AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,11.8.2021
COM(2021) 467 final
IARSCRÍBHINN
a ghabhann leis an
Togra le haghaidh CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, laistigh de Chomhchoiste LEE i dtaca le Prótacal 30 a ghabhann le Comhaontú LEE, maidir le forálacha sonracha a bhaineann le comhar a eagrú i réimse an staidrimh, agus Prótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE, maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse, a leasú
(Clár an Mhargaidh Aonair)
IARSCRÍBHINN
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE
Uimh. […]
an […]
lena leasaítear Prótacal 30 a ghabhann le Comhaontú LEE, maidir le forálacha sonracha a bhaineann le comhar a eagrú i réimse an staidrimh, agus Prótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE, maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagail 86 agus 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Is iomchuí comhar na bPáirtithe Conarthacha i gComhaontú LEE a leathnú chun Rialachán (AE) 2021/690 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear clár don mhargadh inmheánach, d’iomaíochas fiontar, lena n‑áirítear fiontair bheaga agus mheánmhéide, do réimse na bplandaí, na n‑ainmhithe, an bhia agus na beatha, agus don staidreamh Eorpach (Clár an Mhargaidh Aonair) agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 99/2013, (AE) Uimh. 1287/2013, (AE) Uimh. 254/2014 agus (AE) Uimh. 652/2014 a chumhdach.
(2)Maidir le rannpháirtíocht Stáit CSTE sna gníomhaíochtaí atá mar thoradh ar Rialachán (AE) 2021/690, is iomchuí go gcuirfear an rannpháirtíocht sin ar bun ón 1 Eanáir 2021, gan beann ar an tráth a ghlacfar an Cinneadh seo nó má thugtar fógra maidir le comhlíonadh na gceanglas bunreachtúil le haghaidh an Chinnidh seo, más ann dóibh, tar éis an 10 Iúil 2021.
(3)Ba cheart eintitis a bunaíodh i Stáit CSTE a bheith i dteideal páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí lena gcuirfear tús roimh theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo. Na costais a thabhaítear i leith na ngníomhaíochtaí sin, a gcuirtear tús lena gcur chun feidhme tar éis an 1 Eanáir 2021, is féidir a mheas gur costais iad atá faoi na coinníollacha céanna is infheidhme maidir leis na costais a thabhaíonn eintitis a bunaíodh i mBallstáit den Aontas ar choinníoll go dtiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm roimh dheireadh na gníomhaíochta lena mbaineann.
(4)I gComhaontú LEE agus go háirithe in Airteagal 81 de, leagtar amach coinníollacha maidir le rannpháirtíocht Stáit CSTE agus rannpháirtíocht a n‑institiúidí, a ngnóthas, a n‑eagraíochtaí agus a náisiúnach i gcláir an Aontais Eorpaigh.
(5)Ba cheart, dá bhrí sin, Prótacail 30 agus 31 a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin chun go mbeidh an comhar leathnaithe sin ann ón 1 Eanáir 2021,
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Prótacal 30 a ghabhann le Comhaontú LEE mar a leanas:
1.Cuirtear an méid seo a leanas in ionad théacs Airteagal 5(4):
‘Déanfaidh Stáit CSTE ranníocaíocht de mhéid arb ionann é agus 75 faoin gcéad i leith na ngníomhaíochtaí dá dtagraítear san Airteagal seo i gcomhréir le hAirteagal 82(1)(a) den Chomhaontú agus leis na Rialacháin Airgeadais a ghabhann leis.’
2.
Cuirtear an méid seo a leanas isteach i ndiaidh Airteagal 5 (Clár Staidrimh 2013 go 2020):
‘Airteagal 6
Gníomhaíochtaí staidrimh 2021 go 2027
1.
Is é an gníomh seo a leanas cuspóir an Airteagail seo:
-32021 R 0690: Rialachán (AE) 2021/690 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear clár don mhargadh inmheánach, d’iomaíochas fiontar, lena n‑áirítear fiontair bheaga agus mheánmhéide, do réimse na bplandaí, na n‑ainmhithe, an bhia agus na beatha, agus don staidreamh Eorpach (Clár an Mhargaidh Aonair) agus lena n‑aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 99/2013, (AE) Uimh. 1287/2013, (AE) Uimh. 254/2014 agus (AE) Uimh. 652/2014 (IO L 153, 3.5.2021, lch. 1).
2.
Maidir leis an gcreat le haghaidh gníomhaíochtaí staidrimh LEE atá le déanamh idir an 1 Eanáir 2021 agus an 31 Nollaig 2027, is éard a bheidh ann cuspóir sonrach (f) mar a shainmhínítear in Airteagal 3(2) de Rialachán (AE) 2021/690. Measfar gach príomhréimse Staidreamh Eorpach a bheith ábhartha le haghaidh chomhar staidrimh LEE agus beidh Stáit CSTE in ann páirt iomlán a ghlacadh iontu.
3.
Déanfaidh Oifig Staidrimh CSTE agus Eurostat Clár Staidrimh Bliantúil LEE a fhorbairt go comhpháirteach go sonrach le haghaidh na tréimhse 2021 go 2027. Beidh Clár Staidrimh Bliantúil LEE bunaithe ar fho-thacar den chlár oibre bliantúil arna mionsaothrú ag an gCoimisiún i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/690 agus déanfar é a dhréachtú go comhthreomhar leis an gclár oibre bliantúil sin. Déanfaidh na Páirtithe Conarthacha Clár Staidrimh Bliantúil LEE a fhormheas de réir a nósanna imeachta inmheánacha féin.
4.
Déanfaidh Stáit CSTE ranníocaíocht de mhéid arb ionann é agus 75 faoin gcéad i leith na ngníomhaíochtaí staidrimh dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(f) de Rialachán (AE) 2021/690 i gcomhréir le hAirteagal 82(1)(a) den Chomhaontú agus leis na Rialacháin Airgeadais a ghabhann leis.
5.
Na costais a thabhaítear i leith na ngníomhaíochtaí a gcuirtear tús lena gcur chun feidhme tar éis an 1 Eanáir 2021, is féidir a mheas gur costais iad atá incháilithe amhail ó dháta tosaigh na gníomhaíochta a shocraítear sa chomhaontú deontais nó sa chinneadh deontais lena mbaineann, faoi na coinníollacha a leagtar síos ann, ar choinníoll go dtiocfaidh Cinneadh Uimh. XX/2021 ó Chomhchoiste LEE an xx 2021 [an Cinneadh seo] i bhfeidhm roimh dheireadh na gníomhaíochta.’
Airteagal 2
Cuirtear an mhír seo a leanas isteach i ndiaidh mhír 5 d’Airteagal 7 de Phrótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE:
‘5a.32021 R 0690: Rialachán (AE) 2021/690 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear clár don mhargadh inmheánach, d’iomaíochas fiontar, lena n-áirítear fiontair bheaga agus mheánmhéide, do réimse na bplandaí, na n-ainmhithe, an bhia agus na beatha, agus don staidreamh Eorpach (Clár an Mhargaidh Aonair) agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 99/2013, (AE) Uimh. 1287/2013, (AE) Uimh. 254/2014 agus (AE) Uimh. 652/2014 (IO L 153, 3.5.2021, lch. 1).
Beidh Stáit CSTE rannpháirteach sna cuspóirí ginearálta agus sna cuspóirí sonracha de réir Airteagal 3(2)(a), (b), (c)(ii) agus (d).
Beidh siad rannpháirteach sna gníomhaíochtaí staidrimh mar a shainmhínítear in Airteagal 3(2)(f) de Rialachán (AE) 2021/690 faoi na coinníollacha dá bhforáiltear i bPrótacal 30 agus déanfaidh siad ranníocaíocht ina leith.
Na costais a thabhaítear i leith na ngníomhaíochtaí a gcuirtear tús lena gcur chun feidhme tar éis an 1 Eanáir 2021, is féidir a mheas gur costais iad atá incháilithe amhail ó dháta tosaigh na gníomhaíochta a shocraítear sa chomhaontú deontais nó sa chinneadh deontais lena mbaineann, faoi na coinníollacha a leagtar síos ann, ar choinníoll go dtiocfaidh Cinneadh Uimh. XX/2021 ó Chomhchoiste LEE an xx 2021 [an Cinneadh seo] i bhfeidhm roimh dheireadh na gníomhaíochta.
Ní bheidh Stáit CSTE rannpháirteach i ngníomhaíochtaí a bhaineann le forbairt beartais chustaim agus chánachais ná ní dhéanfaidh siad ranníocaíocht ina leith.
Ní bheidh an Iorua rannpháirteach sa chuspóir sonrach de réir Airteagal 3(2)(d)(ii) ná ní dhéanfaidh sí ranníocaíocht ina leith.’
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis an fhógra dheireanaigh faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE.
Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2021.
Airteagal 4
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, […].
Thar ceann Chomhchoiste LEE
An tUachtarán
[…]
Rúnaithe
Chomhchoiste LEE
[…]