9.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 39/36


CINNEADH (AE) 2023/270 ÓN gCOMHAIRLE

an 30 Eanáir 2023

maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, i gComhchoiste LEE a bhaineann le leasú ar Phrótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE, maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse (Cedefop)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 166(4) agus Airteagal 165(4) i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 2894/94 ón gComhairle an 28 Samhain 1994 maidir le socruithe le haghaidh chur chun feidhme an Chomhaontaithe ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (1), agus go háirithe Airteagal 1(3) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Tháinig an Comhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (2) (“Comhaontú LEE”) i bhfeidhm an 1 Eanáir 1994.

(2)

De bhun Airteagal 98 de Chomhaontú LEE, féadfaidh Comhchoiste LEE a chinneadh, inter alia, Prótacal 31 maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse (“Prótacal 31”) a ghabhann le Comhaontú LEE, a leasú.

(3)

Is iomchuí comhar na bPáirtithe Conarthacha i gComhaontú LEE a leathnú chun Rialachán (AE) 2019/128 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) a chumhdach.

(4)

Ba cheart, dá bhrí sin, Prótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú ionas go mbeifear in ann an comhar leathnaithe sin a chur ar siúl ó 1 Eanáir 2023.

(5)

Ba cheart, dá bhrí sin, seasamh an Aontais i gComhchoiste LEE a bheith bunaithe ar an dréachtchinneadh atá i gceangal,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

An seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais, i gComhchoiste LEE i ndáil leis an leasú atá beartaithe ar Phrótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE, maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse, beidh sé bunaithe ar an dréachtchinneadh ó Chomhchoiste LEE atá i gceangal leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an dáta a ghlacfar é.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 30 Eanáir 2023.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

P. KULLGREN


(1)   IO L 305, 30.11.1994, lch. 6.

(2)   IO L 1, 3.1.1994, lch. 3.

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 2019/128 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Eanáir 2019 lena mbunaítear an Lárionad Eorpach um Fhorbairt na Gairmoiliúna (Cedefop) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 337/75 ón gComhairle (IO L 30, 31.1.2019, lch. 90).


DRÉACHT

CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. ...

an ...

lena leasaítear Prótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE, maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (“Comhaontú LEE”), agus go háirithe Airteagail 86 agus 98 de,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

De réir mhír 6 d’Airteagal 4 de Phrótacal 31, spreagfaidh na Páirtithe Conarthacha comhar iomchuí idir na heagraíochtaí inniúla, na hinstitiúidí agus na comhlachtaí eile ina gcríocha féin i gcás ina rannchuideodh sé sin le comhar a neartú agus a leathnú. Beidh feidhm aige sin go háirithe maidir le hábhair a chumhdaítear le gníomhaíochtaí an Lárionaid Eorpaigh um Fhorbairt na Gairmoiliúna (Cedefop).

(2)

Is iomchuí comhar na bPáirtithe Conarthacha i gComhaontú LEE a leathnú chun Rialachán (AE) 2019/128 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Eanáir 2019 lena mbunaítear an Lárionad Eorpach um Fhorbairt na Gairmoiliúna (Cedefop), agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) 337/75 (1) a chumhdach.

(3)

Ba cheart, dá bhrí sin, Prótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú chun go mbeidh an comhar leathnaithe sin ann ón 1 Eanáir 2023,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad théacs mhír 6 d’Airteagal 4 de Phrótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE:

“(a)

Beidh Stáit CSTE rannpháirteach, le héifeacht ón 1 Eanáir 2023, sna gníomhaíochtaí a d’fhéadfadh teacht as an ngníomh seo a leanas de chuid an Aontais:

—

32019 R 0128: Rialachán (AE) Uimh. 2019/128 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Eanáir 2019 lena mbunaítear an Lárionad Eorpach um Fhorbairt na Gairmoiliúna (Cedefop) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 337/75 ón gComhairle (IO L 30, 31.1.2019, lch. 90).

(b)

Déanfaidh Stáit CSTE ranníocaíochtaí airgeadais i leith na ngníomhaíochtaí dá dtagraítear faoi (a) i gcomhréir le hAirteagal 82(1)(a) den Chomhaontú agus le Prótacal 32 a ghabhann leis an gComhaontú.

(c)

Glacfaidh Stáit CSTE páirt iomlán, gan ceart vótála, i mBord Bainistíochta Cedefop.

(d)

De mhaolú ar Airteagal 12(2)(a) agus Airteagal 82(3)(a) de Choinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais Eorpaigh, náisiúnaigh Stáit CSTE a bhfuil a gcearta iomlána acu mar shaoránaigh, féadfaidh Stiúrthóir Feidhmiúcháin Cedefop iad a fhostú faoi chonradh.

(e)

De mhaolú ar Airteagal 12(2)(e), Airteagal 82(3)(e) agus Airteagal 85(3) de Choinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais Eorpaigh, na teangacha dá dtagraítear in Airteagal 129(1) den Chomhaontú, déanfaidh Cedefop iad a mheas mar theangacha de chuid an Aontais, i dtaca lena baill foirne, dá dtagraítear in Airteagal 55(1) den Chonradh ar an Aontas Eorpach.

(f)

Beidh pearsantacht dhlítheanach ag Cedefop. I Stáit uile na bPáirtithe Conarthacha beidh an inniúlacht dhlíthiúil is fairsinge a thugtar do dhaoine dlítheanacha faoina ndlíthe aige.

(g)

Deonóidh Stáit CSTE pribhléidí agus díolúintí do Cedefop agus dá fhoireann, pribhléidí agus díolúintí is coibhéiseach leis na pribhléidí agus na díolúintí i bPrótacal ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh.

(h)

Beidh feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún, chun Rialachán (AE) 2021/696 a chur i bhfeidhm, maidir le haon doiciméad de chuid Cedefop a bhaineann le Stáit CSTE freisin.”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis an fhógra dheireanaigh faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE (*).

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2023.

Airteagal 3

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Chomhchoiste LEE

An tUachtarán

Rúnaithe

Chomhchoiste LEE


(1)   IO L 30, 31.1.2019, lch. 90.

(*)  [Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.] [Sonraítear ceanglais bhunreachtúla.]


Dearbhú Comhpháirteach ó na Páirtithe Conarthacha i gCinneadh Uimh…/... lena n-ionchorpraítear sa Chomhaontú Rialachán (AE) 2019/128 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

Aithníonn na páirtithe go bhfuil ionchorprú an ghnímh seo gan dochar do chur i bhfeidhm díreach Phrótacal 7 i ndáil le pribhléidí agus díolúintí an Aontais Eorpaigh maidir le náisiúnaigh de chuid Stáit CSTE ar chríoch gach Ballstáit den Aontas Eorpach, de bhun Airteagal 11 den Phrótacal sin.