European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/1246

8.5.2024

CINNEADH (AE) 2024/1246 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE

an 24 Aibreán 2024

maidir le suibscríobh ag an Aontas Eorpach le scaireanna breise i gcaipiteal an Bhainc Eorpaigh Athfhoirgníochta agus Forbartha (BEAF) agus lena leasaítear an Comhaontú lena mbunaítear an Banc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha a mhéid a bhaineann le leathnú raon feidhme geografach oibríochtaí BEAF chuig an Afraic Fho-Shahárach agus an Iaráic, agus lena mbaintear an teorainn chaipitil reachtúil ar ghnáthoibríochtaí

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 212 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

De bhun Airteagal 4(3) den Chomhaontú lena mbunaítear an Banc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha (2) (‘an Comhaontú lena mbunaítear BEAF’) agus chun a dhóthain caipitil a choinneáil ar bun chun leibhéal réasúnta gníomhaíochta a chothú, sa mheántéarma, sna tíortha ina bhfuil oibríochtaí ar bun ag BEAF laistigh de theorainneacha reachtúla, chinn Bord Gobharnóirí an Bhainc Eorpaigh Athfhoirgníochta agus Forbartha (BEAF) i Rún Uimh. 265 uaidh an 15 Nollaig 2023 (‘Rún Uimh. 265’), stoc caipitil údaraithe BEAF a mhéadú de EUR 4 000 000 000.

(2)

Roimh an méadú ar chaipiteal sin, tá 90 044 scair i seilbh an Aontais, a bhfuil parluach EUR 10 000 ag gach scair díobh.

(3)

De bhun Rún Uimh. 265, méadaítear stoc caipitil údaraithe BEAF de 400 000 scair íoctha, agus is féidir le comhaltaí BEAF a shuibscríobh, ar nó roimh an 30 Meitheamh 2025, nó ar nó roimh pé dáta ina dhiaidh sin nach déanaí ná an 31 Nollaig 2025 de réir mar a fhéadfaidh an Bord Stiúrthóirí a chinneadh ar nó roimh an 30 Meitheamh 2025, do líon scaireanna iomlána, pro rata don scairsheilbh atá acu cheana. Tá an méadú ar chaipiteal le híoc i 5 thráthchuid chothroma, a bhfuil an chéad cheann díobh le híoc ag gach comhalta de BEAF ar an dáta is déanaí de (i) an 30 Aibreán 2025; nó (ii) 60 lá tar éis theacht in éifeacht a ionstraime suibscríbhinne. Tá na 4 thráthchuid atá fágtha le híoc faoin 30 Aibreán 2026, faoin 30 Aibreán 2027, faoin 30 Aibreán 2028 agus faoin 30 Aibreán 2029, faoi seach. Dá réir sin, ceadófar don Aontas suibscríobh do 12 102 scaireanna nua, a bhfuil parluach EUR 10 000 ag gach ceann díobh dar luach EUR 121 020 000 san iomlán, ag méadú, ar an gcaoi sin, líon scaireanna íoctha an Aontais go dtí 102 146.

(4)

Is gá an méadú ar chaipiteal ionas gur féidir le BEAF leanúint de ghníomhaíochtaí agus infheistíochtaí san Úcráin le linn chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus go háirithe le linn tréimhse iarchogaidh atá le teacht chun tacú le hatógáil na hÚcráine. Trí thacú leis na gníomhaíochtaí agus infheistíochtaí sin, áirithítear leis an méadú ar chaipiteal freisin nach gcuirtear srian le tacaíocht den sórt sin ar acmhainneacht BEAF freastal ar a chuid riachtanas sna tíortha eile ina bhfuil oibríochtaí ar bun aige. Thairis sin, Tá an méadú ar chaipiteal i gcomhréir leis an gceanglas a leagtar amach in Airteagal 13, pointe (v), den Chomhaontú lena mbunaítear BEAF go bhfuil BEAF le féachaint le héagsúlú réasúnta a choinneáil ar bun ina chuid infheistíochtaí uile. Mar iarmhairt air sin, le méadú ar chaipiteal iníoctha, thacófaí le BEAF atá láidir ó thaobh airgeadais de agus atá in ann a shainordú a shaothrú agus cuspóirí scairshealbhóirí a chomhlíonadh i ngach tír ina bhfuil oibríochtaí ar bun aige.

(5)

Tá sé iomchuí go suibscríobhfadh an tAontas do na scaireanna breise sin chun cuspóirí an Aontais a bhaint amach i réimse an chaidrimh sheachtraigh eacnamaíochta agus chun a chumhacht choibhneasach vótála a chaomhnú laistigh de BEAF.

(6)

I Rún Uimh. 259 uaidh an 18 Bealtaine 2023 (‘Rún Uimh. 259’), chaith Bord Gobharnóirí BEAF vóta i bhfabhar leasuithe ar an gComhaontú lena mbunaítear BEAF, ar leasuithe iad a bhfuil gá leo chun cur ar chumas BEAF raon feidhme geografach a chuid oibríochtaí a leathnú ar bhealach teoranta agus incriminteach chuig an Afraic Fho-Shahárach agus an Iaráic agus a ghealltanais iomlána don Úcráin agus do na tíortha ina bhfuil oibríochtaí ar bun aige cheana á gcoinneáil ar bun an tráth céanna. Deimhníodh leis an Rún sin gur cheart leathnú shainordú BEAF a bhaint amach gan ranníocaíochtaí breise caipitil a éileamh ar a chuid scairshealbhóirí.

(7)

Ba cheart raon feidhme geografach oibríochtaí BEAF a leathnú ar bhealach teoranta agus incriminteach chuig an Afraic Fho-Shahárach agus an Iaráic agus ba cheart é a bheith go hiomlán i gcomhréir le luachanna BEAF is é sin tacaíocht a thabhairt do na tíortha sin atá tiomanta do phrionsabail an daonlathais ilpháirtí, an smachta reachta, urramú chearta an duine, an iolrachais agus na heacnamaíochta margaidh agus a bhfuil na prionsabail sin á gcur i bhfeidhm acu. Tá cur chuige céimnithe forbartha ag BEAF i leith tús a chur lena ghníomhaíochtaí sna réigiúin lena mbaineann, lena gcuirfear san áireamh na sainiúlachtaí réigiúnacha agus náisiúnta. Beartaítear go ndéanfar na chéad infheistíochtaí san Afraic Fho-Shahárach ó 2025 i leith i mBeinin, sa Chósta Eabhair, i nGána, sa Chéinia, sa Nigéir agus sa tSeineagáil, faoi réir iarratais a bheith curtha isteach acu agus iad a bheith formheasta mar thíortha is faighteoirí de chuid BEAF. Agus é a chur san áireamh go ndíríonn BEAF ar fhorbairt san earnáil phríobháideach agus ar a shainordú aistrithe, is substaintiúil an luach is féidir le BEAF a chur isteach san Afraic Fho-Shahárach agus san Iaráic agus baineann tábhacht gheostraitéiseach leis sin don Aontas.

(8)

Ba cheart d’ionadaithe an Aontais i gcomhlachtaí rialaithe BEAF BEAF a spreagadh chun leanúint dá rannpháirtíocht dhlúth leis an Aontas agus dá chomhar leis an tsochaí shibhialta agus chun a dhlúthchomhar le hinstitiúidí eile Eorpacha agus idirnáisiúnta maoiniúcháin phoiblí a fhorbairt tuilleadh, chun an úsáid iomlán a bhaint as na buntáistí comparáideacha a ghabhann le rannpháirtíocht agus comhar den sórt sin, nuair a bheidh a chuid oibríochtaí á leathnú aige chuig an Afraic Fho-Shahárach agus an Iaráic.

(9)

I gcomhréir leis an gcleachtas atá ann cheana, sula bhformheasann BEAF tír nua a mbeidh oibríochtaí ar bun aige inti, ba cheart dó measúnú teicniúil mionsonraithe a dhéanamh ar na dálaí eacnamaíocha agus polaitiúla atá sa tír lena mbaineann, lena n-áirítear: measúnú ar thiomantas na tíre sin i leith phrionsabail an daonlathais ilpháirtí, an iolrachais agus na heacnamaíochta margaidh, mar a chumhdaítear in Airteagal 1 den Chomhaontú lena mbunaítear BEAF, measúnú ar na bearnaí aistrithe, agus athbhreithniú ar ghníomhaíochtaí institiúidí idirnáisiúnta eile sa tír sin, agus ar na tosaíochtaí a bhféadfadh BEAF an úsáid is fearr a bhaint as a eolas uathúil agus a scileanna uathúla i ndáil leo. Ba cheart measúnú den sórt sin a dhéanamh faoi réir aon tír nua a bheith ag cur isteach ar bhallraíocht de BEAF agus ar stádas mar thír ina bhfuil oibríochtaí ar bun ag BEAF agus faoi réir formheas ina leith sin ina dhiaidh sin ag Bord Gobharnóirí BEAF.

(10)

Faoi láthair, le hAirteagal 12(1) den Chomhaontú lena mbunaítear BEAF, déantar méid iomlán na n-iasachtaí gan íoc, na n-infheistíochtaí cothromais agus na ráthaíochtaí arna ndéanamh ag BEAF mar chuid dá ghnáthoibríochtaí a theorannú do mhéid iomlán a chaipitil suibscríofa neamhlaghdaithe, a chúlchistí agus a bharrachas a áirítear ina ghnáthacmhainní caipitil. I Rún Uimh. 260 uaidh an 18 Bealtaine 2023 (‘Rún Uimh. 260), d’aithin Bord Gobharnóirí BEAF ról fíor-riachtanach BEAF maidir le haghaidh a thabhairt ar dhúshláin dhomhanda phráinneacha agus na moltaí in Athbhreithnithe Neamhspleách G20 ó 2020 ar Chreataí Leordhóthanachta Caipitil na mBanc Forbartha Iltaobhach. Bheartaigh Bord Gobharnóirí BEAF, chun úsáid optamach na hinniúlachta caipitil de chuid BEAF a chumasú chun an tionchar is fearr is féidir a bhaint amach sna tíortha is faighteoirí dá chuid, gur ghá leasú a dhéanamh ar Airteagal 12(1) den Chomhaontú lena mbunaítear BEAF chun an teorainn chaipitil reachtúil a bhaint.

(11)

De bhun Airteagal 56 den Chomhaontú lena mbunaítear BEAF, tá iarrtha ag Bord Gobharnóirí BEAF ar chomhaltaí uile BEAF an nglacann siad leis na leasuithe atá molta.

(12)

Ba cheart, dá bhrí sin, an méadú ar chaipiteal agus na leasuithe ar an gComhaontú lena mbunaítear BEAF a fhormheas thar ceann an Aontais,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Suibscríobhfaidh an tAontas do 12 102 scair bhreise ar EUR 10 000 an ceann in BEAF de bhun Rún Uimh. 265 ar nó roimh an 30 Meitheamh 2025, nó ar nó roimh pé dáta ina dhiaidh sin nach déanaí ná an 31 Nollaig 2025 de réir mar a fhéadfaidh Bord Stiúrthóirí BEAF a chinneadh ar nó roimh an 30 Meitheamh 2025.

Íocfar an tsuibscríbhinn i 5 thráthchuid chothroma, a mbeidh an chéad cheann díobh le híoc faoin dáta is déanaí de na dátaí seo a leanas:

(a)

30 Aibreán 2025; nó

(b)

60 lá tar éis theacht in éifeacht na hionstraime suibscríbhinne ón Aontas.

Íocfar na 4 thráthchuid atá fágtha faoin 30 Aibreán 2026, faoin 30 Aibreán 2027, faoin 30 Aibreán 2028 agus faoin 30 Aibreán 2029, faoi seach.

Airteagal 2

Taiscfidh Gobharnóir BEAF a dhéanann ionadaíocht ar an Aontas an ionstraim suibscríbhinne riachtanach thar ceann an Aontais.

Airteagal 3

Formheastar thar ceann an Aontais na leasuithe ar Airteagal 1 den Chomhaontú lena mbunaítear BEAF chun leathnú teoranta agus incriminteach raon feidhme geografach a chuid oibríochtaí chuig an Afraic Fho-Shahárach agus an Iaráic, mar a leagtar amach i Rún Uimh. 259, a cheadú agus na leasuithe ar Airteagal 12(1) den Chomhaontú sin chun an teorainn chaipitil reachtúil, mar a leagtar amach i Rún Uimh. 260, a bhaint.

Tá téacs Rúin Uimh. 259 agus Uimh. 260 i gceangal leis an gCinneadh seo.

Airteagal 4

Cuirfidh Gobharnóir BEAF a dhéanann ionadaíocht ar an Aontas dearbhú glactha i leith na leasuithe dá dtagraítear in Airteagal 3 in iúl, thar ceann an Aontais, do BEAF.

Airteagal 5

Mar chuid den tuarascáil bhliantúil chuig Parlaimint na hEorpa, tuairisceoidh Gobharnóir BEAF a dhéanann ionadaíocht ar an Aontas ar ghníomhaíochtaí agus oibríochtaí BEAF san Afraic Fho-Shahárach agus san Iaráic freisin.

Airteagal 6

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 24 Aibreán 2024.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. MICHEL


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 14 Márta 2024 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 12 Aibreán 2024.

(2)   IO L 372, 31.12.1990, lch. 4.


AISTRIÚCHÁIN

RÚN UIMH. 259

LEASÚ AR AIRTEAGAL 1 DEN CHOMHAONTÚ LENA mBUNAÍTEAR AN BANC EORPACH ATHFHOIRGNÍOCHTA AGUS FORBARTHA CHUN GUR FÉIDIR LEATHNÚ TEORANTA AGUS INCRIMINTEACH A DHÉANAMH AR RAON FEIDHME GEOGRAFACH OIBRÍOCHTAÍ AN BHAINC CHUIG AN AFRAIC FHO-SHAHÁRACH AGUS AN IARÁIC

TÁ AN BORD GOBHARNÓIRÍ,

Ag meabhrú Rún Uimh. 248, lenar fhormheas an Bord Gobharnóirí, i bprionsabal, leathnú teoranta agus incriminteach ar raon feidhme geografach oibríochtaí an Bhainc chuig an Afraic Fho-Shahárach agus an Iaráic;

Ag leagan béim ar a thábhachtaí atá an Afraic Fho-Shahárach agus an Iaráic chun tosaíochtaí geopholaitiúla agus forbartha an chomhphobail idirnáisiúnta a bhaint amach, na naisc mhéadaitheacha idir go leor tíortha san Afraic Fho-Shahárach agus an Iaráic agus tíortha ina bhfuil oibríochtaí ar bun ag BEAF faoi láthair, agus ábharthacht agus infheidhmeacht shainordú agus shamhail ghnó an Bhainc, an fhócais atá ag an mBanc ar an earnáil phríobháideach agus na n-inniúlachtaí atá ag an mBanc san Afraic Fho-Shahárach agus san Iaráic;

Á chur i bhfios go láidir gurb é an tosaíocht is práinní atá ag an mBanc i gcónaí tacú leis an Úcráin agus le tíortha eile ina bhfuil oibríochtaí ar bun aige atá thíos leis an gcogadh ar an Úcráin;

Á aithint gur threisigh an cogadh ar an Úcráin a ábhartha atá sé leanúint d’aghaidh a thabhairt ar chuspóirí scairshealbhóirí san Afraic Fho-Shahárach agus san Iaráic;

Á chur i bhfios maidir le haon leathnú teoranta agus incriminteach a d’fhéadfadh a bheith ann chuig tíortha nua ina bhfuil oibríochtaí ar bun aige nár cheart an méid seo a leanas a dhéanamh: bac a chur ar chumas an Bhainc tacú leis na tíortha ina bhfuil oibríochtaí ar bun aige faoi láthair, rátáil A triarach an Bhainc a chur i mbaol, iarraidh ar ranníocaíochtaí caipitil breise a bheith mar thoradh air, nó imeacht ó shainordú an Bhainc chun tacú leis an aistriú agus lena phrionsabail oibriúcháin maidir le breisíocht agus baincéireacht fhónta;

Ag leagan béim ar a thábhachtaí atá comhlántacht agus comhar i measc comhpháirtithe forbartha atá gníomhach cheana féin san Afraic Fho-Shahárach agus san Iaráic; agus

Tar éis breithniú a dhéanamh ar Thuarascáil an Bhoird Stiúrthóirí chuig an mBord Gobharnóirí dar teideal ‘Leasú ar Airteagal 1 den Chomhaontú lena mbunaítear an Banc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha chun gur féidir leathnú teoranta agus incriminteach a dhéanamh ar raon feidhme geografach oibríochtaí an bhainc chuig an Afraic Fho-Shahárach agus an Iaráic’ agus ag aontú leis na conclúidí inti, i measc nithe eile:

(i)

Go n-athdheimhnítear san anailís ar na himpleachtaí caipitil agus airgeadais nach gcuirfidh leathnú teoranta agus incriminteach chuig an Afraic Fho-Shahárach agus an Iaráic isteach ar chumas an Bhainc tacú leis na tíortha ina bhfuil oibríochtaí ar bun aige cheana, nach gcuirfidh sé rátáil chreidmheasa A triarach an Bhainc i mbaol, nó nach mbeidh iarraidh ar ranníocaíochtaí caipitil breise mar thoradh air;

(ii)

Gur cheart leathnú teoranta agus incriminteach den sórt sin ar raon feidhme geografach oibríochtaí an Bhainc chuig an Afraic Fho-Shahárach agus an Iaráic a chumasú trí leasú a dhéanamh ar Airteagal 1 den Chomhaontú lena mbunaítear an Banc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha (‘an Comhaontú’); agus

(iii)

Nach mór cur chun feidhme an leathnaithe a dhéanamh ar bhealach nach laghdóidh fócas an Bhainc ar thacaíocht a thabhairt don Úcráin agus do thíortha eile ina bhfuil oibríochtaí ar bun aige atá thíos leis an gcogadh ar an Úcráin.

AG BEARTÚ AN MHÉID SEO A LEANAS:

1.

Leasófar Airteagal 1 den Chomhaontú chun go léifear mar a leanas é:

‘Agus é ag rannchuidiú leis an dul chun cinn eacnamaíoch agus an atógáil, beidh sé mar chuspóir ag an mBanc an t-aistriú chuig geilleagair oscailte atá dírithe ar an margadh a chothú agus tionscnamh príobháideach agus fiontraíochta a chur chun cinn i dtíortha Lár agus Oirthear na hEorpa atá tiomanta do phrionsabail an daonlathais ilpháirtí, an iolrachais agus na heacnamaíochta margaidh agus a bhfuil na prionsabail sin á gcur i bhfeidhm acu. Faoi réir na gcoinníollacha céanna, féadfar cuspóir an Bhainc a dhéanamh freisin (i) sa Mhongóil; (ii) i mballstáit na Meánmhara Theas agus Thoir; agus (iii) i líon teoranta ballstát san Afraic Fho-Shahárach; i ngach cás faoi (ii) agus (iii) de réir mar a chinneann an Banc bunaithe ar vóta dearfach nach lú ná dhá thrian de na Gobharnóirí, arb ionann é agus trí cheathrú ar a laghad de chumhacht iomlán vótála na gcomhaltaí. Dá réir sin, le haon tagairt sa Chomhaontú seo agus sna hiarscríbhinní a ghabhann leis do “thíortha Lár agus Oirthear na hEorpa”, “tíortha ó Lár agus Oirthear na hEorpa”, “tír is faighteoir (nó tíortha is faighteoirí)” nó “ballstát is faighteoir (nó ballstáit is faighteoirí)”, déanfar tagairt don Mhongóil agus do gach ceann de na tíortha sin i nDeisceart agus Oirthear na Meánmhara agus san Afraic Fho-Shahárach freisin.’

a.

Tuigfear go gciallaíonn an téarma ‘an Afraic Fho-Shahárach’ mar a leagtar amach faoi Airteagal 1 den Chomhaontú réigiún na hAfraice Fo-Shaháraí mar atá sainithe ag Grúpa an Bhainc Dhomhanda.

b.

Déanfar an teorainn ar líon na mballstát san Afraic Fho-Shahárach ina bhféadfaidh an Banc a chuspóir a dhéanamh mar a leagtar amach faoi Airteagal 1 den Chomhaontú a thuiscint ionas gur féidir leathnú teoranta agus incriminteach a dhéanamh ar raon geografach oibríochtaí an Bhainc, i gcomhréir leis na bearta agus na sásraí a leagtar amach i dtuarascáil an Bhoird Stiúrthóirí dar teideal ‘Leasú ar an gComhaontú lena mbunaítear an Banc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha chun gur féidir leathnú teoranta agus incriminteach a dhéanamh ar raon feidhme geografach oibríochtaí an Bhainc chuig an Afraic Fho-Shahárach agus an Iaráic’. Sa chomhthéacs sin, beidh gá le vóta dearfach nach lú ná trí cheathrú de na Gobharnóirí, arb ionann é agus ceithre chúigiú ar a laghad de chumhacht iomlán vótála na gcomhaltaí, chun aon incrimint bhreise ar an leathnú a fhormheas.

c.

Cuirfear an Iaráic san áireamh i réigiún na Meánmhara Theas agus Thoir chun críocha an Chomhaontaithe, agus dá réir sin tuigfear go gciallaíonn an téarma ‘an Mheánmhuir Theas agus Thoir’ mar a leagtar amach in Airteagal 1 den Chomhaontú an réigiún ina bhfuil na tíortha a bhfuil líne chladaigh acu ar an Meánmhuir chomh maith leis an Iordáin agus an Iaráic, atá comhtháite go dlúth leis an réigiún sin.

2.

Fiafrófar de chomhaltaí an Bhainc an nglacann siad leis an leasú sin trí (a) ionstraim a fhorghníomhú agus a thaisceadh leis an mBanc lena sonraítear gur ghlac an comhalta sin leis an leasú sin i gcomhréir lena dhlí agus (b) fianaise a thabhairt, i bhfoirm agus substaint a bheidh sásúil don Bhanc, gur glacadh leis an leasú agus gur forghníomhaíodh agus gur taisceadh an ionstraim ghlactha i gcomhréir le dlí an chomhalta sin.

3.

Tiocfaidh an leasú sin i bhfeidhm trí (3) mhí tar éis an dáta a mbeidh sé deimhnithe go foirmiúil ag an mBanc dá chomhaltaí gur comhlíonadh na ceanglais maidir le glacadh leis an leasú sin, mar a fhoráiltear in Airteagal 56 den Chomhaontú.

(Arna glacadh an 18 Bealtaine 2023)


RÚN UIMH. 260

LEASÚ AR AIRTEAGAL 12.1 DEN CHOMHAONTÚ LENA mBUNAÍTEAR AN BANC EORPACH ATHFHOIRGNÍOCHTA AGUS FORBARTHA CHUN AN TEORAINN CHAIPITIL REACHTÚIL AR GHNÁTHOIBRÍOCHTAÍ A BHAINT

TÁ AN BORD GOBHARNÓIRÍ,

Á aithint go bhfuil ról ríthábhachtach ag Bainc Forbartha Iltaobhacha (MDBanna) maidir le haghaidh a thabhairt ar na dúshláin dhomhanda phráinneacha iomadúla;

Á thabhairt dá aire na hathruithe suntasacha ar chleachtais bainistithe caipitil san earnáil airgeadais ó tháinig an Comhaontú i bhfeidhm an 28 Márta 1991;

Á chur in iúl gur mian leis an úsáid is fearr agus is féidir a bhaint as acmhainneacht chaipitil an Bhainc chun tacú leis an mBanc chun an tionchar is fearr agus is féidir a bhaint amach sna tíortha is faighteoirí dá chuid;

Á chur in iúl gur díol sásaimh dó na moltaí leathana ó Athbhreithniú Neamhspleách G20 ar Chreataí Leordhóthanachta Caipitil agus an breithniú cúramach a ndearna an Banc ina leith, lena n-áirítear go sonrach an moladh go ndéanfaí nuachóiriú ar chur chuige MDBanna maidir le leordhóthanacht caipitil a bhainistiú trí theorainneacha sonracha giarála a athlonnú ó reachtanna MDB go creataí leordhóthanachta caipitil MDB, ar bhealach comhordaithe i measc MDBanna;

Tar éis breithniú a dhéanamh ar thuarascáil an Bhoird Stiúrthóirí dar teideal ‘Leasú ar Airteagal 12.1 a ghabhann leis an gComhaontú lena mbunaítear an Banc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha chun an teorainn chaipitil reachtúil ar ghnáthoibríochtaí a bhaint’ agus an moladh uaidh leasú ar Airteagal 12.1 den Chomhaontú a cheadú chun an teorainn chaipitil reachtúil ar ghnáthoibríochtaí a bhaint, agus ag aontú leis an tuarascáil sin; agus

Ar an tuiscint go gcoinneoidh an Bord Stiúrthóirí teorainn ghiarála ainmniúil iomchuí ar oibríochtaí, arna cur in aghaidh méadrachtaí caipitil ábhartha, laistigh de chreat leordhóthanachta caipitil an Bhainc, mar chuid dá fhreagracht fóntacht airgeadais agus inbhuanaitheacht airgeadais an Bhainc a chosaint.

AG BEARTÚ AN MHÉID SEO A LEANAS:

1.

Leasófar Airteagal 12.1 den Chomhaontú tríd an téacs atá ann cheana a scriosadh agus trí théacs nua a thabhairt isteach mar seo a leanas:

‘1.

Déanfaidh an Bord Stiúrthóirí teorainneacha iomchuí a bhunú agus a choimeád ar bun maidir le méadrachtaí leordhóthanachta caipitil, chun fóntacht airgeadais agus inbhuanaitheacht airgeadais an Bhainc a chosaint.’

2.

Fiafrófar de chomhaltaí an Bhainc an nglacann siad leis an leasú sin trí (a) ionstraim a fhorghníomhú agus a thaisceadh leis an mBanc lena sonraítear gur ghlac an comhalta sin leis an leasú sin i gcomhréir lena dhlí agus (b) fianaise a thabhairt, i bhfoirm agus substaint a bheidh sásúil don Bhanc, gur glacadh leis an leasú agus gur forghníomhaíodh agus gur taisceadh an ionstraim ghlactha i gcomhréir le dlí an chomhalta sin.

3.

Tiocfaidh an leasú sin i bhfeidhm trí (3) mhí tar éis an dáta a mbeidh sé deimhnithe go foirmiúil ag an mBanc dá chomhaltaí gur comhlíonadh na ceanglais maidir le glacadh leis an leasú sin, mar a fhoráiltear in Airteagal 56 den Chomhaontú.

(Arna glacadh an 18 Bealtaine 2023)


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1246/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)