An Bhruiséil,14.7.2021

COM(2021) 559 final

IARSCRÍBHINNÍ

a ghabhann leis an

Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

maidir le himscaradh bonneagair breoslaí ionadúla, agus lena n‑aisghairtear Treoir 2014/94/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

{SEC(2021) 560 final} - {SWD(2021) 631 final} - {SWD(2021) 632 final} - {SWD(2021) 637 final} - {SWD(2021) 638 final}


IARSCRÍBHINN I

Tuairisciú

Beidh na gnéithe seo a leanas ar a laghad sa tuarascáil ar dhul chun cinn dá dtagraítear in Airteagal 14(1) den Rialachán:

1.socrú spriocanna

(a)réamh‑mheastacháin maidir le glacadh feithiclí an 31 Nollaig le haghaidh na mblianta 2025, 2030 agus 2035:

–feithiclí bóthair saothair éadroim agus idirdhealú á dhéanamh idir feithiclí ceallra-leictreacha, feithiclí hibride inluchtaithe agus feithiclí hidrigine;

–feithiclí bóthair tromshaothair agus idirdhealú á dhéanamh idir feithiclí ceallra-leictreacha agus feithiclí hidrigine;

(b)spriocanna le haghaidh an 31 Nollaig 2025, 2030 agus 2035 maidir leis na nithe seo a leanas:

–bonneagar athluchtaithe leictrigh le haghaidh feithiclí saothair éadroim: an líon stáisiún athluchtaithe agus an t‑aschur cumhachta (aicmiú na stáisiún athluchtaithe de réir Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo);

–stáisiúin athluchtaithe le haghaidh feithiclí saothair éadroim nach bhfuil inrochtana ag an bpobal a fhorbairt;

–bonneagar athluchtaithe leictrigh le haghaidh feithiclí tromshaothair: an líon stáisiún athluchtaithe agus an chumhacht aschuir

–stáisiúin athluchtaithe le haghaidh feithiclí tromshaothair nach bhfuil inrochtana ag an bpobal a fhorbairt;

–stáisiúin athbhreoslaithe hidrigine: an líon stáisiún athbhreoslaithe, acmhainn na stáisiún athbhreoslaithe agus an cónascaire arna sholáthar;

–stáisiúin athbhreoslaithe GNL ar bóthar: an líon stáisiún athbhreoslaithe agus acmhainn na stáisiún;

–Pointí athbhreoslaithe GNL ag calafoirt mhuirí chroíghréasán TEN-T agus gréasán cuimsitheach TEN-T, lena n‑áirítear an suíomh (calafort) agus an acmhainn in aghaidh an chalafoirt;

–Soláthar leictreachais cois cladaigh ag calafoirt mhuirí chroíghréasán TEN-T agus gréasán cuimsitheach TEN-T, lena n‑áirítear suíomh beacht (calafort) agus acmhainn gach suiteála laistigh den chalafort;

–soláthar leictreachais cois cladaigh ag calafoirt uiscebhealaí intíre chroíghréasán TEN-T agus gréasán cuimsitheach TEN-T, lena n‑áirítear suíomh (calafort) agus acmhainn;

–soláthar leictreachais le haghaidh aerárthaí ina stad, an líon suiteálacha de chroíghréasán TEN-T agus de ghréasán cuimsitheach TEN-T in aghaidh an aerfoirt;

–spriocanna agus cuspóirí náisiúnta eile nach ann do spriocanna náisiúnta éigeantacha ar fud an Aontais ina leith. I gcás bonneagar breoslaí ionadúla i gcalafoirt, in aerfoirt agus i gcás iarnróid, ní mór suíomh agus acmhainn/méid na suiteála a thuairisciú;

2.rátaí úsáide: i gcás na gcatagóirí faoi phointe 1(b), úsáid an bhonneagair sin a thuairisciú;

3.a mhéid a baineadh amach na cuspóirí náisiúnta a tuairiscíodh chun breoslaí ionadúla a chur in úsáid sna modhanna iompair éagsúla (bóthar, iarnród, uisce agus aer):

–a mhéid a baineadh amach na spriocanna maidir le cur in úsáid bonneagair dá dtagraítear i bpointe 1(b) le haghaidh na modhanna iompair uile, go háirithe le haghaidh stáisiúin athluchtaithe leictrigh, córas bóthair leictreach (más infheidhme), stáisiúin athbhreoslaithe hidrigine, soláthar leictreachais cois cladaigh i gcalafoirt mhuirí agus i gcalafoirt uiscebhealaí intíre, buncaeireacht GNL ag príomh‑chalafoirt mhuirí TEN-T, bonneagar breoslaí ionadúla eile i gcalafoirt, soláthar leictreachais le haghaidh aerárthaí ina stad, agus le haghaidh pointí athbhreoslaithe hidrigine agus pointí athluchtaithe leictreacha i gcomhair traenacha freisin;

–i gcás pointí athluchtaithe, ba cheart an cóimheas idir an bonneagar poiblí agus an bonneagar príobháideach a shonrú;

–bonneagar breoslaí ionadúla a chur in úsáid laistigh de nóid uirbeacha;

4.bearta dlíthiúla: faisnéis faoi bhearta dlíthiúla, lena bhféadfaí bearta reachtacha, rialála nó riaracháin a chuimsiú chun tacú le bonneagar a fhorbairt le haghaidh breoslaí ionadúla, amhail ceadanna tógála, ceadanna carrchlóis, deimhniú maidir le feidhmíocht gnóthaí ó thaobh an chomhshaoil de agus lamháltais le haghaidh stáisiúin bhreosla;

5.faisnéis faoi bhearta beartais chun tacú le cur chun feidhme an chreata beartais náisiúnta, lena n‑áirítear:

–dreasachtaí díreacha chun modhanna iompair lena n‑úsáidtear breoslaí ionadúla a cheannach nó chun an bonneagar a chur ar bun;

–infhaighteacht dreasachtaí cánach chun modhanna iompair lena n‑úsáidtear breoslaí ionadúla a chur chun cinn, mar aon leis an mbonneagar lena mbaineann;

–úsáid a bhaint as soláthar poiblí chun tacú le breoslaí ionadúla, lena n‑áirítear comhsholáthar;

–dreasachtaí neamhairgeadais de réir an éilimh, mar shampla rochtain fhabhrach ar limistéir theoranta, beartas páirceála agus lánaí tiomnaithe;

6.tacaíocht na hearnála poiblí i dtaca le cur in úsáid agus monarú, lena n‑áirítear:

–an buiséad poiblí bliantúil arna leithdháileadh chun bonneagar breoslaí ionadúla a chur in úsáid, arna mhiondealú de réir an bhreosla ionadúil agus de réir an mhodha iompair (bóthar, iarnród, uisce agus aer);

–an buiséad poiblí bliantúil arna leithdháileadh chun tacú le monarchana monaraíochta le haghaidh teicneolaíochtaí breoslaí ionadúla, arna mhiondealú de réir an bhreosla ionadúil agus de réir an mhodha iompair;

–breithniú ar aon riachtanas ar leith le linn na céime tosaigh de chur in úsáid bonneagar breoslaí ionadúla;

7.taighde, forbairt theicneolaíoch agus gníomhaíochtaí taisealbhaidh: an buiséad poiblí bliantúil arna leithdháileadh chun tacú le taighde, forbairt theicneolaíoch agus gníomhaíochtaí taisealbhaidh i dtaca le breoslaí ionadúla, arna mhiondealú de réir an bhreosla agus a thionscnaimh, agus idirdhealú á dhéanamh idir foirmeacha iontaise agus in‑athnuaite, agus arna mhiondealú de réir an mhodha iompair.

IARSCRÍBHINN II

Sonraíochtaí teicniúla

1.Sonraíochtaí teicniúla maidir le soláthar leictreachais le haghaidh iompar de bhóthar

1.1.Pointí athluchtaithe gnáthchumhachta le haghaidh feithiclí leictreacha: pointí athluchtaithe gnáthchumhachta ag a bhfuil sruth ailtéarnach (SA) le haghaidh feithiclí leictreacha, beidh siad feistithe, chun críoch idir-inoibritheachta, le hasraonta soicéid nó le nascóirí feithicle de Chineál 2 ar a bhfuil tuairisc i gcaighdeán EN 62196-2:2017.

1.2.Pointí athluchtaithe ardchumhachta le haghaidh mótarfheithiclí:

–pointí athluchtaithe ardchumhachta ag a bhfuil sruth ailtéarnach (SA) le haghaidh feithiclí leictreacha, beidh siad feistithe, chun críoch idir-inoibritheachta, le nascóirí feithicle de Chineál 2 ar a bhfuil tuairisc i gcaighdeán EN 62196-2:2017;

–pointí athluchtaithe ardchumhachta ag a bhfuil sruth díreach (SD) le haghaidh busanna leictreacha, beidh siad feistithe, chun críoch idir‑inoibritheachta, le nascóirí an chomhchórais luchtaithe ‘Combo 2’, ar a bhfuil tuairisc i gcaighdeán EN 62196-3:2014.

1.3.Pointí athluchtaithe gan sreang le haghaidh mótarfheithiclí mar a shonraítear le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/[.../...] ón gCoimisiún lena bhforlíontar Treoir 2014/94/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin maidir le pointí athluchtaithe gan sreang le haghaidh mótarfheithiclí..

1.4.Pointí athluchtaithe le haghaidh mótarfheithiclí de chatagóir L mar a shonraítear le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1745 ón gCoimisiún.

1.5.Pointí athluchtaithe le haghaidh busanna leictreacha mar a shonraítear le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/[.../...] ón gCoimisiún lena bhforlíontar Treoir 2014/94/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin maidir le pointí athluchtaithe gan sreang le haghaidh mótarfheithiclí .

1.6.Sonraíochtaí teicniúla maidir le malartú ceallraí le haghaidh mótarfheithiclí.

1.7.Sonraíochtaí teicniúla maidir leis an nascóir le n‑athluchtaítear feithiclí tromshaothair (luchtú SD).

1.8.Sonraíochtaí teicniúla maidir le hathluchtú ionduchtach statach gan sreang le haghaidh gluaisteáin paisinéirí agus feithiclí tráchtála saothair éadroim.

1.9.Sonraíochtaí teicniúla maidir le hathluchtú ionduchtach statach gan sreang le haghaidh feithiclí tromshaothair.

1.10.Sonraíochtaí teicniúla maidir le hathluchtú ionduchtach dinimiciúil gan sreang le haghaidh gluaisteáin paisinéirí agus feithiclí saothair éadroim.

1.11.Sonraíochtaí teicniúla maidir le hathluchtú ionduchtach dinimiciúil gan sreang le haghaidh feithiclí tromshaothair.

1.12.Sonraíochtaí teicniúla maidir le hathluchtú ionduchtach statach gan sreang le haghaidh busanna leictreacha.

1.13.Sonraíochtaí teicniúla maidir le hathluchtú ionduchtach dinimiciúil gan sreang le haghaidh busanna leictreacha.

1.14.Sonraíochtaí teicniúla maidir le córas leictreach ar bóthar (ERS) i gcomhair soláthar cumhachta dinimiciúil lastuas trí bhíthin pantagraf le haghaidh feithiclí tromshaothair.

1.15.Sonraíochtaí teicniúla maidir le córas leictreach ar bóthar le haghaidh soláthar cumhachta dinimiciúil ar leibhéal na talún trí bhíthin ráillí seoltacha le haghaidh gluaisteáin paisinéirí, feithiclí saothair éadroim agus feithiclí tromshaothair.

1.16.Sonraíochtaí teicniúla maidir le malartú ceallraí le haghaidh feithiclí de chatagóir L.

1.17.Más indéanta, sonraíochtaí teicniúla maidir le malartú ceallraí le haghaidh gluaisteáin paisinéirí agus feithiclí saothair éadroim.

1.18.Más indéanta, sonraíochtaí teicniúla maidir le malartú ceallraí le haghaidh feithiclí tromshaothair.

1.19.Sonraíochtaí teicniúla maidir le stáisiúin athluchtaithe chun rochtain d’úsáideoirí faoi mhíchumas a áirithiú.

2.Sonraíochtaí teicniúla maidir leis an malartú cumarsáide san éiceachóras athluchtaithe le haghaidh feithiclí leictreacha

2.1.Sonraíochtaí teicniúla maidir leis an gcumarsáid idir an fheithicil leictreach agus an pointe athluchtaithe (cumarsáid ó fheithicil go heangach).

2.2.Sonraíochtaí teicniúla maidir leis an gcumarsáid idir an pointe athluchtaithe agus córas bainistíochta an phointe athluchtaithe (cumarsáid chúil).

2.3.Sonraíochtaí teicniúla maidir leis an gcumarsáid idir oibreoir an phointe athluchtaithe, na soláthraithe seirbhíse leictrea-shoghluaisteachta agus ardáin ríomhfhánaíochta.

2.4.Sonraíochtaí teicniúla maidir leis an gcumarsáid idir oibreoir an phointe athluchtaithe agus na hoibreoirí córais dáilte.

3.Sonraíochtaí teicniúla maidir le soláthar hidrigine le haghaidh iompar de bhóthar

3.1.Pointí athbhreoslaithe hidrigine allamuigh lena ndáiltear hidrigin gásach a úsáidtear mar bhreosla ar bord mótarfheithiclí, comhlíonfaidh na pointí sin sonraíochtaí teicniúla na sonraíochta um Breoslú le Hidrigin Ghásach ISO/TS 20100.

3.2.Íonacht na hidrigine arna dáileadh ag pointí athbhreoslaithe hidrigine comhlíonfaidh an íonacht sin na sonraíochtaí teicniúla a áirítear i gcaighdeán ISO 14687:2019.

3.3.Bainfidh pointí athbhreoslaithe hidrigine úsáid as algartaim bhreoslaithe atá i gcomhréir leis an tsonraíocht um Breoslú le Hidrigin Ghásach ISO 19880-1:2020.

3.4.Nascóirí mótarfheithiclí lena n‑athbhreoslaítear le hidrigin ghásach, comhlíonfaidh siad caighdeán ISO 17268:2020 maidir le gairis nasctha athbhreoslaithe le haghaidh mótarfheithiclí ina n‑úsáidtear hidrigin ghásach.

3.5.Sonraíochtaí teicniúla maidir le nascóirí le haghaidh pointí athbhreoslaithe lena ndáiltear hidrigin ghásach (chomhbhrúite) le haghaidh feithiclí tromshaothair.

3.6.Sonraíochtaí teicniúla maidir le nascóirí le haghaidh pointí athbhreoslaithe lena ndáiltear hidrigin leachtaithe le haghaidh feithiclí tromshaothair.

4.Sonraíochtaí teicniúla maidir le soláthar leictreachais le haghaidh iompar muirí agus loingseoireacht intíre

4.1.Soláthar leictreachais cois cladaigh le haghaidh longa muirghabhála, lena n‑áirítear dearadh, suiteáil agus tástáil na gcóras, comhlíonfaidh siad sonraíochtaí teicniúla chaighdeán IEC/IEEE 80005-1:2019 a mhéid a bhaineann le naisc ísealvoltais agus ardvoltais cois cladaigh.

4.2.Soláthar leictreachais cois cladaigh le haghaidh soithí uiscebhealaí intíre, comhlíonfaidh sé Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1745 ón gCoimisiún.

4.3.Sonraíochtaí teicniúla maidir le pointí athluchtaithe ceallraí cois cladaigh le haghaidh soithí muirí, lena n‑áirítear idirnascacht agus idir-inoibritheacht na gcóras le haghaidh soithí muirí.

4.4.Sonraíochtaí teicniúla maidir le pointí athluchtaithe ceallraí cois cladaigh le haghaidh soithí loingseoireachta intíre, lena n‑áirítear idirnascacht agus idir-inoibritheacht na gcóras le haghaidh soithí loingseoireachta intíre.

4.5.Sonraíochtaí teicniúla maidir le comhéadan cumarsáide ó chalafoirt go heangach i soláthar cumhachta ar tír uathoibríoch agus i gcórais athluchtaithe ceallraí le haghaidh soithí muirí.

4.6.Sonraíochtaí teicniúla maidir le comhéadan cumarsáide ó chalafort go heangach i soláthar cumhachta ar tír uathoibríoch agus i gcórais athluchtaithe ceallraí le haghaidh soithí loingseoireachta intíre.

4.7.Más indéanta, sonraíochtaí teicniúla maidir le malartú agus athluchtú ceallraí ag stáisiúin ar tír le haghaidh soithí loingseoireachta intíre.

5.Sonraíochtaí teicniúla maidir le buncaeireacht i gcomhair hidrigin le haghaidh iompar muirí agus loingseoireacht intíre

5.1.Sonraíochtaí teicniúla maidir le pointí athbhreoslaithe agus buncaeireacht i gcomhair hidrigin ghásach (chomhbhrúite) le haghaidh soithí muirí faoi thiomáint hidrigine.

5.2.Sonraíochtaí teicniúla maidir le pointí athbhreoslaithe agus buncaeireacht i gcomhair hidrigin ghásach (chomhbhrúite) le haghaidh soithí loingseoireachta intíre faoi thiomáint hidrigine.

6.Sonraíochtaí teicniúla maidir le buncaeireacht i gcomhair meatánól le haghaidh iompar muirí agus loingseoireacht intíre

6.1.Sonraíochtaí teicniúla maidir le pointí athbhreoslaithe agus buncaeireacht i gcomhair meatánól le haghaidh soithí muirí faoi thiomáint meatánóil.

6.2.Sonraíochtaí teicniúla maidir le pointí athbhreoslaithe agus buncaeireacht i gcomhair meatánól in‑athnuaite le haghaidh soithí loingseoireachta intíre faoi thiomáint meatánóil.

7.Sonraíochtaí teicniúla maidir le buncaeireacht i gcomhair amóinia le haghaidh iompar muirí agus loingseoireacht intíre

7.1.Sonraíochtaí teicniúla maidir le pointí athbhreoslaithe agus buncaeireacht i gcomhair amóinia in‑athnuaite le haghaidh soithí muirí faoi thiomáint amóinia.

7.2.Sonraíochtaí teicniúla maidir le pointí athbhreoslaithe agus buncaeireacht i gcomhair amóinia in‑athnuaite le haghaidh soithí loingseoireachta intíre faoi thiomáint amóinia.

8.Sonraíochtaí teicniúla maidir le pointí athbhreoslaithe gáis nádúrtha

8.1.Pointí athbhreoslaithe gáis nádúrtha chomhbhrúite le haghaidh mótarfheithiclí, comhlíonfaidh siad Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1745 ón gCoimisiún.

8.2.Nascóirí/coimeádáin gáis nádúrtha chomhbhrúite, comhlíonfaidh siad Rialachán CENAE Uimh. 110 (lena dtagraítear do ISO 14469:2017).

8.3.Pointí athbhreoslaithe GNL le haghaidh mótarfheithiclí, comhlíonfaidh siad Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1745 ón gCoimisiún.

8.4.Maidir le pointí athbhreoslaithe GNL le haghaidh soithí uiscebhealaí intíre nó longa muirghabhála, comhlíonfaidh siad Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1745 ón gCoimisiún.

9.Sonraíochtaí teicniúla a bhaineann le lipéadú breoslaí

9.1.An lipéad ‘Breoslaí - Sainaithint comhoiriúnachta feithicle – Léiriú grafach le haghaidh faisnéis do thomhaltóirí’ comhlíonfaidh sé caighdeán EN 16942:2016+A1:2021.

9.2.An lipéad ‘Sainaithint comhoiriúnachta feithiclí agus bonneagar – Léiriú grafach le haghaidh faisnéis do thomhaltóirí maidir le soláthar cumhachta EV’ comhlíonfaidh sé caighdeán EN 17186.

9.3.An mhodheolaíocht choiteann chun comparáid a dhéanamh idir praghsanna aonaid breoslaí ionadúla a leagtar amach le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/732 ón gCoimisiún.

IARSCRÍBHINN III

Ceanglais maidir le tuairisciú i dtaobh cur in úsáid feithiclí leictreacha agus bonneagair athluchtaithe

1.Ní mór do na Ballstáit a dtuairisciú ar chur in úsáid feithiclí leictreacha a aicmiú mar seo a leanas:

–feithiclí ceallra-leictreacha, a ndéantar idirdhealú ina leith idir catagóirí M1, N1, M2/3 agus N2/3

–feithiclí hibride inluchtaithe, a ndéantar idirdhealú ina leith idir catagóirí M1, N1, M2/3 agus N2/3

2.Ní mór do na Ballstáit a dtuairisciú ar chur in úsáid pointí athluchtaithe a aicmiú mar seo a leanas:

Catagóir

Fochatagóir

Uaschumhacht aschurtha

Sainmhíniú de bhun Airteagal 2 den Rialachán seo.

Catagóir 1 (SA)

Pointe athluchtaithe mall, SA,
aonchéim

P < 7.4 kW

Pointe athluchtaithe gnáthchumhachta

Pointe athluchtaithe faoi mheánluas, SA,
tríchéim

7.4 kW ≤ P ≤ 22 kW

Pointe athluchtaithe tapa, SA,
tríchéim

P > 22 kW

Pointe athluchtaithe ardchumhachta

Catagóir 2 (DC)

Pointe athluchtaithe mall, SD,

P < 50 kW

Pointe athluchtaithe tapa, SD,

50 kW ≤ P < 150 kW

Leibhéal 1 - Pointe athluchtaithe sárthapa, SD,

150 kW ≤ P < 350 kW

Leibhéal 2 - Pointe athluchtaithe sárthapa, SD,

P ≥ 350 kW

3.Ní mór na sonraí seo a leanas a sholáthar ar leithligh le haghaidh bonneagar athluchtaithe atá tiomnaithe d‘fheithiclí saothair éadroim agus d’fheithiclí tromshaothair:

–an líon pointí athluchtaithe, líon atá le tuairisciú le haghaidh na gcatagóirí uile atá faoi phointe 2;

–an líon stáisiún athluchtaithe arb ionann catagóiriú dó agus an pointe athluchtaithe;

–aschur cumhachta comhiomlán na stáisiún athluchtaithe;

–an líon stáisiún nach raibh ag feidhmiú ar 50 % de na laethanta atá ar fáil in aon bhliain ar leith.



IARSCRÍBHINN IV

Tábla comhghaoil

Treoir 2014/94/AE

An Rialachán seo

Airteagal 1

Airteagal 1

Airteagal 2(1)

Airteagal 2(3)

Airteagal 2

Airteagal 2

-

Airteagal 3

-

Airteagal 4

Airteagal 4

Airteagal 5

-

Airteagal 6

-

Airteagal 7

Airteagal 6(4)

Airteagal 8

-

Airteagal 9

-

Airteagal 10

Airteagal 6(1)

Airteagal 11

-

Airteagal 12

Airteagal 3

Airteagal 13

Airteagal 10

Airteagail 14, 15, 16

Airteagal 7

Airteagal 17

Airteagal 18

Airteagal 19

Airteagal 8

Airteagal 20

Airteagal 9

Airteagal 21

Airteagal 22

Airteagal 11

Airteagal 23

_

Airteagal 24

Airteagal 12

Airteagal 25

Airteagal 13