|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2025/3786 |
17.9.2025 |
P9_TA(2024)0360
Dlí na gcuideachtaí - Úsáid uirlisí digiteacha agus próiseas digiteach a leathnú agus a uasghrádú tuilleadh
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 24 Aibreán 2024 ar an togra le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2009/102/CE agus Treoir (AE) 2017/1132 maidir le húsáid uirlisí agus próisis dhigiteacha i ndlí na gcuideachtaí a leathnú agus a uasghrádú a thuilleadh (COM(2023)0177 – C9-0121/2023 – 2023/0089(COD))
(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)
(C/2025/3786)
Tá Parlaimint na hEorpa,
|
— |
ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2023)0177), |
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 294(2), d’Airteagal 50(1) agus (2) agus d’Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9-0121/2023), |
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 14 Meitheamh 2023 (1), |
|
— |
ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 20 Márta 2024 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,)( |
|
— |
ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla (A9-0394/2023), |
|
1. |
ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é; |
|
2. |
á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil; |
|
3. |
á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta. |
P9_TC1-COD(2023)0089
Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 24 Aibreán 2024 chun go nglacfaí Treoir (AE) 2024/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoracha 2009/102/CE agus (AE) 2017/1132 a mhéid a bhaineann le húsáid uirlisí agus próiseas digiteach i ndlí na gcuideachtaí a leathnú agus a uasghrádú tuilleadh
(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Treoir (AE) 2025/25.)
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/3786/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)