|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/271 |
30.1.2026 |
RIALACHÁN (AE) 2026/271 ÓN gCOMHAIRLE
an 29 Eanáir 2026
lena leasaítear Rialachán (AE) 2023/1529 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise thacaíocht mhíleata na hIaráine do chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus do ghrúpaí armtha agus eintitis sa Mheánoirthear agus i réigiún na Mara Rua
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 215 de,
Ag féachaint don togra comhpháirteach ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 20 Iúil 2023, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2023/1532 (1) agus Rialachán (AE) 2023/1529 (2), a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise thacaíocht mhíleata na hIaráine do chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus do ghrúpaí armtha agus eintitis sa Mheánoirthear agus i réigiún na Mara Rua. |
|
(2) |
I bhfianaise thromchúis na staide i bhfianaise thacaíocht mhíleata na hIaráine do chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2024/1336, lenar leasaíodh Cinneadh (CBES) 2023/1532 an 14 Bealtaine 2024. |
|
(3) |
An 18 Samhain 2024, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2024/2894, lenar leasaíodh Cinneadh (CBES) 2023/1532. Tugtar isteach leis an gCinneadh sin bearta sriantacha breise i bhfianaise thacaíocht mhíleata leanúnach na hIaráine do chogadh foghach na Rúise in aghaidh na hÚcráine agus, go háirithe, toisc go bhfuil an Iaráin ag soláthar aerfheithiclí gan foireann agus diúracán don Rúis. |
|
(4) |
Measann an Chomhairle gur cheart an toirmeasc ar onnmhairiú, díol, aistriú nó soláthar ón Aontas chuig an Iaráin a leathnú chun comhpháirteanna breise a úsáidtear i bhforbairt agus táirgeadh aerfheithiclí gan foireann agus diúracán a chur san áireamh, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/1529 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 29 Eanáir 2026.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
K. KALLAS
(1) Cinneadh (CBES) 2023/1532 ón gComhairle an 20 Iúil 2023 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise thacaíocht mhíleata na hIaráine do chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus do ghrúpaí armtha agus eintitis sa Mheánoirthear agus i réigiún na Mara Rua (IO L 186, 25.7.2023, lch. 20, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/1532/oj).
(2) Rialachán (AE) 2023/1529 ón gComhairle an 20 Iúil 2023 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise thacaíocht mhíleata na hIaráine do chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus do ghrúpaí armtha agus eintitis sa Mheánoirthear agus i réigiún na Mara Rua (IO L 186, 25.7.2023, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/1529/oj).
IARSCRÍBHINN
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/1529:
‘IARSCRÍBHINN II
LIOSTA NA N-ÍTIMÍ DÁ DTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 2
RÉAMHNÓTAÍ
|
1. |
I gcás ina dtagann “ex” roimh an gcód CC/AC, níl sna hearraí a chumhdaítear le Rialachán (AE) 2023/1529 ach cuid de raon feidhme an chóid CC/AC agus cinnfear iad leis an tuairisc a thugtar orthu san Iarscríbhinn seo agus le raon feidhme an chóid CC/AC araon. |
|
2. |
Tugtar sainmhínithe ar théarmaí idir “comharthaí singile athfhriotail” i nóta teicniúil a bhaineann leis an ítim ábhartha. |
|
3. |
Tá sainmhínithe ar théarmaí idir “comharthaí dúbailte athfhriotail” le fáil in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/821. |
Catagóir 1 – Ábhair speisialta agus trealamh gaolmhar
|
Tuairisc |
Cód CC/AC |
||||||||||||||||||||||||
|
Ábhair fuinneamhachais mar a leanas agus meascáin díobh: |
|||||||||||||||||||||||||
|
Piocráit amóiniam (CAS 131-74-8); |
ex 2908 99 00 |
||||||||||||||||||||||||
|
Púdar dubh; |
ex 3601 00 00 |
||||||||||||||||||||||||
|
Heicsinítridéfheiniolaimín (CAS 131-73-7); |
ex 2921 44 00 |
||||||||||||||||||||||||
|
Défhluaraimín (CAS 10405-27-3); |
ex 2812 90 00 |
||||||||||||||||||||||||
|
Stáirse nítreach (CAS 9056-38-6); |
ex 3505 10 50 |
||||||||||||||||||||||||
|
Teitriníotranaftailéin; |
ex 2902 90 00 |
||||||||||||||||||||||||
|
Tríníotranasól; |
ex 2909 30 90 |
||||||||||||||||||||||||
|
Tríníotranaftailéin; |
ex 2902 90 00 |
||||||||||||||||||||||||
|
Tríníotrocsailéin; |
ex 2902 41 00 ex 2902 42 00 ex 2902 43 00 ex 2902 44 00 |
||||||||||||||||||||||||
|
N-meitil-2-piorólaidhéanón; 1-meitil-2-piorólaidhéanón (CAS 872-50-4); |
ex 2939 79 90 |
||||||||||||||||||||||||
|
Dé-ochtalmaléáit (CAS 142-16-5); |
ex 2917 19 80 |
||||||||||||||||||||||||
|
Eitilheicsiolaicrioláit (CAS 103-11-7); |
ex 2916 12 00 |
||||||||||||||||||||||||
|
Trí-eitiolalúmanam (TEA) (CAS 97-93-8), trímheitilalúmanam (TMA) (CAS 75-24 1), agus ailcilí agus airilí miotalacha pireafóracha ó litiam, sóidiam, maignéisiam, sinc nó bórón; |
ex 2931 90 00 |
||||||||||||||||||||||||
|
Nítriceallalós (CAS 9004-70-0); |
3912 20 |
||||||||||||||||||||||||
|
Nítriglicrín (nó gliocróiltríníotráit, trínítriglicrín) (NG) (CAS 55-63-0); |
ex 2920 90 70 |
||||||||||||||||||||||||
|
2,4,6-tríníotratolúéin (TNT) (CAS 118-96-7); |
ex 2904 20 00 |
||||||||||||||||||||||||
|
Eitiléindé-aimíndéníotráit (EDDN) (CAS 20829-66-7); |
ex 2920 90 70 |
||||||||||||||||||||||||
|
Teitriníotráit pheinteiritríotóil (PETN) (CAS 78-11-5); |
ex 2920 90 70 |
||||||||||||||||||||||||
|
Aisíd luaidhe (CAS 13424-46-9), gnáthstiofnáit luaidhe (CAS 15245-44-0) agus stiofnáit luaidhe bhunúsach (CAS 12403-82-6), agus pléascáin phríomhúla nó cumaisc phrímeála ina bhfuil aisídí nó coimpléisc aisíde; |
ex 2850 00 60 ex 2908 99 00 |
||||||||||||||||||||||||
|
Dé-eitildéfheiniolúiré (CAS 85-98-3); Démheitildéfheiniolúiré (CAS 611-92-7); úiré mheitileitildhéfheinile |
ex 2924 21 00 |
||||||||||||||||||||||||
|
N,N-défheiniolúiré (défheiniolúiré neamhshiméadrach) (CAS 603-54-3); |
ex 2924 21 00 |
||||||||||||||||||||||||
|
Meitil-N,N-défheiniolúiré (défheiniolúiré neamhshiméadrach mheitile) (CAS 13114-72-2); |
ex 2924 21 00 |
||||||||||||||||||||||||
|
Eitil-N,N-défheiniolúiré (défheiniolúiré neamhshiméadrach eitile) (CAS 64544-71-4); |
ex 2924 21 00 |
||||||||||||||||||||||||
|
4-Nítridhéfheiniolaimín (4-NDPA) (CAS 836-30-6); |
ex 2921 44 00 |
||||||||||||||||||||||||
|
2,2-déníotraprópánól (CAS 918-52-5); |
ex 2905 59 98 |
||||||||||||||||||||||||
|
Ábhair shnáithíneacha nó fhiliméadacha, nach rialaítear le 1C010 (1) ná 1C210 (2), le haghaidh úsáid i struchtúir “chomhchodacha” agus ag a bhfuil modal sonrach de 3,18 × 106 m nó níos mó agus ag a bhfuil neart teanntachta sonrach de 7,62 × 104 m nó níos mó |
ex 5402 11 ex 5501 11 ex 5503 11 ex 6815 11 ex 6815 12 ex 6815 19 ex 7019 19 10 |
||||||||||||||||||||||||
|
Nana-ábhair mar a leanas:
|
ex 2805 30 ex 2846 10 ex 2846 90 ex 5402 11 ex 5501 11 ex 5503 11 ex 6815 11 ex 6815 12 ex 6815 13 ex 6815 19 ex 7019 12 ex 7019 19 |
||||||||||||||||||||||||
|
Tungstan, cairbíd tungstain agus cóimhiotail, nach rialaítear le 1C117 (3), 1C226 (4), II.A1.013 (5) ná II.A1.017 (6), a bhfuil cion is mó ná 90 % tungstain iontu de réir meáchain.
|
2849 90 30 ex 8101 10 ex 8101 94 ex 8101 97 ex 8101 99 |
||||||||||||||||||||||||
|
Poileitiléin Meáchain Mhóilínigh Ultra-Aird, nach rialaítear le 1C010 (7) ná 1C210 (8), a chuirtear i láthair in aon cheann de na foirmeacha seo a leanas:
|
ex 3901 20 10 ex 3901 20 90 ex 5402 39 ex 5402 49 ex 5402 59 ex 5402 69 ex 5404 90 90 ex 5407 20 11 ex 5407 20 19 ex 5501 90 ex 5503 90 ex 5506 90 ex 5601 30 |
||||||||||||||||||||||||
Catagóir 2 – Próiseáil ar ábhair
|
Tuairisc |
Cód CC/AC |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Imthacaí agus córais imthacaí nach rialaítear le 2A001 agus 2A101:
|
ex 8482 10 ex 8482 20 ex 8482 30 ex 8482 40 ex 8482 50 ex 8482 80 ex 8482 91 |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Nótaí Teicniúla:
|
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Trealamh braite nithe ceilte a oibríonn sa raon minicíochta ó 30 GHz go 3 000 GHz agus ag a bhfuil taifeach spásúil de 0,1 mrad (millearaidian) suas le 1 mrad (millearaidian) agus an taifeach sin san áireamh, ag achar scóipe de 100 m; agus comhpháirteanna, cé is moite díobh sin a shonraítear in LCM nó i Rialachán (AE) 2021/821. Tabhair faoi deara: Áirítear le trealamh braite nithe ceilte trealamh chun daoine, doiciméid, bagáiste, earraí pearsanta eile, lasta agus/nó post a scagadh, ach gan a bheith teoranta don mhéid sin. Nóta Teicniúil: Cumhdaítear le raon na minicíochtaí na minicíochtaí a meastar go ginearálta iad a bheith sna réigiúin toinne milliméadair, toinne fo-mhilliméadair agus teiriheirts. |
ex 8526 10 ex 8526 92 ex 8482 10 90 |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Aonaid “rialaithe uimhriúil” le haghaidh meaisín-uirlisí agus meaisín-uirlisí “faoi rialú uimhriúil’, cé is moite díobh siúd a shonraítear in CML nó i Rialachán (AE) 2021/821 (féach an Liosta Ítimí Rialaithe):
|
ex 8537 10 10 ex 8537 10 98 ex 8456 30 ex 8457 10 ex 8457 20 ex 8457 30 ex 8458 11 ex 8458 91 ex 8459 10 ex 8459 31 ex 8459 51 ex 8459 61 ex 8460 12 ex 8460 22 ex 8460 23 ex 8460 24 |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Cóimeálacha, cláir chiorcad nó ionsáiteáin atá saindeartha le haghaidh meaisín-uirlisí a rialaítear san iarscríbhinn seo:
Nóta Teicniúil: Ní rialaítear leis an iontráil seo córais thrasnamhéadair tomhais, gan aisfhothú iata ná aisfhothú lúb oscailte, ina bhfuil léasar chun earráidí gluaisne sleamhnáin a thomhas i meaisín-uirlisí, i meaisíní iniúchta toisí, nó i dtrealamh comhchosúil. |
ex 8207 19 ex 8207 20 ex 8207 50 ex 8207 60 ex 8207 90 ex 8466 10 ex 8466 20 20 ex 8466 20 91 ex 8466 20 98 ex 8466 30 ex 8466 93 ex 8466 93 |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
“Bogearraí” a saindearadh le haghaidh na meaisín-uirlisí a rialaítear san Iarscríbhinn seo a “fhorbairt”, a “tháirgeadh”, nó a “úsáid” |
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Meaisín-uirlisí “faoi rialú uimhriúil’, ag a bhfuil ais líneach amháin nó níos mó ar mó ná 8 000 mm an fad gluaiste iontu. |
ex 8456 ex 8457 ex 8458 ex 8459 ex 8460 |
Catagóir 3 – Leictreonaic
|
Tuairisc |
Cód CC/AC |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Ciorcaid iomlánaithe mar a leanas: Eagar Geataí In-Ríomhchláraithe sa Réimse (EGIRR), micririaltáin, micreaphróiseálaithe, próiseálaithe comharthaí, anailíseoirí comharthaí, Tiontairí ó Analógach go Digiteach (ADC), rialtóirí voltais, ionchódóirí físeáin agus tiontairí DC-DC |
ex 8542 31 ex 8542 39 |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Aimplitheoirí agus feistí “Ciorcaid Iomlánaithe Micreathoinne Mhonailiotacha” (“MMICanna”) |
ex 8542 33 8543 70 02 |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Scagairí radaimhinicíochtaí (scagairí RF) nó scagairí trasnaíochta leictreamaighnéadaí (scagairí EMI) |
ex 8548 00 |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Toilleoirí tantalaim |
8532 21 |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Toilleoirí leictrealaíocha alúmanaim |
8532 22 |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Toilleoirí ilsraitheacha tréleictreacha ceirmeacha |
8532 24 |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Ciorcaid iomlánaithe stórála, mar a leanas:
|
ex 8542 32 |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Criostail phísileictreacha shuite |
8541 60 |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
“Gairis leathsheoltóra” a chomhlíonann caighdeán míleata MIL-STD-750D nó caighdeán coibhéiseach eile. Nóta teicniúil: Chun críoch an rialaithe seo, is éard is “gairis leathsheoltóra” ann comhpháirteanna leictreonacha a bhraitheann ar airíonna leictreonacha ábhair leathsheoltóra, amhail dé-óideanna, trasduchtóirí, gairis fhótamhothálacha, dé-óideanna srutha ailtéarnaigh (DIAC), trióideanna srutha ailtéarnaigh (TRIAC), tíreastóirí, XXXX, YYYY nó trasraitheoirí, lena n-áirítear trasraitheoirí tionchair réimse “leathsheoltóir-miotal-ocsaíd” (MOSFET), FET, FINFET, IGBT, etc. |
ex 8541 10 ex 8541 21 ex 8541 29 ex 8541 30 ex 8541 49 ex 8541 51 ex 8541 59 |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Plocóidí, nascóirí, seacanna, cáblaí preabthosaithe, teirminéil, soicéid nó cuibheoirí leictreacha, ag a bhfuil aon cheann de na saintréithe seo a leanas:
|
ex 8536 69 ex 8536 90 |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Tiontairí statacha |
8504 40 |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Meaisíní agus gléasra le haghaidh búil nó sliseoga a dhéanamh |
8486 10 |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Meaisíní agus gléasra le haghaidh gairis leathsheoltóirí nó ciorcaid leictreonacha chomhtháite a dhéanamh |
8486 20 |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Trealamh chun Cláir Chiorcad Phriontáilte (CCPanna) a mhonarú, agus comhpháirteanna agus gabhálais atá saindeartha lena n-aghaidh, mar a leanas:
|
ex 8424 89 40 ex 8479 89 70 ex 8543 30 40 ex 8486 40 ex 8420 10 81 ex 8479 90 15 |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Trealamh iniúchta optúil uathoibrithe chun Cláir Chiorcad Phriontáilte (CCPanna) a thástáil, ar trealamh é atá bunaithe ar bhraiteoirí optúla nó leictreacha, agus atá ábalta aon cheann de na fabhtanna cáilíochta seo a leanas a bhrath:
|
ex 9030 31 ex 9030 32 ex 9030 33 20 ex 9030 33 70 ex 9030 39 00 ex 9030 84 ex 9030 89 ex 9031 49 10 ex 9031 49 90 ex 9031 80 20 ex 9031 80 80 |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Ascalascóip agus ascalagraif |
9030 20 |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Ionstraimí agus gléasra chun sliseoga nó gairis leathsheoltóra a thomhas nó a sheiceáil |
9030 82 |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Gineadóirí comharthaí |
8543 20 |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Ceimiceáin agus ábhair den chineál a úsáidtear chun Cláir Chiorcad Phriontáilte (CCPanna) a tháirgeadh, mar a leanas:
|
ex 3921 90 55 ex 8534 00 ex 2827 39 20 ex 2827 39 85 ex 2833 40 ex 3824 99 96 ex 7410 11 ex 7410 21 ex 3919 10 80 ex 3919 90 80 |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
“Bogearraí” a saindearadh chun Cláir Chiorcad Phriontáilte (CCPanna) a thástáil, a “fhorbairt” nó a “tháirgeadh’. |
Ní bhaineann le hábhar |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Córais agus trealamh radaimhinicíochta nach n-áirítear i Rialachán (AE) 2021/821 an 20 Bealtaine 2021, comhpháirteanna agus gabhálais, a saindearadh nó a sainmhodhnaíodh chun aon cheann de na feidhmeanna seo a leanas a fhorbairt:
|
ex 8517 62 ex 8517 71 ex 8517 79 ex 8525 50 ex 8526 92 ex 8529 10 ex 8543 70 90 |
Catagóir 4 – Ríomhairí
|
Tuairisc |
Cód CC/AC |
||||
|
Ríomhairí leictreonacha agus trealamh gaolmhar, agus “cóimeálacha leictreonacha” agus comhpháirteanna atá saindeartha lena n-aghaidh, atá rátaithe chun oibriú ag teocht chomhthimpeallach os cionn 343 K (70 °C) |
ex 8471 |
||||
|
“Ríomhairí digiteacha’, lena n-áirítear trealamh “próiseála comharthaí” nó trealamh “feabhsaithe íomhánna’, ag a bhfuil “Buaicfheidhmiú Coigeartaithe” (‘APP’) cothrom le 0,0128 Teireaflap Ualaithe (TU) nó níos mó |
ex 8471 |
||||
|
Ríomhairí hibride agus “cóimeálacha leictreonacha” agus comhpháirteanna a saindearadh lena n-aghaidh, ina bhfuil tiontairí ó analógach go digiteach ag a bhfuil na saintréithe uile seo a leanas:
|
ex 8471 |
Catagóir 5 – Teileachumarsáid agus an tslándáil faisnéise
|
Tuairisc |
Cód CC/AC |
|
Gléasra, gairis nó meaisíní teileachumarsáide, i gcomhair “aerárthaí” |
ex 8517 62 ex 8517 69 |
Catagóir 6 – Braiteoirí agus léasair
|
Tuairisc |
Cód CC/AC |
||||||||||||||||||||||
|
Ceamaraí le haghaidh aershuirbhéireachta |
ex 9006 30 |
||||||||||||||||||||||
|
Braiteoirí Optúla mar a leanas:
|
ex 8529 90 ex 8542 39 ex 9006 91 ex 9013 80 ex 9025 80 ex 9025 90 ex 9026 80 ex 9026 90 ex 9027 50 ex 9032 10 |
||||||||||||||||||||||
|
Treoracha teileascóip le feistiú ar airm; peireascóip; teileascóip arna ndearadh mar chuid d’innill, fearais, ionstraimí nó gaireas den chaibidil seo nó de Roinn XVI |
9013 10 |
||||||||||||||||||||||
|
Ceamaraí oíche |
8525 83 |
||||||||||||||||||||||
|
Ceamaraí a chomhlíonann critéir Nóta 3 a ghabhann le 6A003.b.4 (9) |
ex 8525 89 ex 9006 30 |
||||||||||||||||||||||
|
Raonaimsitheoirí léasair aerbheirthe |
ex 9013 20 00 ex 9013 80 00 ex 9013 90 80 ex 9015 10 ex 9015 80 ex 9015 90 ex 9031 80 20 ex 9031 80 80 ex 9031 90 00 ex 9033 00 90 |
||||||||||||||||||||||
|
“Cealla príomhúla” nó ceallraí ag a bhfuil dlús fuinnimh 150 Wh/kg nó níos mó ag 293 K (20 °C) Nótaí Teicniúla:
|
ex 8506 |
||||||||||||||||||||||
|
Córais, trealamh agus comhpháirteanna móra radair, cé is moite díobh sin a shonraítear in LCM nó i Rialachán (AE) 2021/821, agus comhpháirteanna a saindearadh lena n-aghaidh, mar a leanas:
|
ex 8526 10 ex 8529 90 ex 9015 10 ex 90 |
||||||||||||||||||||||
|
“Maighnéadaiméadair’, braiteoirí “forsheoltacha” leictreamaighnéadacha, agus comhpháirteanna atá saindeartha lena n-aghaidh, mar a leanas:
|
ex 9015 80 ex 9031 80 |
||||||||||||||||||||||
|
Meá-mhéadair le haghaidh úsáid ar talamh, cé is moite díobh sin a shonraítear in LCM nó i Rialachán (AE) 2021/821, mar a leanas:
|
ex 9015 80 |
||||||||||||||||||||||
|
“Bogearraí’, cé is moite díobh sin a shonraítear in LCM nó i Rialachán (AE) 2021/821, a saindearadh le haghaidh earraí a rialaítear le 6A002 (10), 6A003 (11), agus radair, maighnéadaiméadair agus meá-mhéadair a áirítear i gCatagóir 6 den Rialachán seo, a “fhorbairt’, a “tháirgeadh” nó a “úsáid’. |
Ní bhaineann le hábhar |
Catagóir 7 – Loingseoireacht agus Eitleonaic
|
Tuairisc |
Cód CC/AC |
|
Córais Loingseoireachta Támhúla, Aonaid um Thomhas Támhúil (ATT), méadair luasghéaraithe nó gíreascóip, agus páirteanna díobh agus a ngabhálais |
ex 9014 20 ex 9014 80 ex 9014 90 |
|
Aeróga agus frithchaiteoirí aeróige le haghaidh “aerarthaí” nó córais treoraíochta, páirteanna atá oiriúnach le húsáid leo |
ex 8517 71 ex 8529 10 |
|
Trealamh “córas loingseoireachta satailíte”, lena n-áirítear aeróga agus antennae atá oiriúnach chun comharthaí GNSS (comharthaí an chórais dhomhanda um loingseoireacht satailíte) a ghlacadh, agus páirteanna de |
ex 8526 91 ex 8529 90 ex 8526 10 ex 8526 92 ex 8517 71 ex 8529 10 |
|
Taifeadáin sonraí eitilte dhigiteacha |
8543 70 04 |
|
Gléasra cúnta radaloingseoireachta le haghaidh “aerárthaí” agus comhpháirteanna saindeartha díobh |
ex 8526 91 ex 8529 90 |
|
Aonaid rialaithe eitilte le haghaidh “Aerfheithiclí gan Foireann” (“UAVanna”), agus páirteanna díobh |
ex 8537 10 ex 8807 30 |
|
Aonaid chianrialaithe le haghaidh “Aerfheithiclí gan Foireann” (“UAVanna”), agus páirteanna díobh |
ex 8517 61 ex 8526 92 ex 8537 10 ex 8543 70 90 ex 8807 30 |
Catagóir 9 – Aerspás agus tiomáint
|
Tuairisc |
Cód CC/AC |
||||||||||||||||||||||
|
“Aerfheithiclí gan Foireann” (“UAVanna”) cé is moite díobh sin a dearadh chun paisinéirí a iompar, agus páirteanna díobh |
8806 21 8806 22 8806 23 8806 24 8806 29 8806 91 8806 92 8806 93 8806 94 8806 99 ex 8807 30 |
||||||||||||||||||||||
|
Aerinnill ghástuirbín (innill turba-liáin, turba-scairde agus turba-fean) le haghaidh “aerárthaí”, agus comhpháirteanna saindeartha díobh |
ex 8411 11 ex 8411 12 ex 8411 21 ex 8411 22 ex 8411 91 |
||||||||||||||||||||||
|
Innill loiní dócháin inmheánaigh fhrithingeacha spréachadhainte nó innill loiní dócháin inmheánaigh rothlacha le haghaidh “aerárthaí” |
8407 10 |
||||||||||||||||||||||
|
Páirteanna atá oiriúnach lena n-úsáid le hinnill loiní dócháin inmheánaigh le haghaidh “aerárthaí” amháin nó leis na hinnill sin go príomha |
8409 10 |
||||||||||||||||||||||
|
Innill loiní dócháin inmheánaigh adhainte comhbhrú le haghaidh “aerárthaí” |
ex 8408 90 |
||||||||||||||||||||||
|
Seirbheamótar i gcomhair “Aerfheithiclí gan Foireann” (“UAVanna”) |
ex 8501 ex 8807 30 |
||||||||||||||||||||||
|
Córais lainseála le haghaidh “UAVanna”, agus páirteanna díobh |
ex 8805 10 ex 8807 30 |
||||||||||||||||||||||
|
Trealamh tacaíochta ar talamh i gcomhair “UAVanna” |
ex 8805 10 |
||||||||||||||||||||||
|
Trealamh tástala le haghaidh aeraspáis agus tiomána, agus comhpháirteanna saindeartha lena n-aghaidh, cé is moite díobh sin a shonraítear in LCM nó i Rialachán (AE) 2021/821. Tabhair faoi deara: áirítear leis an rialú seo na hítimí seo a leanas, agus na “bogearraí” a bhaineann leo:
|
ex 9031 20 ex 9031 80 |
||||||||||||||||||||||
|
Córais “foirceannadh eitilte” agus comhpháirteanna saindeartha. Tabhair faoi deara: cumhdaítear leis an rialú seo caighdeáin chumarsáide dhigiteacha agus analógacha le haghaidh Córais Foirceanta Eitilte, lena n-áirítear modhanna oibríochtúla criptithe. Nótaí teicniúla:
|
ex 8526 92 ex 8529 90 |
Catagóir 10 – Teicneolaíocht
“Teicneolaíocht’, atá deartha nó oiriúnaithe go sonrach chun trealamh a liostaítear san Iarscríbhinn seo a thástáil, a fhorbairt nó a tháirgeadh
“Teicneolaíocht” le haghaidh meaisín-uirlisí a rialaítear san Iarscríbhinn seo a “úsáid”.’.
(1) Tagairt: Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/821
(2) Tagairt: Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/821
(3) Tagairt: Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/821
(4) Tagairt: Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/821
(5) Tagairt d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 267/2012
(6) Tagairt d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 267/2012
(7) Tagairt: Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/821
(8) Tagairt: Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/821
(9) Tagairt: Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/821
(10) Tagairt: Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/821
(11) Tagairt: Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/821
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2026/271/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)