AN COIMISIÚN EORPACH
Strasbourg, 26.11.2024
COM(2024) 727 final
Moladh le haghaidh
MOLADH ÓN gCOMHAIRLE
lena bhformhuinítear plean struchtúrach fioscach meántéarmach náisiúnta na Slóvaice
AN COIMISIÚN EORPACH
Strasbourg, 26.11.2024
COM(2024) 727 final
Moladh le haghaidh
MOLADH ÓN gCOMHAIRLE
lena bhformhuinítear plean struchtúrach fioscach meántéarmach náisiúnta na Slóvaice
Moladh le haghaidh
MOLADH ÓN gCOMHAIRLE
lena bhformhuinítear plean struchtúrach fioscach meántéarmach náisiúnta na Slóvaice
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 121 de,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/1263, agus go háirithe Airteagal 17 de,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011, agus go háirithe Airteagal 8(1) de,
Ag féachaint don mholadh ón gCoimisiún,
De bharr an mhéid seo a leanas:
BREITHNITHE GINEARÁLTA
1 2 3 Tháinig creat rialachais eacnamaíoch athchóirithe de chuid an Aontais i bhfeidhm an 30 Aibreán 2024. Rialachán (AE) 2024/1263 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le beartais eacnamaíocha a chomhordú go héifeachtach agus maidir le faireachas buiséadach iltaobhach, mar aon le Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 leasaithe maidir leis an nós imeachta um easnamh iomarcach a chur chun feidhme, agus le Treoir 2011/85/AE leasaithe ón gComhairle maidir le creataí buiséadacha na mBallstát, is príomhghnéithe de chreat rialachais eacnamaíoch athchóirithe an Aontais iad. Is é is aidhm don chreat inbhuanaitheacht an fhiachais phoiblí agus fás inbhuanaithe cuimsitheach a áirithiú trí bhíthin athchóirithe agus infheistíochtaí. Leis an gcreat, cuirtear úinéireacht náisiúnta chun cinn agus dírítear ar an meántéarma, i gcomhcheangal le forfheidhmiú éifeachtach comhleanúnach na rialacha.
‑ 4 ‑‑Na pleananna struchtúracha fioscacha meántéarmacha náisiúnta a chuireann na Ballstáit faoi bhráid na Comhairle agus an Choimisiúin, tá siad i gcroílár an chreata nua rialachais eacnamaíoch. Ní mór dhá chuspóir a bhaint amach leis na pleananna: i) faoi dheireadh na tréimhse coigeartúcháin, a áirithiú go mbeidh an fiachas rialtais ghinearálta ar chonair inchreidte anuas, nó go bhfanfaidh sé ar leibhéil stuama, agus go dtabharfar agus go gcoinneofar an teasnamh rialtais faoi bhun luach tagartha 3 % de OTI sa mheántéarma, agus ii) a áirithiú go soláthrófar athchóirithe agus infheistíochtaí lena bhfreagrófar do na príomhdhúshláin arna sainaithint i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh agus lena dtabharfar aghaidh ar thosaíochtaí coiteanna an Aontais. Chuige sin, ní mór gealltanas meántéarmach i leith conair ghlanchaiteachais a chur isteach i ngach plean, lena mbunaítear go héifeachtach sriantacht buiséid ar feadh ré an phlean, lena gcumhdaítear 4 nó 5 bliana (ag brath ar an ngnáth-théarma reachtach i mBallstát). Ina theannta sin, ba cheart míniú a thabhairt sa phlean ar an gcaoi a náiritheoidh an Ballstát go soláthrófar athchóirithe agus infheistíochtaí lena bhfreagrófar do na príomhdhúshláin arna sainaithint i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh, go háirithe sna moltaí tírshonracha (lena náirítear na moltaí sin a bhaineann leis an nós imeachta um míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha, más infheidhme), agus ar an gcaoi a dtabharfaidh an Ballstát aghaidh ar thosaíochtaí coiteanna an Aontais. Leis an tréimhse le haghaidh coigeartú fioscach, cumhdaítear tréimhse 4 bliana, tréimhse a bhféadfar síneadh suas le 3 bliana a chur léi má thugann an Ballstát gealltanas i leith sraith athchóirithe agus infheistíochtaí ábhartha a sholáthar a chomhlíonann na critéir a leagtar amach i Rialachán (AE) 2024/1263.
Tar éis an plean a thíolacadh, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar cé acu an gcomhlíonann sé ceanglais Rialachán (AE) 2024/1263 nó nach gcomhlíonann.
Tá an Chomhairle, ar mholadh a fháil di ón gCoimisiún, le moladh a ghlacadh ina leagtar amach conair ghlanchaiteachais an Bhallstáit lena mbaineann agus, i gcás inarb infheidhme, formhuiniú a dhéanamh ar an tsraith gealltanas um athchóirithe agus infheistíochtaí atá mar bhonn taca faoi shíneadh a chur leis an tréimhse coigeartaithe fhioscaigh.
BREITHNITHE A BHAINEANN LE PLEAN STRUCHTÚRACH FIOSCACH MEÁNTÉARMACH NÁISIÚNTA NA SLÓVAICE
An 15 Deireadh Fómhair 2024, rinne an tSlóvaic a plean struchtúrach fioscach meántéarmach náisiúnta a thíolacadh don Chomhairle agus don Choimisiún. Rinneadh an tíolacadh tar éis síneadh a chur leis an sprioc-am a leagtar amach in Airteagal 36 de Rialachán (AE) 2024/1263, mar a comhaontaíodh leis an gCoimisiún i bhfianaise na gcúiseanna arna soláthar ag an tSlóvaic.
Próiseas roimh thíolacadh an phlean
5 6 ‑An 21 Meitheamh 2024, sheol an Coimisiún, de réir Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2024/1263, an chonair thagartha chuig an tSlóvaic. D’fhoilsigh an Coimisiún an chonair thagartha an 15 Deireadh Fómhair 2024. Tá an chonair thagartha rioscabhunaithe agus áirithítear léi, faoi dheireadh na tréimhse coigeartaithe fhioscaigh agus in éagmais bearta buiséadacha breise tar éis na tréimhse coigeartúcháin, go mbeidh an fiachas rialtais ghinearálta ar chonair inchreidte anuas nó go bhfanfaidh sé ar leibhéil stuama sa mheántéarma, agus go dtabharfar an teasnamh rialtais ghinearálta faoi bhun 3 % de OTI i gcaitheamh na tréimhse coigeartúcháin agus go gcoinneofar é faoi bhun an luacha tagartha sin sa mheántéarma. Sainmhínítear an meántéarma mar an tréimhse 10 mbliana tar éis dheireadh na tréimhse coigeartúcháin. I gcomhréir le hAirteagal 6, pointe (d), agus le hAirteagail 7 agus 8 de Rialachán (AE) 2024/1263, tá an chonair thagartha comhsheasmhach freisin leis an tagarmharc easnaimh, leis an gcoimirce inbhuanaitheachta fiachais, agus leis an gcoimirce athléimneachta easnaimh. I gconair thagartha na Slóvaice, leagtar amach nár cheart fás níos mó ná na luachanna arna soláthar i dTábla 1 a theacht ar ghlanchaiteachas, agus sin bunaithe ar thoimhdí an Choimisiúin agus ar thréimhse choigeartúcháin 4 bliana a chur san áireamh. Comhfhreagraíonn sin do mheánfhás glanchaiteachais 2,0 % i gcaitheamh na tréimhse coigeartúcháin (2025-2028).
Tábla 1: Conair thagartha arna soláthar ag an gCoimisiún don tSlóvaic an 21 Meitheamh 2024
|
2025 |
2026 |
2027 |
2028 |
Meán 2025-2028 |
|
|
Fás glanchaiteachais uasta (bliantúil, %) |
2.8 |
2.0 |
1.6 |
1.5 |
2.0 |
Foinse: Ríomhanna an Choimisiúin.
‑I gcomhréir le hAirteagal 12 de Rialachán (AE) 2024/1263, chuaigh an tSlóvaic agus an Coimisiún i mbun idirphlé teicniúil ó mhí an Mheithimh go mí Mheán Fómhair 2024. Bhí an tidirphlé dírithe ar an gconair ghlanchaiteachais atá beartaithe ag an tSlóvaic agus ar na toimhdí bunúsacha a bhaineann léi (go háirithe coigeartú fioscach siarchoinnithe in 2026 mar gheall ar infheistíocht chosanta agus cómhaoiniú náisiúnta deontas arna gcistiú ag an Aontas), chomh maith leis na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí atá beartaithe a thabhairt i gcrích lena bhfreagrófar do na príomhdhúshláin a sainaithníodh i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh agus thosaíochtaí coiteanna an Aontais maidir leis an aistriú cóir glas agus digiteach, an athléimneacht shóisialta agus eacnamaíoch, an tslándáil fuinnimh agus méadú na gcumas cosanta.
‑I mí Mheán Fómhair agus i mí Dheireadh Fómhair 2024, i gcomhréir le hAirteagal 11(3) agus le hAirteagal 36(1), pointe (c) de Rialachán (AE) 2024/1263, de réir na faisnéise a chuir an tSlóvaic ar fáil ina plean, chuaigh an tSlóvaic i mbun próiseas comhairliúcháin leis an tsochaí shibhialta, le comhpháirtithe sóisialta, le húdaráis réigiúnacha agus le páirtithe leasmhara ábhartha eile. De réir na faisnéise a chuir an tSlóvaic ar fáil ina plean, pléadh an plean struchtúrach fioscach meántéarmach náisiúnta ag an gComhairle Eacnamaíoch agus Shóisialta, lena náirítear ceardchumainn, ceardchumann na bhfostóirí, comhlachas na bhfostóirí, agus bardais na Slóvaice.
Próisis ghaolmhara eile
7 8 An 26 Iúil 2024, shuigh an Chomhairle gurb ann d’easnamh iomarcach sa tSlóvaic mar gheall ar neamhchomhlíonadh an chritéir easnaimh. Tá an Moladh seo i gcomhthráth leis an Moladh ón gComhairle faoi Airteagal 126(7) CFAE d’fhonn deireadh a chur le heasnamh rialtais iomarcach sa tSlóvaic. Le glacadh comhuaineach na moltaí sin, moltaí atá saincheaptha don aistriú chuig an gcreat nua rialachais eacnamaíoch agus a bhfuil údar leis ina leith sin, áirithítear comhsheasmhacht idir na conairí coigeartúcháin atá molta.
9 Thíolaic an tSlóvaic a Dréachtphlean Buiséadach le haghaidh 2025 an 15 Deireadh Fómhair 2024. Ghlac an Coimisiún tuairim maidir leis an Dréachtphlean Buiséadach sin an [26 Samhain 2024].
10 An 19 Meitheamh 2024, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid maidir leis an tSlóvaic go bhfuil míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha ann. Go sonrach, tá leochaileachtaí os comhair na Slóvaice a bhaineann le hiomaíochas costais, le comhardú seachtrach, leis an margadh tithíochta agus le fiachas teaghlaigh.
11 An 21 Deireadh Fómhair 2024, chuir an Chomhairle sraith moltaí tírshonracha faoi bhráid na Slóvaice i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh.
ACHOIMRE AR AN bPLEAN AGUS MEASÚNÚ AN CHOIMISIÚIN AIR SIN
I gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) 2024/1263, rinne an Coimisiún measúnú ar an bplean mar a leanas:
Comhthéacs: staid agus ionchas maicreacnamaíoch agus fioscach
‑Tháinig méadú 1,4 % ar an ngníomhaíocht eacnamaíoch sa tSlóvaic in 2023, mar gheall ar an laghdú ar thomhaltas príobháideach agus poiblí. De réir Réamhaisnéis an Fhómhair 2024 ón gCoimisiún Eorpach, meastar go dtiocfaidh fás 2,2 % ar an ngeilleagar in 2024, mar gheall ar thomhaltas príobháideach láidir ach éileamh níos ísle ar onnmhairí. In 2025, tiocfaidh méadú 2,3 % ar fhíor-OTI, arna spreagadh ag an tomhaltas príobháideach agus an infheistíocht phríobháideach. In 2026, meastar go dtiocfaidh méadú 2,5 % ar fhíor-OTI, mar gheall ar thomhaltas príobháideach láidir agus glanonnmhairí dearfacha. Le linn na tréimhse réamhaisnéise (i.e. 2024-2026), meastar go dtiocfaidh laghdú beag ar fhás OTI féideartha sa tSlóvaic, ó 2,3 % in 2024 go 2,2 % faoi 2026. Ba é 5,8 % an ráta dífhostaíochta in 2023, agus réamh-mheasann an Coimisiún gurb é 5,5 % a bheidh ann in 2024 agus 5,3 % in 2025 agus 5,1 % in 2026. Réamh-mheastar go laghdóidh an boilsciú (díbhoilsceoir OTI) ó 10,1 % in 2023 go 4,4 % in 2024 agus tuartar go sroichfidh sé 3,8 % in 2025 agus 2,8 % in 2026.
Maidir le forbairtí fioscacha, in 2023 is é a bhí in easnamh rialtais ghinearálta na Slóvaice 5,2 % de OTI. De réir Réamhaisnéis an Fhómhair 2024 ón gCoimisiún Eorpach, sroichfidh sé 5,8 % de OTI in 2024 agus laghdóidh sé go 4,7 % de OTI in 2025 agus, ar an mbonn nach mbeidh aon athrú beartais ann, laghdóidh sé go 4,1 % in 2026. Cuimsítear i Réamhaisnéis an Fhómhair 2024 ón gCoimisiún Eorpach dréachtbhuiséad na Slóvaice le haghaidh 2025 a mhol an rialtas don pharlaimint náisiúnta i mí Dheireadh Fómhair. Ba é 56,1 % de OTI an fiachas rialtais ghinearálta ag deireadh 2023. De réir Réamhaisnéis an Fhómhair 2024 ón gCoimisiún Eorpach, meastar go méadóidh an cóimheas fiachais go 58,9 % de OTI ag deireadh 2024. Réamh-mheastar go méadóidh sé go 59,8 % de OTI air ag deireadh 2025 agus 61,8 % ag deireadh 2026. Sna réamh-mheastacháin fhioscacha ón gCoimisiún, ní bhreithnítear na gealltanais bheartais sna pleananna meántéarmacha a bheith ina ngealltanais go dtí go mbeidh bearta nithiúla beartais mar bhonn taca leo, bearta a dhéanfar a fhógairt go hinchreidte agus a shonrú go leormhaith.
An chonair ghlanchaiteachais agus na príomhthoimhdí maicreacnamaíocha sa phlean
Le plean struchtúrach fioscach meántéarmach náisiúnta na Slóvaice, cumhdaítear an tréimhse 2025-2028 agus cuirtear coigeartú fioscach i láthair thar thréimhse 4 bliana.
Tá an fhaisnéis uile a cheanglaítear le hAirteagal 13 de Rialachán (AE) 2024/1263 sa phlean.
12 Leis an bplean, tugtar gealltanas i leith na conaire glanchaiteachais a léirítear i dTábla 2, a chomhfhreagraíonn do mheánfhás glanchaiteachais 2,0 % i gcaitheamh na mblianta 2025-2028. An meánfhás glanchaiteachais arna thuairisciú sa phlean i gcaitheamh na tréimhse coigeartúcháin (2025-2028), tá sé cothrom leis an gconair thagartha arna tarchur ag an gCoimisiún an 21 Meitheamh 2024. Glactar leis sa phlean go dtiocfaidh laghdú de réir a chéile ar fhás OTI féideartha ó 2,4 % in 2025 go 1,4 % in 2028. Ina theannta sin, meastar sa phlean go laghdóidh ráta fáis an díbhoilsceora OTI ó 4,6 % in 2024 go 3,2 % in 2025, agus ansin go 2,9 % in 2028.
Tábla 2: An chonair ghlanchaiteachais agus na príomhthoimhdí i bplean na Slóvaice
|
2024 |
2025 |
2026 |
2027 |
2028 |
An meán i gcaitheamh thréimhse bhailíochta an phlean 2025-2028 |
|
|
Fás glanchaiteachais
|
6.2 |
3.8 |
0.9 |
1.6 |
1.5 |
2.0 |
|
Fás glanchaiteachais
|
6.2 |
10.3 |
11.2 |
13.0 |
14.8 |
n/bh |
|
Fás OTI féideartha ( %) |
2.3 |
2.4 |
1.7 |
1.4 |
1.4 |
1.7 |
|
Boilsciú (fás díbhoilsceora OTI) ( %) |
4.6 |
3.2 |
3.1 |
3.0 |
2.9 |
3.1 |
Foinse: Plean struchtúrach fioscach meántéarmach na Slóvaice agus ríomhanna an Choimisiúin.
Impleachtaí ghealltanais ghlanchaiteachais an phlean maidir le fiachas rialtais ghinearálta
Dá dtiocfadh an chonair ghlanchaiteachais a bhfuil gealltanas tugtha ina leith sa phlean agus na toimhdí bunúsacha chun cinn, mhéadódh fiachas rialtais ghinearálta de réir a chéile, de réir an phlean, ó 58,5 % in 2024 go 62,1 % de OTI in 2027, sula dtosódh sé ag laghdú go 61,4 % ag deireadh na tréimhse coigeartúcháin (2028), de réir an tábla seo a leanas. Meastar go sárófar luach tagartha an Chonartha, arb é 60 % de OTI é, den chéad uair in 2026, agus go sroichfidh sé leibhéal 61,6 % de OTI, agus go bhfanfaidh sé os cionn an luacha tagartha le haghaidh bhlianta seachtracha na tréimhse coigeartúcháin. Ina dhiaidh sin, sa mheántéarma (i.e. go dtí 2038), meastar go laghdóidh an cóimheas fiachais de réir a chéile, de réir an phlean, go 54,8 % de OTI faoi 2038.
Tábla 3: Forbairtí maidir le fiachas rialtais ghinearálta agus comhardú rialtais ghinearálta i bplean na Slóvaice
|
2023 |
2024 |
2025 |
2026 |
2027 |
2028 |
2038 |
|
|
Fiachas rialtais (% de OTI) |
56.0 |
58.5 |
59.8 |
61.6 |
62.1 |
61.4 |
54.8 |
|
Comhardú rialtais (% de OTI) |
-4.9 |
-5.9 |
-5.1 |
-3.9 |
-2.9 |
-1.8 |
-2.3 |
Foinse: Plean struchtúrach fioscach meántéarmach na Slóvaice
Dá bhrí sin, de réir an phlean, thabharfaí an fiachas rialtais ghinearálta faoi bhun luach tagartha an Chonartha, is é sin 60 % de OTI, sa mheántéarma. Tá sé sin inchreidte bunaithe ar thoimhdí an phlean, ós rud é go réamh-mheasfaí go bhfanfadh an fiachas faoi bhun 60 % de OTI faoi 2038 de réir gach tástála struis cinnteachaíche in Anailís an Choimisiúin ar Inbhuanaitheacht Fiachais. Dá bhrí sin, bunaithe ar ghealltanais bheartais agus ar thoimhdí maicreacnamaíocha an phlean, maidir leis an gconair ghlanchaiteachais a chuirtear chun tosaigh sa phlean, tá sí comhsheasmhach leis an gceanglas maidir leis an bhfiachas mar a leagtar amach in Airteagal 6, pointe (a) agus in Airteagal 16(2) de Rialachán (AE) 2024/1263.
Impleachtaí ghealltanais ghlanchaiteachais an phlean maidir leis an gcomhardú rialtais ghinearálta
‑‑Ar bhonn chonair ghlanchaiteachais agus thoimhdí an phlean, meastar go sroichfidh easnamh rialtais ghinearálta 5,9 % de OTI in 2024 agus go laghdóidh sé de réir a chéile go 1,8 % in 2028. Meastar go bhfillfidh an teasnamh faoi bhun 3 % de OTI in 2027, le 2,9 % de OTI. Dá bhrí sin, de réir an phlean, ní sháródh an comhardú rialtais ghinearálta an luach tagartha 3 % de OTI ag deireadh na tréimhse coigeartúcháin (2028). Ina theannta sin, sna 10 mbliana tar éis na tréimhse coigeartúcháin (i.e. go dtí 2038), ní sháródh an teasnamh rialtais 3 % de OTI. Dá bhrí sin, bunaithe ar ghealltanais bheartais agus ar thoimhdí maicreacnamaíocha an phlean, maidir leis an gconair ghlanchaiteachais a chuirtear chun tosaigh sa phlean, tá sí comhsheasmhach leis an gceanglas maidir leis an easnamh mar a leagtar amach in Airteagal 6, pointe (b), agus in Airteagal 16(2) de Rialachán (AE) 2024/1263.
Próifíl ama an choigeartaithe fhioscaigh
‑Próifíl ama an choigeartaithe fhioscaigh, arna tomhas mar an tathrú ar an gcomhardú príomha struchtúrach, mar a thuairiscítear sa phlean, is próifíl siarchoinneála í i gcomparáid leis an gconair líneach réamhshocraithe dá dtagraítear mar riail faoi Airteagal 6, pointe (c) de Rialachán (AE) 2024/1263. In 2025, is é 0,8 pointe céatadáin a bheidh i gcoigeartú fioscach an chomhardaithe phríomha struchtúraigh, atá 0,5 pointe céatadáin níos lú ná an meánchoigeartú bliantúil thar thréimhse an phlean. Is é is cúis leis an gcoigeartú fioscach nach bhfuil chomh huaillmhianach céanna in 2025 gur cuireadh siar seachadadh infheistíochtaí míleata ó bhlianta roimhe sin, arb é atá iontu 0,4 % de OTI in 2025. Dá bhrí sin, déantar an coigeartú a shiarchoinneáil go 2026, agus tá sé beartaithe go mbeidh an coigeartú atá beartaithe ar an gcomhardú príomha struchtúrach 0.5 pointe céatadáin níos airde an bhliain sin ná an meánchoigeartú bliantúil. In 2027 agus 2028, an coigeartú i dtéarmaí an chomhardaithe phríomha struchtúraigh, beidh an coigeartú sin líneach.’ Dá bhrí sin, bunaithe ar ghealltanais bheartais agus ar thoimhdí maicreacnamaíocha an phlean, maidir leis an gconair ghlanchaiteachais a chuirtear chun tosaigh sa phlean, tá sí comhsheasmhach leis an gclásal i dtaca leis an gcoimirce maidir le siarchoinneáil a chosc a leagtar amach in Airteagal 6, pointe (c), agus leis an bhforáil idirthréimhseach in Airteagal 36(1), pointe (e), de Rialachán (AE) 2024/1263.
Tábla 4: Forbairtí maidir le comhardú príomha struchtúrach i bplean na Slóvaice
|
2023 |
2024 |
2025 |
2026 |
2027 |
2028 |
|
|
Comhardú príomha struchtúrach (% de OTI) |
-3.5 |
-4.3 |
-3.5 |
-1.7 |
-0.3 |
1.0 |
|
Athrú ar an gcomhardú príomha struchtúrach (pc.) |
n/bh |
-0.8 |
0.8 |
1.8 |
1.3 |
1.3 |
Foinse: Plean struchtúrach fioscach meántéarmach na Slóvaice
Comhsheasmhacht leis an nós imeachta um easnamh iomarcach
Tá an chonair ghlanchaiteachais a leagtar amach sa phlean i gcomhréir leis na ceanglais faoin nós imeachta um easnamh iomarcach (go háirithe leis an gcoigeartú struchtúrach bliantúil íosta a bhunaítear in Airteagal 3(4), an tríú fomhír, de Rialachán (CE) 1467/97 ón gComhairle).
Comhsheasmhacht an phlean leis an gcoimirce athléimneachta easnaimh
‑‑An ceanglas maidir leis an ngné choisctheach a leagtar amach in Airteagal 8 de Rialachán Uimh. 2024/1263 maidir leis an gcoimirce athléimneachta easnaimh, arb é is aidhm dó corrlach coiteann a sholáthar i gcoibhneas leis an luach tagartha easnaimh 3 %, tá feidhm aige maidir leis an tSlóvaic ó 2028 ar aghaidh, ós rud é go bhfuil sé beartaithe go mbeidh an teasnamh faoi bhun 3 % de OTI ó 2027 ar aghaidh. Dá bhrí sin, in 2028, níor cheart an coigeartú bliantúil ar an gcomhardú príomha struchtúrach a bheith níos lú ná 0,4 % de OTI más rud é gur fhan an teasnamh struchtúrach os cionn 1,5 % de OTI in 2027, chun corrlach coiteann athléimneachta 1,5 % de OTI a bhaint amach i dtéarmaí struchtúracha. An coigeartú fioscach a eascraíonn as gealltanais bheartais agus toimhdí maicreacnamaíocha an phlean, 1,3 % a bheidh sa choigeartú sin in 2028. Dá bhrí sin, bunaithe ar ghealltanais bheartais agus ar thoimhdí maicreacnamaíocha an phlean, maidir leis an gconair ghlanchaiteachais a chuirtear chun tosaigh sa phlean, tá sí comhsheasmhach leis an gcoimirce athléimneachta easnaimh.
Comhsheasmhacht an phlean leis an gcoimirce inbhuanaitheachta fiachais
‑‑De réir an phlean, beidh an fiachas rialtais ghinearálta idir 60 % agus 90 % de OTI in 2026, 2027 agus 2028. Mar sin féin, ós rud é, de réir an phlean, go rachadh an teasnamh rialtais faoi bhun 3 % de OTI in 2027, rud a d’fhágfadh go naisghairfí an cinneadh lena suífí go raibh easnamh iomarcach ann i mbliain deiridh na tréimhse coigeartúcháin, níl feidhm ag an gcoimirce inbhuanaitheachta fiachais le linn na tréimhse a chumhdaítear leis an bplean.
Toimhdí maicreacnamaíocha an phlean
Tá an plean bunaithe ar shraith toimhdí maicreacnamaíocha agus fioscacha atá i gcomhréir leis na toimhdí ón gCoimisiún a tarchuireadh chuig an tSlóvaic an 21 Meitheamh 2024. Cuirtear san áireamh ann faisnéis bhreise atá ar fáil i gcomparáid leis an gconair thagartha agus áirítear ann macratháscairí agus táscairí fioscacha a tugadh cothrom le dáta dá réir sin. An tionchar a bhaineann leis na táscairí sin a thabhairt cothrom le dáta, ní dhéanann sé difear suntasach don mheánfhás glanchaiteachais sa phlean i gcomparáid leis an gconair thagartha.
Straitéis fhioscach an phlean
De réir na straitéise fioscaí táscaí sa phlean, déanfar na gealltanais maidir le glanchaiteachas a thabhairt i gcrích trí bhíthin méaduithe lánroghnacha ar ioncam go príomha. Cuirtear i láthair sa phlean bearta arb é atá iontu aon trian den mhéid spriocdhírithe, agus sonrófar an dá thrian eile i mbuiséid bhliantúla ina dhiaidh sin. An comhdhlúthú fioscach atá beartaithe in 2025, tá sé bunaithe ar na bearta atá beartaithe chun ioncam a mhéadú agus caiteachas a laghdú a chuimsítear i ndréachtphlean buiséadach 2025. Cuimsítear leis sin méadú ar chánacha breisluacha agus ar chánacha corparáideacha, cánacha nua ar idirbhearta airgeadais le haghaidh gnólachtaí, agus dleachtanna máil níos airde ar dheochanna milsithe agus ar tháirgí tobac agus neamh-thobac. Ó thaobh an chaiteachais de, áirítear ar na bearta sin deireadh a chur leis na bearta tacaíochta atá ann cheana a bhaineann le praghsanna arda fuinnimh, agus pá na hearnála poiblí a laghdú. Is é atá sna méaduithe lánroghnacha ar ioncam 1,6 % de OTI, agus is é atá sna laghduithe ar chaiteachas 0,6 % de OTI. Mar sin féin, tá sé beartaithe ag an tSlóvaic caiteachas a mhéadú 0,6 % de OTI, rud a fhágfaidh go mbeidh comhdhlúthú glan 1,6 % de OTI ann.
13 Tá sonraíocht bheacht na mbeart beartais ábhartha le deimhniú nó le coigeartú agus le cainníochtú sna buiséid bhliantúla. An tráth céanna, tá roinnt rioscaí fós ann maidir le cur chun feidhme na straitéise fioscaí táscaí sa phlean. Eascraíonn na rioscaí sin as an gcoigeartú fioscach a bheith bunaithe go príomha ar mhéaduithe lánroghnacha ar ioncam. Tá ualach na hiarrachta láidre comhdhlúthaithe claonta i dtreo teaghlach agus gnólachtaí seachas i dtreo an rialtais. D’fhéadfadh éifeachtaí maicreacnamaíocha breise a bheith mar thoradh ar straitéis chomhdhlúthaithe den sórt sin, agus d’fhéadfadh iarmhairtí fioscacha a bheith ann dá dheasca sin. Go sonrach, baineann riosca fioscach le comhdhlúthú cáindhírithe, is é sin go mbaileofar ioncam cánach níos ísle ná mar a thoimhdítear sa phlean. Leis an Dréachtphlean Buiséadach le haghaidh 2025, sonraítear na bearta beartais trína mbainfear amach an gealltanas glanchaiteachais le haghaidh 2025.
Cuspóirí athchóirithe agus infheistíochta sa phlean lena bhfreagrófar do na príomhdhúshláin a sainaithníodh i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh agus lena dtabharfar aghaidh ar thosaíochtaí coiteanna an Aontais
‑‑Tugtar tuairisc sa phlean ar chuspóirí beartais a bhaineann le hathchóirithe agus infheistíochtaí chun freagairt do na príomhdhúshláin a sainaithníodh i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh, go háirithe na moltaí tírshonracha, lena náirítear iad siúd a bhaineann leis an nós imeachta um míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha, agus chun aghaidh a thabhairt ar thosaíochtaí coiteanna an Aontais. Go sonrach, cuimsítear sa phlean 18 nathchóiriú agus 11 infheistíocht, a bhfaigheann 18 gcinn díobh tacaíocht airgeadais ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus a bhfaigheann 1 cheann díobh tacaíocht airgeadais ó chistí an bheartais chomhtháthaithe freisin.
‑‑Maidir leis an tosaíocht choiteann a bhaineann le haistriú glas cóir, lena náirítear na cuspóirí aeráide a leagtar amach i Rialachán (AE) 2021/1119, cuirtear i láthair sa phlean an nuachóiriú ar bhonneagar iompair ísealcharbóin, a chuimsítear sa phlean téarnaimh agus athléimneachta, arb é is cuspóir dó fad an bhonneagair iarnróid ghlain atógtha nó nuachóirithe a mhéadú. Tá sé beartaithe leis an mbeart seo aghaidh a thabhairt ar na moltaí tírshonracha ó 2019, 2020, 2022 agus 2023 maidir le hiompar poiblí inbhuanaithe agus spleáchas ar bhreoslaí iontaise a laghdú. Ina theannta sin, cuimsítear sa phlean (faoin bPlean Téarnaimh agus Athléimneachta), tionscadail atá dírithe ar aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bhaineann leis an aistriú glas trí ghlaonna téamacha atá ailínithe le tosaíochtaí de chuid Fís Eorpach a sheoladh. Freagraíonn an infheistíocht seo do na moltaí tírshonracha a cuireadh faoi bhráid na Slóvaice in 2019, 2020, 2022 agus 2023 maidir leis an spleáchas ar bhreoslaí iontaise a laghdú, an taistriú glas a chur chun cinn agus infheistíochtaí a dhíriú ar an taighde agus ar an nuálaíocht. Cuirtear i láthair sa phlean freisin bearta eile maidir leis an aistriú glas a chumhdaítear leis an bplean téarnaimh agus athléimneachta, amhail athchóiriú ar an margadh leictreachais, leasú ar an Acht Dramhaíola, bearta a cuireadh chun feidhme cheana féin, agus an tAcht um Chosaint an Dúlra agus an tAcht Uisce. Chun borradh a chur faoi aistriú digiteach cóir, chuir an tSlóvaic bearta san áireamh amhail córas ríomhshonrasctha agus seirbhísí leictreonacha feabhsaithe le haghaidh an riaracháin airgeadais. Is é is aidhm do na bearta sin aghaidh a thabhairt ar imghabháil cánach agus cur chuige cliantlárnach a chur chun cinn. Tá siad sin nasctha go díreach le moltaí tírshonracha lena moltar comhlíonadh cánach a neartú agus riarachán cánach a dhigitiú, moltaí a cuireadh faoi bhráid na Slóvaice in 2022, 2023 agus 2024. Cuimsítear sa phlean freisin infheistíocht sa taighde agus sa nuálaíocht chun tacú le digitiú an gheilleagair (faoin bPlean Téarnaimh agus Athléimneachta), a bhfuil sé beartaithe léi aghaidh a thabhairt ar mholtaí tírshonracha 2019, 2020, agus 2024 maidir le tacú leis an taighde, leis an nuálaíocht agus leis an iomaíochas. Ina theannta sin, cuimsítear ann athchóiriú chun ardán láraithe a bhunú le haghaidh soláthar poiblí acmhainní TF (faoin bPlean Téarnaimh agus Athléimneachta), rud a bhí ina chuidiú le haghaidh a thabhairt ar mholtaí tírshonracha 2019 agus 2020 maidir le bonneagar digiteach agus seirbhísí poiblí ar ardchaighdeán.
‑‑Maidir leis an tosaíocht choiteann a bhaineann leis an athléimneacht shóisialta agus eacnamaíoch, lena náirítear Colún Eorpach na gCeart Sóisialta, cuimsítear leis an bplean roinnt beart. Chun rannchuidiú le hathléimneacht shóisialta, tá bónas cánach níos spriocdhírithe á chur chun feidhme, lena dtacaítear le teaghlaigh a bhfuil leanaí acu agus béim ar leith á leagan ar theaghlaigh ar ioncam íseal. Tá sé beartaithe leis an mbeart seo aghaidh a thabhairt ar mholtaí tírshonracha 2022, 2023 agus 2024 chun feabhas a chur ar éifeachtacht an chaiteachais phoiblí agus chun an meascán cánach a dhéanamh níos tacúla d’fhás cuimsitheach inbhuanaithe. Tá an athléimneacht shóisialta in éineacht leis an aistriú fuinnimh san infheistíocht a bhaineann le hathchóiriú baile do theaghlaigh atá bocht ó thaobh fuinnimh de, arb é is aidhm di an líon tithe athchóirithe a mhéadú do dhaoine atá i mbaol bochtaineachta fuinnimh, infheistíocht a bhfuil sé beartaithe aici aghaidh a thabhairt ar mholtaí tírshonracha 2019, 2020, 2022 agus 2023. Ina theannta sin, chuir an tSlóvaic athchóiriú san áireamh chun cuimsiú agus dídheighilt san oideachas a neartú mar chuid de phacáiste reachtach nua de dhlíthe scoile, agus ar an gcaoi sin tá sé beartaithe aici aghaidh a thabhairt ar mholtaí tírshonracha 2019, 2020 agus 2024 maidir le feabhas a chur ar cháilíocht agus ar chuimsitheacht an oideachais, go háirithe le haghaidh leanaí ó chúlraí faoi mhíbhuntáiste. Ar na beart eile lena gcuirtear feabhas ar athléimneacht shóisialta, áirítear acmhainneachtaí naíscoileanna a chur i gcrích (faoin bPlean Téarnaimh agus Athléimneachta), riachtanais oideachais speisialta a shainiú agus ábhair mhodheolaíocha a ullmhú (faoin bPlean Téarnaimh agus Athléimneachta), an tathchóiriú curaclaim sa bhunoideachas (faoin bPlean Téarnaimh agus Athléimneachta), agus tá sé beartaithe acu uile aghaidh a thabhairt ar mholtaí tírshonracha 2019, 2020 agus 2024 maidir le feabhas a chur ar cháilíocht agus ar chuimsitheacht an oideachais, feabhas a chur ar rochtain ar chúram leanaí inacmhainne agus imeascadh grúpaí faoi mhíbhuntáiste a chur chun cinn. Is éard atá i gceist le bearta lena dtugtar aghaidh ar athléimneacht eacnamaíoch Beartas Tionsclaíoch de chuid Phoblacht na Slóvaice a fhorbairt le haghaidh 2027-2035, bearta a bhfuil sé beartaithe leo aghaidh a thabhairt ar mholtaí tírshonracha 2019 agus 2024 maidir leis an ngá atá le feabhas a chur ar an iomaíochas. Ina theannta sin, chuir an tSlóvaic san áireamh athchóiriú ar an rialachas, ar an meastóireacht agus ar an tacaíocht san eolaíocht, sa taighde agus sa nuálaíocht (faoin bPlean Téarnaimh agus Athléimneachta), agus infheistíocht lena dtacaítear leis an gcomhar idir cuideachtaí, an saol acadúil agus eagraíochtaí T&F; agus tá sé beartaithe ag an athchóiriú agus an infheistíocht sin aghaidh a thabhairt ar mholtaí tírshonracha comhchosúla ó 2019, 2020 agus 2024 maidir le tacú leis an taighde agus leis an nuálaíocht, agus feabhas a chur ar an iomaíochas. Ar deireadh, chun moltaí tírshonracha 2019, 2023 agus 2024 a bhaint amach, ar moltaí iad a bhaineann leis na leochaileachtaí maicreacnamaíocha atá ag an tír i ndáil leis an margadh tithíochta, tá sé d’aidhm ag an tSlóvaic an tAcht um Thógáil a leasú, nósanna imeachta tógála a chuíchóiriú agus infhaighteacht tithíochta ar cíos a leathnú. Tá sé mar aidhm aici freisin an tAcht um Thacaíocht Stáit do Thithíocht Phoiblí a chur i bhfeidhm chun rochtain ar roghanna cíosa inacmhainne a mhéadú. Ní chuimsítear bearta sa phlean a bhfuil sé beartaithe leo aghaidh a thabhairt ar na moltaí tírshonracha maidir le teagasc bunscileanna a neartú agus rannpháirtíocht leanaí faoi bhun 3 bliana d’aois i gcúram leanaí foirmiúil a mhéadú (a moladh in 2024), agus maidir le leachtacht a áirithiú le haghaidh fiontair bheaga agus mheánmhéide (a moladh in 2020).
‑‑‑Maidir leis an tosaíocht choiteann a bhaineann leis an tslándáil fuinnimh, cuimsítear sa phlean athchóiriú ar thograí reachtacha a fhorbairt chun teicneolaíochtaí hidrigine a chur chun feidhme go héifeachtúil, i gcomhréir le ceanglais agus tosaíochtaí náisiúnta an Aontais, ós rud é gurb é an Plean Gníomhaíochta don Straitéis Náisiúnta Hidrigine a chuirtear isteach i gcaibidil REPowerEU den Phlean Téarnaimh agus Athléimneachta. Tá sé beartaithe leis an athchóiriú sin aghaidh a thabhairt ar na moltaí tírshonracha a fuair an tSlóvaic in 2020, 2022 agus 2023 maidir leis an spleáchas foriomlán ar bhreoslaí iontaise a laghdú. Ina theannta sin, trí fhoinsí nua leictreachais inathnuaite a thógáil (faoin bPlean Téarnaimh agus Athléimneachta), tá sé d’aidhm ag an tSlóvaic 122,4 MW de leictreachas nua a ghiniúint. Tá sé beartaithe leis an infheistíocht seo aghaidh a thabhairt ar mholtaí tírshonracha 2020, 2022 agus 2023 lena moltar dlús a chur le húsáid foinsí fuinnimh inathnuaite. Thairis sin, chuir an tSlóvaic infheistíocht san áireamh (faoin bPlean Téarnaimh agus Athléimneachta) chun na córais dáilte fuinnimh a nuachóiriú, d’fhonn na nósanna imeachta a éascú maidir le foinsí fuinnimh inathnuaite a nascadh leis an eangach, agus ar an gcaoi sin tá sé beartaithe aici aghaidh a thabhairt ar mholtaí tírshonracha in 2020, 2022 agus 2023.
‑Maidir leis an tosaíocht choiteann a bhaineann le cumais chosanta, cuimsítear sa phlean beart chun tionscadail roghnaithe a chur chun feidhme, lena náirítear go háirithe feithiclí armúrtha rothacha 8x8 agus córas aerchosanta meánraoin a fhorbairt, mar chuid de phlean forbartha fadtéarmach na hAireachta Cosanta faoi 2035.
Ina theannta sin, cuimsítear sa phlean beart beartais chun sásra a chur in ionad an phinsin tuismitheora atá ann cheana lena gceadófar cuid den cháin a íocadh le tuismitheoirí a aisíoc, ar sásra é a bhfuil sé beartaithe leis aghaidh a thabhairt ar mholtaí tírshonracha 2019 agus 2024 maidir leis an ngá atá le hinbhuanaitheacht an airgeadais phoiblí a chaomhnú agus bearta caiteachais costasacha a laghdú. Thairis sin, rannchuideoidh beart chun an líon státseirbhíseach agus fostaithe san earnáil phoiblí a laghdú faoi 5,000 idir 2025 agus 2027 le caiteachas poiblí a shrianadh (moladh tírshonrach 2024). Anuas air sin, tá athchóiriú sa phlean freisin ar an gcóras lárnach um bainistiú ospidéal (faoin bPlean Téarnaimh agus Athléimneachta), a bhfuil sé beartaithe leis aghaidh a thabhairt ar mholtaí tírshonracha 2019 agus 2020 a bhaineann le hinbhuanaitheacht an airgeadais phoiblí maidir leis an earnáil sláinte agus an gá atá le hathléimneacht na hearnála sláinte a neartú; athchóiriú maidir leis an líonra nua cúirte a thabhairt isteach (faoin bPlean Téarnaimh agus Athléimneachta), a bhfuil sé beartaithe leis freagairt do mholtaí tírshonracha 2019 agus 2020 a bhaineann le héifeachtacht an chórais bhreithiúnaigh, agus beart maidir le hionaid seirbhísí comhroinnte a bhunú (faoin bPlean Téarnaimh agus Athléimneachta) chun feabhas a chur ar éifeachtúlacht na seirbhísí poiblí fíor-riachtanacha, lena mbeartaítear aghaidh a thabhairt ar mholtaí tírshonracha 2020 agus 2024 maidir le feabhas a chur ar cháilíocht na seirbhísí poiblí. Ní chuimsítear sa phlean bearta a bhfuil sé beartaithe leo aghaidh a thabhairt ar an moladh tírshonrach a bhaineann le neamhspleáchas agus sláine an chórais bhreithiúnaigh agus frith-éillithe (a moladh in 2019 agus 2024), agus le forfheidhmiú an chreata frithsciúrtha airgid (a moladh in 2020).
Cuirtear faisnéis ar fáil sa phlean maidir leis an gcomhsheasmhacht agus, i gcás inarb iomchuí, an chomhlántacht, le cistí an bheartais chomhtháthaithe agus le Plean Téarnaimh agus Athléimneachta na Slóvaice. Go sonrach, cuimsítear sa phlean infheistíocht, atá sa Phlean Téarnaimh agus Athléimneachta (infheistíocht 4 de chomhchuid 16), lena mbunaítear lárionaid seirbhísí comhroinnte lena méadaítear éifeachtúlacht agus inrochtaineacht seirbhísí poiblí fíor-riachtanacha. Déanfar cistiú le haghaidh acmhainneachtaí pearsanra na lárionad seirbhísí comhroinnte a áirithiú trí ghlao arna mhaoiniú ag cistí an bheartais chomhtháthaithe.
‑‑‑Tugtar forléargas sa phlean ar riachtanais infheistíochta poiblí na Slóvaice a bhaineann le tosaíochtaí coiteanna an Aontais. Maidir leis an tosaíocht choiteann a bhaineann leis an aistriú cóir glas agus digiteach, lena náirítear comhsheasmhacht leis an Dlí Aeráide Eorpach, áirítear ar na bearta éifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú ar fud na nearnálacha uile agus roghanna malartacha is inbhuanaithe a chur in ionad úsáid breoslaí iontaise, rud a dhéanfaidh infheistíochtaí a dhíriú ar chumhacht núicléach, gréine agus ghaoithe. Thairis sin, díríonn riachtanais infheistíochta ar fheabhas a chur ar rochtain ar sheirbhísí rialtais digiteacha agus ar úsáid na seirbhísí sin, i gcomhréir le Treochlár Straitéiseach Náisiúnta na Slóvaice um an Deacáid Dhigiteach. Chun athléimneacht shóisialta agus eacnamaíoch a áirithiú, tá sé beartaithe ag an tSlóvaic an caiteachas poiblí ar thaighde agus ar fhorbairt a mhéadú de réir a chéile faoi 2030. Chun an tslándáil fuinnimh a mhéadú, aithníonn an tSlóvaic gur gá allmhairí cineálacha éagsúla amhábhar a éagsúlú mar réiteach infheistíochta meántéarmach trí idirnaisc nua a thógáil agus infheistíocht a dhéanamh i bhfoinsí fuinnimh inathnuaite agus i gcumhacht núicléach san fhadtéarma. Ar deireadh, chun an tslándáil a áirithiú, gealltanais ECAT agus an Aontais a chomhlíonadh agus an chobhsaíocht réigiúnach a choinneáil ar bun, leantar den infheistíocht i dtionscadail um nuachóiriú na cosanta sa tír, agus é mar phríomhchuspóir trealamh míleata nua agus nua-aimseartha a chur ar fáil atá comhoiriúnach go hiomlán le trealamh míleata Bhalltíortha ECAT. Cuimsítear sa phlean méadú ar chaiteachas cosanta chun sprioc 2 % d’ailíniú OTI le gealltanais ECAT a bhaint amach.
Conclúid mheasúnú an Choimisiúin
Ar an iomlán, tá an Coimisiún den tuairim go gcomhlíonann plean na Slóvaice ceanglais Rialachán (AE) 2024/1263.
CONCLÚID FHORIOMLÁN
I gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán (AE) 2024/1263, ba cheart don Chomhairle an chonair ghlanchaiteachais, mar a leagtar amach sa phlean, a mholadh don tSlóvaic.
AG MOLADH LEIS SEO don tSlóvaic:
(1)A áirithiú nach sáróidh an fás glanchaiteachais na huasmhéideanna a bhunaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Moladh seo.
Ina theannta sin, iarrann an Chomhairle ar an tSlóvaic a áirithiú go dtabharfar i gcrích athchóirithe agus infheistíochtaí a chomhfhreagraíonn do na príomhdhúshláin a sainaithníodh i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh, go háirithe sna moltaí tírshonracha, agus go dtabharfar aghaidh ar thosaíochtaí coiteanna an Aontais.
IARSCRÍBHINN I
Uasrátaí fáis an ghlanchaiteachais
(rátaí fáis bliantúla agus carnacha, i dtéarmaí ainmniúla)
an tSlóvaic
|
Blianta |
2025 |
2026 |
2027 |
2028 |
|
|
Rátaí fáis (%) |
Bliantúil |
3.8 |
0.9 |
1.6 |
1.5 |
|
Carnach |
10.3 |
11.2 |
13.0 |
14.8 |
|
(*) Ríomhtar na rátaí fáis carnacha faoi threoir na bonnbhliana 2023.
Arna dhéanamh in Strasbourg,
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán