12008E059

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh - CUID A TRÍ: BEARTAIS AGUS GNÍOMHAÍOCHTAÍ INMHEÁNACHA AN AONTAIS - TEIDEAL IV: SAORGHLUAISEACHT DAOINE, SEIRBHÍSÍ AGUS CAIPITIL - Caibidil 3: Seirbhísí - Airteagal 59 (sean-Airteagal 52 CCE)

Official Journal 115 , 09/05/2008 P. 0071 - 0071


Airteagal 59

(sean-Airteagal 52 CCE)

1. Chun léirscaoileadh seirbhíse áirithe a ghnóthú, déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, agus tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta, treoracha a eisiúint.

2. Maidir leis na treoracha dá dtagraítear i mír 1, tabharfar tosaíocht de ghnáth do na seirbhísí sin a bhfuil éifeacht acu go díreach ar chostais táirgthe nó a gcuidíonn a léirscaoileadh le trádáil in earraí a chur chun cinn.

--------------------------------------------------