An Bhruiséil,23.6.2020

COM(2020) 255 final

2020/0123(NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhchoiste a bunaíodh leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir lena gcórais trádála astaíochtaí gás ceaptha teasa a nascadh i dtaca le Nósanna Imeachta Oibríochta Comhchoiteanna a ghlacadh

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.Ábhar an togra

Baineann an togra seo leis an gcinneadh lena mbunaítear an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhchoiste a bunaíodh leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir lena gcórais trádála astaíochtaí gás ceaptha teasa a nascadh i ndáil le glacadh beartaithe cinnidh maidir le Nósanna Imeachta Oibríochta Comhchoiteanna.

2.Comhthéacs an togra

2.1.An Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir lena gcórais trádála astaíochtaí gás ceaptha teasa a nascadh

Is é is aidhm don Chomhaontú idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir lena gcórais trádála astaíochtaí gás ceaptha teasa a nascadh (‘an Comhaontú’) Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh (EU ETS) a nascadh le córas na hEilvéise trí chead a thabhairt lamháltais a úsáidtear i gcóras amháin a thrádáil agus a úsáid ar mhaithe le comhlíonadh sa cheann eile, rud a leathnóidh dá bharr sin na deiseanna a bheidh ann chun maolú a dhéanamh ar an athrú aeráide. Tháinig an Comhaontú i bhfeidhm an 1 Eanáir 2020.

2.2.An Comhchoiste

Tá an Comhchoiste, a bunaíodh le hAirteagal 12 den Chomhaontú, freagrach as an gComhaontú a riar agus a áirithiú go gcuirfear chun feidhme é. Féadfaidh sé cinneadh a dhéanamh iarscríbhinní nua leis an gComhaontú a ghlacadh nó iarscríbhinní atá ann cheana a leasú. Féadfaidh sé freisin leasuithe ar Airteagail an Chomhaontaithe a phlé, malartú tuairimí maidir le reachtaíocht na bPáirtithe a éascú agus athbhreithnithe a dhéanamh ar an gComhaontú.

Is é atá i gcomhlacht déthaobhach an Comhchoiste ionadaithe ó na Páirtithe (an tAontas Eorpach agus an Eilvéis). Comhaontóidh an dá Pháirtí na cinntí a ghlacfaidh an Comhchoiste.

De bhun Airteagal 3(6) den Chomhaontú, cinnfidh riarthóir chlárlann na hEilvéise agus riarthóir lárnach an Aontais nósanna imeachta oibríochta comhchoiteanna a bhainfidh le hábhair teicniúla nó le hábhair eile is gá chun go n‑oibreodh an nasc idir Loga Beartaíochta an Aontais Eorpaigh (EUTL) de Chlárlann an Aontais agus Loga Beartaíochta Forlíontach na hEilvéise (SSTL) de chlárlann na hEilvéise agus tosaíochtaí na reachtaíochta intíre á gcur san áireamh. Beidh éifeacht ag na nósanna imeachta oibríochta comhchoiteanna, ar bheith glactha leo le cinneadh ón gComhchoiste.

2.3.Gníomh beartaithe an Chomhchoiste

Sa tríú cruinniú a bheidh aige, a bheidh ar siúl in 2020, tá an Comhchoiste chun cinneadh a ghlacadh de bhun Airteagal 3(6) den Chomhaontú maidir le Nósanna Imeachta Oibríochta Comhchoiteanna a ghlacadh (‘an gníomh atá beartaithe’).

Is é cuspóir an ghnímh atá beartaithe na nósanna imeachta oibríochta atá le cur i bhfeidhm ag an dá thaobh a chinneadh agus baineann siad le hábhair teicniúla agus le hábhair eile is gá chun an nasc idir EUTL agus SSTL a oibriú agus tosaíochtaí na reachtaíochta intíre á gcur san áireamh. Chuige sin, leagtar amach ann ar na ceanglais nós imeachta i dtéarmaí oibríochta. D’fhonn an riosca calaoise, mí‑úsáide nó gníomhaíochtaí coiriúla lena mbaineann na clárlanna a íoslaghdú agus sláine an naisc a chosaint, ba cheart caitheamh go rúnda leis na sonraí a bhaineann leis na nósanna imeachta riachtanacha chomh maith leis na comaoineacha agus na comhaontuithe is bonn leo. Dá bhrí sin, téitear i ngleic sa ghníomh atá beartaithe leis na gnéithe riachtanacha ar leibhéal sách ard gan na nósanna imeachta agus an fhaisnéis a bhaineann le slándáil agus le sábháilteacht an naisc a thabhairt le fios. Ba cheart iad sin a leagan síos i dtreoirlínte teicniúla breise a fhorbróidh meitheal i gcomhréir le hAirteagal 12(5) den Chomhaontú. Ba cheart go mbeadh riarthóir chlárlann na hEilvéise agus riarthóir lárnach an Aontais ar a laghad sa mheitheal, agus ba cheart don bheirt oibríocht leanúnach, éifeachtach agus éifeachtúil an naisc a áirithiú chomh maith lena chur in oiriúint do dhul chun cinn teicniúil agus do cheanglais nua a bhaineann le sábháilteacht agus le slándáil an naisc. I ngeall ar chineál teicniúil híogair na dtreoirlínte sin agus an gá atá lena gcur in oiriúint chun leibhéal sábháilteachta agus slándála iomchuí an naisc a choimeád, ba cheart ionadaithe an Aontais sa Chomhchoiste a chur ar an eolas agus, i gcás inarb iomchuí, ba cheart go mbeidís in ann treoirlínte den sórt sin a aontú gan cinneadh breise de chuid na Comhairle.

Beidh an gníomh atá beartaithe ceangailteach ar na páirtithe i gcomhréir le hAirteagal 3(6) den Chomhaontú, lena gceanglaítear go mbeidh éifeacht ag na Nósanna Imeachta Oibríochta Comhchoiteanna (COPanna) ar bheith glactha leo le cinneadh ón gComhchoiste. I gcomhréir le hAirteagal 12(3) den Chomhaontú, beidh na cinntí a ghlacfaidh an Comhchoiste sna cásanna dá bhforáiltear sa Chomhaontú seo, ar theacht i bhfeidhm dóibh, ceangailteach ar na Páirtithe.

3.An seasamh a ghlacfar thar ceann an Aontais

Cinntear leis an gCinneadh ón gComhairle atá bunaithe ar an togra seo ón gCoimisiún seasamh an Aontais Eorpaigh maidir le Cinneadh an Chomhchoiste atá le glacadh ar ghlacadh na Nósanna Imeachta Oibríochta Comhchoiteanna le haghaidh oibriú an naisc idir EUTL agus SSTL.

Ceanglaítear le hAirteagal 3(6) den Chomhaontú Nasctha go bhforbrófar Nósanna Imeachta Oibríochta Comhchoiteanna a mbeidh éifeacht acu tar éis don Chomhchoiste iad a ghlacadh. Cinnfear leis na Nósanna Imeachta Oibríochta Comhchoiteanna na nósanna imeachta oibríochta a chaithfidh an dá thaobh a chomhlíonadh chun go mbeidh an nasc idir EUTL agus SSTL oibríochtúil. Ar an gcúis sin, tá siad riachtanach ionas go n‑oibreoidh an nasc.

I gcomhréir le Cinneadh Uimh. 2/2019 ón gComhchoiste 1 an 5 Nollaig 2019 2 , is réiteach sealadach iad na Nósanna Imeachta Oibríochta Comhchoiteanna chun an nasc idir EU ETS agus ETS na hEilvéise a oibríochtú. Ba cheart don réiteach sealadach a bheith ar fáil amhail ó mhí na Bealtaine 2020 nó a luaithe is féidir ina dhiaidh sin.

Is sprioc beartais fadtéarmach de chuid an Aontais Eorpaigh agus an phobail idirnáisiúnta margadh idirnáisiúnta carbóin a fheidhmeoidh go maith a fhorbairt trí chórais trádála astaíochtaí a nascadh ón mbun aníos, go háirithe mar bhealach chun cuspóirí aeráide Chomhaontú Pháras a bhaint amach. I dtaca leis sin, ceadaítear le hAirteagal 25 den Treoir lena mbunaítear Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh (EU ETS) EU ETS a nascadh le córais trádála astaíochtaí eile ar choinníoll go mbeidh siad éigeantach, go mbeidh caidhp iomlán acu ar astaíochtaí agus go mbeidh siad comhoiriúnach, faoi mar atá siad le córas na hEilvéise. Tar éis don Chomhaontú teacht i bhfeidhm an 1 Eanáir 2020, léiríonn cur chun feidhme COPanna céim thábhachtach i dtreo chur chun feidhme an Chomhaontaithe.

4.Bunús dlí

4.1.Bunús dlí nós imeachta

4.1.1.Prionsabail

In Airteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) déantar foráil maidir le cinntí lena mbunaítear ‘na seasaimh a ghlacfar thar ceann an Aontais i gcomhlacht arna chur ar bun trí chomhaontú, nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin gníomhartha a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, cé is moite de ghníomhartha lena bhforlíonfar nó lena leasófar creat institiúideach an chomhaontaithe.’

Áirítear ar na ‘gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo’ gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo de bhua rialacha an dlí idirnáisiúnta lena rialaítear an comhlacht i gceist. Áirítear air freisin ionstraimí nach bhfuil éifeacht cheangailteach leo faoin dlí idirnáisiúnta, ach a ‘bhféadfadh tionchar cinntitheach a bheith acu ar ábhar na reachtaíochta a ghlacfaidh reachtas an Aontais Eorpaigh’ 3 .

4.1.2.Cur i bhfeidhm maidir leis an gcás seo

Is comhlacht é an Comhchoiste a bunaíodh de bhun Airteagal 12 den Chomhaontú idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir lena gcórais trádála astaíochtaí gás ceaptha teasa a nascadh.

An gníomh, a iarrtar ar an gComhchoiste a ghlacadh, is gníomh é a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leis. Beidh an gníomh atá beartaithe ceangailteach faoin dlí idirnáisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 12(3) den Chomhaontú idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir lena gcórais trádála astaíochtaí gás ceaptha teasa a nascadh.

Ní dhéantar creat institiúideach an Chomhaontaithe a fhorlíonadh ná a leasú leis an ngníomh atá beartaithe.

Dá bhrí sin, is é Airteagal 218(9) CFAE bunús dlí nós imeachta an chinnidh atá beartaithe.

4.2.Bunús substaintiúil dlí

4.2.1.Prionsabail

Braitheann an bunús substaintiúil dlí atá le cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE go príomha ar chuspóir agus ar ábhar an ghnímh atá beartaithe a nglacfar seasamh thar ceann an Aontais ina leith. Má shaothraítear dhá aidhm leis an ngníomh atá beartaithe nó má tá dhá chomhpháirt ann agus más féidir ceann de na haidhmeanna nó de na comhpháirteanna sin a shainaithint mar phríomhaidhm nó mar phríomh‑chomhpháirt agus an ceann eile mar aidhm nó comhpháirt theagmhasach, ní mór an cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE a bhunú ar bhunús substaintiúil dlí aonair, is é sin an bunús dlí a éilítear de réir na príomhaidhme nó na príomh‑chomhpháirte.

4.2.2.Cur i bhfeidhm maidir leis an gcás seo

Is leis an gcomhshaol a bhaineann príomhchuspóir agus príomhinneachar an ghnímh atá beartaithe.

Dá bhrí sin, is é Airteagal 192(1) CFAE bunús substaintiúil dlí an chinnidh atá beartaithe.

4.3.Conclúid

Ba cheart Airteagal 192(1) CFAE a bheith ina bhunús dlí don chinneadh atá beartaithe, i gcomhar le hAirteagal 218(9) CFAE.

2020/0123 (NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhchoiste a bunaíodh leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir lena gcórais trádála astaíochtaí gás ceaptha teasa a nascadh i dtaca le Nósanna Imeachta Oibríochta Comhchoiteanna a ghlacadh

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192(1), i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Thug an tAontas an Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir lena gcórais trádála astaíochtaí gás ceaptha teasa a nascadh 4 (‘an Comhaontú’) i gcrích le Cinneadh (AE) 2018/219 ón gComhairle 5 agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Eanáir 2020.

(2)De bhun Airteagal 3(6) den Chomhaontú, féadfaidh an Comhchoiste cinneadh a ghlacadh maidir leis na Nósanna Imeachta Oibríochta Comhchoiteanna a fhorbróidh riarthóir chlárlann na hEilvéise agus riarthóir lárnach an Aontais a bhainfidh le hábhair teicniúla nó nithe eile is gá chun an nascadh a oibriú, agus tosaíochtaí na reachtaíochta intíre á gcur san áireamh. Beidh éifeacht ag COPanna tar éis iad a ghlacadh le cinneadh ón gComhchoiste.

(3)Sa tríú cruinniú a bheidh aige, a bheidh ar siúl in 2020, glacfaidh an Comhchoiste na Nósanna Imeachta Oibríochta Comhchoiteanna a fhorbrófar.

(4)Is iomchuí an seasamh a ghlacfar thar ceann an Aontais a leagan síos sa Chomhchoiste mar go mbeidh COPanna ceangailteach ar an Aontas.

(5)Léiríonn glacadh COPanna gné thábhachtach a bhaineann le cur chun feidhme an Chomhaontaithe, toisc go gcinntear leis na nósanna imeachta oibríochta trína n‑oibreoidh an nasc agus a chaithfidh an dá thaobh a chomhlíonadh.

(6)I gcomhréir le hAirteagal 13(1) den Chomhaontú, féadfaidh an Comhchoiste treoirlínte teicniúla a aontú chun a áirithiú go gcuirfear an Comhaontú chun feidhme i gceart lena n‑áirítear ábhair theicniúla nó ábhair eile is gá chun an nascadh a oibriú agus tosaíochtaí na reachtaíochta intíre á gcur san áireamh. Ba cheart do mheitheal arna bhunú de bhun Airteagal 12(5) den Chomhaontú na treoirlínte teicniúla a fhorbairt. Ba cheart go mbeadh riarthóir Chlárlann na hEilvéise agus riarthóir lárnach Chlárlann an Aontais ar a laghad ar an meitheal agus ba cheart dóibh ina theannta sin cuidiú leis an gComhchoiste ina chuid feidhmeanna de bhun Airteagal 13 den Chomhaontú,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Beidh an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag an tríú cruinniú den Chomhchoiste a bunaíodh leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir lena gcórais trádála astaíochtaí gás ceaptha teasa a nascadh i dtaca le Nósanna Imeachta Oibríochta Comhchoiteanna a ghlacadh, bunaithe ar dhréachtghníomh an Chomhchoiste atá i gceangal leis an gCinneadh seo.

Féadfaidh ionadaithe an Aontais laistigh den Chomhchoiste mionathruithe ar an dréacht‑Chinneadh a aontú gan cinneadh eile ón gComhairle.

Airteagal 2

Féadfaidh ionadaithe an Aontais laistigh den Chomhchoiste treoirlínte teicniúla a aontú d’fhonn a áirithiú go gcuirfear an Comhaontú chun feidhme i gceart lena n‑áirítear ábhair theicniúla nó ábhair eile is gá chun an nascadh a oibriú agus tosaíochtaí na reachtaíochta intíre á gcur san áireamh. Chuige sin, bunófar meitheal de bhun Airteagal 12(5) den Chomhaontú a chuideoidh leis an gComhchoiste ina chuid feidhmeanna de bhun Airteagal 13 agus go háirithe Airteagal 13(1) den Chomhaontú.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    Rinneadh cinneadh an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh le Cinneadh (AE) 2019/2106 ón gComhairle an 21 Samhain 2019 maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, laistigh den Chomhchoiste a bunaíodh leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir lena gcórais trádála astaíochtaí gás ceaptha teasa a nascadh, i dtaca le leasú Iarscríbhinní I agus II a ghabhann leis an gComhaontú (IO, L 318 an 10.12.2019, lch. 96).
(2)    Ar fáil ó https://ec.europa.eu/clima/sites/clima/files/ets/markets/docs/decision_201902_swiss_ets_linking.pdf  
(3)    Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 7 Deireadh Fómhair 2014, an Ghearmáin v an Chomhairle, C-399/12, ECLI:EU:C:2014:2258, míreanna 61 go 64.
(4)    IO L 322, 7.12.2017, lch. 3.
(5)    Cinneadh (AE) 2018/219 ón gComhairle an 23 Eanáir 2018 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir lena gcórais trádála astaíochtaí gás ceaptha teasa a nascadh (IO L 43, 16.2.2018, lch. 1).