoimisiún an 2 Lúnasa 2017 lena mbunaítear treoirlíne maidir le hoibríocht córas tarchurtha leictreachais;

—

Rialachán (AE) 2017/2196 ón gCoimisiún an 24 Samhain 2017 lena mbunaítear cód líonra maidir le héigeandálaí leictreachais agus athbhunú leictreachais.

10.6

Athchóiriú 3.

Athchóiriú ar mhargadh an leictreachais

Teacht i bhfeidhm na reachtaíochta maidir leis na coinníollacha i dtaca le cánachas ar rannpháirtithe sa mhargadh leictreachais a athrú

R2

2026

Teacht i bhfeidhm na reachtaíochta lena n-athraítear an córas maidir le cánachais indíreach ar rannpháirtithe sa mhargadh leictreachais, chun margadhchúpláil na margaí lá roimh ré agus na margaí ionlae le margaí lá roimh ré agus margaí ionlae stát comharsanachta a éascú, agus lena n-athraítear freisin oibríochtaí a bhaineann le honnmhairiú agus allmhairiú fuinnimh leictrigh faoi chuimsiú chur chun feidhme reachtaíocht an Chomhphobail Fuinnimh a tugadh isteach leis an gcinneadh ó Chomhairle Airí an Aontais dar dáta an 15.12.2022 Uimh. D/2022/03/MC-En, is é sin chun Cód Cánach na hÚcráine agus Cód Custaim na hÚcráine a leasú chun comhtháthú margaidh agus margadhchúpláil a chumasú. Cuirfear bailchríoch ar liosta na ndlíthe sonracha tar éis ghlacadh an dlí bhunúsaigh i dtaca leis an bPacáiste maidir le Chomhtháthú Leictreachais a thrasuí.

10.7

Athchóiriú 3.

Athchóiriú ar mhargadh an leictreachais

Oibreoir nua sa mhargadh leictreachais a cheapadh

R4

2025

Oibreoir ainmnithe sa mhargadh leictreachais a cheapadh arna ainmniú ag an gCoimisiún Rialála Náisiúnta um Fhuinneamh agus um Fhóntais (NEURC).

10.8

Athchóiriú 3.

Athchóiriú ar mhargadh an leictreachais

Teacht i bhfeidhm na reachtaíochta tánaistí a bhaineann leis an Rialachán i dtaca leis an dlí maidir le Sláine agus Trédhearcacht an Mhargaidh Fuinnimh Mhórdhíola (REMIT)

R3

2024

Teacht i bhfeidhm na reachtaíochta tánaistí maidir le dlí REMIT. Formheasann NEURC na nósanna imeachta agus na ceanglais seo:

—

an nós imeachta maidir le stádas riarthóra aistrithe sonraí a fháil, a chur ar fionraí agus a fhoirceannadh;

—

an nós imeachta maidir le feidhmiú ardán faisnéise ón taobh istigh;

—

ceanglais chun sláine agus trédhearcacht a áirithiú sa mhargadh mórdhíola fuinnimh;

—

an nós imeachta maidir le Faisnéis a Chur Isteach faoi Idirbhearta Eacnamaíocha agus Trádála le Táirgí Fuinnimh Mórdhíola

Na Téarmaí Tagartha a ullmhú chun córas faisnéise a fhorbairt lena sainítear na feidhmeanna seo a leanas de chuid NEURC:

—

comhtháthófar an córas le córais oibreoirí margaidh, le hardáin faisnéise ón taobh istigh, le riarthóirí aistrithe sonraí agus braithfidh sé faisnéis a léiríonn go bhfuil mí-úsáid ann.

10.9

Athchóiriú 4.

Praghsanna leictreachais agus gáis nádúrtha a léirscaoileadh

Treochlár a ghlacadh chun an margadh gáis agus leictreachais a léirscaoileadh de réir a chéile, ar Treochlár é a bheidh le cur chun feidhme tar éis dhul in éag an dlí airm

R2

2026

Treochlár a ghlacadh chun an margadh gáis agus leictreachais a léirscaoileadh de réir a chéile ag Comh-Aireacht Airí na hÚcráine ina bhfuil bearta le déanamh agus an amlíne a ghabhann leis, a bheidh le cur chun feidhme tar éis don dlí airm dul in éag. Tá an Treochlár bunaithe ar an anailís theicniúil chun staid airgeadais na hearnála a thuiscint. Sa Treochlár, dírítear ar na príomhréimsí seo a leanas:

—

na bearta is gá chun na PSOnna a athchóiriú chun praghsanna an mhargaidh a léirscaoileadh de réir a chéile, a luaithe a chuirfear deireadh leis an dlí míleata;

—

na bearta atá le déanamh chun a áirithiú go dtabharfar cosaint leordhóthanach do thomhaltóirí leochaileacha a luaithe a léirscaoiltear na praghsanna le haghaidh teaghlach, lena n-áirítear dearadh nua an chórais fóirdheontais le haghaidh tomhaltóirí leochaileacha lena gcuirtear feabhas ar an spriocdhíriú agus lena n-áirithítear leibhéil leordhóthanacha cosanta, chomh maith le réamhbhearta a bheidh le cur chun feidhme roimh dheireadh an dlí airm, mar atá pobal leochaileach agus an réiteach digiteach lena mbaineann a shainaithint.

10.10

Athchóiriú 5.

Neamhspleáchas an Choimisiúin Rialála Náisiúnta um Fhuinneamh agus um Fhóntais a áirithiú

Teacht i bhfeidhm na reachtaíochta chun neamhspleáchas an Choimisiúin Rialála Náisiúnta um Fhuinneamh agus um Fhóntais a áirithiú

R4

2024

Teacht i bhfeidhm an Dlí um leasuithe dar dáta an 24 Lúnasa 2023 Uimh. 3354–IX ‘Maidir le gníomhaíocht reachtóireachta’, lena ndíolmhaítear na cinntí ón gCoimisiún Rialála Náisiúnta um Fhuinneamh agus um Fhóntais, ar gníomhartha dlí rialála iad, ón nós imeachta um chlárú stáit dá bhforáiltear leis an dlí. Leis na leasuithe sin, dírítear ar na príomhréimsí seo a leanas:

—

neamhspleáchas an Rialtóra a áirithiú dá bhforáiltear i dTreoir (AE) 2019/944 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir le rialacha comhchoiteanna don mhargadh inmheánach don leictreachas agus lena leasaítear Treoir 2012/27/AE (athmhúnlú) agus Treoir 2009/73/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le rialacha comhchoiteanna don mhargadh inmheánach sa ghás nádúrtha agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/55/CE;

—

Airteagal 5 de Dhlí na hÚcráine ‘Maidir leis an gCoimisiún Rialála Náisiúnta um Fhuinneamh agus um Fhóntais’ a chur chun feidhme i dtaca le toirmeasc ar chomhlachtaí stáit cur isteach ar ghníomhaíochtaí an Rialtóra.

10.11

Athchóiriú 5.

Neamhspleáchas an Choimisiúin Rialála Náisiúnta um Fhuinneamh agus um Fhóntais a áirithiú

Teacht i bhfeidhm na leasuithe ar Dhlí na hÚcráine ‘maidir leis an gCoimisiún Rialála Náisiúnta um Fhuinneamh agus um Fhóntais’

R4

2025

Teacht i bhfeidhm na leasuithe ar Dhlí na hÚcráine ‘Maidir leis an gCoimisiún Rialála Náisiúnta um Fhuinneamh agus um Fhóntais’ agus ar ghníomhartha eile, lena ndéantar foráil maidir le sonrú an stádais speisialta chun neamhspleáchas an Rialtóra a áirithiú dá bhforáiltear i dTreoir (AE) 2019/944 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir le rialacha comhchoiteanna don mhargadh inmheánach don leictreachas agus lena leasaítear Treoir 2012/27/AE (athmhúnlú) agus Treoir 2009/73/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le rialacha comhchoiteanna don mhargadh inmheánach sa ghás nádúrtha agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/55/CE.

10.12

Athchóiriú 6.

Éifeachtúlacht fheabhsaithe i dtéamh ceantair

An moratóir ar tharaifí teasa agus uisce the atá ag ardú a chur ar ceal

R4

2026

Cealú an mhoratóra a tugadh isteach le Dlí Uimh. 2479-IX ‘Maidir leis na saintréithe a bhaineann le caidreamh a rialáil i margadh an gháis nádúrtha agus i réimse an tsoláthair teasa agus dlí airm i bhfeidhm agus a bhfeidhmiú a athchóiriú ina dhiaidh sin’ agus ardófar ina dhiaidh sin taraifí teasa chun costléiritheacht na dtaraifí teasa agus uisce the a bhaint amach.

10.13

Athchóiriú 6.

Éifeachtúlacht fheabhsaithe i dtéamh ceantair

Clár eacnamaíoch spriocdhírithe an Stáit a ghlacadh chun nuachóiriú a dhéanamh ar fhuinneamh na bhfiontar giniúna teasa le linn na tréimhse suas le 2030

R4

2025

Clár eacnamaíoch spriocdhírithe an Stáit a ghlacfaidh an Chomh-Aireacht Airí chun nuachóiriú fuinnimh a dhéanamh ar fhiontair ghiniúna teasa le linn na tréimhse suas le 2030. Leis an Straitéis dírítear ar na príomhréimsí seo a leanas:

—

bearta a shainaithint chun feabhas a chur ar athléimneacht, cáilíocht agus infhaighteacht seirbhísí soláthair teasa;

—

bearta a shainaithint chun tacú le dícharbónú, le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú agus le borradh a chur faoi fhoinsí in-athnuaite fuinnimh;

—

bearta a chur ar fáil chun scileanna rialachais agus bainistíochta a neartú le haghaidh údaráis áitiúla in earnáil an téimh ceantair.

10.14

Athchóiriú 6.

Éifeachtúlacht fheabhsaithe i dtéamh ceantair

Teacht i bhfeidhm na reachtaíochta chun tacú le forbairt an téimh ceantair atá éifeachtúil agus níos inbhuanaithe’

R4

2025

Teacht i bhfeidhm Dhlí na hÚcráine ‘Maidir le leasuithe ar roinnt Dlíthe de chuid na hÚcráine chun tacú le téamh ceantair atá éifeachtúil agus níos inbhuanaithe a fhorbairt’. Leis an dlí dírítear ar na príomhréimsí seo a leanas:

—

rialacha soiléire a leagan síos maidir le nasc/dínasc gréasáin, criosanna le haghaidh fhorbairt tosaíochta na gcóras téimh ceantair;

—

feabhas a chur ar na nósanna imeachta maidir le fostáisiúin teasa aonair a shuiteáil i mbloic árasán chun cianrialú ceart agus bainistíocht éilimh a áirithiú.

10.15

Athchóiriú 7.

Éifeachtúlacht fuinnimh níos fearr i bhfoirgnimh phoiblí agus feabhas a chur ar nósanna imeachta soláthair phoiblí

Glacadh na Straitéise um nuachóiriú teirmeach foirgneamh go dtí 2050 agus an Phlean Gníomhaíochta

R2

2024

An gníomh ‘Maidir le Formheas na Straitéise um Nuachóiriú Teirmeach Foirgneamh go dtí 2050’ agus an Plean Gníomhaíochta le haghaidh na Straitéise a ghlacfaidh Comh-Aireacht Airí na hÚcráine, arb é is aidhm dó ionstraimí airgeadais margadhbhunaithe agus dreasachtaí a thabhairt isteach, ina bhfuil treochlár le bearta beartais, lena n-áirítear iad siúd arb é is aidhm dóibh tacú le foirgneamh nach mór neodrach ó thaobh fuinnimh a thabhairt isteach.

10.16

Athchóiriú 7.

Éifeachtúlacht fuinnimh níos fearr i bhfoirgnimh phoiblí agus feabhas a chur ar nósanna imeachta soláthair phoiblí

Gníomhartha dlí a ghlacadh maidir le híosleibhéil feidhmíochta éifeachtúlachta fuinnimh a leagan síos le haghaidh foirgneamh

R3

2026

Gníomhartha dlí a ghlacfaidh ag Comh-Aireacht Airí na hÚcráine maidir le híosleibhéil feidhmíochta éifeachtúlachta fuinnimh a leagan síos le haghaidh foirgneamh agus le haghaidh táirgí a chumhdaítear le reachtaíocht éicidhearthóireachta an Aontais, agus ghlac an Aireacht um Chomhphobail, Críocha agus Forbairt Bonneagair gníomhartha maidir le haicmí leibhéal feidhmíochta éifeachtúlachta fuinnimh a shocrú le haghaidh táirgí a chumhdaítear le reachtaíocht an Aontais maidir le lipéadú fuinnimh.

10.17

Infheistíocht 1.

Infheistíochtaí sa bhonneagar fuinnimh

Infheistíochtaí EUR 550 milliún ar a laghad sa bhonneagar fuinnimh

R4

2027

Tuarascáil ón Rialtas (nó tuarascáil ón Státchiste Stáit) ina léirítear gur bhuiséadaigh an Rialtas ginearálta EUR 550 milliún ar a laghad (i gcoibhéis UAH) i mBuiséid an Stáit le haghaidh na mblianta 2026 agus 2027 chun bonneagar fuinnimh na hÚcráine a neartú, lena n-áirítear ar an leibhéal réigiúnach (mar chuid de bheart 9.8), i measc nithe eile chun an méid seo a leanas a chomhlíonadh:

—

feabhas a chur ar éifeachtúlacht fuinnimh i dtéamh ceantair, i gcomhréir le clár eacnamaíoch spriocdhírithe an Stáit chun nuachóiriú fuinnimh a dhéanamh ar fhiontair giniúna teasa le haghaidh na tréimhse suas le 2030;

—

ranníocaíocht airgeadais leis an gCiste Éifeachtúlachta Fuinnimh chun tacú le héifeachtúlacht fuinnimh fheabhsaithe in earnáil an chónaithe;

—

feabhas a chur ar éifeachtúlacht fuinnimh i bhfoirgnimh phoiblí, i gcomhréir leis an Straitéis um Nuachóiriú Teirmeach Foirgneamh go dtí 2050;

—

cosaint fhisiciúil bhonneagar fuinnimh na hÚcráine;

—

tacú le foinsí fuinnimh in-athnuaite a fhorbairt, i gcomhréir leis an gcreat nua margadhbhunaithe le haghaidh fuinneamh in-athnuaite, agus chun acmhainneachtaí an-solúbtha a thógáil.

C.11.   IOMPAR

1.   Tuairisc ar Athchóirithe agus Infheistíochtaí

Is é is cuspóir don chaibidil seo earnáil iompair na hÚcráine a nuachóiriú agus a athchóiriú. Is é is aidhm di feabhas a chur ar an nascacht leis an Aontas agus le Poblacht na Moldóive agus tacú le córas iompair iomaíoch agus éifeachtúil a fhorbairt i gcomhréir le beartais agus caighdeáin an Aontais.

Athchóiriú 1. Pleanáil chuimsitheach earnáil an iompair

Is é cuspóir an athchóirithe seo athbhreithniú a dhéanamh ar an bpríomhdhoiciméad straitéiseach le haghaidh earnáil an iompair.

Tá beart amháin ag baint leis an athchóiriú. Baineann sé le Straitéis Náisiúnta Iompair athbhreithnithe na hÚcráine go dtí 2030 a ghlacadh.

Tá coinne leis go dtabharfar an t-athchóiriú i gcrích faoi R4 2024.

Athchóiriú 2. Acmhainneacht lóistíochta onnmhairiúcháin na hÚcráine a fhorbairt

Is é is cuspóir don athchóiriú seo tacú le nuachóiriú agus acmhainneacht líonra na bPointí Trasnaithe Teorann atá ann cheana a mhéadú chun na riachtanais iompair thar theorainn na hÚcráine leis an Aontas agus le Poblacht na Moldóive a éascú.

Tá beart amháin ag baint leis an athchóiriú. Baineann sé leis an Straitéis a ghlacadh chun an bonneagar teorann a fhorbairt agus a leathnú le Ballstáit an Aontais agus le Poblacht na Moldóive go dtí 2030.

Tá coinne leis go dtabharfar an t-athchóiriú i gcrích faoi R4 2024.

Athchóiriú 3. Léirscaoileadh na hearnála iompar d’iarnród

Is é is cuspóir don athchóiriú seo margadh iarnróid iomaíoch a chruthú i gcomhréir le caighdeáin an Aontais Eorpaigh.

Tá trí bheart ag baint leis an athchóiriú. Ar an gcéad dul síos, tiocfaidh an dlí maidir le sábháilteacht tráchta agus idir-inoibritheacht iompar iarnróid na hÚcráine i bhfeidhm agus feidhm ag an dlí sin laistigh de 3 bliana ó dháta a ghlactha. Ar an dara dul síos, tiocfaidh an dlí maidir le margadh an iompair ar iarnród i bhfeidhm agus feidhm sheicheamhach ag forálacha an dlí sin. Ar an tríú dul síos, glacfar na príomh-fhodhlíthe chun an dlí a chur chun feidhme.

Tá coinne leis go dtabharfar an t-athchóiriú i gcrích faoi R4 2027.

Athchóiriú 4. Loingseoireacht agus seirbhísí calafoirt feabhsaithe

Is é is cuspóir don athchóiriú seo a áirithiú go gcuirtear feabhas ar fheidhmíocht na hÚcráine maidir lena hoibleagáidí faoi chonarthaí idirnáisiúnta i réimse na loingseoireachta ceannaíochta chomh maith le feabhas a chur ar an iomaíocht i seirbhísí calafoirt.

Tá dhá bheart ag baint leis an athchóiriú. Ar an gcéad dul síos, tiocfaidh reachtaíocht i bhfeidhm maidir le loingseoireacht cheannaíochta agus loingseoireacht ar uiscebhealaí intíre. Ar an dara dul síos, leasófar an reachtaíocht náisiúnta atá ann cheana chun a áirithiú go gcomhlíontar go hiomlán na forálacha i Rialachán AE 2017/352 i dtaca leis an Rialachán maidir le Seirbhísí Calafoirt.

Tá coinne leis go dtabharfar an t-athchóiriú i gcrích faoi R1 2027.

Infheistíocht 1. Infheistíochtaí sa bhonneagar fuinnimh

Is é is cuspóir don infheistíocht sin an bonneagar iompair a ndearnadh damáiste dó agus a scriosadh a athbhunú.

Tá beart amháin ag baint leis an infheistíocht. Baineann sé le EUR 350 milliún ar a laghad i bpraghsanna reatha (i gcoibhéis UAH) a bhuiséadú in 2026-2027 chun saoráidí bonneagair iompair, i measc nithe eile, a thógáil, a atógáil, a athchóiriú, a nuachóiriú agus a uasghrádú sna hearnálacha seo a leanas: na hiarnróid, an loingseoireacht mhuirí agus intíre, na bóithre, an eitlíocht agus na pointí trasnaithe teorann.

Tá coinne leis go dtabharfar an infheistíocht i gcrích faoi R4 2027.

2.   Liosta na mbeart agus an tráthchlár don chur chun feidhme

Uimh.

Athchóiriú / Infheistíocht

Ainm an bhirt

Amlíne

Tuairisc ar an mbeart

11.1

Athchóiriú 1.

Pleanáil chuimsitheach earnáil an iompair

Straitéis Náisiúnta Iompair athbhreithnithe na hÚcráine go dtí 2030 a ghlacadh

R4

2024

Ordú ón gComh-Aireacht Airí a ghlacadh maidir le Straitéis Náisiúnta Iompair na hÚcráine a thabhairt cothrom le dáta le haghaidh na tréimhse suas le 2030.

Leis an Straitéis dírítear ar na príomhréimsí seo a leanas:

—

córas iompair iomaíoch agus éifeachtúil a atógáil agus a fhorbairt i gcomhréir le beartais agus caighdeáin an Aontais, go háirithe maidir le líonraí iompair tras-Eorpacha agus spriocanna dícharbónaithe earnáil an iompair a leagtar amach ar an leibhéal idirnáisiúnta agus ar an leibhéal Eorpach (lena n-áirítear trí bhealaí iarnróid, bóithre agus uiscebhealaí intíre a fhorbairt, a áirítear i léarscáileanna táscacha líonraí TEN-T, digitiú bhainistiú an chórais iompair, etc.);

—

iompar paisinéirí ar ardchaighdeán agus soghluaisteacht gan bhac;

—

iompar atá fuinneamhéifeachtúil, inbhuanaithe agus sábháilte le haghaidh daoine agus le haghaidh an chomhshaoil.

11.2

Athchóiriú 2.

Acmhainneacht lóistíochta onnmhairiúcháin na hÚcráine a fhorbairt

An Straitéis a ghlacadh chun an bonneagar teorann a fhorbairt agus a leathnú le Ballstáit an Aontais agus le Poblacht na Moldóive go dtí 2030

R4

2024

An Straitéis a ghlacadh chun an Bonneagar Teorann a Fhorbairt agus a Leathnú le Ballstáit an Aontais agus le Poblacht na Moldóive go dtí 2030. Leis an Straitéis dírítear ar na príomhréimsí seo a leanas:

—

pointí trasnaithe teorann ar an teorainn leis an bPolainn, leis an tSlóvaic, leis an Ungáir agus leis an Rómáin a atógáil;

—

líonra réimsí seirbhíse a chruthú;

—

nósanna imeachta um thrasnú teorainneacha a shimpliú (digitiú agus comhrialú a thabhairt isteach) i gcomhréir le caighdeáin an Aontais.

11.3

Athchóiriú 3.

Léirscaoileadh na hearnála iompair d’iarnród

Teacht i bhfeidhm an dlí maidir le sábháilteacht tráchta agus idir-inoibritheacht iompar iarnróid na hÚcráine agus feidhm ag an dlí sin laistigh de 3 bliana ó dháta a ghlactha

R4

2025

Teacht i bhfeidhm an dlí ‘Maidir le Sábháilteacht Tráchta agus Idir-Inoibritheacht Iompar Iarnróid na hÚcráine’ agus feidhm ag an dlí sin laistigh de 3 bliana ó dháta a ghlactha. Leis an dlí áirithítear comhtháthú teicniúil an iompair ar iarnród i gcomhréir le prionsabail Threoracha 2016/798, 2016/797 agus Rialachán 2016/796 agus dírítear ar na príomhréimsí seo a leanas:

—

údarás náisiúnta um shábháilteacht iarnróid a bhunú agus na cumhachtaí agus na feidhmeanna a shanntar dó le reachtaíocht an Aontais a dhílsiú dó;

—

creat dlíthiúil a thabhairt isteach maidir le deimhniúchán sábháilteachta gnóthas iarnróid agus maidir le húdarú sábháilteachta bainisteoirí bonneagair;

—

comhlacht náisiúnta imscrúdúcháin a bhunú agus imscrúdú teicniúil ar thionóiscí iarnróid a thabhairt isteach;

—

an creat dlíthiúil maidir le húdarú feithiclí agus bonneagair a bhunú bunaithe ar shonraíochtaí teicniúla le haghaidh na hidir-inoibritheachta;

—

creat dlíthiúil a bhunú maidir le deimhniúchán tiománaithe traenach, bunaithe ar shamhail an Aontais.

11.8

Athchóiriú 3.

Léirscaoileadh na hearnála iompair d’iarnród

Teacht i bhfeidhm an dlí maidir le margadh an iompair ar iarnród agus forálacha an dlí chéanna á gcur i bhfeidhm go seicheamhach

R4

2026

Teacht i bhfeidhm dhlí na hÚcráine ‘Maidir le Margadh an Iompair ar Iarnród’ agus forálacha an dlí chéanna á gcur i bhfeidhm go seicheamhach. Leis an dlí, cuirfear chun feidhme príomhghnéithe de reachtaíocht an Aontais maidir leis an limistéar Eorpach aonair iarnróid agus maidir le soláthar seirbhísí poiblí iarnróid do phaisinéirí i gcomhréir le prionsabail Threoir 2012/34/CE arna leasú agus Rialachán (CE) 1370/07 arna léamh i gcomhar le Treoirlínte Léirmhínitheacha 2023 uaidh. Beidh feidhm sheicheamhach ag an Dlí mar a leanas:

laistigh de 3 bliana ó dháta a theacht i bhfeidhm sa chuid a bhaineann leis na príomhréimsí seo a leanas:

—

deighilt feidhmeanna an bhainisteora bonneagair agus na ngnóthas iarnróid a áirithiú, lena n-áirítear neamhspleáchas an bhainisteora bonneagair a mhéid a bhaineann le feidhmeanna fíor-riachtanacha agus na rialacha maidir le caidreamh/idirbhearta airgeadais, lena n-áirítear díchuachadh cuntas laistigh de na gnóthais iarnróid;

—

comhlacht Rialála neamhspleách a bhunú agus a fheidhmeanna agus a chumhachtaí a shainiú;

—

ceadúnú gnóthas iarnróid ag Údarás Ceadúnúcháin neamhspleách.

laistigh de 5 bliana ó dháta a theacht i bhfeidhm, lena n-áirítear idirthréimhse 2 bhliain ar a laghad sa chuid a bhaineann leis na príomhréimsí seo a leanas:

—

creat reachtach cuimsitheach a chruthú ionas go bhfeidhmeoidh margadh iomaíoch paisinéirí agus lasta, lena n-áirítear rochtain chothrom, neamh-idirdhealaitheach agus thrédhearcach ar bhonneagar iarnróid a áirithiú do ghnóthais iarnróid;

—

muirear neamh-idirdhealaitheach a thabhairt isteach as bonneagar agus saoráidí seirbhíse a úsáid;

—

údaráis inniúla a bhunú chun conarthaí seirbhíse poiblí a dhámhachtain

—

inneachar na gconarthaí seirbhíse poiblí san earnáil iarnróid a shainiú;

—

sásraí a bhunú chun feidhmíocht conarthaí a rialú agus róchúiteamh as soláthar seirbhísí poiblí a chur as an áireamh.

11.4

Athchóiriú 3.

Léirscaoileadh na hearnála iompair d’iarnród

Na fodhlíthe a ghlacadh le haghaidh cur chun feidhme na reachtaíochta maidir le hiompar d’iarnród

R4

2027

Na príomhghníomhartha reachtacha (fodhlíthe) a ghlacadh i dtaca le cur chun feidhme Dhlí na hÚcráine ‘Maidir le hIompar ar Iarnróid na hÚcráine’. Leis na fodhlíthe, tugtar isteach sásraí maidir le feidhmiú an mhargaidh iompair ar iarnród agus, go háirithe, dírítear ar an méid seo a leanas: rochtain chomhionann ar an mbonneagar iarnróid, ceadúnú oibreoirí iarnróid, córais um bainistíocht sábháilteachta, an nós imeachta um iompar paisinéirí a bhfuil tábhacht shóisialta ag baint leis a eagrú.

11.5

Athchóiriú 4.

Seirbhísí feabhsaithe loingseoireachta agus calafort

Teacht i bhfeidhm na reachtaíochta maidir le loingeas ceannaíochta agus loingseoireacht ar uiscebhealaí intíre

R4

2026

Teacht i bhfeidhm Dhlí na hÚcráine ‘Maidir le Leasuithe ar Ghníomhartha Reachtacha Áirithe de chuid na hÚcráine maidir le Loingseoireacht Cheannaíochta agus Loingseoireacht ar Uiscebhealaí Intíre’. Leis an Dlí dírítear ar na príomhréimsí seo a leanas:

—

na prionsabail a shainiú agus a rialáil maidir le sábháilteacht na loingseoireachta san fharraige theorann, sna huiscí farraige intíre, sna calafoirt, agus sna huiscebhealaí intíre a áirithiú;

—

feabhas a chur ar an sásra lena gcuirtear chun feidhme an córas idirnáisiúnta chun longa agus calafoirt a chosaint;

—

sásra mionsonraithe a shainiú chun longa a rialú i gcalafort;

—

athbhreithniú a dhéanamh ar fheidhmeanna an chomhlachta feidhmiúcháin lárnaigh a chuireann beartas stáit chun feidhme i réimsí an iompair mhuirí, an iompair ar uiscebhealaí intíre agus na loingseoireachta sa Chód Loingseoireachta Cheannaíochta, i nDlíthe na hÚcráine ‘Maidir le hIompar’, ‘Maidir le hIompar ar Uiscebhealaí Intíre’ agus ‘Maidir le Calafoirt na hÚcráine’ chun deireadh a chur le dúbláil na norm reachtach agus chun deighilt na hinniúlachta a shoiléiriú, go háirithe leis an gcomhlacht lárnach feidhmiúcháin lena n-áirithítear foirmiú agus cur chun feidhme beartais stáit i réimsí an iompair mhuirí agus an iompair ar uiscebhealaí intíre;

—

na nósanna imeachta riaracháin a shimpliú, liosta soiléir de chumhachtaí na gcomhlachtaí stáit, deireadh a chur le bacainní riaracháin.

11.6

Athchóiriú 4.

Seirbhísí feabhsaithe loingseoireachta agus calafort

An reachtaíocht náisiúnta atá ann cheana a athbhreithniú agus a leasú i gcomhréir le prionsabail Rialachán (AE) 2017/352 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Feabhra 2017 lena mbunaítear creat chun seirbhísí calafoirt a sholáthar agus rialacha comhchoiteanna maidir le trédhearcacht airgeadais calafort

R1

2027

An reachtaíocht náisiúnta atá ann cheana (lena n-áirítear foghníomhartha dlí ábhartha) a athbhreithniú agus a leasú i gcomhréir le prionsabail Rialachán (AE) 2017/352 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Feabhra 2017 lena mbunaítear creat chun seirbhísí calafoirt a sholáthar agus rialacha comhchoiteanna maidir le trédhearcacht airgeadais calafort.

11.7

Infheistíocht 1.

Infheistíochtaí sa bhonneagar iompair

Infheistíochtaí EUR 350 milliún ar a laghad sa bhonneagar iompair

R4

2027

Tuarascáil ón rialtas (nó tuarascáil ón Státchiste) ina léirítear gur bhuiséadaigh an rialtas ginearálta EUR 350 milliún ar a laghad (i gcoibhéis UAH) i mBuiséid an Stáit le haghaidh na mblianta 2026 agus 2027 chun saoráidí bonneagair iompair, a ndearnadh damáiste dóibh agus a scriosadh, a atógáil, a athchóiriú, a nuachóiriú agus a uasghrádú, i gcomhréir le Straitéis Náisiúnta Iompair na hÚcráine go dtí 2030, lena n-áirítear cuid de na cistí atá le díriú ar an leibhéal réigiúnach (mar chuid de bheart 9.8), i measc nithe eile sna hearnálacha seo a leanas:

—

iarnróid (i gcomhréir leis an reachtaíocht nua maidir le hiompar ar iarnróid hÚcráine);

—

loingseoireacht mhuirí agus intíre (i gcomhréir leis an reachtaíocht nua maidir le loingseoireacht cheannaíochta agus loingseoireacht ar uiscebhealaí intíre);

—

bóithre;

—

eitlíocht;

—

agus pointí trasnaithe teorann (i gcomhréir leis an Straitéis chun an bonneagar teorann a fhorbairt agus a leathnú le Ballstáit an Aontais agus le Poblacht na Moldóive go dtí 2030).

C.12   AN EARNÁIL AGRAIBHIA

1.   Tuairisc ar Athchóirithe agus Infheistíochtaí

Is é is cuspóir don chaibidil seo tacú le hearnáil agraibhia na hÚcráine a neartú i gcomhthráth lena creat rialála a ailíniú a thuilleadh le acquis an Aontais.

Athchóiriú 1. An creat institiúideach maidir le talmhaíocht agus forbairt tuaithe a ailíniú leis an Aontas Eorpach

Is é is cuspóir don athchóiriú seo tosaíochtaí náisiúnta straitéiseacha a fhorbairt lena n-áirítear ailíniú breise a dhéanamh le cleachtais, le noirm agus le rialacha an Aontais.

Tá dhá bheart ag baint leis an athchóiriú. Ar an gcéad dul síos, glacfaidh an Úcráin an Straitéis um Thalmhaíocht agus Forbairt Tuaithe go dtí 2030. Ar an dara dul síos, cuirfear Córas Líonra Sonraí um Chuntasaíocht Feirme i bhfeidhm i réigiúin phíolótacha roghnaithe ionas gur féidir an staid in earnáil na talmhaíochta a rianú.

Tá coinne leis go dtabharfar an t-athchóiriú i gcrích faoi R1 2027.

Athchóiriú 2. Margadh talún feidhmiúil a áirithiú

Is é is cuspóir don athchóiriú seo feabhas a chur ar an margadh talún feidhmiúil.

Tá beart amháin ag baint leis an athchóiriú. Cuirfear córas uathoibrithe i bhfeidhm chun faireachán poiblí a dhéanamh ar chaidreamh talún agus cuirfear córas geofhaisnéise i bhfeidhm chun ollmheasúnú talún a dhéanamh.

Tá coinne leis go dtabharfar an t-athchóiriú i gcrích faoi R1 2025.

Athchóiriú 3. Feabhas a chur ar an leagan amach institiúideach agus riaracháin chun cláir infheistíochta a bhainistiú

Is é is cuspóir don athchóiriú seo feabhas a chur ar an leagan amach chun scéimeanna tacaíochta airgeadais poiblí don earnáil agraibhia a bhainistiú.

Tá beart amháin ag baint leis an athchóiriú. Baineann sé le teacht i bhfeidhm reachtaíochta lena ndírítear ar bhearta tacaíochta poiblí a dhearadh, lena n-áirítear bearta le haghaidh feirmeacha mionscála, ionstraimí airgeadais a bheidh ann amach anseo, chomh maith le digitiú an chórais trí chórais leictreonacha bainistithe doiciméad, agus lena n-áirithítear nach féidir tacaíocht stáit a dhíriú ach chuig tairbhithe atá cláraithe i gClár Talúntais an Stáit (SAR).

Tá coinne leis go dtabharfar an t-athchóiriú i gcrích faoi R3 2025.

Athchóiriú 4. Feabhas a chur ar chlár leictreonach poiblí oifigiúil na bhfeirmeacha

Is é is cuspóir don leasú seo clár leictreonach poiblí oifigiúil na bhfeirmeacha (i.e. Clár Talúntais an Stáit) a chur ar bhonn foirmiúil agus feabhas a chur air.

Tá dhá bheart ag baint leis an athchóiriú. Ar an gcéad dul síos, tagann dlí i bhfeidhm a aithníonn Clár Talúntais an Stáit (SAR) mar chlár leictreonach poiblí oifigiúil i réimse an bheartais talúntais agus na slándála bia. Ar an dara dul síos, foilsítear tuarascáil ina sonraítear cur chun feidhme na tacaíochta stáit ag institiúidí an rialtais láir tríd an SAR.

Tá coinne leis go dtabharfar an t-athchóiriú i gcrích faoi R1 2026.

Athchóiriú 5. Forbairt fhadtéarmach an chórais uiscithe chun athléimneacht aeráide na hearnála a mhéadú

Is é is cuspóir don athchóiriú seo pleanáil fhadtéarmach an bhonneagair uiscithe a áirithiú ar bhealach inbhuanaithe, chun athléimneacht na hearnála agraibhia a chothú i gcomhthéacs an athraithe aeráide.

Tá beart amháin ag baint leis an athchóiriú. Baineann sé le plean fadtéarmach a ghlacadh ina leagfar amach na príomhréimsí agus na príomhphrionsabail chun córais uiscithe na hÚcráine a fhorbairt.

Tá coinne leis go dtabharfar an t-athchóiriú i gcrích faoi R1 2025.

Athchóiriú 6. Dímhianú talún agus limistéar uisce

Is é is cuspóir don athchóiriú seo straitéis náisiúnta a fhorbairt chun na príomhghnéithe d’iarrachtaí dímhianaithe na hÚcráine a leagan amach.

Tá beart amháin ag baint leis an athchóiriú. Baineann sé leis an Straitéis um Ghníomhaíocht Mianach a ghlacadh.

Tá coinne leis go dtabharfar an t-athchóiriú i gcrích faoi R2 2024.

Infheistíocht 1. Infheistíochtaí sa dímhianú

Is é is cuspóir don infheistíocht seo tacú le húinéirí nó le húsáideoirí talún talmhaíochta a bhfuil iarrachtaí dímhianaithe á ndéanamh acu.

Tá dhá bheart ag baint leis an infheistíocht. Ar an gcéad dul síos, baineann sé le EUR 30 mhilliún ar a laghad i bpraghsanna reatha (i gcoibhéis UAH) a bhuiséadú le haghaidh na gcistí a íoctar le húinéirí nó le húsáideoirí talún talmhaíochta as costais dímhianaithe in 2024-2025. Ar an dara dul síos, baineann sé le EUR 100 mhilliún ar a laghad i bpraghsanna reatha (i gcoibhéis UAH) a bhuiséadú le haghaidh na gcistí a íoctar le húinéirí nó le húsáideoirí talún talmhaíochta as costais dímhianaithe in 2024-2027.

Tá coinne leis go dtabharfar an infheistíocht i gcrích faoi R4 2027.

2.   Liosta na mbeart agus an tráthchlár don chur chun feidhme

Uimh.

Athchóiriú / Infheistíocht

Ainm an bhirt

Amlíne

Tuairisc ar an mbeart

12.1

Athchóiriú 1.

An creat institiúideach maidir le talmhaíocht agus forbairt tuaithe a ailíniú le beartas an Aontais

An Straitéis um Thalmhaíocht agus Forbairt Tuaithe go dtí 2030 a ghlacadh

R4

2024

An Straitéis um Thalmhaíocht agus Forbairt Tuaithe go dtí 2030 a ghlacadh. Leis an straitéis dírítear ar na príomhréimsí seo a leanas:

—

beartais Talmhaíochta agus Forbartha Tuaithe na hÚcráine a chur in oiriúint do chomhthéacs réamhaontachais an Aontais agus do limistéir ar údar imní ar leith don Úcráin iad, amhail athchóiriú talún, uisciú, téarnamh cogaidh agus tacaíocht forbartha;

—

neartú institiúideach agus fothú acmhainneachta chun na córais is gá a fhorbairt;

—

dlús a chur leis an bpróiseas chun gníomhartha agus acmhainneachtaí dlíthiúla maidir le talmhaíocht agraibhia agus bearta sláintíochta agus fíteashláintíochta (SPS) a chomhfhogasú do chaighdeáin an Aontais;

—

an fhorbairt a chur chun cinn i measc táirgeoirí beaga agus pobail tuaithe;

—

bonnlínte agus spriocanna maidir leis an gcomhshaol agus gníomhú ar son na haeráide a shainiú, forbairt a dhéanamh ar chlárú fianaisebhunaithe, ar bhainistiú fónta airgeadais agus ar acmhainní rialaithe.

12.2

Athchóiriú 1.

An creat institiúideach maidir le talmhaíocht agus forbairt tuaithe a ailíniú le beartas an Aontais

Córas an Líonra Sonraí um Inbhuanaitheacht Feirme (LSIF) a bhunú

R1

2027

Córas an Líonra Sonraí um Inbhuanaitheacht Feirme (LSIF) ina bhfuil sonraí ó réigiúin phíolótacha roghnaithe, ar córas é atá le cruthú faoin Aireacht Beartais Talúntais, bunaítear an córas sin agus tá sé ag feidhmiú i gcomhréir le prionsabail acquis an Aontais sa réimse sin. Leis an gcóras, is féidir an staid in earnáil na talmhaíochta a rianú agus cinntí feasacha a dhéanamh maidir le leithdháileadh na tacaíochta stáit do tháirgeoirí talmhaíochta

12.3

Athchóiriú 2.

Margadh talún feidhmiúil a áirithiú

Córas uathoibrithe a chur ar bun chun faireachán poiblí a dhéanamh ar chaidreamh talún

R1

2025

Cuireadh córas uathoibrithe i bhfeidhm chun faireachán poiblí a dhéanamh ar chaidreamh talún, agus tá sé ag feidhmiú faoi chuimsiú Chlár Talún an Stáit a choinneáil ar bun. Cuireadh córas geofhaisnéise i bhfeidhm chun ollmheasúnú talún a dhéanamh mar chuid de bhogearraí Chlár Talún an Stáit.

12.4

Athchóiriú 3.

Feabhas a chur ar an leagan amach institiúideach agus riaracháin chun cláir infheistíochta a bhainistiú

Teacht i bhfeidhm na reachtaíochta maidir le tacaíocht phoiblí do thalmhaíocht na hÚcráine

R3

2025

Teacht i bhfeidhm an Dlí maidir le Leasuithe ar Dhlí na hÚcráine ‘Maidir le Tacaíocht Stáit do Thalmhaíocht na hÚcráine’. Leis an Dlí dírítear ar na príomhréimsí seo a leanas:

—

bearta tacaíochta poiblí a dhearadh amach anseo i gcomhréir le prionsabail acquis an Aontais sa réimse sin. Le roghnú na mbeart tacaíochta poiblí amach anseo cuimseofar anailís ar Láidreachtaí, Laigí, Deiseanna agus Bagairtí (SWOT);

—

bearta a cheapadh chun tacú le táirgeadh talmhaíochta d’fheirmeacha mionscála infheistíochtaí príobháideacha a dhéanamh (sócmhainní fisiceacha táirgeoirí gabháltas talmhaíochta, le haghaidh próiseála agus margaíochta);

—

ionstraimí airgeadais a cheapadh amach anseo (lena n-áirítear saoráidí ráthaíochta creidmheasa) le haghaidh gach catagóire feirme i gcomhar le hInstitiúidí Idirnáisiúnta Airgeadais;

—

digitiú trí chórais bhainistíochta do dhoiciméid leictreonacha;

—

tacaíocht Stáit a dhírítear go heisiach ar thairbhithe atá liostaithe i gClár Talúntais an Stáit.

12.5

Athchóiriú 4.

Feabhas a chur ar chlár leictreonach poiblí oifigiúil na bhfeirmeacha

Teacht i bhfeidhm na reachtaíochta maidir le Clár Talúntais an Stáit (SAR)

R4

2024

Teacht i bhfeidhm Dhlí na hÚcráine ‘Maidir le Clár Talúntais an Stáit’. Leis an dlí dírítear ar na príomhréimsí seo a leanas:

—

aithnítear Clár Talúntais an Stáit (SAR) mar chlár leictreonach poiblí oifigiúil i réimse an bheartais talúntais agus na slándála bia le rialáil a eilimintí sainordaitheacha, mar atá an nós imeachta chun é a riar, a shonraí a shainiú, agus maidir le rochtain na dtríú páirtithe;

—

leathnaítear cumhdach SAR chun faisnéis a chlárú agus a chur san áireamh maidir le páirtithe leasmhara ar fud na slabhraí luacha talmhaíochta ar fad mar atá táirgeoirí talmhaíochta, próiseálaithe bia, úsáideoirí uisce;

—

leathnaítear feidhmiúlacht SAR, a bheidh mar réamhchoinníoll le haghaidh cúnamh airgeadais agus a fhágfaidh go mbeifear in ann cúnamh teicniúil agus seirbhísí riaracháin eile a threorú ar bhealach spriocdhírithe, agus faisnéis anailíseach a thabhairt isteach;

—

is réamhchoinníoll é clárú in SAR chun aon chineál tacaíochta poiblí a fháil san earnáil agraibhia;

—

clár na dtairbhithe de chuid aon chlár tacaíochta stáit san earnáil a chuirtear chun feidhme trí SAR a fhoilsiú ar bhonn sainordaitheach.

12.6

Athchóiriú 4.

Feabhas a chur ar chlár leictreonach poiblí oifigiúil na bhfeirmeacha

Foilsiú na tuarascála ar chur chun feidhme na tacaíochta stáit tríd an gClár Talmhaíochta poiblí

R1

2026

An tuarascáil maidir le cur chun feidhme na tacaíochta stáit trí SAR a chur isteach, ar tuarascáil í ina léirítear gur trí Chlár Talmhaíochta an Stáit (SAR) a sholáthair institiúidí an rialtas láir 80 % ar a laghad den tacaíocht phoiblí in earnáil na talmhaíochta in 2025.

12.7

Athchóiriú 5.

Forbairt fhadtéarmach an chórais uiscithe chun athléimneacht aeráide na hearnála a mhéadú

Glacadh an phlean fhadtéarmaigh um chóras uisciúcháin

R1

2025

‘Plean fadtéarmach maidir le forbairt an chórais uiscithe’ a ghlacadh. Leis an Straitéis dírítear ar na príomhréimsí seo a leanas:

—

tosaíochtaí in earnáil an uiscithe bunaithe ar anailís ar na tairbhí eacnamaíocha iomlána;

—

ailíniú leis an straitéis earnáil an uisce agus leis na prionsabail maidir le bainistiú uisce atá bunaithe ar imchuacha uisce;

—

léiriú ar infheistíochtaí poiblí agus infheistíochtaí eile a bhfuil gá leo agus an gá atá le tuilleadh príobháidithe;

—

an ghné a bhaineann le rialachas/bainistíocht na hearnála;

—

measúnú comhshaoil atá le déanamh ar aon tionscadal athshlánaithe nó tógála i comhréir le moladh an Aontais maidir le measúnú ar an tionchar ar an gcomhshaol, measúnú straitéiseach comhshaoil agus reachtaíocht na hÚcráine sa réimse sin.

12.8

Athchóiriú 6.

Dímhianú talún agus limistéar uisce

Glacadh an doiciméid straitéisigh maidir le Gníomhaíocht Mianach le haghaidh na tréimhse suas le 2033

R2

2024

An gníomh reachtach a ghlacadh maidir le formheas an doiciméid straitéisigh i dtaca le Gníomhaíocht Mianach le haghaidh tréimhse suas le 2033 (an Gníomh ó Chomh-Aireacht Airí na hÚcráine nó ó Uachtarán na hÚcráine). Leis an ngníomh reachtach dírítear ar na príomhréimsí seo a leanas:

—

bainistíocht i réimse na Gníomhaíochta Mianach;

—

tacú le héifeachtúlacht oibreoirí Gníomhaíochta Mianach;

—

timpistí a sheachaint;

—

cúnamh cuimsitheach d’íospartaigh;

—

nuálaíochtaí;

—

cothromaíocht inscne agus ionadaíocht inscne;

—

an margadh príobháideach a fhorbairt;

—

comhordú éifeachtach trédhearcach le deontóirí;

—

an córas maidir le tosaíocht a thabhairt do na cúraimí a bhaineann le gníomhaíocht mianach a mhúnlú.

12.9

Infheistíocht 1.

Infheistíochtaí sa dímhianú

Infheistíochtaí dar luach EUR 30 milliún ar a laghad i ndímhianú talún talmhaíochta

R2

2026

Tuarascáil eatramhach ón Rialtas (nó tuarascáil ón Státchiste) ina léirítear gur bhuiséadaigh an Rialtas ginearálta EUR 30 milliún ar a laghad (i gcoibhéis UAH) i mBuiséid an Stáit le haghaidh na mblianta 2024 agus 2025 i gcomhair na cistí a íocadh le húinéirí nó le húsáideoirí talún talmhaíochta as na costais dímhianaithe.

12.10

Infheistíocht 1.

Infheistíochtaí sa dímhianú

Infheistíochtaí dar luach EUR 100 milliún ar a laghad i ndímhianú talún talmhaíochta

R4

2027

Tuarascáil chríochnaitheach ón Rialtas (nó tuarascáil ón Státchiste) ina léirítear gur bhuiséadaigh an Rialtas ginearálta EUR 100 milliún ar a laghad (i gcoibhéis UAH) i mBuiséid an Stáit le haghaidh na mblianta 2024, 2025, 2026 agus 2027 i gcomhair na cistí a íocadh le húinéirí nó le húsáideoirí talún talmhaíochta as na costais dímhianaithe

C.13.   AMHÁBHAIR CHRITICIÚLA A BHAINISTIÚ

1.   Tuairisc ar Athchóirithe agus Infheistíochtaí

Is é is cuspóir don chaibidil seo tacú le forbairt bhreise a dhéanamh ar earnáil na n-amhábhar criticiúil san Úcráin i gcomhréir le cuspóirí eacnamaíocha agus inbhuanaitheachta araon. Díreoidh sé ar fheabhas a chur ar phleanáil straitéiseach agus ar nósanna imeachta riaracháin.

Athchóiriú 1. Pleanáil straitéiseach a neartú agus an creat is fearr is féidir a áirithiú le haghaidh infheisteoirí straitéiseacha.

Is é is cuspóir don athchóiriú seo infheistíochtaí a mhealladh chun amhábhair chriticiúla a eastóscadh agus a phróiseáil.

Tá dhá bheart ag baint leis an athchóiriú. Ar an gcéad dul síos, tiocfaidh dlí i bhfeidhm maidir le leasuithe ar an g Clár Náisiúnta um Fhorbairt Bhonn Acmhainní Mianracha na hÚcráine le haghaidh na Tréimhse suas le 2030, lena dtabharfar isteach Ciste Cúiteach Stáit do limistéar geolaíoch agus lena leagfar síos treoracha straitéiseacha don earnáil. Ar an dara dul síos, foilseofar tuarascáil maidir le fíorú chúlchistí amhábhar criticiúil na hÚcráine ina n-úsáidfear aicmiú idirnáisiúnta agus cuirfear ar fáil d’infheisteoirí í.

Tá coinne leis go dtabharfar an t-athchóiriú i gcrích faoi R3 2025.

Athchóiriú 2. Feabhas a chur ar na nósanna imeachta riaracháin feabhsaithe.

Is é is cuspóir don athchóiriú seo an nós imeachta a optamú agus an t-ualach riaracháin ar infheisteoirí ionchasacha a laghdú. Is é an phríomhsprioc feabhas a chur ar thrédhearcacht, ar luas agus ar éifeachtúlacht costais le haghaidh cinntí infheistíochta nua.

Tá trí bheart ag baint leis an athchóiriú. Ar an gcéad dul síos, foilseofar píblíne de thionscadail infheistíochta maidir le hamhábhair chriticiúla a eastóscadh. Ar an dara dul síos, seolfar tairiscintí idirnáisiúnta maidir leis an gComhaontú um Chomhroinnt Táirgí (CCT) trí úsáid a bhaint as téarmaí an tsamhail-chomhaontaithe arna gcomhaontú ag an Rialtas agus arna gcur ar fáil don phobal. Ar an tríú dul síos, ríomhchaibinéad d’úsáideoirí fo-ithreach a fhorbairt agus a sheoladh a bhfuil feidhmiúlachtaí breise aige.

Tá coinne leis go dtabharfar an t-athchóiriú i gcrích faoi R2 2025.

Athchóiriú 3. Úsáid Nuatheicneolaíochtaí Eastósctha agus Comhtháthú na hÚcráine i Slabhraí Luacha Próiseála Nua-Aimseartha

Is é is cuspóir don athchóiriú seo feabhas a chur ar thrédhearcacht a mhéid a bhaineann le cleachtais rialachais comhshaoil, shóisialta agus chorparáideacha in earnáil na n-amhábhar criticiúil.

Tá beart amháin ag baint leis an athchóiriú. Baineann sé le staidéar a fhoilsiú ina ndéantar measúnú ar an reachtaíocht atá ann faoi láthair maidir le tuairisciú Comhshaoil, Sóisialta agus Rialachais (ESG) in earnáil na mianadóireachta agus an eastósctha.

Tá coinne leis go dtabharfar an t-athchóiriú i gcrích faoi R4 2025.

2.   Liosta na mbeart agus an tráthchlár don chur chun feidhme

Uimh.

Athchóiriú / Infheistíocht

Ainm an bhirt

Amlíne

Tuairisc ar an mbeart

13.1

Athchóiriú 1.

Pleanáil straitéiseach a neartú agus an creat is fearr is féidir a áirithiú le haghaidh infheisteoirí straitéiseacha

Teacht i bhfeidhm na reachtaíochta maidir le hathbhreithniú a dhéanamh ar an gClár Náisiúnta um Fhorbairt Bhonn Acmhainní Mianracha na hÚcráine go dtí 2030

R4

2024

Teacht i bhfeidhm Dhlí na hÚcráine maidir le Leasuithe ar an gClár Náisiúnta um Bonn Acmhainní Mianraí na hÚcráine a fhorbairt le haghaidh na tréimhse suas le 2030. Leis an dlí dírítear ar na príomhréimsí seo a leanas:

—

Ciste Cúiteach Stáit a thabhairt isteach le haghaidh limistéar geolaíoch;

—

tosaíocht a thabhairt do spriocanna an limistéir eastósctha i gcomhréir le Straitéisí an Aontais;

—

téarmaí na n-amhábhar straitéiseach agus criticiúil a shainiú, an gá atá le measúnú rialta modheolaíochta riosca a dhéanamh ar leibhéal slándála a soláthair, agus grúpa tíortha comhpháirtíochta a shainiú.

13.2

Athchóiriú 1.

Pleanáil straitéiseach a neartú agus an creat is fearr is féidir a áirithiú le haghaidh infheisteoirí straitéiseacha

Tuarascáil a fhoilsiú maidir le fíorú chúlchistí amhábhar criticiúil na hÚcráine

R3

2025

Tuarascáil a fhoilsiú maidir le fíorú chúlchistí amhábhar criticiúil na hÚcráine agus úsáid á baint as córas aicmithe idirnáisiúnta, agus na torthaí a chur ar fáil d’infheisteoirí.

13.3

Athchóiriú 2.

Feabhas a chur ar na nósanna imeachta riaracháin

Foilsiú píblíne tionscadal infheistíochta chun amhábhair chriticiúla a eastóscadh

R2

2025

Píblíne de thionscadal infheistíochta a fhoilsiú maidir le hamhábhair chriticiúla a eastóscadh.

13.4

Athchóiriú 2.

Feabhas a chur ar na nósanna imeachta riaracháin

Tairiscintí idirnáisiúnta a sheoladh maidir leis an gComhaontú um Chomhroinnt Táirgí (CCT) lena n-áirithítear trédhearcacht na dtairiscintí sin

R2

2025

Tairiscintí idirnáisiúnta maidir leis an gComhaontú um Chomhroinnt Táirgí (CCT) a sheoladh agus a fhoilsiú, agus úsáid á baint as na téarmaí comhaontaithe múnla arna gcomhaontú ag an Rialtas. Trédhearcacht thairiscintí PSA agus na gComhaontuithe a áirithítear trí rochtain oscailte ar a dtéarmaí.

13.5

Athchóiriú 2.

Feabhas a chur ar na nósanna imeachta riaracháin

Ríomhchaibinéad uasghrádaithe d’úsáideoirí fo-ithreach a bhunú

R1

2025

Tá ríomhchaibinéad uasghrádaithe d’úsáideoirí fo-ithreach ag feidhmiú, ar ríomhchaibinéad é ag a bhfuil feidhmiúlachtaí breise rochtana ar chlár stáit na gceadanna speisialta le haghaidh úsáid fo-ithreach lena gceadaítear ríomhcheadúnais a iarraidh agus a fháil (sliocht ón gClár) agus lena dtugtar rochtain ar shonraí digiteacha geolaíocha.

13.6

Athchóiriú 3.

Úsáid Nuatheicneolaíochtaí Eastósctha agus Comhtháthú na hÚcráine i Slabhraí Luacha Próiseála Nua-Aimseartha

Staidéar a fhoilsiú maidir leis an reachtaíocht i dtaca le tuairisciú comhshaoil, sóisialta agus rialachais

R4

2025

Staidéar a fhormhuiniú agus a fhoilsiú ina ndéantar measúnú ar an reachtaíocht atá ann faoi láthair maidir le tuairisciú Comhshaoil, Sóisialta agus Rialachais (ESG) in earnáil na mianadóireachta agus an eastósctha, agus moltaí á moladh maidir leis na bearnaí reachtacha is gá a líonadh.

C.14.   AN CLAOCHLÚ DIGITEACH

1.   Tuairisc ar Athchóirithe agus Infheistíochtaí

Is é is cuspóir don chaibidil seo claochlú digiteach na hÚcráine a neartú. Díreoidh sé freisin ar an gcibearshlándáil a neartú.

Athchóiriú 1. Bonneagar digiteach atá slán agus éifeachtúil

Is é is cuspóir don athchóiriú seo an chibearshlándáil a neartú i bpróiseas an chlaochlaithe dhigitigh.

Tá dhá bheart ag baint leis an athchóiriú. Ar an gcéad dul síos, glacfar rún lena sainítear na teicneolaíochtaí raidió a cheadaítear lena n-úsáid san Úcráin. Ar an dara dul síos, tiocfaidh roinnt gníomhartha reachtacha maidir leis an gcibearshlándáil i bhfeidhm chun ailíniú le creat NIS agus NIS2, lena réiteofar an bealach i dtreo chur chun feidhme Bhosca Uirlisí an Aontais le haghaidh Shlándáil 5G freisin.

Tá coinne leis go dtabharfar an t-athchóiriú i gcrích faoi R1 2025.

Athchóiriú 2. Digitiú na seirbhísí poiblí

Is é is cuspóir don athchóiriú seo an idirghníomhaíocht idir an stát agus na saoránaigh a shimpliú trí bhíthin an digitithe.

Tá dhá bheart ag baint leis an athchóiriú. Ar an gcéad dul síos, glacfar Plean Gníomhaíochta go dtí 2026 chun tromlach na seirbhísí poiblí coiteanna a dhigitiú i roinnt réimsí. Ar an dara dul síos, tiocfaidh gníomh dlí i bhfeidhm maidir le feidhmiú an Chórais Ríomh-Shainaitheantais Chomhtháite i gcomhréir le prionsabail Rialachán (AE) 2024/1183 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Aibreán 2024 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 a mhéid a bhaineann leis an gCreat Eorpach um Chéannacht Dhigiteach a bhunú.

Tá coinne leis go dtabharfar an t-athchóiriú i gcrích faoi R2 2026.

2.   Liosta na mbeart agus an tráthchlár don chur chun feidhme

Uimh.

Athchóiriú / Infheistíocht

Ainm an bhirt

Amlíne

Tuairisc ar an mbeart

14.1

Athchóiriú 1.

Bonneagar digiteach atá slán agus éifeachtúil

Glacadh an Phlean athbhreithnithe um an speictream raidió san Úcráin a leithdháileadh agus a úsáid

R1

2025

An Rún ó Chomh-Aireacht Airí na hÚcráine a ghlacadh maidir le leasú a dhéanamh ar an Rún ó Chomh-Aireacht Airí na hÚcráine ‘maidir leis an bPlean i dtaca le Leithdháileadh agus Úsáid an Speictrim Raidió san Úcráin a fhormheas’. Sainítear sa Rún na teicneolaíochtaí raidió a cheadaítear a úsáid san Úcráin, leis an sainmhíniú ar na bandaí minicíochta raidió agus na seirbhísí raidió a gcomhfhreagraíonn siad dóibh, chomh maith leis na téarmaí a bhaineann lena bhforbairt agus lena n-úsáid a fhoirceannadh, mar aon le liosta na dteicneolaíochtaí raidió a bhfuil gealladh fúthu lena gcur chun feidhme san Úcráin leis an sainmhíniú ar na bandaí minicíochta raidió agus na seirbhísí raidió a gcomhfhreagraíonn siad dóibh, chomh maith leis na téarmaí a bhaineann lena gcur chun feidhme i gcomhréir le acquis an Aontais.

14.2

Athchóiriú 1.

Bonneagar digiteach atá slán agus éifeachtúil

Teacht i bhfeidhm na reachtaíochta maidir le cumais chibearshlándála acmhainní faisnéise stáit agus bonneagar faisnéise criticiúil a neartú

R1

2025

Teacht i bhfeidhm na ngníomhartha reachtacha faoi seach chun ailíniú le creat NIS agus NIS2 (is é sin Treoir (AE) 2022/2555 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal comhchoiteann cibearshlándála ar fud an Aontais, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 agus Treoir (AE) 2018/1972, agus lena n-aisghairtear Treoir (AE) 2016/1148). Leis na gníomhartha dírítear ar na príomhréimsí seo a leanas:

—

cur chun feidhme sainordaitheach na mbeart a rialáil arb é is aidhm dóibh creat dlíthiúil iomchuí a chruthú chun bearta a chur chun feidhme chun foghanna sa chibearspás a chosc, a bhrath agus a chur faoi chois i gcomhthéacs chogadh Chónaidhm na Rúise in aghaidh na hÚcráine;

—

an leibhéal cosanta ar chibirionsaithe a mhéadú le haghaidh acmhainní faisnéise stáit agus bonneagar faisnéise criticiúla;

—

feabhas a chur ar an gcreat rialála i réimse na cibearshlándála agus na cosanta faisnéise chun cumais an chórais náisiúnta cibearshlándála a neartú d’fhonn cibearbhagairtí a chomhrac.

14.3

Athchóiriú 2.

Digitiú na seirbhísí poiblí

Glacadh an Phlean Gníomhaíochta um dhigitiú seirbhísí poiblí go dtí 2026

R1

2025

Reacht ó Chomh-Aireacht Airí na hÚcráine a ghlacadh maidir leis an bplean gníomhaíochta a fhormheas chun seirbhísí poiblí a dhigitiú go dtí 2026. Leis an bplean gníomhaíochta dírítear ar na príomhréimsí seo a leanas:

—

téarnamh;

—

oideachas;

—

cúram sláinte;

—

seirbhísí le haghaidh iarshaighdiúirí cogaidh;

—

fir seirbhíse mhíleata;

—

custaim;

—

an réimse ríomhshóisialta.

14.4

Athchóiriú 2.

Digitiú na seirbhísí poiblí

Teacht i bhfeidhm an ghnímh dlí maidir le feidhmiú an Chórais Ríomh-Shainaitheantais Chomhtháite, i gcomhréir le prionsabail Rialachán (AE) 2024/1183

R2

2026

Teacht i bhfeidhm gnímh dlí maidir le feidhmiú an Chórais Ríomh-Shainaitheantais Chomhtháite san Úcráin mar phríomhghné den bhonneagar ríomh-shainaitheantais náisiúnta, i gcomhréir le prionsabail Rialachán (AE) 2024/1183. Leis an ngníomh dlí dírítear ar na príomhréimsí seo a leanas::

—

córas ríomh-shainaitheantais nua-aimseartha a bhunú san Úcráin agus a áirithiú go ndéantar forbairt inbhuanaithe air;

—

idir-inoibritheacht (comhoiriúnacht theicneolaíoch) modhanna ríomh-shainaitheantais, nód ríomh-shainaitheantais idirmheánach (moil) agus scéimeanna ríomh-shainaitheantais a áirithiú;

—

acmhainní faisnéise arna bpróiseáil sa chóras a chosaint.

C.15.   AN tAISTRIÚ GLAS AGUS COSAINT AN CHOMHSHAOIL

1.   Tuairisc ar Athchóirithe agus Infheistíochtaí

Is é is cuspóir don chaibidil seo aistriú glas na hÚcráine a chothú, trí thacú leis an dícharbónú agus tríd an athléimneacht chomhshaoil agus aeráide a neartú.

Athchóiriú 1. Truailliú tionsclaíoch a chosc, a laghdú agus a rialú

Is é is cuspóir don athchóiriú seo aghaidh a thabhairt ar thruailliú an chomhshaoil, agus ceart bunreachtúil na saoránach chun comhshaoil shábháilte á áirithiú.

Tá beart amháin ag baint leis an athchóiriú. Baineann sé le teacht i bhfeidhm na reachtaíochta arb é is aidhm di truailliú tionsclaíoch a chosc, a laghdú agus a rialú, agus na forálacha á gcur i bhfeidhm go páirteach. Leis an mbeart seo, tugtar isteach cineálacha cur chuige comhtháite maidir le truailliú tionsclaíoch a cheadú agus a rialú bunaithe ar chur i bhfeidhm na dteicneolaíochtaí agus na modhanna bainistíochta is fearr atá ar fáil i gcomhréir le reachtaíocht ábhartha an Aontais.

Tá coinne leis go dtabharfar an t-athchóiriú i gcrích faoi R3 2024.

Athchóiriú 2. An beartas don athrú aeráide

Is é is cuspóir don athchóiriú seo ollstruchtúr le haghaidh rialachas aeráide chomh maith le sásra iomchuí a chruthú chun beartas stáit i réimse an athraithe aeráide san Úcráin a fhorbairt agus a chur chun feidhme.

Tá trí bheart ag baint leis an athchóiriú. Ar an gcéad dul síos, tiocfaidh reachtaíocht nua i bhfeidhm lena mbunófar bunphrionsabail bheartas an stáit don athrú aeráide, ar beartas de chuid na hÚcráine é. Ar an dara dul síos, glacfar rún ón gcomhairle eolaíochta agus saineolaithe maidir le caomhnú an chisil ózóin. Ar an tríú dul síos, glacfar an dara Rannchuidiú arna Chinneadh go Náisiúnta ag an Úcráin le Comhaontú Pháras maidir leis an Athrú Aeráide.

Tá coinne leis go dtabharfar an t-athchóiriú i gcrích faoi R4 2025.

Athchóiriú 3. Sásraí margaidh na praghsála carbóin

Is é is cuspóir don athchóiriú seo forbairt shásraí margaidh na praghsála carbóin a chothú.

Tá dhá bheart ag baint leis an athchóiriú. Ar an gcéad dul síos, glacfar plean gníomhaíochta maidir le Córas Náisiúnta Trádála Astaíochtaí Gás Ceaptha Teasa a fhorbairt. Ar an dara dul síos, fillfidh an Úcráin ar a córas sainordaitheach faireacháin, tuairiscithe agus fíoraithe (MRV), cé is moite d’eisceachtaí áirithe.

Tá coinne leis go dtabharfar an t-athchóiriú i gcrích faoi R2 2025.

Athchóiriú 4. Athchóiriú agus caomhnú acmhainní nádúrtha

Is é is cuspóir don athchóiriú seo dífhoraoisiú agus díghrádú foraoise a laghdú.

Tá beart amháin ag baint leis an athchóiriú. Baineann sé le teacht i bhfeidhm reachtaíochta lena rialófar an tsaincheist maidir le deimhniú a dhéanamh ar inbhuanaitheacht thionscnamh an adhmaid agus na n-earraí eile a bhféadfadh dífhoraoisiú agus díghrádú foraoise a bheith mar thoradh orthu.

Tá coinne leis go dtabharfar an t-athchóiriú i gcrích faoi R2 2026.

Athchóiriú 5. Geilleagar ciorclach méadaithe

Is é is cuspóir don athchóiriú seo prionsabail an gheilleagair chiorclaigh agus an bhainistithe dramhaíola a chur chun feidhme.

Tá dhá bheart ag baint leis an athchóiriú. Ar an gcéad dul síos, glacfar plean bainistithe dramhaíola náisiúnta. Ar an dara dul síos, glacfaidh an Úcráin straitéis chun prionsabail an gheilleagair chiorclaigh a chur chun feidhme mar aon le plean gníomhaíochta chun é a chur chun feidhme.

Tá coinne leis go dtabharfar an t-athchóiriú i gcrích faoi R1 2026.

Athchóiriú 6. Measúnú ar an Tionchar ar an gComhshaol (MTC) agus Measúnú Straitéiseach Comhshaoil (MSC)

Is é is cuspóir don athchóiriú seo cosaint an chomhshaoil a chothú trí fheabhas a chur ar an tsoiléireacht maidir leis na rialacha a bhaineann leis an Measúnú ar an Tionchar ar an gComhshaol (MTC) agus leis an Measúnú Straitéiseach Comhshaoil (MSC).

Tá beart amháin ag baint leis an athchóiriú. Baineann sé le nóta coincheapa a fhoilsiú ina saineofar raon feidhme na maoluithe ar rialacha MTC agus MSC.

Tá coinne leis go dtabharfar an t-athchóiriú i gcrích faoi R3 2024.

2.   Liosta na mbeart agus an tráthchlár don chur chun feidhme

Uimh.

Athchóiriú / Infheistíocht

Ainm an bhirt

Amlíne

Tuairisc ar an mbeart

15.1

Athchóiriú 1

Truailliú tionsclaíoch a chosc, a laghdú agus a rialú

Teacht i bhfeidhm na reachtaíochta maidir le truailliú tionsclaíoch a chosc, a laghdú agus a rialú agus na forálacha á gcur i bhfeidhm go páirteach

R3

2024

Teacht i bhfeidhm Dhlí na hÚcráine maidir le Cearta Bunreachtúla na saoránach chun comhshaoil shábháilte don bheatha agus don tsláinte a áirithiú, agus na forálacha á gcur i bhfeidhm go páirteach. Tá fodhlíthe le glacadh laistigh de 12 mhí, agus tá roinnt forálacha le glacadh maidir le torthaí na dteicneolaíochtaí agus na modhanna bainistíochta is fearr atá ar fáil a chur i bhfeidhm laistigh de 4 bliana tar éis fhoirceannadh an dlí airm, cé is moite de na suiteálacha a chuirtear i mbun oibríochta den chéad uair.

Is é is aidhm don dlí truailliú tionsclaíoch a chosc, a laghdú agus a rialú agus tugtar isteach leis cineálacha cur chuige comhtháite maidir le truailliú tionsclaíoch a cheadú agus a rialú bunaithe ar chur i bhfeidhm na dteicneolaíochtaí agus na modhanna bainistíochta is fearr atá ar fáil i gcomhréir le Treoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha (cosc agus rialú comhtháite ar thruailliú) (athmhúnlú)

15.2

Athchóiriú 2.

An beartas don athrú aeráide

Teacht i bhfeidhm na reachtaíochta maidir le Beartas an Stáit don Athrú Aeráide

R1

2025

Teacht i bhfeidhm Dhlí na hÚcráine ‘Maidir le Bunphrionsabail Bheartas an Stáit don Athrú Aeráide’. Leis an dlí dírítear ar na príomhréimsí seo a leanas:

—

spriocanna agus bunphrionsabail bheartas an stáit don athrú aeráide;

—

comhlachtaí rialaithe i réimse an athraithe aeráide;

—

pleanáil straitéiseach i réimse an athraithe aeráide;

—

sásraí agus uirlisí chun spriocanna aeráide a bhaint amach;

—

creat náisiúnta chun cur chun feidhme beartas agus beart agus réamhaisnéis i réimse an athraithe aeráide a rianú;

—

an Chomhairle Eolaíochta agus Saineolaithe um an Athrú Aeráide agus um Chaomhnú an Chisil Ózóin;

—

córas fardail náisiúnta d’astaíochtaí antrapaigineacha de réir foinse agus ionsú trí linnte gás ceaptha teasa;

—

comhar idirnáisiúnta i réimse an athraithe aeráide.

15.3

Athchóiriú 2.

An beartas don athrú aeráide

glacadh an Rúin maidir leis an gComhairle Eolaíochta agus Saineolaithe um an Athrú Aeráide agus um Chaomhnú an Chisil Ózóin

R4

2025

An rún ó Chomh-Aireacht Airí na hÚcráine ‘Maidir le Formheas an Rialacháin i dtaca leis an gComhairle Eolaíochta agus Saineolaithe um an Athrú Aeráide agus um Chaomhnú an Chisil Ózóin’ a ghlacadh. Leis an Rialachán dírítear ar na príomhréimsí seo a leanas:

—

breithniú a dhéanamh ar na conclúidí eolaíocha ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC), ar thuarascálacha agus ar shonraí agus faisnéis eolaíoch maidir leis an aeráid, go háirithe a mhéid a bhaineann leis an Úcráin;

—

tacaíocht agus tograí eolaíocha agus saineolacha a sholáthar, lena n-áirítear tuarascálacha a ullmhú, maidir le spriocanna aeráide, beartais agus bearta, faireachán a dhéanamh ar a gcur chun feidhme agus ar a réamhaisnéis i réimse an athraithe aeráide, chomh maith le comhlíonadh spriocanna, beartas agus beart le hoibleagáidí idirnáisiúnta na hÚcráine;

—

malartú éachtaí eolaíocha a chur chun cinn i réimse an tsamhaltaithe, an fhaireacháin, an ardtaighde agus na nuálaíochta arb é is aidhm dóibh astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú agus ionsú trí linnte a mhéadú;

—

bunús eolaíoch na mbealaí agus na modhanna chun spriocanna aeráide a bhaint amach;

—

feasacht a ardú i leith an athraithe aeráide agus a iarmhairtí, daoine a chur ar an eolas fúthu agus oideachas a chur orthu, chomh maith le hidirphlé agus comhar a fhorbairt idir institiúidí eolaíocha maidir le saincheisteanna a bhaineann leis an athrú aeráide;

—

ráthaíochtaí neamhspleáchais le haghaidh na Comhairle sin ina himeachtaí uile;

—

comhdhéanamh éagsúil na Comhairle sin atá ábhartha ó thaobh na heolaíochta de.

15.4

Athchóiriú 2.

An beartas don athrú aeráide

Glacadh an dara Rannchuidiú ón Úcráin arna Chinneadh go náisiúnta le Comhaontú Pháras

R3

2025

An tOrdú ó Chomh-Aireacht Airí na hÚcráine a ghlacadh ‘Maidir le Formheas an Dara Rannchuidiú arna Chinneadh go Náisiúnta (NDC) ag an Úcráin le Comhaontú Pháras’. Le NDC dírítear ar na príomhréimsí seo a leanas:

—

sprioc níos airde maidir le hastaíochtaí a laghdú ná mar atá in NDC reatha na hÚcráine;

—

bonnbhliain a bhunú chun astaíochtaí ó fhoinsí agus linnte gás ceaptha teasa a ríomh;

—

fad cur chun feidhme agus/nó tréimhsí ama na mbeart atá beartaithe;

—

raon feidhme agus cumhdach na n-earnálacha eacnamaíocha agus na ngás ceaptha teasa;

—

pleanáil próisis, toimhdí agus cineálacha cur chuige modheolaíochta a úsáidtear, lena n-áirítear chun meastachán agus cuntas a dhéanamh ar astaíochtaí antrapaigineacha ag foinsí agus aistrithe ag linnte gás ceaptha teasa;

—

cothromas agus uaillmhian NDC a réasúnú i bhfianaise na n-imthosca náisiúnta;

—

rannchuidiú le cuspóir Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide a bhaint amach agus le hastaíochtaí gás ceaptha teasa/linnte feabhsaithe a theorannú, i gcomhréir leis an gcuspóir a leagtar amach in Airteagal 2 de Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide.

Beidh an dara NDC de chuid na hÚcráine a ghabhann le Comhaontú Pháras níos uaillmhianaí ná an NDC nuachóirithe atá ann faoi láthair.

15.5

Athchóiriú 3.

Sásraí margaidh na praghsála carbóin

Glacadh an Phlean Gníomhaíochta um Chóras Náisiúnta Trádála Astaíochtaí Gás Ceaptha Teasa a Bhunú

R1

2025

An Rún ó Chomh-Aireacht Airí na hÚcráine a ghlacadh ‘Maidir le Formheas an Phlean Gníomhaíochta i dtaca le Córas Náisiúnta Trádála Astaíochtaí Gás Ceaptha Teasa a Bhunú’. Áiritheofar le glacadh an Phlean Gníomhaíochta go saineofar na nithe seo a leanas:

—

céimeanna chur chun feidhme ETS;

—

tráthchláir na gcéimeanna;

—

an bonneagar is gá;

—

bearta eagraíochtúla.

15.6

Athchóiriú 3.

Sásraí margaidh na praghsála carbóin

Atosú an chórais faireacháin, tuairiscithe agus fíorúcháin éigeantaigh

R2

2025

Córas éigeantach faireacháin, tuairiscithe agus fíoraithe (MRV) a atosú le haghaidh saoráidí a chumhdaítear faoi raon feidhme na reachtaíochta atá ann cheana, cé is moite díobh siúd nach bhfuil rialaithe, scriosta ná lonnaithe sa chríoch atá faoi fhorghabháil shealadach, nó a d’fhógair go hoifigiúil go raibh oibríochtaí á gcur ar fionraí ó thaobh táirgthe de.

15.7

Athchóiriú 4.

Athchóiriú agus caomhnú acmhainní nádúrtha

Teacht i bhfeidhm an Dlí maidir leis an dífhoraoisiú agus an díghrádú foraoise a laghdú

R2

2026

Teacht i bhfeidhm Dhlí na hÚcráine lena rialófar an tsaincheist maidir le deimhniú a dhéanamh ar inbhuanaitheacht thionscnamh an adhmaid agus na n-earraí eile a bhféadfadh dífhoraoisiú agus díghrádú foraoise a bheith mar thoradh orthu. Leis an Dlí dírítear ar na príomhréimsí seo a leanas:

—

an úsáid a bhaintear as cuntasaíocht adhmaid leictreonach a leathnú, rud a áiritheoidh go ndéanfar gluaiseacht adhmaid a rianú agus dlisteanacht thionscnamh an adhmaid agus na dtáirgí adhmaid a dheimhniú;

—

a áirithiú gur tugadh isteach an córas deimhniúcháin le haghaidh táirgí adhmaid agus gur leathnaíodh an córas deimhniúcháin le haghaidh adhmad monaraithe atá ann cheana chun na hoibríochtaí trádála adhmaid uile a chumhdach;

—

ceanglais a bhunú chun tionscnamh an adhmaid a dheimhniú, lena n-áirítear táirgí adhmaid sa trádáil.

15.8

Athchóiriú 5.

Geilleagar ciorclach méadaithe

Glacadh na Straitéise um chur chun feidhme phrionsabail an gheilleagair chiorclaigh agus an Phlean Gníomhaíochta a ghabhann léi

R1

2026

An straitéis a ghlacadh chun prionsabail an gheilleagair chiorclaigh agus plean gníomhaíochta a chur chun feidhme ionas go gcuirfidh Comh-Aireacht Airí na hÚcráine an straitéis sin chun feidhme. Sainaithnítear sa straitéis na deiseanna agus na tionchair a d’fhéadfadh a bheith ag an aistriú chuig geilleagar ciorclach san Úcráin le haghaidh 5-10 n-earnáil tosaíochta agus slabhra luacha réamhroghnaithe, amhail dramhaíl, teicstílí, plaistigh, ceallraí, leictreonaic, talmhaíocht, tógáil agus deisiú, agus miotail agus mianraí.

15.9

Athchóiriú 5.

Geilleagar ciorclach méadaithe

An Plean Náisiúnta Bainistithe Dramhaíola go dtí 2033 a ghlacadh

R3

2025

An tOrdú ó Chomh-Aireacht Airí na hÚcráine a ghlacadh ‘Maidir leis an bPlean Náisiúnta Bainistithe Dramhaíola go dtí 2033 a fhormheas’. Leis an bPlean Náisiúnta Bainistithe Dramhaíola dírítear ar na príomhréimsí seo a leanas:

—

bainistiú dramhaíola tí;

—

bainistiú dramhaíola guaisí;

—

riachtanais bhonneagair;

—

anailísí ar inbhuanaitheacht eacnamaíoch agus airgeadais an phlean gníomhaíochta;

—

ionstraimí eacnamaíocha a chur chun feidhme chun feabhas a chur ar bhainistiú dramhaíola;

—

faireachán agus rialú a dhéanamh ar bhainistiú dramhaíola;

—

pleanáil straitéiseach maidir le bainistiú dramhaíola san Úcráin;

—

bainistiú dramhaíola a chur chun feidhme ar an leibhéal réigiúnach.

15.10

Athchóiriú 6.

Measúnú ar an Tionchar ar an gComhshaol (MTC) agus Measúnú Straitéiseach Comhshaoil (SEA)

Nóta coincheapa a fhorbairt lena sainítear raon feidhme na ndialltaí ó rialacha an Mheasúnaithe ar an Tionchar ar an gComhshaol (MTC) agus ó rialacha an Mheasúnaithe Straitéisigh Comhshaoil (SEA)

R3

2024

Nóta coincheapa a ullmhú agus a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin oifigiúil Aireacht Cosanta Comhshaoil agus Acmhainní Nádúrtha tar éis comhairliúcháin phoiblí le páirtithe leasmhara a shainíonn raon feidhme na maoluithe ar rialacha MTC agus SEA.

Áirítear an fhaisnéis seo a leanas sa nóta coincheapa:

—

faisnéis maidir leis an gcomhlacht a chinneann raon feidhme na maoluithe ar oibleagáidí MTC agus MSC;

—

tuairisc ar na réada agus míniú ar an bhfáth a n-áirítear iad i raon feidhme an mhaolaithe i ngach cás sonrach;

—

réasúnú raon feidhme na maoluithe;

—

teorainneacha ama le haghaidh na maoluithe a dheonaítear.’.


(1)  Is é atá sa ranníocaíocht ó Ríocht na Sualainne atá le fáil mar ioncam sannta seachtrach in 2025 750 milliún krona na Sualainne (SEK), arb ionann é agus thart ar EUR 67 milliún (ríomhfar an méid beacht ar bhonn an ráta malairte oifigiúil tráth a aistreofar an ranníocaíocht). Tá sé beartaithe leis an ranníocaíocht sin an tráthchuid seo a chómhaoiniú i bhfoirm tacaíochta airgeadais neamh-inaisíoctha le 258 milliún krona na Sualainne (SEK), arb ionann é agus thart ar EUR 23 mhilliún, ach na bearta ábhartha a chomhlíonadh go sásúil.

(2)  Is é atá sa ranníocaíocht ó Ríocht na Sualainne atá le fáil mar ioncam sannta seachtrach in 2025 750 milliún krona na Sualainne (SEK), arb ionann é agus thart ar EUR 67 milliún (ríomhfar an méid beacht ar bhonn an ráta malairte oifigiúil tráth a aistreofar an ranníocaíocht). Tá sé beartaithe leis an ranníocaíocht sin an tráthchuid seo a chómhaoiniú i bhfoirm tacaíochta airgeadais neamh-inaisíoctha le 246 mhilliún krona na Sualainne (SEK), arb ionann é agus thart ar EUR 22 mhilliún, ach na bearta ábhartha a chomhlíonadh go sásúil.

(3)  Is é atá sa ranníocaíocht ó Ríocht na Sualainne atá le fáil mar ioncam sannta seachtrach in 2025 750 milliún krona na Sualainne (SEK), arb ionann é agus thart ar EUR 67 milliún (ríomhfar an méid beacht ar bhonn an ráta malairte oifigiúil tráth a aistreofar an ranníocaíocht). Tá sé beartaithe leis an ranníocaíocht sin an tráthchuid seo a chómhaoiniú i bhfoirm tacaíochta airgeadais neamh-inaisíoctha le 246 mhilliún krona na Sualainne (SEK), arb ionann é agus thart ar EUR 22 mhilliún, ach na bearta ábhartha a chomhlíonadh go sásúil.

(4)  ECFE (2023), The Principles of Public Administration [Prionsabail an Riaracháin Phoiblí], ECFE, Páras, https://www.sigmaweb.org/publications/Principles-of-Public-Administration-2023.pdf

(5)  ECFE (2015), OECD Guidelines on Corporate Governance of State-Owned Enterprises [Treoirlínte ECFE maidir le Rialachas Corparáideach Fiontar faoi Úinéireacht Stáit], ECFE, Páras, https://www.oecd.org/daf/ca/guidelines-corporate-governance-soes.htm


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/2157/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)