|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/872 |
6.5.2025 |
TREOIR (AE) 2025/872 ÓN gCOMHAIRLE
an 14 Aibreán 2025
lena leasaítear Treoir 2011/16/AE maidir le comhar riaracháin i réimse an chánachais
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 113 agus 115 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Pharlaimint na hEorpa (1),
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (2),
Ag gníomhú di i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Treoir (AE) 2022/2523 ón gComhairle (3), cuirtear chun feidhme an comhaontú ar thángthas air an 8 Deireadh Fómhair 2021 le Creat Cuimsitheach ECFE/G20 maidir le creimeadh an bhoinn agus aistriú brabúis (‘BEPS’) agus cloítear go dlúth leis na Rialacha Samhla Domhanda i gcoinne Chreimeadh an Bhoinn (Colún a Dó) de chuid na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE) (‘Rialacha Samhla ECFE’) a comhaontaíodh le Creat Cuimsitheach ECFE/G20 an 14 Nollaig 2021. Le Treoir (AE) 2022/2523, tugtar isteach riail cháilithe maidir le cuimsiú ioncaim (‘RCI’) agus riail cháilithe maidir le brabús faoi thearc-cháin (‘RÍFTC’). Leis an Treoir sin, ceadaítear do na Ballstáit freisin a gcáin bhreisiúcháin náisiúnta cháilithe (CBNC) féin a thabhairt isteach. |
|
(2) |
Bunaítear cheana féin i dTreoir (AE) 2022/2523 na rialacha i ndáil le tuairisceáin faisnéise maidir le cáin bhreisiúcháin a chomhdú agus leagtar amach go ginearálta inti na catagóirí faisnéise atá le tuairisciú ag grúpaí fiontair ilnáisiúnta (‘FIN’) agus ag grúpaí mórscála intíre a chumhdaítear leis an Treoir sin. Teastaíonn na tuairisceáin faisnéise sin maidir le cáin bhreisiúcháin ó na riaracháin chánach chun measúnú riosca iomchuí a dhéanamh, chun meastóireacht a dhéanamh ar chruinneas an dliteanais cánach agus chun faireachán a dhéanamh an bhfuil na rialacha a bhunaítear i dTreoir (AE) 2022/2523 á gcur i bhfeidhm i gceart ag na grúpaí FIN agus na grúpaí mórscála intíre. |
|
(3) |
Is iomchuí, dá bhrí sin, Treoir 2011/16/AE ón gComhairle (4) a leasú chun rialacha nua a bhunú maidir leis an uathmhalartú faisnéise chun malartú faisnéise a éascú i ndáil leis an tuairisceán faisnéise maidir le cáin bhreisiúcháin agus, ar an gcaoi sin, an creat a bhunú le haghaidh chur chun feidhme oibríochtúil na n-oibleagáidí comhdúcháin a leagtar síos i dTreoir (AE) 2022/2523, i gcomhréir leis an gComhaontú Iltaobhach idir Údaráis Inniúla maidir le malartú faisnéise GloBE agus an tráchtaireacht a ghabhann leis de chuid Chreat Cuimsitheach ECFE/G20 agus Tuairisceán Faisnéise GloBE (‘GIR’) a mhéid atá na rialacha nua sin comhsheasmhach leis na hoibleagáidí comhdúcháin a leagtar síos i dTreoir (AE) 2022/2523 agus le dlí an Aontais. |
|
(4) |
Cé gurb í an riail ghinearálta go ndéanann comheintiteas tuairisceán faisnéise maidir le cáin bhreisiúcháin a chomhdú lena riarachán cánach (‘comhdú áitiúil’), foráiltear le Treoir (AE) 2022/2523 do mhaolú ar dá bhun nach bhfuil oibleagáid ar chomheintiteas tuairisceán faisnéise maidir le cáin bhreisiúcháin a chomhdú lena riarachán cánach más rud é gur chomhdaigh an máthaireintiteas deiridh nó eintiteas is comhdaitheoir ainmnithe atá lonnaithe i ndlínse a bhfuil, le haghaidh na bliana fioscaí Tuairiscithe, comhaontú cáilitheach idir údaráis inniúla i bhfeidhm aici leis an mBallstát ina bhfuil an comheintiteas lonnaithe, tuairisceán faisnéise maidir le cáin bhreisiúcháin (comhdú lárnach). Is é atá sa Treoir seo an comhaontú idir na Ballstáit, ar comhaontú cáilitheach idir údaráis inniúla é. |
|
(5) |
Leis na rialacha nua maidir le huathmhalartú faisnéise, ba cheart a bheith in ann comhdú lárnach a dhéanamh ar an tuairisceán faisnéise maidir le cáin bhreisiúcháin i gcomhréir le Treoir (AE) 2022/2523, agus d’fhéadfadh sin feidhmiú chun críoch comhdaithe i ngach dlínse a bhfuil Rialacha Samhla ECFE (‘dlínsí cur chun feidhme’) á gcur chun feidhme aici (5). Ba cheart do riaracháin chánach gach Ballstáit ábhartha an fhaisnéis is gá a fháil faoin tuairisceán caighdeánaithe faisnéise. |
|
(6) |
Ba cheart do na Ballstáit na bearta is gá a dhéanamh chun a cheangal ar chomheintitis is comhdaitheoirí na ngrúpaí FIN an teimpléad caighdeánach a leagtar amach i dTreoir 2011/16/AE a úsáid chun a n-oibleagáidí comhdúcháin faoi Threoir (AE) 2022/2523 a chomhlíonadh. Tá lánrogha ag na Ballstáit maidir leis an teimpléad atá le húsáid ag grúpaí mórscála intíre chun a n-oibleagáidí comhdúcháin a leagtar síos i dTreoir (AE) 2022/2523 a chomhlíonadh, cé is moite de chásanna teoranta inar gá faisnéis a mhalartú. |
|
(7) |
Nuair a fhaigheann Ballstát tuairisceán faisnéise maidir le cáin bhreisiúcháin ón máthaireintiteas deiridh nó ón eintiteas is comhdaitheoir ainmnithe de chuid ghrúpa FIN faoi chomhdú lárnach i gcomhréir le Treoir (AE) 2022/2523, ba cheart don Bhallstát sin na codanna sonracha ábhartha den tuairisceán faisnéise maidir le cáin bhreisiúcháin a chur in iúl do na Ballstáit Cur Chun Feidhme eile nó do na Ballstáit sin nach gcuireann chun feidhme ach an cháin bhreisiúcháin náisiúnta cháilithe, tráth nach déanaí ná 3 mhí tar éis an sprioc-ama comhdúcháin, nó – i gcás ina bhfaightear tuairisceán faisnéise maidir le cáin bhreisiúcháin tar éis an sprioc-ama comhdúcháin – tráth nach déanaí ná 3 mhí tar éis an tuairisceán sin a fháil, i gcomhréir leis an gcur chuige scaipthe arna fhormheas le Creat Cuimsitheach ECFE/G20. A mhéid a bhaineann leis an gcéad bhliain fhioscach tuairiscithe, ba cheart síneadh a chur leis an sprioc-am chun na codanna sonracha ábhartha den tuairisceán faisnéise maidir le cáin bhreisiúcháin a chur in iúl go ceann 6 mhí tar éis an sprioc-ama comhdúcháin. Ina theannta sin, chun freastal ar aon mhoill sa chóras malartaithe nua, in aon chás (i.e. le haghaidh na chéad bhliana fioscaí tuairiscithe agus na chéad bhliana fioscaí tuairiscithe eile), ní dhéanfar an chéad mhalartú tráth nach luaithe ná an 1 Nollaig 2026. |
|
(8) |
Ba cheart do Bhallstát mháthaireintiteas deiridh an ghrúpa FIN an tuairisceán faisnéise iomlán maidir le cáin bhreisiúcháin a fháil. Ba cheart an roinn Ghinearálta den tuairisceán faisnéise maidir le cáin bhreisiúcháin a chur ar fáil don Bhallstát Cur Chun Feidhme, ar choinníoll go bhfuil comheintiteas an ghrúpa FIN lonnaithe ina chríoch. Ba cheart na codanna ábhartha den roinn Ghinearálta den tuairisceán faisnéise maidir le cáin bhreisiúcháin a thabhairt do Bhallstát nach gcuireann chun feidhme ach an cháin bhreisiúcháin náisiúnta cháilithe, ar Ballstát é ina bhfuil comheintitis an ghrúpa FIN lonnaithe, cé nár cheart do Bhallstáit nach gcuireann chun feidhme ach an cháin bhreisiúcháin náisiúnta cháilithe aon fhaisnéis a sheoladh i leith an tuairisceáin faisnéise maidir le cáin bhreisiúcháin trí uathmhalartú faisnéise. |
|
(9) |
Ba cheart ranna dlínsiúla a sholáthar don Bhallstát a bhfuil cearta cánachais aige faoi Threoir (AE) 2022/2523, lena n-áirítear cáin bhreisiúcháin náisiúnta cháilithe, i gcomhréir leis an gcur chuige scaipthe. |
|
(10) |
Le Treoir (AE) 2022/2523, ceadaítear do na Ballstáit nach bhfuil níos mó ná dhá mháthaireintiteas deiridh déag de ghrúpaí atá faoi raon feidhme na Treorach sin lonnaithe iontu, a roghnú gan RCI agus RÍFTC a chur i bhfeidhm ar feadh tréimhse theoranta ama. Sna cásanna sin, níor cheart do Bhallstát, mura Ballstát nach gcuireann chun feidhme ach an cháin bhreisiúcháin náisiúnta cháilithe é, tús a chur leis na rialacha faoi mhalartú tuairisceán faisnéise maidir le cáin bhreisiúcháin a chur i bhfeidhm (i.e. faisnéis a fháil agus a sheoladh) ach amháin nuair a thiocfaidh deireadh le tréimhse an roghnaithe sin faoi Threoir (AE) 2022/2523. |
|
(11) |
Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme na Treorach seo agus go háirithe maidir le huathmhalartú faisnéise idir na húdaráis inniúla, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun na socruithe praiticiúla is gá a ghlacadh, mar chuid den nós imeachta chun an fhoirm ríomhairithe chaighdeánach a bhunú. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6). |
|
(12) |
Ba cheart don údarás inniúil is faighteoir fógra a thabhairt don údarás inniúil a sheolann an tuairisceán nuair atá cúis ann lena chreidiúint gur gá an fhaisnéis a áirítear i dtuairisceán faisnéise maidir le cáin bhreisiúcháin, atá á mhalartú, a cheartú. Ós rud é go dtugtar an fógra sin de ghnáth sula ndéantar measúnú riosca nó scrúdú cánach níos críochnúla, níor cheart fógra a thabhairt don údarás inniúil a sheolann an tuairisceán ach i gcás ina sainaithnítear earráidí follasacha. Ba cheart an fhaisnéis cheartaithe a mhalartú gan moill mhíchuí leis na húdaráis inniúla uile a bhfuil an fhaisnéis sin faoi réir a malartaithe i gcomhréir leis an Treoir seo. Ní chuirtear bac, leis an nós imeachta seo, ar riaracháin chánach na ceartúcháin riachtanacha a iarraidh in iarrataí leantacha chun a fhíorú go gcomhlíontar Treoir (AE) 2022/2523 faoina ndlí náisiúnta. |
|
(13) |
Mura bhfaigheann údarás inniúil malartú a raibh coinne leis de bhun fógra ó ghrúpa FIN, ba cheart dó fógra a thabhairt don údarás inniúil a bhí leis an bhfaisnéis faoin malartú atá in easnamh a sheoladh. Ba cheart don údarás inniúil a bhí leis an bhfaisnéis a mhalartú an chúis nár malartaíodh an fhaisnéis ábhartha a chinneadh gan moill mhíchuí agus ba cheart dó an chúis sin a chur in iúl laistigh de mhí amháin don údarás inniúil a thug fógra nár malartaíodh an fhaisnéis sin agus, i gcás inarb ábhartha, an dáta nua a bhfuil coinne leis an malartú a lua. Chun oibriú éifeachtach Threoir 2011/16/AE a áirithiú, tuigtear gur cheart an malartú a dhéanamh a luaithe is féidir chun nach gcuirfear moilleanna breise ar na Ballstáit. Ba cheart an dáta nua a bhfuil coinne leis an malartú a shocrú le haghaidh dáta nach déanaí ná 3 mhí ón dáta a fhaightear fógra nár malartaíodh an fhaisnéis. |
|
(14) |
Murar chomhdaigh an máthaireintiteas deiridh nó an t-eintiteas is comhdaitheoir ainmnithe de chuid grúpa FIN an tuairisceán faisnéise maidir le cáin bhreisiúcháin go lárnach agus mura bhfaightear an fhaisnéis faoin dáta nua a bhfuil coinne leis le haghaidh an mhalartaithe, tuigtear go bhféadfaidh an t-údarás inniúil a thug fógra faoin malartú atá ar iarraidh comhdú áitiúil a éileamh toisc nár comhlíonadh na coinníollacha maidir le comhdú lárnach faoi Threoir (AE) 2022/2523. |
|
(15) |
Ba cheart Treoir 2011/16/AE agus Iarscríbhinn VII a ghabhann léi, arna leasú leis an Treoir seo, a léamh in éineacht le Treoir (AE) 2022/2523. Na téarmaí a leagtar amach chun faisnéis a mhalartú a mhéid a bhaineann leis an tuairisceán faisnéise maidir le cáin bhreisiúcháin faoin Treoir seo, ba cheart an bhrí chéanna a bheith leo agus atá leis na téarmaí i dTreoir (AE) 2022/2523. Thairis sin, tá sainmhínithe breise sa Treoir seo a bhfuil gá leo chun forbairtí idirnáisiúnta a rinneadh i gcomhthéacs an mhalartaithe faisnéise i réimse an chánachais a léiriú. |
|
(16) |
Agus an Treoir seo á cur chun feidhme ag na Ballstáit, ba cheart dóibh úsáid a bhaint as an gComhaontú Iltaobhach idir Údaráis Inniúla maidir le Malartú Faisnéise GloBE agus an tráchtaireacht a ghabhann leis, Rialacha Samhla ECFE agus na mínithe agus na samplaí atá sa Tráchtaireacht ar na Rialacha Samhla Domhanda i gcoinne Chreimeadh an Bhoinn (Colún a Dó) arna n-eisiúint le Creat Cuimsitheach ECFE/G20 maidir le BEPS, chomh maith le Creat Cur Chun Feidhme GloBE, agus aon uasdátú a dhéantar air, mar fhoinse léirithe nó léirmhínithe chun comhsheasmhacht i gcur i bhfeidhm ar fud na mBallstát a áirithiú sa mhéid is go bhfuil na foinsí sin comhsheasmhach leis an Treoir seo, le Treoir (AE) 2022/2523 agus le dlí an Aontais. Dá bhrí sin, maidir le treoracha Chreat Cuimsitheach ECFE/G20 maidir le BEPS chun an teimpléad caighdeánach a chomhdú, mar shampla réamhrá agus treoir mhíniúcháin a ghabhann le Tuairisceán Faisnéise GloBE, lena n-áirítear an bunús le haghaidh faisnéis a thuairiscítear i dTuairisceán Faisnéise GloBE agus creat tuairiscithe dlínsiúil simplithe idirthréimhseach (le haghaidh blianta fioscacha dar tús an 31 Nollaig 2028 nó roimhe sin, ach gan bliain fhioscach a chríochnaíonn tar éis an 30 Meitheamh 2030 a áireamh), a mhéid atá na foinsí sin comhsheasmhach leis an Treoir seo agus le dlí an Aontais, ba cheart iad a úsáid mar fhoinse léirithe agus léirmhínithe do na grúpaí FIN chun an tuairisceán faisnéise maidir le cáin bhreisiúcháin a chomhdú chun comhsheasmhacht a áirithiú i dtaca leis an gcur i bhfeidhm. Is iomchuí, dá bhrí sin, Treoir 2011/16/AE a fhorlíonadh le hiarscríbhinn bhreise ina bhfuil teimpléad caighdeánach, i gcomhréir leis an teimpléad caighdeánach a forbraíodh le Creat Cuimsitheach ECFE/G20 maidir le BEPS, chun an tuairisceán faisnéise maidir le cáin bhreisiúcháin a chomhdú faoi Threoir (AE) 2022/2523, mar a fhoráiltear leis an Treoir seo. |
|
(17) |
Áirithítear leis an teimpléad caighdeánach le haghaidh an tuairisceáin faisnéise maidir le cáin bhreisiúcháin a leagtar amach sa Treoir seo go bhfuil an fhaisnéis agus na ríomhanna cánach a cheanglaítear ar ghrúpa FIN a chomhdú faoin tuairisceán faisnéise maidir le cáin bhreisiúcháin cuimsitheach go leor chun go mbeidh riaracháin chánach in ann measúnú riosca iomchuí a dhéanamh agus chun meastóireacht a dhéanamh ar chruinneas dhliteanas an chomheintitis i leith na cánach faoi Threoir (AE) 2022/2523. An tráth céanna, táthar ag iarraidh nach bhforchuirfear ceanglais nach bhfuil gá leo maidir le faisnéis a bhailiú, a ríomh agus a thuairisciú ar ghrúpaí FIN agus nach nochtfar cáiníocóirí d’iarrataí iomadúla neamhchomhordaithe ar thuilleadh faisnéise i ngach dlínse cur chun feidhme. Ní dhéanann tuairisceán faisnéise maidir le cáin bhreisiúcháin caighdeánaithe difear do chumas riaracháin cánach gnáth-thuairisceán cánach intíre a éileamh nó faisnéis a bhailiú chun an tuairisceán cánach breisiúcháin intíre a ullmhú, agus dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann, i gcásanna áirithe, a cheangal go dtuairisceofaí pointí sonraí breise anuas ar an tuairisceán faisnéise maidir le cáin bhreisiúcháin chun an tuairisceán cánach a ullmhú (mar shampla, chun an dliteanas cánach breisiúcháin a chomhshó san airgeadra intíre). Ba cheart do na Ballstáit, áfach, staonadh go ginearálta ó cheangal a chur orthu pointí sonraí breise a thuairisciú nach bhfuil sa tuairisceán faisnéise maidir le cáin bhreisiúcháin mar chuid dá ngnáth-thuairisceán cánach intíre agus dá gceanglais íocaíochta agus ba cheart baint a bheith ag aon fhaisnéis den sórt sin, mar shampla, le dliteanas, uainiú agus modh íocaíochta nó sainaithint an cháiníocóra agus sonraí teagmhála, seachas dliteanas an chomheintitis i leith na cánach breisiúcháin a ríomh. Ní bhaineann an Treoir seo le nósanna imeachta náisiúnta iniúchóireachta cánach, agus ní chuirtear bac, leis an Treoir seo, ar riaracháin chánach faisnéis tacaíochta riachtanach a iarraidh in iarrataí leantacha chun a fhíorú go gcomhlíontar forálacha lena dtrasuitear Treoir (AE) 2022/2523 faoina ndlí náisiúnta. |
|
(18) |
Chun malartú faisnéise maidir le comhfhiontair agus cóir chomhionann a áirithiú, sna cásanna neamhchoitianta sin ina bhfuil leas úinéireachta díreach nó indíreach i gcomhfhiontar nó i gcleamhnaí comhfhiontair ag máthaireintiteas grúpa mórscála intíre agus ina bhfuil an comhfhiontar nó an cleamhnaí comhfhiontair sin faoi réir cáin bhreisiúcháin náisiúnta cháilithe i mBallstát eile, ba cheart do na Ballstáit a cheangal go mbeidh ar ghrúpa mórscála intíre an teimpléad caighdeánach céanna a úsáid agus atá ag grúpa FIN i.e. an teimpléad caighdeánach le haghaidh an tuairisceáin faisnéise maidir le cáin bhreisiúcháin a leagtar amach sa Treoir seo, agus a dtuairisceán faisnéise maidir le cáin breisiúcháin á chomhdú acu. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go gcuirfear na forálacha maidir le malartú faisnéise i bhfeidhm sna cásanna sin. |
|
(19) |
Thairis sin, agus aitheantas á thabhairt don ghá atá le creat dlíthiúil iomlán a sholáthar, ionas go gcumhdófar leis na leasuithe a tugadh isteach i dTreoir 2011/16/AE le Treoir (AE) 2023/2226 (7) ón gComhairle maidir le huathmhalartú sainordaitheach faisnéise faoi chuntais airgeadais, tá sé fíor-riachtanach go leasófar Airteagal 8(3a) de Threoir 2011/16/AE dá réir. Ba cheart na bearta idirthréimhseacha a leagtar amach i Roinn XI d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2011/16/AE a chur san áireamh sa raon faisnéise atá le malartú. |
|
(20) |
Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir na Treorach seo, eadhon creat a sholáthar le haghaidh chur chun feidhme oibríochtúil na gceanglas comhdúcháin a leagtar síos i dTreoir (AE) 2022/2523 ar bhonn an chur chuige choitinn atá i Rialacha Samhla ECFE agus a áirithiú go bhfuil faisnéis faoi seach maidir le cuntais airgeadais faoi réir uathmhalartú sainordaitheach faisnéise, a ghnóthú go leordhóthanach mar dá ngníomhódh na Ballstáit go neamhspleách, bheadh an baol ann go gcruthófaí ilroinnt sa mhargadh inmheánach, agus, i bhfianaise scála an athchóirithe dhomhanda ar cháin íosta agus ós rud é go bhfuil sé ríthábhachtach réitigh a ghlacadh a fheidhmíonn don mhargadh inmheánach ina iomláine, agus gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú. |
|
(21) |
Ós rud é gur gá do na Ballstáit gníomhú laistigh de thréimhse ama an-ghearr chun tús a chur le trasuí na rialacha maidir leis an tuairisceán faisnéise maidir le cáin bhreisiúcháin, ba cheart an Treoir seo a theacht i bhfeidhm mar ábhar práinne. |
|
(22) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir 2011/16/AE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe ar Threoir 2011/16/AE
Leasaítear Treoir 2011/16/AE mar a leanas:
|
(1) |
in Airteagal 3, leasaítear pointe (9) mar a leanas:
|
|
(2) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8(3a): ‘3a. Déanfaidh gach Ballstát na bearta is gá chun a cheangal ar a Institiúidí Airgeadais Tuairiscithe na rialacha tuairiscithe agus díchill chuí a áirítear in Iarscríbhinn I agus in Iarscríbhinn II a chur i gcrích agus chun a áirithiú go gcuirfear rialacha den sórt sin chun feidhme go héifeachtach, agus go gcomhlíonfar iad go héifeachtach, i gcomhréir le Roinn IX d’Iarscríbhinn I. De bhun na rialacha tuairiscithe agus díchill chuí is infheidhme atá le fáil in Iarscríbhinn I agus in Iarscríbhinn II, cuirfidh an t-údarás inniúil i ngach Ballstát, trí uathmhalartú, in iúl laistigh den sprioc-am a leagtar síos i bpointe (b) de mhír 6 don údarás inniúil in aon Bhallstát eile, an fhaisnéis seo a leanas maidir le tréimhsí inchánach amhail ón 1 Eanáir 2016 maidir le Cuntas Intuairiscithe:
Chun críocha mhalartú na faisnéise faoin mír seo, mura bhforáiltear a mhalairt sa mhír seo nó in Iarscríbhinn I nó II, déanfar méid agus tréithriú na n-íocaíochtaí a dhéantar maidir le Cuntas Intuairiscithe a chinneadh i gcomhréir le reachtaíocht náisiúnta an Bhallstáit a chuireann an fhaisnéis in iúl. Beidh forlámhas ag an gcéad fhomhír agus ag an dara fomhír den mhír seo ar phointe (c) de mhír 1 nó ar aon ionstraim dlí eile de chuid an Aontais, a mhéid a thiocfadh an malartú faisnéise atá i gceist faoi raon feidhme phointe (c) de mhír 1 nó faoi raon feidhme aon ionstraime dlí eile de chuid an Aontais. Cuirfidh údarás inniúil gach Ballstáit an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointí (h) go (k) den dara fomhír maidir le tréimhsí inchánach ón 1 Eanáir 2026 ar aghaidh in iúl.’ |
|
(3) |
cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach: ‘Airteagal 8ae Formáid chomhdúcháin agus malartú faisnéise i ndáil le tuairisceáin faisnéise maidir le cáin bhreisiúcháin faoi Airteagal 44 de Threoir (AE) 2022/2523 1. Déanfaidh gach Ballstát na bearta is gá chun a cheangal ar chomheintiteas is comhdaitheoir de chuid ghrúpa FIN an teimpléad caighdeánach a leagtar amach i Roinn IV d’Iarscríbhinn VII a ghabhann leis an Treoir seo a úsáid chun na hoibleagáidí comhdúcháin faoi Airteagal 44 de Threoir (AE) 2022/2523 a chomhlíonadh. 2. Nuair a fhaigheann údarás inniúil an Bhallstáit an tuairisceán faisnéise maidir le cáin bhreisiúcháin arna chomhdú ag an máthaireintiteas deiridh nó ag an eintiteas is comhdaitheoir ainmnithe, dá dtagraítear in Airteagal 44(3), pointí (a) agus (b), de Threoir (AE) 2022/2523, cuirfidh sé an méid seo a leanas in iúl, trí bhíthin uathmhalartú faisnéise agus i gcomhréir leis an gcur chuige scaipthe seo a leanas:
D’ainneoin na chéad fhomhíre den mhír seo, ní sholáthrófar do dhlínsí RÍFTC ag a bhfuil céatadán RÍFTC de nialas ach an chuid den tuairisceán faisnéise maidir le cáin bhreisiúcháin ina bhfuil faisnéis maidir le sannadh cánach breisiúcháin faoi RÍFTC i leith na dlínse sin, agus beidh an fhaisnéis sin comhsheasmhach le sliocht as Roinn 3.4.3 den tuairisceán faisnéise maidir le cáin bhreisiúcháin, agus cuirfear gach roinn dhlínsiúil ar fáil don Bhallstát Cur Chun Feidhme ina bhfuil an máthaireintiteas deiridh lonnaithe. 3. Cuirfidh údarás inniúil Ballstáit an tuairisceán faisnéise maidir le cáin bhreisiúcháin a fuarthas de bhun mhír 2 in iúl agus déanfar sin tráth nach déanaí ná 3 mhí tar éis an sprioc-ama comhdúcháin don bhliain fhioscach tuairiscithe. 4. Déanfaidh údarás inniúil Ballstáit an tuairisceán faisnéise maidir le cáin bhreisiúcháin, a fuarthas tar éis an sprioc-ama comhdúcháin, a chur in iúl, agus déanfar sin tráth nach déanaí ná 3 mhí tar éis an dáta a fuarthas é. 5. Glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na socruithe praiticiúla is gá chun an cur in iúl dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo a éascú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 26(2). 6. Ní bheidh rochtain ag an gCoimisiún ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 2, pointí (a) go (c). 7. Déanfar cur in iúl na faisnéise dá dtagraítear i míreanna 2, 3 agus 4 den Airteagal seo trí úsáid a bhaint as an bhfoirm ríomhairithe chaighdeánach dá dtagraítear in Airteagal 20(4).’ |
|
(4) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8b: ‘Airteagal 8b Staidreamh maidir le huathmhalartuithe Tabharfaidh na Ballstáit staidreamh don Choimisiún ar bhonn bliantúil maidir leis an líon uathmhalartuithe faoi Airteagail 8(1), 8(3a), 8aa, 8ac agus 8ae, agus faisnéis maidir leis na costais agus na buntáistí riaracháin agus na costais agus na buntáistí ábhartha eile a bhaineann le malartuithe a tharla agus aon athrú a d’fhéadfadh tarlú, i gcás córais riaracháin chánach agus tríú páirtithe araon.’ |
|
(5) |
cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach: ‘Airteagal 9a Comhoibriú maidir le ceartúcháin, comhlíonadh agus forfheidhmiú i ndáil le tuairisceáin faisnéise maidir le cáin bhreisiúcháin 1. I gcás ina bhfuil cúis ag údarás inniúil Ballstáit lena chreidiúint gur gá earráidí follasacha a cheartú san fhaisnéis i dtuairisceán faisnéise maidir le cáin bhreisiúcháin arna chomhdú ag máthaireintiteas deiridh nó eintiteas is comhdaitheoir ainmnithe atá lonnaithe i ndlínse an Bhallstáit eile, arna cur in iúl faoi Airteagal 8ae, tabharfaidh sé fógra, gan moill mhíchuí, d’údarás inniúil an Bhallstáit eile. Má chomhaontaíonn an t-údarás inniúil dá dtugtar fógra gur gá ceartúchán a dhéanamh ar an bhfaisnéis sa tuairisceán faisnéise maidir le cáin bhreisiúcháin, déanfaidh sé bearta iomchuí, gan moill mhíchuí, chun tuairisceán faisnéise ceartaithe maidir le cáin Bhreisiúcháin a fháil ón máthaireintiteas deiridh lena mbaineann nó ón eintiteas is comhdaitheoir ainmnithe lena mbaineann. Déanfaidh sé an tuairisceán faisnéise ceartaithe maidir le cáin Bhreisiúcháin a chur in iúl, gan moill mhíchuí, do na húdaráis inniúla uile a bhfuil an fhaisnéis sin faoi réir a malartaithe i gcomhréir leis an Treoir seo. 2. Nuair a fhaigheann údarás inniúil Ballstáit fógra ó chomheintiteas amháin nó níos mó atá lonnaithe ina Bhallstát go raibh an tuairisceán faisnéise maidir le cáin bhreisiúcháin le haghaidh na gcomheintiteas sin le comhdú ag an máthaireintiteas deiridh nó ag an eintiteas is comhdaitheoir ainmnithe atá lonnaithe i mBallstát eile, ach nár cuireadh in iúl an fhaisnéis a áirítear sa tuairisceán faisnéise maidir le cáin bhreisiúcháin laistigh de na sprioc-amanna a shonraítear in Airteagal 8ae(3) nó Airteagal 27d(3) agus (4), tabharfaidh sé fógra, gan moill mhíchuí, don údarás inniúil eile nach bhfuarthas an fhaisnéis. Cinnfidh an t-údarás inniúil dá dtugtar fógra, gan moill mhíchuí, an chúis nár cuireadh in iúl an tuairisceán faisnéise maidir le cáin bhreisiúcháin lena mbaineann agus cuirfidh sé an t-údarás inniúil ar an eolas laistigh de 1 mhí amháin ón bhfógra a fháil, lena n-áirítear an dáta malartaithe a mheastar a bheidh ann don tuairisceán faisnéise maidir le cáin bhreisiúcháin i gcás inarb ábhartha. Socrófar an dáta nua a bhfuil coinne leis an malartú le haghaidh dáta nach déanaí ná 3 mhí ón dáta a fhaightear an fógra nár malartaíodh an fhaisnéis.’ |
|
(6) |
In Airteagal 18, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4: ‘4. Cuirfidh údarás inniúil gach Ballstáit sásra éifeachtach i bhfeidhm chun a áirithiú go mbaintear úsáid as an bhfaisnéis a fhaightear trí thuairisciú nó malartú faisnéise faoi Airteagail 8 go 8ae.’ |
|
(7) |
In Airteagal 20, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4: ‘4. Déanfar an malartú faisnéise uathoibríoch de bhun Airteagail 8, 8ac agus 8ae tríd an bhformáid chaighdeánach ríomhairithe arb é is aidhm di malartú uathoibríoch den chineál sin a éascú, arna ghlacadh ag an gCoimisiún i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 26(2).’ |
|
(8) |
in Airteagal 22, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 3 agus 4: ‘3. Coinneoidh na Ballstáit na taifid ar an bhfaisnéis a fhaightear tríd an uathmhalartú faisnéise de bhun Airteagail 8 go 8ae ar feadh tréimhse nach faide ná mar is gá ach, in aon chás, ar feadh tréimhse nach giorra ná 5 bliana ón dáta a fuarthas an fhaisnéis sin chun cuspóirí na Treorach seo a bhaint amach. 4. Féachfaidh na Ballstáit lena áirithiú go mbeidh cead ag eintiteas tuairiscithe dearbhú a fháil trí mhodhanna leictreonacha ar bhailíocht fhaisnéis UAC maidir le haon cháiníocóir atá faoi réir malartú faisnéise faoi Airteagail 8 go 8ae. Ní fhéadfar dearbhú na faisnéise ar UAC a iarraidh ach amháin chun bailíochtú a dhéanamh ar chruinneas na sonraí dá dtagraítear in Airteagail 8(1), 8(3a), 8a(6), 8aa(3), 8ab(14), 8ac(2), 8ad(3) agus 8ae(2).’ |
|
(9) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 25a: ‘Airteagal 25a Pionóis Leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha maidir leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar fhorálacha náisiúnta arna nglacadh de bhun na Treorach seo agus a bhaineann le hAirteagail 8aa go 8ae agus déanfaidh siad gach beart is gá chun a áirithiú go ndéanfar iad a chur chun feidhme. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.’ |
|
(10) |
cuirtear isteach an t-airteagal seo a leanas: ‘Airteagal 27d An chéad bhliain fhioscach tuairiscithe agus cur in iúl na faisnéise faoi Airteagal 8ae den chéad uair 1. Is í an chéad bhliain fhioscach tuairiscithe a bhfuil an fhaisnéis le cur in iúl ina leith faoi Airteagal 8ae an chéad bhliain fhioscach dar tús an 31 Nollaig 2023. 2. I gcás na mBallstát a roghnaigh gan RCI agus RÍFTC a chur i bhfeidhm de bhun Airteagal 50(1) de Threoir (AE) 2022/2523, is í an chéad bhliain fhioscach tuairiscithe a bhfuil an fhaisnéis le cur in iúl ina leith faoi Airteagal 8ae tar éis an rogha sin a dhéanamh a bheidh sa chéad bhliain fhioscach tuairiscithe. D’ainneoin na chéad fhomhíre den mhír seo, i gcás na mBallstát a roghnaigh gan RCI agus RÍFTC a chur i bhfeidhm de bhun Airteagal 50(1) de Threoir (AE) 2022/2523 agus a roghnaigh cáin bhreisiúcháin náisiúnta cháilithe a chur i bhfeidhm de bhun Airteagal 11(1) den Treoir sin, is í an chéad bhliain fhioscach tuairiscithe a bhfuil an fhaisnéis le cur in iúl ina leith faoi Airteagal 8ae an chéad bhliain fhioscach ina mbeidh feidhm ag an gcáin bhreisiúcháin náisiúnta cháilithe. 3. Cuirfidh údarás inniúil an Bhallstáit an fhaisnéis faoi Airteagal 8ae maidir leis an gcéad bhliain fhioscach tuairiscithe in iúl tráth nach déanaí ná 6 mhí tar éis an sprioc-ama comhdúcháin. 4. In aon chás, cuirfidh na Ballstáit an fhaisnéis faoi Airteagal 8ae in iúl den chéad uair tráth nach luaithe ná an 1 Nollaig 2026.’ |
|
(11) |
déantar an téacs a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo a chur léi mar Iarscríbhinn VII. |
Airteagal 2
Trasuí
1. Na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, glacfaidh agus foilseoidh na Ballstáit iad faoin 31 Nollaig 2025. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.
Cuirfidh siad na bearta sin i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2026.
Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh an tagairt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an tslí leis an tagairt sin a dhéanamh.
2. D’ainneoin mhír 1 den Airteagal seo, déanfaidh na Ballstáit a roghnaigh gan RCI agus RÍFTC a chur i bhfeidhm de bhun Airteagal 50(1) de Threoir (AE) 2022/2523 na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin is gá chun Airteagal 1, pointe (1) agus pointí (3) go (11), den Treoir seo a chomhlíonadh a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin lá roimh dheireadh an roghnaithe sin.
Cuirfidh siad na bearta sin i bhfeidhm ón lá tar éis an lae a dhéanfar an roghnú sin.
D’ainneoin na chéad fhomhíre den mhír seo, i gcás na mBallstát a roghnaigh gan RCI agus RÍFTC a chur i bhfeidhm de bhun Airteagal 50(1) de Threoir (AE) 2022/2523 agus a roghnaigh cáin bhreisiúcháin náisiúnta cháilithe a chur i bhfeidhm de bhun Airteagal 11(1) den Treoir sin, glacfaidh siad agus foilseoidh siad na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh faoin lá roimh an gcéad bhliain fhioscach tuairiscithe faoin rogha cáin bhreisiúcháin náisiúnta cháilithe a chur i bhfeidhm. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.
Cuirfidh siad na bearta sin i bhfeidhm ó thús na chéad bhliana fioscaí tuairiscithe faoin rogha cáin bhreisiúcháin náisiúnta cháilithe a chur i bhfeidhm.
Nuair a thosóidh an chéad bhliain fhioscach tuairiscithe dá dtagraítear sa tríú fomhír den mhír seo roimh an lá nó ar an lá a thiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm, glacfaidh na Ballstáit a roghnaigh gan RCI agus RÍFTC a chur i bhfeidhm de bhun Airteagal 50(1) de Threoir (AE) 2022/2523 agus a roghnaigh cáin bhreisiúcháin náisiúnta cháilithe a chur i bhfeidhm de bhun Airteagal 11(1) den Treoir sin, glacfaidh sé agus foilseoidh sé, faoin 31 Nollaig 2025, na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.
Cuirfidh siad na bearta sin i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2026.
Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh an tagairt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an tslí leis an tagairt sin a dhéanamh.
3. De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo, déanfaidh na Ballstáit na dlíthe, rialacháin agus forálacha riaracháin is gá chun Airteagal 1, pointe (8), den Treoir seo a chomhlíonadh a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin 31 Nollaig 2027. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.
Cuirfidh siad na bearta sin i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2028.
Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh an tagairt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an tslí leis an tagairt sin a dhéanamh.
4. Cuirfidh na Ballstáit ar aghaidh chuig an gCoimisiún téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 4
Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit.
Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 14 Aibreán 2025.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
K. KALLAS
(1) Tuairim an 12 Feabhra 2025 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil).
(2) Tuairim an 26 Feabhra 2025 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil).
(3) Treoir (AE) 2022/2523 ón gComhairle an 15 Nollaig 2022 maidir le híosleibhéal domhanda cánachais a áirithiú do ghrúpaí ilnáisiúnta fiontar agus do ghrúpaí mórscála intíre san Aontas (IO L 328, 22.12.2022, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2022/2523/oj).
(4) Treoir 2011/16/AE ón gComhairle an 15 Feabhra 2011 maidir le comhar riaracháin i réimse an chánachais agus lena n-aisghairtear Treoir 77/799/CEE (IO L 64, 11.3.2011, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2011/16/oj).
(5) ECFE (2021), Tax Challenges Arising from Digitalisation of the Economy – Global Anti-Base Erosion Model Rules (Pillar Two) Inclusive Framework on BEPS, OECD/G20 Base Erosion and Profit Shifting Project [Dúshláin Chánach a eascraíonn as Digitiú an Gheilleagair – Rialacha Samhla Domhanda i gcoinne Chreimeadh an Bhoinn (Colún a Dó): Creat Cuimsitheach maidir le BEPS, Tionscadal ECFE/G20 um Chreimeadh an Bhoinn agus Aistriú Brabúis], Foilsitheoireacht ECFE, Páras, https://doi.org/10.1787/782bac33-en.
(6) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2011/182/oj).
(7) Treoir (AE) 2023/2226 ón gComhairle an 17 Deireadh Fómhair 2023 lena leasaítear Treoir 2011/16/AE maidir le comhar riaracháin i réimse an chánachais (IO L, 2023/2226, 24.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2023/2226/oj).
IARSCRÍBHINN
‘IARSCRÍBHINN VII
Rialacha comhdúcháin agus teimpléad caighdeánach le haghaidh tuairisceán faisnéise maidir le cáin bhreisiúcháin
ROINN I
SAINMHÍNITHE
Chun críocha na hIarscríbhinne seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
|
(1) |
Ciallaíonn “Ballstát cur chun feidhme” Ballstát a bhfuil riail cháilithe maidir le cuimsiú ioncaim (RCI) nó riail cháilithe maidir le brabús faoi thearc-cháin (RÍFTC) mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointí (18) agus (43) faoi seach, de Threoir (AE) 2022/2523, nó an dá cheann acu, curtha chun feidhme aige le haghaidh na bliana fioscaí tuairiscithe áirithe; |
|
(2) |
Ciallaíonn “Ballstát nach gcuireann chun feidhme ach an cháin bhreisiúcháin náisiúnta cháilithe” Ballstát nach bhfuil ach cáin bhreisiúcháin náisiúnta cháilithe curtha chun feidhme aige mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (28), de Threoir (AE) 2022/2523 le haghaidh na bliana fioscaí tuairiscithe áirithe; |
|
(3) |
Ciallaíonn “tuairisceán faisnéise maidir le cáin bhreisiúcháin” an tuairisceán faisnéise arna chomhdú ag máthaireintiteas deiridh, eintiteas is comhdaitheoir ainmnithe, eintiteas áitiúil ainmnithe nó comheintiteas a leagtar teimpléad caighdeánach amach ina leith i Roinn IV den Iarscríbhinn seo; |
|
(4) |
Ciallaíonn “roinn ghinearálta” an roinn den tuairisceán faisnéise maidir le cáin bhreisiúcháin ina bhfuil faisnéis ghinearálta faoin ngrúpa FIN ina iomláine, lena n-áirítear a struchtúr corparáideach agus achoimre ardleibhéil ar chur i bhfeidhm Threoir (AE) 2022/2523, agus an roinn sin comhsheasmhach le Roinn 1 den teimpléad caighdeánach don tuairisceán faisnéise maidir le cáin bhreisiúcháin. |
|
(5) |
Ciallaíonn “ranna dlínsiúla” na ranna den tuairisceán faisnéise maidir le cáin bhreisiúcháin ina bhfuil faisnéis maidir le cur i bhfeidhm mionsonraithe RCI cáilithe, RÍFTC cáilithe agus na cánach breisiúcháin náisiúnta cáilithe i leith gach dlínse ina bhfuil an grúpa FIN ag feidhmiú, agus na ranna sin comhsheasmhach le Ranna 2 agus 3 den teimpléad caighdeánach don tuairisceán faisnéise maidir le cáin bhreisiúcháin. |
|
(6) |
Ciallaíonn “bliain fhioscach tuairiscithe” an bhliain fhioscach lena mbaineann an tuairisceán faisnéise maidir le cáin bhreisiúcháin. |
ROINN II
CEANGLAIS CHOMHDÚCHÁIN
Sainaithneoidh an comheintiteas a chomhdóidh an tuairisceán faisnéise maidir le cáin bhreisiúcháin na ranna ábhartha agus na Ballstáit ábhartha a ndáilfear an fhaisnéis orthu de bhun an chur chuige scaipthe a leagtar amach in Airteagal 8ae.
ROINN III
FORMÁID CHOMHDÚCHÁIN AGUS MALARTÚ FAISNÉISE DO GHRÚPAÍ MÓRSCÁLA INTÍRE LE COMHFHIONTAIR
I gcás ina bhfuil leas úinéireachta díreach nó indíreach i gcomhfhiontar nó i gcleamhnaí comhfhiontair ag máthaireintiteas grúpa mórscála intíre atá faoi réir na cánach breisiúcháin náisiúnta cáilithe i mBallstát seachas an Ballstát ina bhfuil an grúpa mórscála intíre lonnaithe, bainfidh an grúpa mórscála intíre sin úsáid as an teimpléad caighdeánach don tuairisceán faisnéise maidir le cáin bhreisiúcháin a leagtar amach i Roinn IV den Iarscríbhinn seo.
I gcásanna a chumhdaítear leis an gcéad fhomhír, déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go mbeidh feidhm ag Airteagal 8ae(2) agus ag Airteagal 9a.
ROINN IV
POINTÍ SONRAÍ
1. Faisnéis faoin nGrúpa FIN
1.1. Sainaithint an chomheintitis is comhdaitheoir
|
|
|
|
|
|
||||||||||||
|
Is ea/Ní hea |
|
|
|
|
|
1.2. Faisnéis ghinearálta faoin ngrúpa FIN
1.2.1. Grúpa FIN agus an bhliain fhioscach tuairiscithe
|
|
|
|
||||||||
|
|
|
|
Is ea/Ní hea |
1.2.2. Faisnéis chuntasaíochta ghinearálta FIN
|
|
|
||||||
|
|
|
|
1.3. Struchtúr corparáideach
1.3.1. Máthaireintiteas deiridh
|
|
||
|
|
||
|
|
||
|
|
||
|
|
||
|
|
||
|
|
||
|
|
1.3.2. Grúpeintitis (seachas an máthaireintiteas deiridh) agus comhaltaí de ghrúpaí comhfhiontair
1.3.2.1. Comheintitis agus comhaltaí de ghrúpaí comhfhiontar
|
Athruithe |
|
Is ea/Ní hea |
||||||
|
Dlínse |
|
|
||||||
|
|
|||||||
|
Sainaithint an chomheintitis, an chomhfhiontair nó an chleamhnaithe comhfhiontair |
|
|
||||||
|
|
|||||||
|
|
|||||||
|
|
|||||||
|
Struchtúr úinéireachta an chomheintitis, an chomhfhiontair nó an chleamhnaithe comhfhiontair |
Maidir le gach eintiteas a bhfuil leasanna úinéireachta aige sa chomheintiteas, sa chomhfhiontar nó sa chleamhnaí comhfhiontair:
|
|
||||||
|
Más máthaireintiteas faoi pháirt-úinéireacht nó máthaireintiteas idirmheánach é an comheintiteas, an gceanglaítear ar an eintiteas RCI cáilithe a chur i bhfeidhm? |
|
|
||||||
|
|
|||||||
|
|
|||||||
|
An bhfuil RÍFTC infheidhme maidir leis an eintiteas? |
|
Is ea/Ní hea |
||||||
|
|
|||||||
|
Is ea/Ní hea |
1.3.2.2. Eintitis eisiata
|
Is ea/Ní hea |
||
|
|
||
|
|
1.3.3. Athruithe ar an struchtúr corparáideach a tharla le linn na bliana fioscaí tuairiscithe
|
Athruithe ar an struchtúr corparáideach a tharla le linn na bliana fioscaí tuairiscithe, ar athruithe iad nár tuairiscíodh toisc nach ndearna siad difear do ríomh éifeachtach an ráta cánach ná do ríomh ná do leithdháileadh na cánach breisiúcháin? |
Is ea/Ní hea |
|||||||||||||||||||||||
|
|
|
|
|
|
|
|
|||||||||||||||||
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|||||||||||||||||
1.4. Achoimre ardleibhéil ar an bhfaisnéis
|
|
|
|
|
|
|
|
|
||||||||||||||||||
|
|
|
|
|
[Cuir isteach an rogha ábhartha] |
[Cuir isteach an rogha ábhartha] |
Is ea/Ní hea |
[Cuir isteach an rogha ábhartha] |
[Cuir isteach an rogha ábhartha] |
2. Tearmainn agus eisiaimh dhlínsiúla
2.1. Saintréithe na dlínse
|
|
||
|
|
||
|
|
||
|
|
||
|
|
2.2. Eisceachtaí dlínsiúla is infheidhme i ndáil leis an dlínse seo (laghdú ar cháin bhreisiúcháin go nialas)
2.2.1. Rogha na dlínse tearmainn
2.2.1.1. Rogha an tearmainn
|
[cuir isteach an rogha ábhartha] |
2.2.1.2. Buantearmainn
|
□ |
Ríomh simplithe le haghaidh comheintitis neamhábhartha |
|
|
|
|
||||
|
|
|
||||
|
|
n.b. |
||||
|
|
n.b. |
||||
|
|
n.b. |
2.2.1.3. Tearmainn idirthréimhseacha
(a) Tearmann idirthréimhseach maidir le tuairisciú de réir tíre (CbCR)
|
|
||
|
|
||
|
|
(b) Tearmann idirthréimhseach RÍFTC
|
|
2.2.2. Rogha an eisiaimh de minimis
|
□ |
Roghnú an t-eisiamh de minimis a chur i bhfeidhm don bhliain fhioscach tuairiscithe |
|
□ |
Ríomh simplithe le haghaidh comheintitis neamhábhartha — comheintitis nach comheintitis neamhábhartha iad |
|
|
|
|
|
|
||||||||
|
|
|
|
|
||||||||
|
|
|
|
|
||||||||
|
|
|
|
|
||||||||
|
|
|
|
|
2.3. Grúpa FIN sa chéim thosaigh den ghníomhaíocht idirnáisiúnta (más infheidhme)
|
|
||||
|
|
||||
|
|
||||
|
|
||||
|
|
||||
|
|||||
|
|
||||
|
|
3. Ríomhanna
3.1. Saintréithe na dlínse
|
|
||
|
|
||
|
|
||
|
|
||
|
|
||
|
|
||
|
|
||
|
|
||
|
|
||
|
|
||
|
|
||
|
|
||
|
|
||
|
|
||
|
|
||
|
|
||
|
|
||
|
|
3.2. Ríomh an ráta cánach éifeachtaigh
3.2.1. Ráta cánach éifeachtach
|
|
|
|
|
||||||||||
|
|
[A] |
|
[B] |
[C]=[B]/[A] |
3.2.1.1. An t-ioncam nó an caillteanas cáilitheach a ríomh
|
|
||
|
Glanmhéid |
||
|
|
||
|
|
||
|
|
||
|
|
||
|
|
||
|
|
||
|
|
||
|
|
||
|
|
||
|
|
||
|
|
||
|
|
||
|
|
||
|
|
||
|
|
||
|
|
||
|
|
||
|
|
||
|
|
||
|
|
||
|
|
||
|
|
||
|
|
||
|
|
||
|
|
||
|
|
||
|
|
3.2.1.2. Cánacha cumhdaithe coigeartaithe a ríomh
(a) Méid iomlán na gcánacha cumhdaithe coigeartaithe
|
|
||
|
Glanmhéid |
||
|
|
||
|
|
||
|
|
||
|
|
||
|
|
||
|
|
||
|
|
||
|
|
||
|
|
||
|
|
||
|
|
||
|
|
||
|
|
||
|
|
||
|
|
||
|
|
||
|
|
||
|
|
||
|
|
||
|
|
||
|
|
(b) Tabhairt ar aghaidh róchostais cánach dhiúltaigh
|
[A] |
||
|
[B] |
||
|
[C] |
||
|
[D]=[A]+[B]-[C] |
(c) Córas cumaiscthe idirthréimhseach corparáid faoi rialú eachtrach (CFC) a ríomh (más ann dó)
|
|
|
||||||
|
|
|
|
||||||
|
|
|
|
||||||
|
Iomlán |
|
|||||||
3.2.2. Ríomhanna dlínsiúla a bhaineann le cuntasaíocht cánach iarchurtha
3.2.2.1. Coigeartuithe cánach iarchurtha
(a) Achoimre ardleibhéil
|
|
[A] |
||||
|
[B] |
|||||
|
[C] |
|||||
|
[D]=[A]-[B]+[C] |
|||||
|
[E] |
|||||
|
|
[F]=[D]+[E] |
||||
|
[G] |
|||||
|
[H] |
|||||
|
[I]=[F]+[G]-[H] |
|||||
(b) Miondealú ar na coigeartuithe
|
Glanmhéid |
||
|
|
||
|
|
||
|
|
||
|
|
||
|
|
||
|
|
||
|
|
||
|
|
||
|
|
||
|
|
||
|
|
||
|
|
||
|
|
||
|
|
||
|
|
||
|
|
||
|
[E] |
(c) Tabhairt siar caillteanas
|
|
|
|
||||
|
|
|
||||
|
|
|
||||
|
|
|
3.2.2.2. Sásra athghabhála
(a) An méid bliantúil dliteanas cánach iarchurtha atá faoi réir na rialach athghabhála
|
|
||
|
|
||
|
|
(b) Cuntais athghabhála maidir leis na dliteanais chánach iarchurtha chomhiomlána
|
|
|
|
||||
|
|
|
||||
|
|
|
||||
|
|
|
3.2.2.3. Rialacha idirthréimhseacha
|
|
(a) Sócmhainní cánach iarchurtha agus dliteanais chánach iarchurtha ag tús na hidirbhliana
|
Dliteanais chánach iarchurtha |
||||||||||||
|
|
|||||||||||
|
|
|
|||||||||||
|
Sócmhainní cánach iarchurtha |
||||||||||||
|
|
|
|
|||||||||
|
[A] |
[B] |
[C] |
[D] = [A] nó [B], más infheidhme] - [C] |
|||||||||
(b) Aistriú sócmhainní tar éis an 30 Samhain 2021 agus roimh thús idirbhliana
|
|
|
|
|
||||||||||
|
|
|
|
|
|
3.2.3. Roghnuithe dlínsiúla (más ann dóibh)
3.2.3.1. Roghnuithe dlínsiúla
(a) Roghnuithe
|
|
||||||||||
|
□ |
||||||||||
|
□ |
||||||||||
|
□ |
||||||||||
|
□ |
||||||||||
|
|
|
|||||||||
|
|
|
|||||||||
|
|
|
|||||||||
|
|
|
|||||||||
|
|
|
|||||||||
|
|
|
|||||||||
|
|
|
|||||||||
|
|
|
|||||||||
(b) Ceanglais faisnéise a bhaineann le roghnuithe dlínsiúla
|
|
||
|
[A] |
||
|
[B] |
||
|
[C] |
||
|
[D]=[A]+[B]-[C] |
3.2.3.2. Roghnú cánach dáileachán measta
|
□ |
(a) Sásra athghabhála
|
|
|
|
|||||||||||
|
3ú bliain fhioscach roimhe sin |
an 2ú bliain fhioscach roimhe sin |
an 1ú bliain fhioscach roimhe sin |
An bhliain fhioscach tuairiscithe |
|||||||||||
|
4ú bliain fhioscach roimhe sin |
|
|
|
|
|
|
||||||||
|
3ú bliain fhioscach roimhe sin |
|
Ní bhaineann le hábhar |
|
|
|
|
||||||||
|
an 2ú bliain fhioscach roimhe sin |
|
Ní bhaineann le hábhar |
Ní bhaineann le hábhar |
|
|
|
||||||||
|
an 1ú bliain fhioscach roimhe sin |
|
Ní bhaineann le hábhar |
Ní bhaineann le hábhar |
Ní bhaineann le hábhar |
|
|
||||||||
|
An bhliain fhioscach tuairiscithe |
|
Ní bhaineann le hábhar |
Ní bhaineann le hábhar |
Ní bhaineann le hábhar |
Ní bhaineann le hábhar |
Ní bhaineann le hábhar |
||||||||
(b) Ráta cánach éifeachtach agus cáin bhreisiúcháin a athríomh
|
|
|
||||||
|
[A] |
[B] |
[C] |
3.2.4. Ríomhanna comheintitis
(a) Roghnú an chreata tuairiscithe dhlínsiúil simplithe idirthréimhsigh
|
Roghnaíonn/Ní roghnaíonn |
(b) Tuairisciú comhiomlánaithe le haghaidh grúpaí comhdhlúite cánach
|
|
||||
|
|
|
3.2.4.1. Ioncam nó caillteanas cáilitheach
(a) Coigeartuithe ar an nglanioncam nó glanchaillteanas cuntasaíochta airgeadais
|
|
|||
|
|
|||
|
Breiseanna |
Laghduithe |
||
|
|
|
||
|
|
|
||
|
|
|
||
|
|
|
||
|
|
|
||
|
|
|
||
|
|
|
||
|
|
|
||
|
|
|
||
|
|
|
||
|
|
|
||
|
|
|
||
|
|
|
||
|
|
|
||
|
|
|
||
|
|
|
||
|
|
|
||
|
|
|
||
|
|
|
||
|
|
|
||
|
|
|
||
|
|
|
||
|
|
|
||
|
|
|
||
|
|
|
||
|
|
|
||
|
|
|||
(b) Leithdháileadh trasteorann ioncaim nó caillteanais idir príomheintiteas agus buanbhunaíocht agus eintiteas tréshreafa
|
|
|
|
|
|
|
|
||||||||||||||||
|
|
|
|
|
|
|
|
|
(c) Coigeartuithe trasteorann
|
|
|
|
|
|
||||||||||||
|
|
|
|
|
|
|
(d) Coigeartuithe ar ioncam cáilitheach an mháthaireintitis deiridh ar eintiteas tréshreafa é nó atá faoi réir córas díbhinní in-asbhainte
|
|
|
|
|
||||||||||
|
|
|
|
|
|
3.2.4.2. Cánacha cumhdaithe coigeartaithe
(a) Coigeartuithe ar an gcostas cánach reatha sna cuntais airgeadais
|
|
|
||
|
|
|
||
|
Breiseanna |
Laghduithe |
||
|
|
|
||
|
|
|
||
|
|
|
||
|
|
|
||
|
|
|
||
|
|
|
||
|
|
|
||
|
|
|
||
|
|
|
||
|
|
|
||
|
|
|
||
|
|
|
||
|
|
|
||
|
|
|
||
|
|
|
||
|
|
|
||
|
|
|
||
|
|
|
(b) Tras-leithdháileadh cánacha
|
|
|
|
|
|
|
|
||||||||||||||||
|
|
|
|
|
|
|
|
|
(c) Costas cánach iarchurtha
|
|
|
||
|
|
|
||
|
Breiseanna |
Laghduithe |
||
|
|
|
||
|
|
|
||
|
|
|
||
|
|
|
||
|
|
|
||
|
|
|
||
|
|
|
||
|
|
|
||
|
|
|
||
|
|
|
||
|
|
|
||
|
|
|
||
|
|
|
||
|
|
|
||
|
|
|
||
|
|
|
||
|
|
|
||
|
|
|
||
|
|
|
3.2.4.3. Roghnú comheintitis (nó roghnuithe a bhfuil feidhm acu maidir le grúpa comhfhiontar)
|
|
|||||||||||
|
|
|
||||||||||
|
|
|||||||||||
|
|
|||||||||||
|
|
|
|
|
||||||||
|
|
|
||||||||||
|
|
|
||||||||||
|
|
|
||||||||||
|
|
|
||||||||||
|
|
|
||||||||||
|
|
|
|
|||||||||
|
|
|
|
|
||||||||
|
|
|||||||||||
|
|
|
||||||
|
|
|
|
3.2.4.4. Eisiamh maidir le hioncam loingseoireachta idirnáisiúnta
(a) Eisiamh maidir le hioncam loingseoireachta idirnáisiúnta
|
|
|||
|
Ioncam loingseoireachta idirnáisiúnta |
|
|
||
|
[A] |
|||
|
[B] |
|||
|
[C]=[A]-[B] |
|||
|
Ioncam loingseoireachta idirnáisiúnta coimhdeach cáilithe |
|
|
||
|
[D] |
|||
|
[E] |
|||
|
[F]=[D]-[E] |
|||
|
Éifeacht ar eisiamh ioncaim bunaithe ar shubstaint |
|
|
||
|
|
|||
|
Cánacha cumhdaithe |
|
|
||
(b) Uasteorainn dhlínsiúil le haghaidh an eisiaimh maidir le hioncam loingseoireachta idirnáisiúnta choimhdigh cháilithe
|
[A] |
||
|
50 %x[A] |
||
|
[B] |
||
|
[B]-50 %x[A] |
3.2.4.5. Faisnéis chun críoch roghnaithe chun modh dáilte inchánach a chur i bhfeidhm (más infheidhme)
Roghnú modha dáilte inchánach
|
|
|
|
|
||||||||||
|
|
|
|
|
|
3.2.4.6. Caighdeán cuntasaíochta eile
|
|
||||
|
|
|
3.3. Ríomh cánach breisiúcháin
3.3.1. Cáin bhreisiúcháin
|
|
|
|
|
|
||||||||||||
|
[A]=15 % - ráta cánach éifeachtach |
[B] |
[C] = glanioncam nó glanchaillteanas cáilitheach -[B] |
[D] |
[E] |
=[A]x[C]+[D]-[E] |
3.3.2. Ríomh an eisiaimh ioncaim bunaithe ar shubstaint (más infheidhme)
3.3.2.1. Méid iomlán an eisiaimh ioncaim bunaithe ar shubstaint
|
Díolmhú bunaithe ar phárolla |
Díolmhú sócmhainní inláimhsithe |
Iomlán |
||||||||||||
|
|
|
|
|
||||||||||
|
[A] |
[B] |
[C] |
[D] |
[E]=[A]x[B]+[C]x[D] |
||||||||||
3.3.2.2. Costais phárolla incháilithe agus luach de réir na leabhar a ghabhann le sócmhainní inláimhsithe incháilithe a leithdháileadh ar bhuanbhunaíochtaí chun críocha an eisiaimh ioncaim bunaithe ar shubstaint
|
|
|
|
|
||||||||||
|
|
|
|
|
|
3.3.2.3. Costais phárolla incháilithe agus luach de réir na leabhar a ghabhann le sócmhainní inláimhsithe incháilithe eintitis tréshreafa a leithdháileadh chun críocha an eisiaimh ioncaim bunaithe ar shubstaint
|
|
|
|
|
||||||||||
|
|
|
|
|
|
3.3.3. Cáin bhreisiúcháin reatha bhreise
3.3.3.1. Cáin bhreisiúcháin bhreise seachas i gcás glanchaillteanas cáilitheach sa bhliain fhioscach tuairiscithe
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
||||||||||||||||||||
|
|
An bhliain fhioscach X roimhe sin |
|
|
|
|
|
|
|
|
||||||||||||||||||||
|
|
|
|
|
|
|
3.3.3.2. Cáin bhreisiúcháin bhreise i gcás glanchaillteanas cáilitheach le haghaidh na bliana fioscaí tuairiscithe
|
[A] |
||
|
[B] |
||
|
[C]=[B]×15 % |
||
|
[D]=[C]-[A] |
3.3.4. Cáin bhreisiúcháin náisiúnta cháilithe
|
|
||||
|
|
||||
|
|
||||
|
|
||||
|
|
||||
|
Airgeadra |
Bliain an roghnaithe |
Bliain na cúlghairme |
||
|
Is ea/Ní hea |
||||
|
Tá/Níl |
||||
3.4. Leithdháileadh agus sannadh cánach breisiúcháin (más ann dó)
3.4.1. RCI a chur i bhfeidhm i ndáil leis an dlínse sin
|
|
|
|||||
|
[A] |
||||||
|
[C] = [T] x [A]/[A+B+etc] |
||||||
|
|
[Máthaireintiteas 1] |
|
||||
|
Dlínse B |
|
|||||
|
[D] |
|
|||||
|
[F]=([A]-[D])/[A] |
|
|||||
|
|
[G]=[C]×[F] |
|
||||
|
[H] |
|
|||||
|
[I]=[G]-[H] |
|
|||||
3.4.2. Méid iomlán cháin bhreisiúcháin RÍFTC i ndáil leis an dlínse seo
|
|
||
|
|
||
|
|
3.4.3. Cáin bhreisiúcháin a shannadh faoi RÍFTC
|
|
|
|
|
|
|
|
||||||||||||||||
|
|
|
|
|
|
|
|
|
||||||||||||||||
|
|
|
|
|
|
|
|
|
||||||||||||||||
|
Iomlán |
|
|
|
|
|
|
|
’.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2025/872/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)