21.4.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 119/108


CINNEADH (CBES) 2022/657 ÓN GCOISTE POLAITIÚIL AGUS SLÁNDÁLA

an 12 Aibreán 2022

maidir le Ceannasaí Fórsa Mhisean an Aontais Eorpaigh a cheapadh ar mhisean míleata an Aontais Eorpaigh chun cur le hoiliúint Fhórsaí Armtha Mhailí (EUTM Mali), agus lena n-aisghairtear Cinneadh (CBES) 2021/2209 (EUTM Mali/1/2022)

TÁ AN COISTE POLAITIÚIL AGUS SLÁNDÁLA,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 38 de,

Ag féachaint do Chinneadh 2013/34/CBES ón gComhairle an 17 Eanáir 2013 maidir le misean míleata an Aontais Eorpaigh chun cur le hoiliúint Fhórsaí Armtha Mhailí (EUTM Mali) (1), agus go háirithe Airteagal 5 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

De bhun Airteagal 5(1) de Chinneadh 2013/34/CBES, d’údaraigh an Chomhairle don Choiste Polaitiúil agus Slándála cinntí a ghlacadh maidir le rialú polaitiúil agus treoir straitéiseach EUTM Mali, lena n-áirítear cinntí maidir le Ceannasaithe Fórsa Mhisean an Aontais Eorpaigh a cheapadh ina dhiaidh sin ar EUTM Mali.

(2)

An 7 Nollaig 2021, ghlac an Coiste Polaitiúil agus Slándála Cinneadh (CBES) 2021/2209 (2), lena gceaptar an Briogáidire-Ghinearál Christian RIENER mar Cheannasaí Fórsa Mhisean an Aontais Eorpaigh ar EUTM Mali.

(3)

An 15 Deireadh Fómhair 2021, mhol an tSeicia go gceapfaí an Briogáidire-Ghinearál Radek HASALA mar chomharba ar an mBriogáidire-Ghinearál Christian RIENER mar Cheannasaí Fórsa Mhisean an Aontais Eorpaigh ar EUTM Mali.

(4)

An 11 Márta 2022, d’aontaigh Coiste Míleata an Aontais Eorpaigh go molfaí an Briogáidire-Ghinearál Radek HASALA mar chomharba ar an mBriogáidire-Ghinearál Christian RIENER ón 21 Meitheamh 2022.

(5)

Ba cheart, dá bhrí sin, cinneadh a dhéanamh maidir leis an mBriogáidire-Ghinearál Radek HASALA a cheapadh mar Cheannasaí Fórsa Mhisean an Aontais Eorpaigh ar EUTM Mali ón 21 Meitheamh 2022.

(6)

Ba cheart Cinneadh (CBES) 2021/2209 a aisghairm.

(7)

I gcomhréir le hAirteagal 5 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ní bhíonn an Danmhairg rannpháirteach i ndréachtú agus cur chun feidhme cinntí agus gníomhaíochtaí de chuid an Aontais a bhfuil impleachtaí acu in ábhair chosanta,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, ceaptar an Briogáidire-Ghinearál Radek HASALA mar Cheannasaí Fórsa Mhisean an Aontais Eorpaigh ar mhisean míleata an Aontais Eorpaigh chun cur le hoiliúint Fhórsaí Armtha Mhailí (EUTM Mali) ón 21 Meitheamh 2022.

Airteagal 2

Leis seo, déantar Cinneadh (CBES) 2021/2209 a aisghairm.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 21 Meitheamh 2022.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 12 Aibreán 2022.

Thar ceann an Choiste Pholaitiúil agus Slándála

D. PRONK

An Cathaoirleach


(1)   IO L 14, 18.1.2013, lch. 19.

(2)  Cinneadh (CBES) 2021/2209 ón gCoiste Polaitiúil agus Slándála an 7 Nollaig 2021 maidir le Ceannasaí Fórsa Mhisean an Aontais Eorpaigh a cheapadh ar mhisean míleata an Aontais Eorpaigh chun cur le hoiliúint Fhórsaí Armtha Mhailí (EUTM Mali), agus lena n-aisghairtear Cinneadh (CBES) 2021/1083 (EUTM Mali/2/2021) (IO L 447, 14.12.2021, lch. 1).