22.10.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 374/49


CINNEADH (AE) 2021/1851 ÓN gCOMHAIRLE

an 15 Deireadh Fómhair 2021

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhairle Siúcra Idirnáisiúnta a mhéid a bhaineann leis na leasuithe ar an gComhaontú Idirnáisiúnta Siúcra 1992 agus leis an tráthchlár chun iad a chur chun feidhme

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(4), an chéad fhomhír, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Cinneadh 92/580/CEE ón gComhairle (1), is páirtí é an tAontas sa Chomhaontú Idirnáisiúnta Siúcra, 1992 (2) (“ISA”) agus is ball é den Eagraíocht Idirnáisiúnta Siúcra (“ISO”).

(2)

De bhun Airteagal 8 de ISA, déanann an Chomhairle Siúcra Idirnáisiúnta (“ISC”) na feidhmeanna ar fad is gá nó déanann sí socrú lena n-aghaidh chun forálacha ISA a chomhlíonadh. De bhun Airteagal 13 de ISA, déantar cinntí uile ISC de chomhthoil, i bprionsabal. I gcás nach bhfuil comhthoil ann, déantar cinntí trí vóta tromlaigh shimplí, ach amháin má fhoráiltear maidir le vóta speisialta in ISA.

(3)

De bhun Airteagal 25 de ISA, tá 2 000 vóta san iomlán ag baill ISA. Tá líon sonrach vótaí ag gach ball ISA, líon a choigeartaítear go bliantúil i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach san Airteagal sin.

(4)

Dáileadh na vótaí i measc bhaill ISO, trína gcinntear freisin ranníocaíochtaí airgeadais na mball, níl sin ag teacht a thuilleadh le fírinní mhargadh domhanda an tsiúcra, áfach.

(5)

Faoi rialacha ISA maidir le ranníocaíochtaí airgeadais de ISO, tá sciar ranníocaíochta airgeadais an Aontais díobh gan athrú ó bhí 1992 ann cé gur tháinig athrú mór ar mhargadh domhanda an tsiúcra ó shin, agus go háirithe seasamh coibhneasta an Aontais ann. Mar thoradh air sin, tá sciar ard díréireach de na costais bhuiséadacha agus den fhreagracht bhuiséadach in ISO glactha ag an Aontas le blianta beaga anuas.

(6)

Le Cinneadh (AE) 2017/2242 ón gComhairle (3), thug an Chomhairle údarú don Choimisiún chun tús a chur le caibidlíocht le páirtithe eile ISA, laistigh de ISC, d’fhonn ISA a nuachóiriú, go háirithe maidir leis na neamhréireachtaí idir líon vótaí bhaill ISO agus a gcuid ranníocaíochtaí airgeadais ar thaobh amháin agus a seasamh coibhneasta i margadh domhanda an tsiúcra ar an taobh eile.

(7)

Bunaithe ar an údarú a tugadh le Cinneadh (AE) 2017/2242, chuir an Coimisiún tús le caibidlíocht leis na tíortha is ball ISO agus chuir sé tograí nithiúla i láthair chun leasú a dhéanamh ar Airteagal 25 de ISA, faoina rialaítear glacadh an bhuiséid riaracháin agus ranníocaíochtaí na mball. An 19 Iúil 2019, le linn a 55ú seisiún, chinn ISC tús a chur le caibidlíocht maidir le páirt-athbhreithniú a dhéanamh ar ISA, roimh a céad chruinniú eile ina dhiadh sin i mí na Samhna 2019, faoi threoir Chomhdháil na Náisiún Aontaithe ar Thrádáil agus Forbairt.

(8)

Tar éis do roinnt bhaill ISO iarratais a dhéanamh, de bhreis ar Airteagal 25 de ISA a leasú, chinn ISC go bhfuil codanna eile de ISA, go háirithe na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 1 de ISA, agus tosaíochtaí oibre ISO faoi Airteagal 32, Airteagal 33 agus Airteagal 34 de ISA agus na rialacha le haghaidh an Stiúrthóra Feidhmiúcháin a cheapadh a leagtar amach in Airteagal 23 de ISA, le bheith faoi réir caibidlíocht fhoirmiúil.

(9)

Os rud é go ndeachaigh an t-údarú le Cinneadh (AE) 2017/2242 in éag an 31 Nollaig 2019 agus i bhfianaise an ghá leanúint den chaibidlíocht, thug an Chomhairle údarú nua le Cinneadh (AE) 2019/2136 ón gComhairle (4).

(10)

Comhaontaíodh foclaíocht na leasuithe ar ISA le linn a 57ú seisiún i mí na Samhna 2020 agus a 58ú seisiún i mí an Mheithimh 2021.

(11)

Tá aon leasuithe arna gcomhaontú le linn na caibidlíochta sin le glacadh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 44 de ISA. De bhun an Airteagail sin, tá ISC in ann, trí vóta speisialta, leasú ar ISA a mholadh do bhaill ISO. Mar bhall ISC, i gcomhréir le hAirteagal 7 de ISA, tá an tAontas in ann páirt a ghlacadh sa vóta speisialta sin arb é is aidhm dó tús a chur leis an nós imeachta chun creat institiúideach ISA a leasú.

(12)

De réir an chláir ama chun an páirt-athbhreithniú ar ISA a chur chun feidhme, reáchtálfar an vóta speisialta i gcomhréir le hAirteagal 44 de ISA, chun leasú ISA a mholadh do na baill, le linn an 59ú seisiún de ISC atá beartaithe do mhí na Samhna 2021.

(13)

Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais in ISC, le linn a 59ú seisiún, a bhunú a mhéid a bhaineann le leasuithe ar ISA. Leis an seasamh sin ba cheart a léiriú go bhfuil leasú ar ISA ar bhonn thorthaí na caibidlíochta le haghaidh a pháirt-athbhreithnithe chun leas an Aontais.

(14)

Thairis sin, is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais in ISC, le linn a 59ú seisiún, a bhunú a mhéid a bhaineann leis an tráthchlár chun na leasuithe ar ISA a chur chun feidhme. Leis an seasamh sin, ba cheart a léiriú go bhfuil teacht i bhfeidhm na leasuithe ar ISA, an 1 Eanáir 2024 ar a dhéanaí, chun leas an Aontais.

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhairle Siúcra Idirnáisiúnta (“ISC”), le linn a 59ú seisiún, a mhéid a bhaineann le leasuithe ar an gComhaontú Siúcra Idirnáisiúnta 1992 (“ISA”) agus leis an tráthchlár chun iad a chur chun feidhme, beidh an seasamh sin le vótáil i bhfabhar:

(a)

moladh do bhaill den Eagraíocht Idirnáisiúnta Siúcra ISA a leasú chun toradh na caibidlíochta le haghaidh an pháirt-athbhreinithe ar ISA i leith Airteagail 1, 23, 25, 32, 33 agus 34 de a léiriú;

(b)

an tráthchlár, mar a comhaontaíodh le linn an 58ú seisiún de ISC i mí an Mheithimh 2021, lena mbunaítear na sprioc-amanna le haghaidh na gcéimeanna éagsúla den nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 44 de ISA, a fhormheas;

(c)

na leasuithe dá dtagraítear i bpointe (a) a chur chun feidhme i gcomhréir leis an tráthchlár dá dtagraítear i bpointe (b), lena n-áiritheofar go dtiocfaidh na leasuithe i bhfeidhm tráth nach déanaí ná an 1 Eanáir 2024.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, 15 Deireadh Fómhair 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. CIGLER KRALJ


(1)  Cinneadh 92/580/CEE ón gComhairle an 13 Samhain 1992 maidir le síniú agus tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe Idirnáisiúnta Siúcra 1992 (IO L 379, 23.12.1992, lch. 15).

(2)  Comhaontú Idirnáisiúnta Siúcra 1992 (IO L 379, 23.12.1992, lch. 16).

(3)  Cinneadh (AE) 2017/2242 ón gComhairle an 30 Samhain 2017 lena n-údaraítear tús a chur le caibidlíocht chun an Comhaontú Idirnáisiúnta Siúcra 1992 a leasú (IO L 322, 7.12.2017, lch. 29).

(4)  Cinneadh (AE) 2019/2136 ón gComhairle an 5 Nollaig 2019 lena n-údaraítear tús a chur le caibidlíocht chun an Comhaontú Idirnáisiúnta Siúcra 1992 a leasú (IO L 324, 13.12.2019, lch. 3).