An Bhruiséil,24.5.2023

COM(2023) 267 final

2023/0162(NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME ÓN gCOMHAIRLE

lena n‑údaraítear don Pholainn rátaí laghdaithe dleachta máil a chur i bhfeidhm maidir le hola bhreosla throm, gás nádúrtha, gual agus cóc, a úsáidtear mar bhreoslaí téimh, i gcomhréir le hAirteagal 19 de Threoir 2003/96/CE


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

•Forais agus cuspóirí an togra

Déantar cánachas ar tháirgí fuinnimh agus ar leictreachas san Aontas Eorpach a rialáil le Treoir 2003/96/CE ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 2003 lena ndéantar athstruchtúrú ar an gcreat Comhphobail le haghaidh cáin a ghearradh ar tháirgí fuinnimh agus ar leictreachas 1 (an ‘Treoir maidir le Cánachas Fuinnimh’ nó an ‘Treoir’).

De bhun Airteagal 19(1) den Treoir, sa bhreis ar na forálacha a leagtar síos in Airteagail 5, 15 agus 17 di go háirithe, féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d’aon toil ar thogra ón gCoimisiún, aon Bhallstát a údarú chun díolúintí nó laghduithe sa bhreis ó thaobh leibhéal an chánachais a thabhairt isteach i gcomhair breithnithe sonracha beartais.

Tá údarú á lorg ag an bPolainn chun laghdú sealadach a chur i bhfeidhm ar na rátaí cánach náisiúnta le haghaidh ola bhreosla throm, gás nádúrtha, gual agus cóc, a úsáidtear mar bhreoslaí téimh, chun iad a chur faoi bhun na n‑íosleibhéal cánachais a leagtar síos in Airteagal 9 den Treoir agus i dTábla C d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir.

Tá an tréimhse bhailíochta a iarradh teoranta do 6 mhí agus tá sí laistigh den tréimhse uasta a cheadaítear le hAirteagal 19(2) den Treoir maidir le Cánachas Fuinnimh.

Le litir dar dáta an 3 Eanáir 2023, chuir údaráis na Polainne an Coimisiún ar an eolas go bhfuil sé ar intinn acu an beart sealadach sin a chur i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2023 go dtí an 30 Meitheamh 2023. Chuir údaráis na Polainne faisnéis bhreise ar fáil an 15 Feabhra 2023.

Baineann an iarraidh ar mhaolú le cur i bhfeidhm rátaí cánachais laghdaithe ar ola bhreosla throm, ar ghás nádúrtha, ar ghual agus ar chóc, a úsáidtear mar bhreoslaí téimh, i gcomhréir le hAirteagal 19 de Threoir 2003/96/CE. Is fadhb thromchúiseach do shochaí na Polainne í an staid shóisialta agus eacnamaíoch arb é boilsciú ard agus an t‑ardú ar phraghsanna táirgí fuinnimh is cúis léi. An tráth céanna, le rialacha Threoir 2003/96/CE maidir le hathbhreithniú bliantúil ar rátaí cánach náisiúnta arna sloinneadh in airgeadraí náisiúnta seachas an euro, cheanglófaí ar an bPolainn a rátaí cánach náisiúnta a mhéadú le haghaidh na dtáirgí atá i gceist.

Maidir leis an nuashonrú bliantúil ar na rátaí íosta arna sloinneadh in airgeadraí náisiúnta le haghaidh Ballstáit nár ghlac an euro, nuashonrú a éilítear ar bhonn Airteagal 13 den Treoir, in éineacht leis an ráta malairte neamhfhabhrach idir an euro agus an zloty (EUR/PLN), atá ard ar bhonn sealadach, agus a dhéanfar ar an gcéad lá oibre de mhí Dheireadh Fómhair 2022, chuir údaráis na Polainne in iúl go n‑éileofaí leis an nuashonrú sin méadú ar na leibhéil chánachais is infheidhme maidir leis na táirgí lena mbaineann 2 .

Cé go bhfuil ráta malairte an zloty tar éis filleadh ar leibhéal níos fabhraí ó shin i leith, ní chuirtear an méid sin san áireamh i nós imeachta Airteagal 13, agus dá bhrí sin is é maolú a iarraidh an t‑aon bhealach amháin a bheadh ann don Pholainn chun leibhéil leanúnacha chánachais a choinneáil ar na táirgí fuinnimh lena mbaineann. Gan an maolú sin, bheadh sé riachtanach na leibhéil chánachais is infheidhme maidir leis na táirgí sin a mhéadú.

Is é is cuspóir d’iarraidh na Polainne maolú a dhéanamh ar an tionchar diúltach a d’fhéadfadh teacht as méadú den sórt sin trí na rátaí cánach náisiúnta ábhartha a choinneáil ar a leibhéil reatha, faoi bhun na n‑íosleibhéal ábhartha cánachais a leagtar síos sa Treoir. Bheadh sé sin ag freagairt do laghdú ar na rátaí cánach náisiúnta arna sloinneadh in euro i gcomparáid leis na rátaí íosta, a eascraíonn as an difríocht sa ráta malairte tar éis an choigeartaithe bhliantúil a dhéantar i gcomhréir le hAirteagal 13 den Treoir. Chuirfí an neamh‑innéacsú sin ar rátaí náisiúnta i bhfeidhm freisin maidir le táirgí fuinnimh eile atá beartaithe chun críoch téimh de réir bhrí Airteagal 2(3) den Treoir chéanna.

Leag an Pholainn béim ar an tábhacht a bhaineann le maolú den sórt sin mar gheall ar thionchar diúltach an mhéadaithe mhóir ar phraghas an fhuinnimh, atá ar cheann de na hiarmhairtí a bhaineann le hionradh na Rúise ar an Úcráin. Mar aon leis an mboilsciú ar luas, chuir údaráis na Polainne i bhfios go láidir go mbíonn tionchar díreach ag an staid sin ar theaghlaigh agus ar chuideachtaí araon. I ndáil leis sin, shonraigh an Pholainn go mbeadh laghdú ar an ráta dleachta máil ar fáil do gach tomhaltóir a cheannódh na breoslaí téimh a chumhdaítear leis an iarraidh ar mhaolú 3 .

De réir na faisnéise atá sna cairteacha thíos a chuir údaráis na Polainne ar fáil, tháinig méadú suntasach in 2022 ar phraghsanna na dtáirgí fuinnimh a chumhdaítear leis an iarraidh ar mhaolú.

Cairt 1 — Meánphraghas ar ghás nádúrtha (2020-2023) 4

Cairt 2 — Spotphraghas an ghuail in USD (2020-2022) 5

Dar le húdaráis na Polainne, léiríonn na cairteacha thuas na treochtaí i bpraghsanna stairiúla guail agus gáis sna margaí mórdhíola ábhartha, lena n‑áirítear an méadú ar phraghsanna in 2022 de thoradh éifeachtaí fhogha na Rúise faoin Úcráin.

Cairt 3 — Praghsanna mórdhíola le haghaidh ola bhreosla throm 6

I dteannta sonraí maidir le praghsanna fuinnimh, chuir údaráis na Polainne an tábla thíos ar fáil freisin ina ndéantar comparáid idir na híosleibhéil chánachais mar is infheidhme faoin Treoir maidir le gach táirge fuinnimh a chumhdaítear lena n‑iarraidh, mar aon leis na rátaí comhfhreagracha atá i bhfeidhm faoi láthair sa Pholainn (Eanáir 2023). Chuir siad i bhfios go láidir go bhfuil feidhm, gan idirdhealú, ag na rátaí dleachta máil ar bhreoslaí téimh maidir le teaghlaigh aonair agus custaiméirí tráchtála araon.

Táirge fuinnimh

Íosrátaí an Aontais (EUR)

EUR/PLN (2023)

Íosrátaí an Aontais in 2023 (PLN)

Dleacht mháil in 2022

(PLN)

Dleacht mháil in 2023 gan an ráta dleachta máil a athrú

(EUR)

An difríocht idir íosrátaí an Aontais agus an cánachas iarbhír (PLN)

An difríocht idir íosrátaí an Aontais agus an cánachas iarbhír (EUR)

Athrú ar íosrátaí an Aontais i ndáil le cánachas iarbhír

(%)

Ola bhreosla throm (in PLN in aghaidh 1 000 kg)

15

4.832

72.48

69

14.2798

3.48

0.72

5.04

Gás nádúrtha

(in PLN ina aghaidh an ghigigiúil d’oll-luach calrach)

0.3

4.832

1.45

1.38

0.2856

0.07

0.01

5.04

Gual agus cóc (in PLN in aghaidh an ghigigiúil d’oll-luach calrach)

0.3

4.832

1.45

1.38

0.2856

0.07

0.01

5.04

Táirgí fuinnimh a chumhdaítear leis an iarraidh

Íosleibhéil chánachais an Aontais Eorpaigh

(in euro)

Ráta dleachta máil

(in zloty na Polainne)

Ráta cánach arna bhunú ar mheánráta malairte míosúil EUR/PLN in Eanáir 2022

Ráta

2023

Gual agus cóc

(in aghaidh an ghigigiúil d’oll-luach calrach)

0.3

1.38

0.3 * 4.55 ≈ 1.37

Níl aon athrú ag teastáil

Gás nádúrtha

(in aghaidh an ghigigiúil d’oll-luach calrach)

0.3

1.38

0.3 * 4.55 ≈ 1.37

Níl aon athrú ag teastáil

Ola bhreosla throm (in aghaidh an 1 000 kg)

15

69

15 * 4.55 ≈ 68

Níl aon athrú ag teastáil

Ina theannta sin, sheol údaráis na Polainne faisnéis ábhartha maidir le luachanna réamh‑mheasta na mbuntáscairí maicreacnamaíocha le haghaidh na mblianta 2021-2026 8 . Léirítear leo sin gurb é PLN 4.6470 in aghaidh an euro (meán) an ráta malairte EUR/PLN réamh‑mheasta in 2023. Dá bhrí sin, de réir a meastacháin, ba cheart glacadh le dáileadh míosúil ar an méid réamhaisnéise, i.e. PLN 4.6470, go dtí deireadh 2023.

Mheas údaráis na Polainne gur dheacair a mheas cén tionchar a bheadh ar an mbuiséad ag an athrú ar na rátaí dleachta máil ar na táirgí fuinnimh a chumhdaítear ar an mbuiséad a mheas. Mar sin féin, dhearbhaigh siad nár cheart go mbeadh tionchar suntasach aige ar ioncaim bhuiséadacha ó tharla gur mioncheartú é an ceartú ar na rátaí, go háirithe ós rud é go ngineann praghsanna arda iompróirí fuinnimh ioncam buiséid níos airde ó CBL 9 .

Meastar gurb é PLN 9.2 milliún méid na n‑impleachtaí buiséadacha don tréimhse a chumhdaítear leis an iarraidh ar mhaolú. Sa tábla thíos, a sholáthair údaráis na Polainne, cuirtear i láthair i ndáil leis sin na himpleachtaí buiséadacha do gach ceann de na táirgí fuinnimh lena mbaineann.

Táirge fuinnimh

Impleachtaí buiséadacha don chéad leath de 2023

(milliún PLN)

Ola bhreosla throm agus breoslaí eile a úsáidtear le haghaidh téimh

2.4

Gás nádúrtha agus breoslaí gáis eile a úsáidtear le haghaidh téimh

4.8

Gual agus cóc

2.0

Tagann an laghdú cánach sealadach atá beartaithe ag údaráis na Polainne faoi na híosleibhéil ábhartha chánachais mar a leagtar síos sa Treoir.

Ní dhéanann an togra reatha seo difear d’aon mheasúnú ar bheart na Polainne faoi na rialacha maidir leis an státchabhair. Thairis sin, ní dhéanann an togra le haghaidh Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle réamhbhreith ar oibleagáid an Bhallstáit comhlíonadh na rialacha maidir leis an státchabhair a áirithiú.

•Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Ní mór don Choimisiún gach iarraidh ar mhaolú faoi Airteagal 19 den Treoir maidir le Cánachas Fuinnimh a scrúdú agus an méid seo a leanas á chur san áireamh: (i) feidhmiú cuí an mhargaidh aonair; (ii) an gá atá ann iomaíocht chóir a áirithiú; agus (iii) beartais an Aontais maidir le sláinte, comhshaol, fuinneamh agus iompar.

Dar le húdaráis na Polainne, is é is cuspóir don laghdú cánach sin an t‑ualach sóisialta agus eacnamaíoch a bheadh ar dhaonra na Polainne a mhaolú go páirteach i gcás méadú cánach mar gheall ar an ráta malairte neamhfhabhrach idir an euro agus an zloty, mar aon le boilsciú ar luas a dhéanann difear do theaghlaigh agus do ghnólachtaí araon, mar gheall i bpáirt ar an méadú a bhí ann le déanaí ar phraghsanna mar thoradh ar an gcoinbhleacht san Úcráin.

De thoradh na staide sin, ní dócha go ndéanfaidh an laghdú sealadach difear do thrádáil laistigh den Aontas. I bhfianaise na n‑éifeachtaí teoranta agus na tréimhse a bhaineann leis, níor cheart saobhadh iomaíochta ná bac ar fheidhmiú an mhargaidh aonair a bheith mar thoradh ar an mbeart.

Mar a cuireadh i dtábhacht i dTeachtaireacht RePowerEU 11 , agus béim á cur ar theaghlaigh agus ar ghnólachtaí leochaileacha, iarrann an Coimisiún ar na Ballstáit bearta a ghlacadh lena spreagtar coigilteas fuinnimh agus lena laghdaítear ídiú breoslaí iontaise. Mar sin féin, i bhfianaise a ghiorra atá sé agus na n‑imthosca eisceachtúla reatha atá nasctha leis an staid gheopholaitiúil, dealraíonn sé go bhfuil an maolú a iarradh iomchuí agus comhréireach. Leis an mbeart, cuirtear san áireamh freisin an gá atá leis na cuspóirí sonracha beartais a liostaítear in Airteagal 19 den Treoir maidir le Cánachas Fuinnimh, agus go háirithe beartas comhshaoil an Aontais, a chothromú leis an ngá chun inacmhainneacht fuinnimh a áirithiú do ghnólachtaí agus do theaghlaigh.

Sna himthosca sin agus ós rud é go bhfuil an beart sealadach agus teoranta ó thaobh raon feidhme de, dealraíonn sé gurb iomchuí an t‑údarú a dheonú mar a iarradh.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

•Bunús dlí

Airteagal 19 de Threoir 2003/96/CE ón gComhairle.

•Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)

Níl réimse an chánachais indírigh a chumhdaítear le hAirteagal 113 CFAE ann féin faoi inniúlacht eisiach an Aontais Eorpaigh de réir bhrí Airteagal 3 CFAE.

Os a choinne sin, faoi Airteagal 19 de Threoir 2003/96/CE, tugadh inniúlacht eisiach don Chomhairle, mar ábhar dlí thánaistigh, chun a údarú do Bhallstát díolúintí nó laghduithe sa bhreis a thabhairt isteach de réir bhrí na forála sin. Dá bhrí sin, ní féidir leis na Ballstáit iad féin a chur in ionad na Comhairle. Mar thoradh air sin, níl prionsabal na coimhdeachta infheidhme maidir leis an gcinneadh cur chun feidhme seo. In aon chás, ó tharla nach dréachtghníomh reachtach an gníomh seo, níor cheart é a chur chuig parlaimintí náisiúnta de bhun Phrótacal Uimh. 2 a ghabhann leis na Conarthaí lena athbhreithniú maidir lena chomhlíontacht le prionsabal na coimhdeachta.

•Comhréireacht

Leis an togra seo urramaítear prionsabal na comhréireachta.

Ní théann na laghduithe thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir atá i gceist a bhaint amach.

Tá na laghduithe cánach infheidhme le linn tréimhse teoranta 6 mhí.

•An rogha ionstraime

Cinneadh cur chun feidhme ón gComhairle atá san ionstraim atá beartaithe.

Ní dhéanann Airteagal 19 de Threoir 2003/96/CE foráil ach maidir leis an gcineál sin birt.

3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

•Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Ní cheanglaítear leis an mbeart aon mheastóireacht a dhéanamh ar an reachtaíocht atá ann faoi láthair.

•Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Tá an togra seo bunaithe ar iarraidh a rinne an Pholainn agus is leis an mBallstát sin amháin a bhaineann sé.

•Bailiú agus úsáid saineolais

Ní raibh aon ghá le saineolas seachtrach.

•Measúnú tionchair

Baineann an togra le húdarú a thabhairt do Bhallstát aonair ar a iarraidh féin agus ní cheanglaítear leis measúnú tionchair a dhéanamh.

•Oiriúnacht rialála agus simpliú

Ní dhéanann an beart foráil maidir le haon simpliú.

Is é is toradh ar an iarraidh a rinne an Pholainn agus baineann sé leis an mBallstát sin amháin.

•Cearta bunúsacha

Níl aon tionchar ag an mbeart ar chearta bunúsacha.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Ní chuireann an beart seo aon ualach airgeadais ná riaracháin ar an Aontas Eorpach. Dá bhrí sin, ní bheidh aon tionchar ag an togra ar bhuiséad an Aontais.

5.EILIMINTÍ EILE

•Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Níl aon ghá le plean cur chun feidhme. Baineann an togra le húdarú maidir le laghdú cánach le haghaidh Ballstát aonair ar a iarraidh féin. Soláthraítear é le haghaidh tréimhse theoranta 6 mhí.

Beidh na rátaí cánach is infheidhme faoi bhun na n‑íosleibhéal cánachais a leagtar síos sa Treoir maidir le Cánachas Fuinnimh.

Is féidir meastóireacht a dhéanamh ar an mbeart má bhíonn iarraidh ar athnuachan ann tar éis dhul in éag na tréimhse bailíochta.

•Doiciméid mhíniúcháin (i gcás treoracha)

Ní cheanglaítear leis an togra aon doiciméad míniúcháin a bheith ann maidir leis an trasuí.

•Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Sonraítear in Airteagal 1 go mbeidh cead ag an bPolainn rátaí cánachais laghdaithe a chur i bhfeidhm maidir le hola bhreosla throm, gás nádúrtha, gual agus cóc, a úsáidtear mar bhreoslaí téimh, faoi bhun na n‑íosleibhéal cánachais.

Sonraítear in Airteagal 2 go ndeonaítear an t‑údarú a iarradh go ceann 6 mhí, mar a d’iarr an Pholainn, laistigh den uastréimhse 6 bliana a cheadaítear leis an Treoir.

2023/0162 (NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME ÓN gCOMHAIRLE

lena n‑údaraítear don Pholainn rátaí laghdaithe dleachta máil a chur i bhfeidhm maidir le hola bhreosla throm, gás nádúrtha, gual agus cóc, a úsáidtear mar bhreoslaí téimh, i gcomhréir le hAirteagal 19 de Threoir 2003/96/CE

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir 2003/96/CE ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 2003 lena ndéantar athstruchtúrú ar chreat an Comhphobail le haghaidh cáin a ghearradh ar tháirgí fuinnimh agus ar leictreachas 12 , agus go háirithe Airteagal 19 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Le litir dar dáta an 3 Eanáir 2023, d’iarr an Pholainn údarú chun rátaí laghdaithe dleachta máil a chur i bhfeidhm maidir le hola bhreosla throm, gás nádúrtha, gual agus cóc, a úsáidtear mar bhreoslaí téimh, i gcomhréir le hAirteagal 19 de Threoir 2003/96/CE. Sholáthair údaráis na Polainne faisnéis bhreise agus soiléirithe breise chun tacú leis an iarraidh an 15 Feabhra 2023. Deonaíodh an t‑údarú le haghaidh tréimhse 6 mhí, ón 1 Eanáir 2023 go dtí an 30 Meitheamh 2023.

(2)Dar le húdaráis na Polainne, is é is aidhm do chur i bhfeidhm ráta laghdaithe cánach maolú a dhéanamh ar an tionchar diúltach a bheadh ann mar thoradh ar mhéadú ar an leibhéal cánachais mar gheall ar ráta malairte ard neamhfhabhrach idir an euro agus an zloty i gcomhréir le hAirteagal 13 den Treoir. Bheadh an laghdú sin ag freagairt don mhéid a d’eascródh as an difríocht sa ráta malairte tar éis an choigeartaithe bhliantúil arna dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 13 den Treoir. D’fhágfadh an laghdú sin go mbeadh an ráta cánach is infheidhme faoi bhun na n‑íosleibhéal ábhartha cánachais dá dtagraítear in Airteagal 9 den Treoir.

(3)Ní dócha go ndéanfaidh an t‑údarú a iarradh saobhadh ar iomaíocht ná go gcuirfidh sé bac ar fheidhmiú cuí an mhargaidh aonair. I bhfianaise a ghiorra atá sé agus na n‑imthosca eisceachtúla atá nasctha leis an staid gheopholaitiúil, meastar go bhfuil an t‑údarú a iarradh iomchuí agus comhréireach. Leis an údarú, déantar na cuspóirí sonracha beartais dá dtagraítear in Airteagal 19(1) de Threoir 2003/96/CE, agus go háirithe beartas comhshaoil an Aontais, a chothromú leis an ngá atá ann inacmhainneacht fuinnimh a áirithiú do ghnólachtaí agus do theaghlaigh. Dhéanfadh an laghdú cánach na costais mhéadaithe fuinnimh a fhritháireamh go páirteach agus ní laghdú é atá i gcarnacht le laghduithe cánach de chineál ar bith eile.

(4)Ba cheart a údarú don Pholainn, dá réir sin, rátaí laghdaithe dleachta máil a chur i bhfeidhm maidir le hola bhreosla throm, gás nádúrtha, gual agus cóc, a úsáidtear mar bhreoslaí téimh, mar a iarradh.

(5)I gcomhréir le hAirteagal 19(2) de Threoir 2003/96/CE, tá gach údarú a dheonaítear faoin bhforáil sin le bheith teoranta go docht ó thaobh ama de. Mar sin féin, chun nach ndéanfar dochar d’fhorbairtí ginearálta a dhéanfar amach anseo ar an gcreat dlíthiúil atá ann cheana, is iomchuí a fhoráil gur cheart, i gcás ina ndéanfadh an Chomhairle, ag gníomhú di ar bhonn Airteagal 113 nó ar bhonn aon fhoráil ábhartha eile den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, córas modhnaithe ginearálta a thabhairt isteach chun cáin a ghearradh ar tháirgí fuinnimh agus ar leictreachas nach ndéanfaí an t‑údarú a oiriúnú ina leith, scoirfeadh an t‑údarú sin d’fheidhm a bheith aige an lá a thiocfaidh na rialacha ginearálta sin chun bheith infheidhme.

(6)Chun a áirithiú go rachfar i ngleic go rianúil leis na héifeachtaí díobhálacha do thomhaltóirí táirgí fuinnimh, ba cheart a áirithiú go bhféadfaidh an Pholainn an laghdú cánach a chur i bhfeidhm, mar a iarradh, le héifeacht ón 1 Eanáir 2023.

(7)Tá an Cinneadh seo gan dochar do chur i bhfeidhm rialacha an Aontais maidir le Státchabhair,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Údaraítear don Pholainn rátaí laghdaithe dleachta máil a chur i bhfeidhm maidir le hola bhreosla throm, gás nádúrtha, gual agus cóc, a úsáidtear mar bhreoslaí téimh, faoi bhun na n‑íosleibhéal cánachais dá dtagraítear in Airteagal 9 de Threoir 2003/96/CE.

Airteagal 2

Beidh feidhm ag an gCinneadh seo ón 1 Eanáir 2023 go dtí an 30 Meitheamh 2023.

Mar sin féin, dá ndéanfadh an Chomhairle, ag gníomhú di ar bhonn Airteagal 113 nó aon fhoráil ábhartha eile den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, córas modhnaithe ginearálta a thabhairt isteach lena ngearrfaí cáin ar tháirgí fuinnimh agus ar leictreachas nach ndéanfaí an t‑údarú a deonaíodh in Airteagal 1 den Chinneadh seo a oiriúnú ina leith, rachadh an Cinneadh seo in éag an lá a thiocfaidh an córas sin chun bheith infheidhme.

Airteagal 3

Is chuig Poblacht na Polainne a dhírítear an Cinneadh seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    IO L 283, 31.10.2003, lgh. 51–70.
(2)    In 2023, tá feidhm ag ráta malairte PLN 4.8320 in aghaidh an euro chun críoch dleachta máil (in 2022, bhí sé sin coibhéiseach le PLN 4.5826 in aghaidh an euro).
(3)    De réir na meastachán náisiúnta, is é thart ar 6 600 cáiníocóir an ríomh a rinneadh mar líon na dtairbhithe sa Pholainn, fiontraithe den chuid is mó (ar cáiníocóirí iad 6 200 díobh a thíolacann dearbhuithe maidir le táirgí guail).
(4)    Sonraí maidir le gás nádúrtha ar Mhalartán Cumhachta na Polainne.
(5)    Sonraí guail arna mbunú ar mhargaí ARA Amstardam-Rotterdam-Antuairp agus Richards Bay (an Afraic Theas).
(6)    Arna mbunú ar shonraí maidir le praghsanna mórdhíola ORLEN.
(7)    Ar an gcéad lá oibre de mhí Dheireadh Fómhair 2022, ba é an luach sin an luach ab airde le linn na bliana 2022 agus ba é a bhí ann PLN 4.832 in aghaidh an euro.
(8)    Bunaithe ar phraghsanna laethúla fuinnimh ar Mhalartán Cumhachta na Polainne. Praghsanna arna sloinneadh in PLN/MWh; Praghsanna lá roimh ré TGeBase.
(9)    De réir a meastachán, i gcás faighteoirí nach dtairbhíonn de dhíolúintí ó cháin mháil (tá díolúine ó dhleacht máil ag an gcuid is mó de na heintitis a úsáideann gual agus gás nádúrtha chun críoch téimh i gcomhréir le hAirteagal 15(1)(h) den Treoir, e.g. teaghlaigh nó gnólachtaí dianfhuinnimh), ciallaíonn an t‑athrú go mbeidh méadú ann ar chostais: i gcás ola bhreosla throm, méadú thart ar 0.4 PLN/kg (thart ar 0.5 PLN/kg le CBL), i gcás guail, méadú thart ar 1.67 PLN/tona (2 PLN/tona le CBL), agus i gcás grúpa E gás nádúrtha ard-mheatáin, meadú thart ar 0.2 PLN/méadar ciúbach (0.27 PLN/kg/m3 lena n‑áirítear CBL).
(10)    Togra le haghaidh Treoir ón gComhairle lena ndéantar athstruchtúrú ar chreat an Aontais le haghaidh cáin a ghearradh ar tháirgí fuinnimh agus ar leictreachas (athmhúnlú), 14.7.2021, 563 final 2021/0213 (CNS).
(11)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal REPowerEU: Gníomhaíocht Chomhpháirteach Eorpach ar mhaithe le fuinneamh níos inacmhainne, níos sláine agus níos inbhuanaithe (COM(2022) 108 final, 8.3.2022).
(12)    IO L 283, 31.10.2003, lch. 51.