An Bhruiséil,22.2.2022

JOIN(2022) 18 final/2 - DOWNGRADED ON 14.3.2023

2022/0056(NLE)

Togra comhpháirteach le haghaidh

RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

(1)Le Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 ón gComhairle, toirmeasctar earraí agus teicneolaíocht dé-úsáide a dhíol, a sholáthar, a aistriú nó a onnmhairiú chuig aon duine, eintiteas nó comhlacht sa Rúis nó atá le húsáid sa Rúis, más le haghaidh úsáid mhíleata nó le haghaidh úsáideoirí deiridh míleata iad. Cuirtear cosc leis freisin earraí agus teicneolaíocht den sórt sin a dhíol le daoine dlítheanacha sonraithe sa Rúis agus cuirtear toirmeasc ar chúnamh teicniúil agus seirbhísí gaolmhara eile a sholáthar, agus cuirtear toirmeasc leis ar mhaoiniú agus ar chúnamh airgeadais a bhaineann leis na hearraí agus leis an teicneolaíocht sin. Ina theannta sin, leis an Rialachán, ceanglaítear ar oibreoirí réamhúdarú a fháil i ndáil le teicneolaíochtaí áirithe a dhíol, a sholáthar, a aistriú nó a onnmhairiú, ar teicneolaíochtaí iad atá le haghaidh an tionscail ola sa Rúis agus cuirtear toirmeasc ar sholáthar seirbhísí gaolmhara atá riachtanach maidir le taiscéalaíocht agus táirgeadh ola domhainmhara, taiscéalaíocht agus táirgeadh ola san Artach agus tionscadail scealla ola sa Rúis, lena n‑áirítear Limistéar Eacnamaíoch Eisiach agus Scairbh Ilchríochach na Rúise. Cuirtear toirmeasc freisin, leis an Rialachán, ar sholáthar cúnaimh theicniúil a bhaineann leis na hearraí agus leis an teicneolaíocht a liostaítear i Liosta Comhchoiteann Míleata an Aontais, nó a bhaineann leis na hearraí sin a sholáthar, a mhonarú, a chothabháil agus a úsáid. Forchuirtear leis freisin srianta ar rochtain ar an margadh caipitil i gcás institiúidí airgeadais áirithe de chuid na Rúise.

(2)Tugtar éifeacht le Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 ón gComhairle do bhearta áirithe dá bhforáiltear i gCinneadh 2014/512/CBES ón gComhairle.

(3)Le Cinneadh (CBES) 2022/XXX ón gComhairle leasaítear Cinneadh 2014/512/CBES ón gComhairle agus tugtar isteach smachtbhannaí eacnamaíocha spriocdhírithe breise i ndiaidh gur shínigh Uachtarán Chónaidhm na Rúise foraithne lena n‑aithnítear ‘neamhspleáchas agus ceannasacht’ na limistéir nach bhfuil faoi rialú an rialtais i réigiúin Donetsk agus Luhansk na hÚcráine agus lena n‑ordaítear d’fhórsaí armtha Rúiseach dul isteach sa limistéar.

(4)Le Cinneadh (CFSP) 2022/XXX ón gComhairle toirmeasctar maoiniú na Rúise, rialtais agus Bhanc Ceannais na Rúise.

(5)Tagann na leasuithe sin faoi raon feidhme an Chonartha agus, dá bhrí sin, go háirithe d’fhonn a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm go haonfhoirmeach i ngach Ballstát é, tá gá le gníomhaíocht rialála ar leibhéal an Aontais.

(6)Dá bhrí sin, ba cheart don Ardionadaí do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus don Choimisiún a mholadh Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 a leasú dá réir sin.

2022/0056 (NLE)

Togra comhpháirteach le haghaidh

RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 215 de,

Ag féachaint do Chinneadh (CBES)2022/xxx 1 an XX Feabhra 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/512/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine,

Ag féachaint don togra comhpháirteach ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)An 31 Iúil 2014 ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine.

(2)Le Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 tugtar éifeacht do bhearta áirithe dá bhforáiltear i gCinneadh 2014/512/CBES ón gComhairle, agus cuirtear toirmeasc ar earraí agus teicneolaíocht dé-úsáide a dhíol le haon duine, eintiteas nó comhlacht sa Rúis nó a sholáthar d’aon duine, eintiteas nó comhlacht sa Rúis nó a aistriú nó a onnmhairiú chuig aon duine, eintiteas nó comhlacht sa Rúis nó lena n‑úsáid sa Rúis, más amhlaidh go bhfuil na hítimí sin le haghaidh úsáid mhíleata nó le haghaidh úsáideoirí deiridh míleata. Cuirtear cosc leis freisin earraí agus teicneolaíocht den sórt sin a dhíol le daoine dlítheanacha sonraithe sa Rúis agus cuirtear toirmeasc ar chúnamh teicniúil agus seirbhísí gaolmhara eile a sholáthar, agus cuirtear toirmeasc leis ar mhaoiniú agus ar chúnamh airgeadais a bhaineann leis na hearraí agus leis an teicneolaíocht sin. Ina theannta sin, leis an Rialachán, ceanglaítear ar oibreoirí réamhúdarú a fháil i ndáil le teicneolaíochtaí áirithe a dhíol, a sholáthar, a aistriú nó a onnmhairiú, ar teicneolaíochtaí iad atá le haghaidh an tionscail ola sa Rúis agus cuirtear toirmeasc ar sholáthar seirbhísí gaolmhara atá riachtanach maidir le taiscéalaíocht agus táirgeadh ola domhainmhara, taiscéalaíocht agus táirgeadh ola san Artach agus tionscadail scealla ola sa Rúis, lena n‑áirítear Limistéar Eacnamaíoch Eisiach agus Scairbh Ilchríochach na Rúise. Cuirtear toirmeasc freisin, leis an Rialachán, ar sholáthar cúnaimh theicniúil a bhaineann leis na hearraí agus leis an teicneolaíocht a liostaítear i Liosta Comhchoiteann Míleata an Aontais, nó a bhaineann leis na hearraí sin a sholáthar, a mhonarú, a chothabháil agus a úsáid. Forchuirtear leis freisin srianta ar rochtain ar an margadh caipitil i gcás institiúidí airgeadais áirithe de chuid na Rúise.

(3)An 21 Feabhra 2022, shínigh Uachtarán Chónaidhm na Rúise foraithne lena n‑aithnítear ‘neamhspleáchas agus ceannasacht’ na limistéir nach bhfuil faoi rialú an rialtais i réigiúin Donetsk agus Luhansk na hÚcráine agus lenar ordaíodh d’fhórsaí armtha Rúiseach dul isteach sa limistéar.

(4)I bhfianaise a thromchúisí atá an staid, an [DÁTA] ghlac an Chomhairle Cinneadh 2022/XXX/CBES an XX Feabhra 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/512/CBES agus lena bhforchuirtear bearta sriantacha breise lena dtoirmeasctar maoiniú na Rúise, a rialtais agus Bhanc Ceannais na Rúise.

(5)Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 a leasú dá réir.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (AE) 833/2014 mar a leanas:

(1)In Airteagal 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (f)(iii):

‘(iii) aon urrús eile lena dtugtar an ceart aon urrús inaistrithe den sórt sin a fháil nó a dhíol nó as a dtagann socraíocht airgid arna cinneadh trí thagairt d’urrúis inaistrithe;’

(2)Cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

‘Airteagal 5a

1.Urrúis inaistrithe agus ionstraimí margaidh airgid a eiseofar tar éis [14 lá i ndiaidh dháta an teacht i bhfeidhm], toirmeascfar iad a cheannach, a dhíol, seirbhísí infheistíochta a sholáthar dóibh nó cabhair a eisiúint ina leith, nó déileáil leo ar shlí eile, go díreach nó go hindíreach, ar ceann díobh seo a leanas a eiseoidh iad:

(a)An Rúis agus a rialtas; nó

(b)Banc Ceannais na Rúise; nó

(c)duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá ag gníomhú thar ceann nó faoi threoir eintitis dá dtagraítear i bpointe (b) den mhír seo.

2.Toirmeascfar aon iasacht nó creidmheas nua a dhéanamh, nó páirt a ghlacadh in aon socrú iasacht nó creidmheas nua a dhéanamh, go díreach nó go neamhdhíreach, le haon duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht dá dtagraítear i mír 1 i ndiaidh [dháta an teacht i bhfeidhm].

Ní bheidh feidhm ag an toirmeasc maidir le hiasachtaí ná creidmheas a bhfuil cuspóir sonrach doiciméadaithe acu maoiniú a sholáthar d’allmhairiú nó onnmhairiú neamhthoirmiscthe earraí agus seirbhísí neamhairgeadais idir an tAontas agus aon tríú Stát, lena n‑áirítear an caiteachas le haghaidh earraí agus seirbhísí ó thríú Stát eile is gá chun na conarthaí onnmhairiúcháin nó allmhairiúcháin a fhorghníomhú.

3.Ní bheidh feidhm ag an toirmeasc i mír 2 maidir le híostarraingtí ná eisíocaíochtaí arna ndéanamh faoi chonradh arna thabhairt i gcrích roimh [an teacht i bhfeidhm] ar choinníoll na coinníollacha seo a leanas a bheith comhlíonta:

(a)maidir le téarmaí agus coinníollacha uile na n‑íostarraingtí nó na n‑eisíocaíochtaí sin:

(i)    comhaontaíodh iad roimh [dháta an teacht i bhfeidhm]; agus

(ii)    níor modhnaíodh iad ar an dáta sin nó dá éis; agus

(b)socraíodh dáta aibíochta conarthaí roimh [dháta an teacht i bhfeidhm] chun na cistí uile a cuireadh ar fáil a aisíoc ina n‑iomláine agus chun na gealltanais, na cearta agus na hoibleagáidí uile faoin gconradh a chealú.

I dtéarmaí agus coinníollacha na n‑íostarraingtí agus na n‑eisíocaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (a) áirítear forálacha a bhaineann le fad na tréimhse aisíocaíochta le haghaidh gach íostarraingthe nó eisíocaíochta, an ráta úis arna chur i bhfeidhm nó modh ríofa an ráta úis, agus an t‑uasmhéid.’

(3)I mír 1 d’Airteagal 11, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

‘(a) daoine dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí dá dtagraítear i bpointí (b) agus (c) d’Airteagal 5(1) agus i bpointí (c) agus (d) d’Airteagal 5(2) agus pointí (a), (b) agus (c) d’Airteagal 5a(1), nó a liostaítear in Iarscríbhinní III, IV, V agus VI;’

(4)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 12:

‘Toirmeascfar páirt a ghlacadh, go feasach agus d’aon ghnó, i ngníomhaíochtaí arb é is cuspóir dóibh nó is éifeacht leo dul timpeall ar thoirmisc sa Rialachán seo, lena n‑áirítear dul timpeall ar thoirmisc trí ghníomhú in ionad duine dhlítheanaigh, eintiteas nó comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagail 5 nó 5a, nó trí ghníomhú chun a dtairbhe trí úsáid na n‑eisceachtaí in Airteagail 5(3) nó 5a(2).’

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    IO L , , lch. .