26.1.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 17/47


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/99 ÓN gCOMHAIRLE

an 25 Eanáir 2022

lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1354 lena ndeonaítear tacaíocht shealadach faoi Rialachán (AE) 2020/672 do Phoblacht na Portaingéile chun rioscaí dífhostaíochta a mhaolú i gcás éigeandála ag eascairt as ráig COVID-19

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2020/672 ón gComhairle an 19 Bealtaine 2020 maidir le bunú ionstraime Eorpaí le haghaidh tacaíocht shealadach chun rioscaí dífhostaíochta a mhaolú i gcás éigeandála (SURE) ag eascairt as ráig COVID-19 (1), agus go háirithe Airteagal 6(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

De bhreis ar iarraidh ón bPortaingéil an 11 Lúnasa 2020, dheonaigh an Chomhairle, trí bhíthin Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1354 (2), cúnamh airgeadais don Phortaingéil i bhfoirm iasachta ar luach uasmhéid EUR 5 934 462 488 í le meánaibíocht uasta 15 bliana, d’fhonn iarrachtaí náisiúnta na Portaingéile a chomhlánú chun aghaidh a thabhairt ar thionchar ráig COVID-19 agus chun freagairt d’iarmhairtí socheacnamaíocha na ráige d’oibrithe agus do dhaoine féinfhostaithe.

(2)

Bheartaigh an Phortaingéil an iasacht a úsáid chun scéimeanna oibre gearr-ama, bearta comhchosúla agus bearta a bhaineann leis an tsláinte a mhaoiniú, dá dtagraítear in Airteagal 3 de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1354.

(3)

Chuir ráig COVID-19 srian ar chuid shuntasach de lucht saothair na Portaingéile. Mar thoradh air sin, tháinig mórmhéadú tobann arís is arís eile ar an gcaiteachas poiblí sa Phortaingéil i leith na mbeart nua a thug an Phortaingéil isteach, eadhon an scéim tacaíochta urghnách d’oibrithe féinfhostaithe, d’oibrithe nach bhfuil rochtain acu ar shásraí cosanta sóisialta eile, agus do bhainisteoirí a raibh tionchar ar leith ag paindéim COVID-19 ar a n-ioncam, an scéim tacaíochta sóisialta d’ealaíontóirí, d’údair, do theicneoirí agus do ghairmithe ealaíne eile, agus fostú gairmithe cúraim sláinte breise agus ragobair sa tSeirbhís Náisiúnta Sláinte chun cuidiú le haghaidh a thabhairt ar dhúshláin a bhaineann leis an bpaindéim.

(4)

Maidir le ráig COVID-19 agus na bearta urghnácha a chuir an Phortaingéil chun feidhme in 2020 agus 2021 chun an ráig sin agus a tionchar socheacnamaíoch agus a bhaineann le sláinte a shrianadh, bhí tionchar ollmhór acu ar an airgeadas poiblí agus tá go fóill. Faoi dheireadh 2020, bhí easnamh rialtais ghinearálta agus ollfhiachas rialtais ghinearálta ag an bPortaingéil de 5,8 % agus de 135,2 % den olltáirgeacht intíre (OTI), faoi seach. De réir réamhaisnéis an fhómhair ón gCoimisiún do 2021, tuartar go dtiocfaidh laghdú ar easnamh rialtais ghinearálta agus ollfhiachas rialtais ghinearálta na Portaingéile go 4,5 % agus go 128,1 % den OTI, faoi seach, in 2021, agus tuartar go dtiocfaidh méadú 4,5 % ar a OTI in 2021.

(5)

An 9 Nollaig 2021, d’iarr an Phortaingéil ar an Aontas cur le liosta na mbeart ar deonaíodh cúnamh airgeadais ina leith cheana féin trí bhíthin Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1354 chun leanúint tuilleadh dá hiarrachtaí náisiúnta a chomhlánú arna ndéanamh in 2020 agus 2021 chun aghaidh a thabhairt ar thionchar ráig COVID-19 agus chun freagairt d’iarmhairtí socheacnamaíocha na ráige d’oibrithe agus do dhaoine féinfhostaithe, go háirithe, na bearta dá dtagraítear in aithrisí (6) agus (7).

(6)

Le “Dlí Uimh. 75-B/2020 an 31 Nollaig” agus “Reacht Uimh. 19-A/2021 ón Rialtas an 25 Eanáir” ina dhiaidh sin, dá dtagraítear san iarraidh ón bPortaingéil an 9 Nollaig 2021, tugtar isteach scéim tacaíochta urghnách d’oibrithe féinfhostaithe, d’oibrithe nach bhfuil rochtain acu ar shásraí cosanta sóisialta eile, agus do bhainisteoirí a raibh tionchar ar leith ag paindéim COVID-19 ar a n-ioncam. I gcás na n-oibrithe féinfhostaithe, soláthraítear leis an mbeart sochar atá cothrom le dhá thrian de laghdú ioncaim míosúil na n-oibrithe, idir an meán míosúil de réir an ráitis ioncaim ráithiúil is déanaí agus an mheáin mhíosúil de 2019, le huasteorainn de EUR 501,16. Is éard is oibrithe féinfhostaithe incháilithe ann ná daoine a bhfuil laghdú ioncaim acu de 40 % ar a laghad sa tréimhse ó mhí an Mhárta go mí na Nollag 2020, i gcomparáid le 2019. I gcás na n-oibrithe nach bhfuil rochtain acu ar shásraí cosanta sóisialta eile, foráiltear an méid seo a leanas leis an mbeart: (i) d’fhostaithe, sochar atá cothrom leis an difríocht idir an luach tagartha míosúil de EUR 501,16 agus an meánphá míosúil in aghaidh an duine fhásta sa teaghlach lena mbaineann; nó, (ii) d’oibrithe féinfhostaithe, sochar atá cothrom le dhá thrian de laghdú ioncaim míosúil na n-oibrithe, idir an meán míosúil de réir an ráitis ioncaim ráithiúil is déanaí agus an mheáin mhíosúil de 2019, le huasteorainn de EUR 501,16. I gcás bainisteoirí, foráiltear leis an mbeart sochar atá cothrom lena meánphá míosúil tagartha, má tá sé níos lú ná 1,5 oiread innéacs tacaíochta sóisialta na Portaingéile (EUR 438,81 in 2021), nó le dhá thrian dá meánphá míosúil tagartha, má tá sé cothrom leis an innéacs sin nó níos mó ná sin. Is éard is bainisteoirí incháilithe ann ná daoine a bhfuil a ngníomhaíocht ghnó ar fionraí go sealadach mar gheall ar Phaindéim COVID-19, nó na daoine a raibh caillteanais ioncaim acu de 40 % ar a laghad sna 30 lá roimh an iarraidh ar thacaíocht, i gcomparáid leis an mí chéanna den bhliain roimhe sin, nó leis an meán míosúil den dá mhí roimh an tréimhse sin. I ngach cás, tá íosteorainn ag an sochar atá cothrom le EUR 50 nó 50 % de laghdú ioncaim míosúil a thugtar faoi deara má tá an laghdú sin idir 50 % agus 100 % d’innéacs tacaíochta sóisialta na Portaingéile, nó go EUR 219,40 má tá an laghdú ioncaim níos mó ná an t-innéacs sin.

(7)

Leis an “Iarscríbhinn a ghabhann le Rún ó Chomhairle na nAirí Uimh. 41/2020 an 6 Meitheamh” agus “Reacht Uimh. 180/2020 ón Rialtas an 3 Lúnasa” agus ‘Reacht Uimh. 37-A/2021 ón Rialtas an 15 Feabhra’ ina dhiaidh sin, dá dtagraítear san iarraidh ón bPortaingéil an 9 Nollaig 2021, tugtar scéim tacaíochta sóisialta isteach d’ealaíontóirí, d’údair, do theicneoirí agus do ghairmithe ealaíne eile. Déantar foráil leis an scéim do shochar atá cothrom le hinnéacs tacaíochta sóisialta na Portaingéile (EUR 438,81).

(8)

Tá sraith beart sláinte nua tugtha isteach ag an bPortaingéil freisin, bearta a chuir sí chun feidhme chun aghaidh a thabhairt ar ráig COVID-19, go háirithe na bearta dá dtagraítear in Aithris (9).

(9)

Le “Dlí Foraithne Uimh. 10-A/2020 an 13 Márta” agus “Dlí Foraithne Uimh. 10-A/2021 an 2 Feabhra” ina dhiaidh sin, dá dtagraítear san iarraidh ón bPortaingéil an 9 Nollaig 2021, déantar foráil do fostú gairmithe cúraim sláinte breise agus ragobair sa tSeirbhís Náisiúnta Sláinte chun cuidiú le haghaidh a thabhairt ar dhúshláin a bhaineann leis an bpaindéim. Go háirithe, rinneadh an nós imeachta riaracháin atá mar bhonn le fruiliú oibrithe ar chonarthaí ar théarma seasta ag an tSeirbhís Náisiúnta Sláinte, rinneadh an nós imeachta sin a chuíchóiriú, agus fostaíodh dochtúirí agus altraí breise ó thús phaindéim COVID-19. Thairis sin, cuireadh na teorainneacha dlíthiúla maidir le ragobair a bhí á déanamh ag státseirbhísigh ar fionraí sa tSeirbhís Náisiúnta Sláinte agus bhíothas in ann sealanna a eagrú trí obair bhreise ó shaindochtúirí agus ó shainaltraí, más gá, chun déileáil le paindéim COVID-19.

(10)

Comhlíonann an Phortaingéil na coinníollacha maidir le cúnamh airgeadais a iarraidh, coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2020/672. Chuir an Phortaingéil fianaise chuí ar fáil don Choimisiún a léiríonn go bhfuil méadú de EUR 5 934 462 488 tagtha ar chaiteachas poiblí iarbhír agus ar chaiteachas poiblí pleanáilte amhail ón 1 Feabhra 2020 mar gheall ar na bearta náisiúnta a glacadh chun aghaidh a thabhairt ar éifeachtaí socheacnamaíocha ráig COVID-19. Is mórmhéadú tobann é seo mar go mbaineann sé freisin le bearta nua a bhaineann go díreach le scéimeanna oibre gearr-ama agus bearta comhchosúla lena gcumhdaítear cuid shuntasach de ghnóthais agus de lucht saothair na Portaingéile.

(11)

Chuaigh an Coimisiún i gcomhairle leis an bPortaingéil agus d’fhíoraigh sé an mórmhéadú tobann ar chaiteachas poiblí iarbhír agus ar chaiteachas poiblí beartaithe a bhaineann go díreach le scéimeanna oibre gearr-ama agus le bearta comhchosúla, chomh maith le bearta sláinte a bhaineann le ráig COVID-19, dá dtagraítear in iarraidh an 9 Nollaig 2021, i gcomhréir le hAirteagal 6 de Rialachán (AE) 2020/672.

(12)

Is é EUR 1 513 823 304 an méid atá sna bearta a bhaineann leis an tsláinte a d’iarr an Phortaingéil, lena n-áirítear na bearta sláinte breise dá dtagraítear in aithris (9).

(13)

Ba cheart na bearta nua arna gcur chun feidhme ag an bPortaingéil a chumhdach le cúnamh airgeadais arna dheonú trí bhithín Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1354 cheana féin, bearta dá dtagraítear in aithrisí (6), (7) agus (9).

(14)

Ba cheart nár dhochar an Cinneadh seo do thoradh aon nósanna imeachta a d’fhéadfaí a chur ar bun a bhaineann le saobhadh fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, go háirithe de bhun Airteagail 107 agus 108 den Chonradh. Ní sáraítear leis an ceanglas atá ar na Ballstáit fógra a thabhairt don Choimisiún faoi chásanna Státchabhrach a d’fhéadfadh a bheith ann faoi Airteagal 108 den Chonradh.

(15)

Ba cheart don Phortaingéil an Coimisiún a chur ar an eolas ar bhonn rialta faoi cur chun feidhme an chaiteachais phoiblí bheartaithe, chun a chur ar chumas an Choimisiúin measúnú a dhéanamh ar a mhéid a chuir an Phortaingéil an caiteachas sin chun feidhme.

(16)

Rinneadh an cinneadh chun cúnamh airgeadais a sholáthar agus riachtanais reatha agus riachtanais ionchasacha na Portaingéile á gcur san áireamh, chomh maith le hiarrataí ar chúnamh airgeadais de bhun Rialachán (AE) 2020/672 a cuireadh isteach cheana nó atá beartaithe le cur isteach ag Ballstáit eile a mheas, agus prionsabail na córa comhionainne, na dlúthpháirtíochta, na comhréireachta agus na trédhearcachta á gcur i bhfeidhm ag an am céanna,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1354 mar a leanas:

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3:

“Airteagal 3

Féadfaidh an Phortaingéil na bearta seo a leanas a mhaoiniú:

(a)

an tacaíocht chun conarthaí fostaíochta a choinneáil i rith briseadh sealadach na hoibre nó i rith an laghdaithe ar ghnátham oibre, dá bhforáiltear in Airteagail 298 go 308 de ‘Dlí Uimh. 7/2009 an 12 Feabhra’;

(b)

an tacaíocht speisialta nua agus simplithe chun conarthaí fostaíochta a choinneáil i rith briseadh sealadach na hoibre nó i rith an laghdaithe ar ghnátham oibre, dá bhforáiltear in ‘Dlí Foraithne Uimh. 10-G/2020 an 26 Márta’ agus Airteagal 2 de ‘Dlí Foraithne Uimh. 27-B/2020 an 19 Meitheamh’, arna leasú le hAirteagal 142 de ‘Dlí Uimh. 75-B/2020 an 31 Nollaig’;

(c)

na gairmchláir speisialta chun conarthaí fostaíochta a choinneáil i rith briseadh sealadach na hoibre nó i rith an laghdaithe ar ghnátham oibre, dá bhforáiltear in Airteagail 5(2) agus 7 go 9 de ‘Dlí Foraithne Uimh. 10-G/2020 an 26 Márta’;

(d)

an tacaíocht speisialta nua do ghnólachtaí chun gníomhaíocht ghnó a atosú, dá bhforáiltear in Airteagail 4(1) go (7) agus (10) go (12) agus Airteagal 5 de ‘Dlí Foraithne Uimh. 27-B/2020 an 19 Meitheamh’, agus in Airteagal 14-A de ‘Dlí Foraithne Uimh. 46-A/2020 an 30 Iúil’, mar a cuireadh leis le hAirteagal 4 de ‘Dlí Foraithne Uimh. 6-C/2021 an 15 Eanáir’, agus mar a shonraítear i ‘Reacht Uimh. 102-A/2021 ón Rialtas an 14 Bealtaine’;

(e)

an forlíonadh cobhsaithe ioncaim nua d’fhostaithe a chumhdaítear leis na scéimeanna tacaíochta dá dtagraítear i bpointí (a), (b) nó (c) chun conarthaí fostaíochta a choinneáil i rith briseadh sealadach na hoibre nó i rith an laghdaithe ar ghnátham oibre dá bhforáiltear in Airteagal 3 de ‘Dlí Foraithne Uimh. 27-B/2020 an 19 Meitheamh’, arna leasú le ‘Dlí Foraithne Uimh. 58-A/2020 an 14 Lúnasa’;

(f)

an tacaíocht speisialta nua agus forásach chun conarthaí fostaíochta a choinneáil i rith briseadh sealadach na hoibre nó i rith an laghdaithe ar ghnátham oibre, dá bhforáiltear in ‘Dlí Foraithne Uimh. 46-A/2020 an 30 Iúil’ arna leasú le hAirteagal 142 de ‘Dlí Uimh. 75-B/2020 an 31 Nollaig’;

(g)

an tacaíocht speisialta nua d’oibrithe féinfhostaithe, d’oibrithe neamhfhoirmiúla agus do chomhpháirtithe bainistíochta dá bhforáiltear in Airteagail 26 go 28-A de ‘Dlí Foraithne Uimh. 10-A/2020 an 13 Márta’, arna leasú le hAirteagal 5 de ‘Dlí Foraithne Uimh. 20-C/2020 an 7 Bealtaine’, agus Airteagal 325-G de ‘Dlí Uimh. 2/2020 an 31 Márta’, mar a cuireadh leis le hAirteagal 3 de ‘Dlí Uimh. 27-A/2020 an 24 Iúil’;

(h)

an liúntas teaghlaigh d’oibrithe nach féidir leo a bheith ag obair de bharr gur gá cúnamh a thabhairt dá bpáistí atá faoi 12 bhliain d’aois nó do chleithiúnaithe eile, dá bhforáiltear le hAirteagal 23 de ‘Dlí Foraithne Uimh. 10-A/2020 an 13 Márta’;

(i)

an tacaíocht speisialta chun conarthaí fostaíochta oiliúnóirí a choinneáil i bhfianaise na gairmoiliúna a cuireadh ar ceal dá bhforáiltear in ‘Ordú Rialtais Uimh. 3485-C/2020 an 17 Márta’, ‘Ordú Rialtais Uimh. 4395/2020 an 10 Aibreán’ agus ‘Ordú Rialtais Uimh. 5897-B/2020 an 28 Bealtaine’;

(j)

na bearta réigiúnacha a bhaineann le fostaíocht i réigiún féinrialaitheach na nAsór dá bhforáiltear in ‘Rún ó Chomhairle Rialtas Réigiúnach na nAsór Uimh. 97/2020 an 8 Aibreán’, ‘Rún ó Chomhairle Rialtas Réigiúnach na nAsór Uimh. 120/2020 an 28 Aibreán’, ‘Rún ó Chomhairle Rialtas Réigiúnach na nAsór Uimh. 128/2020 an 5 Bealtaine’, ‘Rún ó Chomhairle Rialtas Réigiúnach na nAsór Uimh. 129/2020 an 5 Bealtaine’, ‘Rún ó Chomhairle Rialtas Réigiúnach na nAsór Uimh. 195/2020 an 15 Iúil’, ‘Rún ó Chomhairle Rialtas Réigiúnach na nAsór Uimh. 196/2020 an 15 Iúil’ agus ‘Rún ó Chomhairle Rialtas Réigiúnach na nAsór Uimh. 200/2020 an 17 Iúil’;

(k)

na bearta réigiúnacha a bhaineann le fostaíocht i réigiún féinrialaitheach Mhaidéara, dá bhforáiltear in ‘Rún ó Chomhairle Rialtas Réigiúnach Mhaidéara Uimh. 101/2020 an 13 Márta’ agus ‘Reacht Uimh. 133-B/2020 ó Leas-Uachtaránacht Rialtas Réigiúnach Mhaidéara agus ón Rúnaíocht Réigiúnach um Chuimsiú Sóisialta agus Saoránacht an 22 Aibreán’;

(l)

an liúntas d’fhostaithe agus do dhaoine féinfhostaithe atá i leithlisiú próifiolacsach dá bhforáiltear in Airteagail 19 de ‘Dlí Foraithne Uimh. 10-A/2020 an 13 Márta’ agus Airteagal 325-F de ‘Dlí Uimh. 2/2020 an 31 Márta’, faoi mar a cuirtear leis trí Airteagal 3 de ‘Dlí Uimh. 27-A/2020 an 24 Iúil’;

(m)

an liúntas breoiteachta de bharr tolgadh COVID-19 dá bhforáiltear in ‘Ordú Rialtais Uimh. 2875-A/2020 an 3 Márta’, Airteagal 20 de ‘Dlí Foraithne Uimh. 10-A/2020 an 13 Márta’, agus Airteagal Uimh. 325-F de ‘Dlí Uimh. 2/2020 an 31 Márta’, faoi mar a cuirtear leis trí Airteagal 3 de ‘Dlí Uimh. 27-A/2020 an 24 Iúil’;

(n)

trealamh cosanta pearsanta a cheannach a úsáidfear san ionad oibre, go háirithe in ospidéil phoiblí dá bhforáiltear in ‘Norm Uimh. 012/2020 an 6 Bealtaine’, arna leasú an 14 Bealtaine 2020, agus in ‘Norm Uimh. 013/2020 an 10 Iúil’, arna leasú an 23 Meitheamh 2020, an dá cheann arna n-eisiúint ag Ard-Stiúrthóireacht um Shláinte na Portaingéile, chomh maith le sna aireachtaí líne, i mbardais agus i réigiúin fhéinrialaitheacha na nAsór agus Maidéara dá bhforáiltear in Airteagal 3 de ‘Dlí Foraithne Uimh. 10-A/2020 an 13 Márta’;

(o)

an feachtas um shláinteachas scoile dá bhforáiltear in Airteagal 9 de ‘Dlí Foraithne Uimh. 10-A/2020 an 13 Márta’;

(p)

tástáil i leith tolgadh COVID-19 a dhéanamh ar othair cónaitheacha agus ar oibrithe in ospidéil phoiblí, chomh maith le ar fhostaithe i dtithe altranais agus in áiseanna cúram leanaí, dá bhforáiltear go háirithe in Norm Uimh. 012/2020 an 6 Bealtaine, arna leasú an 14 Bealtaine 2020, agus in Norm Uimh. 013/2020 an 10 Iúil, arna leasú an 23 Meitheamh 2020, an dá cheann arna n-eisiúint ag Ard-Stiúrthóireacht um Shláinte na Portaingéile;

(q)

an cúiteamh speisialta nua d’oibrithe sa tSeirbhís Náisiúnta Sláinte a bhfuil baint acu sa troid in aghaidh ráig COVID-19 dá bhforáiltear in Airteagal 42-A de ‘Dlí Uimh. 2/2020 an 31 Márta’, faoi mar a cuirtear leis trí Airteagal 3 de ‘Dlí Uimh. 27-A/2020 an 24 Iúil’, agus in Airteagal 291 de ‘Dlí Uimh. 75-B/2020 an 31 Nollaig’;

(r)

an scéim tacaíochta urghnách d’oibrithe féinfhostaithe, d’oibrithe nach bhfuil rochtain acu ar shásraí cosanta sóisialta eile, agus do bhainisteoirí a raibh tionchar ar leith ag paindéim COVID-19 ar a n-ioncam, dá bhforáiltear in Airteagal 156 de ‘Dlí Uimh. 75-B/2020 an 31 Nollaig’ agus faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach i bpointí (2) (c) go (f) sa dlí, mar a shonraítear tuilleadh in ‘Reacht Uimh. 19-A/2021 ón Rialtas an 25 Eanáir’;

(s)

an scéim tacaíochta sóisialta d’ealaíontóirí, d’údair, do theicneoirí agus do ghairmithe ealaíne eile dá bhforáiltear i bpointe 2.5.1 den ‘Iarscríbhinn a ghabhann le Rún ó Chomhairle na nAirí Uimh. 41/2020 an 6 Meitheamh’, mar a shonraítear tuilleadh in Airteagail 10 go 12 de ‘Reacht Uimh. 180/2020 ón Rialtas an 3 Lúnasa’ agus mar a chuirtear síneadh leis le hAirteagail 5 go 7 den Iarscríbhinn a ghabhann le ‘Reacht Uimh. 37-A/2021 ón Rialtas an 15 Feabhra’;

(t)

fostú gairmithe cúraim sláinte breise agus ragobair sa tSeirbhís Náisiúnta Sláinte chun cuidiú le haghaidh a thabhairt ar dhúshláin a bhaineann leis an bpaindéim, dá bhforáiltear in Airteagal 6 de ‘Dlí Foraithne Uimh. 10-A/2020’ an 13 Márta agus in Airteagail 4 go 8 de ‘Dlí Foraithne’ Uimh. 10-A/2021 an 2 Feabhra’.”;

(2)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4:

“Airteagal 4

1.   Cuirfidh an Phortaingéil an Coimisiún ar an eolas faoin 30 Márta 2021, agus gach 6 mhí ina dhiaidh sin, maidir le cur chun feidhme an chaiteachais phoiblí bheartaithe go dtí go gcuirfear an caiteachas sin chun feidhme ina iomláine.

2.   I gcás ina mbeidh na bearta dá dtagraítear in Airteagal 3 bunaithe ar chaiteachas poiblí beartaithe agus ina raibh siad faoi réir chinneadh cur chun feidhme lena leasaítear an Cinneadh seo, cuirfidh an Phortaingéil an Coimisiún ar an eolas laistigh de 6 mhí ón dáta a nglacfar an cinneadh cur chun feidhme sin, agus gach 6 mhí ina dhiaidh sin, maidir le cur chun feidhme an chaiteachais phoiblí bheartaithe, go dtí go gcuirfear an caiteachas sin chun feidhme ina iomláine.”.

Airteagal 2

Is chuig Poblacht na Portaingéile a dhírítear an Cinneadh seo.

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a dtabharfar an fógra faoi don seolaí.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 25 Eanáir 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

C. BEAUNE


(1)   IO L 159, 20.5.2020, lch. 1.

(2)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1354 ón gComhairle an 25 Meán Fómhair 2020 lena ndeonaítear tacaíocht shealadach faoi Rialachán (AE) 2020/672 do Phoblacht na Portaingéile chun rioscaí dífhostaíochta a mhaolú i gcás éigeandála ag eascairt as ráig COVID-19 (IO L 314, 29.9.2020, lch. 49).