|
4.3.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 69/117 |
CINNEADH (AE) 2022/368 ÓN mBANC CEANNAIS EORPACH
an 18 Feabhra 2022
lena leasaítear Cinneadh (AE) 2015/2218 maidir leis an nós imeachta i ndáil le baill foirne a eisiamh ón toimhde go bhfuil tionchar ábhartha acu ar phróifíl riosca institiúide creidmheasa faoi mhaoirseacht (BCE/2022/6)
TÁ COMHAIRLE RIALAITHE AN BHAINC CEANNAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 127(6) agus Airteagal 132 de,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2013 ina dtugtar cúraimí sainiúla don Bhanc Ceannais Eorpach i dtaca le beartais a bhaineann le maoirseacht stuamachta institiúidí creidmheasa (1), agus go háirithe Airteagal 4(3) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Bunaíodh le Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 604/2014 ón gCoimisiún (2) critéir cháilíochtúla agus chainníochtúla iomchuí chun catagóirí ball foirne a shainaithint a mbíonn tionchar ábhartha ag a ngníomhaíochtaí gairmiúla ar phróifíl riosca institiúide. Bunaíodh leis chomh maith nós imeachta trína bhféadfaidh institiúid a chinneadh, cé go gcomhlíonann ball foirne na critéir chainníochtúla, nach meastar go bhfuil tionchar ábhartha ag a ghníomhaíochtaí/gníomhaíochtaí gairmiúla ar phróifíl riosca na hinstitiúide, agus bunaithe ar an gcinneadh sin féadfaidh sí fógra a thabhairt don údarás inniúil, nó údarú a iarraidh uaidh, chun an ball foirne ábhartha a eisiamh ón toimhde go bhfuil tionchar ábhartha ag a chuid/cuid gníomhaíochtaí gairmiúla ar phróifíl riosca na hinstitiúide. Ghlac BCE, atá freagrach as a áirithiú go gcuirfidh na heintitis atá faoina mhaoirseacht dhíreach na rialacha maidir le baill foirne a shainaithint i bhfeidhm ar bhealach comhleanúnach lena gcosnaítear fóntacht aitheantais ar bith dá leithéid, Cinneadh (AE) 2015/2218 ón mBanc Ceannais Eorpach (BCE/2015/38) (3) chun soiléireacht a sholáthar maidir leis an nós imeachta i ndáil le baill foirne a eisiamh arna leagtar amach in Airteagal 4 de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 604/2014. |
|
(2) |
I ndiaidh leasuithe ar Threoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), aisghaireadh Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 604/2014 le haghaidh institiúidí creidmheasa agus cuireadh Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/923 ón gCoimisiún (5) ina ionad ar an 14 Meitheamh 2021, a thagann le dréachtchaighdeáin theicniúla rialála nua chun na coincheapa maidir le freagracht bhainistíochta, feidhmeanna rialúcháin, aonaid ghnó ábhartha agus tionchar suntasach ar phróifíl riosca aonaid gnó ábhartha a shainiú, agus chun baill foirne nó catagóirí ball foirne a shainaithint dá dtagraítear faoi Airteagal 94(2), pointe (c), de Threoir 2013/36/AE. Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/923, cuirtear deireadh leis an nós imeachta um fhógra freisin agus leagtar amach critéir chun na himthosca eisceachtúla a mheas de bhun Airteagal 6(4) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/923. |
|
(3) |
Chun cinnteacht dhlíthiúil a áirithiú d’institiúidí creidmheasa a chuir fógraí agus iarratais isteach de bhun Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 604/2014 nó iarratais ar chead roimh ré de bhun Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/923 sula dtiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm, is gá bearta idirthréimhseacha a bhunú. |
|
(4) |
Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh (AE) 2015/2218 (BCE/2015/38) a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe
Leasaítear Cinneadh (AE) 2015/2218 (BCE/2015/38) mar a leanas:
|
1. |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1: “Airteagal 1 Raon feidhme Leagtar síos leis an gCinneadh seo na ceanglais nós imeachta maidir leis an iarratas ar chead roimh ré a chuirfidh institiúidí creidmheasa faoi mhaoirseacht faoi bhráid BCE chun baill foirne nó catagóirí ball foirne a eisiamh ón toimhde gur baill foirne shainaitheanta iad bunaithe ar na critéir chainníochtúla arna mbunú in Airteagal 6 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/923 ón gCoimisiún (*1). (*1) Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/923 ón gCoimisiún an 25 Márta 2021 lena bhforlíontar Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena leagtar amach na critéir chun freagracht bhainistíochta, feidhmeanna rialúcháin, aonaid ghnó ábhartha agus tionchar suntasach ar phróifíl riosca aonaid gnó ábhartha a shainiú, agus lena leagtar amach na critéir chun baill foirne nó catagóirí ball foirne a shainaithint a mbíonn tionchar ag a gcuid gníomhaíochtaí gairmiúla ar phróifíl riosca na hinstitiúide atá chomh hábhartha céanna le baill foirne nó catagóirí ball foirne dá dtagraítear in Airteagal 92(3) den Treoir sin (IO L 203, 9.6.2021, lch. 1).”;" |
|
2. |
in Airteagal 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (3):
|
|
3. |
leasaítear Airteagal 3 mar a leanas:
|
|
4. |
leasaítear Airteagal 4 mar a leanas:
|
|
5. |
leasaítear Airteagal 5 mar a leanas:
|
|
6. |
leasaítear Airteagal 6 mar a leanas:
|
|
7. |
scriostar Airteagal 7; |
|
8. |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8: “Airteagal 8 An tréimhse chun iarratais ar chead roimh ré a chur isteach Cuirfear iarratais ar chead roimh ré dá dtagraítear in Airteagal 6(3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/923 isteach gan mhoill, agus ar a dhéanaí laistigh de 6 mhí ó dheireadh na bliana airgeadais roimhe sin.”; |
|
9. |
leasaítear Airteagal 9 mar a leanas:
|
|
10. |
in Airteagal 10, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1: “1. Beidh cead roimh ré arna dheonú ag BCE, dá dtagraítear in Airteagal 6(3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/923, teoranta d’fheidhmíocht an bhaill foirne le linn na bliana airgeadais i ndiaidh na bliana inar cuireadh cinneadh maoirseachta BCE ina bhfuil an cead in iúl don institiúid creidmheasa faoi mhaoirseacht.”; |
Airteagal 2
Forálacha idirthréimhseacha
1. Maidir le fógraí a cuireadh isteach de bhun Airteagal 4(4) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 604/2014 agus iarratais ar chead roimhe ré a cuireadh isteach de bhun Airteagal 4(5) den Rialachán Tarmligthe sin a cuireadh isteach roimh an 14 Meitheamh 2021, beidh siad fós faoi réir na nósanna imeachta agus na gceanglas atá leagtha síos i gCinneadh (AE) 2015/2218 (BCE/2015/38) de réir mar a bheidh feidhm acu roimh an dáta a thiocfaidh an Cinneadh sin i bhfeidhm.
2. Maidir le hiarratais ar chead roimhe ré a cuireadh isteach de bhun Airteagal 6(3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/923 a cuireadh isteach sular tháinig an Cinneadh seo i bhfeidhm, beidh siad faoi réir na nósanna imeachta agus na gceanglas atá leagtha síos i gCinneadh (AE) 2015/2218 (BCE/2015/38) de réir mar a bheidh feidhm acu roimh an dáta a thiocfaidh an Cinneadh sin i bhfeidhm.
Airteagal 3
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar an fichiú lá i ndiaidh a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh in Frankfurt am Main, 18 Feabhra 2022.
Uachtarán an BCE
Christine LAGARDE
(1) IO L 287, 29.10.2013, lch. 63.
(2) Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 604/2014 ón gCoimisiún an 4 Márta 2014 lena bhforlíontar Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála i ndáil le critéir cháilíochtúla agus chainníochtúla iomchuí chun catagóirí ball foirne a shainaithint a mbíonn tionchar ábhartha ag a ngníomhaíochtaí gairmiúla ar phróifíl riosca institiúide (IO L 167, 6.6.2014, lch. 30).
(3) Cinneadh (AE) 2015/2218 ón mBanc Ceannais Eorpach an 20 Samhain 2015 maidir leis an nós imeachta i ndáil le baill foirne a eisiamh ón toimhde go bhfuil tionchar ábhartha acu ar phróifíl riosca institiúide creidmheasa faoi mhaoirseacht (BCE/2015/38) (IO L 314, 1.12.2015, lch. 66).
(4) Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/48/CE agus Treoir 2006/49/CE (IO L 176, 27.6.2013, lch. 338).
(5) Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/923 ón gCoimisiún an 25 Márta 2021 lena bhforlíontar Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena leagtar amach na critéir chun freagracht bhainistíochta, feidhmeanna rialúcháin, aonaid ghnó ábhartha agus tionchar suntasach ar phróifíl riosca aonaid gnó ábhartha a shainiú, agus lena leagtar amach na critéir chun baill foirne nó catagóirí ball foirne a shainaithint a mbíonn tionchar ag a gcuid gníomhaíochtaí gairmiúla ar phróifíl riosca na hinstitiúide atá chomh hábhartha céanna le baill foirne nó catagóirí ball foirne dá dtagraítear in Airteagal 92(3) den Treoir sin (IO L 203, 9.6.2021, lch. 1).