|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/2840 |
6.11.2024 |
CINNEADH (CBES) 2024/2840 ÓN gCOMHAIRLE
an 5 Samhain 2024
maidir le beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun acmhainneachtaí Chabhlach Phoblacht an Chongó a neartú faoi chuimsiú Ailtireacht Yaoundé
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 28(1) agus Airteagal 41(2) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Cinneadh (CBES) 2021/509 ón gComhairle (1), bunaítear an tSaoráid Eorpach Síochána (SES) chun go maoineodh na Ballstáit gníomhaíochtaí an Aontais faoin gComhbheartas Eachtrach agus Slándála (CBES) chun an tsíocháin a chaomhnú, coinbhleachtaí a chosc agus an tslándáil idirnáisiúnta a neartú de bhun Airteagal 21(2), pointe (c), den Chonradh. Go háirithe, de bhun Airteagal 1(2) de Chinneadh (CBES) 2021/509, tá úsáid le baint as SES chun maoiniú a dhéanamh ar bhearta cúnaimh ar nós gníomhaíochtaí chun acmhainneachtaí tríú Stáit agus eagraíochtaí réigiúnacha agus idirnáisiúnta a neartú i ndáil le cúrsaí míleata agus cosanta. |
|
(2) |
Tráth chomóradh 10 mbliana Chód Iompair Yaoundé a síníodh i Yaoundé an 25 Meitheamh 2013, d’athdhearbhaigh an tAontas agus a Bhallstáit go dtacaíonn siad le réigiún Mhurascaill na Guine, agus d’athdhearbhaigh siad a dtiomantas an tslándáil mhuirí a fheabhsú sa limistéar. |
|
(3) |
An 4 Bealtaine 2022, d’fhormheas an Chomhairle an Coincheap maidir le beart cúnaimh a d’fhéadfadh a bheith ann a rachadh chun tairbhe Stáit chósta Mhurascaill na Guine, agus é mar chuspóir uileghabhálach aige tacú le gníomhaíochtaí slándála muirí agus gníomhaíochtaí frithphíoráideachta arna ndéanamh ag gníomhaithe míleata faoi stiúir na hAfraice i Murascaill na Guine chun minicíocht, fad agus déine an fhoréigin agus na coiriúlachta a laghdú, ar deireadh, chun soithí muirí agus pobail chósta agus a slite beatha a chosaint. |
|
(4) |
An 13 Meán Fómhair 2024, fuair Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála iarraidh ó Aireacht Gnóthaí Eachtracha, Dhomhan na Fraincise agus Chongólaigh Thar Lear Phoblacht an Chongó ar an Aontas cúnamh a thabhairt don Chabhlach trealamh, seirbhísí agus oiliúint thábhachtach bhreise a sholáthar chun feabhas a chur ar a chumais oibríochtúla, agus é mar aidhm a acmhainneacht patróil a dhéanamh ar limistéar eacnamaíoch eisiach Phoblacht an Chongó agus gníomhaíochtaí oibríochtúla a dhéanamh, lena n-áirítear faoi chuimsiú Ailtireacht Yaoundé. |
|
(5) |
Tá bearta cúnaimh le cur chun feidhme agus na prionsabail agus na ceanglais a leagtar amach i gCinneadh (CBES) 2021/509 á gcur san áireamh, go háirithe maidir le comhlíonadh Chomhsheasamh 2008/944/CBES ón gComhairle (2), agus i gcomhréir leis na rialacha do chur chun feidhme an ioncaim agus an chaiteachais a mhaoinítear faoi SES. |
|
(6) |
Athdhearbhaíonn an Chomhairle go bhfuil rún daingean aici cearta an duine, saoirsí bunúsacha agus prionsabail dhaonlathacha a chosaint, a chur chun cinn agus a chomhlíonadh agus an smacht reachta agus an dea-rialachas a neartú, i gcomhréir le Cairt na Náisiún Aontaithe, le Dearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine agus leis an dlí idirnáisiúnta, go háirithe an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus an dlí daonnúil idirnáisiúnta, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Bunú, cuspóirí, raon feidhme agus fad
1. Leis seo, bunaítear beart cúnaimh (‘an beart cúnaimh’) a rachaidh chun tairbhe Phoblacht an Chongó (‘an tairbhí’) agus atá le maoiniú faoin tSaoráid Eorpach Síochána.
2. Is é is cuspóir don bheart cúnaimh feabhas a chur ar chumais oibríochtúla Chabhlach an Chongó, agus é mar aidhm leis sin cur lena chumas patról a dhéanamh ar limistéar eacnamaíoch eisiach Phoblacht an Chongó agus gníomhaíochtaí oibríochtúla a dhéanamh, chun minicíocht na coiriúlachta a laghdú ar deireadh, soithí agus acmhainní muirí, pobail chósta agus a slite beatha a chosaint.
3. Chun an cuspóir a leagtar amach i mír 2 a bhaint amach, maoineofar leis an mbeart cúnaimh na cineálacha trealaimh nach bhfuil deartha chun fórsa marfach a sheachadadh, agus na seirbhísí seo a leanas, lena n-áirítear oiliúint theicniúil, i gcás inar gá:
|
(a) |
plean athléimneachta a chur chun feidhme do na báid phatróil, trí oiliúint a chur ar fáil in oideachas cabhlaigh agus i dtrealamh cabhlaigh le haghaidh ceardlanna speisialaithe, chomh maith le cumais mhuirí a athbhunú i ndálaí oibriúcháin; |
|
(b) |
sócmhainní feidhmiúla faisnéise, faireachais agus taiscéalaíochta (ISR) le haghaidh post ceannais raidió, agus trealamh comhlántach le haghaidh na seomraí oibríochtaí agus bainistithe géarchéime a sholáthar; |
|
(c) |
trealamh speisialaithe a sholáthar d’fhoirne cuairte, boird, cuardaigh agus urghabhála agus do thumadóirí cabhlaigh. |
4. Mairfidh an beart cúnaimh ar feadh tréimhse 36 mhí ón dáta a ghlacfar an Cinneadh seo.
Airteagal 2
Socruithe airgeadais
1. EUR 5 000 000 a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais a bheartaítear chun an caiteachas a bhaineann leis an mbeart cúnaimh a chumhdach.
2. Déanfar an caiteachas go léir a bhainistiú i gcomhréir le Cinneadh (CBES) 2021/509 agus i gcomhréir leis na rialacha maidir le hioncam agus caiteachas arna maoiniú faoi SES a chur chun feidhme.
Airteagal 3
Socruithe leis an tairbhí
1. Déanfaidh Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (‘an tArdionadaí’) na socruithe is gá leis an tairbhí chun a áirithiú go gcomhlíonann sé na ceanglais agus na coinníollacha arna mbunú ag an gCinneadh seo, mar choinníoll le soláthar na tacaíochta faoin mbeart cúnaimh.
2. Áireofar sna socruithe dá dtagraítear i mír 1 forálacha lena gcuirtear d’oibleagáid ar an tairbhí an méid seo a leanas a áirithiú:
|
(a) |
go gcomhlíonfaidh na haonaid sin de Chabhlach an Chongó dá dtugtar tacaíocht faoin mbeart cúnaimh an dlí idirnáisiúnta ábhartha, go háirithe an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus an dlí daonnúil idirnáisiúnta; |
|
(b) |
go mbainfear úsáid chuí éifeachtúil as aon sócmhainní a chuirtear ar fáil faoin mbeart cúnaimh chun na gcríoch dár soláthraíodh iad; |
|
(c) |
go ndéanfar cothabháil leordhóthanach ar aon sócmhainní a chuirtear ar fáil faoin mbeart cúnaimh chun a áirithiú go mbeidh siad inúsáidte agus go mbeidh siad ar fáil le haghaidh oibríochtaí i gcaitheamh a saolré; |
|
(d) |
nach gcaillfear aon sócmhainní a chuirfear ar fáil nó a choinneofar faoin mbeart cúnaimh, ná nach n-aistreofar iad chuig daoine nó eintitis seachas iad siúd a shainaithnítear sna socruithe sin. |
3. Áireofar sna socruithe dá dtagraítear i mír 1 forálacha maidir le tacaíocht a fhionraí agus a fhoirceannadh faoin mbeart cúnaimh i gcás ina suífear go bhfuil na hoibleagáidí a leagtar amach i mír 2 á sárú ag an tairbhí.
Airteagal 4
Cur chun feidhme
1. Beidh an tArdionadaí freagrach as a áirithiú go gcuirfear an Cinneadh seo chun feidhme i gcomhréir le Cinneadh (CBES) 2021/509, agus i gcomhréir leis na rialacha maidir leis an ioncam agus an caiteachas a mhaoinítear faoi SES a chur chun feidhme, agus leis an gCreat Modheolaíochta Comhtháite chun na bearta agus na rialuithe atá riachtanach le haghaidh bearta cúnaimh faoi SES a mheasúnú agus a shainaithint.
2. Is é Défense Conseil International – Grúpa DCI a dhéanfaidh na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 1(3) a chur chun feidhme.
Airteagal 5
Faireachán, rialú agus meastóireacht
1. Déanfaidh an tArdionadaí faireachán ar a mhéid a chomhlíonfaidh an tairbhí na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 3. Leis an bhfaireachán sin, músclófar feasacht ar an gcomhthéacs agus ar na rioscaí a ghabhann le sáruithe ar na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 3 agus cuideofar le sáruithe den sórt sin a chosc, lena n-airítear sáruithe ar an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta arna ndéanamh ag aonaid Fhórsaí Armtha Phoblacht an Chongó dá dtugtar tacaíocht faoin mbeart cúnaimh.
2. Déanfar rialú an trealaimh agus na soláthairtí tar éis a loingsithe a eagrú mar a leanas:
|
(a) |
fíorú ar a seachadadh, trína bhfuil na fórsaí, arb iad na húsáideoirí deiridh iad, le deimhnithe seachadta SES a shíniú tráth a aistreofar úinéireacht; |
|
(b) |
tuairisciú a dhéanamh, trína bhfuil an tairbhí le tuairisciú go bliantúil ar na gníomhaíochtaí arna ndéanamh leis an trealamh agus na seirbhísí arna soláthar faoin mbeart cúnaimh agus ar fhardal na n-earraí ainmnithe go dtí go measfaidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála nach bhfuil gá leis an tuairisciú sin a thuilleadh; |
|
(c) |
cuairteanna ar an láthair, trína ndeonóidh an tairbhí rochtain don Ardionadaí agus d’iniúchóirí SES chun rialuithe ar an láthair agus iniúchtaí SES a dhéanamh, arna iarraidh sin. |
3. Déanfaidh an tArdionadaí meastóireacht deiridh ach a gcríochnófar an beart cúnaimh chun a mheas ar chuidigh an beart cúnaimh leis an gcuspóir a leagtar amach in Airteagal 1(2) a bhaint amach.
Airteagal 6
Tuarasciú
Le linn na tréimhse cur chun feidhme, cuirfidh an tArdionadaí tuarascálacha leathbhliantúla faoi bhráid an Choiste Polaitiúil agus Slándála maidir le cur chun feidhme an bhirt cúnaimh, i gcomhréir le hAirteagal 63 de Chinneadh (CBES) 2021/509. Cuirfidh an riarthóir um bearta cúnaimh an Coiste um an tSaoráid arna bhunú le Cinneadh (CBES) 2021/509 ar an eolas go tráthrialta faoi chur chun feidhme ioncaim agus caiteachais, i gcomhréir le hAirteagal 38 den Chinneadh sin, lena n-áirítear trí fhaisnéis a sholáthar faoi na soláthraithe agus na fochonraitheoirí lena mbaineann.
Airteagal 7
Fionraí agus foirceannadh
1. Féadfaidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála cinneadh a dhéanamh cur chun feidhme an bhirt cúnaimh a chur ar fionraí go hiomlán nó go páirteach i gcomhréir le hAirteagal 64 de Chinneadh (CBES) 2021/509.
2. Féadfaidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála a mholadh don Chomhairle go bhfoirceannfaí an beart cúnaimh.
Airteagal 8
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 5 Samhain 2024.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
VARGA M.
(1) Cinneadh (CBES) 2021/509 an 22 Márta 2021 ón gComhairle lena mbunaítear Saoráid Eorpach Síochána, agus lena n-aisghairtear Cinneadh (CBES) 2015/528 (IO L 102, 24.3.2021, lch. 14, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2021/509/oj).
(2) Comhsheasamh 2008/944/CBES ón gComhairle an 8 Nollaig 2008 lena sainmhínítear comhrialacha lena rialáiltear onnmhairí teicneolaíochta míleata agus trealaimh mhíleata (IO L 335, 13.12.2008, lch. 99). ELI: http://data.europa.eu/eli/compos/2008/944/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/2840/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)