|
24.2.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 43/60 |
CINNEADH (AE) 2022/285 ÓN gCOMHAIRLE
an 22 Feabhra 2022
lena gceaptar beirt chomhaltaí agus comhalta malartach, arna moladh ag Poblacht Mhálta, de Choiste na Réigiún
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 305 de,
Ag féachaint do Chinneadh (AE) 2019/852 ón gComhairle an 21 Bealtaine 2019 lena gcinntear comhdhéanamh Choiste na Réigiún (1),
Ag féachaint don togra ó Rialtas Mhálta,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
De bhun Airteagal 300(3) den Chonradh, tá Coiste na Réigiún le bheith comhdhéanta d’ionadaithe do chomhlachtaí réigiúnacha agus áitiúla a bhfuil acu sainordú toghchánach in údarás réigiúnach nó áitiúil nó atá freagrach go polaitiúil do thionól tofa. |
|
(2) |
An 10 Nollaig 2019, ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE) 2019/2157 (2), lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha Choiste na Réigiún don tréimhse ón 26 Eanáir 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025. |
|
(3) |
Tá suíocháin bheirt chomhaltaí ar Choiste na Réigiún tagtha chun bheith folamh tar éis deireadh a theacht leis na sainorduithe náisiúnta ar dá mbun a moladh Joseph CORDINA agus Paul FARRUGIA a cheapadh. |
|
(4) |
Tá suíochán comhalta mhalartaigh ar Choiste na Réigiún folamh ón 26 Eanáir 2020. |
|
(5) |
Mhol Rialtas Mhálta na hionadaithe seo a leanas, ar ionadaithe do chomhlachtaí réigiúnacha nó áitiúla iad agus a bhfuil acu sainordú toghchánach réigiúnach nó áitiúil, mar chomhaltaí de Choiste na Réigiún ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, a leanfaidh go dtí an 25 Eanáir 2025: Paul FARRUGIA, Reġjun Port — President (Réigiún an Chalafoirt — Uachtarán), agus Mark GRECH, Kunsill Lokali Ħaż-Żabbar — Kunsillier Lokali (Comhairle Áitiúil Żabbar — Comhairleoir Áitiúil). |
|
(6) |
Mhol Rialtas Mhálta Stephen SULTANA, ar ionadaí do chomhlacht áitiúil é agus a bhfuil aige sainordú toghchánach in údarás áitiúil, Kunsill Lokali Santa Venera — Sindku (Comhairle Áitiúil Santa Venera — Méara), mar chomhalta malartach de Choiste na Réigiún ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, a leanfaidh go dtí an 25 Eanáir 2025, maidir leis an suíocháin folamh dá dtagraítear thuas, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leis seo, ceaptar na hionadaithe seo a leanas, ar ionadaithe do chomhlachtaí réigiúnacha nó áitiúla iad agus a bhfuil acu sainordú toghchánach, chuig Coiste na Réigiún ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, a leanfaidh go dtí an 25 Eanáir 2025:
|
(a) |
mar chomhaltaí:
agus |
|
(b) |
mar chomhalta malartach:
|
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 22 Feabhra 2022.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
C. BEAUNE
(1) IO L 139, 27.5.2019, lch. 13.
(2) Cinneadh (AE) 2019/2157 ón gComhairle an 10 Nollaig 2019 lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha Choiste na Réigiún don tréimhse ón 26 Eanáir 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025 (IO L 327, 17.12.2019, lch. 78).