|
12.5.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 135/1 |
RIALACHÁN (AE) 2022/727 ÓN gCOIMISIÚN
an 11 Bealtaine 2022
lena ndiúltaítear maíomh sláinte a dhéantar maidir le bianna a údarú agus lena dtagraítear do bhaol galar a laghdú
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006 i dtaca le maímh chothaithe agus shláinte a dhéantar i leith bianna (1), agus go háirithe Airteagal 17(3) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
De bhun Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006, tá toirmeasc ar mhaímh shláinte a dhéantar i leith bianna mura rud é go n-údaraíonn an Coimisiún iad i gcomhréir leis an Rialachán sin agus go n-áirítear iad i liosta na maíomh atá ceadaithe. |
|
(2) |
I dtaca le maímh shláinte maidir le laghdú riosca galair, foráiltear hAirteagal 15 de Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 go ndéanfaidh oibreoirí gnólachtaí bia iarratais ar údaruithe i leith maímh shláinte a chur faoi bhráid údarás inniúil náisiúnta Ballstáit. Cuirfidh an t-údarás inniúil náisiúnta iarratais bhailí chuig an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (EFSA), dá ngairtear “an tÚdarás” anseo feasta. |
|
(3) |
Tar éis don Údarás iarratas a fháil, cuirfidh sé na Ballstáit agus an Coimisiún ar an eolas faoi gan mhoill, agus tabharfaidh sé tuairim maidir leis an maíomh sláinte lena mbaineann. |
|
(4) |
Déanfaidh an Coimisiún cinneadh i dtaca le húdarú a thabhairt do mhaímh shláinte agus an tuairim ón Údarás á cur san áireamh aige. |
|
(5) |
Tar éis iarratas a fháil ó Han-Biotech GmbH a cuireadh isteach trí údarás inniúil na Gearmáine de bhun Airteagal 14(1)(a) de Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006, bhí de cheangal ar an Údarás tuairim a thabhairt ar mhaíomh sláinte a bhain le Symbiosal® agus laghdú brú fola agus riosca laghdaithe hipirtheannais (Ceist Uimh. EFSA-Q-2018-00002). Is mar seo a leanas a bhí an fhoclaíocht sa mhaíomh a mhol an t-iarratasóir: “Tá sé léirithe go laghdaíonn ‘Symbiosal®’ an t-ardú brú fola nuair a úsáidtear é in ionad salann boird traidisiúnta. Is fachtóir riosca é an t-ardú brú fola maidir le hardbhrú fola (hipirtheannas)”. |
|
(6) |
An 25 Iúil 2018, fuair an Coimisiún agus na Ballstáit an tuairim eolaíoch ón Údarás (2), inar thángthas ar an gconclúid, ar bhonn na sonraí a cuireadh i láthair, nár suíodh ceangal “cúis agus éifeacht” idir “Symbiosal®” a chaitheamh agus brú fola a laghdú. Dá réir sin, toisc nach gcomhlíonann an maíomh sláinte ceanglais Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006, níor cheart é a údarú. |
|
(7) |
Breithníodh na barúlacha ón iarratasóir a fuair an Coimisiún de bhun Airteagal 16(6) de Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 agus an beart dá bhforáiltear sa Rialachán seo á leagan amach. |
|
(8) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Ní dhéanfar an maíomh sláinte a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo a áireamh i liosta an Aontais de mhaímh atá ceadaithe dá bhforáiltear in Airteagal 14(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 11 Bealtaine 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 404, 30.12.2006, lch. 9.
(2) Iris EFSA 2018;16(7):5364.
IARSCRÍBHINN
Maíomh sláinte a diúltaíodh
|
Cur i bhfeidhm — Forálacha ábhartha Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 |
Cothaitheach, substaint, bia nó catagóir bia |
An Maíomh |
Tagairt na tuairime ó EFSA |
|
Airteagal 14(1)(a) maíomh sláinte a thagraíonn do bhaol galar a laghdú. |
“Symbiosal®” (forbhia ina bhfuil salann sáile (97 %) agus ciotósán (3 %)). |
Tá sé léirithe go laghdaíonn “Symbiosal®” an t-ardú brú fola nuair a úsáidtear é in ionad salann boird traidisiúnta. Is fachtóir riosca é an t-ardú brú fola maidir le hardbhrú fola (hipirtheannas). |
Q-2018-00002 |