European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/2375

10.10.2024

CINNEADH (AE) 2024/2375 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

an 11 Aibreán 2024

maidir le dúnadh chuntais Chomhghnóthas Taighde BAT 3 an Aerspáis Eorpaigh Aonair don bhliain airgeadais 2022

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,

—

ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha Chomhghnóthas Taighde BAT 3 an Aerspáis Eorpaigh Aonair a mhéid a bhaineann leis an mbliain airgeadais 2022,

—

ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le Comhghnóthais AE don bhliain airgeadais 2022, agus freisin do na freagraí ó na Comhghnóthais (1),

—

ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (2) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus i dtaobh dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a sholáthair an Chúirt Iniúchóirí don bhliain airgeadais 2022, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

—

ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 22 Feabhra 2024 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Chomhghnóthas i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2022 (06182/2024 – C9-0119/2024),

—

ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

—

ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (3), agus go háirithe Airteagal 71 de,

—

ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/2085 ón gComhairle an 19 Samhain 2021 lena mbunaítear na Comhghnóthais faoi Fís Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 219/2007, (AE) Uimh. 557/2014, (AE) Uimh. 558/2014, (AE) Uimh. 559/2014, (AE) Uimh. 560/2014, (AE) Uimh. 561/2014 agus (AE) Uimh. 642/2014 (4), agus go háirithe Airteagal 26 de,

—

ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/887 ón gCoimisiún an 13 Márta 2019 maidir leis an samhailrialachán airgeadais do chomhlachtaí comhpháirtíochta príobháidí poiblí dá dtagraítear in Airteagal 71 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5),

—

ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,

—

ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht,

—

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0094/2024),

1.

maidir le dúnadh chuntais Chomhghnóthas Taighde BAT 3 an Aerspáis Eorpaigh Aonair don bhliain airgeadais 2022,

2.

á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur chuig Stiúrthóir Feidhmiúcháin Chomhghnóthas Taighde BAT 3 an Aerspáis Eorpaigh Aonair, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí agus a shocrú go ndéanfar é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L).

An tUachtarán

Roberta METSOLA

An tArdrúnaí

Alessandro CHIOCCHETTI


(1)   IO C/2023/1025, 16.11.2023.

(2)   IO C, C/2023/112, 12.10.2023.

(3)   IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.

(4)   IO L 427, 30.11.2021, lch. 17.

(5)   IO L 142, 29.5.2019, lch. 16.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/2375/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)