An Bhruiséil,23.6.2020

COM(2020) 255 final

IARSCRÍBHINN

a ghabhann leis an

Togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhchoiste a bunaíodh leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir lena gcórais trádála astaíochtaí gás ceaptha teasa a nascadh i dtaca le Nósanna Imeachta Oibríochta Comhchoiteanna a ghlacadh


CINNEADH Uimh. 1/2020 ÓN gCOMHCHOISTE ARNA BHUNÚ LEIS AN gCOMHAONTÚ IDIR AN tAONTAS EORPACH AGUS CÓNAIDHM NA hEILVÉISE MAIDIR LENA gCÓRAIS TRÁDÁLA ASTAÍOCHTAÍ GÁS CEAPTHA TEASA A NASCADH
an …

maidir le Nósanna Imeachta Oibríochta Comhchoiteanna

AN COMHCHOISTE

Ag féachaint don Chomhaontú idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir lena gcórais trádála astaíochtaí gás ceaptha teasa a nascadh 1 (‘an Comhaontú’ ina dhiaidh seo) agus go háirithe Airteagal 3 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Leasaíodh Iarscríbhinní I agus II a ghabhann leis an gComhaontú le Cinneadh Uimh. 2/2019 ón gComhchoiste an 5 Nollaig 2019 agus comhlíonadh ar an gcaoi sin na coinníollacha maidir le nascadh a leagtar amach sa Chomhaontú.

(2)Tar éis Cinneadh Uimh. 2/2019 ón gComhchoiste a ghlacadh agus de bhun Airteagal 21(3) den Chomhaontú, thug na Páirtithe a gcuid ionstraimí daingniúcháin nó formheasta ar aird a chéile, toisc go measann siad, i dtaca leis na coinníollacha uile maidir le nascadh mar a leagtar amach sa Chomhaontú, go bhfuil siad comhlíonta.

(3)I gcomhréir le hAirteagal 21(4) den Chomhaontú, tháinig an Comhaontú i bhfeidhm an 1 Eanáir 2020.

(4)De bhun Airteagal 3(6) den Chomhaontú, ba cheart do riarthóir chlárlann na hEilvéise agus riarthóir lárnach an Aontais nósanna imeachta oibríochta comhchoiteanna (COPanna) a chinneadh, a bhaineann le hábhair theicniúla nó le hábhair eile is gá chun an nasc idir Loga Beartaíochta an Aontais Eorpaigh (EUTL) de Chlárlann an Aontais agus Loga Beartaíochta Forlíontach na hEilvéise (SSTL) de chlárlann na hEilvéise a oibriú agus tosaíochtaí na reachtaíochta intíre á gcur san áireamh. Ba cheart do COPanna éifeacht a bheith acu ar bheith glactha leo le cinneadh ón gComhchoiste.

(5)I gcomhréir le hAirteagal 13(1) den Chomhaontú, ba cheart don Chomhchoiste treoirlínte teicniúla a aontú chun a áirithiú go gcuirfear an Comhaontú chun feidhme i gceart lena n‑áirítear maidir le hábhair theicniúla nó ábhair eile is gá chun an nascadh a oibriú agus tosaíochtaí na reachtaíochta intíre á gcur san áireamh. Féadfaidh meitheal a bhunófar de bhun Airteagal 12(5) den Chomhaontú na treoirlínte teicniúla a fhorbairt. Ba cheart go mbeadh riarthóir Chlárlann na hEilvéise agus riarthóir lárnach Chlárlann an Aontais ar a laghad ar an meitheal agus ba cheart dóibh cuidiú leis an gComhchoiste ina chuid feidhmeanna de bhun Airteagal 13 den Chomhaontú.

(6)I bhfianaise chineál teicniúil na dtreoirlínte agus an gá iad a chur in oiriúint d’fhorbairtí leanúnacha, ba cheart na treoirlínte teicniúla a fhorbróidh riarthóir chlárlann na hEilvéise agus riarthóir lárnach an Aontais a chur faoi bhráid an Chomhchoiste mar fhaisnéis nó, i gcás inarb iomchuí, lena bhformheas,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Glactar leis seo na Nósanna Imeachta Oibríochta Comhchoiteanna (COPanna), mar a chuirtear i gceangal leis an gCinneadh seo iad.

Airteagal 2

Leis seo, bunófar meitheal de bhun Airteagal 12(5) den Chomhaontú. Cuideoidh sé leis an gComhchoiste a áirithiú go gcuirfear an Comhaontú chun feidhme i gceart lena n‑áirítear treoirlínte teicniúla a fhorbairt chun COPanna a chur chun feidhme.

Áireofar leis an meitheal riarthóir Chlárlann na hEilvéise agus riarthóir lárnach Chlárlann an Aontais ar a laghad.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh i mBéarla sa Bhruiséil, an XX 2020.

Thar ceann an Chomhchoiste

Rúnaí don Aontas Eorpach

An Cathaoirleach

Rúnaí don Eilvéis



FOSCRÍBHINN

IARSCRÍBHINN

NÓSANNA IMEACHTA OIBRÍOCHTA COMHCHOITEANNA (COPanna)

de bhun Airteagal 3(6) den Chomhaontú idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir lena gcórais trádála astaíochtaí gás ceaptha teasa a nascadh 
- Nósanna Imeachta maidir le Réiteach Sealadach -

1.Gluais

Tábla 1-1 Acrainmneacha agus Sainmhínithe

Acrainm/Téarma

Sainmhíniú

Údarás Deimhniúcháin

Eintiteas a eisíonn deimhnithe digiteacha

CH

Cónaidhm na hEilvéise

ETS

Córas Trádála Astaíochtaí

AE

An tAontas Eorpach

FBT

Foireann Bainistithe Teagmhas

Sócmhainn Faisnéise

Píosa faisnéise atá luachmhar do chuideachta nó d’eagraíocht

TF

Teicneolaíocht Faisnéise

ITIL

Leabharlann de Bhonneagar Teicneolaíochta Faisnéise

BSTF

Bainistíocht Seirbhíse TF

LTS

Caighdeáin Theicniúla a Nascadh

Clárlann

Córas cuntasaíochta le haghaidh lamháltas a eisítear faoi ETS, a choinníonn cuntas ar úinéireacht na lamháltas a shealbhaítear i gcuntais leictreonacha.

RFC

Iarraidh Ar Athrú

SIL

Liosta Faisnéise Íogaire

SR

Iarraidh ar Sheirbhís

Vicí

Suíomh gréasáin a ligeann d’úsáideoirí faisnéis agus eolas a mhalartú trí inneachar a chur leis nó a chur in oiriúint go díreach trí bhrabhsálaí gréasáin.

2.Réamhrá

Foráiltear leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir lena gcórais trádála astaíochtaí gás ceaptha teasa a nascadh an 23 Samhain 2017 (“an Comhaontú”) go dtabharfaí aitheantas frithpháirteach do lamháltais astaíochtaí is féidir a úsáid chun críche comhlíontachta faoi Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh (“EU ETS”) nó Córas Trádála Astaíochtaí na hEilvéise (“ETS na hEilvéise”). D’fhonn an nasc idir EU ETS agus ETS na hEilvéise a oibríochtú, bunófar nasc díreach idir Loga Beartaíochta an Aontais Eorpaigh (EUTL) Chlárlann an Aontais agus Loga Beartaíochta Forlíontach na hEilvéise (SSTL) de chuid chlárlann na hEilvéise, agus leis sin beifear in ann lamháltais astaíochtaí a eisítear faoi cheachtar ETS a aistriú ó chlárlann go clárlann (Airteagal 3(2) den Chomhaontú). D’fhonn an nasc idir EU ETS agus ETS na hEilvéise a oibríochtú, beidh réiteach sealadach i bhfeidhm faoi mhí na Bealtaine 2020 nó chomh luath agus is féidir ina dhiaidh sin. Comhoibreoidh na páirtithe chun nasc buan clárlainne a chur in ionad an réitigh shealadaigh a luaithe agus is féidir (Iarscríbhinn II den Chomhaontú).

De bhun Airteagal 3(6) den Chomhaontú, cinnfidh riarthóir chlárlann na hEilvéise agus riarthóir lárnach an Aontais na nósanna imeachta oibríochta comhchoiteanna (COPanna) a bhainfidh le nithe teicniúla nó le nithe eile is gá chun an nascadh a oibriú agus tosaíochtaí na reachtaíochta intíre á gcur san áireamh. Beidh éifeacht ag COPanna a fhorbróidh na riarthóirí ar bheith glactha leo le cinneadh ón gComhchoiste.

Glacfaidh an Comhchoiste COPanna, a thaifeadfar sa doiciméad seo, lena Chinneadh Uimh. 1/2020. I gcomhréir leis an gCinneadh sin, iarrfaidh an Comhchoiste ar riarthóir chlárlann na hEilvéise agus ar riarthóir lárnach an Aontais treoirlínte teicniúla breise a fhorbairt chun an nasc a oibríochtú agus chun a áirithiú go ndéanfar iad sin a chur in oiriúint go leanúnach don dul chun cinn teicniúil agus do cheanglais nua a bhainfidh le sábháilteacht agus le slándáil an naisc agus maidir lena fheidhmiú éifeachtach agus éifeachtúil.

2.1.Raon feidhme

Léirítear sa doiciméad seo an chomhthuiscint idir na Páirtithe sa Chomhaontú maidir le bunú bhunchlocha nós imeachta an naisc idir clárlann EU ETS agus clárlann ETS na hEilvéise. Cé go dtugtar cuntas ann ar na ceanglais nós imeachta foriomlána i dtéarmaí oibríochtaí, beidh roinnt treoirlínte teicniúla breise ag teastáil chun an nasc a oibríochtú.

Ar mhaithe le feidhmiú ceart, beidh sonraíochtaí teicniúla de dhíth chun an nasc a oibríochtú tuilleadh. De bhun Airteagal 3(7) den Chomhaontú, tá na nithe sin mionsonraithe sa doiciméad Na Caighdeáin Theicniúla a Nascadh (LTS) atá le glacadh go leithleach trí chinneadh ón gComhchoiste.

Is é cuspóir COP a áirithiú go ndéanfar seirbhísí TF a bhaineann le feidhmiú an naisc idir clárlanna EU ETS agus ETS na hEilvéise a sholáthar go héifeachtach agus go héifeachtúil, go háirithe chun iarrataí ar sheirbhís a chomhlíonadh, teipeanna sa tseirbhís a réiteach, fadhbanna a réiteach, chomh maith le gnáth‑thascanna oibríochta a dhéanamh de réir na gcaighdeán idirnáisiúnta le haghaidh bainistíocht seirbhíse TF.

Chun críche an réitigh shealadaigh atá comhaontaithe, ní bheidh de dhíth ach na COPanna seo a leanas, ar cuid den doiciméad seo iad:

·Bainistiú Teagmhas

·Bainistiú Fadhbanna

·Iarraidh a Chomhlíonadh

·Athruithe a Bhainistiú

·Bainistiú Eisiúna

·Bainistiú Teagmhas Slándála

·Bainistiú Slándála Faisnéise

Nuair a thosaítear ag cur an naisc bhuain clárlainne in úsáid ar dháta níos déanaí, ní mór COP a chur in oiriúint agus a fhorlíonadh i gcás inar gá.

2.2.Seolaithe

Is iad foirne tacaíochta chlárlanna an Aontais agus na hEilvéise an spriocphobal do na COPanna sin.

3.Cur Chuige agus Caighdeáin

Tá feidhm leis an bprionsabal seo a leanas i dtaca le gach COP:

·Aontaíonn an tAontas agus an Eilvéis COPanna a shainiú ar bhonn ITIL (Leabharlann de Bhonneagar Teicneolaíochta Faisnéise, leagan 3). Déantar cleachtais ón gcaighdeán seo a athúsáid agus a chur in oiriúint do na riachtanais shonracha a bhaineann leis an réiteach sealadach.

·Tarlaíonn an chumarsáid agus an comhordú is gá chun COPanna idir an dá Pháirtí a phróiseáil trí Dheasca Seirbhíse Clárlainne na hEilvéise agus an Aontais. Sanntar na tascanna i gcónaí laistigh d’aon Pháirtí amháin.

·Má bhíonn easaontas ann faoin gcaoi a bhfuiltear ag láimhseáil COP, déanfar anailís air sin agus réiteofar é idir an dá Dheasc Seirbhíse. Mura féidir teacht ar chomhaontú, déanfar aimsiú comhréitigh a mhéadú chuig an gcéad leibhéal eile.

·Leibhéil mhéadaithe

·AE

·CH

·An chéad leibhéal

·Deasc Seirbhíse an Aontais

·Deasc Seirbhíse na hEilvéise

·An dara leibhéal

·Bainisteoir Oibríochtaí an Aontais

·Bainisteoir Iarratas Chlárlann na hEilvéise

·An tríú leibhéal

An Comhchoiste (a d’fhéadfadh an fhreagracht sin a tharmligean agus Airteagal 12(5) den Chomhaontú á bhreithniú)

·An ceathrú leibhéal

An Comhchoiste, má dhéantar an tríú leibhéal a tharmligean

·Is féidir le gach Páirtí na nósanna imeachta le haghaidh oibriú a chórais clárlainne féin a chinneadh, ag cur na gceanglas agus na gcomhéadan a bhaineann leis na COPanna sin san áireamh.

·Úsáidtear uirlis Bainistíochta Seirbhíse TF (BSTF) chun tacú le COP, go háirithe Bainistiú Teagmhas, Bainistiú Fadhbanna agus Comhlíonadh Iarrataí, agus an chumarsáid idir an dá Pháirtí.

·Ina theannta sin, ceadaítear malartú faisnéise trí ríomhphost.

·Áirithíonn an dá Pháirtí go gcomhlíontar na ceanglais slándála faisnéise i gcomhréir leis na Treoracha Láimhseála.

4.Bainistiú teagmhas

Is é cuspóir an phróiseas Bainistithe Teagmhas gnáthleibhéal seirbhíse a thabhairt arís do sheirbhísí TF chomh tapa agus is féidir agus gan cur isteach ar an ngnó ach a laghad is féidir.

Ba cheart do Bhainistiú Teagmhas taifead a choimeád freisin ar theagmhais chun críocha tuairiscithe agus comhtháthú a dhéanamh le próisis eile chun feabhas leanúnach a bhrú chun cinn.

·I gcomhthéacs domhanda, cuimsítear na gníomhaíochtaí seo a leanas le Bainistiú Teagmhas:

·Teagmhais a bhrath agus a thaifeadadh

·Aicmiú agus tacaíocht tosaigh

·Imscrúdú agus diagnóisiú

·Réiteach agus athshlánú

·Clabhsúr a chur ar theagmhas

Ar feadh saolré teagmhais, bíonn an próiseas Bainistithe Teagmhas freagrach as láimhseáil leanúnach na húinéireachta, an fhaireacháin, an rianaithe agus na cumarsáide.

4.1.Teagmhais a bhrath agus a thaifeadadh

Is féidir le grúpa tacaíochta teagmhas a bhrath, trí bhíthin uirlisí faireacháin uathoibrithe nó is féidir le foireann theicniúil a bhíonn i mbun gnáth‑fhaireacháin é a bhrath.

A luaithe a bhraitear teagmhas, ní mór é a thaifeadadh agus aitheantóir sainiúil a shannadh dó, rud lena mbítear in ann rianú agus faireachán teagmhais a dhéanamh i gceart. Is é atá in aitheantóir sainiúil teagmhais an t‑aitheantóir a shannann Deasc Seirbhíse an Pháirtí (an tAontas nó an Eilvéis) sa chomhchóras ticéadaithe inar tarraingíodh anuas an teagmhas, agus ní mór é a úsáid i ngach cumarsáid a bhaineann leis an teagmhas sin.

I gcás gach teagmhais, ba cheart gurb í Deasc Seirbhíse an Pháirtí a logáil an ticéad an pointe teagmhála.

4.2.Aicmiú agus tacaíocht tosaigh

Tá sé mar aidhm ag an aicmiú teagmhas an córas agus/nó an tseirbhís dá ndéantar difear a thuiscint agus a shainaithint, agus méid an difir sin. D’fhonn a bheith éifeachtach, ba cheart don aicmiú an teagmhas a dhíriú ar an acmhainn cheart ar an gcéad dul síos, ionas gur tapúla a bheifear in ann réiteach a fháil ar an teagmhas.

Sa chéim aicmithe, ba cheart go ndéanfaí an teagmhas a chatagóiriú agus a chur in ord tosaíochta de réir a thionchair agus a phráinne, ionas go gcaithfear leis de réir na tréimhse ama ábhartha ar bhonn tosaíochta.

I gcás ina bhféadfadh tionchar a bheith ag an teagmhas ar rúndacht nó ar shláine sonraí íogaire, agus/nó go bhféadfadh tionchar a bheith aige ar infhaighteacht an chórais, ba cheart an teagmhas a dhearbhú freisin mar theagmhas slándála agus é a bhainistiú ansin de réir an phróisis atá sainithe sa chaibidil ar ‘Bainistiú Teagmhas Slándála’ den doiciméad seo.

Más féidir, is í an Deasc Seirbhíse a logáil an ticéad a dhéanann an diagnóisiú tosaigh. Chuige sin, féachfaidh an Deasc Seirbhíse ar cibé an earráid aitheanta é an teagmhas. Sa chás sin, bíonn an cosán réitigh nó an chaoi a n‑oibrítear timpeall air ar eolas agus doiciméadaithe cheana féin.

Má éiríonn leis an Deasc Seirbhíse an teagmhas a réiteach, cuirfidh sí clabhsúr ar an teagmhas ag an bpointe sin, toisc gur comhlíonadh príomhchuspóir an Bhainistithe Teagmhas (is é sin athchóiriú tapa na seirbhíse don úsáideoir deiridh). Mura réitítear an teagmhas, cuirfidh an Deasc Seirbhíse an teagmhas ar aghaidh chuig an ngrúpa taifeora iomchuí i gcomhair breis imscrúdaithe agus diagnóisithe.

4.3.Imscrúdú agus diagnóisiú

Cuirtear imscrúdú agus diagnóisiú teagmhas i bhfeidhm nuair nach féidir leis an Deasc Seirbhíse an teagmhas a réiteach mar chuid den diagnóis tosaigh, agus dá bhrí sin déantar é a chur ar aghaidh go dtí an chéad cheim eile de réir mar is cuí. Is cuid iomlán den phróiseas imscrúdaithe agus diagnóisithe teagmhas a chur ar aghaidh.

Cleachtas coitianta sa chéim imscrúdaithe agus diagnóisithe is ea an iarracht a dhéantar an teagmhas a athchruthú faoi choinníollacha rialaithe. Tá sé tábhachtach, nuair a bhítear i mbun imscrúdú agus diagnóisiú ar theagmhas, go dtuigfear ord ceart na n‑eachtraí arb iad ba chúis an teagmhas.

Teagmhas a chur ar aghaidh, is aitheantas é nach féidir an teagmhas a réiteach ar an leibhéal tacaíochta reatha, agus go gcaithfear é a chur ar aghaidh chuig grúpa tacaíochta ar leibhéal níos airde nó chuig an bPáirtí eile. Is féidir leis an gur ar aghaidh sin dhá threo a leanúint: cothrománach (feidhmiúil) nó ingearach (ordlathach).

Tá an Deasc Seirbhíse a thaifead agus a thionscain an teagmhas freagrach as an teagmhas a chur ar aghaidh chuig an acmhainn iomchuí agus as stádas agus sannadh foriomlán an teagmhais a rianú.

Tá an Páirtí dar sannadh an teagmhas freagrach as a áirithiú go ndéantar na gníomhaíochtaí a iarrtar ar bhealach tráthúil, agus as aiseolas a thabhairt do Dheasc Seirbhíse a Pháirtí féin.

4.4.Réiteach agus athshlánú

Déantar réiteach agus athshlánú ar theagmhas a luaithe a thuigtear an teagmhas ina iomláine. Nuair a fhaightear réiteach ar theagmhas ciallaíonn sé sin gur sainaithníodh bealach chun an cheist a chur ina ceart. Is é an gníomh a dhéantar chun an réiteach a chur i bhfeidhm an chéim athshlánaithe.

A luaithe is a réitíonn na hacmhainní iomchuí an teip sa tseirbhís, déanfar an teagmhas a threorú ar ais chuig an Deasc Seirbhíse ábhartha, a rinne an teagmhas a logáil agus deimhníonn sí le tionscnóir an teagmhais gur réitíodh an earráid agus gur féidir clabhsúr a chur ar an teagmhas. Déanfar na torthaí ó phróiseáil an teagmhais a thaifeadadh ionas gur féidir iad a úsáid sa todhchaí.

Is féidir le foireann tacaíochta TF an t‑athshlánú a dhéanamh nó is féidir é a dhéanamh trí shraith treoracha a chaithfear a leanúint a thabhairt don úsáideoir deiridh.

4.5.Clabhsúr a chur ar theagmhas

Clabhsúr an chéim dheiridh sa phróiseas Bainistithe Teagmhas agus tarlaíonn sé achar gairid tar éis an teagmhas a réiteach.

As measc an tseicliosta gníomhaíochtaí a chaithfear a dhéanamh i rith chéim an chlabhsúir, tarraingítear aird ar an méid seo a leanas:

·An catagóiriú tosaigh a sannadh don teagmhas a bhailíochtú;

·An fhaisnéis go léir a bhaineann leis an teagmhas a ghabháil i gceart;

·An teagmhas a dhoiciméadú i gceart agus an bonn eolais a thabhairt cothrom le dáta;

·Cumarsáid leordhóthanach a dhéanamh le gach páirtí leasmhar dá ndéantar difear go díreach nó go hindíreach de thoradh an teagmhais.

Cuirtear clabhsúr foirmiúil ar theagmhas a luaithe a chuireann an Deasc Seirbhíse céim chlabhsúir an teagmhais i gcrích agus nuair a chuirtear sin in iúl don Pháirtí eile.

Ní osclaítear teagmhas in athuair tar éis clabhsúr a bheith curtha air. Má tharlaíonn teagmhas arís laistigh de thréimhse ghearr ansin, ní osclófar an teagmhas bunaidh; ní mór ina ionad sin teagmhas nua a logáil.

Má dhéanann Deasca Seirbhíse an Aontais agus na hEilvéise araon rianú ar an teagmhas, is í an Deasc Seirbhíse a logáil an ticéad a bheidh freagrach as clabhsúr a chur air sa deireadh.

5.Bainistiú Fadhbanna

Ba cheart an nós imeachta seo a leanúint uair ar bith a shainaithnítear fadhb agus a thionscnaítear dá bhrí sin an próiseas Bainistithe Fadhbanna. Le Bainistiú Fadhbanna dírítear ar cháilíocht a fheabhsú agus ar líon na dteagmhas a tharraingítear anuas a laghdú. Féadfaidh fadhb a bheith ina cúis le teagmhas amháin nó níos mó. Nuair a thuairiscítear teagmhas, is é an cuspóir a bhíonn ag Bainistiú Teagmhas an tseirbhís a chur ar ais chomh tapa agus is féidir, agus d’fhéadfadh dul timpeall a bheith mar chuid den réiteach sin. Nuair a chruthaítear fadhb, bíonn sé mar chuspóir bunchúis na ceiste a imscrúdú d’fhonn athrú a shainaithint lena n‑áiritheofar nach dtarlóidh an fhadhb agus na teagmhais ghaolmhara níos mó.

5.1.Sainaithint agus taifeadadh fadhbanna

Ag brath ar cén Páirtí a thionscain an ticéad, beidh Deasc Seirbhíse an Aontais nó Deasc Seirbhíse na hEilvéise ar an bpointe teagmhála le haghaidh nithe a bhaineann le fadhbanna.

Is é atá in aitheantóir sainiúil faidhbe an t‑aitheantóir a shanntar ag an mBainistíocht Seirbhíse TF (BSTF). Ní mór é a úsáid i ngach cumarsáid a bhaineann leis an bhfadhb sin.

Is féidir le teagmhas fadhb a thionscain nó is féidir í a oscailt mar ghníomh féin‑thionscanta chun ceisteanna a bhraitear sa chóras ag aon chéim a réiteach.

5.2.Tosaíocht a thabhairt d’Fhadhb

Is féidir fadhbanna a chur i gcatagóirí de réir a dtromchúise agus a dtosaíochta ar an gcaoi chéanna le teagmhais d’fhonn a rianú a éascú, agus tionchar na dteagmhas gaolmhar agus a minicíocht á gcur san áireamh.

5.3.Fadhb a imscrúdú agus a dhiagnóisiú

Féadann gach Páirtí fadhb a tharraingt anuas agus beidh Deasc Seirbhíse an Pháirtí tionscanta freagrach as an bhfadhb a logáil, í a shannadh don acmhainn iomchuí agus as an stádas foriomlán a rianú.

Is é an grúpa taifeora ar cuireadh an fhadhb ar aghaidh chuige a bheidh freagrach as an bhfadhb a láimhseáil ar bhealach tráthúil agus as cumarsáid a dhéanamh leis an Deasc Seirbhíse.

Arna iarraidh sin, beidh an dá Pháirtí freagrach as a áirithiú go gcuirfear na gníomhaíochtaí sannta i gcrích, agus as aiseolas a thabhairt do Dheasc Seirbhíse a Pháirtí féin.

5.4.Réiteach

Is é an grúpa taifeora dá sanntar an fhadhb a bheidh freagrach as an bhfadhb a réiteach agus as faisnéis ábhartha a thabhairt do Dheasc Seirbhíse a Pháirtí féin.

Beidh torthaí phróiseáil na faidhbe le taifeadadh ionas gur féidir úsáid a bhaint astu sa todhchaí.

5.5.Clabhsúr a chur ar an bhfadhb

Déantar fadhb a réiteach tríd an t‑athrú a chur chun feidhme agus cuirtear clabhsúr uirthi díreach ina dhiaidh sin. Is í an Deasc Seirbhíse a rinne an fhadhb a logáil a bheidh ag plé le céim chlabhsúir na faidhbe agus cuirfidh sí Deasc Seirbhíse an Pháirtí eile ar an eolas maidir leis.

6.Iarraidh a Chomhlíonadh

Is é atá sa Phróiseas maidir le hIarraidh a Chomhlíonadh bainistiú ó cheann go ceann iarrata ar sheirbhís nua nó seirbhís reatha ón bpointe a gcláraítear agus a gceadaítear é go dtí go gcuirtear clabhsúr air. De ghnáth is é a bhíonn in Iarrataí ar Sheirbhís iarrataí beaga réamhshainithe ar féidir iad a dhéanamh arís is arís, a tharlaíonn go minic agus a bhíonn réamhcheadaithe, agus iarrataí nós imeachta.

Leagtar amach thíos na príomhchéimeanna a chaithfear a leanúint:

6.1.Iarraidh a Thionscain

Cuirtear an fhaisnéis a bhaineann le hIarraidh ar Sheirbhís faoi bhráid Dheasc Seirbhíse an Aontais nó Deasc Seirbhíse na hEilvéise le ríomhphost, ar an bhfón, nó tríd an uirlis Bainistíochta Seirbhíse TF (BSTF) nó trí mhodh cumarsáide eile a bheidh aontaithe.

6.2.Iarraidh a Logáil agus a Anailísiú

I gcás gach Iarrata ar Sheirbhís, ba cheart gurb í Deasc Seirbhíse an Aontais nó Deasc Seirbhíse na hEilvéise an pointe teagmhála, ag brath ar cén Páirtí a tharraing anuas an Iarraidh ar Sheirbhís. Beidh an Deasc Seirbhíse sin freagrach as an Iarraidh ar Sheirbhís a logáil agus a anailísiú leis an dúthracht iomchuí.

6.3.Formheas Iarrata

Seiceálfaidh Gníomhaire Dheasc Seirbhíse an Pháirtí a tharraing anuas an Iarraidh ar Sheirbhís cibé an bhfuil aon cheaduithe ón bPáirtí eile de dhíth agus má bhíonn leanfaidh sé ar aghaidh chun iad a fháil. Mura gceadaítear an Iarraidh ar Sheirbhís, tabharfaidh an Deasc Seirbhíse nuashonrú agus cuireann sí clabhsúr ar an ticéad.

6.4.Iarraidh a chomhlíonadh

Tá an chéim seo ann chun go mbeifear in ann na hIarrataí ar Sheirbhís a láimhseáil go héifeachtach agus go héifeachtúil. Ní mór idirdhealú a dhéanamh idir na cásanna seo a leanas:

·Nach mbíonn tionchar ag comhlíonadh na hIarrata ar Sheirbhís ach ar Pháirtí amháin. Sa chás sin, eiseoidh an Páirtí sin na horduithe oibre agus comhordóidh sé a gcur i bhfeidhm.

·Tionchar a bheith ag cur chun feidhme na hIarrata ar Sheirbhís ar an Aontas agus ar an Eilvéis araon. Sa chás sin, eiseoidh na Deasca Seirbhíse na horduithe oibre ina réimse freagrachta. Déantar próiseáil chomhlíonadh na hIarrata ar Sheirbhís a chomhordú idir an dá Deasc Seirbhíse. Luíonn an fhreagracht fhoriomlán leis an Deasc Seirbhíse a fuair agus a thionscain an Iarraidh ar Sheirbhís.

Nuair a bheidh an Iarraidh ar Sheirbhís réitithe, ní mór a léiriú gur bail réitithe atá uirthi.

6.5.Méadú Iarrata

Is féidir leis an Deasc Seirbhíse an Iarraidh ar Sheirbhís atá le comhlíonadh a chur ar aghaidh chuig an acmhainn iomchuí (tríú Páirtí) más gá.

Déantar cás a chur ar aghaidh chuig na tríú Páirtithe faoi seach, i.e. caithfidh Deasc Seirbhíse AE dul trí Dheasc Seirbhíse CH le cás a chur chuig tríú Páirtí CH, agus a mhalairt.

Tá an tríú Páirtí a gcuirtear an Iarraidh ar Sheirbhís ar aghaidh chuige freagrach as an Iarraidh ar Sheirbhís a láimhseáil ar bhealach tráthúil agus as cumarsáid a dhéanamh leis an Deasc Seirbhíse a chuireann an Iarraidh ar Sheirbhís ar aghaidh.

Tá an Deasc Seirbhíse a rinne an Iarraidh ar Sheirbhís a logáil freagrach as stádas agus sannadh foriomlán Iarrata ar Sheirbhís a rianú.

6.6.Athbhreithniú ar Chomhlíonadh Iarrataí

Cuirfidh an Deasc Seirbhíse atá freagrach an Taifead ar Iarraidh ar Sheirbhís isteach faoi rialú cáilíochta deiridh sula gcuirfear clabhsúr air. Is é an aidhm atá leis a áirithiú go ndéanfar an Iarraidh ar Sheirbhís a phróiseáil i ndáiríre agus go ndéanfar an fhaisnéis go léir atá riachtanach chun tuairisc a thabhairt ar shaolré na hiarrata a chur ar fáil ar bhealach sách mionsonraithe. Ina theannta sin, déanfar torthaí phróiseáil na hiarrata a thaifeadadh ionas gur féidir úsáid a bhaint astu sa todhchaí.

6.7.Clabhsúr a chur ar Iarraidh

Má aontaíonn na Páirtithe sannta gur comhlíonadh an Iarraidh ar Sheirbhís agus go measann an té a rinne an iarraidh go bhfuil an cás réitithe, is é an chéad stádas eile a leagfar síos ná “Clabhsúr ar an Iarraidh”.

Beidh clabhsúr foirmiúil ar Iarraidh ar Sheirbhís a luaithe a chuireann an Deasc Seirbhíse a rinne an Iarraidh ar Sheirbhís a logáil céim clabhsúir na hiarrata i gcrích agus nuair a bheidh Deasc Seirbhíse an Pháirtí eile curtha ar an eolas aige.

7.Athruithe a Bhainistiú

Is é an cuspóir a áirithiú go n‑úsáidtear modhanna agus nósanna imeachta caighdeánaithe ionas go láimhseálfar go héifeachtúil agus go tapa na hathruithe go léir chun an bonneagar TF a rialú, d’fhonn líon agus tionchar aon teagmhas gaolmhar ar an tseirbhís a íoslaghdú. D’fhéadfadh athruithe sa bhonneagar TF teacht chun cinn go frithghníomhach mar fhreagairt ar fhadhbanna nó ar cheanglais a ghearrtar go seachtrach, e.g. athruithe reachtúla, nó eascairt go forghníomhach ó iarrachtaí feabhas a chur ar éifeachtúlacht agus éifeachtach nó tionscnaimh ghnó a chumasú nó a léiriú.

Áirítear leis an bpróiseas um Athruithe a bhainistiú na céimeanna difriúla lena ngabhtar gach mionsonra faoi Iarraidh ar Athrú lena rianú sa todhchaí. Áirithítear leis na próisis sin go mbeidh an t‑athrú bailíochtaithe agus go mbeidh tástáil déanta air sula gcuirtear in úsáid é. Tá an próiseas Bainistithe Eisiúna freagrach as cur in úsáid rathúil.

7.1.Iarraidh ar Athrú

Cuirtear Iarraidh Ar Athrú (RFC) faoi bhráid na foirne Bainistithe Athruithe lena bailíochtú agus lena faomhadh. I gcás gach Iarrata ar Athrú, ba cheart gurb í Deasc Seirbhíse AE nó Deasc Seirbhíse CH an pointe teagmhála, ag brath ar cén Páirtí a tharraing anuas an iarraidh. Beidh an Deasc Seirbhíse sin freagrach as an iarraidh a logáil agus a anailísiú leis an dúthracht iomchuí.

D’fhéadfadh Iarrataí ar Athrú teacht as:

·Teagmhas lena gcruthaítear athrú;

·Fadhb reatha a dtarlaíonn athrú dá barr;

·Úsáideoir deiridh a iarrann athrú nua;

·Athrú de thoradh cothabháil leanúnach;

·Athrú reachtach.

7.2.Meastóireacht ar Athruithe agus iad a Phleanáil

Láimhseáiltear gníomhaíochtaí measúnaithe agus pleanála athruithe sa chéim seo. Áirítear léi gníomhaíochtaí tosaíochta agus pleanála chun an riosca agus an tionchar a íoslaghdú.

Má chuireann cur chun feidhme RFC isteach ar an Aontas agus ar an Eilvéis, deimhníonn an Páirtí a rinne RFC a logáil an mheastóireacht ar athruithe agus a bpleanáil leis an bPáirtí eile.

7.3.Formheas athruithe

Ní mór don leibhéal cur ar aghaidh ábhartha aon iarraidh chláraithe ar athrú a fhormheas.

7.4.Athruithe a Chur chun feidhme

Láimhseáiltear cur chun feidhme athruithe sa Bhainistiú Eisiúna. Leanann foirne Bainistithe Eisiúna an dá Pháirtí a bpróisis féin lena mbaineann pleanáil agus tástáil. Tarlaíonn an t‑athbhreithniú ar athruithe a luaithe a chríochnaítear an cur chun feidhme. D’fhonn a áirithiú go ndéantar gach rud de réir mar a bheartaítear déantar an próiseas reatha um Athruithe a Bhainistiú a athbhreithniú go leanúnach agus a nuashonrú cibé uair is gá.

8.Bainistiú Eisiúna

Is éard atá in eisiúint athrú amháin nó níos mó ar sheirbhís TF, a bhailítear i bplean eisiúna a chaithfear a údarú, a ullmhú, a thógáil, a thástáil, agus a úsáid le chéile. D’fhéadfadh réiteach fabht a bheith i gceist le heisiúint aonair, athrú ar chrua-earraí nó ar chomhpháirteanna eile, athruithe ar bhogearraí, uasghráduithe ar leaganacha feidhmchláir, athruithe ar dhoiciméid agus/nó ar phróisis. Déantar inneachar gach eisiúna a bhainistiú, a thástáil agus a úsáid mar eintiteas aonair.

Tá sé mar aidhm ag Bainistiú Eisiúna cumas a phleanáil, a thógáil, a thástáil agus a bhailíochtú, agus a sholáthar chun na seirbhísí deartha a chur ar fáil lena mbainfear amach ceanglais na bpáirtithe leasmhara agus lena soláthrófar na cuspóirí beartaithe. Déanfar na critéir inghlacthachta le haghaidh na n‑athruithe uile ar an tseirbhís a shainiú agus a dhoiciméadú le linn chomhordú an deartha agus cuirfear ar fáil d’fhoirne Bainistithe Eisiúna iad.

Cuimseofar de ghnáth leis an eisiúint roinnt réitithe ar fhadhbanna agus feabhsuithe ar sheirbhís. Is é a bhíonn na bogearraí nua nó na bogearraí athraithe is gá agus aon chrua-earraí nua nó crua-earraí athraithe is gá chun na hathruithe ceadaithe a chur chun feidhme.

8.1.An eisiúint a phleanáil

Ar an gcéad chéim den phróiseas sanntar athruithe údaraithe ar phacáistí eisiúna agus sainítear raon feidhme agus inneachar na n‑eisiúintí. Bunaithe ar an bhfaisnéis sin, forbraítear sceideal ar an bhfo-phróiseas Pleanála Eisiúna chun an eisiúint a thógáil, a thástáil agus a úsáid.

Ba cheart go saineofaí leis an bpleanáil:

·Raon feidhme agus inneachar na heisiúna;

·Measúnú riosca agus próifíl riosca i gcomhair na heisiúna;

·An custaiméir/na húsáideoirí a ndéanfaidh an eisiúint difear dóibh;

·An fhoireann a bheidh freagrach as an eisiúint;

·Straitéis soláthair agus cur in úsáid;

·Acmhainní i gcomhair na heisiúna agus an chur in úsáid.

Cuirfidh gach Páirtí an Páirtí eile ar an eolas maidir lena phleanáil eisiúna agus lena fhuinneoga cothabhála. Má dhéanann difear don Aontas agus don Eilvéis araon, comhordóidh siad an phleanáil agus saineoidh siad ionú coiteann cothabhála.

8.2.Tógáil agus Tástáil Pacáiste Eisiúna

Ag céim tógála agus tástála an phróisis Bainistithe Eisiúna bunaítear an cur chuige i leith an eisiúint nó an pacáiste eisiúna a chur i gcrích agus na timpeallachtaí rialaithe a chothabháil sula ndéantar an táirgeadh a athrú, chomh maith leis na hathruithe go léir i ngach timpeallacht eisithe a thástáil.

Má dhéanann eisiúint difear don Aontas agus don Eilvéis araon, déanfaidh siad comhordú ar na pleananna agus ar na tástálacha soláthair. Áirítear na gnéithe seo a leanas leis sin:

·Conas agus cathain a sheachadfar aonaid eisiúna agus comhpháirteanna seirbhíse;

·Cad iad na hagaí seachadta tipiciúla; Cad a tharlaíonn má bhíonn moill i gceist;

·Conas dul chun cinn an tsoláthair a rianú agus deimhniú a fháil;

·An mhéadracht chun rath na hiarrachta ar chur in úsáid na heisiúna a fhaire agus a chinneadh;

·Cásanna tástála coiteanna le haghaidh feidhmiúlachtaí agus athruithe ábhartha.

Ag deireadh an fho-phróisis sin, beidh na comhpháirteanna eisiúna ar fad is gá réidh le dul isteach sa chéim cur in úsáid bheo.

8.3.Ullmhú don chur in úsáid

Áirithítear leis an bhfo-phróiseas ullmhúcháin go ndéantar na pleananna cumarsáide a shainiú i gceart agus go mbíonn fógraí réidh le seoladh chuig gach páirtí leasmhar agus úsáideoir deiridh dá ndéantar difear, agus go ndéantar an eisiúint a chomhtháthú leis an bpróiseas Bainistithe Athruithe lena áirithiú go ndéantar na hathruithe go léir ar bhealach rialaithe agus agus go ndéanann na fóraim, a gcuirtear an ceanglas sin orthu, iad a fhormheas.

Má dhéanann eisiúint difear don Aontas agus don Eilvéis araon, déanfaidh siad comhordú ar na gníomhaíochtaí seo a leanas:

·Taifead ar Iarraidh ar Athrú chun cur in úsáid sa timpeallacht táirgthe a sceidealú agus a ullmhú;

·Plean cur chun feidhme a chruthú;

·Cur chuige rollta siar, ionas, i gcás ina dteipeann ar an gcur in úsáid, gur féidir filleadh ar an staid roimhe sin;

·Fógraí a sheoladh chuig gach Páirtí is gá;

·Formheas a cheangal chun an eisiúint a chur chun feidhme ón leibhéal méadaithe ábhartha.

8.4.Rolladh siar ar an eisiúint

I gcás ina dteipeann ar an gcur in úsáid nó inar sainaithníodh leis an tástáil nár éirigh leis an úsáid nó nár comhlíonadh na critéir inghlacthachta/cháilíochta a comhaontaíodh, caithfidh foirne Bainistithe Eisiúna an dá Pháirtí rolladh siar go dtí an staid roimhe sin. Caithfear gach páirtí leasmhar riachtanach a chur ar an eolas, lena n‑áirítear úsáideoirí deiridh dá ndéantar difear/ar a ndírítear. Ag feitheamh ar fhormheas, féadfar an próiseas a atosú ag aon cheann de na céimeanna roimhe sin.

8.5.An eisiúint a athbhreithniú agus clabhsúr a chur uirthi

Le linn don chur in úsáid a bheith á athbhreithniú, ba cheart na gníomhaíochtaí seo a leanas a chur san áireamh:

·Aiseolas a fháil ar shástacht an chustaiméara, an úsáideora agus an tsoláthair seirbhíse leis an gcur in úsáid (an t‑aiseolas a bhailiú agus a bhreithniú ar mhaithe le feabhas a chur leanúnach ar an tseirbhís);

·Aon chritéir cháilíochta nár comhlíonadh a athbhreithniú;

·A sheiceáil cibé an ndearnadh aon ghníomhartha, réitigh riachtanacha agus athruithe;

·A chinntiú nach bhfuil aon cheisteanna maidir le hinniúlacht, acmhainn, cumas nó feidhmíocht ag deireadh an chur in úsáid;

·Maidir le haon fhadhbanna, earráidí atá ar eolas agus dul timpeall doiciméadaithe, a sheiceáil go nglacann an custaiméir, na húsáideoirí deiridh, an tacaíocht oibríochta, agus na Páirtithe eile dá ndéantar difear leo;

·Teagmhais agus fadhbanna a chruthaítear leis an gcur in úsáid a fhaire (tacaíocht luathshaoil a chur ar fáil d’fhoirne oibríochta i gcás inar tháinig méadú ar an obair mar gheall ar an eisiúint);

·An doiciméadacht tacaíochta a thabhairt cothrom le dáta (i.e. na doiciméid ina bhfuil an fhaisnéis theicniúil);

·Cur in úsáid na heisiúna a thabhairt ar láimh go foirmiúil d’oibríochtaí seirbhíse;

·Na ceachtanna a foghlaimíodh a dhoiciméadú;

·An doiciméad ina bhfuil achoimre na heisiúna a bhailiú ó fhoirne cur chun feidhme;

·Clabhsúr a chur ar an eisiúint go foirmiúil tar éis an taifead ar Iarraidh ar Athrú a fhíorú.

9.Bainistiú Teagmhas Slándála

Is é atá i mBainistiú Teagmhas Slándála próiseas chun teagmhais slándála a láimhseáil d’fhonn cumarsáid faoi theagmhais a dhéanamh le páirtithe leasmhara a bhféadfaí difear a dhéanamh dóibh; Meastóireacht ar theagmhais agus tosaíocht maidir le teagmhais a shocrú; agus freagairt do theagmhais chun aon sárú iarbhír, amhrasta nó ionchais ar rúndacht, infhaighteacht nó sláine na sócmhainní faisnéise íogaire a shocrú.

9.1.Catagóiriú na dTeagmhas Slándála Faisnéise

Déanfar anailís ar gach teagmhas a dhéanann difear don nasc idir Clárlann an Aontais agus clárlann na hEilvéise chun sárú féideartha ar rúndacht, sláine nó infhaighteacht aon fhaisnéise íogaire a taifeadadh ar an Liosta Faisnéise Íogaire (SIL) a chinneadh.

I gcás inarb ann do shárú, déanfar tuairisciú ar an teagmhas mar theagmhas slándála faisnéise, clárófar é láithreach san uirlis Bainistíochta Seirbhíse TF (BSTF) agus déanfar bainistiú air mar sin.

9.2.Láimhseáil an Teagmhais Slándála Faisnéise

Cuirtear Teagmhais Slándála faoi chúram an tríú leibhéal cur ar aghaidh agus láimhseálfaidh Foireann Bainistithe Teagmhas ( FBT) thiomnaithe réiteach na dteagmhas.

Tá FBT freagrach as:

·An chéad anailís ar dhéine an teagmhais a dhéanamh, é a chatagóiriú agus é a rátáil;

·Gníomhaíochtaí a chomhordú idir na páirtithe leasmhara go léir lena n‑áirítear na doiciméid ar fad a bhaineann leis an anailís ar an teagmhas, na cinntí a glacadh chun dul i ngleic leis an teagmhas agus na laigí sainaitheanta féideartha;

·Ag brath ar dhéine an teagmhais slándála, cur ar aghaidh tráthúil go dtí an leibhéal atá iomchuí don fhaisnéis agus/nó don chinneadh.

Sa phróiseas Bainistithe Slándála Faisnéise, déantar an fhaisnéis ar fad maidir le teagmhais a aicmiú ar an leibhéal íogaireachta faisnéise is airde, ach ar leibhéal nach ísle é ná ETS ÍOGAIR i gcás ar bith.

I gcás imscrúdú leanúnach agus/nó laige a d’fhéadfaí a shaothrú agus go dtí go leigheasfar é, beidh an fhaisnéis aicmithe mar ETS CRITICIÚIL.

9.3.Teagmhas Slándála a Aithint

Bunaithe ar an gcineál eachtra slándála, cinnfidh an t‑oifigeach slándála faisnéise na heagraíochtaí iomchuí a bheidh rannpháirteach agus a bheidh mar chuid de FBT.

9.4.Anailís ar Theagmhas Slándála

Oibríonn FBT le gach eagraíocht rannpháirteach agus le comhaltaí ábhartha a gcuid foirne, de réir mar is iomchuí, chun athbhreithniú a dhéanamh ar an teagmhas. I rith na hanailíse, sainaithnítear fairsinge rúndacht, sláine nó caillteanas infhaighteachta sócmhainne agus déantar measúnú ar na hiarmhairtí le haghaidh gach eagraíochta a ndéantar difear di. Ansin, déantar gníomhaíochtaí tosaigh agus leantacha a shainiú chun an teagmhas a réiteach agus a thionchar a bhainistiú, lena n‑áirítear tionchar na ngníomhaíochtaí ó thaobh acmhainní de.

9.5.Measúnú ar Dhéine an Teagmhais Slándála, Cur ar Aghaidh agus Tuairisciú

Déanfaidh FBT measúnú ar dhéine aon teagmhais nua slándála tar éis é a shaintréithiú agus tosóidh sé an gníomh a cheanglaítear láithreach de réir dhéine an teagmhais.

9.6.Tuairisciú na Freagartha Slándála

Áirítear le FBT srianadh teagmhais agus torthaí athshlánaithe sa tuarascáil freagartha ar theagmhas slándála faisnéise. Cuirtear an tuarascáil ar fáil don tríú leibhéal cur ar aghaidh trí úsáid a bhaint as ríomhphost slán nó modhanna eile cumarsáide sláine a bhfuil glacadh coiteann leo.

Déanfaidh an Páirtí freagrach athbhreithniú ar an srianadh agus ar na torthaí athshlánaithe agus:

·An chlárlann a athnascadh i gcás ina raibh dínascadh i gceist roimhe sin;

·Cumarsáid maidir le teagmhais a chur ar fáil do na foirne clárlainne;

·Clabhsúr a chur ar an teagmhas.

Ba cheart go n‑áireofaí le FBT – ar bhealach slán – sonraí ábhartha sa tuarascáil ar theagmhas slándála faisnéise d’fhonn taifeadadh agus cumarsáid leanúnach a áirithiú agus ionas go mbeifear in ann gníomh tapa agus iomchuí a chumasú chun an teagmhas a shrianadh. Tar éis í a chur i gcrích, cuirfidh FBT an tuarascáil deiridh faoin teagmhas slándála faisnéise ar fáil in am trátha.

9.7.Faireachán, Tógáil Cumais agus Feabhas Leanúnach

Cuirfidh FBT tuarascálacha ar fáil le haghaidh gach teagmhais slándála ar an tríú leibhéal cur ar aghaidh. Úsáidfidh an leibhéal cur ar aghaidh sin na tuarascálacha chun an méid seo a leanas a chinneadh:

·Pointí laga i rialuithe slándála agus/nó an oibríocht nach mór a neartú;

·Riachtanais fhéideartha an nós imeachta seo a fheabhsú d’fhonn éifeachtacht a fhreagartha ar theagmhais a fheabhsú;

·Deiseanna oiliúna agus tógála cumais chun athléimneacht slándála faisnéise na gcóras clárlainne a neartú a thuilleadh, agus an baol go dtarlóidh teagmhais sa todhchaí a laghdú agus a dtionchar a íoslaghdú.

10.Bainistiú Slándála Faisnéise

Tá sé mar aidhm ag Bainistiú Slándála Faisnéise rúndacht, sláine agus infhaighteacht faisnéise aicmithe, sonraí agus seirbhísí TF eagraíochta a áirithiú. Mar aon leis na comhpháirteanna teicniúla lena n‑áirítear a ndearadh agus a dtástáil (féach LTS), beidh na nósanna imeachta oibríochta comhchoiteanna seo a leanas riachtanach chun na ceanglais slándála don réiteach sealadach a chomhlíonadh.

10.1.Faisnéis íogair a shainaithint 

Is trí trí leibhéal an Tionchair ar an nGnó a chinneadh (e.g. caillteanais airgeadais, díghrádú íomhá, sárú ar an dlí...), a d’fhéadfadh a bheith ina shárú slándála a bhaineann leis an bhfaisnéis seo, a dhéantar íogaireacht faisnéise a mheasúnú.

Sainaithneofar sócmhainní na faisnéise íogaire ar bhonn an tionchair a bheidh acu ar an nascadh.

Déanfar measúnú ar leibhéal íogaireachta na faisnéise sin de réir an scála íogaireachta is infheidhme don nascadh seo agus atá mionsonraithe sa rannán ‘Láimhseáil an Teagmhais Slándála Faisnéise’ den doiciméad seo.

10.2.Leibhéil íogaireachta na Sócmhainní Faisnéise

A luaithe a bhíonn sí aitheanta, aicmítear an tsócmhainn faisnéise trí na rialacha seo a leanas a chur i bhfeidhm:

·Má shainaithnítear leibhéal rúndachta, sláine nó infhaighteachta ARD amháin ar a laghad aicmítear an tsócmhainn mar ETS CRITICIÚIL;

·Má shainaithnítear leibhéal rúndachta, sláine nó infhaighteachta MEÁNACH amháin ar a laghad, aicmeofar an tsócmhainn mar ETS ÍOGAIR;

·Má shainaithnítear leibhéil rúndachta, shláine nó infhaighteachta ÍSLE agus iad sin amháin, aicmeofar an tsócmhainn mar ETS TEORANTA.

10.3.Úinéir na Sócmhainní Faisnéise a Shannadh

Ba cheart do na sócmhainní faisnéise ar fad úinéir sannta a bheith acu. Ba cheart sócmhainní faisnéise ETS, ar leis an nasc iad nó i gcomhar leis an nasc idir EUTL agus SSTL a áireamh i gcomhliosta fardail sócmhainne, a bheidh á choimeád ag an dá Pháirtí. Ba cheart sócmhainní faisnéise ETS lasmuigh den nasc idir EUTL agus SSTL a áireamh i liosta fardail sócmhainne, a bheidh á choimeád ag an bPáirtí i gceist.

Comhaontóidh na Páirtithe úinéireacht gach sócmhainne faisnéise ar leis an nasc í nó i gcomhar leis an nasc idir EUTL agus SSTL. Beidh úinéir sócmhainne faisnéise freagrach as a híogaireacht a mheas.

Ba cheart don úinéir sinsearacht a bheith aige a bheidh iomchuí do luach na sócmhainne/sócmhainní sannta. I dtaca le freagracht an úinéara as na sócmhainní agus an oibleagáid maidir leis an leibhéal riachtanach rúndachta, sláine agus infhaighteachta a choimeád, ba cheart í sin a chomhaontú agus a chur ar bhonn foirmiúil.

10.4.Clárú na Faisnéise íogaire 

Clárófar gach faisnéis íogair sa Liosta Faisnéise Íogaire (SIL).

I gcás inarb ábhartha, cuirfear san áireamh comhshuimiú faisnéise íogaire as a bhféadfadh tionchar níos airde eascairt ná an tionchar a bheidh ag faisnéis aonair amháin agus clárófar é i SIL (e.g. an tacar faisnéise a stóráiltear i mbunachar sonraí an chórais).

Is liosta beo é SIL. D’fhéadfadh athrú gan choinne teacht ar bhagairtí, leochaileachtaí, an dóchúlacht nó na hiarmhairtí a bheadh ag teagmhais slándála a bhaineann leis na sócmhainní agus d’fhéadfaí sócmhainní nua a thabhairt isteach in oibríocht chórais na gclárlann.

Dá bhrí sin, déanfar athbhreithniú rialta ar SIL agus déanfar aon fhaisnéis nua a shainaithneofar mar fhaisnéis íogair a chlárú láithreach i SIL.

Beidh an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad i SIL le haghaidh gach iontrála:

·Tuairisc ar an bhfaisnéis

·Úinéir na faisnéise

·Leibhéal íogaireachta

·Tásc má áirítear sonraí pearsanta leis an bhfaisnéis

·Faisnéis bhreise más gá

10.5.Faisnéis íogair a láimhseáil 

Nuair a phróiseáiltear í lasmuigh den nasc idir Clárlann an Aontais agus Clárlann na hEilvéise, láimhseálfar faisnéis íogair de réir na dTreoracha Láimhseála.

Déanfar faisnéis íogair a phróiseáiltear trí nasc idir Clárlann an Aontais agus Clárlann na hEilvéise a láimhseáil ag na Páirtithe i gcomhréir leis ceanglais Slándála.

10.6.Bainistiú Rochtana 

Is é an cuspóir atá le Bainistiú Rochtana an ceart a dheonú d’úsáideoirí údaraithe chun seirbhís a úsáid, agus cosc a chur ar rochtain d’úsáideoirí neamhúdaraithe ag an am céanna. Déantar tagairt do Bhainistiú Rochtana uaireanta freisin mar ‘Bainistiú Ceart’ nó ‘Bainistiú Aitheantais’.

Maidir leis an réiteach sealadach agus a fheidhmiú, is gá don dá Pháirtí rochtain a bheith acu ar na comhpháirteanna seo a leanas:

·Vicí: Timpeallacht chomhoibritheach chun faisnéis choiteann a mhalartú, ar nós pleanáil eisiúna;

·Uirlis Bainistíochta Seirbhíse TF le haghaidh bainistiú teagmhas agus fadhbanna (féach an chaibidil ar ‘Cur Chuige agus Caighdeáin’);

·Córas malartaithe teachtaireachtaí: cuirfidh gach Páirtí córas aistrithe slán i gcomhair malartú teachtaireachtaí ar fáil chun na teachtaireachtaí ina bhfuil na sonraí idirbheartaíochta a tharchur.

Áirithíonn riarthóir chlárlann na hEilvéise agus riarthóir lárnach an Aontais go bhfuil an rochtain cothrom le dáta agus go ngníomhaíonn na clárlanna mar phointí teagmhála dá gcuid Páirtithe i gcomhair gníomhaíochtaí bainistithe rochtana. Láimhseáiltear iarrataí rochtana de réir na nósanna imeachta um Iarraidh a Chomhlíonadh.

10.7.Bainistiú Deimhnithe/Eochracha 

Tá gach Páirtí freagrach as a bhainistiú deimhnithe/eochracha féin (giniúint, clárú, stóráil, suiteáil, úsáid, athnuachan, aisghairm, cúltaca agus athshlánú deimhnithe/eochracha). Mar a leagtar amach in Na Caighdeáin Theicniúla a Nascadh (LTS), ní úsáidfear ach amháin deimhnithe a eisíonn Údarás Deimhnithe ina bhfuil iontaoibh ag an dá Pháirtí. Maidir le láimhseáil agus stóráil na ndeimhnithe/n‑eochracha, ní mór go leanfar leo na forálacha a shocraítear sna Treoracha Láimhseála.

Déanfaidh an dá Pháirtí comhordú ar aon aisghairm agus/nó athnuachan ar dheimhnithe agus eochracha. Tarlóidh sé sin de réir na nósanna imeachta maidir le hIarraidh a Chomhlíonadh.

Malartóidh riarthóir chlárlann na hEilvéise agus riarthóir lárnach an Aontais deimhnithe/eochracha trí bhealaí slána cumarsáide de réir na bhforálacha a leagtar síos sna Treoracha Láimhseála.

Aon fhíorú ar dheimhnithe/eochracha ar aon bhealach idir na Páirtithe, is as banda a dhéanfar é.

(1)    IO L 322, 7.12.2017, lch. 3.