AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,6.5.2022
COM(2022) 214 final
2022/0152(NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis an seasamh a ghlacfar thar ceann an Aontais Eorpaigh ag an gcúigiú seisiún is seachtó den Chomhthionól Domhanda Sláinte maidir le leasuithe áirithe ar na Rialacháin Sláinte Idirnáisiúnta (2005)
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.Ábhar an togra
Baineann an togra seo leis an gcinneadh lena mbunaítear an seasamh a ghlacfar thar ceann an Aontais ag an 75ú seisiún den Chomhthionól Domhanda Sláinte maidir leis an gcinneadh a bheartaítear a ghlacadh maidir le leasú ar Airteagal 59 de na Rialacháin Sláinte Idirnáisiúnta (‘IHR’) (2005). Cumhdaítear freisin leis an gcinneadh, a n‑iarrtar ar an gComhthionól Domhanda Sláinte é a ghlacadh, leasuithe gaolmhara ar Airteagal 55(3), Airteagail 61, 62 agus 63(1) de IHR (2005), a bhfuil gá leo chun na hairteagail sin a chur i gcomhréir leis na leasuithe atá beartaithe ar Airteagal 59.
2.Comhthéacs an togra
2.1.An Eagraíocht Dhomhanda Sláinte
Bunaíodh an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDS) ina sainghníomhaireacht sláinte de chuid na Náisiún Aontaithe i gcomhréir le téarmaí Airteagal 57 de Chairt na Náisiún Aontaithe. Tháinig Bunreacht na hEagraíochta Domhanda Sláinte i bhfeidhm an 7 Aibreán 1948 agus sainítear príomhchuspóir na heagraíochta ann ‘an leibhéal sláinte is airde is féidir a chinntiú do gach pobal’.
Tá stádas breathnóra ag an Aontas Eorpach (‘an tAontas’) laistigh de EDS. Bunaíodh an stádas sin trí mhalartú litreacha a foilsíodh san Iris Oifigiúil an 4 Eanáir 2001. Áiríodh ar an malartú ‘Memorandum concerning the framework and arrangements for cooperation between the World Health Organization and the Commission of the European Communities’ [Meabhrán maidir leis an gcreat agus na socruithe le haghaidh comhar idir an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte agus Coimisiún na gComhphobal Eorpach]. Tá Ballstáit uile an Aontais ina gcomhaltaí de EDS.
2.2.An Comhthionól Domhanda Sláinte
Is é an Comhthionól Domhanda Sláinte príomhchomhlacht rialaithe EDS. Tionóltar é go bliantúil sa Ghinéiv, an Eilvéis. Tionólfar an cúigiú seisiún is seachtó den Chomhthionól Domhanda Sláinte ón 22 go dtí an 28 Bealtaine 2022.
De réir Airteagal 59 de Bhunreacht EDS, tá vóta amháin ag gach Comhalta de EDS sa Chomhthionól Domhanda Sláinte. Is trí thromlach na gcomhaltaí de EDS atá i láthair agus a vótálann a dhéantar cinntí, ach amháin i líon beag cásanna mar a leagtar amach in Airteagal 60 den Bhunreacht EDS, lena sonraítear go bhfuil gá le tromlach dhá thrian. Go praiticiúil, déantar gach iarracht teacht ar chomhaontú trí chomhthoil. Níl aon cheart vótála ag an Aontas.
Faoi Airteagal 21 de Bhunreacht EDS, tá sé d’údarás ag an gComhthionól Domhanda Sláinte rialacháin a ghlacadh maidir le, inter alia, ceanglais sláintíochta agus coraintín agus nósanna imeachta eile a cheapfar chun leathadh idirnáisiúnta galar a chosc.
2.3.An IHR (2005) agus an t‑athbhreithniú atá beartaithe trí leasuithe a d’fhéadfadh a bheith ann
Ghlac an Comhthionól Domhanda Sláinte IHR in 1969, tar éis dó na Rialacháin Sláintíochta Idirnáisiúnta a glacadh in 1951. Rinneadh Rialacháin 1969, lenar cumhdaíodh sé ‘ghalar a éilíonn coraintín’ ar dtús, a leasú in 1973 agus in 1981, go príomha chun líon na ngalar clúdaithe a laghdú ó shé cinn go trí cinn (an fiabhras buí, an phlá agus an calar) agus chun díothú domhanda na bolgaí a chomóradh.
Tar éis do ghéarshiondróm trom riospráide teacht chun cinn, tháinig comhdhearcadh chun cinn maidir leis an ngá athbhreithniú a dhéanamh ar IHR. An 23 Bealtaine 2005 ghlac an Comhthionól Domhanda Sláinte IHR (2005). Tháinig siad i bhfeidhm an 15 Meitheamh 2007.
Le blianta beaga anuas, tar éis ráig Ebola ar dtús, agus ansin phaindéim COVID-19, chuir roinnt coistí agus painéil neamhspleácha athbhreithnithe in iúl gur gá cur chun feidhme, comhlíonadh agus nuachóiriú IHR (2005) a neartú.
Faoi Airteagal 55 de IHR (2005), féadfaidh aon Stát is Páirtí nó Ard‑Stiúrthóir EDS leasuithe ar na Rialacháin a mholadh agus cuirfear faoi bhráid an Chomhthionól Domhanda Sláinte iad lena mbreithniú. Déanfaidh an tArd‑Stiúrthóir téacs aon leasaithe a mholtar a chur in iúl do gach Stát is Páirtí ceithre mhí ar a laghad roimh an gComhthionól Domhanda Sláinte a mbeartaítear é a bhreithniú ann.
An 20 Eanáir 2022, chuir Ard‑Stiúrthóir EDS in iúl do na Stáit is Páirtithe de IHR (2005) togra leasaitheach a chuir Stáit Aontaithe Mheiriceá ar aghaidh de bhun Airteagal 55(1) de IHR (2005). Baineann an togra le leasuithe ar Airteagail 5, 6, 9, 10, 11, 12, 13, 15, 18, 48, 49, 53 agus 59 de IHR (2005).
An 26 Eanáir 2022, le glacadh Chinneadh EB150(3), ghríosaigh Bord Feidhmiúcháin EDS comhaltaí EDS agus, i gcás inarb infheidhme, eagraíochtaí réigiúnacha um chomhtháthú eacnamaíoch, amhail an tAontas, chun gach beart iomchuí a dhéanamh chun leasuithe a d’fhéadfaí a dhéanamh ar IHR (2005) a mheas.
An 3 Márta 2022, le glacadh Chinneadh 2022/451 ón gComhairle, d’údaraigh Comhairle an Aontais Eorpaigh tús a chur le caibidlíocht thar ceann an Aontais maidir le comhaontú idirnáisiúnta i ndáil le cosc, ullmhacht agus freagairt paindéime, chomh maith le leasuithe comhlántacha ar IHR (2005). Leis an gCinneadh sin, ceaptar an Coimisiún ina idirbheartaí thar ceann an Aontais maidir le saincheisteanna a thagann faoi inniúlacht an Aontais agus leagtar amach ann na treoracha caibidlíochta le haghaidh sheoladh na caibidlíochta.
Tar éis do na Stáit Aontaithe na leasuithe molta a chur isteach, rinneadh próiseas comhairliúcháin laistigh de EDS, go háirithe trí sheisiúin neamhfhoirmiúla caibidlíochta a tionóladh an 16 Márta, an 5 Aibreán agus an 3 Bealtaine 2022, ar ghlac an Coimisiún Eorpach páirt iontu agus é ina idirbheartaí thar ceann Aontais. Le linn na bpléití sin, tá comhdhearcadh tar éis teacht chun cinn i measc chomhaltaí EDS chun leanúint ar aghaidh leis na leasuithe ar Airteagal 59 de IHR (2005) a ghlacadh ag an gcúigiú seisiún is seachtó den Chomhthionól Domhanda Sláinte, a gcuirfear tús leis an 22 Bealtaine 2022. Maidir leis na leasuithe atá beartaithe ar Airteagal 59, is gá leasuithe teicniúla a dhéanamh freisin ar airteagail bhreise de IHR (2005), i.e. Airteagal 55(3), Airteagail 61, 62 agus 63(1), a bhfuil gá leo chun na hairteagail sin a chur i gcomhréir leis na leasuithe atá beartaithe ar Airteagal 59.
Maidir leis an gcaibidlíocht i ndáil leis na leasuithe eile a mhol na Stáit Aontaithe, agus maidir le haon tograí breise a dhéanfaí ina leith, ba cheart go leanfaí leo tar éis mhí na Bealtaine 2022, chun go bhféadfaí iad a ghlacadh ag an 76ú seisiún den Chomhthionól Domhanda Sláinte i mí na Bealtaine 2023.
2.4.An gníomh atá beartaithe ag an 75ú seisiún den Chomhthionól Domhanda Sláinte
I mí na Bealtaine 2022, le linn an 75ú seisiún dá chuid, táthar ag súil go nglacfaidh an Comhthionól Domhanda Sláinte cinneadh a bhaineann le leasú ar Airteagal 59 de IHR (2005). Is é is cuspóir do na leasuithe ar Airteagal 59 giorrú a dhéanamh ar an tréimhse is gá chun forálacha IHR (2005) a leasú, go háirithe tríd an tréimhse dá dteacht i bhfeidhm a laghdú ó cheithre mhí is fiche go dhá mhí dhéag.
D’fhágfadh sé sin go bhféadfaí IHR (2005) a leasú ar bhealach níos tapa amach anseo.
Leis an mír nua a tugadh isteach in Airteagal 59, lena bhforáiltear maidir le tréimhse chun leasú ar an IHR (2005) a dhiúltú nó maidir le forchoimeádas i ndáil leis an leasú sin, is gá leasuithe teicniúla a dhéanamh ar Airteagal 55(3), agus Airteagail 61, 62 agus 63(1), a bhfuil gá leo chun na hAirteagail sin a chur i gcomhréir leis na leasuithe atá beartaithe ar Airteagal 59.
Beidh an gníomh atá beartaithe ina cheangal ar na Stáit is páirtithe i gcomhréir le hAirteagal 55(3) de IHR (2005).
3.An seasamh a ghlacfar thar ceann an Aontais
Tacaíonn an tAontas leis na leasuithe atá beartaithe ar Airteagal 59 de IHR (2005), ar de chineál nós imeachta iad agus lena bhféadfaí IHR (2005) a leasú tuilleadh ar bhealach níos tapa chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais athraitheacha sna réimsí a chumhdaítear leo. Tacaíonn an tAontas freisin leis na leasuithe gaolmhara ar Airteagal 55(3), Airteagail 61, 62 agus 63(1) de IHR (2005), a bhfuil gá leo chun na hairteagail sin a chur i gcomhréir leis na leasuithe atá beartaithe ar Airteagal 59.
3.1.Bunús dlí nós imeachta
3.1.1.Prionsabail
Le hAirteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) déantar foráil maidir le cinntí lena mbunaítear ‘na seasaimh a ghlacfar thar ceann an Aontais i gcomhlacht arna chur ar bun le comhaontú nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin gníomhartha a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, seachas gníomhartha lena bhforlíonfar nó lena leasófar creat institiúideach an chomhaontaithe.’
Tá feidhm ag Airteagal 218(9) CFAE gan beann ar cé acu atá an tAontas ina chomhalta den chomhlacht nó ina pháirtí sa chomhaontú.
Áirítear leis an gcoincheap ‘gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo’ gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo de bhua rialacha an dlí idirnáisiúnta lena rialaítear an comhlacht atá i gceist. Áirítear air freisin ionstraimí nach bhfuil éifeacht cheangailteach leo faoin dlí idirnáisiúnta, ach ‘atá ar a gcumas tionchar cinntitheach a bheith acu ar ábhar na reachtaíochta a ghlacfaidh reachtas an Aontais Eorpaigh’.
3.1.2.Cur i bhfeidhm maidir leis an gcás seo
Is comhlacht é an Comhthionól Domhanda Sláinte a bunaíodh le comhaontú, eadhon Bunreacht na hEagraíochta Domhanda Sláinte, a síníodh i Nua-Eabhrac an 22 Iúil 1943.
Is gníomh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla aige atá sa chinneadh a bhaineann leis na leasuithe ar Airteagal 59 de IHR (2005), agus leis na leasuithe teicniúla teagmhasacha ar Airteagal 55(3), Airteagail 61, 62 agus 63(1) de, a iarrtar ar an gComhthionól Domhanda Sláinte a ghlacadh. I gcomhréir le hAirteagal 22 de Bhunreacht EDS, is ionstraim í IHR (2005) atá ceangailteach ó thaobh dlí faoin dlí idirnáisiúnta. An gníomh atá beartaithe ag an gComhthionól Domhanda Sláinte, gníomh a bhfuil sé d’aidhm aige IHR (2005) a leasú, beidh sé ina cheangal faoin dlí idirnáisiúnta ar gach Stát is Páirtí in EDS i gcomhréir le hAirteagal 55(3) de IHR (2005).
Leis an ngníomh atá beartaithe ní fhorlíonfar ná ní leasófar creat institiúideach IHR (2005).
Dá bhrí sin, is é Airteagal 218(9) CFAE an bunús dlí nós imeachta maidir leis an gcinneadh atá beartaithe.
3.2.Bunús dlí substainteach
3.2.1.Prionsabail
An bunús dlí substainteach le haghaidh cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE, braitheann sé go príomha ar chuspóir agus ábhar an ghnímh atá beartaithe ar ina leith a ghlactar seasamh thar ceann an Aontais. Má tá dhá aidhm ag an ngníomh atá beartaithe nó má tá dhá chomhpháirt ann agus más féidir ceann de na haidhmeanna nó de na comhpháirteanna sin a shainaithint mar phríomhaidhm nó mar phríomh‑chomhpháirt agus an ceann eile mar aidhm nó comhpháirt theagmhasach, ní mór an cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE a bhunú ar bhunús dlí substainteach aonair, is é sin an bunús dlí a éilítear de réir na príomhaidhme nó na príomh‑chomhpháirte.
3.2.2.Cur i bhfeidhm maidir leis an gcás seo
Is é is aidhm do phríomhchuspóir agus d’inneachar an ghnímh atá beartaithe nós imeachta leasaithe níos tapúla a thabhairt isteach do IHR (2005), lena bhféadfar an IHR (2005) a leasú de réir riachtanais athraitheacha ar bhealach níos tráthúla. Is iad cuspóir agus raon feidhme an IHR (2005) ‘leathadh idirnáisiúnta galar a chosc, cosaint a chur ar fáil ina choinne, an leathadh a rialú agus freagairt maidir leis an tsláinte phoiblí a sholáthar ina leith ar bhealaí atá i gcomhréir le rioscaí don tsláinte phoiblí agus teoranta do na rioscaí sin, agus a sheachnaíonn cur isteach neamhriachtanach ar thrácht agus ar thrádáil idirnáisiúnta.’
Dá bhrí sin, is é Airteagal 168(1), (3) agus (5) de CFAE bunús dlí substainteach an nós imeachta don chinneadh atáthar a bheartú.
3.3.Conclúid
Ba cheart Airteagal 168(1), (3) agus (5) de CFAE, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de CFAE, a bheith ina mbunús dlí don chinneadh atáthar a bheartú.
2022/0152 (NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis an seasamh a ghlacfar thar ceann an Aontais Eorpaigh ag an gcúigiú seisiún is seachtó den Chomhthionól Domhanda Sláinte maidir le leasuithe áirithe ar na Rialacháin Sláinte Idirnáisiúnta (2005)
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 168(1), (3) agus (5) i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)An 23 Bealtaine 2005 ghlac Comhthionól Domhanda Sláinte na hEagraíochta Domhanda Sláinte (‘EDS’) na Rialacháin Sláinte Idirnáisiúnta (‘IHR’) (2005) agus tháinig na rialacháin sin i bhfeidhm an 15 Meitheamh 2007.
(2)De bhun Airteagal 60(b) de Bhunreacht EDS, féadfaidh an Comhthionól Domhanda Sláinte cinntí a ghlacadh trí thromlach Chomhaltaí EDS atá i láthair agus a vótálann.
(3)Le linn an 75ú seisiún dá chuid, a thosóidh an 22 Bealtaine 2022, glacfaidh an Comhthionól Domhanda Sláinte cinneadh a bhaineann leis an leasú ar Airteagal 59 de IHR (2005) mar aon leis na leasuithe gaolmhara ar Airteagal 55(3), Airteagail 61, 62 agus 63(1), a bhfuil gá leo chun na hairteagail sin a chur i gcomhréir leis na leasuithe atá beartaithe ar Airteagal 59 de IHR (2005).
(4)Is iomchuí an seasamh a bhunú a ghlacfar thar ceann an Aontais sa Chomhthionól Domhanda Sláinte i ndáil leis an gcinneadh, cinneadh a iarrtar ar an gComhthionól Domhanda Sláinte a ghlacadh, arb é is aidhm dó Airteagal 59 de IHR (2005) a leasú, chun an tréimhse is gá chun forálacha IHR (2005) a leasú tuilleadh a ghiorrú, go háirithe tríd an tréimhse le haghaidh theacht i bhfeidhm na leasuithe orthu a laghdú ó cheithre mhí is fiche go dhá mhí dhéag. Cumhdaítear leis an gcinneadh seo freisin na leasuithe gaolmhara ar Airteagal 55(3), Airteagail 61, 62 agus 63(1) de IHR (2005), a bhfuil gá leo chun na hairteagail sin a chur i gcomhréir leis na leasuithe atá beartaithe ar Airteagal 59.
(5)Tacaíonn an tAontas leis an gcuspóir sin, lena bhféadfar aghaidh a thabhairt níos tapa ar riachtanais atá ag athrú sna réimsí a chumhdaítear le IHR (2005).
(6)Tá seasamh an Aontais le cur in iúl ag Ballstáit an Aontais atá ina gcomhaltaí de EDS, ag gníomhú dóibh go comhpháirteach.
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
An seasamh a ghlacfar thar ceann an Aontais ag an 75ú seisiún den Chomhthionól Domhanda Sláinte maidir le leasuithe áirithe ar an IHR (2005), beidh sé i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.
Maidir le hathruithe ar na leasuithe a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo, ar athruithe iad nach gcuireann baint amach chuspóir na leasuithe céanna i gcontúirt, féadfaidh an Coimisiún, i gcomhairle le Ballstáit an Aontais agus gan a thuilleadh Cinnidh ón gComhairle, na hathruithe sin a chomhaontú.
Airteagal 2
Is iad Ballstáit an Aontais atá ina gcomhaltaí den Eagraíocht Dhomhanda Sláinte a chuirfidh in iúl an seasamh dá dtagraítear in Airteagal 1 agus iad ag gníomhú dóibh go comhpháirteach thar ceann an Aontais.
Airteagal 3
Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Cinneadh seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán