26.1.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 17/42


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/98 ÓN gCOMHAIRLE

an 25 Eanáir 2022

lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1561 lena dtugtar tacaíocht shealadach faoi Rialachán (AE) 2020/672 don Ungáir chun rioscaí dífhostaíochta a mhaolú i gcás éigeandála ag eascairt as ráig COVID-19

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2020/672 ón gComhairle an 19 Bealtaine 2020 maidir le bunú ionstraime Eorpaí le haghaidh tacaíocht shealadach chun rioscaí dífhostaíochta a mhaolú i gcás éigeandála (SURE) ag eascairt as ráig COVID-19 (1), agus go háirithe Airteagal 6(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

De bhreis ar iarraidh ón Ungáir an 6 Lúnasa 2020, thug an Chomhairle, trí bhíthin Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1561 (2), cúnamh airgeadais don Ungáir i bhfoirm iasacht ar luach uasmhéid EUR 504 330 000 í le meánaibíocht uasta 15 bliana, d’fhonn iarrachtaí náisiúnta na hUngáire a chomhlánú chun aghaidh a thabhairt ar thionchar ráig COVID-19 agus chun freagairt d’iarmhairtí socheacnamaíocha na ráige sin d’oibrithe agus do dhaoine féinfhostaithe.

(2)

Bhí an iasacht le húsáid ag an Ungáir chun bearta atá comhchosúil le scéimeanna oibre gearr-ama agus bearta a bhaineann le sláinte a mhaoiniú, dá dtagraítear in Airteagal 3 de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1561.

(3)

Chuir ráig COVID-19 srian ar chuid mhór de lucht saothair na hUngáire. Mar thoradh air sin, tháinig méaduithe tobanna agus géara arís agus arís eile ar an gcaiteachas poiblí san Ungáir i ndáil le beart nua, eadhon scéim tacaíochta ioncaim aonuaire do dhaoine féinfhostaithe in earnálacha a ndéanann na bearta cosanta agus na bearta dá dtagraítear in Airteagal 3, pointí (f), (g), (h), (i) agus (j), de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1561 difear dóibh.

(4)

Maidir le ráig COVID-19 agus na bearta urghnácha a chuir an Ungáir chun feidhme in 2020 agus in 2021 chun an ráig sin agus a tionchar socheacnamaíoch agus a bhaineann le sláinte a choinneáil faoi smacht, bhí tionchar mór acu ar an airgeadas poiblí agus tá an tionchar sin acu go fóill. Bhí easnamh rialtais ghinearálta agus ollfhiachas rialtais 8,0 % agus 80,1 % den olltáirgeacht intíre (OTI) faoi seach ag an Ungáir faoi dheireadh 2020. De réir réamhaisnéis an fhómhair ón gCoimisiún do 2021, tuartar go laghdóidh easnamh rialtais ghinearálta agus ollfhiachas rialtais na hUngáire go 7,5 % agus 79,2 % de OTI faoi seach in 2021 agus tuartar go dtiocfaidh méadú 7,4 % ar a OTI in 2021.

(5)

An 1 Nollaig 2021, d’iarr an Ungáir tuilleadh cúnamh airgeadais ar an Aontas ar mhéid EUR 147 140 000 chun leanúint tuilleadh dá hiarrachtaí náisiúnta a chomhlánú a gabhadh de láimh in 2020 agus 2021 chun aghaidh a thabhairt ar thionchar ráig COVID-19 agus chun freagairt d’iarmhairtí socheacnamaíocha na ráige d’oibrithe agus do dhaoine féinfhostaithe, go háirithe na bearta dá dtagraítear in aithrisí (6) go (8).

(6)

Trí bhíthin “Foraithne Rialtais Uimh. 485/2020. (XI. 10.)” (3), leasaigh an Ungáir agus chuir sí síneadh go dtí deireadh na staide éigeandála le roinnt beart a bhaineann le cáin dá dtagraítear in Airteagal 3, pointí (f), (g), (h) agus (j), de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1561. Is é atá beartaithe leis an iasacht a d’iarr an Ungáir ná chun caiteachas a chumhdach don tréimhse ó mhí na Nollag 2020 go dtí mí an Mheithimh 2021, agus don tréimhse sin amháin. Tá an coinníoll sainráite san fhoraithne go gcoinneoidh na tairbhithe conarthaí fostaíochta a bhí i bhfeidhm tráth theacht i bhfeidhm na foraithne agus nach bhfoirceannfaidh siad na conarthaí den sórt sin trí bhíthin fógra ón bhfostóir ar feadh fad na mbeart faoi seach. Rinneadh raon feidhme na n-earnálacha is incháilithe do thacaíocht a mhodhnú trí Airteagal 1 de “Foraithne Rialtais Uimh. 571/2020. (XII. 9.)” (4), Airteagal 1 de “Foraithne Rialtais Uimh. 638/2020. (XII. 22)” (5), Airteagal 1 de “Foraithne Rialtais Uimh. 105/2021. (III. 3)” (6)., Airteagal 1 de “Foraithne Rialtais Uimh. 147/2021. (III. 27)” (7) agus Airteagal 1 de “Foraithne Rialtais Uimh. 204/2021. (IV. 29)” (8). I gcás na n-earnálacha is mó a buaileadh leis an bpaindéim, thug an Ungáir isteach díolúine ó ranníocaíochtaí slándála sóisialta agus ó thobhach oiliúna na bhfostóirí, don tréimhse ó Mhárta go Nollaig 2020 ar dtús, chomh maith le laghdú ar an gcáin ar ranníocaíocht athshlánúcháin na bhfostóirí, don tréimhse ó Mhárta go Meitheamh 2020 ar dtús. Thug an Ungáir isteach freisin díolúine maidir le costais phearsanra ó bhonn cánach na cánach ar fhiontair bheaga (“KIVA”), don tréimhse ó Mhárta go Meitheamh 2020 ar dtús. Maidir leis na bearta sin ar fad, níor iarradh ach an chuid sin de chaiteachas iomlán (nó den ioncam ligthe thar ceal) a bhaineann le cuideachtaí a laghdaíonn nó a chuireann ar fionraí am oibre nó am ina bhfuil na fostaithe i mbun fostaíochta go leanúnach suas go dtí na sonraí olltoraidh is déanaí atá ar fáil. Ós rud é gur ioncam ligthe thar ceal don Rialtas atá sna bearta sin, is féidir a mheas gurb ionann iad agus caiteachas poiblí.

(7)

Thairis sin, trí bhíthin “Foraithne Rialtais Uimh. 105/2021. (III. 3.)”, Airteagal 1 de “Foraithne Rialtais Uimh. 147/2021 (III. 27)” agus Airteagal 1 de “Foraithne Rialtais Uimh. 204/2021. (IV. 29)”, leasaigh na húdaráis an díolúine ón gcóras cánach cnapshuime gnó bige (“KATA”), dá dtagraítear in Airteagal 3, pointe (i), de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1561, a tugadh isteach ar dtús don tréimhse ó Mhárta go Meitheamh 2020 agus ar cuireadh síneadh leis don tréimhse ó Mhárta go hAibreán 2021. Níor iarradh ach an chuid sin de chaiteachas a bhaineann le tacaíocht do dhaoine féinfhostaithe agus do chuideachtaí aonbhaill. Is féidir a mheas go bhfuil an beart mar bheart maidir le scéimeanna oibre gearr-ama, dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2020/672, ós rud é go bhfuil sé d’aidhm aige an duine féinfhostaithe nó catagóirí comhchosúla oibrithe a chosaint ar laghdú nó ar chaillteanas ioncaim.

(8)

Trí bhíthin “Foraithne Rialtais Uimh. 310/2021. (VI. 7.) maidir le tacaíocht chúitimh do na daoine féinfhostaithe” (9), tá scéim nua tacaíochta ioncaim aonuaire tugtha isteach ag an Ungáir do na daoine féinfhostaithe in earnálacha atá thíos le bearta dianghlasála ar choinníoll go leanfaidh siad lena ngníomhaíochtaí ar feadh 2 mhí ar a laghad tar éis dheireadh ionchasach na staide éigeandála. Is ionann an íocaíocht aonuaire agus an t-íosphá ráthaithe míosúil (HUF 219 000). Tiocfaidh deireadh leis an tréimhse incháilitheachta ag deireadh na staide éigeandála. Is iad fiontraithe aonair nach bhfuil fostaithe acu agus nach bhfuil incháilithe do thacaíocht faoin scéim earnála pá spriocghrúpa na scéime. Is féidir an beart a mheas mar bheart atá cosúil le scéimeanna oibre gearr-ama, dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2020/672, ós rud é go bhfuil sé d’aidhm aige an duine féinfhostaithe nó catagóirí comhchosúla oibrí a chosaint ar laghdú nó ar chaillteanas ioncaim.

(9)

Comhlíonann an Ungáir na coinníollacha maidir le cúnamh airgeadais a iarraidh a leagtar amach in Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2020/672. Chuir an Ungáir fianaise iomchuí ar fáil don Choimisiún gur tháinig méadú EUR 897 720 542 ar an gcaiteachas poiblí iarbhír agus beartaithe amhail ón 1 Feabhra 2020 mar gheall ar na bearta náisiúnta a glacadh chun aghaidh a thabhairt ar éifeachtaí socheacnamaíocha ráig COVID-19. Is méadú tobann, géar é seo toisc go mbaineann sé le beart nua agus le síneadh a chur leis na bearta atá ann cheana a bhaineann go díreach le bearta atá cosúil le scéimeanna oibre gearr-ama lena gcumhdaítear cion suntasach de ghnóthais agus de lucht saothair na hUngáire, araon. Mhaoinigh an Ungáir EUR 113 740 000 de mhéid méadaithe an chaiteachais trí chistí ón Aontas. Mhaoinigh an Ungáir EUR 132 510 542 de mhéid méadaithe an chaiteachais phoiblí trína maoiniú féin.

(10)

Chuaigh an Coimisiún i gcomhairle leis an Ungáir agus d’fhíoraigh sé an méadú tobann, géar ar an gcaiteachas poiblí iarbhír agus beartaithe a bhaineann go díreach le bearta cosúil le scéimeanna oibre gearr-ama, dá dtagraítear in iarraidh an 1 Nollaig 2021, i gcomhréir le hAirteagal 6 de Rialachán (AE) 2020/672.

(11)

Ba cheart, dá bhrí sin, cúnamh airgeadais a chur ar fáil d’fhonn cuidiú leis an Ungáir aghaidh a thabhairt ar éifeachtaí socheacnamaíocha an tsuaite eacnamaíoch ghéir a tharla de dheasca ráig COVID-19. Ba cheart don Choimisiún na cinntí maidir le haibíochtaí, méid agus scaoileadh tráthchodanna agus tráinsí a dhéanamh i ndlúthchomhar leis na húdaráis náisiúnta.

(12)

Ba cheart don Ungáir agus don Choimisiún an Cinneadh seo a chur san áireamh sa chomhaontú iasachta dá dtagraítear in Airteagal 8(2) de Rialachán (AE) 2020/672.

(13)

Ba cheart don Chinneadh seo a bheith gan dochar do thoradh aon nósanna imeachta a bhaineann le saobhadh ar oibriú an mhargaidh inmheánaigh a fhéadfaí a ghabháil ar láimh, go háirithe faoi Airteagal 107 agus Airteagal 108 den Chonradh. Ní sháraíonn sé an ceanglas atá ar na Ballstáit fógra a thabhairt don Choimisiún faoi chásanna Státchabhrach a d’fhéadfadh a bheith ann faoi Airteagal 108 den Chonradh.

(14)

Ba cheart don Ungáir an Coimisiún a chur ar an eolas ar bhonn rialta faoi chur chun feidhme an chaiteachais phoiblí bheartaithe, chun a chur ar chumas an Choimisiúin measúnú a dhéanamh ar a mhéid atá an caiteachas sin curtha chun feidhme ag an Ungáir.

(15)

Rinneadh an cinneadh chun cúnamh airgeadais a chur ar fáil trí riachtanais reatha agus riachtanais ionchasacha na hUngáire a chur san áireamh, chomh maith leis na hiarrataí ar chúnamh airgeadais de bhun Rialachán (AE) 2020/672 a bheidh curtha isteach cheana nó a bheartaigh Ballstáit eile a chur isteach a mheas, agus prionsabail na córa comhionainne, na dlúthpháirtíochta, na comhréireachta agus na trédhearcachta á gcur i bhfeidhm ag an am céanna,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1561 mar a leanas:

(1)

leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Cuirfidh an tAontas iasacht ar fáil don Ungáir arb é EUR 651 470 000 ar a mhéid í. Cúig bliana déag an uastréimhse aibíochta ar an meán a bheidh ag an iasacht sin.”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

“4.   Scaoilfear an chéad tráthchuid faoi réir theacht i bhfeidhm an chomhaontaithe iasachta dá bhforáiltear in Airteagal 8(2) de Rialachán (AE) 2020/672. Scaoilfear aon tráthchodanna eile i gcomhréir le téarmaí an chomhaontaithe iasachta sin nó, i gcás inarb iomchuí, beidh siad faoi réir theacht i bhfeidhm aguisín a ghabhann leis, nó theacht i bhfeidhm comhaontaithe iasachta leasaithe.”;

(2)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3:

“Airteagal 3

Féadfaidh an Ungáir na bearta seo a leanas a mhaoiniú:

(a)

tacaíocht shealadach chun cóiríocht i gceann scríbe turasóireachta a uasghrádú chun an lucht saothair atá ann cheana a choinneáil dá bhforáiltear le ‘Rún 2080/2020 ón Rialtas maidir le forbairt náisiúnta cóiríochta’, a choinneáil don chuid den chaiteachas a bhaineann le tacaíocht do na daoine féinfhostaithe agus do chuideachtaí aonbhaill;

(b)

tacaíocht shealadach do chuideachtaí próiseála bia dá bhforáiltear le ‘Foraithne Uimh. 25/2020. (VI. 22.) ón Aire Talmhaíochta’, don chuid den chaiteachas a bhaineann le tacaíocht do na daoine féinfhostaithe agus do chuideachtaí aonbhaill;

(c)

tacaíocht shealadach do chuideachtaí gairneoireachta sna hearnálacha ina ndéantar fás barra neamh-ilbhliantúla agus iomadú plandaí dá bhforáiltear le ‘Foraithne Uimh. 26/2020. (VI. 22.) ón Aire Talmhaíochta’, don chuid sin den chaiteachas a bhaineann le tacaíocht a thabhairt do na daoine féinfhostaithe agus do chuideachtaí aonbhaill;

(d)

tacaíocht shealadach do chuideachtaí feirmeoireachta éisc, dá bhforáiltear le ‘Foraithne Uimh. 30/2020. (VI. 22.) ón Aire Talmhaíochta’, don chuid sin den chaiteachas a bhaineann le tacaíocht do na daoine féinfhostaithe agus do chuideachtaí aonbhaill;

(e)

síneadh a chur, go dtí an 30 Meitheamh 2020, leis na sochair cúraim leanaí sin a chuaigh in éag le linn thréimhse an rabhaidh, dá bhforáiltear le ‘Foraithne Rialtais Uimh. 59/2020. (III. 23.)’ agus Airteagal 71 de ‘Acht LVIII de 2020’;

(f)

cáin ranníocaíochtaí sóisialta fostóirí a chur ar fionraí in earnálacha áirithe, dá bhforáiltear le hAirteagal 4, pointe (a), de ‘Foraithne Rialtais Uimh. 47/2020. (III. 18.)’ (mar a leasaíodh), don chuid sin den chaiteachas a bhaineann le cuideachtaí a laghdaíonn nó a chuireann ar fionraí, am oibre nó am ina raibh na fostaithe i mbun fostaíochta go leanúnach, mar a leasaíodh agus mar a cuireadh síneadh leis;

(g)

díolúintí ó thobhach oiliúna na bhfostóirí in earnálacha áirithe, dá bhforáiltear le hAirteagal 4, pointe (a), de ‘Foraithne Rialtais Uimh. 47/2020. (III. 18.)’ (mar a leasaíodh), don chuid sin den chaiteachas a bhaineann le cuideachtaí a laghdaíonn nó a chuireann ar fionraí, am oibre nó am a bhí na fostaithe i mbun fostaíochta go leanúnach, mar a leasaíodh agus mar a cuireadh síneadh leis;

(h)

laghdú ar cháin ranníocaíochtaí athshlánúcháin fostóirí in earnálacha áirithe, dá bhforáiltear le hAirteagal 4, pointe (a), de ‘Foraithne Rialtais Uimh. 47/2020. (III. 18.)’ (mar a leasaíodh), don chuid sin den chaiteachas a bhaineann le cuideachtaí a laghdaíonn nó a chuireann ar fionraí, am oibre nó am a bhí na fostaithe i mbun fostaíochta go leanúnach, mar a leasaíodh agus mar a cuireadh síneadh leis;

(i)

díolúine cánach do cháiníocóirí beaga ón gcóras cánach cnapshuime do ghnólachtaí beaga (‘KATA’) in earnálacha áirithe, dá bhforáiltear le hAirteagal 5 de ‘Foraithne Rialtais Uimh. 47/2020. (III. 18.)’ (mar a leasaíodh), an chuid sin den chaiteachas a bhaineann le tacaíocht do dhaoine féinfhostaithe agus do chuideachtaí aonbhaill, agus an chuid sin amháin, mar a leasaíodh agus mar a cuireadh síneadh leis;

(j)

costais phearsanra a eisiamh ó bhonn cánach na cánach ar fhiontair bheaga (‘KIVA’) in earnálacha áirithe, dá bhforáiltear le ‘Foraithne Rialtais Uimh. 47/2020. (III. 18.)’ (mar a leasaíodh), don chuid sin den chaiteachas a bhaineann le cuideachtaí a laghdaíonn nó a chuireann ar fionraí, am oibre nó am a bhí na fostaithe i mbun fostaíochta go leanúnach, mar a leasaíodh agus mar a cuireadh síneadh leis;

(k)

sochar cnapshuime d’oibrithe cúraim sláinte chun an obair bhreise a rinne siad le linn na paindéime a aithint, dá bhforáiltear le ‘Foraithne Rialtais Uimh. 275/2020. (VI. 12.)’;

(l)

costais a bhaineann le bearta speisialta chun an phaindéim a rialú a tugadh isteach i gcuideachtaí atá faoi úinéireacht Stáit;

(m)

costais a bhaineann le bearta speisialta chun an phaindéim a rialú agus chun sláinte oifigeach poiblí a chosaint, faoi mar a fhoráiltear le ‘Foraithne Rialtais Uimh. 250/2014. (X. 2.) maidir leis an Ard-Stiúrthóireacht um Sholáthar Poiblí (KEF)’;

(n)

costais a bhaineann le bonneagar agus infheistíochtaí in ospidéil le haghaidh cosaint ardleibhéil d’oibrithe cúraim sláinte agus d’othair, dá bhforáiltear le ‘Rún 1012/2020. (I. 31.) ón Rialtas maidir leis an bhFoireann Oibriúcháin a Bhunú’;

(o)

costais dhíreacha uirlisí agus trealamh cosanta pearsanta in ospidéil agus in institiúidí cúraim sláinte eile le haghaidh cosaint ardleibhéil d’oibrithe cúraim sláinte, dá bhforáiltear le ‘Rún 1012/2020. (I. 31.) ón Rialtas maidir leis an bhFoireann Oibriúcháin a Bhunú’;

(p)

scéim tacaíochta ioncaim aonuaire do na daoine féinfhostaithe in earnálacha a ndéanann bearta cosanta difear dóibh ar choinníoll go gcoimeádfaidh siad a gcuid gníomhaíochtaí ar bun ar feadh 2 mhí ar a laghad tar éis dheireadh ionchasach na staide éigeandála, dá bhforáiltear le ‘Foraithne Rialtais Uimh. 310/2021. (VI. 7.)’.”;

(3)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4:

“Airteagal 4

1.   Cuirfidh an Ungáir an Coimisiún ar an eolas faoin 28 Aibreán 2021, agus gach 6 mhí ina dhiaidh sin, faoi chur chun feidhme an chaiteachais phoiblí bheartaithe go dtí go mbeidh an caiteachas poiblí beartaithe sin curtha chun feidhme ina iomláine.

2.   I gcás ina mbeidh bearta dá dtagraítear in Airteagal 3 bunaithe ar chaiteachas poiblí beartaithe agus ina raibh siad faoi réir cinneadh cur chun feidhme lena leasaítear an Cinneadh seo, cuirfidh an Ungáir an Coimisiún ar an eolas laistigh de 6 mhí ón dáta a nglacfar an cinneadh cur chun feidhme leasaitheach sin, agus gach 6 mhí i ndiaidh sin maidir le cur chun feidhme an chaiteachais phoiblí bheartaithe, go dtí go mbeidh an caiteachas poiblí beartaithe sin curtha chun feidhme ina iomláine.”.

Airteagal 2

Is chuig an Ungáir a dhírítear an Cinneadh seo.

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an dáta a dtabharfar fógra ina leith don seolaí.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 25 Eanáir 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

C. BEAUNE


(1)   IO L 159, 20.5.2020, lch. 1.

(2)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1561 ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2020 lena dtugtar tacaíocht shealadach faoi Rialachán (AE) 2020/672 don Ungáir chun rioscaí dífhostaíochta a mhaolú i gcás éigeandála ag eascairt as ráig COVID-19 (IO L 357, 27.10.2020, lch. 24).

(3)  Fógartha in Iris Oifigiúil na hUngáire an 10 Samhain 2020 (Uimh. 242), lch. 7671.

(4)  Fógartha in Iris Oifigiúil na hUngáire an 9 Nollaig 2020 (Uimh. 273), lch. 9076.

(5)  Fógartha in Iris Oifigiúil na hUngáire an 22 Nollaig 2020 (Uimh. 287), lch. 10473.

(6)  Fógartha in Iris Oifigiúil na hUngáire an 5 Márta 2021 (Uimh. 37), lch. 1509.

(7)  Fógartha in Iris Oifigiúil na hUngáire an 27 Márta 2021 (Uimh. 52), lch. 2042.

(8)  Fógartha in Iris Oifigiúil na hUngáire an 29 Aibreán 2021 (Uimh. 73), lch. 2676.

(9)  Fógartha in Iris Oifigiúil na hUngáire an 7 Meitheamh 2021 (Uimh. 104), lch. 4469.