|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2026/715 |
30.1.2026 |
Fógra le haghaidh aird na ndaoine atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear i gCinneadh 2011/72/CBES ón gComhairle, arna leasú le Cinneadh (CBES) 2026/239 ón gComhairle, agus i Rialachán (AE) Uimh 101/2011 ón gComhairle, arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/238 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, eintitis agus comhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide sa Túinéis
(C/2026/715)
Tugtar an fhaisnéis seo a leanas ar aird do na daoine a luaitear san Iarscríbhinn, a ghabhann le Cinneadh 2011/72/CBES ón gComhairle (1), arna leasú le Cinneadh (CBES) 2026/239 ón gComhairle (2), agus in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh 101/2011 ón gComhairle (3), arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/238 ón gComhairle (4) a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, eintitis agus comhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide sa Túinéis.
Tar éis do Chomhairle an Aontais Eorpaigh athbhreithniú a dhéanamh ar liosta na ndaoine ainmnithe, tá cinneadh déanta aici gur cheart na daoine a ndéantar trácht orthu sna hIarscríbhinní thuasluaite a áireamh i gcónaí ar liosta na ndaoine agus na n-eintiteas atá faoi réir bearta sriantacha dá bhforáiltear i gCinneadh 2011/72/CBES agus i Rialachán (AE) Uimh. 101/2011.
Cuirtear in iúl do na daoine lena mbaineann gur féidir iarratas a dhéanamh chuig údaráis inniúla an Bhallstáit nó na mBallstát ábhartha, mar a léirítear sin sna suíomhanna gréasáin in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 101/2011, chun údarú a fháil cistí reoite a úsáid chun bunriachtanais nó íocaíochtaí sonracha a chumhdach (cf. Airteagal 4 den Rialachán).
Féadfaidh na daoine lena mbaineann iarraidh a chur faoi bhráid na Comhairle roimh an 1 Meán Fómhair 2026 , in éineacht le doiciméadacht tacaíochta, gur cheart breathnú arís ar an gcinneadh chun iad a chur ar an liosta thuasluaite, chuig an seoladh seo a leanas:
|
Comhairle an Aontais Eorpaigh |
|
Ardrúnaíocht na Comhairle |
|
RELEX.1 |
|
Rue de la Loi/Wetstraat 175 |
|
1048 Bruxelles/Brussel |
|
BELGIQUE/BELGIË |
|
ríomhphost: sanctions@consilium.europa.eu |
Cuirfear aon bharúlacha a gheofar san áireamh chun críoch an chéad athbhreithnithe eile a dhéanfaidh an Chomhairle, de bhun Airteagal 5 de Chinneadh 2011/72/CBES agus Airteagal 12(4) de Rialachán (AE) Uimh. 101/2011, ar liosta na ndaoine ainmnithe.
(1) IO L 28, 2.2.2011, lch. 62.
(2) IO L, 2026/239, 30.1.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/239/oj.
(3) IO L 31, 5.2.2011, lch. 1.
(4) IO L, 2026/238, 30.1.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/238/oj.
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/715/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)