|
2.5.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 114/22 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (CBES) 2023/892 ÓN gCOMHAIRLE
an 28 Aibreán 2023
lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh 2013/255/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 31(2) de,
Ag féachaint do Chinneadh 2013/255/CBES ón gComhairle an 31 Bealtaine 2013 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria (1), agus go háirithe Airteagal 30(1) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 31 Bealtaine 2013, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2013/255/CBES. |
|
(2) |
Tar éis an bhreithiúnais ón gCúirt Ginearálta i gCás T-426/21, ba cheart iontráil amháin a scriosadh ó liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh 2013/255/CBES. |
|
(3) |
Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh 2013/255/CBES a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh 2013/255/CBES i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 28 Aibreán 2023.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. ROSWALL
IARSCRÍBHINN
Scriostar an iontráil seo a leanas ón liosta a leagtar amach i Roinn A (“Daoine”) d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh 2013/255/CBES:
|
“36. |
Nizar AL-ASSAD”. |