An Bhruiséil,26.4.2023

COM(2023) 240 final

IARSCRÍBHINNÍ

a ghabhann le

Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le beartais eacnamaíocha agus faireachas buiséadach iltaobhach a chomhordú go héifeachtach agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 ón gComhairle


IARSCRÍBHINN I

Critéir chun an conair theicniúil a shocrú do Bhallstáit a bhfuil fiachas poiblí acu os cionn 60 % de luach tagartha OTI nó easnamh rialtais os cionn 3 % de luach tagartha OTI

I gcás Ballstát a bhfuil fiachas poiblí acu os cionn 60 % de luach tagartha OTI nó easnamh rialtais os cionn 3 % de luach tagartha OTI, áiritheoidh an conair theicniúil:

(a)go dtiocfaidh laghdú ar bhealach inchreidte ar an gconair fiachais 10 mbliana in éagmais bearta buiséadacha breise faoi dheireadh na tréimhse coigeartaithe, ar a dhéanaí, nó go bhfanfaidh sé ar leibhéal stuama;

(b)go dtabharfar agus go gcoinneofar easnamh an rialtais faoi bhun 3 % de luach tagartha OTI in éagmais bearta buiséadacha breise thar an tréimhse 10 mbliana chéanna;

(c)go bhfuil an conair theicniúil i gcomhréir freisin leis an tagarmharc dá dtagraítear faoi Airteagal 3 den Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 ón gComhairle maidir le cur chun feidhme an nós imeachta um easnamh iomarcach arna leasú le Rialachán [X] a bhrostú agus a shoiléiriú do na blianta lena bhfuil coinne go mbeidh easnamh os cionn 3 % de luach tagartha OTI ag an mBallstát lena mbaineann, agus nach bhfuil an farasbarr caol agus sealadach;

(d)ní chuirtear an iarracht choigeartaithe siar go dtí bhlianta deiridh na tréimhse coigeartaithe, is é sin le rá go bhfuil an iarracht choigeartaithe fhioscaigh le linn thréimhse an phlean fhioscaigh struchtúrtha mheántéarmaigh náisiúnta comhréireach ar a laghad leis an iarracht iomlán ar feadh na tréimhse coigeartaithe iomláine;

(e)tá an cóimheas fiachais phoiblí ag deireadh na tréimhse pleanála faoi bhun an chóimheas fiachais phoiblí sa bhliain roimh thús na conaire teicniúla; agus

(f)tá fás glanchaiteachais náisiúnta fós faoi bhun an fháis aschuir mheántéarmaigh, ar an meán, mar riail thar thréimhse an phlean.

IARSCRÍBHINN II

Faisnéis atá le soláthar sna pleananna fioscacha struchtúrtha meántéarmacha náisiúnta

Beidh an fhaisnéis seo a leanas i plean fioscach struchtúrtha meántéarmach náisiúnta:

(a)An chonair náisiúnta ghlanchaiteachais dá dtagraítear in Airteagal 11. Is éard atá sna hathróga buiséadacha eile atá lasmuigh de rialú an rialtais agus atá mar chuid den sainmhíniú ar ghlanchaiteachas dá dtagraítear in Airteagal 2 ná caiteachas ar chláir de chuid an Aontais arna mheaitseáil go hiomlán le hioncam ó chistí an Aontais agus le heilimintí timthriallacha den chaiteachas ar shochar dífhostaíochta.

(b)An chonair fáis réamh‑mheasta ar ioncam an rialtais a bhaineann le beartas gan athrú.

(c)Conair réamh‑mheasta an chóimheas fiachais phoiblí.

(d)Faisnéis faoi dhliteanais intuigthe a bhaineann le haosú, agus faoi dhliteanais theagmhasacha a bhféadfadh tionchar mór a bheith acu ar bhuiséid an rialtais, lena n‑áirítear ráthaíochtaí rialtais, iasachtaí neamhthuillmheacha, agus dliteanais a eascraíonn as oibriú corparáidí poiblí, lena n‑áirítear a mhéid, agus na costais ionchasacha agus oibleagáidí a eascraíonn as cásanna cúirte agus, a mhéid is féidir, faisnéis faoi dhliteanais theagmhasacha ó thubaiste agus aeráide.

(e)Na príomhthoimhdí faoi fhorbairtí eacnamaíocha lena bhfuil coinne agus na príomh‑athróga eacnamaíocha atá ábhartha chun comhsheasmhacht le cóineasú fiachais phoiblí i dtreo leibhéil stuama a áirithiú agus chun easnamh an rialtais a choinneáil faoi bhun 3 % de luach tagartha OTI.

(f)I gcás ina n‑úsáideann an Ballstát toimhdí dá dtagraítear faoi phointe (e) atá éagsúil le toimhdí an Choimisiúin thar thréimhse coigeartaithe an phlean fhioscaigh struchtúrtha mheántéarmaigh náisiúnta agus na tréimhse 10 mbliana ina dhiaidh sin in éagmais tuilleadh beart buiséadach, mínithe cuí agus fírinnithe bunaithe ar argóintí eacnamaíocha fónta ar na difríochtaí sin.

(g)Anailís ar an gcaoi a ndéanfadh athruithe ar na príomhthoimhdí eacnamaíocha difear do riocht buiséadach agus fiachais an Bhallstáit.

(h)Más infheidhme, na cúiseanna cuí‑réasúnaithe (le hargóintí eacnamaíocha fónta agus infhíoraithe ábhartha) le himeacht ón gconair theicniúil a chuir an Coimisiún ar aghaidh.

(i)Tosaíochtaí athchóirithe agus infheistíochta chun freagairt do na príomhdhúshláin mar a shainaithnítear iad sna moltaí tírshonracha, agus an staid mar atá i gcur chun feidhme na moltaí tírshonracha sin á cur san áireamh.

(j)Caiteachas iomlán infheistíochta poiblí, chomh maith le hathchóirithe agus caiteachas infheistíochta poiblí a thugann aghaidh ar thosaíochtaí comhchoiteanna an Aontais dá dtagraítear in Iarscríbhinn VI.

(k)Más infheidhme, faisnéis faoi ghealltanais athchóirithe agus infheistíochta shonracha, faoi cheangal ama agus infhíoraithe atá mar bhonn taca faoi shíneadh na tréimhse coigeartaithe de bhun Airteagal 13, amlíne dá chur chun feidhme, chomh maith le hargóintí eacnamaíocha fónta go gcomhlíonann na gealltanais athchóirithe agus infheistíochta sin na critéir faoi Airteagal 13 agus na critéir mheasúnaithe in Iarscríbhinn VII á gcur san áireamh.

(l)Cainníochtú, a oiread agus is féidir, maidir leis na tionchair lena bhfuil coinne i leith na n‑athchóirithe agus na hinfheistíochta dá dtagraítear faoi phointe (k) ar inbhuanaitheacht fhioscach, ar fhás agus ar fhostaíocht, i gcás inarb infheidhme i gcomhréir le modheolaíochtaí a comhaontaíodh go coitianta.

(m)Tionchar meántéarmach buiséadach agus meántéarmach fáis ionchasach na ngealltanas athchóirithe agus infheistíochta sin dá dtagraítear faoi phointe (k) nuair is féidir.

(n)Más infheidhme, athchóirithe agus infheistíocht chun na míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha a sainaithníodh faoin Nós Imeachta um Míchothromaíocht Mhaicreacnamaíoch a cheartú.

(o)An leibhéal foriomlán pleanáilte d’infheistíocht phoiblí arna maoiniú go náisiúnta a chumhdaíonn tréimhse an phlean fhioscaigh struchtúrtha mheántéarmaigh náisiúnta.

(p)I gcás na mBallstát a bhfuil dúshláin fiachais phoiblí ísle acu ach a bhfuil dliteanais mhóra intuigthe acu mar gheall ar aosú an daonra, sa chonair ghlanchaiteachais náisiúnta agus sna hathchóirithe sna pleananna fioscacha struchtúrtha meántéarmacha náisiúnta ba cheart aird chuí a thabhairt ar dhúshláin maidir le hinbhuanaitheacht fhioscach fhadtéarmach an airgeadais phoiblí.

(q)Faisnéis ar chomhairliúcháin na gcomhpháirtithe sóisialta, eagraíochtaí sochaí sibhialta agus páirtithe leasmhara ábhartha eile d’fhonn an plean a ullmhú.

IARSCRÍBHINN III

Faisnéis atá le soláthar ag na Ballstáit sna Tuarascálacha Bliantúla ar Dhul Chun Cinn

Ina dtuarascáil bhliantúil ar dhul chun cinn, cuirfidh na Ballstáit an fhaisnéis seo a leanas isteach:

(a)Comparáid idir an glanchaiteachas atá beartaithe bunaithe ar an gconair ghlanchaiteachais a leag an Chomhairle síos agus an glanchaiteachas bunaithe ar shonraí olltoraidh.

(b)Comparáid ó thús an phlean fhioscaigh struchtúrtha mheántéarmaigh náisiúnta idir na réamh‑mheastacháin ar na príomh‑athróga eacnamaíocha a cuireadh isteach sa phlean sin agus na sonraí olltoraidh le haghaidh na n‑athróg sin, chomh maith leis na himpleachtaí maidir le comhlíontacht na conaire glanchaiteachais a leag an Chomhairle síos agus na himpleachtaí ar chonair réamh‑mheasta an chóimheasa fiachais phoiblí arna thuairisciú sa phlean sin.

(c)Anailís ar chur chun feidhme na mbeart lánroghnach ioncaim sa bhliain roimhe sin.

(d)An dul chun cinn agus an cur chun feidhme atá beartaithe don bhliain dár gcionn ar na gealltanais maidir le hathchóirithe agus le hinfheistíocht a thugtar sa phlean fioscach struchtúrtha meántéarmach náisiúnta faoin bhfaisnéis atá le soláthar i gcomhréir le hIarscríbhinn II, pointí (i) agus (j), chomh maith le, más infheidhme, (k) agus (n).

(e)Faisnéis don bhliain dár gcionn faoin gcaoi a bhfuil sé beartaithe ag an mBallstát aghaidh a thabhairt ar mholtaí tírshonracha na bliana roimhe sin, lena n‑áirítear, i gcás inarb infheidhme, an moladh maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro.

(f)Le linn shaolré na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta, faisnéis maidir leis an dul chun cinn ar chur chun feidhme an Phlean Téarnaimh agus Athléimneachta, chun na ceanglais tuairiscithe débhliantúla a chomhlíonadh i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh a leagtar amach in Airteagal 27 de Rialachán (AE) 2021/241.

(g)Faisnéis ar éabhlóid na ndliteanas teagmhasach a thuairiscítear sa phlean fioscach struchtúrtha meántéarmach náisiúnta agus dá dtagraítear in Iarscríbhinn II, pointe (d), chomh maith leis na dliteanais intuigthe a bhaineann le haosú, i gcás inarb ábhartha, agus faisnéis faoi na dliteanais theagmhasacha agus na dliteanais intuigthe don bhliain dár gcionn.

(h)Na príomhthoimhdí maidir le forbairtí eacnamaíocha lena bhfuil coinne agus na príomh‑athróga eacnamaíocha do na blianta ina dhiaidh sin den tréimhse choigeartaithe, lena n‑áirítear an cóimheas fiachais phoiblí.

(i)Na réamh‑mheastacháin a bhaineann le beartais gan athrú do na blianta ina dhiaidh sin den tréimhse choigeartaithe do chaiteachas agus ioncam an rialtais agus a bpríomh-chomhpháirteanna, lena n‑áirítear caiteachas infheistíochta poiblí.

(j)Caiteachas agus ioncam beartaithe an rialtais mar chéatadán den OTI agus a bpríomh-chomhpháirteanna do na blianta ina dhiaidh sin den tréimhse choigeartaithe, agus an chonair ghlanchaiteachais a leag an Chomhairle síos á cur san áireamh.

(k)Tuairisc agus cainníochtú ar na bearta caiteachais agus ioncaim atá le cur chun feidhme chun an bhearna a líonadh idir na réamh‑mheastacháin a bhaineann le beartais gan athrú do chaiteachas agus ioncam dá dtagraítear i bpointe (i) agus an caiteachas agus an t‑ioncam atá beartaithe dá dtagraítear i bpointe (j).

(l)Anailís ar éabhlóid na míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha arna sainaithint faoin Nós Imeachta um Míchothromaíocht Mhaicreacnamaíoch agus ar an tionchar orthu atá ag cur chun feidhme na n‑athchóirithe agus na hinfheistíochta ábhartha arna dtuairisciú sa phlean fioscach struchtúrtha meántéarmach náisiúnta i gcomhréir le hIarscríbhinn II, pointe (n), i gcás inarb infheidhme.

(m)Faisnéis faoi chur chun feidhme rabhadh ón gCoimisiún nó faoi mholadh ón gComhairle de bhun Airteagal 121(4) CFAE.

(n)Faisnéis ar fhorbairtí sa mhargadh saothair, scileanna agus beartais shóisialta, agus ar chur chun feidhme beart beartais arna nglacadh lena gcothaítear cóineasú sóisialta aníos i measc na mBallstát i dtreo dálaí oibre agus maireachtála níos fearr, i gcomhréir le prionsabail Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta agus na dTreoirlínte Fostaíochta faoi Airteagal 148 CFAE. Áirítear leis sin an tionchar lena bhfuil coinne ó bhearta, i ndáil le dul chun cinn ar na spriocanna náisiúnta maidir le fostaíocht, scileanna agus laghdú na bochtaineachta faoi 2030.

(o)Measúnú ar na hinstitiúidí fioscacha neamhspleácha dá dtagraítear in Airteagal 22.

IARSCRÍBHINN IV

Feidhmiú an Chuntais Rialaithe

Taifeadfar dochar sa chuntas rialaithe do gach Ballstát dá dtagraítear in Airteagal 21 nuair a bheidh an glanchaiteachas iarbhír sa Bhallstát i mbliain ar leith os cionn na conaire glanchaiteachais a leag an Chomhairle síos.

Taifeadfar creidmheas sa chuntas rialaithe nuair a bheidh an glanchaiteachas iarbhír sa Bhallstát i mbliain ar leith faoi bhun na conaire glanchaiteachais a leag an Chomhairle síos.

Is é iarmhéid carnach an chuntais rialaithe i dtréimhse ar leith suim na ndochar agus na gcreidmheasanna bliantúla a cláraíodh le linn na tréimhse sin.

IARSCRÍBHINN V

Modheolaíocht an Choimisiúin chun inchreidteacht a mheasúnú

Tá an mhodheolaíocht chun inchreidteacht a mheasúnú de bhun Airteagal 8 bunaithe ar na coinníollacha seo a leanas:

·ba cheart an cóimheas fiachais phoiblí a bheith ag laghdú, nó ag fanacht ar leibhéal stuama, faoi chásanna cinntitheacha chreat meántéarmach réamh‑mheasta an fhiachais phoiblí de chuid an Choimisiúin dá dtugtar tuairisc i bhFaireachán Inbhuanaitheachta Fiachais 2022;

·tá an riosca nach laghdóidh an cóimheas fiachais phoiblí sna 5 bliana tar éis thréimhse choigeartaithe an phlean fhioscaigh struchtúrtha mheántéarmaigh náisiúnta íseal a dhóthain. Déantar an riosca a mheasúnú le cuidiú ó anailís stocastach an Choimisiúin.

IARSCRÍBHINN VI

Tosaíochtaí comhchoiteanna an Aontais

Is iad tosaíochtaí comhchoiteanna an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 12, pointe (b):

(a)An Comhaontú Glas don Eoraip 1 , lena n‑áirítear an t‑aistriú chuig aeráidneodracht faoi 2050 2 agus an t‑aistriú ar an leibhéal náisiúnta trí na Pleananna Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide;

(b)Colún Eorpach na gCeart Sóisialta 3 lena n‑áirítear na spriocanna gaolmhara maidir le fostaíocht, scileanna agus laghdú na bochtaineachta faoi 2030;

(c)Clár Beartais don Deacáid Dhigiteach 2030 4 , agus léirithe ar an leibhéal náisiúnta trí Threochláir Straitéiseacha na Deacáide Digití Náisiúnta;

(d) Compás Straitéiseach don tSlándáil agus don Chosaint - D’Aontas Eorpach a chosnaíonn a shaoránaigh, a luachanna agus a leasanna agus a chuireann leis an tsíocháin agus leis an tslándáil idirnáisiúnta 5 .

IARSCRÍBHINN VII

Creat measúnaithe do na gealltanais athchóirithe agus infheistíochta atá mar bhonn taca faoi shíneadh na tréimhse coigeartaithe

1.Raon feidhme

Is iad cuspóirí an chreata measúnaithe seo ná a bheith:

–mar bhonn don Choimisiún chun a mheasúnú cé acu an gcomhlíonann nó nach gcomhlíonann na gealltanais athchóirithe agus infheistíochta a áirítear sna pleananna fioscacha‑struchtúrtha meántéarmacha náisiúnta atá mar bhonn taca faoi shíneadh a dtréimhse coigeartaithe na critéir a leagtar amach in Airteagal 13(2). Dá bhrí sin is é an creat measúnaithe seo an bonn le cur i bhfeidhm na gcritéar measúnaithe dá dtagraítear in Airteagal 13(2) d’fhonn próiseas cothrom agus trédhearcach a áirithiú;

–mar bhonn chun a mheasúnú cé acu an gcomhlíonann nó nach gcomhlíonann gach ceann de na gealltanais athchóirithe agus infheistíochta sin na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 13(3). Dá bhrí sin is é an creat measúnaithe seo an bonn freisin le cur i bhfeidhm na gcoinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 13(3), chun na críche céanna.

2.Critéir mheasúnaithe

I gcomhréir le hAirteagal 13(2), beidh na gealltanais athchóirithe agus infheistíochta a áirítear sna pleananna fioscacha struchtúrtha meántéarmacha náisiúnta atá mar bhonn taca faoi shíneadh na tréimhse coigeartaithe ar cóimhéid le méid na ndúshlán fiachais phoiblí, mar a bunaíodh sa leagan den Fhaireachán Inbhuanaitheachta Fiachais ba dhéanaí a tugadh cothrom le dáta, agus na ndúshlán don fhás meántéarmach sa Bhallstát. Maidir leis na Ballstáit ina bhfuil dúshláin a bhaineann don fhiachas poiblí nasctha le dúshláin mhóra atá roimh fhás meántéarmach, tá coinne leis go dtabharfar aghaidh, leis na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí, ar na bacainní ar fhás meántéarmach freisin.

Comhlíonfaidh an tacar gealltanas i leith athchóirithe agus infheistíocht le chéile na critéir seo a leanas:

2.1Cuireann na gealltanais athchóirithe agus infheistíochta leis an bhfás;

–Tá coinne leis, bunaithe ar thoimhdí inchreidte, dea‑dhoiciméadaithe agus stuama,, go dtabharfaidh na gealltanais athchóirithe agus infheistíochta borradh mór d’acmhainneacht fáis gheilleagar an Bhallstáit lena mbaineann ar bhealach inbhuanaithe;

2.2Tacaíonn tacar na ngealltanas athchóirithe agus infheistíochta le hinbhuanaitheacht fhioscach;

–Tá coinne leis go mbeidh feabhas mór struchtúrtha ar airgeadas poiblí sa mheántéarma i gceist le gealltanais athchóirithe agus infheistíochta, trí chaiteachas poiblí a laghdú go struchtúrtha nó trí ioncam poiblí a mhéadú, sa Bhallstát lena mbaineann.

2.3Tugann na gealltanais athchóirithe agus infheistíochta aghaidh ar thosaíochtaí an Aontais dá dtagraítear in Iarscríbhinn VI;

–Cuireann na gealltanais athchóirithe agus infheistíochta go mór le ceann amháin ar a laghad de thosaíochtaí an Aontais dá dtagraítear in Iarscríbhinn VI;

2.4Tugtar aghaidh sna gealltanais athchóirithe agus infheistíochta, nuair a chuirtear le chéile iad, ar mholtaí tírshonracha, lena n‑áirítear, i gcás inarb infheidhme, moltaí arna n‑eisiúint faoin Nós Imeachta um Míchothromaíocht Mhaicreacnamaíoch;

–Tá coinne leis go dtabharfar aghaidh ar dhúshláin a shainaithnítear sna moltaí tírshonracha, nuair a chuirtear le chéile iad, leis na gealltanais ábhartha athchóirithe agus infheistíochta atá mar bhonn taca faoi shíneadh na tréimhse coigeartaithe, lena n‑áirítear na moltaí arna n‑eisiúint faoin Nós Imeachta um Míchothromaíocht Mhaicreacnamaíoch i gcás inarb infheidhme, agus an raon feidhme agus scála na ndúshlán tírshonrach agus na gealltanais a tugadh faoi na Pleananna Téarnaimh agus Athléimneachta, i gcás inarb ábhartha, á chur san áireamh;

2.5 Áirithítear leis na gealltanais athchóirithe agus infheistíochta go mbeidh leibhéal foriomlán na hinfheistíochta poiblí arna maoiniú go náisiúnta thar shaolré an phlean fhioscaigh struchtúrtha mheántéarmaigh náisiúnta níos airde ná an leibhéal meántéarmach roimh thréimhse an phlean sin

–Cé acu an bhfuil nó nach bhfuil an leibhéal infheistíochta poiblí arna maoiniú go náisiúnta atá beartaithe thar shaolré an phlean níos airde ná an leibhéal meántéarmach roimh thréimhse an phlean.

Ina theannta sin, ba cheart gach ceann de na gealltanais athchóirithe agus infheistíochta arna ndéanamh ag na Ballstáit atá mar bhonn taca faoi shíneadh na tréimhse coigeartaithe a bheith mionsonraithe, tús‑ualaithe, faoi cheangal ama, agus infhíoraithe a dhóthain.

–tá an tuairisc ar na gealltanais athchóirithe agus infheistíochta soiléir agus leagann amach inti eilimintí mionsonraithe gach athchóirithe agus infheistíochta, rud a cheadaíonn don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar na critéir i bpointí 2.1‑2.5, lena n‑áirítear maidir lena gcur chun feidhme, agus maidir le faireachán;

–cuirfear na hathchóirithe chun feidhme laistigh de thréimhse an phlean;

–cuirfear na hinfheistíochtaí chun feidhme ar a dhéanaí faoi dheireadh na tréimhse coigeartaithe;

–áirítear sa phlean fioscach struchtúrtha meántéarmach náisiúnta táscairí soiléire, réalaíocha, ábhartha agus láidre lena gceadaítear dul chun cinn a fhíorú maidir le cur chun feidhme éifeachtach na ngealltanas athchóirithe agus infheistíochta.

(1)    Teachtaireacht COM(2019) 640 final an 11 Nollaig 2019 ón gCoimisiún ‘An Comhaontú Glas don Eoraip’ agus Cinneadh (AE) 2022/591 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Aibreán 2022 maidir le Clár Ginearálta Gníomhaíochta Comhshaoil an Aontais go dtí 2030 (IO L 114, 12.4.2022, lch. 22).
(2)    Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (“An Dlí Aeráide Eorpach”).
(3)    (2017/C 428/09) An Forógra Idirinstitiúideach maidir le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta (IO C 428, 13.12.2017, lch. 10).
(4)    Cinneadh (AE) 2022/2481 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 lena mbunaítear Clár Beartais 2030 don Deacáid Dhigiteach (IO L 323, 19.12.2022, lch. 4).
(5)    Comhairle an Aontais Eorpaigh, COPS 130.