|
5.4.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 125/271 |
P9_TA(2022)0313
Limistéar an Choinbhinsiúin Iascaigh san Aigéan Ciúin Iartharach agus san Aigéan Ciúin Láir: Bearta caomhnaithe agus bainistíochta ***I
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Meán Fómhair 2022 maidir leis an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos bearta caomhnaithe agus bainistíochta is infheidhme i Limistéar an Choinbhinsiún maidir le Stoic Éisc Mhórimirceacha san Aigéan Ciúin Iartharach agus san Aigéan Ciúin Láir a Chaomhnú agus a Bhainistiú agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 520/2007 ón gComhairle (COM(2021)0198 – C9-0153/2021 – 2021/0103(COD))
(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)
(2023/C 125/23)
Tá Parlaimint na hEorpa,
|
— |
ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2021)0198), |
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 43(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9-0153/2021), |
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 9 Meitheamh 2021 (1), |
|
— |
ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 30 Meitheamh 2022 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh |
|
— |
ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Iascach (A9-0009/2022), |
|
1. |
ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo; |
|
2. |
á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil; |
|
3. |
á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta. |
P9_TC1-COD(2021)0103
Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 13 Meán Fómhair 2022 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2022/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos bearta caomhnaithe agus bainistíochta is infheidhme i Limistéar an Choinbhinsiúin Iascaigh san Aigéan Ciúin Iartharach agus san Aigéan Ciúin Láir agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 520/2007 ón gComhairle
(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2022/2056)