|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/2280 |
15.10.2026 |
RIALACHÁN (AE) 2026/2280 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 7 Deireadh Fómhair 2026
lena mbunaítear comhchóras maidir le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach san Aontas a fhilleadh, agus lena n-aisghairtear Treoir 2008/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2001/40/CE ón gComhairle agus Cinneadh 2004/191/CE ón gComhairle
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 79(2), pointe (c), de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na Parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),
Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Ba cheart don Aontas, mar limistéar saoirse, slándála agus ceartais, comhbheartas a bheith aige maidir le náisiúnaigh tríú tír nach bhfuil aon cheart acu fanacht san Aontas a fhilleadh. Is cuid lárnach de chóras inchreidte bainistithe imirce é beartas éifeachtach um fhilleadh. |
|
(2) |
Bunaítear sa Rialachán seo comhchóras maidir le filleadh na náisiúnach tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach sna Ballstáit (‘náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach’), bunaithe ar nós imeachta comhchoiteann um fhilleadh, comhar éifeachtach le tríú tíortha, oibleagáidí atá ar náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach, tacar uirlisí chun filleadh éifeachtach a bhainistiú, lena n-áirítear bearta chun filleadh a dhreasú, agus comhar idir na Ballstáit. |
|
(3) |
I gcomhréir le hAirteagal 72 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), ní dhéanann an Rialachán seo difear d’fheidhmiú na bhfreagrachtaí atá ar na Ballstáit maidir le riail agus reacht a choimeád agus an tslándáil inmheánach a chosaint. |
|
(4) |
Chun rannchuidiú le cur chun feidhme an chur chuige chuimsithigh a leagtar amach i Rialachán (AE) 2024/1351 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), ba cheart comhchóras a chur ar bun chun filleadh náisiúnach tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a bhainistiú go héifeachtach. Ba cheart an comhchóras sin a bheith bunaithe ar cheapadh beartas comhtháite chun comhleanúnachas agus éifeachtacht na ngníomhaíochtaí agus na mbeart arna ndéanamh ag an Aontas agus ag a Bhallstáit, ag gníomhú dóibh laistigh dá n-inniúlachtaí faoi seach, a áirithiú. |
|
(5) |
Tá béim leagtha arís agus arís eile ag an gComhairle Eorpach ar a thábhachtaí atá sé gníomhaíocht dhiongbháilte a dhéanamh ar gach leibhéal chun filleadh ón Aontas a éascú agus a mhéadú agus chun dlús a chur leis. I mí Dheireadh Fómhair 2024, d’iarr an Chomhairle Eorpach ar an gCoimisiún togra reachtach nua a thíolacadh, mar ábhar práinne. |
|
(6) |
Meabhraítear sna treoirlínte straitéiseacha maidir le pleanáil reachtach agus oibríochtúil laistigh de limistéar na saoirse, na slándála agus an cheartais a ghlac an Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile an 12 Nollaig 2024 gur colún bunúsach de chóras cuimsitheach inchreidte tearmainn agus imirce de chuid an Aontais é beartas rathúil um fhilleadh. Chuige sin, iarradh sna treoirlínte straitéiseacha go bhforbrófaí agus go gcuirfí chun feidhme cur chuige níos teanntásaí agus níos cuimsithí maidir le filleadh, tríd an gcreat dlíthiúil a uasghrádú mar ábhar práinne. |
|
(7) |
Le beartas éifeachtach um fhilleadh, ba cheart comhleanúnachas le sláine an Chomhshocraithe maidir le hImirce agus Tearmann a áirithiú agus cur leis, agus rannchuidiú le bainistiú na hinimirce neamhdhleathaí chuig an Aontas agus cosc a chur ar ghluaiseachtaí neamhúdaraithe náisiúnach tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach idir na Ballstáit agus cearta bunúsacha á n-urramú an tráth céanna. |
|
(8) |
Tá méadú tagtha ar na hiarrachtaí atá á ndéanamh ag an Aontas agus ag na Ballstáit chun beartais um fhilleadh a dhéanamh níos éifeachtaí. D’ainneoin na n-iarrachtaí sin, níl an creat dlíthiúil atá ann cheana, is é sin Treoir 2001/40/CE ón gComhairle (4) agus Treoir 2008/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), ag freagairt a thuilleadh do riachtanais bheartas imirce an Aontais ná do na riachtanais reachtacha agus oibríochtúla atá ann maidir le filleadh éifeachtach a áirithiú. Ó glacadh Treoir 2008/115/CE in 2008, tá forbairt mhór tagtha ar an limistéar saoirse, slándála agus ceartais agus ar bheartas imirce an Aontais. Tá dlí an Aontais i réimse na himirce tar éis bogadh ó reachtaíocht lena socraítear íoschaighdeáin go reachtaíocht atá dírithe ar chleachtais na mBallstát a thabhairt níos gaire dá chéile. D’fhéach an Coimisiún le hathchóiriú a dhéanamh ar na rialacha um fhilleadh in 2018 leis an togra chun Treoir 2008/115/CE a athmhúnlú. D’fhéach an Coimisiún freisin le tacú leis na Ballstáit na solúbthachtaí dá bhforáiltear i dTreoir 2008/115/CE a úsáid trí Mholtaí (AE) 2017/2338 (6) agus (AE) 2023/682 ón gCoimisiún (7). Mar sin féin, baineadh amach teorainneacha an chreata dhlíthiúil atá ann faoi láthair. |
|
(9) |
Ba cheart nós imeachta coiteann daingean um fhilleadh éifeachtach a chur ar bun chun a áirithiú go ndéanfar náisiúnaigh tríú tír nach gcomhlíonann, nó nach gcomhlíonann a thuilleadh, na coinníollacha maidir le dul isteach, fanacht nó cónaí ar chríoch na mBallstát a fhilleadh ar bhealach daonnachtúil agus inmharthana agus lánurraim á tabhairt do chearta bunúsacha agus don dlí idirnáisiúnta gan moill mhíchuí. Le rialacha soiléire trédhearcacha is infheidhme sna Ballstáit uile, ba cheart cinnteacht a thabhairt don náisiúnach tríú tír lena mbaineann agus do na húdaráis inniúla. Tá sé tábhachtach nósanna imeachta um fhilleadh a shimpliú, a éascú agus dlús a chur leo, agus a áirithiú nach gcuirfear bac ar fhilleadh, lena n-áirítear trí ghluaiseachtaí neamhúdaraithe chuig Ballstáit eile. |
|
(10) |
Níor cheart do chur i bhfeidhm na rialacha sa Rialachán seo difear a dhéanamh do na rialacha maidir le rochtain ar chosaint idirnáisiúnta i Rialachán (AE) 2024/1348 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8). I gcás inarb ábhartha, comhlánaítear na rialacha sa Rialachán seo leis na rialacha sonracha a leagtar amach i Rialachán (AE) 2024/1348 lena nasctar cinntí diúltacha tearmainn agus cinntí um fhilleadh a mhéid a bhaineann lena n-eisiúint agus lena leigheasanna, agus leis an nós imeachta teorann um fhilleadh a leagtar amach i Rialachán (AE) 2024/1349 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9). |
|
(11) |
Leis an Rialachán seo, urramaítear cearta bunúsacha náisiúnach tríú tír agus comhlíontar na prionsabail a aithnítear, go háirithe, le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’) chomh maith le Coinbhinsiún na Ginéive i dtaobh Stádas Dídeanaithe an 28 Iúil 1951, arna fhorlíonadh le Prótacal Nua-Eabhrac an 31 Eanáir 1967 (Coinbhinsiún na Ginéive). Ba cheart é a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis an gCairt, le prionsabail ghinearálta dhlí an Aontais agus leis an dlí idirnáisiúnta ábhartha. |
|
(12) |
Ba cheart prionsabal an non-refoulement agus an toirmeasc ar ionnarbadh comhchoiteann dá bhforáiltear in Airteagal 19 den Chairt a urramú . De réir an Airteagail sin, ní fhéadfar aon duine a aistriú, a dhíbirt nó a eiseachadadh chuig tríú tír i gcás ina bhfuil baol tromchúiseach ann go ndéanfaí é nó í a chur faoi phionós an bháis nó a chéasadh nó íde nó pionós eile atá mídhaonna nó táireach a chur air nó uirthi. |
|
(13) |
Is é an Ballstát ar ar a chríoch a bhraitear an náisiúnach tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach atá freagrach as filleadh an náisiúnaigh sin a áirithiú. |
|
(14) |
Ba cheart don chúirt nó don bhinse atá ainmnithe ag an mBallstát mar chúirt nó binse inniúil faoin dlí náisiúnta a bheith freagrach as an leigheas lena ndéantar agóid i gcoinne cinneadh um fhilleadh, toirmeasc ar dhul isteach agus cinneadh lena n-ordaítear aistriú. Ba cheart comhlíonadh na gceanglas a eascraíonn as prionsabal an non-refoulement a fhíorú i gcás ina dtugtar le fios le hábhar sa chomhad a chuirtear faoi bhráid na cúirte nó an bhinse a ainmnítear mar chúirt nó binse inniúil faoin dlí náisiúnta le haghaidh an leighis i gcoinne an chinnidh um fhilleadh nó an chinnidh lena n-ordaítear aistriú, arna fhorlíonadh nó arna shoiléiriú tar éis imeachtaí sáraíochta, go bhféadfaí prionsabal an non-refoulement a shárú. |
|
(15) |
Gan dochar don cheart chun leigheas éifeachtach a fháil dá bhforáiltear le hAirteagal 47 den Chairt lena n-áirithítear gur féidir leis an náisiúnach tríú tír agóid a dhéanamh i gcoinne thréimhse an imeachta nó mura luaitear an tréimhse sin sa chinneadh um fhilleadh, níor cheart difear a dhéanamh don chuid den chinneadh um fhilleadh lena bhforchuirtear nó lena sonraítear an oibleagáid críoch na mBallstát a fhágáil trí thréimhse an imeachta a neamhniú nó a chúlghairm. |
|
(16) |
I gcás aistrithe, ba cheart do na húdaráis a ainmnítear mar údaráis inniúla faoin dlí náisiúnta a fhíorú go gcomhlíontar prionsabal an non-refoulement ar bhonn measúnú aonair agus na himthosca ábhartha go léir á gcur san áireamh. Ba cheart don náisiúnach tríú tír lena mbaineann faisnéis a chur isteach a luaithe is féidir maidir lena chúinsí pearsanta féin agus bunús a thabhairt léi, agus sula n-aistreofar é nó í. Ba cheart é a bheith indéanta brath ar mheasúnú atá ann cheana ar na himthosca ábhartha uile a rinneadh sna céimeanna roimhe sin den nós imeachta nó i nósanna imeachta eile a bhí ann roimhe sin. Ba cheart scrúdú a dhéanamh ar aon athrú ábhartha ar imthosca agus ar aon eilimint nua lena bhfianaítear riosca refoulement, lena n-áirítear chun a chinneadh an bhfuil bunús leo agus nach meastar gur chuir an náisiúnach tríú tír lena mbaineann ar aghaidh iad gan de chuspóir a bheith aige ach moill nó bac a chur ar an aistriú. |
|
(17) |
Féadfaidh na Ballstáit náisiúnaigh tríú tír a léiríonn go sáródh an t-aistriú prionsabal an non-refoulement a tharchur chun an nós imeachta iomchuí, lena n-áirítear an nós imeachta tearmainn i gcomhréir le Rialachán (AE) 2024/1348. Féadfaidh Ballstáit náisiúnaigh tríú tír den sórt sin a chur faoi réir an nós imeachta iomchuí freisin nuair a thuigtear dá n-údaráis arna n-ainmniú mar údaráis inniúla faoin dlí náisiúnta gur ann do thásca ábhartha go sáródh an t-aistriú prionsabal an non-refoulement. |
|
(18) |
Is gá do na Ballstáit a bheith in ann comhoibriú ar bhealach níos solúbtha, lena n-áirítear trí chomhaontuithe nó socruithe déthaobhacha nua, agus ar bhealach níos spriocdhírithe, chun filleadh éifeachtach ar thríú tíortha a chothú. |
|
(19) |
A luaithe a shuífear nach gcomhlíonann náisiúnach tríú tír na coinníollacha maidir le dul isteach, fanacht nó cónaí ar chríoch na mBallstát, nó nach gcomhlíonann sé nó sí na coinníollacha sin a thuilleadh, ba cheart cinneadh um fhilleadh a eisiúint go pras bunaithe ar mheasúnú aonair agus na fíorais agus na himthosca ábhartha uile á gcur san áireamh. Ba cheart a lua sa chinneadh um fhilleadh an oibleagáid atá ar an náisiúnach tríú tír críoch na mBallstát a fhágáil. Níor cheart a cheangal go gcinnfí tír a mbeifear ag filleadh uirthi sa chinneadh um fhilleadh. Is roimh an aistriú, ar a dhéanaí, ba cheart an tír a mbeifear ag filleadh uirthi a chinneadh, agus féadfar í a chinneadh sa chinneadh um fhilleadh nó in aon chinneadh eile ar leithligh lena n-ordaítear aistriú. I gcás ina bhfuil bac ar aistriú, níor cheart cosc a chur ar chinneadh um fhilleadh a eisiúint, ach ba cheart aistriú a chur siar. Más rud é, tráth eisiúna an chinnidh lena gcinntear an tír a mbeifear ag filleadh uirthi, gur féidir fós go n-aistreofar an náisiúnach tríú tír chuig ceann de roinnt tíortha a mbeifear ag filleadh orthu, lena n-áirítear mar gheall ar shaoránacht dhúbailte nó ilsaoránacht, is féidir na tíortha uile a mbeifear ag filleadh orthu a chinneadh sa chinneadh sin. Tá an ceart chun leigheas éifeachtach a fháil dá bhforáiltear in Airteagal 47 den Chairt le háirithiú i leith na dtíortha uile a mbeifear ag filleadh orthu agus a chinnfear sa chinneadh. In aon chás, i gcás ina dtéann an t-údarás inniúil ar aghaidh le haistriú, ba cheart an náisiúnach tríú tír a chur ar an eolas faoin tír a mbeifear ag filleadh uirthi agus a n-aistreofar é chuici luath go leor roimh an aistriú. |
|
(20) |
Níor cheart bac a chur ar na Ballstáit leis an Rialachán seo forais eile a thabhairt faoin dlí náisiúnta chun aistriú a chur siar i gcás grúpaí sonracha náisiúnach tríú tír. |
|
(21) |
Is ar náisiúnaigh tríú tír a bhfuil oibleagáid air imeacht ba cheart an phríomhfhreagracht a bheith as imeacht ó chríoch na mBallstát. |
|
(22) |
Is gá a áirithiú go ndéanfar eilimintí bunriachtanacha cinnidh um fhilleadh arna eisiúint ag Ballstát a iontráil i bhfoirm shonrach mar Ordú Eorpach um Fhilleadh, arna bhunú de bhun an Rialacháin seo, agus go gcuirfear ar fáil iad i gCóras Faisnéise Schengen in éineacht leis an bhfoláireamh maidir le filleadh. Dá réir sin, ba cheart don Ordú Eorpach um Fhilleadh tacú le haithint agus forfheidhmiú cinntí in-fhorfheidhmithe um fhilleadh agus cinntí lena n-ordaítear aistriú arna n-eisiúint ag Ballstát eile i gcás ina mbogann an náisiúnach tríú tír neamhúdaraithe chuig Ballstát eile. |
|
(23) |
I gcás ina bhfuil náisiúnach tríú tír atá i láthair ar chríoch Ballstáit faoi réir cinneadh in-fhorfheidhmithe um fhilleadh arna eisiúint ag Ballstát eile, le haithint agus forfheidhmiú cinntí um fhilleadh, ba cheart an próiseas um fhilleadh a éascú agus dlús a chur leis ar bhonn comhar feabhsaithe agus muinín fhrithpháirteach idir na Ballstáit. Leis an aithint agus an forfheidhmiú sin is féidir leo rannchuidiú freisin le himirce neamhrialta a dhíspreagadh agus gluaiseachtaí neamhúdaraithe laistigh den Aontas a dhíspreagadh, chomh maith le moilleanna sa phróiseas um fhilleadh a theorannú. Níor cheart an leigheas i gcoinne an chinnidh um fhilleadh a fheidhmiú ach sa Bhallstát eisiúna amháin. |
|
(24) |
. Aithint cinnidh um fhilleadh nó aithint cinnidh lena n-ordaítear aistriú, bunaithe ar an bhfaisnéis atá ar fáil san Ordú Eorpach um Fhilleadh, níor cheart iad a bheith ina ngníomh ná ina gcinneadh. Neamhaithint gnímh um fhilleadh nó neamhaithint cinnidh lena n-ordaítear aistriú, níor cheart iad a bheith ina ngníomh ná ina gcinneadh ach oiread. |
|
(25) |
I gcás ina bhfuil breithniú á dhéanamh ag Ballstát i dtaobh cinneadh in-fhorfheidhmithe um fhilleadh nó cinneadh lena n-ordaítear aistriú ó Bhallstát eisiúna a aithint agus a fhorfheidhmiú (aitheantas frithpháirteach), d’fhéadfadh na gnéithe seo a leanas cuidiú leis an mBallstát cásanna a shainaithint nár cheart aitheantas frithpháirteach a chur i bhfeidhm ina leith agus inar cheart cinneadh um fhilleadh a eisiúint ina ionad sin. D’fhéadfaí a áireamh ar na cásanna sin cásanna ina mbeadh forfheidhmiú contrártha le beartas poiblí na mBallstát forfheidhmiúcháin, lena n-áirítear i ndáil le catagóirí áirithe náisiúnach tríú tír a fhilleadh, mar shampla mionaoisigh neamhthionlactha agus íospartaigh na gáinneála ar dhaoine, dá bhforáiltear leibhéal níos airde cosanta sa dlí náisiúnta; cásanna ina mbeadh sé níos tapúla cinneadh nua um fhilleadh a eisiúint; cásanna ina bhfuil an fhaisnéis atá ar fáil san Ordú Eorpach um Fhilleadh neamhiomlán; cásanna ina bhfuil achomharc i gcoinne an chinnidh um fhilleadh taiscthe ag an náisiúnach tríú tír sa Bhallstát eisiúna; cásanna ina bhfuil an náisiúnach tríú tír le haistriú chuig tír a mbeifear ag filleadh uirthi eile seachas mar a luaitear sa chinneadh um fhilleadh nó sa chinneadh lena n-ordaítear aistriú arna eisiúint ag an mBallstát eisiúna, nó cásanna nach bhfuil aon tír a mbeifear ag filleadh uirthi luaite sa chinneadh um fhilleadh. |
|
(26) |
Chun na céimeanna i dtreo aitheantas frithpháirteach éigeantach a ullmhú, ba cheart don Choimisiún agus do ghníomhaireachtaí ábhartha an Aontais, amhail Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (eu-LISA), arna bunú le Rialachán 2018/1726 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10), i gcás inarb ábhartha, tacú leis na Ballstáit, lena n-áirítear trí na socruithe agus na coigeartuithe is gá a shainaithint chun a áirithiú go ndéanfar an tOrdú Eorpach um Fhilleadh a láimhseáil go huathoibríoch. |
|
(27) |
Tráth nach déanaí ná dáta glactha an ghnímh cur chun feidhme lena mbunaítear foirm an Ordaithe Eorpaigh um Fhilleadh, ba cheart do na Ballstáit, don Choimisiún agus do ghníomhaireachtaí ábhartha an Aontais, amhail eu-LISA, tús a chur le socruithe dlíthiúla agus teicniúla a chur i bhfeidhm chun a áirithiú gur féidir an tOrdú Eorpach um Fhilleadh a chur ar fáil trí Chóras Faisnéise Schengen. |
|
(28) |
Faoin 17 Deireadh Fómhair 2029, ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar chur chun feidhme an aitheantais fhrithpháirtigh, go háirithe maidir leis an méid seo a leanas: an bhfuil na socruithe dlíthiúla agus teicniúla lena gcuirtear an tOrdú Eorpach um Fhilleadh ar fáil trí Chóras Faisnéise Schengen de bhun an Rialacháin seo curtha i bhfeidhm ag na Ballstáit agus an bhfuil siad éifeachtach; an bhfuil na socruithe dlíthiúla agus teicniúla déanta ag na Ballstáit chun a áirithiú gur féidir an tOrdú Eorpach um Fhilleadh a láimhseáil go huathoibríoch de bhun an Rialacháin seo; a éifeachtaí atá sé na cinntí um fhilleadh agus na cinntí lena n-ordaítear aistriú a aithint agus fhorfheidhmiú; an t-ualach a chuirtear ar chórais náisiúnta bhreithiúnacha agus riaracháin mar thoradh air sin, agus torthaí gníomhaíochtaí oiliúna agus treoirthionscadal ábhartha. |
|
(29) |
Bunaithe ar an measúnú ar chur chun feidhme aitheantais fhrithpháirtigh, ba cheart don Choimisiún, i gcás inarb iomchuí, tograí reachtacha a thíolacadh, i gcás inarb iomchuí, lena n-áirítear aon leasú spriocdhírithe chun filleadh éifeachtach a áirithiú, d’fhonn aitheantas frithpháirteach agus forfheidhmiú éigeantach a thabhairt isteach do chinntí in-fhorfheidhmithe um fhilleadh agus cinntí lena n-ordaítear aistriú arna n-eisiúint ag Ballstát eile. I gcás nach dtíolacfaidh an Coimisiún togra, ba cheart dó na cúiseanna nach ndearna sé amhlaidh a mhíniú. |
|
(30) |
Ba cheart leanúint de ghné Aontais a thabhairt d’éifeachtaí na mbeart náisiúnta um fhilleadh trí thoirmeasc ar dhul isteach a bhunú lena dtoirmiscfear dul isteach agus fanacht ar chríoch na mBallstát uile. Ba cheart fad toirmisc ar dhul isteach a chinneadh agus aird chuí á tabhairt ar na himthosca ábhartha uile a bhaineann le cás aonair . Nuair a dhéantar fanacht neamhdhleathach náisiúnaigh tríú tír a bhrath le linn seiceálacha imeachta ag na teorainneacha seachtracha, d’fhéadfadh sé a bheith oiriúnach toirmeasc ar dhul isteach a fhorchur chun cosc a chur ar an náisiúnach tríú tír sin dul isteach san Aontas arís amach anseo agus chun rioscaí na hinimirce neamhdhleathaí a laghdú dá bharr agus, ar an gcaoi sin, gan cosc a chur ar imeacht mear an náisiúnaigh tríú tír sin. |
|
(31) |
Is féidir náisiúnaigh tríú tír nár chomhlíon an oibleagáid atá orthu imeacht, nó nár ceadaíodh tréimhse imeachta ina leith, a aistriú trí bhearta comhéigneacha. Ba cheart le rialacha treisithe maidir le haistriú féachaint le hiarmhairt dhíreach agus láithreach a áirithiú i gcás nach bhfágann an náisiúnach tríú tír nuair a imíonn an tréimhse imeachta in éag nó roimhe sin agus le gluaiseachtaí neamhúdaraithe laistigh den Aontas agus rioscaí slándála a chosc. I gcás nach bhfuil aon chúis lena chreidiúint go mbainfeadh filleadh deonach an bonn de chuspóir nós imeachta um fhilleadh, ba cheart é a bheith indéanta do náisiúnaigh tríú tír atá ag comhoibriú a fhilleadh go príomha trí fhilleadh deonach. Ba cheart bearta comhéigneacha a bheith faoi réir phrionsabail na comhréireachta agus na héifeachtachta maidir leis na modhanna a úsáidtear agus na cuspóirí a shaothraítear. |
|
(32) |
Ós rud é nach mbeidh feidhm ag an Rialachán seo ach amháin maidir le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach san Aontas, ní dhéanann sé difear don chomhairleoireacht maidir le filleadh agus ath-lánpháirtiú ná do chláir eile chun tacú le filleadh deonach agus ath-imeascadh náisiúnach tríú tír atá ag fanacht go dleathach san Aontas. |
|
(33) |
Tá gá le rialacha comhchoiteanna chun a áirithiú go ndéanfar náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach agus lena mbaineann rioscaí slándála a shainaithint go héifeachtúil agus a fhilleadh go pras. Is gá a áirithiú go ndéanfar seiceálacha ábhartha chun náisiúnaigh tríú tír a bhfuil rioscaí slándála ag baint leo a shainaithint agus aird a tharraingt orthu, lena n-áirítear trí bheith ag brath ar an bpróiseas scagtha a leagtar amach i Rialachán (AE) 2024/1356 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11). I gcás náisiúnaigh tríú tír a bhfuil rioscaí slándála ag baint leo, ba cheart aistriú a bheith an riail go ginearálta, agus ba cheart é a bheith indéanta maolú a dhéanamh ar na rialacha ginearálta chun foráil a dhéanamh maidir le toirmisc níos faide nó éiginnte ar dhul isteach agus le tréimhsí coinneála níos faide, agus maolú a dhéanamh ar úsáid saoráidí coinneála speisialaithe ionas go ndéanfar iad siúd a chuireann slándáil na mBallstát i mbaol a aistriú go tapa. |
|
(34) |
Ba cheart go leathnófaí leis na rialacha nua na deiseanna atá ag na Ballstáit filleadh chuig tríú tíortha a áirithiú trí uirlisí breise. Ba cheart é a bheith indéanta comhaontuithe nó socruithe sonracha a chur i bhfeidhm le tríú tíortha chun tuilleadh roghanna maidir le filleadh a chur ar fáil do na Ballstáit faoi réir na gcoinníollacha go n-urramaíonn an tríú tír lena mbaineann na caighdeáin idirnáisiúnta maidir le cearta an duine agus, i gcás aistriú, prionsabal an non-refoulement. Maidir le heasnaimh i ndáil le codanna sonracha de chríoch an tríú tír nó le catagóirí inaitheanta daoine, níor cheart cosc a chur leo ar thabhairt i gcrích comhaontaithe nó socraithe den sórt sin, ar choinníoll go bhfuil ráthaíochtaí leordhóthanacha i bhfeidhm chun a áirithiú go n-urramófar go hiomlán cearta na náisiúnach tríú tír a mbaineann comhaontú nó socrú den sórt sin leo. Go háirithe, ba cheart a leagan amach sa chomhaontú nó sa socrú na nósanna imeachta is infheidhme maidir leis an bhfilleadh, na coinníollacha maidir le fanacht sa tír lena mbaineann, oibleagáidí agus freagrachtaí faoi seach na bpáirtithe sa chomhaontú nó sa socrú agus na hiarmhairtí i gcás sáruithe ar an gcomhaontú nó ar an socrú. I gcás ina bhfuil filleadh ar aghaidh ón tríú tír i gceist le comhaontú nó socrú, ba cheart a leagan amach sa chomhaontú nó sa socrú sin freisin na hiarmhairtí i gcás nach féidir filleadh ar aghaidh a dhéanamh, oibleagáidí agus freagrachtaí faoi seach na bpáirtithe sa chomhaontú nó sa socrú, na hiarmhairtí i gcás athrú mór a bheadh drochthionchar aige ar an staid sa tríú tír, agus comhlacht nó sásra faireacháin neamhspleách chun measúnú a dhéanamh ar chur chun feidhme an chomhaontaithe nó an tsocraithe. Is é a bheadh i gcomhaontú nó i socrú den sórt sin cur chun feidhme dhlí an Aontais chun críocha Airteagal 51(1) den Chairt. |
|
(35) |
Chun a áirithiú go ndéanfar na leasanna dlisteanacha atá nasctha le bainistiú na dteorainneacha seachtracha agus le slándáil inmheánach na mBallstát lena mbaineann a chosaint go leordhóthanach, i gcúinsí ina ndéanann Ballstát comhaontú nó socrú a chaibidil chun críocha an Rialacháin seo le ceann de thríú tíortha comharsanachta an Aontais, ba cheart na Ballstáit a bhfuil teorainn choiteann acu leis an tríú tír sin a chur ar an eolas faoin gcaibidlíocht sin ag am iomchuí sula dtabharfaí an comhaontú nó an socrú lena mbaineann i gcrích, agus lánurraim á tabhairt do phrionsabal an chomhair dhílis a leagtar síos in Airteagal 4(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). Nuair a bheidh comhaontú nó socrú le tríú tír tugtha i gcrích acu, ba cheart a cheangal ar na Ballstáit an Coimisiún agus na Ballstáit eile a chur ar an eolas faoin gcomhaontú nó faoin socrú sin sula gcuirtear i bhfeidhm go sealadach é, nó sula dtiocfaidh sé, cibé acu is luaithe. Ina theannta sin, chun neamhchomhlíonadh dhlí an Aontais a sheachaint agus chun an trédhearcacht maidir le comhaontuithe nó socruithe idir Ballstáit agus tríú tíortha a fheabhsú a thuilleadh, d’fhéadfadh na Ballstáit, ar bhonn deonach, an Coimisiún agus na Ballstáit eile a choinneáil ar an eolas maidir le dul chun cinn na caibidlíochta le tríú tír i ndáil le comhaontuithe nó socruithe a údaraítear faoin Rialachán seo, sula dtiocfaidh na páirtithe ar chomhaontú críochnaitheach, lena n-áirítear d’fhonn measúnú a lorg ón gCoimisiún maidir le comhoiriúnacht an chomhaontaithe nó an tsocraithe atá beartaithe agus atá faoi chaibidil le dlí an Aontais. |
|
(36) |
Tá limistéar Schengen a fheidhmíonn go maith gan teorainneacha inmheánacha ag brath ar an acquis ábhartha a bheith á chur i bhfeidhm go héifeachtach agus go héifeachtúil ag na Ballstáit. Le Rialachán (AE) 2022/922 ón gComhairle (12), bunaítear sásra meastóireachta agus faireacháin chun cur i bhfeidhm acquis Schengen a fhíorú lena n-áirítear maidir le filleadh éifeachtach náisiúnach tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach agus maidir le cearta bunúsacha a urramú. |
|
(37) |
Ba cheart do na Ballstáit tús áite a thabhairt do leas an linbh agus nósanna imeachta um fhilleadh á gcur i bhfeidhm acu, i gcomhréir le hAirteagal 24 den Chairt agus le Coinbhinsiún 1989 na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh. Agus measúnú á dhéanamh ar leas aonair an linbh, ba cheart do na Ballstáit, go háirithe, aird chuí a thabhairt ar fholláine agus forbairt shóisialta an mhionaoisigh sa ghearrthéarma, sa mheántéarma agus san fhadtéarma, ar chúinsí sábháilteachta agus slándála agus ar thuairimí an mhionaoisigh i gcomhréir le haois agus aibíocht an mhionaoisigh sin, lena n-áirítear a chúlra nó a cúlra. Ba cheart ionadaí nó duine atá ainmnithe chun leas an linbh a choimirciú a bheith mar threoir ag mionaoisigh neamhthionlactha trí gach céim den phróiseas um fhilleadh. |
|
(38) |
I gcás ina bhfuil forais amhrais ann i dtaobh an mionaoiseach é an náisiúnach tríú tír, ba cheart don údarás inniúil a bheith in ann measúnú aoise a dhéanamh ar an duine lena mbaineann i gcomhréir le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta. Ba cheart é a bheith indéanta don údarás inniúil dul i muinín measúnuithe aoise a cuireadh i gcrích faoi nósanna imeachta a rinneadh ag tráth níos luaithe. Chun comhleanúnachas a áirithiú maidir le bainistiú imirce san Aontas, d’fhéadfadh údaráis inniúla aird a thabhairt ar an nós imeachta dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2024/1348. |
|
(39) |
Chun éifeachtacht an nós imeachta um fhilleadh a threisiú, ba cheart oibleagáidí soiléire a bhunú do náisiúnaigh tríú tír. Ba cheart é a bheith d’oibleagáid ar náisiúnaigh tríú tír críoch na mBallstát a fhágáil agus comhoibriú leis na húdaráis le linn an nós imeachta um fhilleadh. Ba cheart do náisiúnaigh tríú tír a bheith ar fáil i gcónaí do na húdaráis inniúla, agus ba cheart do na húdaráis inniúla a bheith in ann teagmháil a dhéanamh leo i gcónaí, agus ba cheart dóibh aon fhaisnéis a chur ar fáil atá ábhartha maidir leis an bhfilleadh a ullmhú agus a chur i gcrích. Níor cheart dóibh bac a chur ar aistriú go fisiciúil nó ó bhéal. Chun a mheas gur bac ó bhéal é, ba cheart iompar an náisiúnaigh tríú tír lena mbaineann a bheith de nádúr nó de chineál níos déine ná agóid amháin. Ba cheart é a bheith faoi náisiúnaigh tríú tír go príomha a gcéannacht a bhunú agus na doiciméid taistil is gá a chur ar fáil le haghaidh an fhillidh. I gcás nach gcomhlíontar na hoibleagáidí maidir le himeacht agus comhoibriú, ba cheart iarmhairtí éifeachtacha, athchomhairleacha agus comhréireacha a fhorchur, agus ba cheart do na húdaráis inniúla na bearta ábhartha a dhéanamh chun filleadh a áirithiú, lena n-áirítear trí bhearta imscrúdaitheacha, más infheidhme. Náisiúnaigh tríú tír nach féidir a aistriú, lena n-áirítear mar gheall ar phrionsabal an non-refoulement nó toisc gan iad a bheith ag comhoibriú leis na húdaráis inniúla, níor cheart iad a eisiamh ó fhorchur na n-oibleagáidí ginearálta, lena n-áirítear na hoibleagáidí maidir le fanacht, cónaí agus tuairisciú. Ba cheart a áireamh ar na hiarmhairtí i gcás nach gcomhlíontar an oibleagáid comhoibriú, mar shampla, sochair agus liúntais laghdaithe a dheonaítear i gcomhréir leis an dlí náisiúnta nó doiciméid taistil a urghabháil. . |
|
(40) |
Ní dhéanann an Rialachán seo difear d’oibleagáidí ná do bhearta nach mbaineann le filleadh ná d’fhorálacha lena rialaítear sochair shóisialta faoin dlí náisiúnta. |
|
(41) |
Níor cheart don Rialachán seo difear a dhéanamh don fhéidearthacht atá ag na Ballstáit, i gcás inarb infheidhme, smachtbhannaí coiriúla, príosúnacht san áireamh, a fhorchur i gcomhréir leis an dlí coiriúil náisiúnta ar náisiúnaigh tríú tír a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo. |
|
(42) |
Ba cheart sraith leigheasanna dlí in aghaidh cinntí a bhaineann le filleadh a bhunú chun cosaint éifeachtach chearta na ndaoine aonair lena mbaineann a ráthú. Ba cheart an cúnamh dlíthiúil is gá a chur ar fáil, arna iarraidh sin, i gcásanna achomhairc nó athbhreithnithe os comhair cúirte nó binse, gan dochar don fhéidearthacht rochtain ar chúnamh dlí agus ionadaíocht dhlíthiúil a shrianadh. |
|
(43) |
Áirítear le cúnamh dlí agus an ionadaíocht dhlíthiúil ullmhú an achomhairc nó na hiarrata ar athbhreithniú, lena n-áirítear dréachtú na ndoiciméad nós imeachta a cheanglaítear faoin dlí náisiúnta agus, i gcás éisteachta, rannpháirtíocht san éisteacht sin os comhair cúirte nó binse, chun an ceart chun leigheas éifeachtach a fháil agus chun trialach córa a áirithiú. |
|
(44) |
Is coincheap a rialaítear le dlí an Aontais an chiall atá le cúirt nó binse, mar atá léirmhínithe ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. Ní féidir aon chiall eile a bhaint as an gcoincheap sin, agus as nithe eile nach é, ach údarás a ghníomhaíonn mar thríú páirtí i ndáil leis an údarás a ghlac an cinneadh is ábhar na n-imeachtaí. Ba cheart don údarás sin feidhmeanna breithiúnacha a fheidhmiú agus níl sé cinntitheach an mar chúirt nó mar bhinse a aithnítear é faoin dlí náisiúnta. Níor cheart, leis an Rialachán seo, difear a dhéanamh d’inniúlacht na mBallstát a gcóras cúirte náisiúnta a eagrú agus líon na ndeiseanna achomhairc a chinneadh. I gcás ina ndéantar foráil sa dlí náisiúnta maidir leis an bhféidearthacht achomhairc bhreise a thaisceadh i gcoinne an chéad chinnidh achomhairc nó i gcoinne cinneadh achomhairc a dhéanfar ina dhiaidh sin, agus gur taisceadh achomharc den sórt sin, níor cheart aistriú a chur ar fionraí ach amháin má iarrann an náisiúnach tríú tír fionraí agus má chinneann cúirt nó binse é a dheonú, agus aird chuí á tabhairt ar imthosca sonracha an cháis aonair. Ba cheart an méid sin a bheith gan dochar don dlí náisiúnta lena bhforáiltear d’éifeacht fionraíochta leigheasanna den sórt sin. |
|
(45) |
Chun éifeachtacht na nósanna imeachta um fhilleadh a fheabhsú, agus urraim don cheart chun leigheas éifeachtach a fháil i gcomhréir le hAirteagal 47 den Chairt á háirithiú ag an am céanna, ba cheart agóid a dhéanamh in aghaidh achomhairc in aghaidh cinntí a bhaineann le filleadh a mhéid is féidir roimh leibhéal breithiúnach amháin. Ba cheart rialacha an Rialacháin seo maidir le hachomhairc agus forfheidhmiú cinntí a chur ar fionraí a bheith ag comhlíonadh an chirt chun leigheas éifeachtach a fháil dá bhforáiltear in Airteagal 47 den Chairt. |
|
(46) |
Cé nach ndéantar foráil sa Rialachán seo maidir le héifeacht fionraíochta uathoibríoch achomhairc, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú, agus Airteagal 47 den Chairt á urramú go hiomlán, gur féidir leis an gcúirt nó leis an mbinse inniúil céadchéime aistriú a chur ar fionraí sula bhforfheidhmeofar an cinneadh um fhilleadh nó an cinneadh lena n-ordaítear aistriú. Ba cheart náisiúnach tríú tír a bheith in ann iarraidh a chur isteach chun forfheidhmiú cinnidh um fhilleadh nó cinnidh lena n-ordaítear aistriú a chur ar fionraí, mura bhforáiltear leis an dlí náisiúnta freisin go bhféadfadh an chúirt inniúil nó an binse inniúil é a chur ar fionraí ex officio. Ba cheart an méid sin a bheith gan dochar don fhéidearthacht atá ag na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le héifeacht fionraíochta uathoibríoch achomhairc faoin dlí náisiúnta. Chun dúbailt a sheachaint sa mheasúnú ar an riosca go sárófaí prionsabal an non-refoulement, ba cheart brath ar aon ábhar sa chomhad, go háirithe measúnuithe a rinneadh roimhe sin, lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, measúnuithe a rinneadh i gcomhthéacs nós imeachta tearmainn. |
|
(47) |
Ba cheart na huirlisí is gá a sholáthar do na Ballstáit chun filleadh tapa éifeachtach a áirithiú, lena n-áirítear bearta iarmhartacha i gcás neamhchomhlíonadh agus dreasachtaí chun go gcomhlíonfar na hoibleagáidí maidir le himeacht agus comhoibriú, chomh maith le bearta chun an riosca éalaithe a chosc. Áirítear le héalú gníomhaíochtaí amhail críoch na mBallstát a fhágáil gan cead ó na húdaráis inniúla, ar chúiseanna nach bhfuil neart ag an náisiúnach tríú tír orthu. Le rialacha comhchoiteanna, gan srian a chur ar cheart na mBallstát bearta agus critéir bhreise a leagan síos sa dlí náisiúnta, ba cheart cuíchóiriú a dhéanamh ar cheanglais a bhaineann leis an oibleagáid maidir le comhoibriú agus ar na critéir chun riosca éalaithe a chinneadh. Ba cheart a áirithiú le rialacha comhchoiteanna den sórt sin freisin go gcuirtear coinneáil agus roghanna malartacha ar choinneáil i bhfeidhm sna Ballstáit chun an próiseas um fhilleadh a bhainistiú go héifeachtach. |
|
(48) |
Níor cheart é a bheith indéanta coinneáil a fhorchur ach amháin chun filleadh a dhéanamh, nuair is comhréireach agus nuair is gá sin, tar éis measúnú aonair a dhéanamh ar gach cás, lena n-áirítear chun an filleadh, an t-athligean isteach nó cur i gcrích an aistrithe a ullmhú. Ba cheart do na húdaráis gníomhú le dícheall cuí, agus níor cheart coinneáil a choinneáil ar bun ach ar feadh tréimhse chomh gearr agus is féidir agus go ginearálta níor cheart an tréimhse sin a bheith níos faide ná 24 mhí i mBallstát ar leith. I gcásanna ina n-éalaíonn náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach chuig Ballstát eile, níor cheart tréimhsí coinneála a bhí ann roimhe sin a chur san áireamh agus an uastréimhse choinneála á ríomh. Tréimhsí coinneála dá bhforáiltear faoi Rialacháin nó Treoracha eile nach mbaineann leis an nós imeachta um fhilleadh, níor cheart iad a áireamh agus an uastréimhse choinneála á ríomh. Ba cheart aghaidh a thabhairt, le linn na coinneála, ar riachtanais speisialta a eascraíonn as measúnú leochaileachta. I gcás ina ndéantar foráil sa dlí náisiúnta maidir le mionaoisigh a choinneáil, ba cheart tús áite a thabhairt do leas an linbh. Ba cheart bearta malartacha eile nach bhfuil chomh comhéigneach céanna ar choinneáil a úsáid nuair is féidir iad a chur i bhfeidhm go héifeachtach maidir le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach. |
|
(49) |
I gcás ina gcoinnítear náisiúnach tríú tír ar feadh tréimhse 24 mhí, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann, in imthosca áirithe, náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a choinneáil ar feadh tréimhsí breise, nach faide ná 6 mhí san iomlán, i gcás ina bhfuil riosca éalaithe ann agus ina léirítear le hathruithe ar imthosca ionchas réasúnach aistrithe mar gheall ar fhaisnéis shuntasach nua. Ba cheart an choinneáil a ordú i gcomhréir le prionsabail an riachtanais agus na comhréireachta agus ba cheart í a choinneáil ar bun ar feadh tréimhse chomh gearr agus is féidir. |
|
(50) |
Chun náisiúnaigh tríú tír a bhfuil rioscaí slándála ag baint leo a fhilleadh, tá gá le bearta sonracha atá dírithe ar chearta agus saoirsí daoine eile a chosaint. Dá bhrí sin, ba cheart é a bheith indéanta na náisiúnaigh tríú tír sin a choinneáil ar feadh tréimhse níos faide ná 24 mhí. Ní mór prionsabal na comhréireachta a chomhlíonadh i gcás na coinneála sin. |
|
(51) |
Ba cheart caitheamh le náisiúnaigh tríú tír atá faoi choinneáil ar bhealach daonnachtúil díniteach agus urraim á tabhairt dá gcearta bunúsacha agus i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta agus náisiúnta, agus na treoirlínte praiticiúla ó Choiste Chomhairle na hEorpa chun Céastóireacht agus Íde atá Mídhaonna nó Táireach a chosc á gcur san áireamh. De ghnáth, ba cheart an choinneáil a dhéanamh mar riail ghinearálta i saoráidí coinneála speisialaithe nó i mbrainsí tiomnaithe saoráidí eile. Ba cheart a bheith in ann leas a bhaint as cóiríocht phríosúin nuair nach féidir le Ballstát foráil a dhéanamh do shaoráid den sórt sin, lena gcoimeádtar, a mhéid is féidir, náisiúnaigh tríú tír den sórt sin ar leithligh ó ghnáthphríosúnaigh. Ba cheart a bheith in ann náisiúnaigh tríú tír a bhfuil rioscaí slándála ag baint leo a chur faoi shocruithe slándála feabhsaithe laistigh de shaoráidí coinneála. |
|
(52) |
Tá na forais choinneála a leagtar amach sa Rialachán seo gan dochar d’fhorais choinneála eile, lena n-áirítear forais choinneála faoi chuimsiú imeachtaí coiriúla, atá infheidhme faoin dlí náisiúnta . |
|
(53) |
Is bunphrionsabal de cheannasacht an stáit agus den chomhar idirnáisiúnta é an oibleagáid atá ar aon Stát a náisiúnaigh féin a athligean isteach. Meastar gur prionsabal de dhlí idirnáisiúnta an ghnáis é dualgas na Stát a náisiúnaigh féin a athligean isteach, mar a fhoráiltear le hIarscríbhinn 9, Caibidil 5, a ghabhann leis an gCoinbhinsiún um Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta, agus mar a leagtar amach sa Chomhaontú Chomhpháirtíochta idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus Comhaltaí Eagraíocht na Stát san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin, den pháirt eile (Comhaontú Shamó). Ní féidir filleadh éifeachtach a dhéanamh ach amháin má chomhlíonann na Stáit an oibleagáid maidir lena náisiúnaigh féin a athligean isteach. Dá bhrí sin, braitheann na Ballstáit ar chomhar ó thríú tíortha chun go mbeidh siad in ann filleadh éifeachtach a chur chun feidhme. Úsáideann an tAontas agus na Ballstáit ionstraimí atá ann cheana amhail Airteagal 25a de Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13) agus tacaíocht arna soláthar ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (Frontex) i gcomhréir le Rialachán (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14) chun feabhas a chur ar an gcomhar le tríú tíortha i gcás inar gá. |
|
(54) |
Is cuid lárnach den chur chuige cuimsitheach maidir le bainistiú imirce an ghné sheachtrach den bheartas um fhilleadh. Is príomhghné sheachtrach de chomhpháirtíochtaí cothroma cuimsitheacha le tríú tíortha é an comhar éifeachtach maidir le filleadh agus athligean isteach i gcomhréir leis na cuspóirí dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2024/1351. D’iarr an Chomhairle Eorpach, i measc nithe eile, sna Conclúidí uaithi i mí Dheireadh Fómhair 2024, go ndéanfaí gníomhaíocht ghasta chun filleadh éifeachtach a áirithiú agus beartais agus uirlisí ábhartha uile an Aontais á n-úsáid chun tionchar a imirt, lena n-áirítear beartas víosaí, trádáil, forbairt agus taidhleoireacht. Tá gá le cur chuige ‘uile-rialtais’ laistigh de na Ballstáit iad féin agus laistigh freisin d’institiúidí an Aontais. |
|
(55) |
Ós rud é go bhféadfadh comhar tríú tíortha i réimse fhilleadh agus athligean isteach na náisiúnach tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a bheith dúshlánach sa chleachtas, agus gan dochar don mheasúnú ar chomhar na dtríú tíortha maidir le hathligean isteach dá bhforáiltear in Airteagal 25a de Rialachán (CE) Uimh. 810/2009, i gcás ina mbíonn deacrachtaí ag Ballstát amháin nó ag roinnt Ballstát ó thaobh comhar tríú tír maidir le hathligean isteach de, lena n-áirítear i ndáil le náisiúntacht a dheimhniú, na doiciméid taistil is gá a fháil ó na húdaráis tríú tír ábhartha agus oibríochtaí um fhilleadh a eagrú, ba cheart don Aontas agus do na Ballstáit a bheith in ann úsáid a bhaint as na huirlisí ábhartha atá ann cheana dá bhforáiltear i ndlí an Aontais, a mhéid atá siad faoi cheangal ag na gníomhartha reachtacha lena mbunaítear na huirlisí sin, mar chuid de chur chuige comhordaithe de chuid an Aontais chun feabhas a chur ar an gcomhar i réimse an fhillte agus an athligin isteach. |
|
(56) |
Tá cur chuige comhordaithe maidir le hathligean isteach idir na Ballstáit ríthábhachtach chun filleadh náisiúnach tríú tír a éascú. Mura ndéantar obair leantach leordhóthanach ar chinntí in-fhorfheidhmithe um fhilleadh, tá an baol ann go gcuirfí bac ar éifeachtúlacht an chur chuige choitinn maidir le filleadh. Ba cheart na bearta uile is gá chun an filleadh a chur chun feidhme a leanúint go córasach tar éis cinntí um fhilleadh in-fhorfheidhmithe, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, iarrataí ar athligean isteach a chur faoi bhráid údaráis tríú tíortha, i gcásanna ina bhfuil amhras faoin náisiúntacht nó inar gá doiciméad taistil a fháil. |
|
(57) |
Braitheann nósanna imeachta éifeachtacha um fhilleadh ar chomhar riaracháin éifeachtúil agus ar chomhroinnt faisnéise idir na Ballstáit. Ba cheart an malartú faisnéise, lena n-áirítear comhroinnt sonraí maidir le céannacht agus náisiúntacht na náisiúnach tríú tír, a ndoiciméid taistil agus faisnéis ábhartha eile, a bheith bunaithe ar rialacha soiléire, lena n-áirítear na rialacha sin a leagtar amach i Rialachán (AE) 2018/1860 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15). Ba cheart do na rialacha sin prionsabail na cosanta sonraí agus cearta an duine aonair lena mbaineann a urramú, agus é á áirithiú go bhfuil an fhaisnéis sin cruinn agus nach n-úsáidtear í ach chun críocha fillte, aistrithe, athligin isteach agus ath-imeasctha, agus go gcosnaítear í ar rochtain, nochtadh nó úsáid neamhúdaraithe. |
|
(58) |
Tá feidhm ag Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16) maidir le próiseáil sonraí pearsanta chun críocha an Rialacháin seo. Tá feidhm ag Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17) maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí agus comhlachtaí an Aontais chun críocha an Rialacháin seo. I bhfianaise na gcúiseanna tábhachtacha a bhaineann le leas an phobail agus atá taobh thiar den athligean isteach agus filleadh éifeachtach, d’fhéadfadh sé gur ghá sonraí pearsanta náisiúnach tríú tír atá faoi réir cinneadh um fhilleadh a aistriú chun críocha an fhillidh, an aistrithe, an athligin isteach agus an ath-imeasctha, lena n-áirítear sonraí a bhaineann lena gcéannacht, doiciméid taistil, sonraí ábhartha eile agus, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, sonraí a bhaineann lena gciontuithe coiriúla agus lena sláinte. Ní mór na haistrithe sin a dhéanamh i gcomhréir le Caibidil V de Rialachán (AE) 2016/679 agus le Caibidil V de Rialachán (AE) 2018/1725 agus le cearta na n-ábhar sonraí, agus le prionsabail an non-refoulement, na comhréireachta agus an riachtanais agus leis an gCairt. |
|
(59) |
Ba cheart d’údaráis inniúla atá freagrach as tearmann agus údaráis inniúla a bhfuil baint acu le céimeanna éagsúla an phróisis um fhilleadh oibriú le chéile agus dlúthchomhordú a dhéanamh chun filleadh éifeachtach a áirithiú. |
|
(60) |
Le comhchóras um fhilleadh, ba cheart lánúsáid a bhaint as córais dhigiteacha a thacaíonn le filleadh, athligean isteach agus ath-imeascadh a bhainistiú agus béim á leagan ar nós imeachta riaracháin éifeachtúil, ar chomhar, ar chomhroinnt faisnéise agus ar idir-inoibritheacht. |
|
(61) |
Ba cheart comhar agus cúnamh idir na Ballstáit a dhéanamh, mar riail ghinearálta, lena n-áirítear chun idirthuras trína gcríoch a cheadú, cúnamh lóistíochta nó ábharthach nó comhchineáil eile atá nasctha leis an idirthuras sin a cheadú, chun aistrithe chuig Ballstát eile a éascú, bíodh sin de bhun comhaontuithe nó socruithe déthaobhacha nó bunaithe ar chomhar idir na Ballstáit, nó chun tacú le himeacht náisiúnach tríú tír chuig Ballstáit ina bhfuil ceart fanachta acu. |
|
(62) |
Cuireann an tAontas tacaíocht airgeadais agus oibríochtúil ar fáil, gan dochar do Chreat Airgeadais Ilbhliantúil 2028-2034, chun cur chun feidhme éifeachtach an Rialacháin seo a bhaint amach. Sa mhéid gur cheart gníomhaíochtaí a mhaoiniú trí shaoráid théamach an Chiste Tearmainn agus Imirce, féadfar iad a chur chun feidhme faoi bhainistíocht dhíreach, indíreach nó chomhroinnte. Ba cheart do na Ballstáit an úsáid is fearr is féidir a bhaint as na hionstraimí, cláir agus tionscadail airgeadais atá ar fáil ón Aontas i réimse an fhillte, go háirithe faoi Rialachán (AE) 2021/1147 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18), chomh maith leis an gcúnamh oibríochtúil arna soláthar ag Frontex i gcomhréir le Rialachán (AE) 2019/1896. |
|
(63) |
Ba cheart an tuairisciú ar éifeachtacht an Rialacháin seo agus sainaithint na réimsí ina bhféadfaí feabhas a chur orthu a bheith bunaithe ar bhailiú agus anailísiú staidrimh iontaofa, inchomparáide atá ann cheana maidir le héifeachtúlacht nósanna imeachta um fhilleadh, comhar tríú tíortha agus iarrachtaí ath-imeasctha. Ba cheart na caighdeáin a leagtar amach i Rialachán (CÉ) Uimh. 862/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19), i Rialachán (AE) 2019/1896 agus sa dlí náisiúnta a mheas agus, i gcás inar gá, a athbhreithniú chun ábharthacht an staidrimh a áirithiú. Ba cheart caighdeáin choiteanna agus sainmhínithe coiteanna a bhunú chun sonraí ábhartha a bhailiú ionas go bhféadfar measúnú a dhéanamh ar thionchar an Rialacháin seo agus chun rannchuidiú le cinntí eolasacha a dhéanamh maidir le forbairtí beartais amach anseo. |
|
(64) |
Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun an tOrdú Eorpach um Fhilleadh a bhunú. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (20). |
|
(65) |
Leis an Rialachán seo, cuirtear comhchóras coiteann nua i bhfeidhm chun náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a fhilleadh, ar córas é atá le cur chun feidhme go díreach ag na húdaráis náisiúnta. Tagann gnéithe nua tábhachtacha as an gcóras nua sin arb é is aidhm dóibh feabhas a chur ar éifeachtúlacht an nós imeachta um fhilleadh, lena n-áirítear maidir leis na tríú tíortha a mbeifear ag filleadh orthu agus gné sheachtrach na bhfillteacha. Chun go bhféadfar na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo a chur i bhfeidhm go pras, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Na forálacha nach dtagraítear dóibh in Airteagal 50(2) den Rialachán seo a ghabhfaidh ionad Threoir 2008/115/CE agus a mbeidh sé d’aidhm acu teacht in ionad an chreata dhlíthiúil dá bhforáiltear sa Treoir sin, ba cheart feidhm a bheith acu ón 17 Deireadh Fómhair 2027 d’fhonn go bhféadfar na céimeanna ullmhúcháin agus oibríochtúla uile is gá a dhéanamh agus a chur chun feidhme rianúil, éifeachtach agus comhsheasmhach ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta a áirithiú, agus chun aon fhorluí idir an Treoir sin agus an Rialachán seo a sheachaint. Ba cheart, dá bhrí sin, Treoracha 2001/40/CE agus 2008/115/CE agus Cinneadh 2004/191/CE ón gComhairle (21) a aisghairm ón dáta sin. |
|
(66) |
Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, is é sin, feabhas a chur ar éifeachtúlacht an fhillte de náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach , a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr fhairsinge nó éifeachtaí na gníomhaíochta chun cur chuige comhchoiteann comhleanúnach a áirithiú i measc na mBallstát, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 de CAE. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú. |
|
(67) |
I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm. Ós rud é go gcuireann an Rialachán seo le acquis Schengen, cinnfidh an Danmhairg, i gcomhréir le hAirteagal 4 den Phrótacal sin, laistigh de thréimhse 6 mhí tar éis don Chomhairle cinneadh a dhéanamh ar an Rialachán seo, an gcuirfidh sí chun feidhme ina dlí náisiúnta é. |
|
(68) |
Is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach bhfuil Éire rannpháirteach iontu, i gcomhréir le Prótacal 19 maidir le acquis Schengen atá mar chuid de chreat an Aontais Eorpaigh, atá i gceangal le CAE agus le CFAE agus, faoi réir chur i bhfeidhm Airteagal 4 den Phrótacal sin, níl Éire faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm. |
|
(69) |
Maidir leis an Íoslainn agus leis an Iorua, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis Schengen a chur chun feidhme (22), a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe C, de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle (23). |
|
70) |
Maidir leis an Eilvéis, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (24), ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe C, de Chinneadh 1999/437/CE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/146/CE ón gComhairle (25). |
|
(71) |
Maidir le Lichtinstéin, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Phrótacail idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe C, de Chinneadh 1999/437/CE arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2011/350/AE ón gComhairle (26). |
|
(72) |
Is é atá sa Rialachán seo gníomh atá ag cur le acquis Schengen, nó atá gaolmhar leis ar dhóigh eile, de réir bhrí Airteagal 3(1) d’Ionstraim Aontachais 2003. |
|
(73) |
Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 agus thug sé a thuairim uaidh an 23 Bealtaine 2025, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
CAIBIDIL I
FORÁLACHA GINEARÁLTA
Airteagal 1
Ábhar
1. Bunaítear leis an Rialachán seo comhchóras chun náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach ar chríoch na mBallstát (‘náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach’) a fhilleadh go héifeachtach, i gcomhréir le cearta bunúsacha a aithnítear sa Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’) agus le prionsabail ghinearálta dhlí an Aontais, chomh maith le hoibleagáidí idirnáisiúnta is infheidhme, lena n-áirítear oibleagáidí maidir le cearta an duine.
2. Is é is cuspóir don Rialachán seo é a chur ar a gcumas do na Ballstáit na bearta uile is gá a dhéanamh chun filleadh éifeachtach náisiúnach tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a áirithiú, agus an cur chuige cuimsitheach a leagtar amach in Airteagal 3, Airteagal 4, pointe (h), agus Airteagal 5, pointe (e), de Rialachán (AE) 2024/1351 á chur san áireamh.
Airteagal 2
Raon Feidhme
1. Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach.
2. Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le daoine a bhfuil ceart chun saorghluaiseachta acu faoi dhlí an Aontais, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (5), de Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (27).
3. Tá an Rialachán seo gan dochar d’fhorálacha Rialacháin (AE) 2024/1351, (AE) 2024/1348 agus (AE) 2024/1349.
4. Gan dochar do mhír 5 den Airteagal seo, ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le haon náisiúnach tríú tír:
|
(a) |
atá faoi réir diúltú cead isteach ag teorainneacha seachtracha i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) 2016/399 nó, i gcás Ballstáit nach bhfuil faoi cheangal ag an Rialachán sin, a ndiúltaítear cead isteach dó nó di ar chríoch Ballstáit den sórt sin i gcomhréir leis an dlí náisiúnta coibhéiseach; |
|
(b) |
ar ghabh nó ar idircheap údaráis inniúla é nó í i dtaca le teorainn sheachtrach Ballstáit a thrasnú go neamhdhleathach ar tír, ar muir nó san aer agus gan údarú ná ceart a bheith faighte ag an náisiúnach tríú tír sin fanacht sa Bhallstát sin ina dhiaidh sin; |
|
(c) |
atá faoi réir filleadh mar smachtbhanna dlí choiriúil nó mar thoradh ar smachtbhanna dlí choiriúil, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta; |
|
(d) |
atá faoi réir nós imeachta eiseachadta. |
5. Féadfaidh Ballstát a chinneadh an Rialachán seo a chur i bhfeidhm maidir le ceann amháin nó níos mó de na catagóirí de náisiúnach tríú tír dá dtagraítear i mír 4, pointí (a), (b) agus (c). I gcásanna den sórt sin, beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na catagóirí sin de náisiúnach tríú tír ón dáta a thabharfaidh an Ballstát fógra faoina chinneadh do na Ballstáit eile agus don Choimisiún.
6. I gcás ina gcinnfidh Ballstát an Rialachán seo a chur i bhfeidhm maidir le náisiúnaigh tríú tír atá faoi réir filleadh mar smachtbhanna dlí choiriúil, ní bheidh feidhm ag Airteagail 5, 7 agus 8.
7. Maidir le náisiúnaigh tríú tír arna n-eisiamh ó raon feidhme an Rialacháin seo i gcomhréir le mír 4, pointí (a) nó (b), áiritheoidh na Ballstáit nach lú fabhar a gcóireála agus a leibhéil cosanta ná mar a leagtar amach in Airteagal 10(9) agus (10), Airteagal 11(2), Airteagal 11(6), pointí (c) agus (e), Airteagal 32(1) go (6) agus Airteagal 33, agus urramóidh siad prionsabal an non-refoulement.
8. Tá feidhm ag an Rialachán seo gan dochar do dhlí coiriúil náisiúnta na mBallstát, agus go háirithe d’fhorálacha lena leagtar síos pionóis choiriúla atá éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach, lena n-áirítear príosúnacht, i ndáil le fanacht neamhdhleathach, ar choinníoll nach gcuireann na nósanna imeachta coiriúla lena mbaineann agus cur i bhfeidhm na bpionós sin baint amach na bhfillteacha éifeachtacha i mbaol.
Airteagal 3
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
|
(1) |
ciallaíonn ‘náisiúnach tríú tír’ aon duine nach saoránach den Aontas é nó í de réir bhrí Airteagal 20 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus ar duine é nó í nach bhfuil an ceart chun saorghluaiseachta aige nó aici faoi dhlí an Aontais, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (5), de Rialachán (AE) 2016/399; |
|
(2) |
ciallaíonn ‘fanacht neamhdhleathach’ náisiúnach tríú tír a bheith i láthair ar chríoch Ballstáit, ar náisiúnach tríú tír é nó í nach gcomhlíonann, nó nach gcomhlíonann a thuilleadh, na coinníollacha maidir le dul isteach a leagtar amach in Airteagal 6 de Rialachán (AE) 2016/399, ná na coinníollacha a bhaineann le fanacht nó cónaí sa Bhallstáit sin, ná, i gcás Ballstáit nach bhfuil faoi cheangal ag an Rialachán sin, na coinníollacha a bhaineann le dul isteach, fanacht nó cónaí a leagtar síos sa dlí náisiúnta coibhéiseach; |
|
(3) |
ciallaíonn ‘tír a mbeifear ag filleadh uirthi’ ceann díobh seo a leanas:
|
|
(4) |
ciallaíonn ‘cinneadh um fhilleadh’ gníomh nó cinneadh riaracháin nó breithiúnach lena sonraítear nó lena ndearbhaítear go bhfuil fanacht náisiúnaigh tríú tír neamhdhleathach agus lena sonraítear nó lena bhforchuirtear oibleagáid ar an náisiúnach tríú tír sin críoch na mBallstát a fhágáil; |
|
(5) |
ciallaíonn ‘filleadh’ na gníomhaíochtaí trínarb amhlaidh, maidir le náisiúnach tríú tír:
|
|
(6) |
ciallaíonn ‘cinneadh lena n-ordaítear aistriú’ gníomh nó cinneadh riaracháin nó breithiúnach lena sonraítear nó lena ndearbhaítear gur féidir náisiúnach tríú tír a aistriú chuig tír amháin nó níos mó a mbeifear ag filleadh uirthi nó orthu; |
|
(7) |
ciallaíonn ‘aistriú’ forfheidhmiú an chinnidh um fhilleadh nó an chinnidh lena n-ordaítear aistriú ag na húdaráis inniúla trí iompar fisiciúil ó na Ballstáit chuig tír a mbeifear ag filleadh uirthi; |
|
(8) |
ciallaíonn ‘filleadh deonach’ imeacht as críoch na mBallstát as a stuaim féin, le cúnamh nó gan chúnamh, agus gan dul i muinín aistriú, ag náisiúnach tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a chomhlíonann an oibleagáid imeacht laistigh den tréimhse imeachta a leagtar amach sa chinneadh um fhilleadh nó tar éis dhul in éag na tréimhse sin; |
|
(9) |
ciallaíonn ‘éalú’ an ghníomhaíocht ar tríthi nach leanann náisiúnach tríú tír de bheith ar fáil do na húdaráis inniúla riaracháin nó bhreithiúnacha; |
|
(10) |
ciallaíonn ‘toirmeasc ar dhul isteach’ gníomh nó cinneadh riaracháin nó breithiúnach lena gcuirtear toirmeasc ar dhul isteach agus ar fhanacht ar chríoch na mBallstát ag náisiúnach tríú tír; |
|
(11) |
ciallaíonn ‘oibríocht um fhilleadh’ oibríocht arna heagrú nó arna comhordú ag údarás inniúil nó a fhaigheann tacaíocht ó Frontex, lena bhfilltear náisiúnaigh tríú tír ó Bhallstát amháin nó níos mó. |
Airteagal 4
Cearta bunúsacha
Agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm, déanfaidh na Ballstáit a gcuid cúraimí a chomhall agus dlí ábhartha an Aontais, lena n-áirítear an Chairt, an dlí idirnáisiúnta ábhartha, na hoibleagáidí a bhaineann le rochtain ar chosaint idirnáisiúnta, prionsabal an non-refoulement, agus cearta bunúsacha á gcomhlíonadh go hiomlán acu.
CAIBIDIL II
NÓS IMEACHTA UM FHILLEADH
ROINN 1
NÓS IMEACHTA LENA N-ORDAÍTEAR FILLEADH
Airteagal 5
Cinneadh um fhilleadh
1. Eiseoidh údaráis inniúla Ballstáit cinneadh um fhilleadh d’aon náisiúnach tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach ar a chríoch, lena sonraítear nó lena bhforchuirtear oibleagáid ar an náisiúnach tríú tír sin críoch na mBallstát a fhágáil .
2. Cuirfear in iúl i gcinneadh um fhilleadh:
|
(a) |
tréimhse imeachta, nach faide ná 30 lá, ar roimh dheireadh na tréimhse sin a fhágfaidh an náisiúnach tríú tír críoch na mBallstát; nó |
|
(b) |
go bhfágfaidh an náisiúnach tríú tír críoch na mBallstát láithreach. |
Féadfar an tréimhse imeachta nach bhfuil le sárú dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír a ghiorrú agus a shonrú sa dlí náisiúnta.
Féadfaidh na Ballstáit a leagan síos ina ndlí náisiúnta na himthosca sonracha ina ndeonófar tréimhse imeachta do náisiúnach tríú tír nó ina bhfuil sé nó sí le fágáil láithreach.
3. De mhaolú ar mhír 2, an chéad fhomhír, pointe (a), féadfar tréimhse imeachta is faide ná 30 lá a shonrú i gcinneadh um fhilleadh agus aird chuí á tabhairt ar imthosca sonracha an cháis aonair.
4. Féadfaidh na húdaráis inniúla síneadh a chur leis an tréimhse imeachta a sonraíodh ar dtús i gcinneadh um fhilleadh agus aird chuí á tabhairt ar imthosca sonracha an cháis aonair, go háirithe rannpháirtíocht i gclár um fhilleadh agus ath-imeascadh de bhun Airteagal 44(3) nó comhlíonadh na hoibleagáide maidir le comhoibriú mar a leagtar amach in Airteagal 18.
5. Féadfaidh na húdaráis inniúla an tréimhse imeachta a sonraíodh ar dtús i gcinneadh um fhilleadh a ghiorrú i gcás neamhchomhlíonadh na hoibleagáide maidir le comhoibriú mar a leagtar amach in Airteagal 18 í.
6. Déanfar an dáta óna ndéantar an tréimhse imeachta a ríomh a shainiú faoin dlí náisiúnta.
7. Eiseofar an cinneadh um fhilleadh i scríbhinn agus tabharfar cúiseanna fíorais agus dlí ann. Cuirfear an náisiúnach tríú tír ar an eolas faoi leigheasanna dlí agus teorainneacha ama atá ar fáil chun na leigheasanna sin a lorg. Tabharfar fógra faoin gcinneadh um fhilleadh don náisiúnach tríú tír a luaithe is féidir i gcomhréir le dlí náisiúnta an Bhallstáit eisiúna. I gcás nach eol cá bhfuil an náisiúnach tríú tír, tabharfar fógra faoin gcinneadh um fhilleadh i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.
8. Féadfaidh na húdaráis inniúla a chinneadh gan na cúiseanna fíorais dá dtagraítear i mír 7 a sholáthar nó féadfaidh siad a chinneadh teorainn a chur leo, i gcás ina bhforáiltear leis an dlí náisiúnta go gcuirfear srian leis an gceart chun faisnéise nó i gcás inar gá sin chun an t-ord poiblí, an tslándáil phoiblí nó an tslándáil náisiúnta a choimirciú agus chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath agus a ionchúiseamh. I gcásanna den sórt sin, cuirfear an náisiúnach tríú tír ar an eolas faoi bhunbhrí na bhforas ar a ndearnadh an cinneadh um fhilleadh chun rochtain a fháil ar leigheas éifeachtach. Ní áirítear leis an oibleagáid an náisiúnach tríú tír a chur ar an eolas faoi bhunghnéithe na bhforas oibleagáid aon fhaisnéis rúnaicmithe a nochtadh.
9. Féadfar an tír nó na tíortha a mbeifear ag filleadh uirthi nó orthu a chinneadh sa chinneadh um fhilleadh nó de bhun Airteagal 10 (4) sula ndéanfar an t-aistriú. I gcás ina gcinneann an náisiúnach tríú tír filleadh go deonach ar thír seachas an tír nó na tíortha a mbeifear ag filleadh uirthi nó orthu a chinntear sa chinneadh um fhilleadh nó sa chinneadh lena n-ordaítear aistriú, ní cheanglófar cinneadh nua a eisiúint lena gcinnfear an tír a mbeifear ag filleadh uirthi.
10. Ní chuirfear cosc ar údaráis inniúla cinneadh um fhilleadh a eisiúint i gcás ina gcuirtear bac ar aistriú. I gcás inar cinneadh an tír a mbeifear ag filleadh uirthi sa chinneadh um fhilleadh agus inar sainaithníodh riosca refoulement, cuirfear siar an t-aistriú chuig an tír sin i gcomhréir le hAirteagal 11(1), pointe (a).
11. Soláthrófar don náisiúnach tríú tír, arna iarraidh sin, aistriúchán i scríbhinn nó ó bhéal ar phríomheilimintí an chinnidh um fhilleadh , lena n-áirítear faisnéis maidir le leigheasanna dlí atá ar fáil i dteanga a thuigeann an náisiúnach tríú tír nó a nglactar leis ar bhonn réasúnach go dtuigeann sé í. Chun na críche sin, féadfaidh na húdaráis inniúla, i gcás inarb iomchuí, úsáid a bhaint as teimpléid chaighdeánaithe aistriúcháin nó as uirlisí aistriúcháin meaisínchuidithe nó meaisínghinte.
12. Eiseofar an cinneadh um fhilleadh sa ghníomh céanna nó i ngníomh ar leith ag an am céanna agus in éineacht leis an gcinneadh lena gcuirtear deireadh le fanacht dleathach náisiúnaigh tríú tír gan moill mhíchuí ina dhiaidh sin, agus gan difear a dhéanamh do na coimircí nós imeachta dá bhforáiltear i gCaibidil V agus i bhforálacha ábhartha eile de dhlí an Aontais agus den dlí idirnáisiúnta.
13. Glacfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná an 17 Aibreán 2027, gníomh cur chun feidhme chun foirm an Ordaithe Eorpaigh um Fhilleadh a bhunú. Áireofar san Ordú Eorpach um Fhilleadh príomhghnéithe an chinnidh um fhilleadh agus, i gcás inarb ábhartha, príomhghnéithe an chinnidh lena n-ordaítear aistriú. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 47(2).
14. Ar eisiúint an chinnidh um fhilleadh, bainfidh na Ballstáit úsáid as an Ordú Eorpach um Fhilleadh agus cuirfear ar fáil é trí Chóras Faisnéise Schengen i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1860 .
15. Faoi dháta glactha an ghnímh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 13, tosóidh na Ballstáit, an Coimisiún agus gníomhaireachtaí ábhartha an Aontais, amhail eu-LISA, ar na socruithe dlíthiúla agus teicniúla is gá a chur i bhfeidhm chun an tOrdú Eorpach um Fhilleadh a chur ar fáil trí Chóras Faisnéise Schengen, chun comhlíonadh na hoibleagáide i mír 14 a éascú. Tacóidh an Coimisiún agus gníomhaireachtaí ábhartha an Aontais, amhail eu-LISA, leis na Ballstáit, de réir mar is iomchuí.
16. Faoin 17 Deireadh Fómhair 2027, déanfaidh an Coimisiún agus gníomhaireachtaí ábhartha an Aontais, amhail eu-LISA, bearta a chur chun feidhme chun a áirithiú go bhféadfar an tOrdú Eorpach um Fhilleadh a láimhseáil go huathoibríoch, d’fhonn cur i bhfeidhm Airteagal 7 a dhéanamh níos éifeachtúla.
17. Faoin 17 Deireadh Fómhair 2027, tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na socruithe dlíthiúla agus teicniúla is gá arna gcur i bhfeidhm chun an oibleagáid dá dtagraítear i mír 14 a chomhlíonadh.
Airteagal 6
Eisceachtaí ón oibleagáid cinneadh um fhilleadh a eisiúint
1. Féadfaidh údaráis inniúla na mBallstát cinneadh a dhéanamh gan cinneadh um fhilleadh a eisiúint sna cásanna seo a leanas maidir leis an náisiúnach tríú tír:
|
(a) |
i gcás ina n-aistrítear an náisiúnach tríú tír chuig Ballstát eile i gcomhréir leis an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 23a de Rialachán (AE) 2016/399; |
|
(b) |
i gcás ina n-aistrítear an náisiúnach tríú tír chuig Ballstát eile de bhun comhaontuithe nó socruithe déthaobhacha nó bunaithe ar chomhar idir na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 42; |
|
(c) |
i gcás inar duine é nó í an náisiúnach tríú tír a dtugtar a fhanacht neamhdhleathach nó a fanacht neamhdhleathach faoi deara maidir le seiceálacha teorann a dhéantar ar imeacht ag teorainn sheachtrach i gcomhréir le hAirteagal 8 de Rialachán (AE) 2016/399 nó, i gcás na mBallstát nach bhfuil faoi cheangal ag an Rialachán sin, seiceálacha coibhéiseacha arna ndéanamh i gcomhréir leis an dlí náisiúnta lena seachnaítear, a mhéid is féidir, cur siar imeachta an náisiúnaigh tríú tír lena mbaineann. |
2. Ní eiseofar cinneadh um fhilleadh i gcásanna ina bhfuil cead cónaithe bailí, víosa fadfhanachta nó údarú eile a thugann ceart fanachta, arna eisiúint ag Ballstát eile, ag an náisiúnach tríú tír.
3. Sna cásanna dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, ceanglóidh an Ballstát a bhfuil an náisiúnach tríú tír sin ag fanacht go neamhdhleathach ar a chríoch ar an náisiúnach tríú tír dul chuig críoch an Bhallstáit eile láithreach. I gcás nach gcomhlíonann an náisiúnach tríú tír an méid sin, nó i gcás inar gá don náisiúnach tríú tír imeacht láithreach ar chúiseanna a bhaineann leis an mbeartas poiblí, leis an tslándáil phoiblí nó leis an tslándáil náisiúnta, féadfaidh an Ballstát a bhfuil an náisiúnach tríú tír sin ag fanacht go neamhdhleathach ar a chríoch comhar a iarraidh ar na Ballstáit eile de bhun Airteagal 42 nó cinneadh um fhilleadh a eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 5.
4. Ní eiseofar cinneadh um fhilleadh i gcásanna ina gcuirtear an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 9 i bhfeidhm.
Airteagal 7
Aithint agus forfheidhmiú cinntí um fhilleadh ag Ballstát eile
1. Féadfaidh an Ballstát ina bhfuil an náisiúnach tríú tír ag fanacht go neamhdhleathach (‘an Ballstát forfheidhmiúcháin’) cinneadh in-fhorfheidhmithe um fhilleadh agus, i gcás inarb ábhartha, cinneadh lena n-ordaítear aistriú, arna n-eisiúint chuig an náisiúnach tríú tír sin ag Ballstát eile (‘an Ballstát eisiúna’) de bhun Airteagal 5(1) agus 10(3), a aithint agus a fhorfheidhmiú. Bunófar an forfheidhmiú sin ar an bhfaisnéis atá ar fáil san Ordú Eorpach um Fhilleadh agus déanfar é i gcomhréir le rialacha náisiúnta agus na nósanna imeachta a leagtar amach in Airteagal 10.
2. Ní cheanglófar gur i bhfoirm nós imeachta riaracháin a bheidh aitheantas. Ní bheidh sé de cheangal ar na Ballstáit gníomhartha nó cinntí riaracháin a eisiúint chun críocha aitheantais.
3. I gcás nach ndéanfaidh Ballstát cinneadh um fhilleadh nó cinneadh lena n-ordaítear aistriú a aithint nó a fhorfheidhmiú de bhun mhír 1 , eiseoidh an Ballstát sin cinneadh um fhilleadh faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach in Airteagal 5 nó cinneadh lena n-ordaítear aistriú de bhun Airteagal 10(3).
4. I gcás ina ndéanann Ballstát cinneadh um fhilleadh nó cinneadh lena n-ordaítear aistriú a aithint nó a fhorfheidhmiú de bhun mhír 1, cuirfidh sé aistriú ar fionraí i gcás ina gcuirtear éifeachtaí an chinnidh um fhilleadh nó an chinnidh lena n-ordaítear aistriú sa Bhallstát eisiúna ar fionraí, agus féadfaidh sé cinneadh um fhilleadh a eisiúint faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach in Airteagal 5.
5. I gcás ina ndéanann an Ballstát eisiúna an cinneadh um fhilleadh a chur ar fionraí nó a tharraingt siar nó i gcás ina ndéanann údarás riaracháin, nó cúirt nó binse, an cinneadh um fhilleadh a neamhniú, eiseoidh an Ballstát forfheidhmiúcháin cinneadh um fhilleadh faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach in Airteagal 5.
6. Déanfaidh an Ballstát eisiúna na sonraí agus na doiciméid uile atá ar fáil is gá chun críche filleadh nó aistrithe a sholáthar don Bhallstát forfheidhmiúcháin, arna iarraidh sin dó, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1860 .
7. Beidh cur i bhfeidhm an Airteagail seo gan dochar d’úsáid na n-eisceachtaí a leagtar amach in Airteagal 6.
8. Tosóidh na Ballstáit, faoi dháta glactha an ghnímh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 5(13), ar réamhbhearta a chur i bhfeidhm trína bhféadfaí cinntí um fhilleadh nó cinntí lena n-ordaítear aistriú arna n-eisiúint ag Ballstát eile a aithint, lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, socruithe dlíthiúla agus teicniúla ina gcórais náisiúnta, athruithe ar chórais náisiúnta TF, oiliúint ábhartha, agus gníomhaíochtaí treoirthionscadail.
9. Faoin 17 Deireadh Fómhair 2029, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar chur chun feidhme an aitheantais fhrithpháirtigh faoi mhír 1 den Airteagal seo, go háirithe maidir leis an méid seo a leanas:
|
(a) |
an bhfuil na socruithe dlíthiúla agus teicniúla dá dtagraítear in Airteagal 5(15) chun an tOrdú Eorpach um Fhilleadh a chur ar fáil trí Chóras Faisnéise Schengen curtha i bhfeidhm ag na Ballstáit agus an bhfuil siad éifeachtach; |
|
(b) |
an bhfuil na socruithe dlíthiúla agus teicniúla curtha i bhfeidhm ag na Ballstáit chun a áirithiú gur féidir an tOrdú Eorpach um Fhilleadh dá dtagraítear in Airteagal 5(16) a láimhseáil go huathoibríoch); |
|
(c) |
a éifeachtaí atá sé na cinntí um fhilleadh agus na cinntí lena n-ordaítear aistriú a aithint agus a fhorfheidhmiú; |
|
(d) |
an t-ualach a chuirtear ar chórais náisiúnta bhreithiúnacha agus riaracháin mar thoradh air sin; agus |
|
(e) |
torthaí na hoiliúna ábhartha agus na ngníomhaíochtaí treoirthionscadail. |
10. Bunaithe ar an measúnú dá dtagraítear i mír 9, tíolacfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, tograí reachtacha, lena n-áirítear aon leasuithe spriocdhírithe chun filleadh éifeachtach a áirithiú, d’fhonn aitheantas agus forfheidhmiú éigeantach a thabhairt isteach i gcás cinntí in-fhorfheidhmithe um fhilleadh agus cinntí lena n-ordaítear aistriú arna n-eisiúint ag Ballstát eile. I gcás nach dtíolacfaidh an Coimisiún togra, míneoidh sé na cúiseanna nach ndearna sé amhlaidh.
ROINN 2
TOIRMEASC AR DHUL ISTEACH
Airteagal 8
Toirmeasc ar dhul isteach a eisiúint
1. Beidh toirmeasc ar dhul isteach ag gabháil le cinntí um fhilleadh sna cásanna seo a leanas:
|
(a) |
nuair atá an náisiúnach tríú tír faoi réir aistriú i gcomhréir le hAirteagal 10; |
|
(b) |
nuair nár comhlíonadh an oibleagáid críoch na mBallstát a fhágáil laistigh de na teorainneacha ama a socraíodh i gcomhréir le hAirteagal 5; nó |
|
(c) |
nuair atá riosca slándála ag baint leis an náisiúnach tríú tír de réir bhrí Airteagal 13. |
2. I gcásanna seachas na cásanna sin a liostaítear i mír 1, féadfaidh na húdaráis inniúla toirmeasc ar dhul isteach a chur le cinneadh um fhilleadh nó le cinneadh lena n-ordaítear aistriú, agus na himthosca ábhartha á gcur san áireamh, go háirithe leibhéal comhair an náisiúnaigh tríú tír.
3. Eiseofar an toirmeasc ar dhul isteach mar chuid den chinneadh um fhilleadh nó mar chuid den chinneadh lena n-ordaítear aistriú nó eiseofar i scríbhinn ar leithligh é. Tabharfar fógra faoin toirmeasc ar dhul isteach don náisiúnach tríú tír i dteanga a thuigeann sé nó sí nó i dteanga ar féidir glacadh leis le réasún go dtuigeann sé nó sí í. Chun na críche sin, féadfaidh na húdaráis inniúla, i gcás inarb iomchuí, úsáid a bhaint as teimpléid chaighdeánaithe aistriúcháin nó as uirlisí aistriúcháin meaisínchuidithe nó meaisínghinte.
4. Féadfaidh na húdaráis inniúla toirmeasc ar dhul isteach a fhorchur gan cinneadh um fhilleadh a eisiúint do náisiúnach tríú tír a bhí ag fanacht go neamhdhleathach ar chríoch na mBallstát agus a dtugtar fanacht neamhdhleathach an náisiúnaigh sin faoi deara le linn seiceálacha teorann arna ndéanamh ar imeacht dó i gcomhréir le hAirteagal 8 de Rialachán (AE) 2016/399, nó, i gcás na mBallstát nach bhfuil faoi cheangal ag an Rialachán sin, seiceálacha coibhéiseacha i gcomhréir leis an dlí náisiúnta. Sna cásanna sin, féadfar an toirmeasc ar dhul isteach a fhorchur agus fógra a thabhairt faoi tar éis don náisiúnach tríú tír imeacht ó chríoch na mBallstát agus á sheachaint a mhéid is féidir imeacht an náisiúnaigh tríú tír lena mbaineann a chur siar.
5. I gcás ina n-imíonn náisiúnach tríú tír a bhí ag fanacht go neamhdhleathach ó chríoch na mBallstát sula n-eiseofar cinneadh um fhilleadh, féadfaidh na húdaráis inniúla toirmeasc ar dhul isteach a fhorchur gan cinneadh um fhilleadh a eisiúint.
6. I gcás ina dtiocfaidh forais chun cinn ar a bhféadfaí toirmeasc ar dhul isteach a eisiúint tar éis cinneadh um fhilleadh a bheith eisithe, féadfaidh na húdaráis inniúla toirmeasc ar dhul isteach a fhorchur gan cinneadh nua um fhilleadh a eisiúint.
7. Féadfaidh na húdaráis inniúla staonadh ó thoirmeasc ar dhul isteach a eisiúint i gcásanna aonair ar chúiseanna daonnúla, más íospartach gáinneála ar dhaoine é an náisiúnach tríú tír, nó má chomhoibríonn an náisiúnach tríú tír go cuí leis na húdaráis inniúla, lena n-áirítear trí chlárú i gclár um fhilleadh agus ath-imeascadh.
8. Cinnfear fad an toirmisc ar dhul isteach agus aird chuí á tabhairt ar imthosca ábhartha uile an cháis aonair ar feadh 10 mbliana ar a mhéad. Gan dochar d’Airteagal 13(5), pointe (a), féadfar toirmeasc ar dhul isteach a eisiúint ar feadh 20 bliain ar a mhéad ar chúiseanna cuí-réasúnaithe aon uair a mheastar gur gá sin chun cosc a chur ar an náisiúnach tríú tír dul isteach ar chríoch na mBallstát.
9. Tosóidh tréimhse an toirmisc ar dhul isteach ón dáta a fhágfaidh an náisiúnach tríú tír críoch na mBallstát.
Airteagal 9
Toirmeasc ar dhul isteach a tharraingt siar, a chur ar fionraí nó a fhad a ghiorrú
1. Féadfaidh údarás inniúil an Bhallstáit eisiúna toirmeasc ar dhul isteach a tharraingt siar, a chur ar fionraí nó a fhad a ghiorrú i gcás ina léiríonn an náisiúnach tríú tír go bhfuil sé nó sí tar éis filleadh go deonach, gan dochar do mhíreanna 2 agus 3.
2. Féadfaidh údarás inniúil an Bhallstáit eisiúna, i gcás ina measann sé é a bheith iomchuí, toirmeasc ar dhul isteach a tharraingt siar, a chur ar fionraí nó a fhad a ghiorrú i gcásanna aonair a bhfuil údar leo, lena n-áirítear ar chúiseanna daonnúla, agus na himthosca ábhartha uile á gcur san áireamh, gan dochar do mhír 3.
3. Féadfaidh an náisiúnach tríú tír iarraidh a bhfuil údar cuí léi a chur isteach maidir le toirmeasc ar dhul isteach a tharraingt siar, a chur ar fionraí nó a fhad a ghiorrú, ar choinníoll gur imigh an náisiúnach tríú tír ó chríoch na mBallstát, gan dochar do mhír 4.
4. Náisiúnach tríú tír, ar eisíodh toirmeasc ar dhul isteach is faide ná 10 mbliana ina leith i gcomhréir le hAirteagal 8(8) nó Airteagal 13(5), pointe (a), féadfaidh an duine sin, 10 mbliana tar éis dó nó di imeacht ó chríoch na mBallstát, a iarraidh ar an mBallstát eisiúna a athbhreithniú an bhfuil an toirmeasc ar dhul isteach le tarraingt siar, le cur ar fionraí nó le giorrú, agus aird chuí á tabhairt ar na himthosca ábhartha ar fad, lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, an bhfuil riosca slándála fós ag baint leis an náisiúnach tríú tír de réir bhrí Airteagal 13, agus an bhfuil gá leis an toirmeasc ar dhul isteach fós chun cosc a chur ar an náisiúnach tríú tír sin dul isteach ar chríoch na mBallstát. Beidh údar cuí leis an iarraidh ar athbhreithniú.
5. Féadfaidh na Ballstáit a chur de choinníoll ar tharraingt siar toirmisc ar dhul isteach go ndéanfar na costais a bhaineann le haistriú an náisiúnaigh tríú tír a aisíoc.
ROINN 3
FILLEADH A FHORFHEIDHMIÚ
Airteagal 10
Aistriú
1. Déanfaidh na Ballstáit na bearta uile is gá chun an náisiúnach tríú tír a aistriú faoi réir cinneadh um fhilleadh nó cinneadh lena n-ordaítear aistriú sna cásanna a leanas:
|
(a) |
i gcás nár chomhlíon an náisiúnach tríú tír an oibleagáid maidir le críoch na mBallstát a fhágáil i gcomhréir le hAirteagal 5; |
|
(a) |
i gcás nach gcomhoibríonn an náisiúnach tríú tír leis na húdaráis inniúla; |
|
(c) |
i gcás ina dtagann an náisiúnach tríú tír faoi raon feidhme Airteagal 13; |
|
(d) |
i gcás ina mbogann an náisiúnach tríú tír go Ballstát eile gan údarú, lena n-áirítear le linn na tréimhse a shocraítear i gcomhréir le hAirteagal 5; |
|
(e) |
i gcás ina measann na húdaráis inniúla gur gá aistriú agus go bhfuil sé comhréireach, amhail dá bhforáiltear sa dlí náisiúnta, ar chúiseanna seachas na cinn sin a liostaítear i bpointí (a) go (d). |
2. Ní chuirfear cosc leis an Rialachán seo ar na Ballstáit filleadh deonach náisiúnaigh tríú tír atá faoi réir aistriú ar shlí eile de bhun mhír 1 a cheadú nó a éascú, go háirithe i gcás ina meastar go mbeidh filleadh níos tapúla agus níos éifeachtaí mar thoradh air.
3. Féadfaidh údaráis inniúla cinneadh lena n-ordaítear aistriú a eisiúint d’aon náisiúnach tríú tír atá faoi réir filleadh. I gcás ina n-eiseofar cinneadh lena n-ordaítear aistriú, is i scríbhinn a eiseofar é agus féadfaidh sé a bheith ag gabháil leis an gcinneadh um fhilleadh nó féadfar é a eisiúint mar ghníomh nó cinneadh riaracháin nó breithiúnach ar leithligh nó mar chuid de chinneadh riaracháin nó breithiúnach eile.
4. I gcás nár cinneadh tír a mbeifear ag filleadh uirthi go fóill nó i gcás nach ionann í agus an tír a mbeifear ag filleadh uirthi a cinneadh roimhe sin, cinnfidh an t-údarás inniúil tír amháin nó níos mó a mbeifear ag filleadh uirthi nó orthu sa chinneadh um fhilleadh nó i gcinneadh lena n-ordaítear an t-aistriú sula ndéantar an t-aistriú.
5. I gcás ina n-eisítear cinneadh lena n-ordaítear aistriú, tabharfar cúiseanna fíorais agus dlí. Cuirfear an náisiúnach tríú tír ar an eolas faoi na leigheasanna dlí atá ar fáil agus faoi na teorainneacha ama chun na leigheasanna sin a lorg. Tabharfar fógra faoin gcinneadh lena n-ordaítear aistriú don náisiúnach tríú tír a luaithe is féidir i gcomhréir le dlí náisiúnta an Bhallstáit eisiúna.
6. I gcás ina n-eisítear cinneadh lena n-ordaítear aistriú, soláthrófar don náisiúnach tríú tír, arna iarraidh sin dó, aistriúchán i scríbhinn nó ó bhéal ar phríomhghnéithe an chinnidh sin, lena n-áirítear faisnéis maidir le leigheasanna dlí atá ar fáil, i dteanga a thuigeann an náisiúnach tríú tír nó a nglactar leis go réasúnach go dtuigeann sé í. Chun na críche sin, féadfaidh na húdaráis inniúla, i gcás inarb iomchuí, úsáid a bhaint as teimpléid chaighdeánaithe aistriúcháin nó as uirlisí aistriúcháin meaisínchuidithe nó meaisínghinte.
7. I gcás ina léiríonn an náisiúnach tríú tír go sáródh an t-aistriú prionsabal an non-refoulement, nó ina dtuigtear d’údaráis an Bhallstáit gur ann do thásca ábhartha go sáródh an t-aistriú an prionsabal sin, cuirfidh na húdaráis inniúla an náisiúnach tríú tír faoi réir an nós imeachta iomchuí, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, an nós imeachta tearmainn i gcomhréir le Rialachán (AE) 2024/1348, nó, i gcás na mBallstát nach bhfuil faoi cheangal ag an Rialachán sin, i gcomhréir le forálacha coibhéiseacha i gcás inar thug siad forálacha den sórt sin isteach sa dlí náisiúnta, nó déanfaidh siad measúnú i gcomhréir leis an dlí náisiúnta i dtaobh an bhfuil an t-aistriú i gcomhréir le prionsabal an non-refoulement . Déanfaidh an náisiúnach tríú tír lena mbaineann aon fhaisnéis ábhartha a bhaineann lena chúinsí nó lena cúinsí pearsanta féin a chur in iúl a luaithe is féidir chun bunús a thabhairt lena mhaíomh nó lena maíomh go sáródh aistriú prionsabal an non-refoulement. Féadfaidh na húdaráis inniúla brath ar aon mheasúnú a rinneadh roimhe sin ar an riosca refoulement a bhaineann leis an náisiúnach tríú tír sin, nó an measúnú sin a chur san áireamh. Ní dhéanfar aon mheasúnú breise go bhfuil riosca refoulement ann ach amháin má tá bunús tugtha le faisnéis ábhartha.
8. Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh go bhféadfaidh údarás seachas an t-údarás inniúil a bhfuil an cinneadh um fhilleadh á eisiúint nó á fhorfheidhmiú aige measúnú a dhéanamh ar phrionsabal an non-refoulement.
9. Maidir le bearta comhéigneacha a dhéanfar chun a áirithiú go ndéanfar aistriú, beidh siad riachtanach agus comhréireach agus ní rachaidh siad, in aon chás, thar thairseach an fhornirt réasúnaigh. Cuirfear chun feidhme iad i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus cearta bunúsacha á n-urramú agus urraim chuí á tabhairt do dhínit agus d’iomláine choirp an náisiúnaigh tríú tír lena mbaineann.
10. Agus aeraistrithe á ndéanamh, cuirfidh na Ballstáit i gcuntas na treoirlínte comhchoiteanna maidir le forálacha slándála le haghaidh aeraistrithe comhpháirteacha a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2004/573/CE ón gComhairle (28).
Airteagal 11
Coinníollacha maidir le haistriú a chur siar
1. Cuirfear aistriú de bhun Airteagal 10 siar sna himthosca seo a leanas:
|
(a) |
i gcás ina sáródh sé prionsabal an non-refoulement; nó |
|
(b) |
nuair atá agus fad a bheidh fionraí an chinnidh um fhilleadh i gcomhréir le hAirteagal 28 i bhfeidhm. |
2. Féadfar aistriú de bhun Airteagal 10 a chur siar , agus imthosca sonracha an cháis aonair á gcur san áireamh. I gcás ina bhfuil riosca éalaithe ann, féadfar bearta breise a chur i bhfeidhm de bhun mhír 7 den Airteagal seo.
3. Má iarrann an náisiúnach tríú tír go gcuirfear aistriú siar, beidh bunús cuí leis an iarraidh.
4. Tabharfaidh na Ballstáit dearbhú i scríbhinn don náisiúnach tríú tír lena mbaineann maidir leis an gcur siar i gcomhréir le mír 1 nó 2 agus maidir lena chearta nó lena cearta le linn an chur siar. Féadfar aistriúchán ar an dearbhú a chur in iúl ó bhéal don náisiúnach tríú tír i dteanga a thuigeann sé nó sí nó i dteanga a nglactar leis go réasúnach go dtuigeann sé nó sí í, lena n-áirítear trí úsáid a bhaint as seirbhísí ateangaireachta.
5. Déanfar athbhreithniú ar chur siar an aistrithe i gcás athrú ar chúinsí ábhartha.
6. Cuirfear an méid seo a leanas san áireamh maidir le cás an náisiúnaigh tríú tír, lena n-áirítear ar chomhlíon an náisiúnach tríú tír na hoibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo, le linn tréimhsí ina gcuirtear an t-aistriú siar:
|
(a) |
bunriachtanais; |
|
(b) |
aontacht an teaghlaigh le baill teaghlaigh atá i láthair ar chríoch an Bhallstáit; |
|
(c) |
cúram sláinte éigeandála agus cóireáil riachtanach breoiteachta; |
|
(d) |
rochtain mionaoiseach ar an gcóras oideachais bhunúsaigh faoi réir fhad a bhfanachta; |
|
(e) |
riachtanais speisialta daoine leochaileacha. |
7. Má chuirtear an t-aistriú siar, féadfar na bearta a leagtar amach in Airteagail 18, 23 agus 29 a chur i bhfeidhm nuair a chomhlíonfar na coinníollacha.
Airteagal 12
Faireachán ar aistriú
Déanfaidh na Ballstáit foráil do chóras faireacháin neamhspleách ar aistriú. Féadfaidh na Ballstáit brath ar shásraí faireacháin atá ann cheana amhail struchtúir agus saineolas arna mbunú de bhun Rialachán (AE) 2024/1356 de réir mar is ábhartha chun críoch an Airteagail seo.
Airteagal 13
Náisiúnaigh tríú tír a bhfuil rioscaí slándála ag baint leo a fhilleadh
1. Beidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le náisiúnaigh tríú tír sna cásanna seo a leanas:
|
(a) |
inar bagairt iad ar an mbeartas poiblí, ar an tslándáil phoiblí nó ar an tslándáil náisiúnta, lena n-áirítear i gcás ina bhfuil siad faoi réir foláirimh de bhun Airteagal 24(1), pointe (a), de Rialachán (AE) 2018/1861 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (29); |
|
(b) |
ina bhfuil tásca réasúnta ann lena chreidiúint go bhfuil cion coiriúil tromchúiseach dá dtagraítear in Airteagal 2(2) de Chinneadh Réime 2002/584/CGB ón gComhairle (30) déanta acu nó go bhfuil cion déanta acu ar cion é lena ngabhann pionós lena mbaineann cailleadh saoirse ar feadh 2 bhliain ar a laghad faoin dlí náisiúnta nó go bhfuil iliomad cionta déanta acu ar cionta iad lena ngabhann pionós lena mbaineann cailleadh saoirse ar feadh bliain amháin ar a laghad faoin dlí náisiúnta; |
|
(c) |
ina bhfuil tásca réasúnta ann go bhfuil siad páirteach in aon cheann de na cionta dá dtagraítear i dTreoir (AE) 2017/541 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (31); |
|
(d) |
ina bhfuil tásca réasúnta ann go bhfuiltear ar intinn acu cion a dhéanamh de bhun phointí (b) agus (c) den mhír seo ar chríoch Bhallstáit; |
|
(e) |
ina bhfuil tásca réasúnta ann go bhfuil aon bhagairt slándála eile ag baint leo mar a shainaithnítear faoin dlí náisiúnta í. |
2. Beidh feidhm ag mír 1, pointí (b), (c) agus (d), freisin maidir le náisiúnaigh tríú tír i gcás ina bhfuil tásca réasúnta ann gur ghríosaigh siad na coireanna nó na gníomhartha dá dtagraítear sna pointí sin a dhéanamh, nó go raibh siad páirteach ar shlí eile iontu.
3. Náisiúnaigh tríú tír a thagann faoi raon feidhme an Airteagail seo, beidh siad faoi réir a n-aistrithe i gcomhréir le hAirteagal 10.
4. Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go ndéileálfar le cinntí um fhilleadh a bhaineann le náisiúnaigh tríú tír a thagann faoi raon feidhme an Airteagail seo agus go ndéanfar iad a fhorghníomhú mar ábhar tosaíochta.
5. De mhaolú ar fhorálacha ábhartha an Rialacháin seo, féadfaidh náisiúnaigh tríú tír a thagann faoi raon feidhme an Airteagail seo a bheith faoi réir an méid seo a leanas:
|
(a) |
toirmeasc ar dhul isteach arna eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 8 is faide ná an uastréimhse dá bhforáiltear in Airteagal 8 (8) nó toirmeasc ar dhul isteach ar feadh tréimhse éiginnte i gcás ina bhfuil údar leis agus ina bhfuil sé comhréireach leis an riosca slándála a bhaineann leis an náisiúnach tríú tír; i gcásanna den sórt sin, beidh feidhm ag Airteagal 9(4); |
|
(b) |
coinneáil i gcomhréir le hAirteagal 29(3), pointe (c); |
|
(c) |
coinneáil i bpríosúin agus, a mhéid is féidir, iad a choimeád scartha ó ghnáthphríosúnaigh; |
|
(d) |
coinneáil ar feadh tréimhsí breise is faide ná an uastréimhse dá dtagraítear in Airteagal 32(3) agus a chinneann cúirt nó binse agus imthosca an cháis aonair á gcur san áireamh, agus atá faoi réir athbhreithniú arna dhéanamh ag cúirt nó ag binse gach 3 mhí ar a laghad. |
6. Nuair nach féidir aghaidh a thabhairt de bhun an Airteagail seo ar an mbagairt ar an mbeartas poiblí, ar an tslándáil phoiblí nó ar an tslándáil náisiúnta arb iad náisiúnaigh tríú tír dá dtagraítear i mír 1, pointe (a), is cúis léi, féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le bearta eile faoin dlí náisiúnta. Áiritheoidh na Ballstáit, nuair a dhéantar an cinneadh ábhartha, go mbeidh an beart riachtanach agus comhréireach ag féachaint do dhéine na bagartha sin, nó don chontúirt a bhaineann leis an duine lena mbaineann.
7. Féadfaidh na Ballstáit brath ar mheasúnú críochnúil slándála ar na himthosca ábhartha uile, ar measúnú é atá ann cheana féin, arna dhéanamh ag na húdaráis inniúla ag na céimeanna roimhe sin, lena n-áirítear i gcomhthéacs nósanna imeachta tearmainn, víosaí agus rialaithe teorann, lena n-áirítear scagadh.
Airteagal 14
Filleadh ar thríú tír lena bhfuil comhaontú nó socrú ann
1. Maidir le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a fhilleadh go tír a mbeifear ag filleadh uirthi dá dtagraítear in Airteagal 3, pointe (3)(g), ceanglaítear comhaontú nó socrú a thabhairt i gcrích leis an tríú tír sin. Ní fhéadfar an comhaontú nó an socrú sin a thabhairt i gcrích le tríú tír ach amháin i gcás ina n-urramaítear caighdeáin agus prionsabail idirnáisiúnta maidir le cearta an duine i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta, lena n-áirítear prionsabal an non-refoulement.
2. Leagfar amach an méid seo a leanas i gcomhaontú nó i socrú a thugtar i gcrích de bhun mhír 1:
|
(a) |
na nósanna imeachta is infheidhme maidir le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a fhilleadh ó na Ballstáit chuig an tír a mbeifear ag filleadh uirthi dá dtagraítear in Airteagal 3, pointe (3)(g); |
|
(b) |
na coinníollacha i gcás fhanacht an náisiúnaigh tríú tír sa tír a mbeifear ag filleadh uirthi dá dtagraítear in Airteagal 3, pointe (3)(g), lena n-áirítear oibleagáidí agus freagrachtaí faoi seach na bpáirtithe sa chomhaontú sin nó sa socrú sin; |
|
(c) |
oibleagáidí an tríú tír dá dtagraítear sa dara habairt de mhír 1; |
|
(d) |
na hiarmhairtí a bhaineann le sáruithe ar an gcomhaontú sin nó ar an socrú sin nó a bhaineann le hathrú mór lena n-imrítear drochthionchar ar an staid sa tír a mbeifear ag filleadh uirthi dá dtagraítear in Airteagal 3, pointe (3)(g). |
3. I gcás ina ndéantar foráil i gcomhaontú nó i socrú a thugtar i gcrích de bhun mhír 1 den Airteagal seo maidir leis an bhfilleadh ar aghaidh chun tír a mbeifear ag filleadh uirthi dá dtagraítear in Airteagal 3, pointí (3)(a) go (d), leagfar amach sa chomhaontú sin nó sa socrú sin, de bhreis ar mhír 2 den Airteagal seo, an méid a leanas:
|
(a) |
na hiarmhairtí i gcás nach bhfuil filleadh ar aghaidh indéanta; |
|
(b) |
oibleagáidí agus freagrachtaí faoi seach na bpáirtithe sa chomhaontú sin nó sa socrú sin; |
|
(c) |
na hiarmhairtí a bhaineann le hathrú suntasach lena n-imrítear drochthionchar ar an staid sa tír a mbeifear ag filleadh uirthi dá dtagraítear in Airteagal 3, pointe (3)(g); |
|
(d) |
comhlacht nó sásra neamhspleách chun faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm éifeachtach an chomhaontaithe nó an tsocraithe; |
Féadfar na coinníollacha maidir le coinneáil sa tír a mbeifear ag filleadh uirthi dá dtagraítear in Airteagal 3, pointe (3)(g), a áireamh i gcomhaontú nó i socrú de bhun na chéad fhomhíre den mhír seo.
4. Cuirfidh na Ballstáit, ag tráth iomchuí, na Ballstáit ábhartha ar an eolas, faoi chaibidlíocht maidir le comhaontú nó socrú dá dtagraítear sa chéad mhír le tríú tír a bhfuil teorainn choiteann aici leis na Ballstáit sin. Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas faoi aon chomhaontú nó socrú déthaobhach nó iltaobhach a thugtar i gcrích i gcomhréir le mír 1 sula dtiocfaidh siad i bhfeidhm, nó, má tá comhaontú nó socrú le cur i bhfeidhm go sealadach, sula gcuirfear tús lena chur i bhfeidhm sealadach. Cuirfear an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas freisin faoi aon athruithe a dhéanfar ina dhiaidh sin ar na comhaontuithe nó ar na socruithe sin nó faoi fhoirceannadh na gcomhaontuithe nó na socruithe sin.
5. Ní dhéanfar mionaoisigh neamhthionlactha a fhilleadh chuig tír a mbeifear ag filleadh uirthi dá dtagraítear in Airteagal 3, pointe (3)(g), de bhun comhaontú nó socrú dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.
ROINN 4
MIONAOISIGH A FHILLEADH
Airteagal 15
Leas an linbh
Tabharfar tús áite do leas an linbh agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm.
Airteagal 16
Measúnú ar aois mionaoiseach
1. Más rud é, mar thoradh ar ráitis ón náisiúnach tríú tír, ar an bhfianaise dhoiciméadach atá ar fáil nó ar thásca ábhartha eile, go bhfuil amhras ann an mionaoiseach é náisiúnach tríú tír nó nach ea, féadfaidh an t-údarás inniúil measúnú aoise a dhéanamh i gcomhréir le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta. Chun críche measúnaithe aoise den sórt sin, féadfaidh an t-údarás inniúil aird a thabhairt ar an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 25 de Rialachán (AE) 2024/1348a úsáid.
2. Féadfaidh an t-údarás inniúil dul i muinín measúnú aoise a rinneadh cheana ag céim is luaithe sa nós imeachta um fhilleadh nó i nósanna imeachta ábhartha eile.
3. Féadfaidh Ballstát torthaí measúnaithe aoise arna ndéanamh ag Ballstát eile a aithint i gcás ina ndearnadh an measúnú aoise sin i gcomhréir le dlí an Aontais.
4. Ní chuirfidh diúltú dul faoi mheasúnú aoise, lena n-áirítear an scrúdú liachta, cosc ar an údarás inniúil leanúint den nós imeachta um fhilleadh. Ní fhéadfar diúltú den sórt sin a mheas mar thoimhde infhrisnéise nach mionaoiseach é nó í an náisiúnach tríú tír.
Airteagal 17
Mionaoisigh neamhthionlactha a fhilleadh
1. Soláthrófar cúnamh ó chomhlachtaí iomchuí seachas údaráis a fhorfheidhmíonn an filleadh i gcomhréir le leas an linbh.
2. Ionadaí nó duine atá ainmnithe chun leas an linbh a choimirciú, ceapfar é chun ionadaíocht a dhéanamh, cúnamh a thabhairt agus gníomhú, de réir mar is infheidhme, thar ceann mionaoiseach neamhthionlactha sa phróiseas um fhilleadh. Áiritheofar go mbeidh oiliúint iomchuí ar an ionadaí arna cheapadh nó arna ceapadh i dtaobh cumarsáid atá oiriúnach do leanaí agus dá n-aois agus gur féidir leis nó léi cumarsáid a dhéanamh, lena n-áirítear trí úsáid a bhaint as seirbhísí ateangaireachta, i dteanga a thuigeann an mionaoiseach nó ar féidir glacadh leis go réasúnach go dtuigeann an mionaoiseach í. D'fhéadfadh gurb é nó í an duine sin an té a ainmnítear chun gníomhú mar ionadaí faoi Threoir (AE) 2024/1346 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (32) i gcás inar ainmníodh an duine i gcomhréir le hAirteagal 27 den Treoir sin.
3. Tabharfar éisteacht don mhionaoiseach neamhthionlactha, go díreach nó tríd an ionadaí nó tríd an duine oilte dá dtagraítear i mír 2, lena n-áirítear i gcomhthéacs leas an linbh a chinneadh. Ar a dhéanaí, sula ndéanfar mionaoiseach neamhthionlactha a aistriú ó chríoch Ballstáit, beidh údaráis an Bhallstáit sin sásta go ndéanfar an mionaoiseach sin a fhilleadh chuig ball teaghlaigh de chuid an mhionaoisigh sin, chuig caomhnóir ainmnithe nó chuig saoráidí glactha leordhóthanacha sa tír a mbeifear ag filleadh uirthi.
CAIBIDIL III
OIBLEAGÁILDÍ AN NÁISIÚNAIGH TRÍÚ TÍR
Airteagal 18
Oibleagáid maidir le comhoibriú
1. Cloífidh náisiúnaigh tríú tír leis an oibleagáid críoch na mBallstát a fhágáil agus beidh sé d’oibleagáid orthu comhoibriú le húdaráis inniúla na mBallstát ag gach céim den nós imeachta um fhilleadh.
2. Soláthróidh náisiúnaigh tríú tír faisnéis do na húdaráis inniúla maidir le haon athruithe ar a staid aonair atá ábhartha chun críche an Rialacháin seo, gan moill mhíchuí.
3. Gan dochar don oibleagáid críoch na mBallstát a fhágáil, déanfaidh náisiúnaigh tríú tír an méid a leanas:
|
(a) |
leanfaidh siad de bheith ar fáil do na húdaráis inniúla ar chríoch an Bhallstáit atá inniúil maidir leis an nós imeachta um fhilleadh a bhfuil na náisiúnaigh tríú tír faoina réir, ní éalóidh siad, lena n-áirítear chuig Ballstát eile, agus cuirfidh siad iad féin i láthair le haghaidh imeacht an iompair um fhilleadh de réir mar a chinnfidh an t-údarás inniúil; |
|
(b) |
ní chuirfidh siad bac ar an bhfilleadh go fisiciúil nó ó bhéal; |
|
(c) |
déanfaidh siad an fhaisnéis agus na doiciméid agus an doiciméadacht fhisiceach agus dhigiteach uile a sholáthar gan moill mhíchuí, lena n-áirítear cóipeanna agus taifid leictreonacha díobh, atá ábhartha chun céannacht nó náisiúntacht a shuí nó a fhíorú nó atá ábhartha ar bhealach eile laistigh den nós imeachta um fhilleadh agus atá ina seilbh acu nó a nglactar leis go réasúnach go bhfuil siad in ann iad a fháil, go háirithe trí dhoiciméad aitheantais nó taistil a sholáthar do na húdaráis inniúla nó trí chomhoibriú chun doiciméad aitheantais nó taistil a fháil; |
|
(d) |
ní dhéanfaidh siad faisnéis, doiciméid ná doiciméadacht dá dtagraítear i bpointe (c) a scriosadh, a cheilt ná a chur de láimh ar shlí eile, ní úsáidfidh siad ailiasanna le hintinn chalaoiseach, ní sholáthróidh siad faisnéis bhréagach eile ó bhéal nó i scríbhinn, ní chuirfidh siad na húdaráis ar míthreoir ná ní chuirfidh siad i gcoinne an nós imeachta um fhilleadh go calaoiseach ar bhealach eile; |
|
(e) |
tabharfaidh siad míniú i gcás nach bhfuil doiciméad aitheantais ná doiciméad taistil ina seilbh acu; |
|
(f) |
soláthróidh siad faisnéis faoi na tríú tíortha a ndearna siad idirthuras tríothu, faoi na slite taistil a úsáideadh, nó faoi thríú tíortha eile a bhféadfadh siad nasc a bheith acu leo, ar tíortha iad a d’fhéadfadh filleadh a éascú; |
|
(g) |
soláthróidh siad sonraí bithmhéadracha mar a shainmhínítear i ndlí an Aontais agus sa dlí náisiúnta, lena n-áirítear in Airteagal 2(1), pointe (s), de Rialachán (AE) 2024/1358 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (33); |
|
(h) |
cloífidh siad le ceanglais taistil na n-iompróirí agus le ceanglais na n-údarás tríú tír maidir le dul isteach, lena n-áirítear ceanglais sláinte, nuair a fhorchuirtear na ceanglais sin go ginearálta ar thaistealaithe idirnáisiúnta; |
|
(i) |
soláthróidh siad sonraí teagmhála beachta, nuair a iarrfaidh na húdaráis inniúla air sin, lena n-áirítear an áit chónaithe reatha, seoladh, uimhir theileafóin trínar féidir teacht orthu agus, i gcás ina mbeidh fáil air, seoladh ríomhphoist; |
|
(j) |
soláthróidh siad faisnéis, gan moill mhíchuí, maidir le haon athruithe ar na sonraí teagmhála dá dtagraítear i bpointe (i); |
|
(k) |
cloífidh siad le haon bheart a fhorchuirtear faoi Airteagal 20, (1), agus faoi Airteagal 23(1), le linn an nós imeachta um fhilleadh; |
|
(l) |
soláthróidh siad an fhaisnéis agus na ráitis uile is gá i gcomhthéacs iarrataí arna dtaisceadh le húdaráis inniúla tríú tíortha ábhartha chun doiciméid taistil a fháil agus comhoibreoidh siad leis na húdaráis sin i dtríú tíortha, de réir mar is gá; |
|
(m) |
tiocfaidh siad i láthair go pearsanta nó trí fhíschomhdháil, de réir mar a éileoidh na húdaráis inniúla, os comhair na n-údarás inniúil náisiúnta nó na n-údarás inniúil tríú tír ag an suíomh arna shonrú ag na húdaráis sin chun doiciméid taistil a fháil agus chun a gcéannacht nó a náisiúntacht a shuí; |
|
(n) |
i gcás ina gceanglaíonn na húdaráis inniúla é, glacfaidh siad páirt i gcomhairleoireacht maidir le filleadh agus ath-imeascadh; |
|
(o) |
cloífidh siad le bearta breise ábhartha eile i ndáil le filleadh faoin dlí náisiúnta; |
Beidh na hoibleagáidí a fhorchuirtear ar an náisiúnach tríú tír faoin Airteagal seo gan dochar d’oibleagáidí agus bearta nach mbaineann le filleadh dá bhforáiltear faoin dlí náisiúnta.
4. Áireofar go háirithe san fhaisnéis, sna doiciméid agus sa doiciméadacht nó, i gcás nach bhfuil siad ar fáil, cóipeanna agus taifid leictreonacha díobh, dá dtagraítear i mír 3, pointe (c), ráitis na náisiúnach tríú tír agus aon doiciméadacht atá ina seilbh maidir leis an méid seo a leanas:
|
(a) |
a n-ainm, a ndáta breithe agus a n-áit bhreithe, inscne agus náisiúntacht nó náisiúntachtaí nó an fíoras go bhfuil siad gan stát; |
|
(b) |
baill a dteaghlaigh agus sonraí pearsanta eile an náisiúnaigh tríú tír is ábhartha chun an nós imeachta um fhilleadh a chur i gcrích nó chun an tír a mbeifear ag filleadh uirthi a chinneadh; |
|
(c) |
cineál, uimhir, tréimhse bhailíochta agus tír eisiúna aon doiciméid aitheantais nó taistil de chuid na náisiúnach tríú tír agus aon doiciméad eile a sholáthraíonn siad agus a mheasann an t-údarás inniúil a bheith ábhartha chun iad a shainaithint, chun an nós imeachta um fhilleadh a chur i gcrích agus chun an tír a mbeifear ag filleadh uirthi a chinneadh; |
|
(d) |
aon chead cónaithe nó údarú eile lena dtairgtear ceart fanachta do náisiúnaigh tríú tír arna eisiúint ag Ballstát eile nó ag tríú tír; |
|
(e) |
aon chinneadh um fhilleadh, aon chinneadh lena n-ordaítear aistriú, nó aon toirmeasc ar dhul isteach arna eisiúint ag Ballstát eile; |
|
(f) |
an tír nó na tíortha agus an áit nó na háiteanna a raibh cónaí orthu roimhe sin, bealaí taistil, tíortha a ndearnadh idirthuras orthu agus doiciméadacht taistil. |
5. I gcás ina gcinnfidh na húdaráis inniúla aon doiciméad is gá a choinneáil maidir le filleadh dá dtagraítear i mír 3, pointe (c), áiritheoidh siad go bhfaighidh an náisiúnach tríú tír gan moill mhíchuí fótachóipeanna nó cruthúnas iomchuí eile ar choinneáil na ndoiciméad. I gcás filleadh deonach , tabharfaidh na húdaráis inniúla na doiciméid sin ar ais don náisiúnach tríú tír tráth an imeachta nó ar theacht isteach sa tríú tír dó nó di.
6. Beifear in ann teagmháil a dhéanamh leis an náisiúnach tríú tír trí bhíthin cumarsáid mar a shainmhínítear sa dlí náisiúnta. Socróidh na Ballstáit sa dlí náisiúnta an modh cumarsáide agus an tráth a mheasfar an chumarsáid a bheith faighte ag an náisiúnach tríú tír agus fógartha dó, nó bainfidh siad úsáid as córais dhigiteacha ar fhorbair an Ballstát nó an tAontas iad nó ar thacaigh an Ballstát nó an tAontas leo chun críocha na cumarsáide sin.
Airteagal 19
Riosca éalaithe
1. Tá riosca éalaithe ann, i gcás aonair, mura gcruthaítear a mhalairt, i gcás ina gcomhlíontar ceann amháin nó níos mó de na critéir seo a leanas:
|
(a) |
chuaigh an náisiúnach tríú tír nó d’aistrigh sé nó sí gan údarú go críoch Ballstáit, lena n-áirítear tar éis idirthuras trí thríú tír, nó tar éis iarrachtaí é sin a dhéanamh; |
|
(b) |
tá an náisiúnach tríú tír faoi réir cinneadh um fhilleadh arna eisiúint ag Ballstát seachas an Ballstát a bhfuil sé nó sí ag fanacht go neamhdhleathach ar a chríoch faoi láthair, lena n-áirítear de réir mar a bhraitear trí na foláirimh a iontráiltear i gCóras Faisnéise Schengen de bhun Rialachán (AE) 2018/1860; |
|
(c) |
ní chloínn an náisiúnach tríú tír le ceann amháin nó níos mó de na bearta arna bhforchur i gcomhréir le hAirteagal 20(1), agus Airteagal 22(1), nó cuireann sé in iúl nó léiríonn sé go bhfuil sé ar intinn aige déanamh amhlaidh; |
|
(d) |
tá an náisiúnach tríú tír tar éis dul isteach arís i gcríoch na mBallstát de shárú ar thoirmeasc bailí ar dhul isteach. |
2. I gcásanna nach gcumhdaítear le mír 1, cinnfear an riosca éalaithe ar bhonn measúnú foriomlán ar imthosca an cháis aonair. Áireofar sa mheasúnú ceann amháin nó níos mó de na critéir seo a leanas maidir leis an náisiúnach tríú tír lena mbaineann atá ag fanacht go neamhdhleathach:
|
(a) |
easpa áit chónaithe, easpa áit chónaithe sheasta nó easpa seoladh iontaofa; |
|
(b) |
neamhchomhlíonadh na hoibleagáide críoch na mBallstát a fhágáil laistigh den tréimhse imeachta mar a leagtar amach i gcomhréir le hAirteagal 5(2), pointe (a); |
|
(c) |
i gcás ina bhfuil an náisiúnach tríú tír ar tí imeacht, tá cúiseanna ann lena chreidiúint go bhfuil sé beartaithe ag an náisiúnach tríú tír an oibleagáid maidir le comhoibriú, mar a leagtar amach in Airteagal 18(3), pointe (a), í, a shárú; |
|
(d) |
doiciméid chéannachta nó taistil, ceadanna cónaithe nó víosaí atá bréagach nó brionnaithe nó doiciméid lena dtugtar bonn cirt do choinníollacha dul isteach a úsáid, doiciméid den sórt sin a scriosadh nó a chur de láimh ar bhealach eile, ailiasanna a úsáid le hintinn chalaoiseach, faisnéis bhréagach eile a sholáthar ó bhéal nó i scríbhinn, nó cur i gcoinne an nós imeachta um fhilleadh nó um athligean isteach go calaoiseach ar bhealach eile; |
|
(e) |
gan freastal ar chomhairleoireacht maidir le filleadh agus ath-imeascadh, i gcás ina gceanglaíonn na húdaráis inniúla é sin a dhéanamh; |
|
(f) |
easpa ancaireacht shóisialta, go háirithe easpa naisc theaghlaigh, agus cóir mhaireachtála neamhleor; |
|
(g) |
neamhchomhlíonadh na n-oibleagáidí faoi Airteagal 18(3), pointí (a) go (d), (f), (h), (k), (l) agus (m), lena n-áirítear easpa comhair maidir le doiciméid taistil a fháil; |
|
(h) |
critéir eile seachas na cinn a leagtar amach i bpointí (a) go (g) i gcás ina bhforáiltear dóibh sa dlí náisiúnta. |
CAIBIDIL IV
BEARTA CHUN FILLEADH A CHUR CHUN CINN AGUS ROGHANNA MALARTACHA AR CHOINNeáil
Airteagal 20
Infhaighteacht don phróiseas um fhilleadh
1. Chun filleadh éifeachtach a ullmhú agus a áirithiú nó chun comhlíonadh na n-oibleagáidí maidir le himeacht agus comhoibriú a dhreasú tuilleadh, féadfaidh na Ballstáit ceann amháin nó níos mó de na bearta seo a leanas a fhorchur ar an náisiúnach tríú tír:
|
(a) |
oibleagáid fanacht laistigh de limistéar geografach laistigh de chríoch an Bhallstáit inar féidir leis nó léi gluaiseacht faoi shaoirse; |
|
(b) |
oibleagáid cónaí ag seoladh ar leith nó in áit ar leith arna ainmniú nó arna hainmniú ag na húdaráis inniúla; |
|
(c) |
oibleagáid tuairisciú do na húdaráis inniúla ag amanna sonraithe trí bheith i láthair go pearsanta nó trí mhodhanna eile arna sonrú sa dlí náisiúnta; |
|
(d) |
bearta eile seachas na cinn dá dtagraítear i bpointí (a) go (c) i gcás ina bhforáiltear dóibh sa dlí náisiúnta. |
2. Ní chuirfear aon bhearta dá dtagraítear i mír 1 i bhfeidhm ach amháin a mhéid atá siad ag teacht le riachtanais speisialta daoine leochaileacha agus le leas an linbh.
3. Féadfar na bearta dá dtagraítear i mír 1 a fhorchur freisin ar náisiúnaigh tríú tír nach féidir a aistriú, toisc nach bhfuil siad ag comhoibriú leis na húdaráis inniúla.
4. Arna iarraidh sin, féadfaidh údaráis inniúla cead a thabhairt don náisiúnach tríú tír gan cloí ar bhonn sealadach le beart amhail dá dtagraítear i mír 1.
5. Cuirfear an náisiúnach tríú tír ar an eolas faoi cé acu atá nó nach bhfuil an cead tugtha i gcomhréir le mír 4.
6. Ní cheanglófar ar an náisiúnach tríú tír cead a iarraidh de bhun mhír 4 chun freastal ar choinní leis na húdaráis agus leis na cúirteanna, i gcás ina sárófaí oibleagáidí mhír 1 murach sin, agus i gcás inar gá don náisiúnach tríú tír sin a bheith i láthair. Tabharfaidh an náisiúnach tríú tír fógra do na húdaráis inniúla faoi na coinní sin roimh ré.
7. Na cinntí a dhéanfar i gcomhréir le mír 1, pointí (b) agus (c), déanfar i scríbhinn iad, beidh siad comhréireach agus cuirfear san áireamh leo imthosca sonracha an náisiúnaigh tríú tír lena mbaineann.
8. Cuirfear an náisiúnach tríú tír ar an eolas faoi aon chinneadh maidir le bearta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a chur i bhfeidhm agus faoi iarmhairtí neamhchomhlíonadh an chinnidh sin, lena n-áirítear coinneáil faoi Airteagal 29.
Airteagal 21
Bearta imscrúdaitheacha
1. Gan dochar do bhearta imscrúdaitheacha arna ndéanamh ar chúiseanna eile nach mbaineann le filleadh i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, féadfaidh údaráis inniúla na mBallstát, i gcás inar gá, inar comhréireach agus ina bhfuil údar cuí leis chun filleadh éifeachtach a ullmhú nó a áirithiú, an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
(a) |
cuardach a dhéanamh ar an náisiúnach tríú tír agus, faoi réir ordú breithiúnach roimhe sin nó, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta ábhartha, ar ordú riaracháin i gcás inar gá, inar comhréireach agus ina bhfuil údar cuí leis mar gheall ar phráinn an chuardaigh sin, ar a áit chónaithe nó a háit chónaithe nó ar áitreabh ábhartha eile; |
|
(b) |
bearta riaracháin a dhéanamh chun a áirithiú go gcomhlíonfar an oibleagáid sonraí bithmhéadracha mar a leagtar síos sa dlí náisiúnta, lena n-áirítear méarloirg, a sholáthar, lena bhféadfaí a áireamh an fhéidearthacht modhanna comhéigin a úsáid mar rogha dheireanach i gcás nach soláthraíonn náisiúnach tríú tír sonraí bithmhéadracha mar a cheanglaítear faoi Airteagal 18(3), pointe (g); |
|
(c) |
giuirléidí pearsanta, gléasanna leictreonacha agus earraí ábhartha eile a chuardach agus a urghabháil; |
|
(d) |
bearta imscrúdaitheacha eile a fhorchur, i gcás ina bhforáiltear dó sin sa dlí náisiúnta. |
2. Féadfar aon bheart imscrúdaitheach faoi mhír 1, pointí (a), (b) agus (c), a dhéanamh gan toiliú an náisiúnaigh tríú tír lena mbaineann.
3. Le haon bhearta imscrúdaitheacha a fhorchuirtear i gcomhréir le mír 1, pointí (a), (b) agus (c), urramófar na cearta bunúsacha agus beidh na bearta sin faoi réir na gcoimircí agus na leigheasanna dá bhforáiltear i ndlí an Aontais agus sa dlí náisiúnta.
Airteagal 22
Iarmhairtí neamhchomhlíonadh na hoibleagáide maidir le comhoibriú
I gcás neamhchomhlíonadh na hoibleagáide maidir le comhoibriú mar a leagtar amach in Airteagal 18(1), agus na gceanglas a leagtar síos in Airteagal 18(3), forchuirfidh na Ballstáit ar an náisiúnach tríú tír lena mbaineann ceann amháin nó níos mó de na bearta a leagtar amach in Airteagal 30(1), agus féadfaidh siad ceann amháin nó níos mó de na bearta seo a leanas, a bheidh éifeachtach agus comhréireach, a fhorchur:
|
(a) |
diúltú nó laghdú a dhéanamh i ndáil le sochair agus liúntais áirithe, i gcás ina bhforáiltear dó sin sa dlí náisiúnta, mura rud é nach mbeadh an náisiúnach tríú tír in ann freastal ar a bhunriachtanais nó a bunriachtanais mar thoradh air sin; |
|
(b) |
diúltú nó laghdú a dhéanamh i ndáil le dreasachtaí a dheonaítear chun filleadh deonach a chur chun cinn, lena n-áirítear diúltú nó laghdú cúnaimh i gcláir um fhilleadh agus ath-imeascadh de bhun Airteagal 44(3); |
|
(c) |
cead oibre a dhiúltú nó a tharraingt siar, i gcás ina bhforáiltear dó sin sa dlí náisiúnta; |
|
(d) |
síneadh a chur le fad toirmisc ar dhul isteach suas leis an uasmhéid is infheidhme dá bhforáiltear in Airteagal 8(8); |
|
(e) |
smachtbhannaí coiriúla, lena n-áirítear príosúnacht, i gcás ina bhforáiltear dóibh sa dlí náisiúnta; |
|
(e) |
pionóis airgeadais; |
|
(f) |
bearta nó iarmhairtí eile seachas na cinn dá dtagraítear i bpointí (a) go (f), i gcás ina bhforáiltear dóibh sa dlí náisiúnta. |
Airteagal 23
Roghanna malartacha ar choinneáil
1. Féadfaidh na Ballstáit ceann amháin nó níos mó de na roghanna malartacha ar choinneáil a liostaítear thíos a fhorchur agus imthosca aonair an náisiúnaigh tríú tír lena mbaineann á gcur i gcuntas, lena n-áirítear leibhéal an riosca éalaithe arna mheasúnú i gcomhréir le hAirteagal 19:
|
(a) |
taisceadh ráthaíochta airgeadais leordhóthanaí; |
|
(b) |
faireachán leictreonach a úsáid; |
|
(c) |
bearta eile seachas na cinn dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) i gcás ina bhforáiltear dóibh sa dlí náisiúnta. |
2. Beidh sé d’aidhm ag na bearta dá dtagraítear i mír 1 go príomha filleadh éifeachtach tráthúil an náisiúnaigh tríú tír a áirithiú.
3. Sonrófar na cúiseanna ábhartha de réir fíorais agus dlí sa chinneadh maidir leis na bearta dá dtagraítear i mír 1 a chur i bhfeidhm.
4. Cuirfear náisiúnaigh tríú tír ar an eolas i scríbhinn faoi aon chinneadh maidir leis na bearta dá dtagraítear i mír 1 a chur i bhfeidhm agus faoi iarmhairt neamhchomhlíonadh an chinnidh sin, lena n-áirítear coinneáil faoi Airteagal 29.
5. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh cúirt nó binse athbhreithniú ar chinntí a dhéantar chun na bearta dá dtagraítear i mír 1 ar iarratas ón náisiúnach tríú tír lena mbaineann nó ex officio.
CAIBIDIL V
COIMIRCÍ AGUS LEIGHEASANNA
ROINN 1
COIMIRCÍ NÓS IMEACHTA
Airteagal 24
Ceart chun faisnéise
1. Áiritheoidh na húdaráis inniúla go gcuirfear náisiúnaigh tríú tír atá faoi réir fillidh ar an eolas faoin méid seo a leanas:
|
(a) |
cuspóir an nós imeachta; |
|
(b) |
oibleagáidí na náisiúnach tríú tír mar a leagtar amach in Airteagail 18 agus 20 iad, na hiarmhairtí a bhaineann le neamhchomhlíonadh de bhun Airteagal 22 agus Airteagal 29(3), pointe (e), foláireamh maidir le filleadh a bheith ann i gCóras Faisnéise Schengen maidir leis an duine agus aitheantas agus forghníomhú cinnidh um fhilleadh nó cinneadh lena n-ordaítear aistriú arna eisiúint ag Ballstát eile i gcomhréir le hAirteagal 7; |
|
(c) |
comhairleoireacht agus cláir maidir le filleadh agus ath-imeascadh de bhun Airteagal 44; |
|
(d) |
a gcearta nós imeachta i gcomhréir leis an Rialachán seo agus leis an dlí náisiúnta, go háirithe an ceart chun cúnamh dlí agus ionadaíocht dhlíthiúil a fháil de bhun Airteagal 25. |
2. Tabharfar an fhaisnéis de bhun mhír 1 gan moill mhíchuí i dteanga a thuigeann an náisiúnach tríú tír nó ar féidir glacadh leis go réasúnach go dtuigeann sé nó sí í. Féadfar an fhaisnéis sin a sholáthar trí bhíthin bileoga faisnéise caighdeánacha, ar pháipéar nó i bhformáid leictreonach, agus, i gcás inar gá, arna forlíonadh ó bhéal, agus úsáid á baint as seirbhísí aistriúcháin agus ateangaireachta. I gcás mionaoisigh neamhthionlactha, soláthrófar an fhaisnéis ar bhealach atá oiriúnach dá n-aois agus beidh ionadaí nó an duine a ainmníodh chun cúnamh a thabhairt don mhionaoiseach dá dtagraítear in Airteagal 17(2) rannpháirteach.
3. I gcás ina dtéann an t-údarás inniúil ar aghaidh le haistriú ar bhonn cinneadh um fhilleadh nó cinneadh lena n-ordaítear aistriú lenar cinneadh níos mó ná tír amháin a mbeifear ag filleadh orthu, cuirfear an náisiúnach tríú tír ar an eolas luath go leor roimh an aistriú faoin tír a mbeifear ag filleadh uirthi chuig a n-aistreofar é nó í.
Airteagal 25
Cúnamh dlí agus ionadaíocht dhlíthiúil
1. I gcás achomharc os comhair cúirte nó binse i gcomhréir le hAirteagal 27, áiritheoidh na Ballstáit, arna iarraidh sin don náisiúnach tríú tír, go soláthrófar dó nó di an cúnamh dlí agus an ionadaíocht dhlíthiúil is gá saor in aisce .
2. Áiritheoidh na húdaráis inniúla go ndéanfar ionadaíocht ar mhionaoisigh neamhthionlactha agus go dtabharfar cúnamh dóibh ar bhealach a gcuirfear ar a gcumas leas a bhaint as a gcearta faoin Rialachán seo agus a n-oibleagáidí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh.
3. Déanfaidh comhairleoirí dlí nó daoine eile atá cáilithe go cuí, a aithnítear nó a cheadaítear faoin dlí náisiúnta, chun cúnamh a thabhairt don náisiúnach tríú tír, nó chun ionadaíocht a dhéanamh dó nó di, nó eagraíochtaí neamhrialtasacha atá creidiúnaithe faoin dlí náisiúnta chun seirbhísí dlíthiúla nó ionadaíocht a sholáthar do náisiúnaigh tríú tír, cúnamh dlí nó ionadaíocht dhlíthiúil a sholáthar saor in aisce.
4. Féadfaidh na Ballstáit soláthar cúnaimh dlí agus ionadaíochta dlíthiúla saor in aisce sa nós imeacht achomhairc a eisiamh sna cásanna seo a leanas:
|
(a) |
meastar go bhfuil acmhainní leordhóthanacha ag an náisiúnach tríú tír chun cúnamh dlí agus ionadaíocht dhlíthiúil a íoc ar a chostas nó ar a costas féin; |
|
(b) |
meastar nach dócha go mbeidh rath ar an achomharc nó gur achomharc mí-úsáideach é; |
|
(c) |
tá an t-achomharc nó an t-athbhreithniú ar an dara leibhéal d’achomharc nó ar leibhéal níos airde mar a fhoráiltear dó faoin dlí náisiúnta, lena n-áirítear athéisteachtaí nó athbhreithnithe ar achomharc; |
|
(d) |
cuireann comhairleoir dlí cúnamh nó ionadaíocht ar fáil don náisiúnach tríú tír cheana féin. |
5. Nochtfaidh an náisiúnach tríú tír a iarrann cúnamh dlí agus ionadaíocht dhlíthiúil saor in aisce a staid airgeadais agus cuirfidh sé nó sí na húdaráis inniúla ar an eolas láithreach faoi aon athrú suntasach ar a staid airgeadais, mura bhforáiltear leis an dlí náisiúnta do chúnamh dlíthiúil agus ionadaíocht dhlíthiúil saor in aisce gan beann ar staid airgeadais an duine.
6. Cé is moite d’aon chúnamh a thugtar do mhionaoisigh neamhthionlactha, féadfaidh na Ballstáit an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
(a) |
teorainneacha airgeadaíochta nó teorainneacha ama a fhorchur ar chúnamh dlí agus ionadaíocht dhlíthiúil saor in aisce a sholáthar, ar choinníoll nach bhfuil na teorainneacha sin treallach agus nach gcuireann siad srian míchuí ar rochtain ar chúnamh dlí agus ionadaíocht dhlíthiúil saor in aisce; |
|
(b) |
aisíocaíocht iomlán nó pháirteach a iarraidh ar aon chostas a tabhaíodh i gcás ina bhfuil feabhas tagtha ar staid airgeadais an náisiúnaigh tríú tír le linn an nós imeachta um fhilleadh nó i gcás ina ndearnadh an cinneadh cúnamh dlí agus ionadaíocht dhlíthiúil saor in aisce a sholáthar ar bhonn faisnéis bhréagach arna soláthar ag an náisiúnach tríú tír; |
|
(c) |
foráil a dhéanamh, maidir le táillí agus costais agus aisíocaíochtaí eile, go gcaithfear le náisiúnaigh tríú tír ar bhealach atá cothrom leis an gcaoi a gcaitear lena náisiúnaigh i gcoitinne i gcúrsaí a bhaineann le cúnamh dlí agus ionadaíocht dhlíthiúil, ach gan a bheith níos fabhraí ná an chóir sin. |
7. Leagfaidh na Ballstáit síos rialacha sonracha nós imeachta lena rialófar an bealach ina ndéanfar iarrataí ar chúnamh dlí agus ionadaíocht dhlíthiúil saor in aisce maidir le hachomharc os comhair cúirte nó binse i gcomhréir le hAirteagal 27 a chomhdú agus a phróiseáil, nó cuirfidh siad rialacha atá ann cheana i bhfeidhm maidir le héilimh intíre de chineál comhchosúil, ar choinníoll nach bhfágfaidh na rialacha sin go mbeidh sé ródheacair nó dodhéanta rochtain a fháil ar chúnamh dlí agus ionadaíocht dhlíthiúil saor in aisce.
8. I gcás ina ndéanfaidh údarás nach cúirt ná binse é cinneadh gan cúnamh dlí agus ionadaíocht dhlíthiúil saor in aisce a dheonú ar an bhforas go meastar nach dócha go mbeidh rath ar an achomharc nó go bhfuil sé mí-úsáideach, beidh sé de cheart ag an náisiúnach tríú tír leigheas éifeachtach a fháil os comhair cúirte nó binse i gcoinne an chinnidh sin.
9. Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le cúnamh dlí agus ionadaíocht dhlíthiúil saor in aisce sa nós imeachta riaracháin i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.
ROINN 2
LEIGHEASANNA
Airteagal 26
An ceart chun leighis éifeachtaigh
1. Tabharfar leigheas éifeachtach don náisiúnach tríú tír lena mbaineann chun agóid a dhéanamh i gcoinne na gcinntí dá dtagraítear in Airteagal 5(1), Airteagal 8 agus Airteagal 10(3) os comhair cúirte nó binse atá inniúil de faoin dlí náisiúnta.
2. Leis an leigheas éifeachtach, déanfar foráil maidir le scrúdú iomlán ar phointí fíorais agus ar phointí dlí araon.
3. Maidir leis an gcomhad arna chur faoi bhráid na cúirte nó an bhinse atá inniúil don leigheas i gcoinne cinnidh um fhilleadh nó cinnidh lena n-ordaítear aistriú, i gcás ina dtugann ábhar sa chomhad sin, arna fhorlíonadh nó arna shoiléiriú tar éis imeachtaí sáraíochta, a thugann le fios go bhfuil an baol ann go ndéanfar refoulement ar an náisiúnach tríú tír lena mbaineann, fíorófar comhlíonadh na gceanglas a eascraíonn as prionsabal an non-refoulement.
4. Ní dhéanfar an chuid eile den chinneadh lena mbaineann a neamhniú ná a chúlghairm mar thoradh ar ghné neamhriachtanach de chinneadh um fhilleadh a neamhniú nó a chúlghairm.
Airteagal 27
Achomharc os comhair cúirt nó binse inniúil
1. Chun an Rialachán seo a chur i bhfeidhm, leagfaidh na Ballstáit síos sa dlí náisiúnta tréimhse chun achomharc a thaisceadh lena ndéantar agóid i gcoinne na gcinntí dá dtagraítear in Airteagal 5(1), Airteagal 8 agus Airteagal 10(3) os comhair cúirt nó binse céadchéime, ar tréimhse í nach faide ná 14 lá í.
De mhaolú ar an gcéad fhomhír, féadfaidh na Ballstáit a dhéanann foráil ina ndlí náisiúnta faoin 16 Deireadh Fómhair 2026 maidir le tréimhsí chun achomharc a thaisceadh, ar tréimhsí iad atá cothrom le 30 lá nó níos faide, tréimhse chun achomharc a thaisceadh a choimeád nó a leagan amach sa dlí náisiúnta nach faide ná 30 lá.
2. Tosóidh na teorainneacha ama dá dtagraítear i mír 1 ón dáta a thabharfar fógra faoi aon cheann de na cinntí dá dtagraítear in Airteagal 5(1), Airteagal 8 agus Airteagal 10(3) don náisiúnach tríú tír, nó an dáta a mheastar gur tugadh an fógra sin faoin dlí náisiúnta.
3. I gcás ina bhfuil cinneadh um fhilleadh bunaithe ar an ngníomh céanna le cinneadh lena ndiúltaítear nó lena gcuirtear deireadh leis an bhfanacht dlíthiúil, nó i gcás ina n-eisítear an cinneadh sin sa ghníomh céanna, d’fhéadfadh sé gurb ionann na teorainneacha ama chun achomharc a dhéanamh i gcoinne an chinnidh um fhilleadh agus na teorainneacha ama a leagtar síos sa dlí náisiúnta chun achomharc a dhéanamh i gcoinne cinneadh lena gcuirtear deireadh le fanacht dlíthiúil nó lena ndiúltaítear fanacht dlíthiúil.
4. I gcás ina n-eiseofar toirmeasc ar dhul isteach nó cinneadh lena n-ordaítear aistriú in éineacht le cinneadh um fhilleadh de bhun Airteagal 5(12), déanfar achomharc ina n-aghaidh go comhpháirteach leis an gcinneadh sin um fhilleadh, os comhair na cúirte céanna nó an bhinse chéanna agus faoi chuimsiú na n-imeachtaí céanna agus laistigh de na teorainneacha ama céanna. I gcás ina n-eisítear toirmeasc ar dhul isteach nó cinneadh lena n-ordaítear aistriú ar leithligh ón gcinneadh um fhilleadh nó inarb é an t-aon chinneadh é a bhfuil agóid á déanamh ina choinne, féadfar achomharc ar leithligh a dhéanamh ina choinne.
Airteagal 28
Éifeacht fionraíochta
1. Cé nach ndéantar foráil sa Rialachán seo maidir le héifeacht fionraíochta uathoibríoch achomharc, áiritheoidh na Ballstáit, i gcomhréir iomlán le hAirteagal 47 den Chairt, gur féidir leis an gcúirt inniúil nó leis an mbinse inniúil céadchéime aistriú a chur ar fionraí sula bhforfheidhmeofar na cinntí arna n-eisiúint de bhun Airteagal 5 agus Airteagal 10(3). Féadfar an t-aistriú a chur ar fionraí arna iarraidh sin don náisiúnach tríú tír lena mbaineann ar feadh na tréimhse chun an t-achomharc a thaisceadh de bhun Airteagal 27 nó, i gcás inar taisceadh achomharc, ar feadh na tréimhse go dtí go bhfaighfear toradh achomhairc den sórt sin, mura bhforáiltear leis an dlí náisiúnta freisin go bhféadfar forfheidhmiú cinnidh den sórt sin a chur ar fionraí ex officio. Beidh an mhír seo gan dochar d’fhorálacha an dlí náisiúnta lena ndéantar foráil d’éifeacht fionraíochta uathoibríoch leigheasanna os comhair cúirt nó binse céadchéime .
2. Agus an iarraidh á measúnú acu de bhun mhír 1, féadfaidh an chúirt nó an binse brath ar an ábhar sa chomhad ar díríodh a n-aird air, lena n-áirítear aon mheasúnú ar imthosca ábhartha a rinneadh i gcéimeanna roimhe seo den nós imeachta um fhilleadh agus, i gcás inarb ábhartha, den nós imeachta tearmainn.
3. I gcás ina dtaiscfear achomharc eile i gcoinne an chéad chinnidh achomhairc nó i gcoinne cinneadh achomhairc a dhéanfar ina dhiaidh sin, ní chuirfear an t-aistriú ar fionraí ach amháin má dhéantar foráil maidir le héifeacht fionraíochta a bheith ag na leigheasanna sin nó má dhéanann náisiúnach tríú tír iarraidh ar fhionraí agus má chinneann cúirt nó binse inniúil í a dheonú, agus aird chuí á tabhairt ar imthosca sonracha an cháis aonair.
CAIBIDIL VI
COINNEÁIL
Airteagal 29
Forais choinneála
1. Féadfaidh na Ballstáit náisiúnach tríú tír a choinneáil de bhun an Rialacháin seo ar bhonn measúnú aonair ar gach cás agus sa mhéid go bhfuil an choinneáil comhréireach, agus sa mhéid sin amháin.
2. Ní fhéadfaidh na Ballstáit náisiúnach tríú tír a choinneáil ach amháin chun críche fillidh, lena n-áirítear chun an filleadh, an t-athligean isteach nó cur i gcrích an aistrithe a ullmhú.
3. Ní fhéadfar náisiúnach tríú tír a choinneáil ach amháin ar bhonn ceann amháin nó níos mó de na forais choinneála seo a leanas:
|
(a) |
riosca éalaithe arna chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 19; |
|
(b) |
seachnaíonn an náisiúnach tríú tír athligean isteach, an t-ullmhúchán don fhilleadh, nó an t-aistriú, nó cuireann sé bac orthu; |
|
(c) |
baineann rioscaí slándála leis an náisiúnach tríú tír de réir bhrí Airteagal 13; |
|
(d) |
chun céannacht nó náisiúntacht an iarratasóra a chinneadh nó a fhíorú; |
|
(e) |
neamhchomhlíonadh na n-oibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 18(3), pointí (a) go (d), (f), (h), (k), (l) agus (m), lena n-áirítear easpa comhair maidir le doiciméid taistil a fháil; |
|
(f) |
forais ábhartha riachtanacha agus chomhréireacha eile a bhaineann le filleadh dá bhforáiltear sa dlí náisiúnta, chun nósanna imeachta éifeachtacha um fhilleadh a áirithiú. |
4. Déanfaidh údaráis riaracháin nó údaráis bhreithiúnacha coinneáil a ordú. Ordófar coinneáil trí chinneadh i scríbhinn ina dtabharfar na cúiseanna, de réir fíorais agus dlí, ar a bhfuil sí bunaithe chomh maith le faisnéis maidir le leigheasanna dlí atá ar fáil. Cuirfear an cinneadh in iúl ó bhéal nó i scríbhinn don náisiúnach tríú tír i dteanga a thuigeann sé nó sí nó i dteanga ar féidir glacadh leis go réasúnach go dtuigeann sé nó sí í, lena n-áirítear trí úsáid a bhaint as seirbhísí ateangaireachta nó aistriúcháin.
5. Agus náisiúnach tríú tír á choinneáil nó á coinneáil de bhun mhír 2, cuirfidh na Ballstáit san áireamh cibé an duine leochaileach é an náisiúnach tríú tír .
Airteagal 30
Tréimhse choinneála
1. Coinneofar an choinneáil ar bun ar feadh na tréimhse is giorra is féidir agus fad a chomhlíonfar na forais a leagtar síos in Airteagal 29 agus is gá chun filleadh éifeachtach agus rathúil an náisiúnaigh tríú tír a áirithiú.
2. Nuair a dhealraíonn sé nach bhfuil na forais a leagtar síos in Airteagal 29 á gcomhlíonadh a thuilleadh, scaoilfear saor an náisiúnach tríú tír ó choinneáil de bhun an Rialacháin seo. Ní chuirfidh an scaoileadh sin bac ar chur i bhfeidhm beart i gcomhréir le hAirteagail 20 agus 23.
3. Ní rachaidh coinneáil thar 12 mhí i mBallstát. I gcás inar dócha go mairfidh an nós imeachta um fhilleadh níos faide de dheasca easpa comhair ón náisiúnach tríú tír lena mbaineann, nó de dheasca moilleanna chun an doiciméadacht is gá a fháil ó thríú tíortha, nó in imthosca eisceachtúla eile dá bhforáiltear sa dlí náisiúnta, féadfar coinneáil a chur i bhfeidhm ar feadh tréimhse níos faide ach ní sháróidh sí tréimhse 24 mhí i mBallstát.
I gcás inar bhog an náisiúnach tríú tír go Ballstát eile agus inarb ionann a iompraíocht nó a hiompraíocht agus foras le haghaidh coinneála dá dtagraítear in Airteagal 29(3), beidh feidhm ag tréimhse nua choinneála.
4. Tar éis dhul in éag na huastréimhse coinneála 24 mhí de bhun mhír 3, féadfar coinneáil a chur i bhfeidhm ar feadh tréimhsí breise, nach faide ná 6 mhí san iomlán, i gcás ina bhfuil riosca éalaithe ann agus i gcás ina dtugann ceann amháin nó níos mó de na hathruithe seo a leanas ar imthosca le fios gur dócha le réasún go ndéanfar aistriú:
|
(a) |
tá faisnéis shuntasach nua ann maidir le céannacht an náisiúnaigh tríú tír; |
|
(b) |
fuarthas doiciméad taistil, nó féadfar glacadh leis go réasúnach go bhfuarthas é mar gheall ar athrú ar imthosca; |
|
(c) |
tá feabhas tagtha ar an gcomhar leis an tríú tír lena mbaineann. |
Agus náisiúnach tríú tír á choinneáil nó á coinneáil i gcomhréir leis an bhfomhír seo, tabharfaidh na húdaráis inniúla tosaíocht don chás sin chun a áirithiú nach gcoimeádfar an choinneáil ar bun ach ar feadh na tréimhse is giorra is féidir.
5. Ní chuirfidh dul in éag na n-uastréimhsí coinneála i gcomhréir le míreanna 3 agus 4 bac ar chur i bhfeidhm beart i gcomhréir le hAirteagail 20 agus 23.
6. I gcás ina bhfuil náisiúnach tríú tír ag comhoibriú maidir lena fhilleadh nó lena filleadh le linn coinneála, eagrófar filleadh deonach an náisiúnaigh tríú tír lena mbaineann gan moill mhíchuí, i gcás inarb iomchuí. Féadfar coinneáil a choimeád ar bun, i gcás inarb ábhartha, go dtí an t-imeacht chun filleadh éifeachtach a áirithiú i gcomhréir le míreanna 3 agus 4.
Airteagal 31
Orduithe coinneála a athbhreithniú
1. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar athbhreithniú ar choinneáil ar a laghad gach 6 mhí ar iarratas ón náisiúnach tríú tír lena mbaineann nó ex officio.
2. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar athbhreithniú ex officio ar choinneáil mionaoiseach neamhthionlactha gach 3 mhí ar a laghad, nó arna iarraidh sin don mhionaoiseach neamhthionlactha lena mbaineann nó an t-ionadaí nó an duine arna cheapadh de bhun Airteagal 17(2).
3. I gcás ina bhfuil an choinneáil ordaithe nó leathnaithe ag údaráis riaracháin, déanfaidh na Ballstáit an méid a leanas:
|
(a) |
foráil maidir le hathbhreithniú breithiúnach ar dhlíthiúlacht na coinneála a chinnfear chomh tapa agus is féidir laistigh de thréimhse a leagtar síos sa dlí náisiúnta tar éis thús na coinneála; nó |
|
(b) |
an ceart a dheonú don náisiúnach tríú tír lena mbaineann chun imeachtaí a thionscnamh trína mbeidh dlíthiúlacht na coinneála faoi réir athbhreithniú breithiúnach, a chinnfear chomh tapa agus is féidir laistigh de thréimhse a leagtar síos sa dlí náisiúnta tar éis sheoladh na n-imeachtaí ábhartha . I gcásanna den sórt sin, cuirfidh na Ballstáit an náisiúnach tríú tír lena mbaineann ar an eolas láithreach tráth na coinneála gur féidir imeachtaí den sórt sin a thionscnamh. |
I gcás ina gcoinnítear náisiúnach tríú tír ar feadh tréimhse is faide ná an uastréimhse choinneála 24 mhí de bhun Airteagal 30(4), agus gur faide ná 3 mhí an síneadh sin, beidh an choinneáil faoi réir athbhreithniú ag cúirt nó binse gach 3 mhí ar a laghad.
Airteagal 32
Dálaí coinneála
1. De ghnáth, déanfar coinneáil i saoráidí speisialaithe, lena n-áirítear saoráidí i mbrainsí tiomnaithe saoráidí eile. Mura féidir le Ballstát foráil a dhéanamh do choinneáil sna saoráidí sin agus más gá dó dul i muinín cóiríocht phríosúin, coinneofar na náisiúnaigh tríú tír scartha ó ghnáthphríosúnaigh, a mhéid is féidir.
2. Beidh rochtain ag náisiúnaigh tríú tír atá faoi choinneáil ar spás faoin aer. Féadfar rochtain ar spás faoin aer a shrianadh ar feadh tréimhse theoranta ama, más gá agus más comhréireach chun saoráid choinneála dhea-fheidhmiúil a áirithiú.
3. Ceadófar do na náisiúnaigh tríú tír atá faoi choinneáil, arna iarraidh sin dóibh, teagmháil a dhéanamh in am trátha le hionadaithe dlíthiúla, le baill teaghlaigh agus leis na húdaráis chonsalacha inniúla.
4. Tabharfar aird ar leith ar riachtanais speisialta na ndaoine leochaileacha atá faoi choinneáil. Soláthrófar cúram sláinte éigeandála agus cóireáil riachtanach breoiteachta do náisiúnaigh tríú tír atá á gcoinneáil.
5. Beidh an deis ag ionadaithe dlíthiúla, baill teaghlaigh, údaráis chonsalacha inniúla agus eagraíochtaí agus comhlachtaí ábhartha agus inniúla náisiúnta, idirnáisiúnta agus neamhrialtasacha cuairt a thabhairt ar aon saoráid choinneála agus cumarsáid a dhéanamh leis na náisiúnaigh tríú tír agus cuairt a thabhairt orthu i ndálaí lena n-urramaítear príobháideachas. Féadfaidh na cuairteanna sin a bheith faoi réir údarú agus coinníollacha iomchuí eile, lena n-áirítear imréiteach slándála iomchuí arna eisiúint ag údarás inniúil roimh ré i gcomhréir leis an dlí náisiúnta. Féadfaidh na Ballstáit teorainneacha a fhorchur ar an rochtain sin de bhua an dlí náisiúnta i gcás ina bhfuil gá oibiachtúil leis na teorainneacha sin ar mhaithe le slándáil, ord poiblí nó bainistiú riaracháin na saoráide.
6. Soláthrófar faisnéis do náisiúnaigh tríú tír atá faoi choinneáil ina míneofar na rialacha a chuirtear i bhfeidhm sa tsaoráid agus ina leagfar amach a gcearta agus a n-oibleagáidí i dteanga a thuigeann siad nó i dteanga ar féidir glacadh leis go réasúnach go dtuigeann siad í. Áireofar san fhaisnéis sin faisnéis maidir lena dteidlíocht faoin dlí náisiúnta teagmháil a dhéanamh leis na daoine nó leis na comhlachtaí dá dtagraítear i mír 3 agus i mír 5.
7. Náisiúnaigh tríú tír a shainaithnítear mar náisiúnaigh tríú tír a bhfuil rioscaí slándála ag baint leo de bhun Airteagal 13, féadfar iad a chur faoi shocruithe slándála feabhsaithe laistigh de shaoráidí coinneála, lena n-áirítear bearta idirscartha níos déine nó maoirseacht mhéadaithe, ar feadh tréimhse is fíorghá chun an riosca a bhainistiú agus a bhfilleadh a éascú.
Airteagal 33
Coinníollacha maidir le mionaoisigh neamhthionlactha agus teaghlaigh a bhfuil mionaoisigh acu a choinneáil
1. Ní choinneofar mionaoisigh neamhthionlactha agus teaghlaigh a bhfuil mionaoisigh acu ach mar rogha dheiridh agus ar feadh na tréimhse ama iomchuí is giorra agus leas an linbh á chur san áireamh.
2. Le linn na tréimhse coinneála, soláthrófar cóiríocht ar leithligh lena ráthófar príobháideachas leordhóthanach do mhionaoisigh neamhthionlactha agus do theaghlaigh a bhfuil mionaoisigh acu. Cuirfear oiliúint leordhóthanach ar phearsanra, agus cuirfear saoráidí in oiriúint chun riachtanais mionaoiseach agus a n-aois agus a n-inscne a chur san áireamh.
3. Beidh an deis ag mionaoisigh atá faoi choinneáil dul i mbun gníomhaíochtaí fóillíochta, lena n-áirítear gníomhaíochtaí súgartha agus áineasa atá oiriúnach dá n-aois, agus beidh rochtain acu ar oideachas nó ar ghníomhaíochtaí oideachais san fhormáid is iomchuí d’fhad a gcoinneála.
CAIBIDIL VII
ATHLIGEAN ISTEACH
Airteagal 34
Athligean isteach
1. Tar éis cinneadh um fhilleadh a eisiúint, déanfaidh na húdaráis inniúla, i gcás inarb ábhartha, le tacaíocht Frontex i gcás inarb ábhartha, athligean isteach a thionscnamh, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, i ndáil le náisiúntacht an náisiúnaigh tríú tír a dheimhniú, doiciméad taistil a eisiúint don náisiúnach tríú tír agus oibríocht um fhilleadh a eagrú.
I gcás inarb infheidhme, úsáidfear an doiciméad taistil Eorpach um fhilleadh i gcomhréir leis an ionstraim um athligean isteach is infheidhme agus le Rialachán (AE) 2016/1953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (34).
2. Tacóidh oifigigh idirchaidrimh thiomnaithe de chuid an Aontais arna maoiniú ag an Aontas leis an athligean isteach i dtríú tíortha. Beidh na hoifigigh idirchaidrimh sin mar chuid de struchtúr thoscaireachtaí an Aontais agus déanfaidh siad dlúthchomhordú leis an gCoimisiún chun tosaíochtaí beartais ábhartha an Aontais a bhaint amach.
Airteagal 35
Gné sheachtrach agus comhar le tríú tíortha
Cinnteoidh an tAontas agus na Ballstáit go mbeidh gné sheachtrach an bheartais um fhilleadh ina cuid lárnach den chur chuige cuimsitheach le bainistiú na himirce.
I gcás ina sainaithneofar easpa comhair ó thríú tír, nó i gcás ina mbeidh deacrachtaí ag Ballstát amháin nó níos mó maidir le comhar tríú tír i dtaca le hathligean isteach, déanfaidh an tAontas agus na Ballstáit bearta iomchuí, lena n-áirítear úsáid na coinníollachta i ndáil leis na beartais agus na huirlisí ábhartha uile, amhail beartas víosaí, chomh maith le trádáil agus forbairt, dá bhforáiltear i ngníomhartha reachtacha an Aontais lena rialaítear iad agus do na Ballstáit atá faoi cheangal ag na gníomhartha sin, chun tacú le nósanna imeachta intuartha agus éifeachtacha um fhilleadh le tríú tíortha agus chun comhar éifeachtach agus marthanach maidir le hathligean isteach a áirithiú.
CAIBIDIL VIII
SONRAÍ PEARSANTA A CHOMHROINNT AGUS A AISTRIÚ
Airteagal 36
Comhroinnt faisnéise idir na Ballstáit
1. Bainfidh na Ballstáit leas as gach modh comhair agus malartaithe faisnéise is iomchuí chun an Rialachán seo a chur chun feidhme.
2. Déanfar an malartú faisnéise arna iarraidh sin do Bhallstát agus ní fhéadfar é a dhéanamh ach amháin idir údaráis inniúla na mBallstát.
3. Cuirfidh na Ballstáit in iúl dá chéile, arna iarraidh sin, faisnéis atá ar fáil a bhaineann le náisiúnach tríú tír a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo chun an nós imeachta um fhilleadh a chur i gcrích agus chun cúnamh um fhilleadh agus um ath-imeascadh a thabhairt.
4. I gcás inar féidir an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo a mhalartú trí Chórais Faisnéise an Aontais Eorpaigh mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe 15, de Rialachán (AE) 2019/818 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (35) nó trí fhaisnéis fhorlíontach i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1860, ní dhéanfar an fhaisnéis sin a mhalartú, mar riail ghinearálta, ach amháin trí na modhanna sin.
5. Áireofar san iarraidh ar fhaisnéis na forais ar a bhfuil sí bunaithe.
6. Féadfar an méid seo a leanas go háirithe a áireamh san fhaisnéis dá dtagraítear i mír 3:
|
(a) |
faisnéis is gá chun céannacht an náisiúnaigh tríú tír a shuíomh agus, i gcás inarb infheidhme, céannacht a bhall teaghlaigh nó a ball teaghlaigh, a ghaolta nó a gaolta agus aon bhaill teaghlaigh eile; |
|
(b) |
faisnéis a bhaineann le sonraí bithmhéadracha arna dtógáil den náisiúnach tríú tír i gcomhréir le Rialachán (AE) 2024/1358; |
|
(c) |
faisnéis maidir le náisiúntacht agus aon doiciméid taistil de chuid an náisiúnaigh tríú tír; |
|
(d) |
faisnéis a bhaineann le háiteanna cónaithe an náisiúnaigh tríú tír, na bealaí taistil, na teangacha a labhraítear agus sonraí teagmhála, amhail seoltaí ríomhphoist agus uimhreacha teileafóin; |
|
(e) |
faisnéis maidir le haon stádas cónaithe nó údaruithe lena dtairgtear ceart fanachta, lena n-áirítear doiciméid chónaithe nó víosaí chomh maith le haon iarratais nó síntí orthu sin, arna n-eisiúint ag Ballstát nó ag tríú tír; |
|
(f) |
faisnéis a bhaineann le hoibríocht um fhilleadh an náisiúnaigh tríú tír; |
|
(g) |
faisnéis a bhaineann le hathimeascadh an náisiúnaigh tríú tír, i gcás inarb ábhartha, lena n-áirítear faisnéis maidir le leochaileacht; |
|
(h) |
na forais atá le haon chinneadh um fhilleadh a dhéantar maidir leis an náisiúnach tríú tír; |
|
(i) |
faisnéis maidir leis an náisiúnach tríú tír a bheith ag comhlíonadh na n-oibleagáidí faoi Airteagal 18 nó na mbeart de bhun Airteagal 20; |
|
(j) |
faisnéis maidir le cé acu a coinníodh an náisiúnach tríú tír nó a cuireadh roghanna malartacha ar choinneáil i bhfeidhm; |
|
(k) |
faisnéis a bhaineann leis na taifid choiriúla nó a bhaineann leis an mbagairt ar an mbeartas poiblí, ar an tslándáil phoiblí nó ar an tslándáil náisiúnta a bhaineann leis an náisiúnach tríú tír; |
|
(l) |
faisnéis maidir le leochaileacht, sláinte agus riachtanais leighis an náisiúnaigh tríú tír. |
7. Beidh sé d’oibleagáid ar an mBallstát ar a ndéantar an iarraidh freagra a thabhairt a luaithe is féidir agus laistigh de 2 sheachtain ar a dhéanaí.
8. Ní chuirfidh easpa freagartha, freagra neamhiomlán ná freagra moillithe ó Bhallstát ar iarraidh a dhéantar de bhun an Airteagail seo cosc ná moill ar fhorghníomhú cinnidh um fhilleadh nó cinnidh lena n-ordaítear aistriú a thionscnaíonn Ballstát eile. Féadfaidh an Ballstát iarrthach dul ar aghaidh ar bhonn na faisnéise atá ar fáil cheana féin dá údaráis inniúla, i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta.
9. Ní fhéadfar úsáid a bhaint as an bhfaisnéis a mhalartaítear ach amháin chun na gcríoch a leagtar amach i mír 3. I ngach Ballstát, ní fhéadfar an fhaisnéis sin, ag brath ar an gcineál faisnéise atá i gceist agus ar chumhachtaí an údaráis is faighteoir, a chur in iúl ach amháin do na húdaráis nó do na húdaráis bhreithiúnacha ar cuireadh an nós imeachta um fhilleadh, athligean isteach nó cúnamh um ath-imeascadh a sholáthar ar a n-iontaoibh.
10. Déanfaidh na Ballstáit, arna iarraidh sin, doiciméid taistil bhunaidh náisiúnaigh tríú tír a aistriú eatarthu, i gcás ina bhfuil gá leis na doiciméid taistil sin chun filleadh a áirithiú.
Airteagal 37
Sonraí a aistriú chuig tríú tíortha a bhaineann le náisiúnaigh tríú tír chun críoch fillidh, athligin isteach agus ath-imeasctha
1. Gan dochar d’Airteagail 38 agus 39, féadfaidh údarás inniúil agus, i gcás inarb infheidhme, Frontex, sonraí dá dtagraítear in Airteagal 36(6), pointí (a) go (h), a phróiseáil agus a aistriú chuig údarás inniúil tríú tír nó chuig tríú páirtithe atá inniúil maidir le cúnamh um ath-imeascadh nó cúraimí eile a bhaineann leis an bhfilleadh a chur chun feidhme, amhail aerlínte nó soláthraithe leighis, i gcás inar gá sin chun críoch fillidh, athligin isteach, nó ath-imeasctha.
2. Áiritheoidh na Ballstáit agus Frontex, agus sonraí pearsanta á n-aistriú acu de bhun mhír 1 den Airteagal seo, go gcomhlíonfaidh na haistrithe sonraí sin Caibidil V de Rialachán (AE) 2016/679 agus Caibidil V de Rialachán (AE) 2018/1725, faoi seach.
3. I gcás ina ndéantar aistriú de bhun mhír 1 den Airteagal seo, déanfar an t-aistriú sin a dhoiciméadú agus cuirfear an doiciméadacht ar fáil, arna iarraidh sin, don údarás maoirseachta inniúil a bunaíodh i gcomhréir le hAirteagal 51(1) de Rialachán (AE) 2016/679 agus Airteagal 52(1) de Rialachán (AE) 2018/1725, lena n-áirítear dáta agus am an aistrithe agus faisnéis faoi údarás inniúil an tríú tír is faighteoir. Beidh an doiciméadacht sin teoranta don fhaisnéis a bhfuil fíorghá léi chun a léiriú go gcomhlíontar bunús dlí an aistrithe agus ní bheidh aon oibleagáidí tuairiscithe breise ar na Ballstáit i gceist léi.
Airteagal 38
Aistriú sonraí chuig tríú tíortha a bhaineann le ciontuithe coiriúla náisiúnach tríú tír chun críoch fillidh, athligin isteach agus ath-imeasctha
1. Féadfaidh údarás inniúil agus, i gcás inarb infheidhme, Frontex, sonraí a bhaineann le ciontú coiriúil amháin nó níos mó de chuid náisiúnach tríú tír a phróiseáil agus a aistriú i gcásanna aonair chuig údarás inniúil tríú tír nó tríú páirtithe atá inniúil ar chúnamh um ath-imeascadh nó ar chúraimí eile a bhaineann leis an bhfilleadh a chur chun feidhme i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
|
(a) |
ciontaíodh an náisiúnach tríú tír a n-aistrítear a shonraí nó a sonraí pearsanta i gcion sceimhlitheoireachta sna 25 bliana roimhe sin nó in aon chion coiriúil eile a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (36) sna 15 bliana roimhe sin nó tá cion déanta aige nó aici lena ngabhann pionós lena mbaineann cailleadh saoirse ar feadh 2 bhliain ar a laghad faoin dlí náisiúnta nó tá cionta iomadúla déanta aige nó aici lena ngabhann pionós lena mbaineann cailleadh saoirse ar feadh bliain amháin ar a laghad faoi dhlí náisiúnta an Bhallstáit chiontaithigh; |
|
(b) |
is gá sonraí a aistriú chun críoch fillte, athligin isteach, nó chun cúnamh saincheaptha neamhairgeadais um ath-imeascadh a sholáthar; |
|
(c) |
dhearbhaigh an t-údarás inniúil agus, i gcás inarb infheidhme, tá Frontex sásta nach bhfuil an baol ann go sárófar prionsabal an non-refoulement leis an aistriú sonraí; |
|
(d) |
dhearbhaigh an t-údarás inniúil agus, i gcás inarb infheidhme, tá Frontex sásta nach bhfuil an baol ann go sárófar Airteagal 50 den Chairt leis an aistriú sonraí. |
2. I gcás ina n-aistríonn Ballstáit agus Frontex sonraí pearsanta de bhun mhír 1 den Airteagal seo, áiritheoidh siad go gcomhlíonfaidh aistrithe den sórt sin Caibidil V de Rialachán (AE) 2016/679 agus Caibidil V de Rialachán (AE) 2018/1725, faoi seach.
3. I gcás ina ndéantar aistriú de bhun mhír 1 den Airteagal seo, déanfar aistriú den sórt sin a dhoiciméadú agus cuirfear an doiciméadacht ar fáil, arna iarraidh sin, don údarás maoirseachta inniúil a bunaíodh i gcomhréir le hAirteagal 51(1) de Rialachán (AE) 2016/679 agus Airteagal 52(1) de Rialachán (AE) 2018/1725, lena n-áirítear dáta agus am an aistrithe, faisnéis faoi údarás inniúil an tríú tír is faighteoir, an bonn cirt go gcomhlíonann an t-aistriú na coinníollacha a leagtar síos i mír 1 den Airteagal seo agus na sonraí pearsanta a aistríodh. Beidh an doiciméadacht sin teoranta don fhaisnéis a bhfuil fíorghá léi chun a léiriú go gcomhlíontar bunús dlí an aistrithe agus ní bheidh aon oibleagáidí tuairiscithe breise ar na Ballstáit i gceist léi.
Airteagal 39
Sonraí sláinte náisiúnach tríú tír a aistriú chuig tríú tíortha chun críocha na hoibríochta um fhilleadh agus an ath-imeasctha
1. Féadfaidh údarás inniúil agus, i gcás inarb infheidhme, Frontex, sonraí a bhaineann leis an gcúnamh leighis atá le soláthar do náisiúnaigh tríú tír le linn na hoibríochta um fhilleadh a phróiseáil agus a aistriú i gcásanna aonair chuig údarás inniúil tríú tír nó chuig tríú páirtithe atá inniúil ar chúnamh um ath-imeascadh nó ar chúraimí eile a bhaineann leis an bhfilleadh a chur chun feidhme, amhail soláthraithe leighis, i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
|
(a) |
is gá na sonraí a aistriú chun an oibríocht um fhilleadh a chur i gcrích; |
|
(b) |
dhearbhaigh an t-údarás inniúil agus, i gcás inarb infheidhme, tá Frontex sásta nach bhfuil an baol ann go sárófar prionsabal an non-refoulement leis an aistriú sonraí. |
2. Féadfaidh údarás inniúil agus, i gcás inarb infheidhme, Frontex sonraí a bhaineann le riachtanais sláinte agus leighis náisiúnach tríú tír a phróiseáil agus a aistriú i gcásanna aonair chuig tríú páirtí atá inniúil ar chúnamh um ath-imeascadh nó ar chúraimí eile a bhaineann leis an bhfilleadh a chur chun feidhme i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
|
(a) |
is gá sonraí a aistriú chun cúnamh um ath-imeascadh dá dtagraítear in Airteagal 44 a sholáthar atá saincheaptha do riachtanais leighis an náisiúnaigh tríú tír; |
|
(b) |
thoiligh an náisiúnach tríú tír a n-aistrítear a shonraí pearsanta nó a sonraí pearsanta leis an aistriú sin. |
3. Áiritheoidh na Ballstáit agus Frontex a aistríonn sonraí pearsanta de bhun mhír 1 nó mhír 2 den Airteagal seo go gcomhlíonfaidh aistrithe den sórt sin Caibidil V de Rialachán (AE) 2016/679 agus Caibidil V de Rialachán (AE) 2018/1725, faoi seach.
4. I gcás ina ndéantar aistriú de bhun mhír 1 nó mhír 2 den Airteagal seo, déanfar an t-aistriú sin a dhoiciméadú agus cuirfear an doiciméadacht ar fáil, arna iarraidh sin, don údarás maoirseachta inniúil a bunaíodh i gcomhréir le hAirteagal 51(1) de Rialachán (AE) 2016/679 agus Airteagal 52(1) de Rialachán (AE) 2018/1725, lena n-áirítear dáta agus am an aistrithe, faisnéis faoi údarás inniúil an tríú tír is faighteoir, an bonn cirt go gcomhlíonann an t-aistriú na coinníollacha a leagtar síos i mír 1 nó i mír 2 den Airteagal seo agus na sonraí pearsanta a aistríodh. Beidh an doiciméadacht sin teoranta don fhaisnéis a bhfuil fíorghá léi chun a léiriú go gcomhlíontar bunús dlí an aistrithe agus ní bheidh aon oibleagáidí tuairiscithe breise ar na Ballstáit i gceist léi.
CAIBIDIL IX
AN COMHCHÓRAS UM FHILLEADH
Airteagal 40
Comhpháirteanna comhchórais um fhilleadh
1. Is éard a bheidh i gcomhchóras um fhilleadh de bhun an Rialacháin seo:
|
(a) |
nós imeachta coiteann um fhilleadh na náisiúnach tríú tír nach bhfuil an ceart acu fanacht ar chríoch na mBallstát; |
|
(b) |
córas aitheanta agus forfheidhmithe cinntí um fhilleadh agus cinntí lena n-ordaítear aistriú i measc na mBallstát; |
|
(c) |
córais dhigiteacha chun filleadh, athligean isteach agus ath-imeascadh náisiúnach tríú tír a bhainistiú; |
|
(d) |
comhar idir na Ballstáit; |
|
(e) |
leibhéal leordhóthanach acmhainneachta coinneála arna chinneadh ag na Ballstáit agus riachtanais iarbhír á gcur san áireamh; |
|
(f) |
tacaíocht airgeadais ón Aontas agus tacaíocht oibríochtúil ó chomhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais i gcomhréir lena sainorduithe faoi seach. |
2. Braithfidh forbairt na gcóras digiteach, a mhéid is féidir, ar bhonneagair náisiúnta atá ann cheana agus ar chórais idir-inoibritheacha an Aontais agus ní chruthófar léi ualaí breise tuairiscithe ná nós imeachta do na Ballstáit.
3. Sainaithneoidh an tAontas agus na Ballstáit tosaíochtaí coiteanna i réimse an fhillte agus an ath-imeasctha agus áiritheoidh siad go ndéanfar an obair leantach is gá, agus an Straitéis Eorpach um Bainistiú Tearmainn agus Imirce arna glacadh de bhun Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2024/1351 á cur san áireamh, mar aon le cur chun feidhme an nós imeachta teorann um fhilleadh de bhun Rialachán (AE) 2024/1349, an measúnú ar leibhéal an chomhair idir tríú tíortha agus na Ballstáit maidir le hathligean isteach i gcomhréir le hAirteagal 25a de Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 agus ionstraimí an Aontais um athligean isteach agus aon ionstraim eile de chuid an Aontais atá ábhartha don chomhar maidir le hathligean isteach.
4. Áiritheoidh an tAontas agus na Ballstáit comhar dílis agus dlúthchomhar idir na húdaráis inniúla agus idir an tAontas agus na Ballstáit, chomh maith le sineirgíocht idir comhpháirteanna inmheánacha agus seachtracha .
Airteagal 41
Na húdaráis inniúla
Ainmneoidh gach Ballstát, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, na húdaráis inniúla a bheidh freagrach as na hoibleagáidí a eascraíonn as an Rialachán seo a chomhlíonadh.
Airteagal 42
Comhar idir na Ballstáit
1. Déanfar comhar agus cúnamh idir údaráis inniúla arna n-ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 41 chun na gcríoch seo a leanas mar riail ghinearálta:
|
(a) |
idirthuras trína gcríoch a cheadú chun cúnamh a thabhairt ionas gur féidir cinneadh um fhilleadh ó Bhallstát eile a chomhlíonadh nó doiciméid taistil a fháil; |
|
(b) |
cúnamh lóistíochta nó ábhartha nó comhchineáil eile a sholáthar i dtaca le hidirthuras trína gcríoch de bhun phointe (a); |
|
(c) |
an t-aistriú dá dtagraítear in Airteagal 6(1), pointe (b), a éascú; |
|
(d) |
tacú le himeacht náisiúnaigh tríú tír chuig an mBallstát ina bhfuil ceart fanachta aige nó aici i gcomhréir le hAirteagal 6(3). |
2. Féadfar comhar agus cúnamh a bheith ann idir údaráis inniúla arna n-ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 41, lena n-áirítear chun na gcríoch seo a leanas:
|
(a) |
an t-idirphlé beartais a threorú nó tacaíocht a thabhairt dó agus do mhalartuithe le húdaráis tríú tíortha chun athligean isteach a éascú; |
|
(b) |
dul i dteagmháil le húdaráis inniúla tríú tíortha chun céannacht náisiúnach tríú tír a fhíorú agus chun doiciméad taistil bailí a fháil; |
|
(c) |
an socrú praiticiúil maidir le filleadh a fhorfheidhmiú a eagrú thar ceann an Bhallstáit iarrthaigh; |
|
(d) |
cúnamh lóistíochta nó ábhartha nó comhchineáil eile a sholáthar; |
Airteagal 43
Tacaíocht Frontex
1. Féadfaidh na Ballstáit a iarraidh go dtabharfaidh saineolaithe a n-imscarfaidh Frontex iad nó a dtacóidh Frontex leo cúnamh dá n-údaráis inniúla, lena n-áirítear oifigigh idirchaidrimh um fhilleadh agus oifigigh idirchaidrimh eile, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2019/1896.
2. Soláthróidh na Ballstáit faisnéis ábhartha do Frontex maidir leis na riachtanais atá beartaithe do thacaíocht Frontex chun an phleanáil is gá a dhéanamh ar an tacaíocht sin i gcomhréir le Rialachán (AE) 2019/1896.
Airteagal 44
Tacaíocht don fhilleadh agus don ath-imeascadh
1. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh comhairleoireacht maidir le filleadh agus ath-imeascadh ar fáil , chun faisnéis agus treoir a sholáthar, i gcás inarb ábhartha, do náisiúnaigh tríú tír maidir le roghanna um fhilleadh agus ath-imeascadh, lena n-áirítear cláir dá dtagraítear i mír 3, a luaithe is féidir sa phróiseas um fhilleadh. Féadfar comhairleoireacht maidir le filleadh agus ath-imeascadh a chomhcheangal le comhairleoireacht eile i gcomhthéacs nósanna imeachta imirce eile sa Bhallstát.
2. Áiritheoidh na Ballstáit go soláthrófar faisnéis maidir le filleadh agus ath-imeascadh ar a dhéanaí nuair a eiseofar an cinneadh um fhilleadh.
3. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh fáil ar chláir um fhilleadh agus um ath-imeascadh, a fhaigheann tacaíocht nó maoiniú ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal náisiúnta. Áireofar ar na cláir sin cúnamh nó dreasachtaí lóistíochta, airgeadais nó comhchineáil eile, lena n-áirítear cúnamh um ath-imeascadh sa tír a mbeifear ag filleadh uirthi, a sholáthrófar do náisiúnach tríú tír.
4. Ní ceart aonair a bheidh i gcúnamh fillte agus ath-imeasctha agus ní bheidh sé ina réamhriachtanas don nós imeachta um athligean isteach.
5. Léireoidh an cúnamh a sholáthraítear trí na cláir um fhilleadh agus ath-imeascadh leibhéal comhair agus comhlíontachta an náisiúnaigh tríú tír agus d’fhéadfaí é a laghdú le himeacht ama nó d’fhéadfaí é a tharraingt siar. Féadfar na critéir seo a leanas a chur i gcuntas agus cineál agus méid an chúnaimh um fhilleadh agus ath-imeascadh á gcinneadh i gcás inarb infheidhme:
|
(a) |
comhar an náisiúnaigh tríú tír lena mbaineann le linn an nós imeachta um fhilleadh agus um athligean isteach amhail dá bhforáiltear in Airteagal 18; |
|
(b) |
an bhfuil an náisiúnach tríú tír ag filleadh go deonach, nó an bhfuil sé nó sí faoi réir a aistrithe; |
|
(c) |
an bhfuil an náisiúnach tríú tír ina náisiúnach de thríú tír a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1806 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (37); |
|
(d) |
ar ciontaíodh an náisiúnach tríú tír i gcion coiriúil; |
|
(e) |
an bhfuil riachtanais shonracha ag an náisiúnach tríú tír mar gheall go bhfuil sé nó sí ina dhuine leochaileach nó ina duine leochaileach, ina mhionaoiseach nó ina mionaoiseach, ina mhionaoiseach neamhthionlactha nó ina mionaoiseach neamhthionlactha nó ina chuid nó ina cuid de theaghlach; |
|
(f) |
critéir bhreise faoin dlí náisiúnta. |
6. Ní dheonófar an cúnamh dá dtagraítear san Airteagal seo do náisiúnaigh tríú tír a bhain tairbhe cheana as tacaíocht eile nó as an tacaíocht chéanna a sholáthair Ballstát nó an tAontas. Áiritheoidh an tAontas, na Ballstáit agus Frontex comhleanúnachas agus comhordú maidir le cúnamh um ath-imeascadh.
CAIBIDIL X
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHE
Airteagal 45
Staideanna éigeandála
1. I gcásanna ina gcuireann líon thar a bheith mór náisiúnach tríú tír atá le filleadh ualach gan choinne agus trom ar acmhainneacht saoráidí coinneála Ballstáit nó ar a fhoireann riaracháin nó bhreithiúnach, féadfaidh an Ballstát sin, fad a mhaireann an staid eisceachtúil, cinneadh a dhéanamh tréimhsí a lamháil is faide ná na tréimhsí dá bhforáiltear in Airteagal 27(1), Airteagal 31(3) agus Airteagal 36(7) agus bearta práinneacha a dhéanamh i leith dhálaí na coinneála de mhaolú orthu sin a leagtar amach in Airteagail 32(1) agus Airteagal 33(2). Féadfaidh na Ballstáit nósanna imeachta riaracháin agus ceanglais tuairiscithe inmheánacha a choigeartú go sealadach chun oibríochtaí um fhilleadh a bhrostú, ar choinníoll go bhfuil géarghá leis na coigeartuithe sin chun aghaidh a thabhairt ar an gcás eisceachtúil.
2. Má théann sé i muinín na mbeart eisceachtúil sin, cuirfidh an Ballstát lena mbaineann an Coimisiún ar an eolas faoi sin gan mhoill. Cuirfidh sé in iúl don Choimisiún é freisin a luaithe nach ann a thuilleadh do na cúiseanna leis na bearta eisceachtúla seo a chur i bhfeidhm.
3. Ní léireofar aon ní san Airteagal seo mar ní lena gceadaítear do na Ballstáit maolú ar a n-oibleagáid ghinearálta na bearta iomchuí uile a dhéanamh, cibé acu is bearta ginearálta nó bearta sonracha iad, lena áirithiú go gcomhlíonfar a n-oibleagáidí faoin Rialachán seo.
Airteagal 46
Staidreamh
1. Chun faireachán a dhéanamh ar an gcomhar le tríú tíortha maidir le hathligean isteach, féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar bhonn bliantúil go gcuirfear na sonraí seo a leanas in iúl do Frontex, maidir le tríú tíortha ábhartha, imdhealaithe de réir gach tríú tír:
|
(a) |
líon na n-iarrataí ar dheimhniú náisiúntachta agus líon na bhfreagraí dearfacha agus diúltacha a fuarthas maidir le hiarrataí ar náisiúntacht a dheimhniú; |
|
(b) |
líon na n-iarrataí ar dhoiciméid taistil a eisiúint, lena n-áirítear líon na n-iarrataí ar dhoiciméid taistil a eisiúint i gcásanna inar deimhníodh náisiúntacht, líon na ndoiciméad taistil arna n-eisiúint ag údaráis tríú tír agus líon na bhfreagraí diúltacha maidir le hiarratas ar dhoiciméid taistil a eisiúint. |
2. Tabharfaidh Frontex rochtain don Choimisiún ar na sonraí dá dtagraítear i mír 1. Na sonraí dá dtagraítear i mír 1, pointí (a) agus (b), agus iad imdhealaithe de réir Ballstáit , féadfar iad a chur in iúl do thríú tíortha ar mhaithe le faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme agus ar chomhlíonadh oibleagáidí um athligean isteach, lena n-áirítear faoi chuimsiú ionstraimí an Aontais um athligean isteach.
3. Soláthróidh na Ballstáit, ar iarraidh a fháil ón gCoimisiún, an fhaisnéis is gá chun an measúnú a dhéanamh de bhun Airteagal 7(9), go háirithe an staidreamh ar líon na náisiúnach tríú tír atá faoi réir cinntí um fhilleadh arna n-eisiúint ag Ballstát eile agus líon na náisiúnach tríú tír a aistríodh nó a filleadh ar bhonn cinntí aitheanta um fhilleadh agus, i gcás inarb ábhartha, cinntí lena n-ordaítear aistriú arna n-eisiúint ag Ballstát eile laistigh de thréimhse ama shonraithe.
4. Chun críocha an Airteagail seo agus i gcás inar féidir, bainfidh an Coimisiún úsáid as an bhfaisnéis a chuirtear ar fáil faoi Rialachán (CÉ) Uimh. 862/2007.
5. I gcás ina dtíolacfaidh an Coimisiún togra reachtach faoi Airteagal 7(10), molfaidh sé, más gá, leasuithe ar an Airteagal seo, agus forbairtí reachtacha ábhartha sa digitiú á gcur san áireamh.
Airteagal 47
Nós imeachta coiste
1. Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
2. I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. I gcás nach dtugann an coiste aon tuairim, ní dhéanfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme a ghlacadh agus beidh feidhm ag Airteagal 5(4), an tríú fomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
Airteagal 48
Tuairisciú
1. Faoin 17 Deireadh Fómhair 2031 agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, tuairisceoidh an Coimisiún do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo sna Ballstáit agus, i gcás inarb iomchuí, molfaidh sé leasuithe.
2. Arna iarraidh sin don Choimisiún, seolfaidh na Ballstáit chuige an fhaisnéis atá ar fáil atá riachtanach chun a thuarascáil a tharraingt suas de bhun mhír 1, tráth nach déanaí ná 9 mí sula rachaidh an teorainn ama sin in éag. I gcás inar féidir, bainfidh an Coimisiún úsáid as an bhfaisnéis a chuirtear ar fáil faoi Rialachán (CE) Uimh. 862/2007.
Airteagal 49
Aisghairm
1. Déantar Treoir 2008/115/CE , Treoir 2001/40/CE agus Cinneadh 2004/191/CE a aisghairm maidir leis na Ballstáit atá faoi cheangal ag an Rialachán seo, le héifeacht ón 17 Deireadh Fómhair 2027.
2. Déanfar tagairtí do na Treoracha aisghairthe agus don Chinneadh aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil atá san Iarscríbhinn.
Airteagal 50
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
1. Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
2. Beidh Airteagal 1, Airteagal 2(1), (2) agus (3), Airteagal 3, pointe (3), Airteagal 4, Airteagal 5(13) agus (15), Airteagail 14, 15, 16, 34, 35, 41, 43, 47, 48 agus 49 infheidhme amhail ón 16 Deireadh Fómhair 2026.
3. Beidh feidhm ag forálacha eile an Rialacháin seo ón 17 Deireadh Fómhair 2027.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.
Arna dhéanamh in Strasbourg, an 7 Deireadh Fómhair 2026.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
R. METSOLA
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
T. BYRNE
(1) IO C, C/2026/33, 16.1.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/33/oj.
(2) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Meitheamh 2026 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 1 Deireadh Fómhair 2026.
(3) Rialachán (AE) 2024/1351 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 maidir le bainistiú tearmainn agus imirce, lena leasaítear Rialacháin (AE) 2021/1147 agus (AE) 2021/1060, agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 (IO L, 2024/1351, 22.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1351/oj).
(4) Treoir 2001/40/CE ón gComhairle an 28 Bealtaine 2001 maidir le haitheantas frithpháirteach cinntí i dtaca le náisiúnaigh tríú tír a dhíbirt (IO L 149, 2.6.2001, lch. 34, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2001/40/oj).
(5) Treoir 2008/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le caighdeáin choiteanna agus nósanna imeachta coiteanna sna Ballstáit i ndáil le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a fhilleadh (IO L 348, 24.12.2008, lch. 98, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2008/115/oj).
(6) Moladh (AE) 2017/2338 ón gCoimisiún an 16 Samhain 2017 lena mbunaítear ‘Lámhleabhar coiteann maidir le Filleadh’ a bheidh le húsáid ag údaráis inniúla na mBallstát agus cúraimí a bhaineann le filleadh á gcur i gcrích acu (IO L 339, 19.12.2017, lch. 83, ELI: http://data.europa.eu/eli/reco/2017/2338/oj).
(7) Moladh (AE) 2023/682 ón gCoimisiún an 16 Márta 2023 maidir le haitheantas frithpháirteach do chinntí um fhilleadh agus maidir le dlús a chur le filleadh agus Treoir 2008/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle á cur chun feidhme IO L 86, 24.3.2023, lch. 58, ELI: http://data.europa.eu/eli/reco/2023/682/oj.
(8) Rialachán (AE) 2024/1348 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 lena mbunaítear nós imeachta coiteann le haghaidh cosaint idirnáisiúnta san Aontas agus lena n-aisghairtear Treoir 2013/32/AE (IO L, 2024/1348, 22.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1348/oj).
(9) Rialachán (AE) 2024/1349 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 lena mbunaítear nós imeachta teorann um fhilleadh, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/1148 (IO L, 2024/1349, 22.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1349/oj).
(10) Rialachán (AE) 2018/1726 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibriochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (eu-LISA) agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 agus Cinneadh 2007/533/CGB ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011 (IO L, 295, 21.11.2018, lch. 99, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1726/oj).
(11) Rialachán (AE) 2024/1356 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 lena dtugtar isteach scagadh ar náisiúnaigh tríú tír ag na teorainneacha seachtracha agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 767/2008, (AE) 2017/2226, (AE) 2018/1240 agus (AE) 2019/817 (IO L, 2024/1356, 22.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1356/oj).
(12) Rialachán (AE) 2022/922 ón gComhairle an 9 Meitheamh 2022 maidir le bunú agus oibriú sásra meastóireachta agus faireacháin chun cur i bhfeidhm acquis Schengen a fhíorú, agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013 (IO L 160, 15.6.2022, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/922/oj)
(13) Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 lena mbunaítear Cód Comhphobail maidir le Víosaí (Cód Víosaí) (IO L 243, 15.9.2009, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2009/810/oj).
(14) Rialachán (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Samhain 2019 maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1052/2013 agus (AE) 2016/1624 (IO L 295, 14.11.2019, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/1896/oj).
(15) Rialachán (AE) 2018/1860 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Samhain 2018 maidir le húsáid Córas Faisnéise Schengen chun náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a fhilleadh (IO L 312, 7.12.2018, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1860/oj).
(16) Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/679/oj).
(17) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1725/oj).
(18) Rialachán (AE) 2021/1147 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2021 lena mbunaítear an Ciste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht (IO L 251, 15.7.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/1147/oj).
(19) Rialachán (CE) Uimh. 862/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Iúil 2007 maidir le staidreamh Comhphobail i ndáil le himirce agus le cosaint idirnáisiúnta agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 311/76 ón gComhairle maidir le staidreamh i ndáil le hoibrithe ón gcoigríoch a thiomsú (IO L 199, 31.7.2007, lch. 2, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2007/862/oj).
(20) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2011/182/oj).
(21) Cinneadh 2004/191/CE ón gComhairle an 23 Feabhra 2004 lena leagtar amach na critéir agus na socruithe praiticiúla chun na míchothromaíochtaí airgeadais a chúiteamh ar toradh iad ar chur i bhfeidhm Threoir 2001/40/CE maidir le haitheantas frithpháirteach cinntí i dtaca le náisiúnaigh tríú tír a dhíbirt (IO L 60, 27.2.2004, lch. 55, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2004/191/oj).
(22) IO L 176, 10.7.1999, lch. 36, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/1999/439(1)/oj.
(23) Cinneadh 1999/437/CE ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999 maidir le socruithe áirithe i dtaca le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 176, 10.7.1999, lch. 31, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/1999/437/oj).
(24) IO L 53, 27.2.2008, lch. 52, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2008/178(1)/oj.
(25) Cinneadh 2008/146/CE ón gComhairle an 28 Eanáir 2008 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 53, 27.2.2008, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2008/146/oj).
(26) Cinneadh 2011/350/AE ón gComhairle an 7 Márta 2011 maidir le tabhairt i gcrích an Phrótacail, thar ceann an Aontais Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, a bhaineann le seiceálacha ag na teorainneacha inmheánacha a dhíothú agus le gluaiseacht daoine (IO L 160, 18.6.2011, lch. 19, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2011/350/oj).
(27) Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le Cód an Aontais maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen) (IO L 77, 23.3.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/399/oj).
(28) Cinneadh 2004/573/CE ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le heitiltí comhpháirteacha a eagrú chun náisiúnaigh tríú tír atá ina n-ábhair d’orduithe leithleacha aistrithe a aistriú ó chríoch dhá cheann nó níos mó de na Ballstáit (IO L 261, 6.8.2004, lch. 28, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2004/573/oj).
(29) Rialachán (AE) 2018/1861 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Samhain 2018 maidir le Córas Faisnéise Schengen a bhunú, a oibriú agus a úsáid i réimse na seiceálacha teorann, lena leasaítear an Coinbhinsiún lena gcuirtear Comhaontú Schengen chun feidhme, agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 (IO L 312, 7.12.2018, lch. 14, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1861/oj).
(30) Cinneadh Réime 2002/584/CGB ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir leis an mbarántas gabhála Eorpach agus na nósanna imeachta um thabhairt suas idir na Ballstáit — Ráitis arna ndéanamh ag Ballstáit áirithe maidir le glacadh an Chinnidh Réime (IO L 190, 18.7.2002, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_framw/2002/584/oj).
(31) Treoir (AE) 2017/541 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir leis an sceimhlitheoireacht a chomhrac, agus lena n-ionadaítear Cinneadh Réime 2002/475/CGB ón gComhairle agus lena leasaítear Cinneadh 2005/671/CGB ón gComhairle (IO L 88, 31.3.2017, lch. 6, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2017/541/oj).
(32) Treoir (AE) 2024/1346 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 lena leagtar síos caighdeáin chun glacadh le hiarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta (IO L, 2024/1346, 22.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1346/oj).
(33) Rialachán (AE) 2024/1358 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 maidir le bunú ‘Eurodac’ chun sonraí bithmhéadracha a chur i gcomparáid le chéile chun Rialacháin (AE) 2024/1351 agus (AE) 2024/1350 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2001/55/CE ón gComhairle a chur i bhfeidhm go héifeachtach, agus chun náisiúnaigh tríú tír agus daoine gan stát atá ag fanacht go neamhdhleathach a shainaithint, agus maidir le hiarrataí ó údaráis forfheidhmithe dlí na mBallstát agus iarrataí ó Europol ar chomparáidí a dhéanamh le sonraí Eurodac chun críocha fhorfheidhmiú an dlí, lena leasaítear Rialacháin (AE) 2018/1240 agus (AE) 2019/818 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 603/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L, 2024/1358, 22.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1358/oj).
(34) Rialachán (AE) 2016/1953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le doiciméad taistil Eorpach a bhunú i ndáil le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a fhilleadh, agus lena n-aisghairtear Moladh ón gComhairle an 30 Samhain 1994 (IO L 311, 17.11.2016, lch. 13, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/1953/oj).
(35) Rialachán (AE) 2019/818 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le creat a bhunú le haghaidh idir-inoibritheacht idir córais faisnéise AE i réimse an chomhair phóilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh, an tearmainn agus na himirce agus lena leasaítear Rialacháin (AE) 2018/1726, (AE) 2018/1862 agus (AE) 2019/816 (IO L 135, 22.5.2019, lch. 85, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/818/oj).
(36) Rialachán (AE) 2018/1240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meán Fómhair 2018 lena mbunaítear Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS) agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1077/2011, (AE) Uimh. 515/2014, (AE) 2016/399, (AE) 2016/1624 agus (AE) 2017/2226 (IO L 236, 19.9.2018, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1240/oj).
(37) Rialachán (AE) 2018/1806 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 lena liostaítear na tríú tíortha a mbeidh ar a náisiúnaigh víosaí a bheith ina seilbh acu ar thrasnú teorainneacha seachtracha dóibh agus lena liostaítear na tríú tíortha a mbeidh a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas sin (IO L 303, 28.11.2018, lch. 39, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1806/oj).
IARSCRÍBHINN
Tábla comhghaoil
|
Treoir 2001/40/CE |
Cinneadh 2004/191/CE |
Treoir 2008/115/CE |
An Rialachán seo |
|
|
|
Airteagal 1 |
Airteagal 1 |
|
|
|
Airteagal 2 |
Airteagal 2 |
|
|
|
Airteagal 3, pointe 1 |
Airteagal 3, pointe (1) |
|
|
|
Airteagal 3, pointe 2 |
Airteagal 3, pointe (2) |
|
|
|
Airteagal 3, pointe 3 |
Airteagal 3, pointí (3) and (5) |
|
|
|
Airteagal 3, pointe 4 |
Airteagal 3, pointe (4) |
|
|
|
Airteagal 3, pointe 5 |
Airteagal 3, pointe (7) |
|
|
|
Airteagal 3, pointe 6 |
Airteagal 3, pointe (10) |
|
|
|
Airteagal 3, pointe 7 |
Airteagal 19 |
|
|
|
Airteagal 3, pointe 8 |
Airteagal 3, pointe (8) |
|
|
|
Airteagal 3, pointe 9 |
— |
|
|
|
Airteagail 4(1) go (3) |
— |
|
|
|
Airteagal 4(4) |
Airteagal 2(7) |
|
|
|
Airteagal 5 |
Airteagal 4 and Airteagal 15 |
|
|
|
Airteagal 6(1) |
Airteagal 5(1), (9) agus (10) |
|
|
|
Airteagal 6(2) |
Airteagal 6(2) agus (3) |
|
|
|
Airteagal 6(3) |
Airteagal 6(1), pointe (b) |
|
|
|
Airteagal 6(4) |
— |
|
|
|
Airteagal 6(5) |
— |
|
|
|
Airteagal 6(6) |
Airteagal 5(12) |
|
|
|
Airteagal 7(1) |
Airteagal 5(2) agus (3) |
|
|
|
Airteagal 7(2) |
AirteagalArticle 5(4) |
|
|
|
Airteagal 7(3) |
Airteagal 20 agus Airteagal 23 |
|
|
|
Airteagal7(4) |
Airteagal 5(2), pointe (b) agus Airteagal 5(5) |
|
|
|
Airteagal 8(1) go (5) |
Airteagal 10 |
|
|
|
Airteagal 8(6) |
Airteagal 12 |
|
|
|
Airteagal 9 |
Airteagal 11(1) go (5) agus (7) |
|
|
|
Airteagal 10 |
Airteagal 17 |
|
|
|
Airteagal 11 |
Airteagal 8 agus Airteagal 9 |
|
|
|
Airteagal 12 |
Airteagal 5(7), (8) agus (11) agus Airteagal 8(3) |
|
|
|
Airteagal13(1) agus (2) |
Airteagal 26, Airteagal 27 and Airteagal 28 |
|
|
|
Airteagal 13(3) agus (4) |
Airteagal 25 |
|
|
|
Airteagal 14(1) |
Airteagal 11(6) |
|
|
|
Airteagal 14(2) |
Airteagal 11(4) |
|
|
|
Airteagal 15(1) |
Airteagal 29(1), (2) agus (3), pointí (a) agus (b) |
|
|
|
Airteagal 15(2) |
Airteagal 29(4), Airteagal 30(2) agus Airteagal 31(3) |
|
|
|
Airteagal 15(3) |
Airteagal 31(1) agus (2) |
|
|
|
Airteagal 15(4) |
Airteagal 30(2) |
|
|
|
Airteagal 15(5) |
Airteagal 30(1) agus (3), an chéad abairt |
|
|
|
Airteagal 15(6) |
Airteagal 30(3), an chéad fhomhír, an dara habairt agus Airteagal 30(3), an dara fomhír |
|
|
|
Airteagal 16 |
Airteagal 32 |
|
|
|
Airteagal 17 |
Airteagal 33 |
|
|
|
Airteagal 18 |
Airteagal 45 |
|
Airteagail 1 go 6 |
|
— |
Airteagal 7(1) go (8) |
|
|
Airteagail 1 go 3 |
— |
— |
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2026/2280/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)