|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2025/1313 |
13.3.2025 |
P9_TA(2024)0205
Cuntasaíocht a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa seirbhísí iompair
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Aibreán 2024 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cuntasaíocht a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa seirbhísí iompair (COM(2023)0441 – C9-0305/2023 – 2023/0266(COD))
(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)
(C/2025/1313)
Tá Parlaimint na hEorpa,
|
— |
ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2023)0441), |
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagail 91(1) agus 100(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9-0305/2023), |
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1), |
|
— |
ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2), |
|
— |
ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint do chomhphléití ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia agus ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht faoi Riail 58 de na Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia agus ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht (A9-0070/2024), |
|
1. |
ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é; |
|
2. |
á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil; |
|
3. |
á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta. |
(1) IO C, C/2024/890, 06.02.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/890/oj.
(2) Nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil.
P9_TC1-COD(2023)0266
Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 10 Aibreán 2024 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2024/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cuntasaíocht a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa seirbhísí iompair
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 91(1) agus Airteagal 100(2) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún (2),
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Tá sé réamhriachtanach tacú le hiarrachtaí i dtreo inbhuanaitheacht agus éifeachtúlacht chóras iompair an Aontais chun conair chobhsaí i dtreo na haeráidneodrachta faoi 2050 a choinneáil ar bun ar a dhéanaí , agus an tráth céanna ag tabhairt aird chuí ar an ngá atá le haistriú cothrom agus ionchuimsitheach a áirithiú, fás leanúnach an tionscail Eorpaigh a chaomhnú agus iomaíochas an tionscail Eorpaigh a chaomhnú neartú . [Leasú 1] |
|
(2) |
Úsáidtear cuntasaíocht astaíochtaí gás ceaptha teasa in earnálacha éagsúla – lena n-áirítear n-áirítear iompar – chun sonraí astaíochtaí gás ceaptha teasa a chainníochtú ó ghníomhaíochtaí sonracha gnó agus daoine aonair. Is uirlis chumhachtach í faisnéis níos fearr maidir le feidhmíocht seirbhísí iompair chun lorg carbóin na soláthairtí poiblí a laghdú, dreasachtaí cearta a chruthú le haghaidh úsáideoirí iompair chun roghanna níos inbhuanaithe a dhéanamh, agus chun tionchar a imirt ar chinntí gnó eagraithe agus oibreoirí iompair. Is iad sonraí iontaofa agus inchomparáide maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa an ceanglas foluiteach chun na dreasachtaí sin a chruthú, agus mar sin chun athrú iompraíochta i measc tomhaltóirí agus gnóthaí araon a spreagadh, chun rannchuidiú le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip (3) le haghaidh iompair, agus le cuspóirí an Dlí Aeráide Eorpaigh. [Leasú 2] |
|
(3) |
D’ainneoin spéis páirtithe leasmhara iompair atá ag fás, tá glacadh foriomlán na cuntasaíochta astaíochtaí gás ceaptha teasa le haghaidh seirbhísí iompair teoranta fós. I bhformhór na gcásanna, ní fhaigheann úsáideoirí faisnéis chruinn maidir le feidhmíocht seirbhísí iompair, agus ní ríomhann agus ní nochtann eagraithe agus oibreoirí seirbhísí iompair a n-astaíochtaí. Breathnaítear glacadh cuntasaíochta astaíochtaí gás ceaptha teasa atá íseal go díréireach i measc fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) go háirithe, arb ionann iad agus formhór mór na ngnóthaí a sholáthraíonn seirbhísí iompair ar mhargadh an Aontais. Go deimhin, bíonn níos mó ualaí airgeadais agus maorlathais os comhair FBManna nuair a chinneann siad a n-astaíochtaí gás ceaptha teasa a chur san áireamh. [Leasú 3] |
|
(4) |
In 2011 ghlac an Coimisiún Eorpach an Páipéar Bán maidir le hiompar (4) lenar léiríodh fís do thodhchaí chóras iompair an Aontais agus lenar sainmhíníodh clár oibre beartais chun dul i ngleic leis na dúshláin iompair amach anseo, go háirithe an gá atá le soghluaisteacht a choinneáil ar bun agus a fhorbairt agus an lorg carbóin ó oibríochtaí iompair agus lóistíochta a laghdú go suntasach. |
|
(5) |
Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir leis an Straitéis um an tSoghluaisteacht Inbhuanaithe agus Chliste i mí na Nollag 2020 (5) , tagraítear do dhreasachtaí chun na roghanna iompair is inbhuanaithe a roghnú, laistigh de na modhanna iompair agus ar fud na modhanna sin, agus béim láidir á leagan ar aistriú chuig iarnród do phaisinéirí agus do lasta araon, lena n-áirítear spriocanna nithiúla don dá rud, mar rannchuidiú nithiúil do ról na hearnála iompair maidir leis an sprioc cheangailteach faoi dhlí an Aontais a bhaint amach, a leagtar amach i Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) 53a, glanastaíochtaí gás ceaptha teasa an Aontais a laghdú 55 % ar a laghad i gcomparáid le leibhéil 1990 faoi 2030 agus an cuspóir neodracht aeráide ar fud an gheilleagair a bhaint amach faoi 2050 ar a dhéanaí . Áirítear leis na dreasachtaí sin creat Eorpach a chur ar bun chun tomhas comhchuibhithe a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa iompair agus lóistíochta, bunaithe ar chaighdeáin a aithnítear ar fud an domhain, a d’fhéadfaí a úsáid ansin chun meastachán a sholáthar do ghnóthaí agus d’úsáideoirí deiridh ar lorg carbóin a roghanna, agus an t-éileamh ó úsáideoirí deiridh agus tomhaltóirí a mhéadú chun réitigh iompair agus shoghluaiseachta níos inbhuanaithe a roghnú, lena n-áirítear seachadtaí beartán , agus glas-snasú a sheachaint. [Leasú 4] |
|
(5a) |
Astaítear formhór na ngás ceaptha teasa a bhaineann le hiompar agus le lóistíocht le linn oibriú na feithicle, le linn iompróir fuinnimh a tháirgeadh agus le linn feithicil a mhonarú. [Leasú 5] |
|
(6) |
Is iomchuí, dá bhrí sin, rialacha comhchuibhithe a leagan síos chun cuntasaíocht a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa seirbhísí iompair lasta agus paisinéara chun figiúirí inchomparáide a bhaint amach le haghaidh astaíochtaí gás ceaptha teasa seirbhísí iompair agus chun faisnéis mhíthreorach a sheachaint maidir lena bhfeidhmíocht, a eascraíonn as an bhféidearthacht roghnú idir modhanna ríomha astaíochtaí agus sonraí ionchuir éagsúla. Le rialacha den sórt sin, ba cheart cothrom na Féinne idir eintitis iompair an Aontais agus eintitis iompair ó thríú tíortha a áirithiú , idir móid agus deighleoga iompair agus líonraí náisiúnta an Aontais. Ba cheart cuidiú freisin chun dreasachtaí athraithe iompraíochta a chruthú i measc comhlachtaí poiblí, gnóthaí agus custaiméirí eile chun astaíochtaí gás ceaptha teasa ó sheirbhísí iompair a laghdú trí ghlacadh agus úsáid sonraí inchomparáide agus iontaofa maidir le hastaíochtaí ceaptha teasa. [Leasú 6] |
|
(7) |
Ba cheart don Rialachán seo creat tagartha a sholáthar chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a nochtadh ar bhonn deonach nó conarthach nó mar gheall ar oibleagáidí faoi dhlí an Aontais agus faoin dlí náisiúnta. Leis an Rialachán seo, ba cheart creat tagartha a chur ar fáil le haghaidh bearta laghdaithe astaíochtaí eile a d’fhéadfadh údaráis phoiblí agus an earnáil tionsclaíochta a dhéanamh a thuilleadh, lena n-áirítear i gcás ina mbunaítear clásail trédhearcachta um ghás ceaptha teasa i gconarthaí iompair, ina soláthraítear faisnéis maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa rogha taistil nó seachadta do phaisinéirí nó do chustaiméirí, nó ina socraítear critéir a bhaineann leis an aeráid le haghaidh nósanna imeachta soláthair glasa. I gcás ríomhthráchtála agus seachadtaí beartán, d’éascódh sé comhlíonadh an cheanglais, mar aon leis an bhfaisnéis reatha maidir le dáta seachadta measta, praghas gaolmhar, agus astaíochtaí gaolmhara de gach rogha. [Leasú 7] |
|
(8) |
D’ainneoin buntáistí a eascraíonn as an trédhearcacht mhéadaithe maidir le feidhmíocht seirbhísí iompair, bheadh cur i bhfeidhm sainordaitheach an Rialacháin seo ar na heintitis uile a sholáthraíonn seirbhísí iompair ar mhargadh an Aontais díréireach agus bheadh costais agus ualach iomarcach ann dá thoradh. Dá bhrí sin, níor cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ach amháin maidir le heintitis a dhéanann cinneadh nó atá faoi cheangal ag córais reachtacha nó neamh-reachtacha neamh-reachtacha ábhartha eile faisnéis maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a ríomh agus a nochtadh maidir le seirbhísí iompair lasta nó paisinéara a thosaíonn nó a chríochnaíonn ar chríoch an Aontais. Dá dheasca sin, áirítear leis sin seirbhísí ag a bhfuil pointí tionscnaimh nó cinn scríbe atá lonnaithe i dtríú tír. Go deimhin, chun a áirithiú go dtabharfar cuntas ar na seirbhísí iompair ábhartha uile agus chun cothrom iomaíochta a ráthú idir eintitis iompair an Aontais agus eintitis iompair ó thríú tíortha, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le seirbhísí iompair a thosaíonn agus a chríochnaíonn lasmuigh de chríoch an Aontais ach a stopann san Aontas chun paisinéirí a bhordáil nó a dhíbhordáil nó chun earraí a luchtú nó a dhíluchtú. [Leasú 8] |
|
(9) |
Níor cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le hidirghabhálaithe sonraí, amhail iad siúd a sholáthraíonn seirbhísí digiteacha le haghaidh soghluaisteacht ilmhódach, i gcás nach chomh maith leis na seirbhísí um nascleanúint dhigiteach agus seirbhísí an phleanáil bealaigh turais, nuair a ríomhann siad faisnéis maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa seirbhísí iompair go díreach agus nach nochtann siad ach , lena n-áirítear nuair a chomhcheanglaíonn faisnéis maidir leis na hastaíochtaí siúd a sholáthraíonn eintiteas lena mbaineann nó duine dlíthiúil nó nádúrtha ábhartha eile. Mar sin féin, Ba cheart d’ idirghabhálaithe sonraí i gcás nach ríomhann siad faisnéis faoi astaíochtaí gás ceaptha teasa ó sheirbhísí iompair ach nach nochtann siad ach faisnéis faoi na hastaíochtaí sin a bheith faoi cheangal ag na rialacha ábhartha a bhaineann le cumarsáid agus trédhearcacht na sonraí nochta maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa agus iad a chur in iúl , chun inchomparáideacht na sonraí sin ar an margadh agus thar mhodhanna iompair a áirithiú. [Leasú 9] |
|
(9a) |
Cuireann idirghabhálaithe sonraí a thairgeann seirbhísí digiteacha le haghaidh soghluaisteacht ilmhódach roinnt roghanna ar fáil do thomhaltóirí bunaithe ar am taistil, ar chostais ghaolmhara agus ar mhodh taistil. Ba cheart freisin go mbeadh na hidirghabhálaithe sonraí sin in ann faisnéis a sholáthar do thomhaltóirí faoi astaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaineann le turas ar leith. Dá bhrí sin, ba cheart é a bheith d’oibleagáid ar eintitis lena mbaineann nó ar dhaoine dlítheanacha nó nádúrtha ábhartha eile an fhaisnéis sin a sholáthar d’idirghabhálaithe sonraí. [Leasú 10] |
|
(10) |
Níor cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo i gcás ina ndéantar ríomh agus nochtadh astaíochtaí gás ceaptha teasa i bhfoirm chomhiomlánaithe. Áirítear leis sin cásanna ina ndíorthaítear nochtaí sainordaitheacha faisnéise a bhaineann leis an gcomhshaol do thuairisciú inbhuanaitheachta agus bunú cuntas comhshaoil chun críoch staidrimh ó rialacha eile an Aontais, amhail na cinn siúd a shainítear faoin Treoir maidir le Tuairisciú Inbhuanaitheachta Corparáideach (7) agus faoin Rialachán maidir le cuntais Eorpacha eacnamaíocha chomhshaoil (8). Os a choinne sin, is féidir go rannchuideoidh faisnéis a fhaightear ar bhonn an Rialacháin seo chun tuarascálacha astaíochtaí comhdhlúite a fhorbairt a cheanglaítear faoi dhlí eile an Aontais is infheidhme, ar choinníoll go bhfuil na modheolaíochtaí a úsáidtear agus na sonraí a bhailítear sách comhoiriúnach. |
|
(10a) |
Ba cheart aon mhaíomh a dhéantar ar bhonn sonraí aschuir arna dtuairisciú i gcomhréir leis an Rialachán seo a bheith i gcomhréir iomlán le Treoir (AE) (....)/(....) maidir le bunús na maíomh shainráite comhshaoil agus iad a chur in iúl (an Treoir maidir le Maímh Ghlasa) chomh maith le Treoir (.....)/(....) lena leasaítear Treoir 2005/29/CE agus Treoir 2011/83/AE a mhéid a bhaineann le tomhaltóirí a chumhachtú don aistriú glas trí chosaint níos fearr ar chleachtais éagóracha agus trí fhaisnéis níos fearr. [Leasú 11] |
|
(11) |
Is príomhghné amháin de chreat comhchuibhithe an Aontais a leagtar amach leis an Rialachán seo é modh ceart chun astaíochtaí gás ceaptha teasa seirbhísí iompair a ríomh. Leis an modh sin, ba cheart a áirithiú go soláthraítear leis na ríomhanna astaíochtaí a dhéantar feadh slabhra iompair sonraí maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa atá inchomparáide agus cruinn, trí shraith aonair céimeanna modheolaíocha a leanúint. Ba cheart riachtanais an mhargaidh iompair a chur san áireamh go leormhaith leis freisin, chun castacht gan ghá, agus ualach agus costais iomarcacha a sheachaint, go háirithe do FBManna, agus chun go nglacfaidh páirtithe leasmhara geallsealbhóirí leis. [Leasú 12] |
|
(12) |
Roghnaíodh Ba cheart caighdeán EN ISO 14083:2023, a d’fhoilsigh an Coiste Eorpach um Chaighdeánú (9) i mí Aibreáin 2023, agus lena trasuitear caighdeán ISO 14083:2023, a bheith mar an mhodheolaíocht tagartha chun astaíochtaí gás ceaptha teasa ón tobar go dtí an roth seirbhísí iompair a ríomh faoin Rialachán seo. Léiríodh leis an anailís gur cruthaíodh gurb é caighdeán ISO 14083:2023 an modheolaíocht is ábhartha agus is comhréirí chun dul i ngleic le cuspóirí an Rialacháin seo , lena n-áirítear glacadh gasta ar an margadh agus inchomparáideacht na sonraí . Déantar cainníochtú na n-astaíochtaí ar bhonn ón tobar go dtí an roth, lena n-áirítear astaíochtaí gás ceaptha teasa a eascraíonn as soláthar fuinnimh agus úsáid feithiclí le linn oibríochtaí iompair agus moil. [Leasú 13] |
|
(12a) |
Tá teorainn le caighdeán EN ISO 14083:2023, go háirithe an ganntanas nach mbreithníonn sé astaíochtaí gás ceaptha teasa ó shaolré iomlán na seirbhísí iompair. Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar an bhféidearthacht raon feidhme na modheolaíochta tagartha chun go leathnófar astaíochtaí gás ceaptha teasa ó sheirbhísí iompair a ríomh go luath amach anseo chun foráil a dhéanamh maidir le ríomh agus tuairisciú na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa saolré ó sheirbhísí iompair. Leis an modheolaíocht a bheidh ann amach anseo, ba cheart glacadh feithiclí astaíochtaí nialasacha agus forálacha Airteagal 14, mír 5 de Threoir 2003/87/CE a chur san áireamh. Chuige sin, ba cheart don Choimisiún breithniú a dhéanamh ar iarrachtaí atá ann cheana amhail ISO 14067:2018 agus Rialacha na Catagóire Táirge maidir le seirbhísí iompair a bunaíodh sa Chóras Idirnáisiúnta um Dhearbhú ar Tháirgí Comhshaoil. [Leasú 14] |
|
(12b) |
Ba cheart don Choimisiún, i gcomhar leis an gCoiste Eorpach um Chaighdeánú agus le comhlachtaí náisiúnta um chaighdeánú na mBallstát a áirithiú go mbeadh rochtain ag an earnáil iompair ar an gcaighdeán ISO 14083:2023 nó ar an gcaighdeán Eorpach coibhéiseach CEN ISO 14083 saor in aisce a mhéid a bhaineann le micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide (‘FBManna’) mar a shainmhínítear i Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún. Ba cheart na caighdeáin a bheith inrochtana ina leaganacha barántúla agus i dteangacha oifigiúla uile an Aontais chun an Rialachán seo a dhéanamh go hiomlán inrochtana dóibh siúd go léir atá faoina réir. [Leasú 111] |
|
(12c) |
Foráiltear le hAirteagal 2 CAE go bhfuil an tAontas Eorpach bunaithe ar phrionsabal an smachta reachta, lena gceanglaítear saor-rochtain ar dhlí an Aontais do dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha uile an Aontais Eorpaigh, agus nach mór do dhaoine aonair a bheith in ann a gcearta agus a n-oibleagáidí a fhionnadh go soiléir (breithiúnas an 22 Feabhra 2022, Stichting Rookpreventie Jeugd agus páirtithe eile, C-160/20, mír 41). Leis an saor-rochtain sin, ní mór, go háirithe, a chur ar chumas aon duine a bhfuil an dlí ag iarraidh a chosaint a fhíorú, laistigh de na teorainneacha a cheadaítear faoin dlí, go gcomhlíonann seolaithe na rialacha a leagtar síos leis an dlí sin na rialacha sin. Dá bhrí sin, de bhua na n-éifeachtaí a thugtar dó le reachtaíocht an Aontais, is féidir le caighdeán comhchuibhithe cearta a thugtar do dhaoine aonair agus oibleagáidí atá orthu a shonrú agus d’fhéadfadh sé go mbeadh gá leis na sonraíochtaí sin chun a fhíorú an gcomhlíonann táirge nó seirbhís ar leith ceanglais bhunriachtanacha na reachtaíochta sin i ndáiríre. [Leasú 112] |
|
(12d) |
Ina breithiúnas an 27 Deireadh Fómhair 2016 i gcás C-613/14, chinn an Chúirt go bhfuil caighdeán comhchuibhithe, a glacadh ar bhonn treorach agus ar foilsíodh na tagairtí dó in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, ina chuid de dhlí an Aontais de bharr a éifeachtaí dlíthiúla. Ina breithiúnas an 5 Márta 2024 i gcás C-588/21 P, chinn an Chúirt gurb ann do leas sáraitheach poiblí, de réir bhrí an chlásail dheireanaigh d’Airteagal 4(2) de Rialachán Uimh. 1049/2001, ar leas sáraitheach poiblí é a eascraíonn as prionsabail an smachta reachta, na trédhearcachta, na hoscailteachta agus an dea-rialachais, agus a thugann bonn cirt le caighdeáin chomhchuibhithe shonracha a nochtadh, ós rud é go bhfuil na caighdeáin sin ina gcuid de dhlí an Aontais mar gheall ar a n-éifeachtaí dlíthiúla. [Leasú 113] |
|
(12e) |
Meastar go ginearálta go n-áirítear in astaíochtaí saolré iomlán na hastaíochtaí ceaptha teasa ón tobar go dtí an roth, agus astaíochtaí ó tháirgeadh na bhfeithiclí, ó chothabháil na bhfeithiclí agus ó dhiúscairt na bhfeithiclí, chomh maith le bonneagar a mhéid is ábhartha, mar a leagtar amach i Moladh (AE) 2021/2279 ón gCoimisiún. Ar chúiseanna comhréireachta agus chun teorainn a chur le castacht riaracháin agus le costais cur chun feidhme, níor cheart bonneagar a chur san áireamh agus measúnú á dhéanamh ar astaíochtaí saolré chun críocha an Rialacháin seo. [Leasú 16] |
|
(13) |
Ba cheart aird a thabhairt gan imeacht ó roghanna modheolaíochta bunaidh chaighdeán EN ISO 14083:2023, chun neamhréireachtaí a sheachaint i ríomh astaíochtaí ceaptha teasa seirbhísí iompair ar an margadh, go háirithe i gcomhthéacs na slabhraí iompair idirnáisiúnta. Mar sin féin, ó am go ham, is iomchuí measúnú a dhéanamh go tréimhsiúil ar an ngá atá le coigeartú féideartha a dhéanamh ar EN ISO 14083:2023 ó pheirspictíocht bheartais an Aontais , lena n-áirítear reachtaíocht atá le teacht , chomh maith le leasuithe amach anseo ar an gcaighdeán sin a d’fhéadfadh an Coiste Eorpach um Chaighdeánú nó comhlacht inniúil eile a dhéanamh. I gcás ina léirítear leis na measúnuithe sin riosca go bhféadfadh cuid áirithe den chaighdeán míchothromaíochtaí míchuí a chruthú agus astaíochtaí gás ceaptha teasa seirbhísí iompair i ndeighleoga sonracha an mhargaidh á ríomh nó go mbeadh neamhréireachtaí idir an caighdeán sin agus cuspóirí an Rialacháin seo nó dlí eile is infheidhme de chuid an Aontais, d’fhéadfadh An Coimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, cuimhneamh ar iarraidh ar an gCoiste Eorpach um Chaighdeánú an caighdeán a athbhreithniú dá réir, nó cinneadh a dhéanamh an chuid sin den chaighdeán a chur as an áireamh ó raon feidhme an Rialacháin seo. Ba cheart leasú ar an gcaighdeán nó ar chomhpháirt lena gcruthaítear riosca follasach neamh-chomhoiriúnachta le cuspóirí an Rialacháin seo agus le rialacha eile is infheidhme de chuid an Aontais, go háirithe le cuspóir fadtéarmach aeráide agus spriocanna idirmheánacha an Aontais mar a leagtar síos i Rialachán (AE) 2021/1119, agus le dlí aeráide eile de chuid an Aontais, a eisiamh. [Leasú 17] |
|
(14) |
Chun cúrsaíocht faisnéise míchruinne ar an margadh a sheachaint, d’fhéadfaí gá a theacht chun cinn an mhodheolaíocht tagartha a shoiléiriú i leith paraiméadair agus toimhdí ábhartha a bhaineann le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a úsáidtear chun astaíochtaí a ríomh sula soláthraítear seirbhís. Tá feidhm ag an méid céanna i leith paraiméadair theicniúla ábhartha eile a bhaineann le leithdháileadh astaíochtaí nó comhiomlánú eilimintí sonraí i gcás nach soiléirítear go sainráite úsáid na bparaiméadar sin sa mhodheolaíocht. |
|
(15) |
Is féidir cineálacha sonraí ionchuir éagsúla, lena n-áirítear sonraí príomhúla agus sonraí tánaisteacha, a úsáid chun astaíochtaí gás ceaptha teasa seirbhísí iompair a ríomh. Tagann na torthaí is iontaofa agus is cruinne ó shonraí príomhúla, agus dá bhrí sin , ba cheart tosaíocht a thabhairt dóibh chun foráil a dhéanamh maidir le glacadh de réir a chéile na sonraí sin iad a bheith éigeantach i bpróisis ríomha ríofa astaíochtaí gás ceaptha teasa. Mar sin féin, d’fhéadfaí ós rud é gur dócha nach féidir sonraí príomhúla a bhaint amach nó go mbeadh sé i bhfad chur i gcrích nó a bheith róchostasach do pháirtithe leasmhara ar leith chuideachtaí beaga agus meánmhéide , ba cheart FBManna go háirithe a bheith díolmhaithe . Dá bhrí sin, ba cheart úsáid sonraí tánaisteacha a cheadú faoi choinníollacha soiléire na coinníollacha a leagtar amach sa Rialachán seo . Ba cheart do OEManna rochtain ar shonraí laistigh den fheithicil atá ábhartha chun na críche sin a sholáthar do FBManna. [Leasú 18] |
|
(15a) |
I gcás ina ndéanfaidh eagraí seirbhíse iompair a chuireann feidhmíocht nithiúil seirbhíse iompair amach ar fochonradh go páirteach nó go hiomlán agus ina gcinneann sé sonraí astaíochtaí gás ceaptha teasa an fhochonraitheora a chomhtháthú ina ríomh foriomlán, ba cheart go mbeadh sé in ann brath ar shonraí tánaisteacha i ndáil leis na seirbhísí iompair a dhéanann an fochonraitheoir nó na fochonraitheoirí. Ba cheart solúbthacht a dheonú chun úsáid a bhaint as sonraí tánaisteacha arna soláthar ag fochonraitheoir amháin nó níos mó, fiú má úsáidtear sonraí príomhúla chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a ríomh, a thagann as na seirbhísí iompair a dhéanann fochonraitheoirí eile nó cabhlach an eagraí seirbhíse iompair féin. [Leasú 19] |
|
(15b) |
Tá na Ballstáit in ann dreasachtaí de chineál riaracháin, airgeadais nó oibríochtúil a thabhairt isteach chun úsáid sonraí príomhúla a spreagadh, agus i ndáil leis sin ba cheart do na Ballstáit fógra a thabhairt don Choimisiún nuair a chuirfidh siad dreasachtaí den sórt sin ar bun, chun go bhféadfaidh an Coimisiún faireachán a dhéanamh ar dhea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh agus cothrom iomaíochta a áirithiú. [Leasú 20] |
|
(16) |
Maidir le sonraí tánaisteacha, is féidir astaíochtaí gás ceaptha teasa seirbhíse iompair a ríomh trí luachanna réamhshocraithe nó sonraí samhaltaithe a úsáid. Mar sin féin, le húsáid luachanna réamhshocraithe agus sonraí samhaltaithe, ba cheart faisnéis chruinn agus iontaofa a sholáthar maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa seirbhíse iompair ar leith agus, dá bhrí sin, ba cheart na luachanna réamhshocraithe sin a shocrú agus na sonraí samhaltaithe a fhorbairt agus a nuashonrú ar bhonn tráthrialta agus ar bhealach neodrach agus oibiachtúil, bunaithe ar fhoinsí iontaofa agus paraiméadair leormhaithe. Meastar go bhfuil ag cliseadh ar na seiceálacha cáilíochta teicniúla maidir le cruinneas agus iontaofacht na faisnéise mar thoradh ar bhunachair sonraí agus luachanna réamhshocraithe a d’fhágfadh go ndéanfaí maolaisnéis ar na hastaíochtaí a bheadh mar thoradh orthu i gcomparáid leis na cinn a luaitear i dtuairisciú sonraí príomhúla. Ba cheart na seiceálacha cáilíochta teicniúla sin a athdhéanamh go rialta. [Leasú 21] |
|
(17) |
Dá bhrí sin, ba cheart príomhbhunachar sonraí de chuid an Aontais maidir le luachanna réamhshocraithe le haghaidh déine astaíochtaí gás ceaptha teasa a bhunú chun inchomparáideacht torthaí astaíochtaí gás ceaptha teasa a fhaightear agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm a fheabhsú . Ba cheart dóthain gráinneachta a bheith sa bhunachar sonraí sin agus ba cheart dó na sainiúlachtaí earnála, náisiúnta agus réigiúnacha a léiriú san Aontas, agus ba cheart táblaí ar leith a bheith ann le haghaidh gach modh iompair, lena n-áiritheofar go dtabharfar cothrom le dáta go rialta agus lena n-ionchorprófar dul chun cinn teicneolaíoch úrscothach maidir le laghdú astaíochtaí i gcás inarb infheidhme . Mar sin féin, i bhfianaise sainiúlachtaí earnálacha, náisiúnta agus réigiúnacha na luachanna réamhshocraithe sin ar fud an Aontais, ba cheart bunachair sonraí agus tacair sonraí ábhartha eile a oibríonn tríú páirtithe a cheadú ar an gcoinníoll go ndéantar seiceáil cáilíochta teicniúla orthu ar leibhéal an Aontais. [Leasú 22] |
|
(18) |
Agus déine astaíochtaí gás ceaptha teasa seirbhíse iompair á bunú, tá gá le fachtóirí astaíochta gás ceaptha teasa d’iompróirí fuinnimh iompair chun meastacháin ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a dhíorthú a léiríonn an méid fuinnimh a úsáidtear i bpeirspictíocht ón tobar go dtí an roth. Dá réir sin, ba cheart bunachar sonraí lárnach de chuid an Aontais maidir le fachtóirí astaíochta gás ceaptha teasa d’iompróirí fuinnimh a chur ar bun chun inchomparáideacht agus cáilíocht na sonraí ionchuir a ráthú. |
|
(18a) |
Ba cheart cur chuige suíomhbhunaithe a spreagadh, ar an mbonn go n-áirithítear tacar luachanna déine atá cruinne agus cothrom le dáta do na Ballstáit éagsúla, agus astaíochtaí a bhaineann le húsáid leictreachais á gcainníochtú ar bhonn luachanna déine astaíochtaí atá cothrom le dáta agus cruinn do gach Ballstát. Tá cur chuige margadhbhunaithe inmhianaithe a thuilleadh, ar choinníoll go n-áiritheofar inrianaitheacht chuí, trí bhíthin conradh inchreidiúnaithe lena ngabhann ráthaíochtaí tionscnaimh. Sna bunachair sonraí a bhunaítear leis an Rialachán seo, ba cheart figiúirí a úsáid bunaithe ar chur chuige suíomhbhunaithe. [Leasú 23] |
|
(19) |
Ba cheart do chomhlacht neodrach agus inniúil a oibríonn ar leibhéal an Aontais tabhairt faoi fhorbairt agus cothabháil bhunachair sonraí an Aontais maidir le de luachanna réamhshocraithe le haghaidh déine astaíochta gás ceaptha teasa agus fachtóirí d’fhachtóirí astaíochta gás ceaptha teasa arna mbunú ag an Rialachán seo , chomh maith le seiceáil cáilíochta teicniúla na mbunachar sonraí agus na dtacar sonraí seachtrach a oibríonn tríú páirtithe. I bhfianaise a sainchúraim, is í an Ghníomhaireacht Eorpach Comhshaoil is fearr chun an cúnamh is gá a sholáthar chun an chuid seo den Rialachán a chur chun feidhme i gceart. I gcás inarb ábhartha, d’fhéadfadh an obair seo brath ar ranníocaíocht ó chomhlachtaí earnálacha eile an Aontais agus d’fhéadfadh na comhlachtaí sin tacú léi, i gcomhréir le dlí ar leithligh an Aontais. [Leasú 24] |
|
(20) |
Is féidir sonraí samhaltaithe a úsáid má tá siad bunaithe ar shamhail a bhunaítear i gcomhréir leis an modheolaíocht tagartha agus, i gcás inarb ábhartha, forálacha eile maidir le húsáid sonraí tánaisteacha agus uirlisí ríomha a leagtar amach sa Rialachán seo. |
|
(21) |
Ceanglaítear le Rialachán (AE) 2015/757 (10) agus Treoir 2003/87/CE (11) bailiúchán, ríomh agus tuairisciú bliantúil na n-astaíochtaí CO2 ó longa agus aerárthaí, faoi seach , a bhailiú, a ríomh agus a thuairisciú ar bhonn bliantúil . D’fhéadfadh Rialachán (AE) 2015/757 agus Treoir 2003/87/CE a bheith comhlántach leis na forálacha a leagtar amach sa Rialachán seo go pointe áirithe, go háirithe i dtéarmaí sonraí maidir le breosla dóite a tháirgeadh mar ionchur chun astaíochtaí seirbhísí iompair a chainníochtú. D’fhéadfadh sonraí ionchuir chun astaíochtaí gás ceaptha teasa seirbhísí iompair a ghiniúint a bheith de thionscnamh chur chun feidhme creataí reachtacha eile, amhail mar shampla Rialachán (AE) 2019/1242 (12) agus Rialachán (AE) 2019/631 (13) agus Rialachán (AE) 2023/2405 (14). [Leasú 25] |
|
(22) |
Is iomchuí méadracht choiteann méadrachtaí coiteanna a leagan síos chun sonraí aschuir maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa atá mar bhonn faoi inchomparáideacht na sonraí sin a léiriú agus chun bheith in ann tagarmharcáil éifeachtach a dhéanamh ar sheirbhísí iompair éagsúla. Le méadracht choiteann Leis na méadrachtaí coiteanna , ba cheart cumarsáid shoiléir ó sholáthraí sonraí agus tuiscint chruinn na cumarsáide sin ag faighteoir sonraí a chumasú. Sa chiall sin, agus faid á gcinneadh, go háirithe maidir le déine astaíochtaí a bhunú, ba cheart don Choimisiún na rialacha mionsonraithe maidir le húsáid na rogha maidir le Fad Mórchiorclach (‘GCD’) a shonrú laistigh de ISO14083. Níor cheart go gcuirfeadh na rialacha sin cosc ar úsáid sonraí príomhúla maidir le fad iarbhír, amhail in earnáil an iarnróid. [Leasú 26] |
|
(23) |
Ba cheart a áireamh go héigeantach agus go feiceálach in aon fhaisnéis dhí-chomhiomlánaithe maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa seirbhíse iompair a nochtar do thríú páirtí chun críoch tráchtála nó rialála i gcomhréir le raon feidhme an Rialacháin seo sonraí aschuir a bhunaítear de bhun na rialacha sonracha maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a ríomh a leagtar amach leis an Rialachán seo. Is féidir eilimintí sonraí breise, lena mbaineann cuspóirí eile seachas na cuspóirí a shainmhínítear faoin Rialachán seo, a chur leis, i gcás inarb ábhartha. |
|
(23a) |
Tá nochtadh faisnéise maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa roimh sholáthar seirbhíse iompair ríthábhachtach chun próiseas cinnteoireachta eolach ag saoránaigh a spreagadh agus chun tionchar a imirt ar chinntí gnó eintiteas a eagraíonn agus a sholáthraíonn na seirbhísí sin ar an margadh. Dá bhrí sin, ba cheart d’eintitis agus d’idirghabhálaithe sonraí lena mbaineann faisnéis maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaineann le seirbhís iompair ar leith a nochtadh, aon uair is féidir, sula soláthraítear an tseirbhís iompair. Mar sin féin, féadfar faisnéis maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a nochtadh tar éis an tseirbhís iompair a sholáthar, go háirithe inar gá leibhéal faisnéise níos mionsonraithe le haghaidh na cumarsáide idir cuideachtaí, go háirithe i gcomhthéacs slabhraí lóistíochta agus caidrimh conraidh a chur ar fochonradh. [Leasú 27] |
|
(23b) |
Ba cheart é a bheith d’oibleagáid ar idirghabhálaithe sonraí an fhaisnéis a ionchorprú go feiceálach ar gach toradh cuardaigh agus rangú astaíochtaí a áireamh mar rogha réamhshocraithe sórtála, trína dtaispeánfaí an rogha is neamhdhíobhálaí don chomhshaol ar dtús, chomh maith le comparáid éasca idir roghanna éagsúla módacha, lena n-áirítear úsáid feithicle príobháidí mar aon le roghanna rothar i gcás inarb iomchuí. Ba cheart d’oibreoirí ríomhthráchtála na hastaíochtaí seirbhísí iompair a bhaineann leis na roghanna éagsúla beartseachadta a thaispeáint freisin, in éineacht leis an dáta agus an costas measta atá ar fáil faoi láthair. Ba cheart na sonraí aschuir a bhaineann le hastaíochtaí iarbhír na seirbhíse iompair a sholáthar freisin tar éis í a thabhairt chun críche. [Leasú 28] |
|
(24) |
Chun comhlíontacht leis na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo a léiriú, ba cheart d’eintiteas a ríomhann agus a nochtann faisnéis maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa seirbhíse iompair a bheith in ann fianaise a ullmhú chun bunús a thabhairt leis na sonraí aschuir lena mbaineann. Ba cheart an fhianaise a ullmhú de bhun na rialacha maidir le tuairisciú ar leibhéal seirbhíse iompair a leagtar amach le caighdeán EN ISO 14083:2023, agus beidh sí le fáil arna iarraidh sin d’údarás inniúil, amhail cúirt, nó aon tríú páirtí eile más gá faoi shocraithe ar leithligh, lena n-áirítear sa pheirspictíocht gnólacht le gnólacht. |
|
(25) |
Mura bhfuil feidhm ag socruithe ar leithligh, níor cheart idirghabhálaí sonraí a bhailíonn faisnéis maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa seirbhíse iompair ó eintiteas lena mbaineann nó ó dhuine dlíthiúil nó nádúrtha ábhartha eile, agus a nochtann ar an margadh í, a bhreithniú a bheith faoi dhliteanas i gcás ina sáraíonn an fhaisnéis sin aon cheann de na ceanglais a bhaineann le ríomh agus fíorú astaíochtaí gás ceaptha teasa seirbhísí iompair, agus le deimhniú uirlisí ríomha, a leagtar amach leis an Rialachán seo. Mar sin féin, ba cheart don idirghabhálaí sonraí iarracht a dhéanamh cosc a chur le faisnéis mhíchruinn nó mhícheart a nochtadh, agus ba cheart dó na rialacha a bhaineann le sonraí aschuir, cumarsáid agus trédhearcacht astaíochtaí gás ceaptha teasa a urramú. Ina theannta sin, ba cheart don idirghabhálaí sonraí foinse na faisnéise sin a sholáthar chun gur féidir an soláthraí faisnéise ábhartha a shainaithint. |
|
(26) |
Féadfaidh uirlisí ríomha seachtracha a sholáthraítear ar an margadh le haghaidh na úsáide níos leithne tráchtála agus neamh-thráchtála neamh-thráchtála cuntasaíocht astaíochtaí gás ceaptha teasa seirbhísí iompair a éascú, agus sa chaoi sin tacú lena glacadh ag na grúpaí páirtithe leasmhara níos leithne. Ba cheart úsáid na n-uirlisí n-uirlisí sin a dheimhniú chun a ráthú go mbíonn siad i gcomhréir le ceanglais an Rialacháin seo, go háirithe a mhéid a bhaineann leis an modheolaíocht tagartha choiteann agus tacar iomchuí sonraí ionchuir a úsáid. Ba cheart a shonrú sa deimhniú an dtacaíonn an uirlis ríomha le ríomhanna bunaithe ar shonraí príomhúla. [Leasú 29] |
|
(26a) |
Chun nós imeachta coiteann agus atá inchomparáide go héasca a chruthú, chomh maith leis an ualach riaracháin agus airgeadais a laghdú ar eintitis, ar mian leo a n-astaíochtaí a ríomh, go háirithe FBManna, ba cheart don Choimisiún uirlis ríomha phoiblí saor in aisce a fhorbairt lena ráthaítear inrochtaineacht sonraí aschuir agus atá éasca le húsáid agus a bhfuil rochtain éasca uirthi ar líne. Ba cheart treoirdhoiciméid céim ar chéim a bheith ag gabháil leis an uirlis ríomha sin. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú go gcuidíonn an uirlis sin le feasacht a mhúscailt agus go ndreasaíonn sí úsáid sonraí príomhúla chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a ríomh. [Leasú 30] |
|
(27) |
Le córas fíorúcháin a dheartar go cuí le haghaidh chomhréireacht na sonraí aschuir maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a nochtar ar an margadh agus na próisis ríomha foluiteacha, leis na ceanglais a leagtar amach faoin Rialachán seo, ba cheart muinín as iontaofacht agus cruinneas na sonraí sin a mhéadú go mór. Ba cheart d’eintitis ar a ndearnadh measúnú comhréireachta go rathúil a bheith i dteideal cruthúnas comhlíontachta a fháil, atá le haithint go coiteann ar fud an Aontais. I gcás inar áiríodh sonraí príomhúla, Ba cheart iad a aithint go sonrófar sa chruthúnas comhlíontachta, go háirithe sciar na sonraí príomhúla a úsáideadh, chun bailiú agus úsáid sonraí príomhúla ag aon eintiteas lena mbaineann na rialacha a leagtar amach leis an Rialachán seo a dhreasú. [Leasú 31] |
|
(28) |
D’fhéadfadh ualach riaracháin nasctha leis an bhfíorúchán a bheith díréireach do chuideachtaí beaga agus dá bhrí sin ba cheart é a sheachaint. Chuige sin, ba cheart FBManna a dhíolmhú ó na ceanglais a bhaineann le fíorúchán, mura mian leis na fiontair sin cruthúnas a fháil faoin gcomhlíontacht lena mbaineann. Ina theannta sin, ba cheart d’fhiontair mhóra prionsabal na comhréireachta a chur san áireamh agus iad ag cuimhneamh ar fhíorú comhréireachta a iarraidh ó chomhpháirtithe sa slabhra luacha, FBManna go háirithe. |
|
(28a) |
D’fhéadfadh cuntasaíocht astaíochtaí gás ceaptha teasa bunaithe ar shonraí príomhúla an méid breosla nó fuinnimh arna ídiú a bhaineann le sannadh custaiméirí sonracha a nochtadh, agus dá bhrí sin, is féidir astaíochtaí a thiontú ar ais ina gcostas oibríochta. Go háirithe in earnáil an iompair lasta, bíonn tionchar diúltach aige sin ar chumhacht idirbheartaíochta FBManna. Dá bhrí sin, níor cheart cead a bheith ag fiontair mhóra astaíochtaí gás ceaptha teasa a iarraidh bunaithe ar shonraí príomhúla ó chomhpháirtithe an tslabhra luacha, go háirithe ó FBManna. [Leasú 32] |
|
(29) |
I gcás ina n-eagraítear fíorúchán na faisnéise maidir le sonraí um astaíochtaí gás ceaptha teasa seirbhísí iompair i gcomhréir leis na rialacha sonracha a leagtar amach le reachtaíocht eile an Aontais, lena n-áirítear rialachán maidir le cothrom na Féinne a áirithiú le haghaidh aeriompar inbhuanaithe agus a chuireann Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh chun feidhme, caithfear leis na rialacha sin ar bhealach coibhéiseach, faoin gcoinníoll go mbunaítear an measúnú fíorúcháin go comhsheasmhach le ceanglais an Rialacháin seo. |
|
(29a) |
Chun glacadh agus cur chun feidhme cuí an Rialacháin seo a áirithiú, ba cheart do na Ballstáit rannchuidiú lena fhorfheidhmiú, lena n-áirítear trí chóras pionós a bhunú. Ba cheart do na pionóis airgeadais a bheith comhréireach agus athchomhairleach, agus ba cheart a chur san áireamh leo aon atarlú i gcás mainneachtana na ceanglais ríomha agus faisnéise a chomhlíonadh nó i gcás ina soláthraíonn eintitis lena mbaineann faisnéis mhíthreorach. Níor cheart go gcruthódh na híosmhéideanna nó na huasmhéideanna arna mbunú aon dreasacht do neamhchomhlíonadh ar bhealach ar bith. [Leasú 33] |
|
(30) |
Chun feidhmiú éifeachtúil an Rialacháin seo a cheadú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i leith eilimintí áirithe den mhodheolaíocht tagartha a mheas agus a eisiamh; iarrataí a chur faoi bhráid an Choiste Eorpaigh um Chaighdeánú, rialacha a leagan síos chun an tseiceáil cáilíochta teicniúla a dhéanamh ar bhunachair sonraí sheachtracha maidir le luachanna réamhshocraithe, méadracht a oiriúnú le haghaidh sonraí aschuir maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa agus tuilleadh modhanna agus critéar a bhunú maidir le creidiúnú comhlachtaí um measúnú comhréireachta. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (15). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe. |
|
(31) |
Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a bhaineann le deimhniú uirlisí ríomha agus fíorú sonraí maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16). |
|
(32) |
Ní cuspóirí iad inchomparáideacht sonraí maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa seirbhísí iompair ná glacadh níos fearr cuntasaíochta astaíochtaí gás ceaptha teasa i gcleachtas gnó a d’fhéadfadh na Ballstáit a bhaint amach go leormhaith gan an riosca a bheith ann rómhaorlathas a thabhairt isteach ar an margadh inmheánach agus costais agus ualach riaracháin breise ann do thionscail. Seachas sin, d’fhéadfaí na cuspóirí sin, de bharr éifeachtaí líonra na mBallstát ag gníomhú le chéile, a bhaint amach ar bhealach níos fearr ar leibhéal an Aontais. Dá bhrí sin, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. |
|
(33) |
I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, is gá agus is iomchuí, chun an bunchuspóir a bhaineann le hathrú iompraíochta a dhreasú i measc gnóthaí agus custaiméirí d’fhonn astaíochtaí gás ceaptha teasa ó sheirbhísí iompair a laghdú trí shonraí maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa atá inchomparáide agus iontaofa a ghlacadh agus a úsáid, go leagfar síos rialacha maidir le cuntasaíocht a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa seirbhísí iompair. Ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí arna saothrú a ghnóthú, i gcomhréir le hAirteagal 5(4) den Chonradh ar an Aontas Eorpach. |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH
CAIBIDIL 1
FORÁLACHA GINEARÁLTA
Airteagal 1
Ábhar
Bunaítear leis an Rialachán seo rialacha maidir le cuntasaíocht agus nochtadh a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa seirbhísí iompair a thosaíonn nó a chríochnaíonn ar chríoch an Aontais. [Leasú 34]
Airteagal 2
Raon feidhme
Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le haon eintiteas a sholáthraíonn nó a eagraíonn seirbhísí lasta agus paisinéara san Aontas a ríomhann astaíochtaí gás ceaptha teasa seirbhíse iompair a thosaíonn nó a chríochnaíonn ar chríoch an Aontais agus a nochtann faisnéis dhí-chomhiomlánaithe maidir leis na hastaíochtaí sin d’aon tríú páirtí chun críoch tráchtála nó rialála. leis an méid seo a leanas:
|
(a) |
eintitis a sholáthraíonn nó a eagraíonn seirbhísí lasta agus paisinéara san Aontas a ríomhann astaíochtaí gás ceaptha teasa seirbhíse iompair a thosaíonn nó a chríochnaíonn ar chríoch an Aontais agus a nochtann faisnéis dhí-chomhiomlánaithe maidir leis na hastaíochtaí sin do thríú páirtithe; |
|
(b) |
idirghabhálaithe sonraí a ríomhann siad faisnéis maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa seirbhísí iompair go díreach agus nach nochtann siad ach faisnéis maidir leis na hastaíochtaí siúd a sholáthraíonn eintiteas lena mbaineann nó duine dlíthiúil nó nádúrtha ábhartha eile. [Leasú 35] |
Airteagal 3
Sainmhínithe
Chun críche an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
|
(1) |
ciallaíonn ‘gás ceaptha teasa’ comhábhar gásach den atmaisféar, idir nádúrtha agus antrapaigineach, a ionsúnn agus a astaíonn radaíocht ar thonnfhaid shonracha laistigh de speictream na radaíochta infridheirge a astaíonn dromchla an Domhain, an atmaisféar agus néalta , mar a leagtar amach sa Tuarascáil Mheasúnaithe is déanaí den Phainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC) ; [Leasú 36] |
|
(2) |
ciallaíonn ‘astaíocht gás ceaptha teasa’ scaoileadh gáis cheaptha teasa isteach san atmaisféar arna shloinneadh de réir coibhéis maise dé-ocsaíde carbóin; |
|
(3) |
ciallaíonn ‘coibhéis dé-ocsaíde carbóin (CO2e)’ aonad chun fórsáil radantach gáis cheaptha teasa a chur i gcomparáid le fórsáil radantach dé-ocsaíde carbóin; |
|
(4) |
ciallaíonn ‘cuntasaíocht ar astaíochtaí gás ceaptha teasa’ na gníomhaíochtaí a dhéantar chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a chainníochtú, trí thomhais agus ríomhanna, agus a úsáidtear le haghaidh tuairiscithe; |
|
(5) |
ciallaíonn ‘seirbhís iompair’ lasta nó paisinéir a iompar ó thionscnamh go ceann scríbe; is féidir le seirbhís iompair eilimint amháin nó níos mó sa slabhra iompair a thabhairt le fios lena gceanglaítear oibríocht/oibríochtaí iompair agus/nó oibríocht/oibríochtaí moil; |
|
(6) |
ciallaíonn ‘oibríocht iompair’ feithicil a oibriú chun paisinéirí agus/nó lasta a iompar; |
|
(7) |
ciallaíonn ‘oibríocht mhoil’ oibríocht chun lasta nó paisinéirí a aistriú trí mhol; |
|
(8) |
ciallaíonn ‘feithicil’ modh chun paisinéirí agus/nó earraí a iompar i ngach mód iompair; |
|
(9) |
ciallaíonn ‘slabhra iompair’ seicheamh eilimintí iompair a bhaineann le lasta nó paisinéir (grúpa paisinéirí) a chuimsíonn, agus iad á nglacadh le chéile, a ghluaisteacht ó thionscnamh go ceann scríbe; |
|
(10) |
ciallaíonn ‘eilimint slabhra iompair’ píosa de shlabhra iompair ina n-iompraíonn feithicil amháin an lasta nó paisinéir (grúpa paisinéirí) nó ina n-aistrítear trí mhol aonair iad; |
|
(11) |
ciallaíonn ‘faisnéis a nochtadh maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa seirbhíse iompair’ faisnéis dhí-chomhiomlánaithe a chur in iúl maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaineann le seirbhís iompair shonrach ag eintiteas lena mbaineann nó ag idirghabhálaí sonraí chuig aon tríú páirtí, i gcomhthéacs sholáthar, chumarsáid nó mhargú na seirbhíse sin, roimh nó tar éis sholáthar na seirbhíse iompair. |
|
(12) |
ciallaíonn ‘eintiteas lena mbaineann’ eintiteas a ríomhann astaíochtaí gás ceaptha teasa seirbhíse iompair a thosaíonn nó a chríochnaíonn ar chríoch an Aontais agus a nochtann faisnéis maidir leis na hastaíochtaí sin d’aon tríú páirtí, chun críoch tráchtála nó rialála; |
|
(13) |
ciallaíonn ‘idirghabhálaí sonraí’ duine dlítheanach nó nádúrtha a bhailíonn , a ríomhann nó agus a nochtann faisnéis maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa seirbhíse iompair ar bhonn socruithe dlíthiúla, conarthacha nó socruithe ábhartha eile ar leithligh; [Leasú 37] |
|
(14) |
ciallaíonn ‘gníomhaíocht gás ceaptha teasa’ gníomhaíocht óna dtagann astaíochtaí gás ceaptha teasa; |
|
(15) |
ciallaíonn ‘sonraí maidir le gníomhaíocht gás ceaptha teasa’ tomhas cainníochtúil ar ghníomhaíocht gás ceaptha teasa; |
|
(16) |
ciallaíonn ‘déine astaíochtaí gás ceaptha teasa’ comhéifeacht a nascann sonraí sonraithe maidir le gníomhaíocht gás ceaptha teasa leis an astaíocht gás ceaptha teasa; |
|
(17) |
ciallaíonn ‘fachtóir astaíochta astaíochtaí gás ceaptha teasa’ comhéifeacht a nascann sonraí sonraithe maidir le gníomhaíocht gás ceaptha teasa leis an astaíocht gás ceaptha teasa; [Leasú 38] |
|
(18) |
ciallaíonn ‘astaíochtaí gás ceaptha teasa ón tobar go dtí an roth’ astaíochtaí lena léirítear tionchar an gháis cheaptha astaíochtaí gás ceaptha teasa a thagann ó úsáid feithiclí agus ó sholáthar fuinnimh feithiclí araon , ar fochuid í d’astaíochtaí saolré iomlán ; [Leasú 39] |
|
(19) |
ciallaíonn ‘astaíochtaí umar go roth’ astaíochtaí a bhaineann le modh tiomáinteachta na feithicle ón úsáid fuinnimh; fothacar d’astaíochtaí ón tobar go dtí an roth; |
|
(19a) |
ciallaíonn ‘astaíochtaí saolré iomlán’ na hastaíochtaí arb ionann iad agus suim sciar comhfhreagrach na n-astaíochtaí a bhaineann leis an mbonneagar a úsáideann an fheithicil a thógáil, agus na hastaíochtaí a bhaineann le táirgeadh, cothabháil agus deireadh ré na feithicle agus na hastaíochtaí ‘ón tobar go dtí an roth’; [Leasú 40] |
|
(20) |
ciallaíonn ‘iompróir fuinnimh’ substaint nó feiniméan is féidir a úsáid chun obair mheicniúil nó teas a tháirgeadh nó chun próisis cheimiceacha nó fhisiceacha a oibriú; |
|
(21) |
ciallaíonn ‘sonraí príomhúla’ luach cainníochtaithe próisis nó gníomhaíochta a fhaightear ó thomhas díreach nó ó ríomh atá bunaithe ar thomhais dhíreacha; |
|
(22) |
ciallaíonn ‘sonraí tánaisteacha’ sonraí samhaltaithe nó luachanna réamhshocraithe nach gcomhlíonann na ceanglais maidir le sonraí príomhúla, lena n-áirítear sonraí ó bhunachair sonraí agus litríocht fhoilsithe, fachtóirí astaíochtaí gás ceaptha teasa réamhshocraithe ó fhardail náisiúnta, sonraí ríofa, meastacháin nó sonraí ionadaíocha eile agus sonraí a fhaightear ó sheachphróisis nó ó seachmheastacháin; |
|
(23) |
ciallaíonn ‘luach réamhshocraithe’ luach sonraí tánaisteacha a thagann ó fhoinse fhoilsithe, agus arna fhíorú ag comhlacht um measúnú comhréireachta a ghlactar mar réamhshocrú i gcás easpa sonraí príomhúla , nó sonraí nó samhaltaithe; [Leasú 41] |
|
(24) |
ciallaíonn ‘sonraí samhaltaithe’ sonraí arna mbunú trí shamhail a úsáid lena gcuirtear san áireamh príomhshonraí agus/nó paraiméadair a bhaineann le hastaíochtaí gás ceaptha teasa d’oibríocht iompair nó d’oibríocht mhoil, lena n-áirítear trí shamhail a úsáid arna soláthar trí uirlis ríomha; |
|
(25) |
ciallaíonn ‘sonraí aschuir’ sonraí imdhealaithe maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa seirbhíse iompair arna mbunú tríd an modheolaíocht tagartha agus na sonraí ionchuir a leagtar amach leis an Rialachán seo a úsáid; |
|
(26) |
ciallaíonn ‘méadracht’ tomhas ar mheasúnú cainníochtúil; |
|
(27) |
ciallaíonn ‘fianaise lena dtugtar bunús le faisnéis maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa seirbhíse iompair’ tuarascáil a bhunú ar éileamh ar leibhéal seirbhíse iompair, mar a leagtar amach in EN ISO 14083:2023; |
|
(28) |
ciallaíonn ‘uirlis ríomha’ feidhmchlár, samhail nó bogearraí lena gceadaítear astaíochtaí gás ceaptha teasa ó sheirbhís iompair a ríomh go huathoibríoch; |
|
(29) |
ciallaíonn ‘uirlis ríomha sheachtrach’ uirlis ríomha a sholáthraíonn tríú páirtí ar an margadh le haghaidh úsáid tráchtála nó neamhthráchtála níos leithne; |
|
(30) |
ciallaíonn ‘comhlacht um measúnú comhréireachta’ comhlacht um measúnú comhréireachta mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (13) de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 (17). |
|
(30a) |
ciallaíonn ‘eagraí seirbhíse iompair’ eintiteas a sholáthraíonn seirbhísí iompair ina ndéantar oibriú roinnt eilimintí den slabhra iompair a chur ar fochonradh chuig eintiteas amháin nó níos mó a oibríonn iad. [Leasú 42] |
|
(30b) |
ciallaíonn ‘fochonraitheoir iompair’ eintiteas a sholáthraíonn oibríochtaí iompair do ghné amháin nó níos mó den slabhra iompair thar ceann eagraí seirbhíse iompair, faoi shocruithe conarthacha. [Leasú 43] |
CAIBIDIL II
MODHEOLAÍOCHT
Airteagal 4
Modh chun astaíochtaí gás ceaptha teasa seirbhísí iompair a ríomh
1. Déanfar astaíochtaí gás ceaptha teasa ón tobar go dtí an roth maidir le seirbhísí iompair a ríomh ar bhonn na modheolaíochta a shainítear i gcaighdeán EN ISO 14083:2023, ina leagan cothrom le dáta, agus ar bhonn na rialacha a leagtar amach i gCaibidil III den Rialachán seo. [Leasú 44]
1a. Faoin... [dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], déanfaidh an Coimisiún rochtain ar chaighdeán EN ISO 14083:2023 saor in aisce, trí shuíomh gréasáin a bhfuil rochtain éasca air. [Leasú 45]
2. Tráth nach déanaí ná 36 mhí tar éis dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an ngá atá le coigeartú a dhéanamh ar aon chomhpháirt den chaighdeán dá dtagraítear i mír 1, tráth nach déanaí ná 36 mhí tar éis dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo go háirithe chun a áirithiú go mbeidh sí comhsheasmhach le cuspóir aeráide fadtéarmach an Aontais agus le spriocanna aeráide idirmheánacha an Aontais mar a leagtar síos i Rialachán (AE) 2021/1119 agus le dlí aeráide agus fuinnimh eile de chuid an Aontais . [Leasú 46]
2a. Faoin... [24 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina leagfar amach modheolaíocht chomhchoiteann de chuid an Aontais chun astaíochtaí saolré gás ceaptha teasa ó gach modh iompair a ríomh, go háirithe astaíochtaí a eascraíonn as monarú, cothabháil agus diúscairt feithiclí. Cuirfear san áireamh inti go cuí aon mhodheolaíocht le haghaidh astaíochtaí saolré a forbraíodh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2019/631, Rialachán (AE) 2023/1542 agus Rialachán (AE) 2019/1242. Déanfar measúnú sa tuarascáil ar an gcur chuige is fearr chun modheolaíocht chomhchoiteann saolré an Aontais a chur chun feidhme chun críche an Rialacháin seo agus, de réir mar is iomchuí, beidh togra reachtach ag gabháil léi láithreach chun an Rialachán seo a leasú. [Leasú 47]
2b. Mar chuid den mheasúnú dá dtagraítear i mír 2, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar indéantacht agus ar thionchair eacnamaíocha, chomhshaoil, sláinte agus shóisialta a bhaineann le cuntasaíocht ar thruailliú aeir, ar seirbhísí iompair iad a thosaíonn nó a chríochnaíonn ar chríoch an Aontais, a chur san áireamh i raon feidhme an Rialacháin seo. [Leasú 48]
3. Féadfaidh an Coimisiún seiceáil comhlíontachta a sheoladh chun measúnú a dhéanamh ar aon leasú ar an gcaighdeán dá dtagraítear i mír 1. Tionscnóidh an Coimisiún an tseiceáil comhlíontachta, agus féadfaidh an Coimisiún gníomhú, i gcás inarb iomchuí, arna iarraidh sin ag Ballstát.
4. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 16 chun leasú dá dtagraítear i mír 3 agus comhpháirt dá dtagraítear i mír 2 a chur as an áireamh ó raon feidhme an Rialacháin seo, más rud é, bunaithe ar a mheasúnú, go gcruthaíonn an leasú nó an chomhpháirt sin riosca follasach go mbeidh neamhréireacht ann le cuspóirí an Rialacháin seo agus le rialacha eile de chuid an Aontais is infheidhme.
5. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 16 chun a iarraidh ar an gCoiste Eorpach um Chaighdeánú athbhreithniú a dhéanamh ar an gcaighdeán dá dtagraítear i mír 1, lena n-áirítear bunaithe ar thoradh an mheasúnaithe dá dtagraítear i mír 2 agus ar an tseiceáil comhlíontachta dá dtagraítear i mír 3.
6. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 17 16 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh d’fhonn an mhodheolaíocht tagartha dá dtagraítear i mír 1 a shoiléiriú, chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme go haonfhoirmeach í ar an margadh a mhéid a bhaineann leis an gcur chuige chun paraiméadair iomchuí a bhaineann le hastaíochtaí a chinneadh chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a ríomh sula soláthraítear seirbhís, agus, i gcás inarb infheidhme, paraiméadair theicniúla eile a bhaineann le leithdháileadh astaíochtaí nó comhiomlánú eilimintí sonraí nach mínítear go sainráite sa mhodheolaíocht sin. [Leasú 49]
CAIBIDIL III
SONRAÍ IONCHUIR AGUS FOINSÍ
Airteagal 5
Úsáid sonraí príomhúla agus tánaisteacha
1. Tabharfaidh Úsáidfidh eintitis dá dtagraítear in Airteagal 2 sonraí príomhúla chun go ríomhfar astaíochtaí gás ceaptha teasa ó sheirbhís iompair a sholáthraíonn siad, cé is moite de sheirbhísí a sholáthraíonn micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide mar a shainmhínítear i Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún. Tabharfaidh FBManna tosaíocht d’úsáid príomhshonraí chun astaíochtaí gás ceaptha teasa seirbhíse iompair a ríomh. [Leasú 50]
1a. Nuair a oibríonn FBManna mar fhochonraitheoirí iompair, beidh siad in ann brath ar shonraí tánaisteacha, fiú más rud é go bhfuil sonraí príomhúla á n-úsáid ag an eagraí iompair chun go ríomhfar astaíochtaí gás ceaptha teasa a eascraíonn as seirbhís iompair a dhéanann fochonraitheoirí iompair eile nó a fhlít féin. [Leasú 51]
1b. Féadfaidh na Ballstáit dreasachtaí riaracháin, airgeadais nó oibríochtúla a thabhairt isteach chun úsáid sonraí príomhúla a spreagadh agus ba cheart dóibh a gcineál agus a gcreat ama a chur in iúl don Choimisiún. [Leasú 52]
2. Ceadófar sonraí tánaisteacha a úsáid chun astaíochtaí gás ceaptha teasa ó sheirbhís iompair a ríomh i gcás FBManna faoi na coinníollacha seo a leanas: [Leasú 53]
|
(a) |
díorthaítear luachanna réamhshocraithe maidir le déine astaíochtaí gás ceaptha teasa ó na nithe seo a leanas:
|
|
(b) |
díorthaítear fachtóirí astaíochtaí gás ceaptha teasa réamhshocraithe d’iompróirí fuinnimh iompair ó bhunachar sonraí lárnach an Aontais maidir le fachtóirí astaíochtaí gás ceaptha teasa réamhshocraithe, dá dtagraítear in Airteagal 8; |
|
(c) |
braitheann sonraí samhaltaithe ar shamhail arna bunú i gcomhréir leis an modh dá dtagraítear in Airteagal 4 agus leis na rialacha a leagtar amach in Airteagal 5(2), pointe (b) agus Airteagal 11, i gcás inarb iomchuí. |
2a. Faoin... [12 mhí ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 16 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí rialacha mionsonraithe a leagan síos maidir leis na scoithchritéir agus dialltaí ón bhfad mórchiorclach (‘GCD’) a chur i bhfeidhm. [Leasú 54]
2b. Tabharfaidh Déantóirí Buntrealaimh (‘OEManna’) rochtain leormhaith ar shonraí ábhartha laistigh den fheithicil do FBManna, a mhéid is gá chun an Rialachán seo a chomhlíonadh, agus fad is ábhartha chun bailiú cruinn sonraí agus ríomhanna ina dhiaidh sin a éascú. [Leasú 55]
Airteagal 6
Príomhbhunachar sonraí an Aontais maidir le luachanna réamhshocraithe le haghaidh déine astaíochtaí gás ceaptha teasa
1. Bunóidh Déanfaidh an Coimisiún, agus le cúnamh á fháil ón nGníomhaireacht Eorpach Comhshaoil, príomhbhunachar Chomhshaoil, agus saineolas geallsealbhóirí ábhartha agus comhlachtaí earnálacha eile de chuid an Aontais á chur san áireamh aige, croí-bhunachar sonraí de chuid an Aontais maidir le de luachanna déine astaíochtaí réamhshocraithe dá dtagraítear in Airteagal 5(2), pointe (a)(i) , a bheidh ar fáil saor in aisce, a bhunú laistigh de 18 mí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo . [Leasú 56]
1a. Agus croí-bhunachar sonraí an Aontais de luachanna déine astaíochtaí réamhshocraithe dá dtagraítear in Airteagal 5(2), pointe (a)(i) á bhunú, cuirfidh an Coimisiún agus an Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil tábla ar leith ar fáil do gach modh iompair. [Leasú 57]
1b. Agus na luachanna réamhshocraithe ar dhéine astaíochtaí gás ceaptha teasa á bhforbairt aige, déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:
|
(a) |
cur chuige suíomhbhunaithe dá bhforáiltear leis an gcaighdeán dá dtagraítear in Airteagal 4 (‘an cur chuige suíomhbhunaithe’) a chur i bhfeidhm; |
|
(b) |
na fachtóirí astaíochtaí gás ceaptha teasa arna gcinneadh i gcomhréir le Treoir (AE) 2018/2001 a chur san áireamh. [Leasú 58] |
1c. Nuair is féidir astaíochtaí gás ceaptha teasa ó leictreachas arna thomhailt ag iompar a chainníochtú tríd an gcur chuige suíomhbhunaithe agus tríd an gcur chuige margadhbhunaithe faoi EN ISO 14083:2023 a úsáid, tuairisceofar an meascán leictreachais margadhbhunaithe, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach in Iarscríbhinn J den chaighdeán a luaitear. [Leasú 59]
1d. Go dtí go mbunófar croí-bhunachar sonraí de chuid an Aontais, féadfaidh eintitis tagairt a dhéanamh do bhunachair sonraí náisiúnta eile, a mheastar a bheith fíoraithe, de bhun Airteagal 13(8) nó a fíoraíodh faoi dhlí eile de chuid an Aontais atá ann cheana, ar choinníoll go mbeidh na sonraí sin ar fáil ar an leibhéal comhiomlánaithe céanna leis an leibhéal a cheanglaítear leis an Rialachán seo. [Leasú 60]
2. Áiritheoidh an Coimisiún , ar bhonn bliantúil ar a laghad, go ndéanfar an bunachar sonraí dá dtagraítear i mír 1 a chothabháil, a thabhairt cothrom le dáta agus , a fhorbairt go leanúnach , agus leibhéal iomchuí slándála , agus forbairt úrscothach staid na teicneolaíochta san earnáil iompair agus cuir chuige modheolaíochta nua chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a ríomh á gcur san áireamh. Déanfar aon nuashonrú ar na luachanna réamhshocraithe a chur in iúl don phobal gan mhoill. Tar éis nuashonrú den sórt sin, úsáidfidh na heintitis lena mbaineann na sonraí is déanaí atá ar fáil chun a bhfaisnéis maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a ríomh agus a nochtadh. [Leasú 61]
2a. Áiritheoidh an Coimisiún, le cúnamh ón nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil, agus saineolas na ngeallsealbhóirí ábhartha á chur san áireamh, go ndéanfar seiceálacha cáilíochta teicniúla ar luachanna réamhshocraithe le haghaidh déine astaíochtaí gás ceaptha teasa, ar an gcaoi chéanna leis na seiceálacha is infheidhme maidir le bunachair sonraí nó tacair sonraí arna n-oibriú ag tríú páirtithe. [Leasú 62]
3. Beidh rochtain ar an mbunachar sonraí dá dtagraítear i mír 1, chun luachanna maidir le déine astaíochtaí réamhshocraithe a cheadú nó a úsáid, inrochtana go héasca, oscailte don phobal agus saor in aisce. [Leasú 63]
Airteagal 7
Bunachair sonraí agus tacair sonraí de luachanna réamhshocraithe le haghaidh déine astaíochtaí gás ceaptha teasa arna n-oibriú ag tríú páirtithe
1. Ní fhéadfar bunachar sonraí nó tacar sonraí dá dtagraítear in Airteagal 5(2), pointe (a)(ii) a úsáid ach amháin chun sonraí tánaisteacha a dhíorthú ar choinníoll go soláthraíonn sé sonraí níos mionsonraithe nó sonraí a bhaineann le hearnáil níos mó ná na sonraí atá san áireamh i gcroí-bhunachar sonraí AE dá dtagraítear in Airteagal 6. Déanfaidh forbróir bunachair sonraí nó tacair sonraí dá dtagraítear in Airteagal 5(2), pointe (a)(ii), iarratas a chur faoi bhráid an Choimisiúin le haghaidh seiceáil cáilíochta teicniúla ar luachanna réamhshocraithe maidir le déine astaíochtaí gás ceaptha teasa a áirítear sa bhunachar sonraí sin nó sa tacar sonraí sin. Déanfaidh an Coimisiún, agus cúnamh á fháil ón nGníomhaireacht Eorpach Comhshaoil, an tseiceáil cáilíochta teicniúla i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagail 4 go 8 den Rialachán seo. Déanfar an tseiceáil cáilíochta teicniúil laistigh de 12 mhí ón iarratas a fháil go hoifigiúil. [Leasú 64]
1a. Áireofar sa tseiceáil theicniúil cáilíochta ar bhunachair sonraí agus tacair sonraí de luachanna réamhshocraithe le haghaidh déine astaíochtaí gás ceaptha teasa dá dtagraítear i mír 1 comparáid idir astaíochtaí arna dtuairisciú trí shonraí príomhúla a úsáid, agus astaíochtaí toisc go dtuairisceofaí iad trí úsáid a bhaint as an mbunachar sonraí nó as luachanna réamhshocraithe, le haghaidh cásanna úsáide ionadaíocha coibhéiseacha. Maidir le bunachair sonraí agus luachanna réamhshocraithe a d’fhágfadh nach ndéanfaí na hastaíochtaí a bheadh mar thoradh orthu a mhaolaisnéis i gcomparáid leis na cinn a luaitear i dtuairisciú sonraí príomhúla, gheobhaidh siad measúnú diúltach ón tseiceáil cáilíochta theicniúil. [Leasú 65]
1b. Áiritheofar leis an tseiceáil cháilíochta theicniúil freisin go gcomhlíonfaidh bunachair sonraí agus tacair sonraí arna n-oibriú ag tríú páirtithe na rialacha a shonraítear sa ghníomh tarmligthe dá dtagraítear i mír 2a d’Airteagal 5. [Leasú 66]
2. Ní úsáidfear ach bunachair sonraí agus tacair sonraí de luachanna déine astaíochtaí réamhshocraithe a ndearnadh measúnú dearfach orthu sa tseiceáil cáilíochta teicniúla dá dtagraítear i mír 1 chun sonraí tánaisteacha a úsáid i gcomhréir le hAirteagal 5(2), pointe (a)(ii). Foilseoidh an Coimisiún liosta cothrom le dáta de bhunachair sonraí na luachanna réamhshocraithe le haghaidh déine astaíochtaí gás ceaptha teasa arna n-oibriú ag tríú páirtithe a ndearnadh measúnú dearfach orthu agus coinneoidh sé ar bun é. Cuirfear an liosta cothrom le dáta sin ar fáil go poiblí ar láithreán gréasáin tiomnaithe. [Leasú 67]
3. Tá gá leis an tseiceáil cáilíochta teicniúla ó 24 12 mhí tar éis dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo a luaitear i mír 1 , ar a dhéanaí. Beidh taifead de mheasúnú dearfach ar an tseiceáil cáilíochta sin bailí ar feadh 2 bhliain. [Leasú 68]
4. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 17 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí rialacha agus coinníollacha a bhunú chun an tseiceáil cáilíochta teicniúla dá dtagraítear i mír 1 a dhéanamh.
4a. Beidh rochtain ar an mbunachar sonraí dá dtagraítear i mír 1, chun luachanna maidir le déine astaíochtaí réamhshocraithe a cheadú nó a úsáid, oscailte don phobal agus saor in aisce le haghaidh FBManna. [Leasú 69]
Airteagal 8
Bunachar sonraí lárnach an Aontais maidir le fachtóirí astaíochtaí gás ceaptha teasa réamhshocraithe
1. Faoin... [12 mhí ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], bunóidh an Coimisiún, agus le cúnamh á fháil ón nGníomhaireacht Eorpach Comhshaoil, bunachar sonraí lárnach Chomhshaoil, agus saineolas geallsealbhóirí ábhartha agus comhlachtaí earnála eile de chuid an Aontais á chur san áireamh, croí-bhunachar sonraí AE d’fhachtóirí astaíochtaí gás ceaptha teasa réamhshocraithe dá dtagraítear in Airteagal 5(2), pointe (b). [Leasú 70]
1a. Agus na fachtóirí réamhshocraithe astaíochtaí gás ceaptha teasa á bhforbairt aige, déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:
|
(a) |
cur chuige suíomhbhunaithe dá bhforáiltear leis an gcaighdeán dá dtagraítear in Airteagal 4 (‘an cur chuige suíomhbhunaithe’) a chur i bhfeidhm; |
|
(b) |
na fachtóirí astaíochtaí gás ceaptha teasa arna gcinneadh i gcomhréir le Treoir (AE) 2018/2001 a chur san áireamh. [Leasú 71] |
1b. Nuair is féidir astaíochtaí gás ceaptha teasa ó leictreachas arna thomhailt ag iompar a chainníochtú tríd an gcur chuige suíomhbhunaithe agus tríd an gcur chuige margadhbhunaithe faoi EN ISO 14083:2023 a úsáid, tuairisceofar an meascán leictreachais margadhbhunaithe, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach in Iarscríbhinn J den chaighdeán thuasluaite. [Leasú 72]
1c. Go dtí go mbunófar bunachar lárnach sonraí de chuid an Aontais, féadfaidh eintitis tagairt a dhéanamh do bhunachair sonraí náisiúnta eile, a mheastar a bheith fíoraithe, de bhun Airteagal 13(8) nó a fíoraíodh faoi dhlí eile de chuid an Aontais atá ann cheana, ar choinníoll go mbeidh na sonraí sin ar fáil ar an leibhéal comhiomlánaithe céanna leis an leibhéal a cheanglaítear leis an Rialachán seo. [Leasú 73]
2. Áiritheoidh an Coimisiún, agus cúnamh á fháil ón nGníomhaireacht Eorpach Comhshaoil , ar bhonn bliantúil ar a laghad , go ndéanfar an bunachar sonraí dá dtagraítear i mír 1 a chothabháil, a thabhairt cothrom le dáta agus , a fhorbairt go leanúnach , agus leibhéal iomchuí slándála , agus forbairt úrscothacht staid na teicneolaíochta san earnáil iompair agus cur chuige modheolaíochta nua chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a ríomh á gcur san áireamh. Déanfar aon nuashonrú ar na luachanna réamhshocraithe a chur in iúl don phobal gan mhoill. Tar éis nuashonrú den sórt sin, úsáidfidh na heintitis lena mbaineann na sonraí is déanaí atá ar fáil chun a bhfaisnéis maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a ríomh agus a nochtadh. [Leasú 74]
3. Beidh rochtain ar an mbunachar sonraí dá dtagraítear i mír 1, chun fachtóirí astaíochtaí gás ceaptha teasa réamhshocraithe a cheadú nó a úsáid do na hiompróirí fuinnimh iompair, inrochtana go héasca, oscailte don phobal agus saor in aisce. [Leasú 75]
Airteagal 8a
Tacaíocht rialachais d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide
1. Faoin... [12 mhí ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], beidh uirlis ríomha shimplithe forbartha ag an gCoimisiún le haghaidh FBManna atá inrochtana don phobal, soláimhsithe agus saor in aisce, i gcomhréir le hAirteagal 11. Beidh treoirdhoiciméid chéim ar chéim ag gabháil leis, ina míneofar go soiléir conas a fheidhmíonn an uirlis ríomha sin.
2. Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar an riosca go bhféadfadh eagraithe seirbhísí iompair na sonraí arna nochtadh ag FBManna atá ag gníomhú mar fhochonraitheoirí faoin Rialachán seo a úsáid le haghaidh cleachtais éagóracha margaidh. Faoin... [2 bhliain ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Beidh togra reachtach ag gabháil leis an tuarascáil sin, más iomchuí, chun bearta a sholáthar chun rúndacht sonraí atá íogair ó thaobh na tráchtála de a chosaint. [Leasú 76]
CAIBIDIL IV
SONRAÍ ASCHUIR AGUS TRÉDHEARCACHT
Airteagal 9
Lena mbunaítear sonraí aschuir maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa seirbhíse iompair
1. Bunófar sonraí aschuir tríd an modheolaíocht tagartha agus na sonraí ionchuir a úsáid i gcomhréir le hAirteagail 4 go 8 den Rialachán seo.
2. Féadfar na sonraí aschuir a bhunú trí uirlisí ríomha a úsáid. Comhlíonfaidh uirlisí ríomha seachtracha na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 11.
3. Is éard a bheidh sna sonraí aschuir ar a laghad ná mais iomlán de choibhéis dé-ocsaíde carbóin (CO2e) in aghaidh na seirbhíse iompair, agus, i ndáil le cineál seirbhíse iompair lena mbaineann, ceann amháin ar a laghad de na méadrachtaí sonraí seo a leanas: [Leasú 77]
|
(a) |
mais CO2e in aghaidh an chiliméadair tona, nó aonaid choibhéise, le haghaidh iompar lasta; |
|
(b) |
mais CO2e in aghaidh an tona, nó aonaid choibhéise, le haghaidh tréchur moil lasta; |
|
(c) |
mais CO2e in aghaidh an chiliméadair paisinéara, nó aonaid choibhéise, le haghaidh iompar paisinéirí; |
|
(d) |
mais CO2e in aghaidh an phaisinéara, nó aonaid choibhéise, le haghaidh tréchur moil paisinéirí. |
4. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 16 chun an liosta méadrachtaí le haghaidh sonraí aschuir dá dtagraítear i mír 3 a chomhlánú.
Airteagal 10
Cumarsáid agus trédhearcacht
1. Nochtfaidh na heintitis eintitis lena mbaineann sonraí aschuir ar bhealach soiléir agus gan athbhrí aon uair is féidir sula soláthrófar seirbhís iompair nó sula dtabharfar an conradh i gcrích gan débhrí. Nuair a nochtfaidh na heintitis lena mbaineann sonraí aschuir, sa chumarsáid a ghabhann leis an nochtadh sin, áireoidh siad an ráiteas seo a leanas ‘Astaíochtaí gás ceaptha teasa ón tobar go dtí an roth arna ríomh i gcomhréir le Rialachán an Aontais [tagairt don Rialachán seo] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle’, i gceann amháin ar a laghad de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh, agus i gcás inar féidir, i dteanga oifigiúil de chuid Ballstáit ar ar a chríoch a dhéantar an tseirbhís. [Leasú 78]
1a. Féadfaidh na heintitis lena mbaineann an fhaisnéis seo a leanas a thaispeáint go feiceálach:
|
(a) |
an bhfuil a gcuid sonraí faoi réir fíorú bliantúil; |
|
(b) |
ar bhain siad úsáid as sonraí príomhúla agus sa chás sin cuirfear na hathróga a díorthaíodh ó shonraí príomhúla ar fáil, nó nár bhain; |
|
(c) |
ar bhain siad úsáid as uirlis ríomha an Aontais arna bunú le mír 2a d’Airteagal 9, nó nár bhain. [Leasú 79] |
2. I gcás ina bhfaigheann agus ina nochtann idirghabhálaí sonraí sonraí aschuir , go háirithe na seirbhísí um nascleanúint dhigiteach agus seirbhísí an phleanáil bealaigh turais, ar bhonn socruithe ar leithligh, beidh feidhm ag na rialacha a leagtar síos i mír 1 agus in Airteagal 9(3). Agus sonraí aschuir á nochtadh aige, áireoidh an t-idirghabhálaí t-idirghabhálaí sonraí tagairt d’fhoinse na sonraí sin. [Leasú 80]
2a. Déanfaidh eintiteas lena mbaineann nó duine dlíthiúil nó nádúrtha ábhartha eile faisnéis maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa na seirbhíse iompair a sholáthar d’idirghabhálaithe sonraí digiteacha. Sonraí aschuir arna nochtadh ag na hidirghabhálaithe sonraí digiteacha, déanfaidh siad an fhaisnéis a ionchorprú go feiceálach ar gach toradh cuardaigh agus rangú astaíochtaí a áireamh mar rogha réamhshocraithe sórtála, trína dtaispeánfaí an rogha is neamhdhíobhálaí don chomhshaol ar dtús, chomh maith le comparáid éasca idir roghanna éagsúla módacha, lena n-áirítear úsáid na bhfeithiclí príobháideacha mar aon le roghanna rothar i gcás inarb iomchuí. [Leasú 81]
3. I gcás ina n-úsáidtear sonraí príomhúla de réir bhrí Airteagal 5(1), beidh na heintitis lena mbaineann i dteideal an méid sin a chur in iúl d’aon tríú páirtí má fíoraíodh úsáid na sonraí príomhúla i gcomhréir le hAirteagail 12 agus 13.
4. Beidh na heintitis lena mbaineann in ann fianaise a bhunú lena dtugtar bunús le conas a bunaíodh na sonraí aschuir. Ullmhófar an fhianaise sin de bhun na gceanglas a leagtar amach leis an modheolaíocht tagartha dá dtagraítear in Airteagal 4(1), agus:
|
(a) |
beidh sí mar bhonn don mheasúnú fíorúcháin i gcomhréir le hAirteagail 12 agus 13; |
|
(b) |
cuirfear ar fáil í arna iarraidh sin d’údarás inniúil , i gcomhréir leis na rialacha a leagtar amach i ngníomh tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 13(9) , nó do thríú páirtí eile a mhéid a bheidh feidhm ag socruithe dlíthiúla nó conarthacha ar leithligh; [Leasú 82] |
|
(c) |
i gcás ina ndéantar an fíorú i gcomhréir le hAirteagail 12 agus 13, áireofar inti tagairt don chruthúnas comhlíontachta dá dtagraítear in Airteagal 13(6), agus faisnéis teagmhála an chomhlachta um measúnú comhréireachta a tharraing suas an cruthúnas comhlíontachta; |
|
(d) |
i gcás ina mbunaítear na sonraí aschuir trí uirlis ríomha sheachtrach dá dtagraítear in Airteagal 9(2) a úsáid, áireofar inti tagairt don uirlis ríomha sin. |
5. Déanfar na sonraí aschuir agus an fhianaise dá dtagraítear i mír 5 4 a bhunú ar bhealach soiléir gan débhrí, i gceann amháin de theangacha oifigiúla an Aontais ar a laghad. Déanfar iad i bhfoirm chomhchuibhithe shimplí, a bheidh I gcás inar féidir, cuirfear ar fáil iad i bhfoirm nasc gréasáin, cód QR nó a choibhéis chomhionann, lena gcumasófar idir-inoibritheacht sonraí aschuir agus fianaise thar sholáthraithe éagsúla seirbhísí iompair . [Leasú 83]
6. Déanfar sonraí pearsanta a phróiseáil i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18).
7. Aon fhaighteoir sonraí aschuir agus fianaise dá dtagraítear i mír 5 4 , déanfaidh sé bearta chun rúndacht sonraí tráchtála ábhartha a phróiseáiltear agus a chuirtear in iúl i gcomhréir leis an Rialachán seo a áirithiú, agus áiritheoidh sé nach bhféadfar na sonraí sin a rochtain, a phróiseáil agus a nochtadh ach amháin nuair a údaraítear é. [Leasú 84]
CAIBIDIL V
BEARTA COMHLÁNTACHA
Airteagal 11
Deimhniú uirlisí ríomha
1. Déanfaidh comhlacht um measúnú comhréireachta dá dtagraítear in Airteagal 14 na huirlisí ríomha seachtracha dá dtagraítear in Airteagal 9, mír 2 a dheimhniú.
2. Cuirfidh forbróir na huirlise ríomha iarratas faoi bhráid comhlachta um measúnú comhréireachta a dhéanfaidh measúnú ar chomhlíontacht na huirlise ríomha leis na ceanglais a leagtar síos in Airteagail 4 go 9. I gcás measúnú dearfach, eiseoidh an comhlacht um measúnú comhréireachta deimhniú ar chomhréireacht na huirlise ríomha leis an Rialachán seo ina sonrófar an dtacaíonn an uirlis le ríomhanna bunaithe ar shonraí príomhúla . I gcás measúnú diúltach, cuirfidh an comhlacht um measúnú comhréireachta na cúiseanna lena mheasúnú diúltach ar fáil don iarratasóir. [Leasú 85]
2a. Uirlisí ríomha a úsáideann eintiteas go hinmheánach chun astaíochtaí gás ceaptha teasa seirbhíse iompair a ríomh laistigh de raon feidhme an Rialacháin seo, déanfar iad a ailíniú freisin leis na ceanglais a leagtar amach leis an modheolaíocht tagartha dá dtagraítear in Airteagal 4(1). [Leasú 86]
3. Coimeádfaidh an comhlacht um measúnú comhréireachta lena mbaineann liosta cothrom le dáta de na huirlisí ríomha a bheidh deimhnithe aige agus díobh sin a ndearna sé an deimhniú ina leith a tharraingt siar nó a chur ar fionraí. Cuirfidh sé an liosta sin ar fáil go poiblí ar a shuíomh gréasáin agus cuirfidh sé seoladh an tsuímh gréasáin sin in iúl don Choimisiún gan mhoill.
4. Beidh an deimhniú bailí ar feadh 2 bhliain.
5. Foilseoidh an Coimisiún ar a shuíomh gréasáin oifigiúil liosta atá inrochtana go héasca de na huirlisí ríomha uile a dheimhnítear i gcomhréir le mír 1 agus mír 2 , chomh maith le nasc chuig suíomhanna gréasáin dá dtagraítear i mír 3 . [Leasú 87]
6. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 17 chun rialacha a leagan síos maidir le deimhniú na n-uirlisí ríomha, an deimhniú comhréireachta lena mbaineann, lena n-áirítear rialacha maidir le deimhniúchán a athnuachan, a chur ar fionraí agus a tharraingt siar.
CAIBIDIL VI
SONRAÍ AGUS PRÓISIS RÍOMHA MAIDIR LE hASTAÍOCHTAÍ GÁS CEAPTHA TEASA A FHÍORÚ
Airteagal 12
Raon feidhme an fhíorúcháin
1. Beidh na sonraí aschuir dá dtagraítear in Airteagal 9 faoi réir fíorúcháin go gcomhlíonann siad na ceanglais a leagtar síos in Airteagail 4 go 9 den Rialachán seo. Déanfar an fíorú ar bhonn bliantúil ar a laghad i gcomhréir leis na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 13(9). Féadfaidh an comhlacht um measúnú comhréireachta, eintiteas eile lena mbaineann nó a chustaiméirí fíorú a iarraidh freisin. [Leasú 88]
2. Beidh feidhm ag na ceanglais fíorúcháin bhliantúla maidir le fíorú dá dtagraítear i mír 1 maidir leis na heintitis lena mbaineann dá dtagraítear in Airteagal 2, cé is moite de mhicrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide dá dtagraítear i Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún (19). Féadfaidh na micrifhiontair agus na fiontair bheaga agus mheánmhéide tabhairt faoin bhfíorú arna iarraidh sin dóibh. [Leasú 89]
Airteagal 13
Gníomhaíochtaí fíorúcháin agus an próiseas fíorúcháin
1. Fíoróidh an comhlacht um measúnú comhréireachta dá dtagraítear in Airteagal 14 iontaofacht, inchreidteacht, comhlíonadh agus cruinneas na sonraí aschuir arna nochtadh ag eintiteas lena mbaineann. Déanfar an fíorú go bliantúil ar a laghad, agus i gcomhréir leis na rialacha mionsonraithe a leagtar amach sna gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 13(9). [Leasú 90]
2. Déanfar an fíorú i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos in Airteagail 4 go 9, agus beidh sé bunaithe ar an bhfianaise dá dtagraítear in Airteagal 10(5). Leis an bhfíorú sin, tabharfar aghaidh ar an méid seo a leanas:
|
(a) |
an modh ríomha a úsáideadh; |
|
(b) |
foinse nó foinsí na sonraí ionchuir a úsáideadh chun iad a ríomh , agus sciar na sonraí príomhúla a úsáideadh ; [Leasú 91] |
|
(c) |
cruinneas an ríomha a rinneadh; |
|
(d) |
an mhéadracht a cuireadh i bhfeidhm. |
2a. Fíorófar idirghabhálaithe sonraí ar bhonn cibé acu a dhéanann nó nach ndéanann a n-algartaim faisnéis atá sórtáilte go dílis a ionchorprú agus a chumasú i gceart de réir astaíochtaí lena n-áirítear í mar rogha réamhshocraithe, chomh maith leis na scagairí nó buaicphointí éagsúla a bhaineann le cáilíocht sonraí, dá dtagraítear in Airteagal 10(2a). [Leasú 92]
3. I gcás ina n-úsáidtear uirlisí ríomha seachtracha, déanann an comhlacht um measúnú comhréireachta a ndeimhniú comhréireachta féin dá dtagraítear in Airteagal 11 a chur san áireamh.
3a. I gcás ina n-úsáideann an t-eintiteas a uirlisí ríomha féin le haghaidh na sonraí aschuir dá dtagraítear sa chéad abairt d’Airteagal 9(1), déanfaidh an comhlacht um measúnú comhréireachta measúnú ar a chomhlíontacht le ceanglais na modheolaíochta tagartha dá dtagraítear in Airteagal 4(1)). [Leasú 93]
4. I gcás ina sainaithneofar sa mheasúnú fíorúcháin ríomhanna míchearta nó neamhchomhlíonadh Airteagail 4 go 9 den Rialachán seo, cuirfidh an comhlacht um measúnú comhréireachta an t-eintiteas t-eintiteas lena mbaineann ar an eolas faoi sin go tráthúil gan mhoill . Ceartóidh an t-eintiteas t-eintiteas an ríomh nó leigheasfaidh sé neamhréireachtaí ansin chun gur féidir an próiseas fíorúcháin a chur i gcrích. [Leasú 94]
4a. Má dhiúltaíonn an t-eintiteas, tar éis dhá fhógra ar a laghad ón gcomhlacht um measúnú comhréireachta, do ríomhanna a cheartú nó neamh-chomhréireachtaí a leigheas maidir le hAirteagail 4 go 9 den Rialachán seo, déanfaidh an t-údarás inniúil, arna iarraidh sin don chomhlacht um measúnú comhréireachta, nós imeachta pionóis a thionscnamh i gcomhréir leis na rialacha mionsonraithe a leagtar amach sa ghníomh tarmligthe dá dtagraítear i mír 9. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach agus féadfar a chur san áireamh leo, i measc gnéithe eile, na sochair eacnamaíocha a ghin an t-eintiteas lena mbaineann nó a mheastar a ghinfidh sé ón neamhchomhlíonadh, i gcás inarb infheidhme. [Leasú 95]
5. Soláthróidh an t-eintiteas t-eintiteas lena mbaineann , laistigh de 30 lá, aon fhaisnéis bhreise don chomhlacht um measúnú comhréireachta a chuirfidh ar a chumas na nósanna imeachta fíorúcháin a dhéanamh. Féadfaidh an comhlacht um measúnú comhréireachta seiceálacha a dhéanamh le linn an phróisis fíorúcháin , i gcomhréir leis na rialacha mionsonraithe a leagtar amach sa ghníomh tarmligthe dá dtagraítear i mír (9), chun iontaofacht na sonraí agus na ríomhanna a chinneadh. [Leasú 96]
6. Tar éis an fíorú a chur i gcrích, déanfaidh an comhlacht um measúnú comhréireachta, i gcás inarb iomchuí, cruthúnas comhlíontachta a tharraingt suas lena ndeimhneofar go gcomhlíonann na sonraí aschuir na ceanglais lena mbaineann a leagtar amach sa Rialachán seo agus ina sonrófar an bhfuil sonraí príomhúla á n-úsáid ag an eintiteas . [Leasú 97]
7. Déanfaidh an comhlacht um measúnú comhréireachta lena mbaineann liosta cothrom le dáta a tharraingt suas agus a choinneáil ar bun de na heintitis a ndearnadh an fíorú bliantúil orthu de bhun mhíreanna 1 go 6. Faoin 31 Márta gach bliain, tabharfaidh an comhlacht um measúnú comhréireachta fógra don Choimisiún faoin liosta sin. [Leasú 98]
8. I gcás ina leagtar síos i reachtaíocht eile an Aontais rialacha sonracha maidir le measúnú fíorúcháin ar shonraí aschuir, caithfear leis na rialacha sin ar bhealach coibhéiseach, ar choinníoll go gcuirfear i bhfeidhm an measúnú fíorúcháin i gcomhréir leis an Rialachán seo.
9. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 17 16 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le fíorú na sonraí an dáta aschuir agus , an cruthúnas gaolmhar ar chomhlíonadh agus nósanna imeachta pionóis . Áireofar sna rialacha sin forálacha a bhaineann leis an bhfianaise dá dtagraítear in Airteagal 10(5), agus na cearta cumarsáide a bhaineann le húsáid na sonraí príomhúla dá dtagraítear in Airteagal 10(4). [Leasú 99]
CAIBIDIL VII
CREIDIÚNÚ
Airteagal 14
Comhlachtaí um Measúnú Comhréireachta
1. Beidh comhlachtaí um measúnú comhréireachta creidiúnaithe chun gníomhaíochtaí fíorúcháin nó deimhniúcháin dá dtagraítear in Airteagail 11, 12 agus 13 a dhéanamh.
2. Beidh an comhlacht um measúnú comhréireachta neamhspleách ar aon eintiteas a dhéanann iarratas ar na gníomhaíochtaí fíorúcháin nó deimhniúcháin dá dtagraítear in Airteagail 11, 12 agus 13. [Leasú 100]
3. An comhlacht um measúnú comhréireachta, lucht a ardbhainistíochta agus an pearsanra atá freagrach as na cúraimí fíorúcháin a dhéanamh, ní rachaidh siad i mbun aon ghníomhaíochta a d’fhéadfadh a bheith i gcoinbhleacht lena neamhspleáchas breithiúnais nó lena n-ionracas i ndáil le gníomhaíochtaí fíorúcháin nó deimhniúcháin.
4. Déanfaidh comhlacht um measúnú comhréireachta agus a phearsanra na gníomhaíochtaí fíorúcháin nó deimhniúcháin leis an ard-ionracas gairmiúil agus leis an inniúlacht theicniúil a bhíonn riachtanach agus beidh sé saor ó gach brú agus mealladh, go háirithe ó thaobh airgid de, a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar a bhreithiúnas nó ar thorthaí a ngníomhaíochtaí fíorúcháin, go háirithe a mhéid a bhaineann le brú agus mealladh ó dhaoine nó grúpaí daoine a bhfuil leas acu i dtorthaí na ngníomhaíochtaí sin.
5. Beidh an saineolas, trealamh agus bonneagar is gá ag an gcomhlacht um measúnú comhréireachta chun na gníomhaíochtaí fíorúcháin nó deimhniúcháin a bhfuil sé creidiúnaithe ina leith a dhéanamh.
6. Déanfaidh pearsanra comhlachta um measúnú comhréireachta rúndacht ghairmiúil a urramú maidir leis an bhfaisnéis uile a fhaightear agus na cúraimí fíorúcháin agus deimhniúcháin á ndéanamh aige.
7. I gcás ina ndéanfaidh comhlacht um measúnú comhréireachta cúraimí sonracha a bhaineann le fíorú nó deimhniú a ligean ar fochonradh, nó ina rachaidh sé ar iontaoibh fochuideachta, glacfaidh sé freagracht iomlán as na cúraimí a dhéanfaidh na fochonraitheoirí nó na fochuideachtaí cibé áit a mbeidh siad bunaithe, lena n-áirítear trí mheasúnú agus faireachán a dhéanamh ar cháilíochtaí an fhochonraitheora nó na fochuideachta agus ar an obair a dhéanfaidh siad.
Airteagal 15
Nósanna imeachta creidiúnaithe
1. Creidiúnóidh comhlacht náisiúnta creidiúnaithe na comhlachtaí um measúnú comhréireachta dá dtagraítear in Airteagal 14(1) de bhun Chaibidil II de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
2. Ainmneoidh gach Ballstát údarás a choimeádfaidh liosta cothrom le dáta de na comhlachtaí um measúnú comhréireachta atá creidiúnaithe. Cuirfidh na húdaráis náisiúnta ainmnithe sin an liosta sin ar fáil go poiblí ar shuíomh gréasáin oifigiúil rialtais.
3. Faoin 31 Márta gach bliain, tabharfaidh an comhlacht creidiúnaithe náisiúnta fógra don Choimisiún faoi liosta na gcomhlachtaí um measúnú comhréireachta atá creidiúnaithe, mar aon le gach faisnéis teagmhála ábhartha.
4. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 16, chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí mhodhanna agus critéir bhreise a leagan síos le haghaidh creidiúnú comhlachtaí um measúnú comhréireachta.
CAIBIDIL VIII
CUMHACHTAÍ TARMLIGTHE AGUS CUR CHUN FEIDHME
Airteagal 16
An tarmligean a fheidhmiú
1. Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.
2. Déanfar Tabharfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 4(4), Airteagal 4(5), Airteagal 4(6), Airteagal 5(2a), Airteagal 9(4), Airteagal 13(9) 9(4) agus Airteagal 15(4) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama ón [Oifig na bhFoilseachán: Cuir isteach an dáta: dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] ar aghaidh. [Leasú 101]
3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 4(4), Airteagal 4(5), Airteagal 4(6), Airteagal 5(2a), Airteagal 9(4), Airteagal 13(9) 9(4) agus Airteagal 15(4) a chúlghairm aon tráth ar bith. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana. [Leasú 102]
4. Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.
5. A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.
6. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar ghlacfar de bhun Airteagal 4(4), Airteagal 4(5), Airteagal 4(6), Airteagal 5(2a), Airteagal 9(4), Airteagal 13(9) 9(4) agus Airteagal 15(4) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag ndéanfaidh Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle an Chomhairle agóid ina choinne laistigh de thréimhse [2 mhí] tar éis fógra dhá mhí ó fhógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na sula rachaidh an tréimhse sin in éag, go gcuirfidh , go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid ina choinne . Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle. [Leasú 103]
Airteagal 17
Nós imeachta coiste
1. Tabharfaidh coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 cúnamh don Choimisiún.
2. I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
CAIBIDIL IX
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
Airteagal 18
Tuairisciú agus athbhreithniú
Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Rialachán seo i bhfianaise na gcuspóirí a shaothraíonn sé agus cuirfidh sé tuarascáil ar na príomhthorthaí faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faoin [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta: 5 bliana 36 mhí tar éis an dáta a bheidh an Rialachán infheidhme].
Áireofar sa tuarascáil dá dtagraítear i mír 1:
|
(a) |
measúnú ar na tionchair ar na heintitis lena mbaineann maidir leis an ualach maorlathach arna chruthú ag cur chun feidhme an Rialacháin seo; |
|
(b) |
measúnú ar na tionchair ar chur chun feidhme agus chur i bhfeidhm an Rialacháin seo i bhfianaise na n-oibríochtaí a cuireadh ar fochonradh; |
|
(c) |
measúnú ar an tionchar i ndáil leis na dreasachtaí náisiúnta riaracháin, airgeadais nó oibríochtúla a thug na Ballstáit isteach mar a leagtar amach in Airteagal 5, mír 1 b; |
|
(d) |
measúnú ar na tionchair a bheadh ag ceanglas sainordaitheach astaíochtaí gás ceaptha teasa a chainníochtú agus a nochtadh, i gcomhréir le rialacha an Rialacháin seo is infheidhme maidir le gach eintiteas a eagraíonn agus a sholáthraíonn seirbhísí iompair. [Leasú 104] |
Airteagal 19
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
1. Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
2. Beidh feidhm aige ón [Oifig na bhFoilseachán: Cuir isteach an dáta: 42 24 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo]. [Leasú 105]
3. Mar sin féin, beidh feidhm ag Airteagal 4(4), Airteagal 4(5), agus Airteagal 4(6), Airteagal 6(1), Airteagal 7(4), Airteagal 8(1) 7(4), Airteagal 9(4), Airteagal 11(6), Airteagal 13(9) agus Airteagal 15(4) ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. [Leasú 106]
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh in …,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
(1) [IO C,, lch.]
(2) [IO C,, lch.]
(3) Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún; An Comhaontú Glas don Eoraip; COM(2019) 640 final
(4) PÁIPÉAR BÁN ón gCoimisiún dar teideal ‘Treochlár um Limistéar Eorpach Iompair Aonair – I dtreo córas iompair atá iomaíoch agus tíosach ar acmhainní’; COM/2011/0144 final
(5) Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún; An Straitéis Chuimsitheach um an tSoghluaisteacht Inbhuanaithe agus Chliste – iompar Eorpach a chur ar an mbóthar ceart don am atá le teacht; COM(2020) 789 final
(6) Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (‘An Dlí Aeráide Eorpach’) (IO L 243, 9.7.2021, lch. 1).
(7) Treoir (AE) 2022/2464 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 537/2014, Treoir 2004/109/CE, Treoir 2006/43/CE agus Treoir 2013/34/AE, a mhéid a bhaineann le tuairisciú inbhuanaitheachta corparáideach (IO L 322, 16.12.2022, lch. 15).
(8) Rialachán (AE) Uimh. 691/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Iúil 2011 maidir le cuntais Eorpacha eacnamaíocha chomhshaoil (IO L 192, 22.7.2011, lch. 1).
(10) Rialachán (AE) 2015/757 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015 maidir le faireachán, tuairisciú agus fíorú a dhéanamh ar astaíochtaí dé-ocsaíde carbóin ó mhuiriompar, agus lena leasaítear Treoir 2009/16/CE (IO L 123, 19.5.2015, lch. 55).
(11) Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear scéim i ndáil le trádáil ar lamháltais i gcomhair astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Chomhphobal agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 275, 25.10.2003, lch. 32).
(12) Rialachán (AE) 2019/1242 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 lena socraítear na caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí CO2 d’fheithiclí tromshaothair nua agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 595/2009 agus (AE) 2018/956 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 96/53/CE ón gComhairle (IO L 198, 25.7.2019).
(13) Rialachán (AE) 2019/631 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 lena socraítear na caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí CO2 do ghluaisteáin nua paisinéirí agus d’fheithiclí tráchtála éadroma nua, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 443/2009 agus (AE) Uimh. 510/2011 (athmhúnlú) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE.) (IO L 111, 25.4.2019, lch. 13).
(14) Rialachán (AE) 2023/2405 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Deireadh Fómhair 2023 maidir le cothrom iomaíochta a áirithiú le haghaidh aeriompar inbhuanaithe (ReFuelEU Aviation) (IO L, 2023/2405, 31.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2405/oj)
(15) Comhaontú Idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (IO L 123, 12.5.2016, lch. 1).
(16) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
(17) Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 lena leagtar amach na ceanglais maidir le creidiúnú agus maidir le faireachas margaidh a bhaineann le táirgí a mhargú, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 339/93 (IO L 218, 13.8.2008).
(18) Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí); (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).
(19) Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir le micrifhiontair, fiontair bheaga agus fiontair mheánmhéide a shainmhíniú ((IO L 124, 20.5.2003, lch. 36).
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/1313/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)