|
17.6.2020 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 193/11 |
CINNEADH (AE) 2020/793 ÓN gCOMHAIRLE
an 12 Meitheamh 2020
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh laistigh de Choiste Stiúrtha Réigiúnach an Chomhphobail Iompair a mhéid a bhaineann le hábhair áirithe riaracháin agus foirne agus le rialacha airgeadais le haghaidh an Chomhphobail Iompair a leagan síos
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 91 agus Airteagal 100(2) de i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
I gcomhréir leis an gCinneadh ón gComhairle (AE) 2017/1937, shínigh an tAontas Eorpach an Conradh lena mbunaítear an Comhphobal Iompair (“TCT”) (1). Formheasadh é thar ceann an Aontais an 4 Márta 2019 le Cinneadh (AE) 2019/392 ón gComhairle (2) agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Bealtaine 2019. |
|
(2) |
Bunaíodh an Coiste Stiúrtha Réigiúnach le TCT d’fhonn TCT a riar agus a chur chun feidhme i gceart. Le TCT, ceanglaítear ar an gCoiste Stiúrtha Réigiúnach rialacha a ghlacadh maidir le dálaí oibre fhoireann Bhuanrúnaíocht an Chomhphobail Iompair, mar aon le cinneadh lena sonrófar an nós imeachta lena gcuirfear an buiséad chun feidme agus lena ndéanfar na cuntais a thíolacadh agus a iniúchadh. |
|
(3) |
Tá an Coiste Stiúrtha Réigiúnach le cinntí a ghlacadh go luath maidir leis na rialacha taistil d’fhoireann an Chomhphobail Iompair, maidir leis na rialacha maidir le haisíoc speansas arna dtabhú ag daoine ó lasmuigh de Bhuanrúnaíocht an Chomhphobail Iompair a fhaigheann cuireadh freastal ar chruinnithe i gcáil saineolaí, agus maidir leis na rialacha airgeadais agus leis na nósanna imeachta um iniúchóireacht is infheidhme maidir leis an gComhphobal Iompair. |
|
(4) |
Is iomchuí an seasamh a bhunú atá le glacadh thar ceann an Aontais laistigh den Choiste Stiúrtha Réigiúnach, óir tá na cinntí sin riachtanach do dhea-fheidhmiú Bhuanrúnaíocht an Chomhphobail Iompair agus beidh siad ina gceangal ar an Aontas, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh laistigh den Choiste Stiúrtha Réigiúnach arna bhunú leis an gConradh lena mbunaítear an Comhphobal Iompair, i dtaca leis na rialacha taistil d’fhoireann an Chomhphobail Iompair, i dtaca leis na rialacha maidir le haisíoc na gcostas a thabhaíonn daoine ó lasmuigh de Bhuanrúnaíocht an Chomhphobail Iompair a fhaigheann cuireadh freastal ar chruinnithe i gcáil saineolaí, agus i dtaca leis na rialacha airgeadais agus leis na nósanna imeachta um iniúchóireacht is infheidhme maidir leis an gComhphobal Iompair, beidh sé bunaithe ar na dréachtchinntí comhfhreagracha ón gCoiste Stiúrtha Réigiúnach (3).
Féadfaidh ionadaithe an Aontais Eorpaigh laistigh den Choiste Stiúrtha Réigiúnach toiliú le mionathruithe ar na dréachtchinntí sin gan cinneadh eile ón gComhairle.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an dáta a nglacfar é.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 12 Meitheamh 2020.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
A.METELKO-ZGOMBIĆ
(1) Cinneadh (AE) 2017/1937 ón gComhairle an 11 Iúil 2017 maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, agus cur i bhfeidhm sealadach an Chonartha lena mbunaítear an Comhphobal Iompair (IO L 278, 27.10.2017, lch. 1).
(2) Cinneadh (AE) 2019/392 ón gComhairle an 4 Márta 2019 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Chonartha lena mbunaítear an Comhphobal Iompair. (IO L 71, 13.3.2019, lch. 1).
(3) Féach doiciméad ST 8100/20 ag http://register.consilium.europa.eu.