AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,11.8.2021
COM(2021) 468 final
2021/0262(NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis an seasamh a bheidh le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Choiste Comhlachais i ndáil le cumraíocht Trádála a bunaíodh leis an gComhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus an Úcráin, den pháirt eile
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.Ábhar an togra
Baineann an togra seo leis an gcinneadh lena mbunaítear an seasamh a bheidh le glacadh thar ceann an Aontais sa Choiste Comhlachais i ndáil le cumraíocht Trádála i dtaca le glacadh cinnidh atá beartaithe chun leasú a dhéanamh ar Fhoscríbhinn XVII‑3 (Rialacha is infheidhme maidir le seirbhísí teileachumarsáide), Foscríbhinn XVII‑4 (Rialacha is infheidhme maidir le seirbhísí poist agus cúiréireachta) agus Foscríbhinn XVII‑5 (Rialacha is infheidhme maidir le hiompar idirnáisiúnta muirí) d’Iarscríbhinn XVII maidir le comhfhogasú rialála.
2.Comhthéacs an togra
2.1.An Comhaontú Comhlachais
Is é is aidhm don Chomhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus an Úcráin, den pháirt eile (‘an Comhaontú’) coinníollacha a bhunú chun caidreamh eacnamaíoch agus trádála feabhsaithe a bhaint amach d'fhonn an Úcráin a chomhtháthú de réir a chéile i Margadh Inmheánach an Aontais Eorpaigh, lena n‑áirítear trí Limistéar Domhain Cuimsitheach Saorthrádála a bhunú mar a leagtar síos é i dTeideal IV (Trádáil agus Nithe a bhaineann le Trádáil) den Chomhaontú, agus tacú le hiarrachtaí na hÚcráine an t‑aistriú chuig geilleagar margaidh feidhmiúil a chur i gcrích trí bhíthin, inter alia, a cuid reachtaíochta a chomhfhogasú go céimnitheach do reachtaíocht an Aontais. Tháinig an Comhaontú i bhfeidhm an 1 Meán Fómhair 2017.
2.2.An Coiste Comhlachais i ndáil le cumraíocht Trádála
De bhun Airteagal 465(4) den Chomhaontú, tabharfar aghaidh ar gach saincheist a bhaineann le Teideal IV (Trádáil agus Nithe a bhaineann le Trádáil) den Chomhaontú sa Choiste Comhlachais i ndáil le cumraíocht Trádála. De réir Airteagal 11 d’Iarscríbhinn XVII, is féidir leis an gCoiste sin cinneadh a dhéanamh Iarscríbhinn XVII den Chomhaontú a mhodhnú. De bhun Airteagal 465(3), beidh na cinntí sin ina gceangal ar na Páirtithe a ghlacfaidh bearta iomchuí chun na cinntí sin a chur chun feidhme. Glacfaidh an Coiste Comhlachais i ndáil le cumraíocht Trádála a chinntí trí chomhaontú idir na Páirtithe.
2.3.An gníomh atá beartaithe ag an gCoiste Comhlachais i ndáil le cumraíocht Trádála
Beidh cinneadh le glacadh ag an gCoiste Comhlachais i ndáil le cumraíocht Trádála, cinneadh chun leasú a dhéanamh ar Fhoscríbhinn XVII‑3 (Rialacha is infheidhme maidir le seirbhísí teileachumarsáide), Foscríbhinn XVII‑4 (Rialacha is infheidhme maidir le seirbhísí poist agus cúiréireachta) agus Foscríbhinn XVII‑5 (Rialacha is infheidhme maidir le hiompar idirnáisiúnta muirí) d’Iarscríbhinn XVII maidir le comhfhogasú rialála (‘an gníomh atá beartaithe’).
Is é is cuspóir don ghníomh atá beartaithe leasú a dhéanamh ar na Foscríbhinní réamhluaite d’Iarscríbhinn XVII i bhfianaise na forbartha ar acquis an Aontais a liostaítear ann ó cuireadh inisiliú leis an gComhaontú an 30 Márta 2012. Tá sé sin i gcomhréir le cuspóir chomhfhogasú rialála céimnitheach na hÚcráine do acquis an Aontais mar a leagtar síos é sa bhrollach a ghabhann leis an gComhaontú agus go háirithe in Airteagail 114, 124 agus 138 de Chaibidil 6 (Bunú, Trádáil i Seirbhísí agus Ríomhthráchtáil) de Theideal IV (Trádáil agus Nithe a bhaineann le Trádáil) den Chomhaontú.
Beidh an gníomh atá beartaithe ina cheangal ar na páirtithe i gcomhréir le hAirteagal 11 d’Iarscríbhinn XVII, lena bhforáiltear an méid seo a leanas: ‘Féadfaidh an Coiste Trádála a chinneadh forálacha Iarscríbhinn XVII seo a mhodhnú i gcás ina measfaidh sé gur gá sin’. Thairis sin, foráiltear an méid seo a leanas le hAirteagal 465(3) den Chomhaontú: ‘Beidh cumhacht ag an gCoiste Comhlachais cinntí a ghlacadh sna cásanna dá bhforáiltear sa Chomhaontú seo agus i réimsí ina bhfuil cumhachtaí tarmligthe chuige ag an gComhairle Comhlachais. Beidh na cinntí sin ina gceangal ar na Páirtithe a ghlacfaidh bearta iomchuí chun na cinntí sin a chur chun feidhme. Glacfaidh an Coiste Comhlachais a chinntí trí chomhaontú idir na Páirtithe’
3.An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais
Is é is aidhm don seasamh a bheidh le glacadh thar ceann an Aontais Foscríbhinn XVII‑3 (Rialacha is infheidhme maidir le seirbhísí teileachumarsáide), Foscríbhinn XVII‑4 (Rialacha is infheidhme maidir le seirbhísí poist agus cúiréireachta) agus Foscríbhinn XVII‑5 (Rialacha is infheidhme maidir le hiompar muirí idirnáisiúnta) d’Iarscríbhinn XVII a leasú.
Is gá na Foscríbhinní a leasú d’fhonn teacht chun cinn acquis an Aontais a rinneadh sna hearnálacha seirbhísí thuasluaite a léiriú ó cuireadh inisiliú le téacs caibidlithe an Chomhaontaithe an 30 Márta 2012.
Cuirtear chun feidhme leis an gcinneadh seo comhbheartas tráchtála an Aontais i leith tír Chomhpháirtíochta den Oirthear, bunaithe ar fhorálacha an Chomhaontaithe Comhlachais thuasluaite. Tá sé comhsheasmhach le cuspóir chomhfhogasú rialála céimnitheach na hÚcráine do acquis an Aontais mar a leagtar síos é sa bhrollach a ghabhann leis an gComhaontú.
4.Bunús dlí
4.1.Bunús dlí don nós imeachta
4.1.1.Prionsabail
In Airteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) déantar foráil maidir le cinntí lena leagtar síos ‘na seasaimh a ghlacfar thar ceann an Aontais i gcomhlacht arna chur ar bun le comhaontú nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin gníomhartha a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, seachas gníomhartha lena bhforlíonfar nó lena leasófar creat institiúideach an chomhaontaithe.’
4.1.2.Feidhm maidir leis an gcás seo
Is comhlacht é an Coiste Comhlachais i ndáil le cumraíocht Trádála a bunaíodh leis an gComhaontú Comhlachais. Is gníomh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leis atá sa chinneadh a ghlacfaidh an Coiste Comhlachais i ndáil le cumraíocht Trádála. Beidh an gníomh atá beartaithe ceangailteach faoin dlí idirnáisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 465(3) den Chomhaontú. Leis an ngníomh atá beartaithe ní fhorlíontar creat institiúideach an Chomhaontaithe ná ní leasaítear é. Dá bhrí sin, is é Airteagal 218(9) CFAE an bunús dlí don nós imeachta maidir leis an gcinneadh atá beartaithe.
4.2.Bunús dlí substainteach
4.2.1.Prionsabail
Foráiltear sa chéad fhomhír d’Airteagal 207(4) CFAE d’inniúlacht eisiach an Aontais maidir le trádáil i seirbhísí, cé is moite de sheirbhísí iompair, maidir le tríú tíortha lena n‑áirítear srianta maidir leis na coinníollacha creata rialála le haghaidh na seirbhísí sin a sholáthar. Foráiltear le hAirteagal 100(2) CFAE do bhunús dlí maidir le bearta le haghaidh muiriompair agus aeriompair.
4.2.2.Feidhm maidir leis an gcás seo
Is é príomhchuspóir agus inneachar an ghnímh atá beartaithe cur chun feidhme chomhbheartas tráchtála an Aontais a áirithiú lena n‑áirítear gnéithe d’iompar muirí idirnáisiúnta.
Dá bhrí sin, foráiltear do bhunús dlí substainteach an chinnidh atáthar a mholadh le hAirteagal 100(2) CFAE agus an chéad fhomhír d'Airteagal 207(4) CFAE.
4.3.Conclúid
Ba cheart Airteagal 100(2) agus an chéad fhomhír d'Airteagal 207(4) a bheith mar bhunús dlí don chinneadh atá beartaithe, i gcomhar le hAirteagal 218(9) CFAE.
5.Foilsiú an ghnímh atá beartaithe
Ós rud é go leasófar an Comhaontú le cinneadh ón gCoiste Comhlachais, is iomchuí é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh tar éis a ghlactha.
2021/0262 (NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis an seasamh a bheidh le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Choiste Comhlachais i ndáil le cumraíocht Trádála a bunaíodh leis an gComhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus an Úcráin, den pháirt eile
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 100(2) agus Airteagal 207(4), an chéad fhomhír, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Tháinig an Comhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, agus a mBallstáit de pháirt amháin, agus an Úcráin, den pháirt eile (‘an Comhaontú’) i bhfeidhm an 1 Meán Fómhair 2017.
(2)De bhun Airteagal 11 d’Iarscríbhinn XVII, féadfaidh an Coiste Comhlachais i ndáil le cumraíocht trádála Iarscríbhinn XVII den Chomhaontú a thabhairt cothrom le dáta nó a leasú.
(3)Ba cheart don Choiste Comhlachais i ndáil le cumraíocht trádála an gníomh atá beartaithe a ghlacadh maidir le Foscríbhinn XVII‑3 (Rialacha is infheidhme maidir le seirbhísí teileachumarsáide), Foscríbhinn XVII‑4 (Rialacha is infheidhme maidir le seirbhísí poist agus cúiréireachta) agus Foscríbhinn XVII‑5 (Rialacha is infheidhme maidir le hiompar muirí idirnáisiúnta) a leasú.
(4)I gcomhréir le hAirteagail 114, 124 agus 138 den Chomhaontú, aithníonn an dá pháirtí a thábhachtaí atá sé reachtaíocht na hÚcráine atá ann cheana a chomhfhogasú do reachtaíocht an Aontais Eorpaigh. Áiritheoidh an Úcráin go mbeidh na dlíthe atá ann cheana agus an reachtaíocht a bheidh ann amach anseo comhoiriúnach le acquis an Aontais de réir a chéile.
(5)Ós rud é gur leasaíodh roinnt gníomhartha de chuid an Aontais a liostaítear i bhFoscríbhinn XVII‑3 (Rialacha is infheidhme maidir le seirbhísí teileachumarsáide), i bhFoscríbhinn XVII‑4 (Rialacha is infheidhme maidir le seirbhísí poist agus cúiréireachta) agus i bhFoscríbhinn XVII‑5 (Rialacha is infheidhme maidir le hiompar idirnáisiúnta muirí) nó gur aisghaireadh iad ó cuireadh inisiliú le téacs an Chomhaontaithe an 30 Márta 2012, is gá na foscríbhinní a ghlacadh agus spriocdhátaí áirithe a choigeartú chun an dul chun cinn atá déanta cheana ag an Úcráin go dtí seo i bpróiseas comhfhogasaithe do acquis an Aontais a chur san áireamh.
(6)Dá bhrí sin, is iomchuí an seasamh a bheidh le glacadh thar ceann an Aontais sa Choiste Comhlachais i ndáil le cumraíocht Trádála a bhunú, toisc go mbeidh an gníomh atá beartaithe maidir le modhnú Foscríbhinn XVII‑3 (Rialacha is infheidhme maidir le seirbhísí teileachumarsáide), Foscríbhinn XVII‑4 (Rialacha is infheidhme maidir le seirbhísí poist agus cúiréireachta) agus Foscríbhinn XVII‑5 (Rialacha is infheidhme maidir le hiompar idirnáisiúnta muirí) den Chomhaontú ina cheangal ar an Aontas,
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Maidir leis an seasamh a bheidh le glacadh thar ceann an Aontais i gCoiste Comhlachais i ndáil le cumraíocht Trádála an Chomhaontaithe Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus an Úcráin, den pháirt eile maidir le modhnú Foscríbhinn XVII‑3 (Rialacha is infheidhme maidir le seirbhísí teileachumarsáide), Foscríbhinn XVII‑4 (Rialacha is infheidhme maidir le seirbhísí poist agus cúiréireachta) agus Foscríbhinn XVII‑5 (Rialacha is infheidhme maidir le hiompar idirnáisiúnta muirí) d’Iarscríbhinn XVII, beidh sé bunaithe ar dhréacht‑Chinneadh an Choiste sin atá i gceangal leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
Dírítear an Cinneadh seo chuig an gCoimisiún.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán