European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/3105

11.12.2024

CINNEADH (AE) 2024/3105 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 27 Samhain 2024

maidir le Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh a shlógadh chun cúnamh a thabhairt don Ghearmáin agus don Iodáil i ndáil le tuilte a tharla in 2024

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002 ón gComhairle an 11 Samhain 2002 lena mbunaítear Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh (1), agus go háirithe Airteagal 4(3) de,

Ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 (2) agus go háirithe Airteagal 9 de,

Ag féachaint don Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais agus maidir le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár i dtreo acmhainní dílse nua a thabhairt isteach (IIA) (3), agus go háirithe pointe 10 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Is é is aidhm do Chiste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh (‘an Ciste’) cur ar chumas an Aontais freagairt ar bhealach tapa éifeachtúil solúbtha do staideanna éigeandála chun dlúthpháirtíocht a léiriú le pobail réigiún a mbuaileann tubaistí nádúrtha móra nó réigiúnacha iad nó mór-éigeandáil sláinte poiblí.

(2)

Ní fhéadfaidh níos mó ná na huasteorainneacha a leagtar síos in Airteagal 9 de Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093, arna leasú le Rialachán (AE, Euratom) 2024/765 ón gComhairle (4), a bheith sa Chiste.

(3)

An 20 Lúnasa 2024, thíolaic an Ghearmáin iarratas chun an Ciste a shlógadh tar éis na dtuilte i nDeisceart na Gearmáine i mí na Bealtaine agus i mí an Mheithimh 2024.

(4)

An 20 Meán Fómhair 2024, thíolaic an Iodáil iarratas chun an Ciste a shlógadh tar éis na dtuilte i Réigiún Féinrialaitheach Valle d’Aosta na hIodáile an 29 Meitheamh 2024.

(5)

Tá na hiarratais thuasluaite i gcomhréir leis na coinníollacha i dtaca le ranníocaíocht airgeadais a sholáthar ón gCiste, mar a leagtar síos in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002.

(6)

Dá bhrí sin, ba cheart an Ciste a shlógadh chun ranníocaíocht airgeadais a sholáthar don Ghearmáin agus don Iodáil.

(7)

Chun giorrú a oiread agus is féidir ar an am a thógfaidh sé an Ciste a shlógadh, ba cheart feidhm a bheith ag an gCinneadh seo ó dháta a ghlactha,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

I gcás bhuiséad ginearálta an Aontais le haghaidh na bliana airgeadais 2024, is ina leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus íocaíochtaí i ndáil le tubaistí nádúrtha a shlógfar na méideanna seo a leanas faoi Chiste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh:

(a)

soláthrófar EUR 112 071 681 don Ghearmáin i ndáil leis na tuilte i mí na Bealtaine agus i mí an Mheithimh 2024;

(b)

soláthrófar EUR 3 959 872 don Iodáil i ndáil le tuilte an 29 Meitheamh 2024 i Réigiún Féinrialaitheach Valle d’Aosta na hIodáile.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 27 Samhain 2024.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 27 Samhain 2024.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

BÓKA J.


(1)   IO L 311, 14.11.2002, lch. 3, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2002/2012/oj.

(2)   IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 11, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2020/2093/oj.

(3)   IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 28, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_interinstit/2020/1222/oj.

(4)  Rialachán (AE, Euratom) 2024/765 ón gComhairle an 29 Feabhra 2024 lena leasaítear Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 (IO L, 2024/765, 29.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/765/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/3105/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)