17.5.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 171/4


CINNEADH (AE) 2021/792 ÓN gCOMHAIRLE

an 6 Bealtaine 2021

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhchoiste um Tháirgí Orgánacha arna bhunú leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Sile maidir le trádáil i dtáirgí orgánacha a mhéid a bhaineann le glacadh rialacha nós imeachta an Chomhchoiste um Tháirgí Orgánacha

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe don chéad fhomhír d’Airteagal 207(4), i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Thug an tAontas an Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Sile maidir le trádáil i dtáirgí orgánacha (“an Comhaontú”) i gcrích le Cinneadh (AE) 2017/2307 ón gComhairle (1) agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Eanáir 2018.

(2)

Le hAirteagal 8 den Chomhaontú, bunaítear Comhchoiste um Tháirgí Orgánacha (“an Comhchoiste”) chun an Comhaontú a bhainistiú agus chun cinntí a dhéanamh maidir le cur chun feidhme agus dea-fheidhmiú an Chomhaontaithe. De bhun mhír 5 den Airteagal sin, glacfaidh an Comhchoiste a chuid rialacha nós imeachta féin.

(3)

Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhchoiste a bhunú a mhéid a bhaineann lena rialacha nós imeachta, ós rud é go mbeidh na rialacha sin ina gceangal ar an Aontas.

(4)

Ba cheart seasamh an Aontais sa Chomhchoiste a bheith bunaithe ar an dréachtchinneadh ón gComhchoiste,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhchoiste um Tháirgí Orgánacha arna bhunú leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Sile maidir le trádáil i dtáirgí orgánacha a mhéid a bhaineann lena rialacha nós imeachta a ghlacadh, beidh sé bunaithe ar an dréachtchinneadh ón gComhchoiste um Tháirgí Orgánacha (2).

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 6 Bealtaine 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BORRELL FONTELLES


(1)  Cinneadh (AE) 2017/2307 ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2017 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Sile maidir le trádáil i dtáirgí orgánacha (IO L 331, 14.12.2017, lch. 1).

(2)  Féach doiciméad ST 7778/21 ag http://register.consilium.europa.eu