European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/2254

7.11.2025

CINNEADH (AE) 2025/2254 ÓN gCOMHAIRLE

an 27 Deireadh Fómhair 2025

maidir le treoirlínte do bheartais fostaíochta na mBallstát

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 148(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Ag féachaint don tuairim ó Pharlaimint na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (2),

Tar éis di dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag féachaint don tuairim ón gCoiste Fostaíochta (3),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

De bhun Airteagal 145 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), tá na Ballstáit agus an tAontas le hoibriú i dtreo straitéis chomhordaithe um fhostaíocht a fhorbairt agus go háirithe chun lucht saothair sciliúil oilte inoiriúnaithe a chur chun cinn, agus margaí saothair atá cuimsitheach, athléimneach, dírithe ar an todhchaí agus freagrúil ar an athrú eacnamaíoch d’fhonn na cuspóirí maidir le fás eacnamaíoch cothrom, lánfhostaíocht agus dul chun cinn sóisialta, agus ardleibhéal cosanta don chomhshaol chomh maith le cáilíocht fheabhsaithe an chomhshaoil mar a leagtar síos in Airteagal 3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) bhaint amach. I gcomhréir le hAirteagal 146(2) CFAE, measfaidh na Ballstáit gur ábhar imní coitinn é cur chun cinn na fostaíochta agus déanfaidh siad a ngníomhaíocht a chomhordú ina leith sin sa Chomhairle.

(2)

De bhun Airteagal 3 CFAE, tá sé beartaithe ag an Aontas an t-eisiamh sóisialta agus an t-idirdhealú a chomhrac, agus an ceartas sóisialta agus an chosaint shóisialta, an comhionannas idir mná agus fir, an dlúthpháirtíocht idir na glúine agus an chosaint ar chearta an linbh a chur chun cinn. De bhun Airteagal 9 CFAE, agus a bheartais agus a ghníomhaíochtaí á sainiú agus á gcur chun feidhme aige, tabharfaidh an tAontas aird ar na ceanglais atá nasctha le hardleibhéal fostaíochta a chur chun cinn, cosaint shóisialta leormhaith a ráthú, an t-eisiamh sóisialta a chomhrac, agus ardleibhéal oideachais, oiliúna agus cosanta do shláinte an duine.

(3)

Tá ionstraimí comhordaithe beartais forbartha agus curtha chun feidhme ag an Aontas le haghaidh beartais eacnamaíocha agus fostaíochta. Mar chuid de na hionstraimí sin, is iad na treoirlínte do bheartais fostaíochta na mBallstát (‘na Treoirlínte Fostaíochta’) a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (AE) 2024/3134 ón gComhairle (4), mar aon le mór-threoirlínte beartas eacnamaíoch na mBallstát agus an Aontais a leagtar amach i Moladh (AE) 2015/1184 (5) ón gComhairle, na Treoirlínte Comhtháite. Tá na Treoirlínte Fostaíochta ann chun cur chun feidhme an bheartais a threorú sna Ballstáit agus san Aontas, rud a léiríonn an t-idirspleáchas atá ann idir na Ballstáit. Is é atá sa tsraith beartas agus athchóirithe comhordaithe ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta a eascraíonn as an méid sin, meascán foriomlán beartas eacnamaíoch, fostaíochta agus sóisialta atá iomchuí agus inbhuanaithe, agus lenar cheart éifeachtaí dearfacha iarmharta a bhaint amach do mhargaí saothair agus don tsochaí i gcoitinne, athléimneacht eacnamaíoch agus shóisialta a neartú agus dúshláin mheántéarmacha agus dúshláin níos fadtéarmaí a fhreagairt, lena n-áirítear an gá atá le hiomaíochas a neartú, éiginnteacht maidir le beartais trádála dhomhanda, chomh maith leis na héifeachtaí a bhaineann le cogadh foghach na Rúise ar an Úcráin agus leis an gcomhthéacs geopholaitiúil lasmuigh de sin.

(4)

Chun dul chun cinn eacnamaíoch agus sóisialta agus cóineasú aníos a fheabhsú, chun tacú leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach, chun bonn tionsclaíoch, táirgiúlacht agus iomaíochas an Aontais a neartú, chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin dhéimeagrafacha, agus chun margaí saothair cuimsitheacha agus athléimneacha a bhaint amach san Aontas, ba cheart do na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar ghanntanais saothair agus scileanna agus poist ardcháilíochta agus oideachas agus oiliúint ardcháilíochta cuimsitheacha do chách a chur chun cinn, i gcomhréir le Teachtaireacht ón gCoimisiún an 5 Márta 2025 dar teideal ‘Aontas na Scileanna’, agus béim ar leith á leagan ar bhunscileanna a fheabhsú, bunaithe ar an bPlean Gníomhaíochta um Bunscileanna, chomh maith le scileanna atá ábhartha don mhargadh saothair, lena n-áirítear scileanna digiteacha agus glasa, go háirithe i measc mic léinn agus daoine fásta faoi mhíbhuntáiste. Ba cheart do na Ballstáit borradh a chur faoi oideachas agus oiliúint san eolaíocht, sa teicneolaíocht, san innealtóireacht agus sa mhatamaitic (ETIM), i gcomhréir leis an bPlean Straitéiseach um Oideachas ETIM, gairmoideachas agus gairmoiliúint atá dírithe ar an todhchaí, go háirithe mná agus cailíní a mhealladh i dtreo ETIM, uas-sciliú agus athsciliú ar feadh an tsaoil a neartú, iarracht a dhéanamh córais oideachais a dhéanamh cuimsitheach, chomh maith le beartais ghníomhacha éifeachtacha maidir leis an margadh saothair agus dálaí oibre agus deiseanna gairme feabhsaithe a áirithiú, agus ról agus neamhspleáchas na gcomhpháirtithe sóisialta á n-urramú ag an am céanna. Mar atá luaite sa Mholadh ón gComhairle an 16 Meitheamh 2022 (6), is féidir tacú le cur chun feidhme na mbeartas sin trí ghné an oideachais agus na hoiliúna a chomhtháthú go córasach i mbeartais eile a bhaineann leis an aistriú glas, agus peirspictíocht ar feadh an tsaoil i bhfeidhm. Tá ábharthacht ar leith ag baint leis na gnéithe sin a neartú le haghaidh na réigiún lagfhorbartha, iargúlta agus is forimeallaí san Aontas, sna háiteanna inar mó na riachtanais. Is féidir aghaidh a thabhairt a thuilleadh ar ghanntanais trí shoghluaisteacht chothrom laistigh den Aontas a fheabhsú d’oibrithe agus d’fhoghlaimeoirí agus trí dhaoine tréitheacha a mhealladh ó lasmuigh den Aontas agus iad a choinneáil. Ina theannta sin, ba cheart na naisc idir na córais oideachais agus oiliúna agus an margadh saothair a neartú agus scileanna, eolas agus inniúlachtaí arna sealbhú tríd an bhfoghlaim sheachfhoirmiúil agus neamhfhoirmiúil a bhailíochtú agus a aithint.

(5)

Tá na Treoirlínte Fostaíochta comhsheasmhach le Creat rialachais eacnamaíoch nua an Aontais a tháinig i bhfeidhm an 30 Aibreán 2024 (7), agus le reachtaíocht an Aontais atá ann cheana agus tionscnaimh éagsúla de chuid an Aontais, lena n-áirítear Moltaí ón gComhairle an 14 Meitheamh 2021 (8), an 29 Samhain 2021 (9), an 5 Aibreán 2022 (10), an 16 Meitheamh 2022 (11), an 28 Samhain 2022 (12), an 8 Nollaig 2022 (13), an 30 Eanáir 2023 (14), an 12 Meitheamh 2023 (15) agus an 27 Samhain 2023 (16), Moladh (AE) 2021/402 ón gCoimisiún (17), Rún ón gComhairle an 26 Feabhra 2021 (18), Teachtaireachtaí ón gCoimisiún an 9 Nollaig 2021 maidir le geilleagar a thógáil a oibríonn do dhaoine: plean gníomhaíochta don gheilleagar sóisialta, an 30 Meán Fómhair 2020 maidir leis an bPlean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach 2021-2027, an 3 Márta 2021 maidir le hAontas an Chomhionannais: Straitéis maidir le Cearta Daoine faoi Mhíchumas 2021-2030, an 7 Meán Fómhair 2022 maidir leis an straitéis Eorpach um Chúram, an 1 Feabhra 2023 maidir le Plean Tionsclaíoch an Chomhaontaithe Ghlais don Ré Ghlan-Nialasach, an 25 Eanáir 2023 maidir leis an idirphlé sóisialta a neartú san Aontas Eorpach, an 11 Deireadh Fómhair 2023 maidir le hathrú déimeagrafach san Eoraip: bosca uirlisí le haghaidh gníomhaíochta, an 28 Meán Fómhair 2022 maidir le Measúnú níos fearr a dhéanamh ar thionchar dáileach bheartais na mBallstát, an 20 Márta 2024 maidir le ganntanais saothair agus scileanna san Aontas Eorpach: plean gníomhaíochta, agus an 5 Márta 2025 maidir le hAontas na Scileanna, Cinntí (AE) 2021/2316 (19) agus (AE) 2023/936 (20) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus Treoracha (AE) 2022/2041 (21), (AE) 2022/2381 (22), (AE) 2023/970 (23) agus (AE) 2024/2831 (24) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

(6)

Leis an Seimeastar Eorpach, comhcheanglaítear ionstraimí éagsúla i gcreat uileghabhálach ar mhaithe le comhordú agus faireachas comhtháite iltaobhach ar bheartais eacnamaíocha agus fostaíochta laistigh den Aontas. Tá an Seimeastar Eorpach ina phríomhuirlis chun na tosaíochtaí a shainítear sa Chompás Iomaíochais, lena gcuirtear creat ar fáil chun borradh a chur faoin iomaíochas tríd an mbearna nuálaíochta a dhúnadh, trí gheilleagar an Aontais a dhícharbónú, trí spleáchais iomarcacha a laghdú agus tríd an tslándáil a mhéadú, agus ina leagtar amach cumasóirí cothrománacha lena n-áirítear scileanna, poist ardcháilíochta agus cothroime shóisialta, a bhaint amach. Comhtháthaítear leis an Seimeastar Eorpach prionsabail Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta a d’fhógair Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún i mí na Samhna 2017 (25) (‘Colún Eorpach na gCeart Sóisialta’), agus an uirlis faireacháin a ghabhann leis, mar atá, an Scórchlár Sóisialta, rud a fhágann gur féidir anailís a dhéanamh ar rioscaí agus dúshláin maidir le cóineasú sóisialta aníos san Aontas, agus déantar foráil ann maidir le rannpháirtíocht láidir leis na comhpháirtithe sóisialta, an tsochaí shibhialta agus páirtithe leasmhara eile. Tá an Seimeastar Eorpach ina thaca freisin le baint amach na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe arna leagan amach ag na Náisiúin Aontaithe. Ba cheart beartais eacnamaíocha, sóisialta agus fostaíochta an Aontais agus na mBallstát a bheith fite fuaite le haistriú cóir an Aontais i dtreo geilleagar atá aeráidneodrach, inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de agus digiteach, agus leis na beartais sin ba cheart feabhas a chur ar an iomaíochas agus ar an táirgiúlacht, dálaí oibre leormhaithe a áirithiú, an nuálaíocht a chothú, an daonlathas ag an obair, an t-idirphlé sóisialta, an ceartas sóisialta, an comhionannas deiseanna agus an cóineasú socheacnamaíoch aníos a chur chun cinn, agus dul i ngleic leis an neamhionannas agus le héagothromaíochtaí réigiúnacha, agus an bhochtaineacht agus an t-eisiamh sóisialta a chomhrac.

(7)

Tá geilleagair agus sochaithe san Aontas á n-athrú ó bhonn mar gheall ar an athrú aeráide agus dúshláin eile a bhaineann leis an gcomhshaol, ar an ngá atá le haistriú glas cothrom, neamhspleáchas fuinnimh agus iomaíochas feabhsaithe na dtionscal glan-nialasach, agus an cheannasacht theicneolaíoch a áirithiú, agus ar an ngá atá le caiteachas cosanta a mhéadú agus uathriail straitéiseach oscailte na hEorpa a dhaingniú, chomh maith le hathruithe déimeagrafacha agus forbairt an digitithe, lena n-áirítear an intleacht shaorga, bainistiú algartamach, geilleagar na n-ardán agus an teilea-obair. Ba cheart don Aontas agus na Ballstáit oibriú le chéile chun aghaidh a thabhairt ar na forbairtí struchtúracha sin ar bhealach éifeachtach réamhghníomhach agus chun na córais atá ann cheana a oiriúnú de réir mar is gá, agus aitheantas á thabhairt do dhlúth-idirspleáchas gheilleagair agus mhargaí saothair na mBallstát, agus do bheartais ghaolmhara. Chuige sin, teastaíonn gníomhaíocht beartais atá comhordaithe, uaillmhianach agus éifeachtach ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta, araon agus aitheantas á thabhairt do ról na gcomhpháirtithe sóisialta san am céanna, i gcomhréir le CFAE agus le forálacha dhlí an Aontais maidir le rialachas eacnamaíoch, agus Colún Eorpach na gCeart Sóisialta á chur san áireamh. Ba cheart an méid a leanas a chuimsiú leis an ngníomhaíocht beartais sin: borradh faoi infheistíocht inbhuanaithe ar fud réigiúin uile an Aontais, gealltanas athnuaite d’athchóirithe agus infheistíochtaí cuí-sheicheamhaithe lena gcuirtear feabhas ar fhás eacnamaíoch cuimsitheach inbhuanaithe, scileanna, cur chun cinn post ardcháilíochta, táirgiúlacht, iomaíochas, dálaí oibre cothroma, comhtháthú sóisialta agus críochach, cóineasú socheacnamaíoch aníos, athléimneacht agus feidhmiú freagrachta fioscaí. Ba cheart tacaíocht a chur ar fáil ó chláir chistiúcháin an Aontais atá ann cheana, agus go háirithe ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta arna bunú le Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (26) agus ó chistí an bheartais comhtháthaithe, lena n-áirítear Ciste Sóisialta na hEorpa Plus arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/1057 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (27) agus Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa a rialaítear le Rialachán (AE) 2021/1058 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (28), mar aon leis an gCiste Aeráide Sóisialta a bunaíodh le Rialachán (AE) 2023/955 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (29) agus an Ciste um Aistriú Cóir arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/1056 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (30). Leis an ngníomhaíocht beartais ba cheart bearta ar thaobh an tsoláthair agus ar thaobh an éilimh a chomhcheangal, agus an tionchar a bheidh ag na bearta sin ar chúrsaí eacnamaíocha, comhshaoil, fostaíochta agus sóisialta á chur san áireamh san am céanna.

(8)

I gColún Eorpach na gCeart Sóisialta, leagtar amach fiche ceann de phrionsabail agus cearta chun tacú le margaí saothair agus córais leasa atá dea-fheidhmiúil agus cothrom, agus iad roinnte i dtrí chatagóir: comhionannas deiseanna agus rochtain chothrom ar an margadh saothair; dálaí oibre cothroma; agus cosaint agus cuimsiú sóisialta. Leis na prionsabail agus na cearta sin tugtar stiúradh straitéiseach don Aontas lena n-áirithítear go mbeidh an t-aistriú chuig an aeráidneodracht agus chuig inbhuanaitheacht comhshaoil agus an digitiú agus an t-athrú déimeagrafach ina n-aistrithe córa cothroma i dtéarmaí sóisialta agus go gcaomhnófar an comhtháthú críochach leo. Is treoraíocht é Colún Eorpach na gCeart Sóisialta, mar aon leis an Scórchlár Sóisialta a ghabhann leis, maidir le faireachán a dhéanamh ar fhostaíocht, ar scileanna agus ar fheidhmíocht shóisialta na mBallstát lena n-áirítear cóineasú sóisialta aníos san Aontas, laistigh den Seimeastar Eorpach, chun athchóirithe agus infheistíochtaí a chur chun cinn ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil agus chun réiteach a dhéanamh idir na gnéithe sóisialta agus margaidh de gheilleagar nua-aimseartha an lae inniu, lena n-áirítear tríd an ngeilleagar sóisialta a chur chun cinn. An 4 Márta 2021, d’eisigh an Coimisiún Plean Gníomhaíochta maidir le cur chun feidhme Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta (‘an Plean Gníomhaíochta’), lena n-áirítear príomhspriocanna de chuid an Aontais do 2030, ar spriocanna iad atá uaillmhianach ach réadúil, maidir le fostaíocht (gur cheart 78 % ar a laghad den daonra idir 20 bliain agus 64 bliana d’aois a bheith i mbun fostaíochta), scileanna (gur cheart 60 % ar a laghad de na daoine fásta uile a bheith rannpháirteach in oiliúint gach bliain) agus laghdú na bochtaineachta (gur cheart ar a laghad 15 mhilliún níos lú daoine a bheith i mbaol bochtaineachta nó eisiaimh shóisialta, lena n-áirítear 5 mhilliún leanbh) (‘príomhspriocanna an Aontais do 2030’) agus fospriocanna comhlántacha, chomh maith le Scórchlár Sóisialta athbhreithnithe.

(9)

Mar a d’aithin na Cinn Stáit nó Rialtais ag Cruinniú Mullaigh Sóisialta Porto an 8 Bealtaine 2021 (‘Cruinniú Mullaigh Sóisialta Porto’), le cur chun feidhme Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta neartófar iarracht an Aontais aistriú digiteach, glas agus cothrom a bhaint amach agus rannchuideofar le cóineasú socheacnamaíoch aníos a bhaint amach agus aghaidh a thabhairt ar dhúshláin dhéimeagrafacha. Chuir Cinn Stáit nó Rialtais in iúl go láidir go bhfuil an ghné shóisialta, an t-idirphlé sóisialta agus rannpháirtíocht ghníomhach na gcomhpháirtithe sóisialta i gcroílár geilleagair shóisialta margaidh atá an-iomaíoch, agus ba dhíol sásaimh dóibh príomhspriocanna nua an Aontais. Dhearbhaigh siad go bhfuil rún daingean acu, mar a bunaíodh le Clár Oibre Straitéiseach na Comhairle Eorpaí 2019-2024, leanúint de chur chun feidhme Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta a dhoimhniú, agus aird chuí á tabhairt ar inniúlachtaí faoi seach agus ar phrionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta. Ar deireadh, leag siad béim ar a thábhachtaí atá sé súil ghéar a choinneáil, lena n-áirítear ar an leibhéal is airde, ar an dul chun cinn atá déanta chun Colún Eorpach na gCeart Sóisialta agus príomhspriocanna an Aontais do 2030 a chur chun feidhme.

(10)

Chuir na Cinn Stáit nó Rialtais in iúl ag Cruinniú Mullaigh Sóisialta Porto agus ag an gComhairle Eorpach i mí an Mheithimh 2021 gur dhíol sásaimh dóibh príomhspriocanna an Aontais do 2030. Cuidíonn siad, in éineacht leis an Scórchlár Sóisialta, le faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn i dtreo chur chun feidhme phrionsabail Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta mar chuid den chreat comhordaithe beartais sa Seimeastar Eorpach. Thairis sin, ag Cruinniú Mullaigh Sóisialta Porto iarradh freisin ar na Ballstáit spriocanna náisiúnta uaillmhianacha a leagan síos a dhéanfadh rannchuidiú leormhaith, agus aird chuí á tabhairt ar an seasamh tosaigh atá ag gach Ballstát, le príomhspriocanna an Aontais do 2030 a bhaint amach. Déantar faireachán ar chur chun feidhme Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta agus ar an dul chun cinn maidir le príomhspriocanna an Aontais agus spriocanna náisiúnta do 2030 sa Tuarascáil Chomhpháirteach ar Fhostaíocht a ghlac an Chomhairle i mí an Mhárta 2025 (‘an Tuarascáil Chomhpháirteach ar Fhostaíocht, 2025’), agus comhtháthaítear é sna huirlisí faireacháin don Seimeastar Eorpach. Ó eagrán 2024 (31) den Tuarascáil Chomhpháirteach ar Fhostaíocht, tá ‘anailís tíre chéadchéime’ inti maidir leis na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann don chóineasú sóisialta aníos i gcomhréir leis an gCreat um Chóineasú Sóisialta lena sainaithnítear na Ballstáit lena mbaineann riosca a bheidh le scrúdú in ‘anailís dara céim’ níos doimhne. Sa Tuarascáil Chomhpháirteach ar Fhostaíocht, 2025, sainaithníodh 10 mBallstát ar dtús, agus léiríodh i gconclúid na hanailíse níos doimhne nár deimhníodh dúshláin fhoriomlána i gcás trí cinn acu.

(11)

Tar éis ionradh na Rúise ar an Úcráin, cháin an Chomhairle Eorpach, sna conclúidí uaithi an 24 Feabhra 2022, gníomhaíochtaí na Rúise lena bhféachtar leis an mbonn a bhaint de shlándáil agus de chobhsaíocht na hEorpa agus an domhain, agus chuir sí dlúthpháirtíocht in iúl le muintir na hÚcráine, agus chuir sí i dtábhacht go bhfuil an dlí idirnáisiúnta agus prionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe sáraithe ag an Rúis. Sa chomhthéacs atá ann faoi láthair, le cosaint shealadach, a dheonaítear le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/382 ón gComhairle (32) agus a gcuirtear síneadh léi le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1836 (33) ón gComhairle, cuirtear cúnamh ar fáil san Aontas do dhaoine a easáitíodh ón Úcráin agus cuireann sé ar a gcumas dóibh leas a bhaint as cearta íosta ar fud an Aontais a chuireann leibhéal leordhóthanach cosanta ar fáil. Trí pháirt a ghlacadh i margaí saothair an Aontais, is féidir le daoine a easáitíodh as an Úcráin rannchuidiú le geilleagar an Aontais a neartú agus cabhrú lena dtír agus lena muintir. Leis an taithí agus na scileanna a fhaightear féadfaidh siad rannchuidiú leis an Úcráin a atógáil san am atá le teacht. I gcás leanaí agus déagóirí gan tionlacan, tugann cosaint shealadach an ceart chun leas a bhaint as caomhnóireacht dhlíthiúil agus chun rochtain a fháil ar oideachas agus ar chúram leanaí. Ba cheart do na Ballstáit leanúint de ról a thabhairt do na comhpháirtithe sóisialta i gceapadh agus cur chun feidhme beart beartais, agus sa mheastóireacht ar bhearta beartais, arb é is aidhm dóibh aghaidh a thabhairt ar na dúshláin i réimse na fostaíochta agus na scileanna, lena n-áirítear cáilíochtaí na ndaoine easáitithe ón Úcráin a aithint. Tá ról lárnach ag na comhpháirtithe sóisialta maidir le tionchar an chogaidh a mhaolú ó thaobh fostaíocht agus táirgeacht a chaomhnú.

(12)

Leis na hathchóirithe ar an margadh saothair, lena n-áirítear sásraí náisiúnta chun pá a shocrú, ba cheart na cleachtais náisiúnta maidir le hidirphlé sóisialta agus cómhargáil a chur san áireamh chomh maith le neamhspleáchas na gcomhpháirtithe sóisialta, d’fhonn pá cothrom a sholáthar lena gcumasófar caighdeán maith maireachtála, lena n-áirítear ar scor, agus fás eacnamaíoch inbhuanaithe chomh maith le cóineasú socheacnamaíoch aníos. Leis na hathchóirithe sin, ba cheart a fhágáil gur féidir breithniú ar thosca socheacnamaíocha go forleathan, lena n-áirítear feabhsuithe ar inbhuanaitheacht, iomaíochas, nuálaíocht, cur chun cinn post ardcháilíochta, dálaí oibre cothroma, daonlathas ag an obair, comhionannas inscne, cosc agus laghdú na bochtaineachta i measc an lucht saothair, oideachas ardcháilíochta, oiliúint agus scileanna, sláinte phoiblí, cosaint shóisialta agus cuimsiú sóisialta, athrú déimeagrafach, athrú déimeagrafach agus cur chun cinn na bpinsean forlíontach agus na bhfíorioncam. Ag Cruinniú Mullaigh Val Duchesse 2024, agus sa Chomhshocrú maidir le hIdirphlé Sóisialta Eorpach a síníodh i Márta 2025, athdhearbhaíodh a thábhachtaí atá an t-idirphlé sóisialta chun dul i ngleic le dúshláin i saol na hoibre, lena n-áirítear ganntanas saothair agus oibrithe oilte.

(13)

Leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus le cistí eile de chuid an Aontais, tacaítear leis na Ballstáit athchóirithe agus infheistíochtaí a chur chun feidhme atá i gcomhréir le tosaíochtaí an Aontais, chun go mbeidh geilleagair agus sochaithe san Aontas níos inbhuanaithe, níos athléimní agus níos ullmhaithe don aistriú glas agus don aistriú digiteach. De dheasca chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin tá géarú ar na dúshláin shocheacnamaíocha a bhí ann cheana, lena n-áirítear bochtaineacht fuinnimh arna heascairt as praghsanna fuinnimh níos airde, agus tá an fás á chur i mbaol ag éiginnteachtaí sa trádáil dhomhanda agus, ar bhonn níos forleithne, ag éiginnteachtaí a eascraíonn as an gcomhthéacs geopholaitiúil. Ba cheart do na Ballstáit agus don Aontas leanúint dá áirithiú go maolófar na tionchair shóisialta, fostaíochta agus eacnamaíocha agus go mbeidh na haistrithe cothrom agus cóir ó thaobh cúrsaí sóisialta de, ós rud é freisin go rannchuideoidh an uathriail straitéiseach méadaithe agus an t-aistriú glas luasaithe le laghdú a dhéanamh ar an spleáchas ar allmhairiú fuinnimh agus táirgí agus teicneolaíochtaí straitéiseacha eile. Tá sé ríthábhachtach athléimneacht a neartú agus sochaí chuimsitheach a shaothrú ina dtugtar cosaint do dhaoine agus ina dtugtar an chumhacht dóibh athruithe a thuar agus a bhainistiú, agus inar féidir leo páirt ghníomhach a ghlacadh sa tsochaí agus sa gheilleagar.

(14)

Chun tacú le lánpháirtiú agus aistrithe sa mhargadh saothair teastaíonn tacar comhleanúnach de bheartais ghníomhacha maidir leis an margadh saothair, lena gcuimsítear dreasachtaí fostaithe agus aistrithe sealadacha agus spriocdhírithe, beartais scileanna lena n-áirítear foghlaim don aistriú glas agus don fhorbairt inbhuanaithe agus seirbhísí fostaíochta spriocdhírithe éifeachtacha inoiriúnaithe. Tá sé tábhachtach, dá bhrí sin, leas iomlán a bhaint as acmhainneacht neamhshaothraithe an mhargaidh saothair lena n-áirítear trí oibrithe scothaosta a choinneáil agus conairí scoir solúbtha a chur chun cinn, i gcomhréir le cur chuige an chuimsithe ghníomhaigh. agus i bhfianaise na gclaochluithe glasa agus digiteacha, mar a cuireadh i dtábhacht, inter alia, i nDearbhú La Hulpe 2024 maidir le Todhchaí Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta (34). Ba cheart dálaí oibre leormhaithe agus sláinte agus sábháilteacht ag an obair, lena n-áirítear sláinte choirp agus meabhairshláinte oibrithe araon, a áirithiú.

(15)

Ba cheart dul i ngleic le hidirdhealú de gach cineál, comhionannas inscne a áirithiú agus tacaíocht a thabhairt d’fhostaíocht do ghrúpaí eile atá faoi ghannionadaíocht sa mhargadh saothair. Ba cheart rochtain chomhionann agus deiseanna comhionanna do chách a áirithiú agus ba cheart an bhochtaineacht agus an t-eisiamh sóisialta a laghdú, go sonrach i gcás leanaí, daoine faoi mhíchumais agus na Romach, go háirithe trí fheidhmiú éifeachtach na margaí saothair agus córais cosanta sóisialta leordhóthanacha agus cuimsitheacha a áirithiú, mar a leagtar amach sna Moltaí ón gComhairle an 8 Samhain 2019 (35) agus an 30 Eanáir 2023 (36). Ina theannta sin, ba cheart deireadh a chur le bacainní ar oideachas agus oiliúint chuimsitheach ardcháilíochta atá dírithe ar an todhchaí, ar an bhfoghlaim ar feadh an tsaoil agus ar an rannpháirtíocht i margadh an tsaothair. Ba cheart do na Ballstáit infheistíocht a dhéanamh in oideachas agus i gcúram na luath-óige, i gcomhréir le Moladh (AE) 2021/1004 ón gComhairle (37) agus leis an Moladh maidir le spriocanna Barcelona do 2030 (38), i ngairmoideachas agus gairmoiliúint a dhéanamh níos tarraingtí agus níos cuimsithí i gcomhréir leis an Moladh ón gComhairle an 24 Samhain 2020 (39), agus infheistíocht a dhéanamh i scileanna digiteacha agus glasa, i gcomhréir leis an bPlean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach agus leis na Moltaí maidir le foghlaim don aistriú glas agus don fhorbairt inbhuanaithe agus le Conairí i dtreo na Rathúlachta Scoile. Is coinníoll riachtanach í rochtain ar thithíocht inacmhainne agus leordhóthanach, lena n-áirítear trí bhíthin na tithíochta sóisialta, chun comhionannas deiseanna a áirithiú. Ba cheart dul i ngleic leis an easpa dídine go sonrach trí bhearta coisctheacha trí rochtain ar thithíocht bhuan agus trí sholáthar seirbhísí tacaíochta cumasúcháin a chur chun cinn, agus sin bunaithe ar choincheapa ar nós ‘Tús Áite don Tithíocht’. Tá tábhacht ar leith ag baint le rochtain thráthúil chomhionann ar chúram fadtéarmach inacmhainne ardcháilíochta, i gcomhréir leis an Moladh ón gComhairle an 8 Nollaig 2022 (40), agus ar sheirbhísí cúraim sláinte, lena n-áirítear cosc galar agus cur chun cinn na sláinte, i bhfianaise rioscaí sláinte a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo agus i gcomhthéacs sochaithe atá ag dul in aois. I dtaca leis an acmhainneacht atá ag daoine atá faoi mhíchumas rannchuidiú le fás eacnamaíoch agus forbairt shóisialta, ba cheart sin a shaothrú a thuilleadh, i gcomhréir leis an Straitéis maidir le Cearta Daoine faoi Mhíchumas, inar iarradh ar na Ballstáit spriocanna fostaíochta agus foghlama aosaí a bhunú do dhaoine faoi mhíchumas. I gCreat Straitéiseach an Aontais maidir leis na Romaigh a leagtar amach sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 7 Deireadh Fómhair 2020, dar teideal A Union of Equality: EU Roma strategic framework for equality, inclusion and participation [Aontas Comhionannais: Creat straitéiseach an Aontais maidir le comhionannas, cuimsiú agus rannpháirtíocht na Romach] agus sa Mholadh ón gComhairle an 12 Márta 2021 (41) leagtar béim ar acmhainneacht na bpobal Romach imeallaithe chun ganntanais saothair agus scileanna a laghdú agus tá sé d’aidhm acu an bhearna fostaíochta idir na pobail Romaigh agus an pobal i gcoitinne a laghdú faoina leath ar a laghad. Le teicneolaíochtaí nua agus le háiteanna oibre atá ag athrú ar fud an Aontais, is féidir níos mó socruithe solúbtha oibre a bheith ann agus bíonn táirgiúlacht agus cothromaíocht oibre is saoil fheabhsaithe ann, agus, an tráth céanna, rannchuidítear le gealltanais ghlasa an Aontais. Ina theannta sin, leis na forbairtí sin cruthaítear dúshláin nua do mhargaí saothair, dúshláin a dhéanann difear do dhálaí oibre daoine, sláinte agus sábháilteacht ag an obair agus do rochtain oibrithe agus daoine féinfhostaithe ar chosaint shóisialta. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú, i gcomhar leis na comhpháirtithe sóisialta, go n-eascróidh poist ardcháilíochta agus áiteanna oibre agus dálaí oibre sláintiúla, sábháilte as cineálacha nua eagrúcháin oibre, mar aon le cothromaíocht oibre is saoil, aosú gníomhach agus sláintiúil agus go gcoinneofar ar bun cearta seanbhunaithe saothair agus sóisialta agus go neartófar an múnla sóisialta Eorpach.

(16)

Ba cheart na Treoirlínte Comhtháite a bheith mar bhunús leis na moltaí tírshonracha a dhíríonn an Chomhairle ar na Ballstáit. Ba cheart do na Ballstáit leas iomlán a bhaint as Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus cistí eile de chuid an Aontais, lena n-áirítear an Ciste Aeráide Sóisialta, an Ciste um Aistriú Cóir agus an Ciste InvestEU arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/523 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (42), agus an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil chomh maith, chun fostaíocht ardcháilíochta agus infheistíochtaí sóisialta a chothú, chun an bhochtaineacht agus an t-eisiamh sóisialta a chomhrac, chun an t-idirdhealú a chomhrac, chun inrochtaineacht agus cuimsiú a áirithiú, agus chun deiseanna uas-scilithe agus athscilithe an lucht saothair, foghlaim ar feadh an tsaoil agus oideachas agus oiliúint ardcháilíochta do chách a chur chun cinn, lena n-áirítear litearthacht dhigiteach agus scileanna digiteacha chun saoránaigh a chumhachtú leis an eolas agus na cáilíochtaí is gá le haghaidh geilleagar atá digiteach, glas agus iomaíoch. Maidir leis na leasuithe a tugadh isteach le Rialachán (AE) 2024/795 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (43) agus an Teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal ‘Beartas Comhtháthaithe nuachóirithe: an t-athbhreithniú meántéarma’, is é is aidhm dóibh sin an tacaíocht a thugtar a ailíniú le tosaíochtaí straitéiseacha nua, lena n-áirítear aghaidh a thabhairt ar an nganntanas scileanna in earnálacha áirithe, mar shampla na scileanna a theastaíonn chun teicneolaíochtaí criticiúla a fhorbairt agus a mhonarú, an tionscal cosanta agus earnálacha a ndéanann an dícharbónú, an t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach difear dóibh. Ina theannta sin, ba cheart do na Ballstáit lánúsáid a bhaint as an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha freisin, ciste a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/691 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (44) chun tacú le hoibrithe a cuireadh ar iomarcaíocht mar thoradh ar mhórtheagmhais athstruchtúrúcháin, mar shampla claochluithe socheacnamaíocha a eascraíonn as treochtaí domhanda agus as athruithe teicneolaíochta agus comhshaoil. Cé go ndírítear na Treoirlínte Comhtháite chuig na Ballstáit agus chuig an Aontas, ba cheart iad a chur chun feidhme i gcomhpháirtíocht leis na húdaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla uile, i ndlúthchomhar le parlaimintí náisiúnta, chomh maith le comhpháirtithe sóisialta agus ionadaithe na sochaí sibhialta.

(17)

Ba cheart don Choiste Fostaíochta agus don Choiste um Chosaint Shóisialta faireachán a dhéanamh ar an gcaoi a gcuirtear na beartais ábhartha chun feidhme i bhfianaise na dTreoirlínte Fostaíochta, i gcomhréir lena sainorduithe féin faoi Airteagail 150 agus 160 CFAE, faoi seach. Maidir leis na Coistí sin agus comhlachtaí ullmhúcháin de chuid na Comhairle a bhfuil baint acu le comhordú na mbeartas eacnamaíoch agus sóisialta, ba cheart dóibh oibriú i ndlúthchomhar le chéile. Ba cheart idirphlé beartais idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún a choinneáil ar bun, go háirithe a mhéid a bhaineann leis na Treoirlínte Fostaíochta.

(18)

Chuathas i gcomhairle leis an gCoiste um Chosaint Shóisialta,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Maidir leis na treoirlínte do bheartais fostaíochta na mBallstát, mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (AE) 2024/3134, coinnítear ar bun iad le haghaidh 2025 agus cuirfidh na Ballstáit san áireamh iad ina mbeartais fostaíochta agus ina gcláir athchóirithe.

Airteagal 2

Dírítear an Cinneadh seo chuig na Ballstáit.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 27 Deireadh Fómhair 2025.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. JENSEN


(1)  Tuairim an 8 Deireadh Fómhair 2025 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)  Tuairim an 18 Meán Fómhair 2025 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(3)  Tuairim an 8 Iúil 2025 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(4)  Cinneadh (AE) 2024/3134 ón gComhairle an 2 Nollaig 2024 maidir le treoirlínte do bheartais fostaíochta na mBallstát (IO L, 2024/3134, 13.12.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/3134/oj).

(5)  Moladh (AE) 2015/1184 ón gComhairle an 14 Iúil 2015 maidir le mór-threoirlínte beartas eacnamaíoch na mBallstát agus an Aontais (IO L 192, 18.7.2015, lch. 27, ELI: http://data.europa.eu/eli/reco/2015/1184/oj).

(6)  Moladh ón gComhairle an 16 Meitheamh 2022 maidir le foghlaim don aistriú glas agus don fhorbairt inbhuanaithe(IO C 243, 27.6.2022, lch. 1).

(7)  Rialachán (AE) 2024/1263 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2024 maidir le beartais eacnamaíocha a chomhordú go héifeachtach agus maidir le faireachas buiséadach iltaobhach, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 ón gComhairle (IO L, 2024/1263, 30.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1263/oj).

(8)  Moladh (AE) 2021/1004 ón gComhairle an 14 Meitheamh 2021 lena mbunaítear Ráthaíocht Eorpach do Leanaí (IO L 223, 22.6.2021, lch. 14, ELI: http://data.europa.eu/eli/reco/2021/1004/oj).

(9)  Moladh ón gComhairle an 29 Samhain 2021 maidir le cineálacha cur chuige foghlama cumaiscthe i gcomhair bunoideachas agus meánoideachas cuimsitheach ardcháilíochta (IO C 504, 14.12.2021, lch. 21).

(10)  Moladh ón gComhairle an 5 Aibreán 2022 maidir le naisc a chothú le haghaidh comhar éifeachtach Eorpach san ardoideachas (IO C 160, 13.4.2022, lch. 1).

(11)  Moladh ón gComhairle an 16 Meitheamh 2022 maidir le foghlaim don aistriú glas agus don fhorbairt inbhuanaithe (IO C 243, 27.6.2022, lch. 1), Moladh ón gComhairle an 16 Meitheamh 2022 maidir le cur chuige Eorpach i leith micridhintiúr don fhoghlaim ar feadh an tsaoil agus don infhostaitheacht (IO C 243, 27.6.2022, lch. 10), Moladh ón gComhairle an 16 Meitheamh 2022 maidir le cuntais foghlama aonair (IO C 243, 27.6.2022, lch. 26), Moladh ón gComhairle an 16 Meitheamh 2022 maidir le haistriú cóir i dtreo na haeráidneodrachta a áirithiú (IO C 243, 27.6.2022, lch. 35).

(12)  Moladh ón gComhairle an 28 Samhain 2022 maidir le Conairí i dtreo na Rathúlachta Scoile agus lena n-ionadaítear an Moladh ón gComhairle an 28 Meitheamh 2011 maidir le beartais chun luathfhágáil na scoile a laghdú (IO C 469, 9.12.2022, lch. 1).

(13)  Moladh ón gComhairle an 8 Nollaig 2022 maidir le rochtain ar chúram fadtéarmach inacmhainne ar ardchaighdeán (IO C 476, 15.12.2022, lch. 1) agus Moladh ón gComhairle an 8 Nollaig 2022 maidir le hoideachas agus cúram na luath-óige: spriocanna Barcelona do 2030 (IO C 484, 20.12.2022, lch. 1).

(14)  Moladh ón gComhairle an 30 Eanáir 2023 maidir le hioncam íosta leordhóthanach lena n-áirithítear cuimsiú gníomhach (IO C 41, 3.2.2023, lch. 1).

(15)  Moladh ón gComhairle an 12 Meitheamh 2023 maidir leis an idirphlé sóisialta a neartú san Aontas Eorpach ((IO C, C/2023/1389, 6.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/1389/oj).

(16)  Moladh ón gComhairle an 27 Samhain 2023 maidir le creatdálaí geilleagair shóisialta a fhorbairt (IO C, C/2023/1344, 29.11.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/1344/oj).

(17)  Moladh (AE) 2021/402 ón gCoimisiún an 4 Márta 2021 maidir le tacaíocht ghníomhach éifeachtach don fhostaíocht tar éis ghéarchéim COVID-19 (IO L 80, 8.3.2021, lch. 1).

(18)  Rún ón gComhairle maidir le creat straitéiseach le haghaidh comhar Eorpach san oideachas agus san oiliúint i dtreo an Limistéir Eorpaigh Oideachais agus níos faide anonn (2021-2030) (IO C 66, 26.2.2021, lch. 1).

(19)  Cinneadh (AE) 2021/2316 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Nollaig 2021 maidir le Bliain Eorpach na hÓige (2022) (IO L 462, 28.12.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2021/2316/oj).

(20)  Cinneadh (AE) 2023/936 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Bealtaine 2023 maidir le Bliain Eorpach na Scileanna (IO L 125, 11.5.2023, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/936/oj).

(21)  Treoir (AE) 2022/2041 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2022 maidir le pá íosta leordhóthanach san Aontas Eorpach (IO L 275, 25.10.2022, lch. 33, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2022/2041/oj).

(22)  Treoir (AE) 2022/2381 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Samhain 2022 maidir le feabhas a chur ar an gcothromaíocht inscne i measc stiúrthóirí cuideachtaí liostaithe agus bearta gaolmhara (IO L 315, 7.12.2022, lch. 44, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2022/2381/oj).

(23)  Treoir (AE) 2023/970 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Bealtaine 2023 chun cur i bhfeidhm phrionsabal an phá chomhionainn as obair chomhionann nó obair ar comhionann a luach idir fir agus mná a neartú trí shásraí trédhearcachta pá agus forfheidhmithe (IO L 132, 17.5.2023, lch. 21, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2023/970/oj).

(24)  Treoir (AE) 2024/2831 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2024 maidir le feabhas a chur ar dhálaí oibre san obair ardáin (IO L, 2024/2831, 11.11.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/2831/oj).

(25)  An Forógra Idirinstitiúideach maidir le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta (IO C 428, 13.12.2017, lch. 10).

(26)  Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (IO L 57, 18.2.2021, lch. 17, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/241/oj).

(27)  Rialachán (AE) 2021/1057 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena mbunaítear Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+) agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1296/2013 (IO L 231, 30.6.2021, lch. 21, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/1057/oj).

(28)  Rialachán (AE) 2021/1058 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus an Ciste Comhtháthaithe (IO L 231, 30.6.2021, lch. 60, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/1058/oj).

(29)  Rialachán (AE) 2023/955 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Bealtaine 2023 lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/1060 (IO L 130, 16.5.2023, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/955/oj).

(30)  Rialachán (AE) 2021/1056 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an Ciste um Aistriú Cóir (IO L 231, 30.6.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/1056/oj).

(31)  Rinneadh plé ag an gcruinniú a bhí ag an gComhairle (foirmíocht EPSCO) i mí an Mheithimh 2023 maidir le Creat um Chóineasú Sóisialta, le hionchur i bhfoirm príomhtheachtaireachtaí ón gCoiste Fostaíochta (EMCO) agus ón gCoiste um Chosaint Shóisialta (SPC), bunaithe ar an obair a rinne Meitheal chomhpháirteach thiomnaithe EMCO-SPC ó mhí Dheireadh Fómhair 2022 go dtí mí na Bealtaine 2023. Sa Tuarascáil Chomhpháirteach ar Fhostaíocht, 2024, bhí, den chéad uair, anailís tíre céadchéime ar na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann don chóineasú sóisialta aníos.

(32)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/382 ón gComhairle an 4 Márta 2022 lena mbunaítear gurb ann d’insreabhadh ollmhór daoine easáitithe ón Úcráin de réir bhrí Airteagal 5 de Threoir 2001/55/CE, agus a bhfuil d’éifeacht aige cosaint shealadach a thabhairt isteach (IO L 71, 4.3.2022, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2022/382/oj).

(33)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1836 ón gComhairle an 25 Meitheamh 2024 lena gcuirtear síneadh leis an gcosaint shealadach mar a tugadh isteach le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/382 (IO L, 2024/1836, 3.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/1836/oj).

(34)  Arna shíniú ag Ríocht na Beilge thar ceann 25 Bhallstát.

(35)  Moladh ón gComhairle an 8 Samhain 2019 maidir le rochtain ar chosaint shóisialta d’oibrithe agus do dhaoine féinfhostaithe (IO C 387, 15.11.2019, lch. 1).

(36)  Moladh ón gComhairle an 30 Eanáir 2023 maidir le hioncam íosta leordhóthanach lena n-áirithítear cuimsiú gníomhach (IO C 41, 3.2.2023, lch. 1).

(37)  Moladh (AE) 2021/1004 ón gComhairle an 14 Meitheamh 2021 lena mbunaítear Ráthaíocht Eorpach do Leanaí (IO L 223, 22.6.2021, lch. 14, ELI: http://data.europa.eu/eli/reco/2021/1004/oj).

(38)  Moladh ón gComhairle an 8 Nollaig 2022 maidir le hoideachas agus cúram na luath-óige: spriocanna Barcelona do 2030 (IO C 484, 20.12.2022, lch. 1).

(39)  Moladh ón gComhairle an 24 Samhain 2020 maidir le gairmoideachas agus gairmoiliúint le haghaidh an iomaíochais inbhuanaithe, na cothroime sóisialta agus na hathléimneachta (IO C 417, 2.12.2020, lch. 1).

(40)  Moladh ón gComhairle an 8 Nollaig 2022 maidir le rochtain ar chúram fadtéarmach inacmhainne ardcháilíochta (IO C 476, 15.12.2022, lch. 1).

(41)  Moladh ón gComhairle an 12 Márta 2021 maidir le comhionannas, cuimsiú agus rannpháirtíocht na Romach (IO C 93, 19.3.2021, lch. 1).

(42)  Rialachán (AE) 2021/523 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Márta 2021 lena mbunaítear Clár InvestEU agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2015/1017 (IO L 107, 26.3.2021, lch. 30, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/523/oj).

(43)  Rialachán (AE) 2024/795 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Feabhra 2024 lena mbunaítear an tArdán um Theicneolaíochtaí Straitéiseacha don Eoraip (STEP), agus lena leasaítear Treoir 2003/87/CE agus Rialacháin (AE) 2021/1058, (AE) 2021/1056, (AE) 2021/1057, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) 2021/1060, (AE) 2021/523, (AE) 2021/695, (AE) 2021/697 agus (AE) 2021/241 (IO L, 2024/795, 29.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/795/oj).

(44)  Rialachán (AE) 2021/691 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013 (IO L 153, 3.5.2021, lch. 48, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/691/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/2254/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)