AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,5.8.2025
COM(2025) 456 final
2025/0251(COD)
Togra le haghaidh
CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
maidir le Cúnamh Macrairgeadais a sholáthar do Ríocht Haisimíteach na hIordáine
{SWD(2025) 245 final}
AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,5.8.2025
COM(2025) 456 final
2025/0251(COD)
Togra le haghaidh
CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
maidir le Cúnamh Macrairgeadais a sholáthar do Ríocht Haisimíteach na hIordáine
{SWD(2025) 245 final}
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
•Forais agus cuspóirí an togra
Tá an t‑ionchas do gheilleagar na hIordáine faoi réir rioscaí móra neamhfhabhracha, i bhfianaise éagobhsaíocht réigiúnach leanúnach agus ionchas leochaileach domhanda. Measadh gur 2,5 % a bhí i bhfíorfhás OTI na hIordáine in 2024 agus réamh-mheastar go bhfanfaidh sé gan athrú den chuid is mó in 2025. D’fhan an boilsciú faoi bhun 2 % faoi dheireadh 2024, le tacaíocht ó phraghsanna allmhairiúcháin níos ísle agus géarú airgeadaíochta leanúnach ón mBanc Ceannais i gcomhréir le pionnáil dollar na Stát Aontaithe. Mar sin féin, leis na hiarmhairtí a d’fhéadfadh a bheith ag cogaí gar don Iordáin, tá méadú tagtha ar an mbrú ar staid slándála agus athléimneacht eacnamaíoch na hIordáine, rud a fhágann go bhfuil rioscaí neamhfhabhracha méadaithe ann ó thaobh a hionchais de. Tá éagobhsaíocht ag dul i méid sa Mheánoirthear, mar gheall ar an gcogadh in Gaza, an sos cogaidh leochaileach sa Liobáin, titim réimeas Assad sa tSiria. Maidir leis an ngéarú ar an teannas idir Iosrael agus an Iaráin i lár 2025, chuir sé isteach ar thaisteal agus tháinig méadú ar an éiginnteacht dá bharr, agus bhí tionchair dhíreacha aige sin ar earnáil na turasóireachta agus is dócha go mbeidh éifeachtaí díobhálacha aige ar mhuinín tomhaltóirí agus infheisteoirí. Cé go bhfuil cúlra eacnamaíoch na hIordáine fós cobhsaí den chuid is mó, beidh dúshláin mhéadaitheacha ann dá cobhsaíocht eacnamaíoch agus shóisialta amach anseo de bharr luaineacht mhéadaithe agus neamh-intuarthacht gheopholaitiúil.
Thairis sin, tá dúshláin struchtúracha dhoimhne os comhair na tíre. Tá an ráta dífhostaíochta fós ard i gcónaí ag 21,4 %, agus rátaí níos airde fós ann i measc na hóige, agus tá rannpháirtíocht na mban ar cheann de na rátaí is ísle ar domhan. Leanann na laigí sin i margadh an tsaothair de shrian a chur le hacmhainneacht fáis na hIordáine agus de bhac a chur ar chuimsiú eacnamaíoch agus comhtháthú sóisialta níos leithne. Cuireadh dlús leis an mbrú fioscach in 2024 i bhfianaise éifeachtaí iarmhartacha ó choinbhleachtaí réigiúnacha agus praghsanna na bpríomh-thráchtearraí onnmhairiúcháin a bheith ag titim. Cé gur thug an rialtas bearta tiomsaithe ioncaim isteach agus gur laghdaigh sé ar chaiteachas caipitil, mhéadaigh an t‑easnamh ginearálta sa bhuiséad fós go 5,6 % de OTI. D’ardaigh an fiachas poiblí beagán go 90,4 % de OTI (gan sealúchais na Corparáide um Shlándáil Shóisialta a áireamh) 1 . Mhéadaigh an t‑easnamh sa chuntas reatha go gar do 6 % de OTI in 2024, mar gheall ar onnmhairí níos ísle agus laghdú ar ioncam turasóireachta. Tá spleáchas struchtúrach na hIordáine ar allmhairí fuinnimh agus bia, mar aon le bonn lag onnmhairiúcháin, fós ag cur isteach ar chomharduithe seachtracha. D’ainneoin cúlchistí cobhsaí de thart ar USD 21 bhilliún, tá leochaileachtaí fós ann maidir le suaití seachtracha, rud a threisíonn an gá atá le tacaíocht airgeadais idirnáisiúnta leanúnach.
Le blianta beaga anuas, tá iarrachtaí á ndéanamh ag an Iordáin a struchtúr eacnamaíoch a nuachóiriú, go háirithe tríd an bhFís don Nuachóiriú Eacnamaíoch a seoladh in 2022, straitéis 10 mbliana arb é is aidhm di borradh a chur faoin infheistíocht, poist a chruthú, agus caighdeáin mhaireachtála a ardú. Ag tógáil ar athchóirithe a rinneadh roimhe seo, amhail Tionscnamh Londan 2018, dírítear leis an bhFís don Nuachóiriú Eacnamaíoch ar ocht bpríomhearnáil agus áirítear ann bearta chun éifeachtúlacht na hearnála poiblí agus rannpháirtíocht na saoránach a fheabhsú, agus tacaítear le hiarrachtaí athchóirithe freisin trí chláir CAI agus Cúnamh Macrairgeadais (CAI) an Aontais as a chéile. Tá an chéad chéim (2023–2025) beagnach tugtha chun críche, rud a réitíonn an bealach don chur chun feidhme amach anseo. Tá dul chun cinn déanta sna hiarrachtaí athchóirithe sin d’ainneoin sraith suaití seachtracha forluiteacha, lena n‑áirítear géarchéim fhadtréimhseach na ndídeanaithe ón tSiria, paindéim COVID-19, suaitheadh soláthair domhanda arna spreagadh ag cogadh foghach gan chúis na Rúise i gcoinne na hÚcráine, agus teannas réigiúnach athnuaite tar éis na coinbhleachta idir Iosrael agus Gaza agus tar éis cur isteach ar thrádáil na Mara Rua. Cé go raibh na céimeanna taidhleoireachta a glacadh le déanaí i dtreo ath-imeascadh na Siria dearfach, níor chruthaigh siad na dálaí atá fabhrach d’fhilleadh mórscála dídeanaithe ón Iordáin go fóill.
I bhfianaise na sraithe suaití seachtracha agus ról straitéiseach na hIordáine maidir le cobhsaíocht réigiúnach a chur chun cinn, tá tacaíocht shuntasach idirnáisiúnta faighte ag an tír le deich mbliana anuas trí chomhpháirtithe idirnáisiúnta éagsúla. Áirítear leis sin ceithre chlár CAI as a chéile ó 2012, ceithre oibríocht cúnaimh macrairgeadais ón Aontas ó 2014 i leith, cúnamh suntasach ó na Stáit Aontaithe, agus tacaíocht spriocdhírithe chun dídeanaithe ón tSiria a óstáil.
–Na chéad trí chlár CAI (CAI I: EUR 180 milliún; CAI II: EUR 200 milliún; CAI III: EUR 500 milliún + EUR 200 milliún sa bhreisiú mar fhreagairt ar COVID-19) cuireadh EUR 1,08 billiún san iomlán in iasachtaí ar fáil leo idir 2014 agus 2023. Thairis sin, tar éis iarraidh a fháil ó údaráis na hIordáine an 8 Deireadh Fómhair 2023, ghlac an tAontas oibríocht nua CAI IV in 2025, ar fiú EUR 500 milliún í, agus tá eisíocaíochtaí beartaithe le linn 2025–2027. Eisíocfar CAI IV nuair a chomhlíonfar coinníollacha comhaontaithe beartais sa Mheabhrán Tuisceana (MT), lena gcumhdófar bearta i mbainistiú airgeadais phoiblí, rialachas agus bearta in aghaidh an éillithe, beartais shóisialta agus beartais mhargadh an tsaothair, agus i réimse an fhuinnimh agus na timpeallachta gnó.
–Tá dul chun cinn maith á dhéanamh ag an Iordáin freisin faoi Shaoráid Fhadaithe Chistiúcháin CAI dar luach USD 1,2 billiún (2024-2027), a bhfuil trí athbhreithniú dhearfacha curtha i gcrích aici go dtí seo (tugadh an ceann deireanach i gcrích i mí Aibreáin 2025). Thairis sin, an 25 Meitheamh 2025, d’fhormheas CAI thart ar USD 700 milliún freisin faoin tSaoráid Athléimneachta agus Inbhuanaitheachta (RSF) chun tacú le hathchóirithe lena dtugtar aghaidh ar rioscaí a bhaineann leis an aeráid agus le hullmhacht le haghaidh na paindéime.
–Cé go bhfuil éiginnteacht shealadach fós ann maidir le heisíocaíocht thacaíocht bhuiséadach na Stát Aontaithe in 2025, d’éirigh leis an Iordáin maoiniú seachtrach criticiúil a shlógadh ón mBanc Domhanda agus ó chomhpháirtithe Chomhairle Comhair Stáit Arabacha na Murascaille.
Lasmuigh de chúnamh airgeadais gearrthéarmach, tá dlúth-chomhpháirtíocht sheanbhunaithe ag an Aontas Eorpach (AE) agus ag an Iordáin, ar comhpháirtíocht í atá fréamhaithe sa Chomhaontú Comhlachais idir an tAontas agus an Iordáin, atá i bhfeidhm ó 2002 i leith. D’éirigh an caidreamh sin níos doimhne de réir a chéile thar na blianta, rud a léiríonn naisc pholaitiúla láidre, comhar eacnamaíoch agus leasanna réigiúnacha comhroinnte. I mí Eanáir 2025, chomhaontaigh an tAontas agus an Iordáin a naisc a neartú trí Chomhpháirtíocht Straitéiseach Chuimsitheach arb é is aidhm di rathúnas comhroinnte, cobhsaíocht agus slándáil a chur chun cinn, comhpháirtíocht atá fréamhaithe san iontaoibh fhrithpháirteach agus sa chomhar seanbhunaithe. Sa chomhpháirtíocht athnuaite seo, dírítear ar shé phríomhcholún: caidreamh polaitiúil agus comhar réigiúnach; an tslándáil agus an chosaint; athléimneacht eacnamaíoch, an trádáil agus an infheistíocht; caipiteal daonna; an imirce; agus dídeanaithe a chosaint agus tacaíocht a thabhairt dóibh. Tacófar lena chur chun feidhme le pacáiste suntasach airgeadais (lena n‑áirítear trí Chúnamh Macrairgeadais), lena gcomhcheanglaítear cúnamh gearrthéarmach agus fadtéarmach chun cláir oibre na hIordáine um athchóiriú macraifhioscach agus struchtúrach a chur chun cinn, tacaíocht infheistíochta a mhéadú, agus cabhair spriocdhírithe a sholáthar chun tosaíochtaí straitéiseacha a bhaint amach.
I bhfianaise na staide eacnamaíche dúshlánaí atá acu agus a riachtanas maoinithe nach bhfuiltear ag freastal orthu, d’iarr údaráis na hIordáine oibríocht bhreise CAI V de EUR 500 milliún i mí Eanáir 2025. Cuireadh i dtábhacht san iarraidh an timpeallacht eacnamaíoch agus pholaitiúil atá ag dul in olcas, agus tugadh dá haire gur cuireadh dlús leis an suaitheadh réigiúnach le linn 2024, rud a chuir le comhthéacs domhanda atá éiginnte agus éagobhsaí cheana. Thairis sin, tá tionchar ag na forbairtí sin ar infheistíocht dhíreach choigríche, ar onnmhairí, ar thomhaltas intíre agus ar ioncam intíre, rud a laghdaíonn ionchas eacnamaíoch agus fioscach na hIordáine a thuilleadh agus a mhéadaíonn an baol go mbeidh riachtanais maoinithe sheachtraigh níos mó ann. Mar thoradh ar an bhforéigean athnuaite sa réigiún, lena n‑áirítear an teannas atá ag méadú idir Iosrael agus an Iaráin i lár mhí an Mheithimh, cuireadh eitiltí ar fionraí san Iordáin agus is dócha go ndéanfaidh sé téarnamh leochaileach eacnamaíoch na tíre níos casta, go maolóidh sé muinín infheisteoirí agus turasóirí, agus go gcuirfidh sé le dearcadh atá ag éirí níos éiginnte.
I bhfianaise an mhéid sin, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún Eorpach tuilleadh tacaíochta airgeadais a chur ar fáil don Iordáin, i bhfoirm Cúnamh Macrairgeadais nua, agus tá na gnéithe seo a leanas ag gabháil leis:
–Tar éis measúnú domhain a dhéanamh ar an staid pholaitiúil agus eacnamaíoch san Iordáin, tá togra á chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ag an gCoimisiún chun Cúnamh Macrairgeadais nua suas le EUR 500 milliún a sholáthar a rachaidh chun leasa na hIordáine. Chuideodh an Cúnamh Macrairgeadais atá beartaithe leis an Iordáin cuid dá bearna iarmharach maoinithe sheachtraigh fhoriomlán a chumhdach, ar bearna í a mheastar a bheidh cothrom le USD 3,9 billiún, i gcomhthéacs chlár CAI atá ar siúl go fóill thar an tréimhse 2024-2027. Chuideodh sé freisin le dul chun cinn leanúnach an athchóirithe a chosaint.
–Dhéanfaí an eisíocaíocht i dtrí thráthchuid, agus beidh scaoileadh gach tráthchoda nasctha go docht le dul chun cinn maidir le cur chun feidhme chlár an Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta (CAI) agus roinnt beart beartais breise a bheidh le comhaontú idir an Coimisiún agus na húdaráis agus a liostófar i Meabhrán Tuisceana (MT). D’fhéadfaí a áireamh sa MT, i bprionsabal, athchóirithe beartais lena gcumhdaítear rialachas eacnamaíoch (amhail bainistiú airgeadais phoiblí agus bearta chun slógadh ioncaim intíre a neartú), beartais shóisialta agus beartais mhargadh an tsaothair, rialachas, bearta in aghaidh an éillithe, fóntais, agus an timpeallacht ghnó.
–Táthar ag súil leis go mbeidh cur chun feidhme na hoibríochta atá beartaithe ar aon dul leis an tacaíocht faoi oibríochtaí tacaíochta buiséid arna maoiniú ag an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta - An Eoraip Dhomhanda (ICFCI - an Eoraip Dhomhanda).
–De réir an chur síos níos mionsonraithe atá sa Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin a ghabhann leis an togra seo agus bunaithe, i measc rudaí eile, ar an measúnú ar an staid pholaitiúil a rinne an Coimisiún agus an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS) le chéile, tá an Coimisiún den tuairim go bhfuil na réamhchoinníollacha polaitiúla agus eacnamaíocha comhlíonta maidir leis an oibríocht cúnaimh macrairgeadais atá beartaithe.
•Comhthéacs eacnamaíoch na hIordáine
Tá éagobhsaíocht mhéadaitheach le sárú ag an Meánoirthear ón gcogadh in Gaza, chomh maith le sos cogaidh leochaileach sa Liobáin, titim réimeas na Siria, agus an choinbhleacht idir Iosrael agus an Iaráin le déanaí. Cuireann an teannas sin leis an mbrú ar shlándáil agus ar gheilleagar na hIordáine, agus tá luaineacht agus rioscaí neamhfhabhracha ag méadú freisin, agus laghdaigh an fás eacnamaíoch go 2,5 % bliain ar bhliain in 2024 (ó 2,9 % in 2023), mar gheall ar an éiginnteacht mhéadaithe a eascraíonn as an éagobhsaíocht sa réigiún, lena n‑áirítear an cogadh in Iosrael-Gaza, agus maolú an fháis dhomhanda. Lean príomhearnálacha amhail an turasóireacht agus an trádáil de bheith ag feidhmiú go measartha maith, d’ainneoin cur isteach a bhaineann leis an gcogadh, agus bhí siad níos mó ná mar a bhíothas ag súil leis ar dtús, agus fuair siad tacaíocht ó mhéadú ar líon na dturasóirí réigiúnacha a fhritháiríonn go páirteach an laghdú ar chuairteoirí ón Iarthar. Ina ainneoin sin, tháinig laghdú 2,3 % ar an ioncam turasóireachta in 2024, agus tháinig laghdú 3,9 % ar an líon cuairteoirí. Ba iad na hearnálacha ba mhó a chuir leis an bhfás eacnamaíoch ná an mhonaraíocht, an talmhaíocht, iompar agus cumarsáid, chomh maith le seirbhísí airgeadais. Bhí fás eacnamaíoch marthanach san Iordáin ag tús 2025, i gcomhréir tríd is tríd leis an 2,5 % a taifeadadh in 2024, arna spreagadh ag téarnamh leanúnach sa turasóireacht, sa mhonaraíocht agus sa talmhaíocht. Mar sin féin, meastar go mbeidh tionchar ag an ngéarú ar an teannas idir Iosrael agus an Iaráin ar an dara ráithe, rud a spreag dúnadh sealadach aerspás na hIordáine. Mar thoradh ar an gcur isteach sin, cuireadh eitiltí ar fionraí agus cuireadh isteach ar thrácht lastais, rud ba chúis le héiginnteacht níos leithne, agus dá bhrí sin is dócha go n‑ualófar muinín infheisteoirí agus tomhaltóirí.
Tá an ráta dífhostaíochta fós ard, d’ainneoin laghdú beag go 21,4 % in 2024 (ó 22,0 % in 2023). Bhí an ráta dífhostaíochta 18,3 % i measc na bhfear agus 33,3 % i measc na mban. Tá an dífhostaíocht i measc na hóige fós ina dúshlán mór agus bíonn fadhbanna dífhostaíochta i measc na ndaoine óga fásta chomh maith, ós rud é gur 54,7 % agus 46,4 % faoi seach a bhí sa ráta dífhostaíochta idir 15-19 mbliana d’aois agus 20-24 bliana d’aois. Ag 34,3 %, tá rannpháirtíocht an lucht saothair fós ina dúshlán mór, agus tá rannpháirtíocht na bhfear agus na mban araon íseal nó an-íseal ag 53,6 % agus 14,8 %, faoi seach, i gcomparáid le 72 % agus 18 % sa Mheánoirthear agus san Afraic Thuaidh, faoi seach.
Tá brúnna boilscithe faoi smacht, i gcomhréir leis na cinntí a rinneadh le déanaí maidir leis an mbeartas airgeadaíochta. Thit an boilsciú go 1,6 % in 2024 ar an meán bliain ar bhliain (ó 2,1 % in 2023) cé gur tháinig méadú air ag tús 2025 (2,2 % in Eanáir-Feabhra 2025, bliain ar bhliain) i gcomhréir le héascú airgeadaíochta an bhainc ceannais. Le déanaí, ba iad príomhspreagthaí an bhoilscithe praghsanna cíosa, feola agus éineola, agus tobac agus toitíní. Taifeadadh laghduithe ar phraghsanna go háirithe i gcás éadaí, táirgí déiríochta agus olaí, chuir an dá cheann dheireanacha leis an mboilsciú a spreagadh sna blianta roimhe sin. Ó mhí Mheán Fómhair 2024 i leith, rinne Banc Ceannais na hIordáine a ráta úis a laghdú 100 bonnphointe go 6,5 % i dtrí chéim, rud a chuir deireadh leis an gcéim ghéaraithe airgeadaíochta a thosaigh 2,5 bliain roimhe sin. Idir mí an Mhárta 2022 agus mí Iúil 2023, ardaíodh an príomhráta in 10 gcéim ó 2,5 % go 7,5 %. Bhí gá le cinntí Bhanc Ceannais na hIordáine mar gheall ar dhinar na hIordáine a bheith pionnáilte le USD, chun a bheith i gcomhréir le géarú/éascú airgeadaíochta Chúlchiste Feidearálach na Stát Aontaithe agus chun brúnna ar shreafaí caipitil a sheachaint, agus go deimhin chuir siad le maolú an bhrú boilscithigh.
Tá an córas baincéireachta fós leachtach agus dea-chaipitlithe. Ba é 18 % an cóimheas leordhóthanachta caipitil in 2024 (ó 17,9 % in 2023), i bhfad os cionn an 12 % ba ghá. Tháinig méadú beag ar chóimheas na n‑iasachtaí neamhthuillmheacha go 5,6 % in 2024 (ó 5,1 % in 2023), agus ba é 74,8 % an cóimheas cumhdaigh le haghaidh iasachtaí neamhthuillmheacha in 2024. D’fhan brabúsacht na mbanc cobhsaí agus meastar go raibh toradh 1,2 % ar shócmhainní ann.
Léiríonn an t‑airgeadas poiblí leochaileachtaí, cé go dtacaítear leis le measúnú foriomlán CAI ar inbhuanaitheacht an fhiachais phoiblí. Shroich an t‑easnamh rialtais ghinearálta 5,6 % de OTI in 2024, figiúr atá níos airde ná an bhliain roimhe sin (ó 5,1 % de OTI in 2023). 0,1 % de OTI (0,4 % de OTI in 2023) a bhí san easnamh príomhúil (gan íocaíochtaí úis ar an bhfiachas poiblí a áireamh). 89,9 % den chaiteachas poiblí a bhí sa chaiteachas reatha. Seachas íocaíochtaí úis (20 % den chaiteachas reatha), ba iad caiteachas míleata (29,6 %), cúiteamh d’fhostaithe san earnáil shibhialta (19,3 %) agus pinsin (16,3 %) príomh-chomhpháirteanna an chaiteachais. 90,4 % de OTI a bhí san fhiachas poiblí (gan an fiachas atá i seilbh an Chiste Infheistíochta Slándála Sóisialta a áireamh) in 2024, beagán níos airde ná 89,2 % de OTI in 2023. Lena n‑áirítear fiachas an Chiste Infheistíochta Slándála Sóisialta, ba é 116,8 % de OTI an fiachas poiblí in 2024, i gcomparáid le 113,8 % in 2023. Measann CAI go bhfuil fiachas poiblí na hIordáine inbhuanaithe agus go bhfuil ard-dóchúlacht ann (Airteagal IV, Meitheamh 2025). Go deimhin, cé go bhfágann an t‑ardleibhéal fiachais phoiblí go bhfuil an Iordáin leochaileach do ghéarú ar dhálaí airgeadais, is cúlchiste tábhachtach é an sciar mór d’fhiachas lamháltais. Thairis sin, tá maoláin mhóra ag an Iordáin: comhfhreagraíonn cúlchistí malairte eachtraí do 7,7 mí d’allmhairí; agus shroich sócmhainní an Chiste Infheistíochta Slándála Sóisialta 40 % de OTI. Measann CAI go bhfuil riosca measartha ann go mbeidh strus ceannasach ann.
Tá staid sheachtrach na hIordáine fós leochaileach, ach is leor na cúlchistí malairte eachtraí. Mhéadaigh an t‑easnamh sa chuntas reatha (lena n‑áirítear deontais) go 5,9 % de OTI in 2024 (ó 3,6 % in 2023), de réir mar a tháinig laghdú ar an mbarrachas seirbhísí, agus tháinig méadú ar an easnamh earraí agus ar an easnamh ioncaim phríomha. Ceimiceáin agus mianraí (30 % d’onnmhairí earraí) a bhí dírithe go príomha ar an India agus ar thíortha Arabacha, chomh maith le héadaí (20 %) a bhí dírithe ar na Stáit Aontaithe den chuid is mó, ba iad na príomhearraí a onnmhairíodh le haghaidh earraí intíre. Ba iad na grúpaí allmhairithe earraí ba mhó trealamh iompair agus páirteanna spártha (10 % d’allmhairí earraí) ón tSín, ó na Stáit Aontaithe agus ón gCóiré Theas den chuid is mó; táirgí peitriliam (6 %) ón Araib Shádach agus ón India den chuid is mó; agus teicstílí (5 %) ón Áise. Leanadh den easnamh sa chuntas reatha a mhaolú le sreafaí láidre ioncaim thánaistigh: shroich seoltáin 6,8 % de OTI in 2024, agus shroich maoiniú an chláir (an Banc Domhanda, CAI agus tacaíocht dhéthaobhach/iltaobhach eile) 4,2 % de OTI. Tháinig laghdú ar an infheistíocht dhíreach choigríche go 3,3 % de OTI in 2024. D’fhan ollchistí eachtracha Bhanc Ceannais na hIordáine láidir agus os cionn 100 % de mhéadracht leordhóthanachta cúlchiste CAI.
Tá an t‑ionchas sna blianta beaga amach romhainn éiginnte. Ag féachaint chun cinn, bhí measadh le CAI i mí an Mheithimh 2025 go dtiocfadh méadú beag ar an bhfás le haghaidh 2025 agus sna blianta ina dhiaidh sin, ach bhí an réamhaisnéis sin ann roimh an gcoinbhleacht idir Iosrael agus an Iaráin. Tá riosca neamhfhabhrach mór ag baint leis na cogaí réigiúnacha don ionchas, go háirithe mar gheall ar an leibhéal méadaithe éiginnteachta sa réigiún agus an tionchar a d’fhéadfadh a bheith acu amach anseo ar earnáil thábhachtach na turasóireachta, arna spreagadh tuilleadh ag an gcoinbhleacht a bhí ann le déanaí idir Iosrael agus an Iaráin. Meastar go mbeidh easnaimh sheachtracha agus fhioscacha fós ard, ar léiriú é an méid sin ar na dúshláin struchtúracha fholuiteacha atá ann chun feabhas inbhuanaithe a chur ar ioncam fioscach agus ar an easnamh trádála. I bhfianaise ualach mór an fhiachais phoiblí, ní mór leanúint den chúrsa comhdhlúthaithe fhioscaigh, chomh maith le hiarrachtaí leanúnacha nuachóirithe eacnamaíoch chun feabhas a chur ar an timpeallacht ghnó, fás na hearnála príobháidí a chothú, lena n‑áirítear trí infheistíocht dhíreach choigríche a mhealladh.
•Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana
Leis an gCúnamh Macrairgeadais atá beartaithe, thacófaí leis na hacmhainní a leithdháiltear ar an Iordáin faoin oibríocht atá ann cheana a ghlac Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle an 14 Aibreán 2025 faoi Chinneadh (AE) 2020/33 2 maidir le Cúnamh Macrairgeadais a sholáthar do Ríocht Haisimíteach na hIordáine arb ionann é agus EUR 500 milliún in iasachtaí atá le heisíoc le linn na tréimhse 2025-2027.
•Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais
Tá dlúth-chomhpháirtíocht sheanbhunaithe forbartha ag an Aontas agus ag an Iordáin, ar comhpháirtíocht í a bhfuil an Comhaontú Comhlachais atá i bhfeidhm ó 2002 mar bhonn taca léi, agus a rinneadh a uasghrádú go comhpháirtíocht Ardstádais in 2010 3 . Treisíodh an caidreamh sin a thuilleadh le glacadh Thosaíochtaí Comhpháirtíochta an Aontais Eorpaigh agus na hIordáine i mí an Mheithimh 2022, lena leagtar síos an creat straitéiseach don chomhar go dtí 2027. Leis na tosaíochtaí, léirítear luachanna comhroinnte agus tiomantas d’athchóirithe i réimsí an dea-rialachais agus na hurraime do chearta an duine, cur chun cinn na forbartha eacnamaíche inbhuanaithe agus neartú an chomhair maidir le cobhsaíocht agus slándáil réigiúnach.
Tá caidreamh láidir eacnamaíoch ag an Iordáin freisin leis an Aontas Eorpach, atá ar cheann dá príomh-chomhpháirtithe trádála agus infheistíochta. Tá a gcaidreamh trádála fréamhaithe sa Chomhaontú Comhlachais idir an tAontas agus an Iordáin, lena n‑éascaítear rochtain fhabhrach ar mhargaí an Aontais. Bhain an Iordáin tairbhe freisin as tionscnamh simplithe an Aontais maidir le rialacha tionscnaimh ó 2016 i leith, tionscnamh a ceapadh chun onnmhairí agus forbairt thionsclaíoch a spreagadh. I gcomhréir le hAthbhreithniú 2021 an Aontais ar an mBeartas Trádála, tá an tAontas agus an Iordáin ag obair chun an caidreamh trádála agus infheistíochta a dhoimhniú, lena n‑áirítear iarrachtaí chun feabhas a chur ar an timpeallacht ghnó, ailíniú rialála earnáilsonrach a chur chun cinn, agus leas iomlán a bhaint as acmhainneacht an Chomhaontaithe Comhlachais.
Ardaíodh an comhar sin a thuilleadh trí sheoladh na Comhpháirtíochta Straitéisí Cuimsitheach idir an tAontas agus an Iordáin, a formhuiníodh i mí Eanáir 2025. Leagtar amach sa chomhpháirtíocht príomhréimsí le haghaidh comhar níos doimhne, lena n‑áirítear caidreamh polaitiúil agus comhar réigiúnach, slándáil agus cosaint, athléimneacht eacnamaíoch, trádáil agus infheistíocht, forbairt caipitil dhaonna, imirce, agus cosaint dhídeanaithe agus tacaíocht dóibh. Tá na colúin sin ag teacht go dlúth le Fís na hIordáine don Nuachóiriú Eacnamaíoch (2022–2033) agus is é is aidhm dóibh tacú le hathléimneacht fhadtéarmach, fás cuimsitheach agus cumas na tíre freagairt do dhúshláin réigiúnacha agus dhomhanda.
Tá an oibríocht cúnaimh macrairgeadais atá beartaithe ailínithe le cuspóirí níos leithne an Aontais faoi Bheartas Comharsanachta na hEorpa (BCE). Bíonn sí ina thacaíocht do chuspóirí an Aontais Eorpaigh maidir le cobhsaíocht eacnamaíoch agus forbairt san Iordáin a chur chun cinn agus, níos ginearálta fós, an teacht aniar a chur chun cinn i gcomharsanacht Dheisceart na hEorpa. Chomhlánódh Cúnamh Macrairgeadais an Aontais na deontais arna slógadh faoin Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta agus faoi chláir agus ionstraimí eile de chuid an Aontais agus, go háirithe, na coinníollacha a bheartaítear faoi na pacáistí tacaíochta buiséid atá á gcur chun feidhme ag an Aontas faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil 2021-2027 atá ann faoi láthair. Trí leanúint de thacú le húdaráis na hIordáine creat iomchuí le haghaidh beartas maicreacnamaíoch agus athchóirithe struchtúracha a ghlacadh, mhéadódh Cúnamh Macrairgeadais an Aontais breisluach agus éifeachtacht idirghabhálacha airgeadais foriomlána an Aontais, lena n‑áirítear idirghabhálacha trí hionstraimí airgeadais eile.
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
•Bunús dlí
Is é Airteagal 212 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (‘CFAE’) an bunús dlí don togra seo.
•Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)
Urramaítear prionsabal na coimhdeachta ós rud é nach féidir leis na Ballstáit féin na cuspóirí a ghnóthú go leordhóthanach maidir le cobhsaíocht mhaicreacnamaíoch ghearrthéarmach a choinneáil ar bun san Iordáin agus gur fearr is féidir leis an Aontas Eorpach iad a ghnóthú. Is iad na príomhchúiseanna atá leis sin na srianta buiséadacha atá ann ar an leibhéal náisiúnta agus an gá atá le comhordú maith idir na deontóirí chun gur féidir cur le scála agus le héifeachtacht an chúnaimh a oiread agus is féidir.
•Comhréireacht
Comhlíonann an togra prionsabal na comhréireachta: ní théann sé thar an méid is gá chun na cuspóirí maidir le cobhsaíocht mhaicreacnamaíoch ghearrthéarmach a ghnóthú.
Mar a shainaithin an Coimisiún ar bhonn mheastacháin CAI i gcomhthéacs na Saoráide Ciste Sínte, tá méid an Chúnaimh Macrairgeadais nua atá beartaithe cothrom le thart ar 14,6 % den bhearna maoiniúcháin iarmharach a mheastar a bheidh fós ann sa tréimhse 2025-2027. Tá sé sin comhsheasmhach leis na cleachtais chaighdeánacha maidir le comhroinnt ualaigh d’oibríochtaí cúnaimh macrairgeadais (i gcás tíre a bhfuil Comhaontú Comhlachais aici, is é 60 % an uasteorainn atá ann i gcomhréir leis na conclúidí ó Chomhairle ECOFIN an 8 Deireadh Fómhair 2002), agus an cúnamh a thug deontóirí déthaobhacha agus iltaobhacha eile don Iordáin á chur san áireamh. Nuair a dhéantar tacaíocht fhoriomlán an Aontais don Iordáin a mheas trí ionstraimí éagsúla (lena n‑áirítear an Cúnamh Macrairgeadais atá beartaithe, Cúnamh Macrairgeadais IV, tacaíocht bhuiséadach an Aontais agus iasachtaí BEI, gan tacaíocht dhéthaobhach ó na Ballstáit a chur san áireamh), chumhdódh tacaíocht iomlán an Aontais thart ar 35,4 % den bhearna iarmharach mheasta sa mhaoiniú seachtrach. Maidir le ranníocaíocht fhoriomlán an Aontais, lena n‑áirítear tacaíocht bhuiséadach agus iasachtaí BEI don Iordáin, meastar go mbeidh sí níos airde ná mar a bhí san am a chuaigh thart.
•An rogha ionstraime
Ní bheadh maoiniú tionscadal ná cúnamh teicniúil oiriúnach ná leordhóthanach chun aghaidh a thabhairt ar na cuspóirí maicreacnamaíocha. Is é an breisluach is mó a bhaineann leis an gCúnamh Macrairgeadais i gcomparáid le hionstraimí eile an Aontais go maolaítear srianta airgeadais sheachtraigh agus go bhfuil sé ina chuidiú chun creat maicreacnamaíoch cobhsaí a chruthú, lena n‑áirítear cuidiú trí chomhardú íocaíochtaí agus cás buiséadach a bheadh inbhuanaithe a chur chun cinn, mar aon le creat iomchuí le haghaidh athchóirithe struchtúracha. Trí cuidiú le creat beartais foriomlán iomchuí a chur ar bun, bíonn sé de bhua ag an gCúnamh Macrairgeadais go gcuireann sé le héifeachtacht na mbeart a mhaoinítear san Iordáin faoi ionstraimí eile de chuid an Aontais atá níos spriocdhírithe.
3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR
•Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana
Cuirtear san áireamh sa togra cúnaimh macrairgeadais ón gCoimisiún ceachtanna a foghlaimíodh ó mheastóireachtaí ex post a rinneadh ar oibríochtaí roimhe i gcomharsanacht an Aontais, lena n‑áirítear an mheastóireacht ex post ar an oibríocht Cúnamh Macrairgeadais-II a soláthraíodh don Iordáin in 2016-2019 agus a rialaíodh faoi Chinneadh (AE) 2016/2371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2016 4 , chomh maith leis an meastóireacht ex post is déanaí ar phacáiste cúnaimh macrairgeadais COVID-19, lenar cumhdaíodh Cúnamh Macrairgeadais-III na hIordáine 5 .
Baineadh de chonclúid as an meastóireacht ex post Iordáin 2016-2019 6 sin gur chomhlíon an clár Cúnamh Macrairgeadais-II na cuspóirí a bhí leis. Ceapadh é ar bhealach a bhí ábhartha maidir le dúshláin eacnamaíocha na hIordáine, agus chuir sé go mór le cobhsú éifeachtach staid sheachtrach agus fhioscach na hIordáine. Bhí breisluach mór ag baint leis an gclár don Aontas toisc gur thacaigh sé leis an gcobhsaíocht mhaicreacnamaíoch i dtír chomhpháirtíochta chomharsanach agus gur maolaíodh tionchar ghéarchéim na ndídeanaithe ón tSiria dá bharr. Ceapadh agus cuireadh chun feidhme é ar bhealach a bhí comhleanúnach le beartais agus le hionstraimí eile de chuid an Aontais.
•Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara
Soláthraítear Cúnamh Macrairgeadais mar dhlúthchuid den tacaíocht idirnáisiúnta do chobhsaíocht eacnamaíoch na hIordáine, lena n‑áirítear tacaíocht ón gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta. Chun an togra seo le haghaidh Cúnamh Macrairgeadais a ullmhú, chuaigh an Coimisiún i gcomhairle leis an gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta, a bhfuil clár maoiniúcháin nach beag á eisíoc aige. Chuaigh an Coimisiún i gcomhairle leis an gCoiste Malartach Eacnamaíoch agus Airgeadais an 2 Iúil 2025, agus d’fhormhuinigh siad an dréacht-togra. Bhí an Coimisiún i dteagmháil rialta freisin le húdaráis na hIordáine.
•Bailiú agus úsáid saineolais
I gcomhréir leis na ceanglais faoi Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 7 (‘an Rialachán Airgeadais’), rinne seirbhísí an Choimisiúin measúnú oibríochtúil ar scagchuarda airgeadais agus riaracháin na hIordáine roimh chur chun feidhme MFA IV. Ba é an cuspóir a bhí leis sin a áirithiú go ndéanfar le nósanna imeachta na tíre chun cúnamh cláir a bhainistiú, Cúnamh Macrairgeadais san áireamh, ráthaíochtaí leordhóthanacha a chur ar fáil le haghaidh bainistíocht fhónta airgeadais. Fuarthas tuarascáil deiridh an Mheasúnaithe Oibríochtúil, a d’ullmhaigh comhlacht comhairliúcháin, i mí Dheireadh Fómhair 2024. Tugadh faoi deara sa tuarascáil go ndearnadh dul chun cinn soiléir maidir le córais bainistithe airgeadais phoiblí agus scagchuarda airgeadais eile ó 2020 i leith, nuair a rinneadh an cleachtadh deireanach. Thángthas ar an gconclúid sa tuarascáil go meastar go bhfuil stádas scagchuarda airgeadais agus nósanna imeachta airgeadais na hIordáine fabhrach d’oibríocht cúnaimh macrairgeadais. Ós rud é go ndearnadh an measúnú oibríochtúil níos lú ná bliain ó shin agus go bhfuil a thorthaí fós bailí, measann an Coimisiún nach bhfuil gá le measúnú nua le haghaidh oibríocht MFA V atá beartaithe.
•Measúnú tionchair
Is ionstraim éigeandála eisceachtúil é Cúnamh Macrairgeadais an Aontais agus is é is cuspóir dó aghaidh a thabhairt ar mhórdheacrachtaí i gcomhardú na n‑íocaíochtaí i dtíortha nach Ballstáit den Aontas iad. Dá bhrí sin, tá an togra seo maidir le Cúnamh Macrairgeadais díolmhaithe ón gceanglas Measúnú Tionchair a dhéanamh i gcomhréir le Treoirlínte an Choimisiúin maidir le Rialáil Níos Fearr (SWD (2015) 111 final) toisc go bhfuil riachtanas polaitiúil ann gníomhú go pras i gcás a dteastaíonn mearfhreagairt ina leith.
Ar leibhéal níos ginearálta, tógann tograí an Choimisiúin sa réimse seo ar na ceachtanna a foghlaimíodh as meastóireachtaí ex post a rinneadh ar oibríochtaí eile i gcomharsanacht an Aontais Eorpaigh. Leis an tacaíocht mhacrairgeadais nua, agus leis an gclár coigeartaithe eacnamaíoch agus athchóirithe a ghabhann leis, cuideofar le riachtanais mhaoiniúcháin ghearrthéarmacha na hIordáine a mhaolú agus, an tráth céanna, tacófar le bearta beartais arb é is aidhm dóibh comhardú meántéarmach na n‑íocaíochtaí agus an inbhuanaitheacht fhioscach a neartú agus fás inbhuanaithe a mhéadú agus, ar an gcaoi sin, an clár Bhord Feidhmiúcháin CAI á chomhlánú. Leis na coinníollacha beartais sin, ba cheart aghaidh a thabhairt ar roinnt de na laigí bunúsacha a léirigh córas geilleagair agus rialachais eacnamaíoch na hIordáine thar na blianta. I bprionsabal, d’fhéadfaí a áireamh ar na réimsí coinníollachta a d’fhéadfadh a bheith ann athchóirithe chun feabhas a chur ar rialachas eacnamaíoch, lena n‑áirítear bainistiú airgeadais phoiblí agus riarachán cánach, beartais shóisialta agus beartais maidir leis an margadh saothair, an timpeallacht ghnó agus an t‑aistriú fuinnimh/glas.
•Cearta bunúsacha
Tá tíortha atá cumhdaithe ag Beartas Comharsanachta na hEorpa incháilithe le haghaidh Cúnamh Macrairgeadais. Tá sé ina réamhchoinníoll i dtaca le Cúnamh Macrairgeadais a dheonú go mbeadh ar an tír incháilithe cloí le sásraí éifeachtacha daonlathacha, lena n‐áirítear córas parlaiminteach ilpháirtí agus an smacht reachta, mar aon le ráthaíocht go dtabharfaí urraim do chearta an duine.
Lean an Iordáin dá hiarrachtaí athchóirithe polaitiúla chun an daonlathas parlaiminteach agus an smacht reachta a neartú. In 2021, sheol an Iordáin próiseas nuachóirithe polaitiúil arb é is aidhm dó rannpháirtíocht pholaitiúil na mban agus daoine óga a chothú, chun dílseacht threibheach a shárú agus chun spreagadh a thabhairt páirtithe polaitiúla clárbhunaithe náisiúnta a bhunú, ar páirtithe iad a tugadh isteach le leasuithe ar Dhlíthe na dToghchán agus na bPáirtithe Polaitiúla. In 2023, leasaigh an rialtas an Cód Saothair i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta maidir le cearta an duine. D’ainneoin comhthéacs an-dúshlánach, tá an Iordáin tiomanta i gcónaí d’athchóirithe a chur chun cinn i dtreo córas polaitiúil daonlathach níos éifeachtaí bunaithe ar an smacht reachta agus ar urraim do chearta an duine. Sa chomhthéacs sin, meastar réamhchoinníollacha polaitiúla le haghaidh Cúnamh Macrairgeadais a bheith comhlíonta.
4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
Tá sé beartaithe an oibríocht cúnaimh macrairgeadais suas le EUR 500 milliún in iasachtaí le haghaidh na hIordáine a eisíoc i dtrí thráthchuid atá le heisiúint thar thréimhse suas le 2,5 bliain. Soláthrófar an iasacht faoin Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha ag ráta soláthair 9 % a bheidh clársceidealaithe faoi ICFCI - an Eoraip Dhomhanda, le haghaidh méid iomlán EUR 45 mhilliún (líne bhuiséid 14 02 01 70 ‘ICFCI - Soláthar an Chiste don Soláthar Coiteann’). Deonófar na hiasachtaí i bhfoirm iasachtaí amúchta le tréimhse chairde agus aisíocaíochtaí caipitil ina dhiaidh sin i dtráinsí comhionanna thar thréimhse fhada. Rachaidh an struchtúr iasachta sin chun tairbhe don tairbhí, sa mhéid is go n‑éascaíonn sé aisíocaíochtaí, agus rachaidh sé chun tairbhe do bhuiséad, an Aontais, trí dhliteanais theagmhasacha a leathadh thar thréimhse fhada ama.
5.EILIMINTÍ EILE
•Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe
Soláthróidh an tAontas Eorpach Cúnamh Macrairgeadais suas le EUR 500 billiún don Iordáin, cúnamh a bheidh i bhfoirm iasachtaí a rannchuideoidh leis na riachtanais mhaoiniúcháin iarmharaigh sheachtraigh atá ag an Iordáin a chumhdach sa tréimhse ina mbeidh an oibríocht ar fáil. Tá sé beartaithe an cúnamh a eisíoc i dtrí thráthchuid, ar choinníoll go mbeidh na bearta beartais a ghabhann le gach tráthchuid curtha chun feidhme ina n‑iomláine ar bhealach tráthúil. Is é an Coimisiún a bhainisteoidh an tacaíocht sin. Beidh forálacha sonracha maidir le cosc ar chalaois agus ar neamhrialtachtaí eile i bhfeidhm, forálacha a bheidh i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais.
Beidh eisíocaíochtaí faoin oibríocht cúnaimh macrairgeadais atá beartaithe ag brath ar athbhreithnithe rathúla ar chláir faoi chlár CAI. Ina theannta sin, tiocfaidh an Coimisiún agus údaráis na hIordáine ar chomhaontú maidir le sraith shonrach de bhearta athchóirithe struchtúracha, a leagfar amach i Meabhrán Tuisceana. Ba cheart na bearta athchóirithe sin a bheith ina dtacú le clár oibre athchóirithe na n‑údarás agus ba cheart iad a bheith ina gcomhlánú ar na cláir a comhaontaíodh le CAI, leis an mBanc Domhanda agus le deontóirí eile, chomh maith leis na cláir bheartais a bhaineann le hoibríochtaí tacaíochta buiséadaí an Aontais Eorpaigh. Ba cheart iad a bheith comhsheasmhach leis na príomhthosaíochtaí athchóirithe eacnamaíocha a comhaontaíodh idir an tAontas Eorpach agus an Iordáin sa Chomhaontú Comhlachais, sna Tosaíochtaí Comhpháirtíochta agus sa Chomhshocrú atá i gceangal leis seo, sa Chomhpháirtíocht Straitéiseach Chuimsitheach agus i bhFís na hIordáine don Nuachóiriú agus i ndoiciméid straitéiseacha eile.
2025/0251 (COD)
Togra le haghaidh
CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
maidir le Cúnamh Macrairgeadais a sholáthar do Ríocht Haisimíteach na hIordáine
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 212(2) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach 8 ,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Tá forbairt á déanamh i rith an ama i dtaca leis an gcaidreamh idir an tAontas Eorpach (‘an tAontas’) agus Ríocht Haisimíteach na hIordáine (‘an Iordáin’) faoi chuimsiú Bheartas Comharsanachta na hEorpa (BCE). Shínigh an tAontas agus an Iordáin Comhaontú Comhlachais an 24 Samhain 1997 a tháinig i bhfeidhm an 1 Bealtaine 2002 9 . Faoin gComhaontú Comhlachais, bhunaigh an tAontas agus an Iordáin Limistéar Saorthrádála de réir a chéile le linn idirthréimhse 12 bhliain. Ina theannta sin, tháinig comhaontú maidir le léirscaoileadh breise táirgí talmhaíochta i bhfeidhm in 2007. In 2010, thángthas ar chomhaontú idir an tAontas agus an Iordáin maidir le comhpháirtíocht Ardstádais, comhpháirtíocht arb é atá i gceist leis réimsí comhair a leathnú. Tháinig prótacal maidir le Sásraí um Réiteach Díospóidí le haghaidh trádála idir an tAontas agus an Iordáin, prótacal ar cuireadh inisealacha leis i mí na Nollag 2009, i bhfeidhm an 1 Iúil 2011. Rinneadh an t‑idirphlé polaitiúil déthaobhach agus an comhar eacnamaíoch a fhorbairt a thuilleadh faoi chuimsiú an Chomhaontaithe Comhlachais, faoi chuimsiú Thosaíochtaí Comhpháirtíochta an Aontais Eorpaigh agus na hIordáine arna nglacadh le haghaidh 2022-2027 agus faoi chuimsiú na Comhpháirtíochta Straitéisí Cuimsithí, a síníodh i mí Eanáir 2025.
(2)Ó 2011 i leith, thug an Iordáin faoi líon áirithe athchóirithe polaitiúla chun an daonlathas parlaiminteach agus an smacht reachta a neartú. Bunaíodh Cúirt Bhunreachtúil agus Coimisiún Toghchán Neamhspleách agus rith Parlaimint na hIordáine líon áirithe dlíthe tábhachtacha, lena n‐áirítear an tAcht Toghcháin agus an tAcht um Páirtithe Polaitiúla chomh maith le dlíthe maidir le dílárú agus bardasachtaí. Glacadh feabhsuithe reachtacha a mhéid a bhaineann le neamhspleáchas na mbreithiúna agus cearta na mban.
(3)Tá geilleagar na hIordáine buailte go mór ag éagobhsaíocht réigiúnach fhada, go háirithe an choinbhleacht sa tSiria agus, an choinbhleacht in Iosrael-Gaza, mar aon le suaitheadh slándála sa Mhuir Rua. Chuir na neamhchobhsaíochtaí sin tuilleadh éiginnteachta leis, rud a bhaineann an bonn de mhuinín infheisteoirí, a chuireann isteach ar bhealaí trádála, agus a lagaíonn an turasóireacht. Tá na dúshláin sin sa bhreis ar thionchair eacnamaíocha agus shóisialta atá fós ann mar thoradh ar shuaití praghsanna domhanda de dheasca phaindéim COVID-19 tar éis ionradh na Rúise ar an Úcráin, agus costais iasachtaíochta níos airde a bhaineann le dálaí airgeadais domhanda níos déine. Le déanaí, is dúshlán breise é neamhchinnteacht mhéadaithe an chomhshaoil dhomhanda. Cé gur sheachain an Iordáin crapadh eacnamaíoch athnuaite, a bhuí, i bpáirt, le saothrú beartas agus athchóirithe maicreacnamaíocha fónta, tá an téarnamh fós lag. Tá an dífhostaíocht fós ard i gcónaí, go háirithe i measc na hóige agus na mban, agus tá brú airgeadais fioscach agus seachtrach fós ag cur isteach ar an ngeilleagar.
(4)Mar thoradh ar an gcoinbhleacht in Iosrael-Gaza mar aon leis an bhforéigean athnuaite sa réigiún, go háirithe an teannas atá ag dul in olcas idir Iosrael agus an Iaráin i lár mhí an Mheithimh 2025, cuireadh eitiltí ar fionraí san Iordáin agus is dócha go ndéanfaidh sé téarnamh leochaileach eacnamaíoch na tíre níos casta, go maolóidh sé muinín infheisteoirí agus turasóirí, agus go gcuirfidh sé le dearcadh atá ag éirí níos éiginnte. Tá an teannas sóisialta san Iordáin fós íseal ach d’fhéadfadh méadú teacht air dá dtiocfadh géarú breise ar na coinbhleachtaí leanúnacha. Thairis sin, mar thoradh ar an athrú aeráide d’fhéadfadh an baol a bheith ann go gcuirfí leis an nganntanas uisce uafásach atá ag an Iordáin cheana féin, go ndéanfaí dochar don fhás agus go gcuirfí tuilleadh brú ar airgeadas rialtais.
(5) I mí Eanáir 2024, tháinig údaráis na hIordáine agus CAI ar chomhaontú maidir le clár coigeartaithe eacnamaíoch a fhaigheann tacaíocht ó Shaoráid Fhadaithe Chistiúcháin 4 bliana dar luach USD 1,2 billiún, atá á chur chun feidhme faoi láthair. Ó mhí Iúil 2025 ar aghaidh, bhí feidhmíocht na hIordáine faoin tSaoráid Fhadaithe Chistiúcháin láidir, agus comhlíonadh na critéir feidhmíochta cainníochtúla agus na tagarmharcanna struchtúracha uile ar fud na chéad trí athbhreithniú ar chláir (Iúil agus Nollaig 2024, agus Aibreán 2025), rud a spreag eisíocaíochtaí dar luach USD 391 mhilliún san iomlán as an USD 1,2 billiún formheasta.
(6)I mí Aibreáin 2025, ghlac an tAontas an ceathrú clár cúnaimh macrairgeadais (MFA-IV) 10 dar luach EUR 500 milliún i bhfoirm iasachtaí, mar fhreagairt ar iarraidh ón Iordáin i mí Dheireadh Fómhair 2023. Tá na heisíocaíochtaí beartaithe le linn 2025–2027, nuair a chomhlíonfar coinníollacha beartais comhaontaithe sa Mheabhrán Tuisceana, lena gcumhdaítear bearta maidir le bainistiú airgeadais phoiblí, maidir le rialachas agus bearta in aghaidh an éillithe, bearta maidir le beartais shóisialta agus le beartais mhargadh an tsaothair, maidir le fuinneamh agus le timpeallacht ghnó. Leanann MFA IV ó shraith de thrí chlár MFA roimhe seo (MFA I: EUR 180 milliún; CAI II: EUR 200 milliún; CAI III: EUR 500 milliún + EUR 200 milliún sa bhreisiú mar fhreagairt ar COVID-19) cuireadh EUR 1,08 billiún san iomlán in iasachtaí ar fáil leo idir 2014 agus 2023.
(7)Ó bhí tús ghéarchéim na Siria ann in 2011, tá thart ar EUR 3,5 billiún curtha ar fáil don Iordáin ag an Aontas faoi ionstraimí éagsúla (lena n‐áirítear EUR 1,08 milliún faoi na trí oibríocht cúnaimh macrairgeadais) chun cuidiú leis an tír an chobhsaíocht eacnamaíoch a chaomhnú, an t‐athchóiriú polaitiúil agus eacnamaíoch a chothabháil agus aghaidh a thabhairt ar a riachtanais dhaonnúla, forbartha agus slándála. Ina theannta sin, tá thart ar EUR 2,4 billiún leithdháilte mar iasachtaí tionscadail ar an Iordáin ó bhí 2011 ann.
(8)I gcás na tréimhse 2021-2024, is é thart ar EUR 360 milliún leithdháileadh táscach déthaobhach an Aontais (deontais) faoin Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta - An Eoraip Dhomhanda (ICFCI - an Eoraip Dhomhanda) agus comhlánaítear é le tacaíocht ón Aontas chun cabhrú leis an Iordáin aghaidh a thabhairt ar thionchar na géarchéime sa tSiria (EUR 214 mhilliún ó 2021 go 2023) chomh maith le cláir réigiúnacha agus théamacha eile. Le linn na tréimhse 2014-2020, sholáthar an tAontas tacaíocht EUR 765 mhilliún don Iordáin tríd an Ionstraim Eorpach Chomharsanachta, den chuid is mó. Le linn na tréimhse céanna, bhain an Iordáin tairbhe freisin as EUR 126 mhilliún breise a cuireadh ar fáil trí Ardán Infheistíochta an Bheartais Comharsanachta, lenar giaráladh thart ar EUR 580 milliún in infheistíochtaí. In 2021, faoin bPlean Eacnamaíoch agus Infheistíochta, sheol an tAontas níos mó ná 20 tionscadal suaitheanta san Iordáin, lenar gealladh thart ar EUR 461 mhilliún (trí dheontais, trí mheascadh agus trí ráthaíochtaí) agus lena ndearnadh thart ar EUR 4,760 billiún d’infheistíocht iomlán a ghiaráil.
(9)I mí Eanáir 2025, i bhfianaise na staide eacnamaíche a bhí deacair go fóill agus an ionchais ina leith, d’iarr an Iordáin Cúnamh Macrairgeadais breise ar an Aontas.
(10)Ós rud é gur tír í an Iordáin a chumhdaítear faoi Bheartas Comharsanachta na hEorpa, ba cheart a mheas go bhfuil sí incháilithe chun cúnamh macra-airgeadais a fháil ón Aontas.
(11)Is é ba cheart a bheith i gCúnamh Macrairgeadais an Aontais ionstraim airgeadais eisceachtúil lena dtugtar tacaíocht neamhcheangailte agus neamhshannta ar mhaithe le comhardú na n‐íocaíochtaí, agus é d’aidhm aici aghaidh a thabhairt ar riachtanais phráinneacha mhaoiniúcháin sheachtraigh an tairbhí, agus ba cheart an cúnamh sin a úsáid mar bhonn le clár beartais a chur chun feidhme faoina gcuirfí bearta láidre práinneacha i bhfeidhm maidir le coigeartú agus leis an athchóiriú struchtúrach, bearta a bheadh ceaptha an staid i dtaca le comhardú na n‐íocaíochtaí a fheabhsú sa ghearrthéarma.
(12)Ós rud é go bhfuil bearna iarmharach maoinithe sheachtraigh fós ann maidir le comhardú íocaíochtaí na hIordáine, ar mó é ná na hacmhainní atá á soláthar ag CAI agus ag institiúidí iltaobhacha eile, meastar, sna himthosca eisceachtúla reatha, gur freagairt iomchuí ar iarraidh na hIordáine ar an Aontas tacaíocht a thabhairt do chobhsú a geilleagair Cúnamh Macrairgeadais breise a sholáthar, i gcomhar le clár CAI. Thacódh cúnamh macra-airgeadais méadaithe an Aontais le cobhsú eacnamaíoch agus le clár um athchóiriú struchtúrach na hIordáine, agus na hacmhainní a cuireadh ar fáil faoi shocrú airgeadais CAI á bhforlíonadh.
(13)Ba cheart é a bheith d’aidhm ag Cúnamh Macrairgeadais an Aontais staid inbhuanaithe maidir le maoiniú seachtrach a athbhunú san Iordáin, rud a thacódh le forbairt eacnamaíoch agus shóisialta na tíre.
(14)Meastar go mbeidh an Cúnamh Macrairgeadais ón Aontas ag teacht le cur chun feidhme oibríochtaí tacaíochta buiséid faoin ICFCI-an Eoraip Dhomhanda arna bunú le Rialachán (AE) 2021/947 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 11 .
(15)Déantar méid an chúnaimh macra-airgeadais ón Aontas a chinneadh ar bhonn measúnú cainníochtúil iomlán ar na riachtanais maoinithe sheachtraigh atá fós ag an Iordáin, agus cuirtear san áireamh inniúlacht na tíre sin a hacmhainní dílse, go háirithe na cúlchistí idirnáisiúnta atá ar fáil di, a úsáid chun í féin a mhaoiniú. Ba cheart an Cúnamh Macrairgeadais ón Aontas a bheith ina chomhlánú ar na cláir agus na hacmhainní atá á soláthar ag CAI agus ag an mBanc Domhanda. Agus méid an chúnaimh á chinneadh, cuirtear san áireamh, freisin, na ranníocaíochtaí airgeadais a bhfuiltear ag súil leo ó dheontóirí déthaobhacha agus iltaobhacha agus an gá atá leis an ualach a roinnt go cothrom idir an tAontas agus deontóirí eile, maille leis an úsáid atá á baint cheana as ionstraimí maoinithe sheachtraigh eile san Iordáin agus an breisluach a bhaineann le rannpháirtíocht an Aontais ina hiomláine.
(16)Ba cheart don Choimisiún a áirithiú go bhfuil an Cúnamh Macrairgeadais ón Aontas i gcomhréir, ó thaobh dlí agus substainte de, agus le príomhphrionsabail agus príomhchuspóirí na mbeart a glacadh laistigh de réimsí éagsúla na gníomhaíochta seachtraí, agus le beartais ábhartha eile de chuid an Aontais.
(17)Ba cheart cúnamh macra-airgeadais an Aontais tacú le beartas seachtrach an Aontais i dtaca leis an Iordáin. Ba cheart do sheirbhísí an Choimisiúin agus don tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS) a bheith ag obair i ndlúthchomhar le chéile agus an tacaíocht mhacrairgeadais á cur i bhfeidhm chun beartas seachtrach an Aontais a chomhordú agus chun comhsheasmhacht an bheartais sin a áirithiú.
(18)Ba cheart cúnamh macra-airgeadais an Aontais tacú leis an ngealltanas atá tugtha ag an Iordáin luachanna atá i gcoiteann aici leis an Aontas a urramú, amhail an daonlathas, an smacht reachta, an dea-rialachas, urramú chearta an duine, an fhorbairt inbhuanaithe agus laghdú na bochtaineachta, agus leis an ngealltanas atá tugtha aici maidir le prionsabail na trádála oscailte cothroime atá bunaithe ar rialacha a urramú.
(19)Ba cheart a leagan síos mar réamhchoinníoll i dtaca leis an gCúnamh Macrairgeadais ón Aontas a thabhairt nach mór don Iordáin sásraí éifeachtacha daonlathacha a urramú — lena n‑áirítear córas parlaiminteach ilpháirtí — chomh maith leis an smacht reachta, agus a ráthú go n‑urramófar cearta an duine. Ina theannta sin, ba cheart na cuspóirí sonracha atá le cúnamh macra-airgeadais an Aontais éifeachtúlacht, trédhearcacht agus cuntasacht na gcóras bainistíochta airgeadais phoiblí san Iordáin a neartú agus athchóirithe struchtúracha a chur chun cinn a bhfuil sé d’aidhm acu tacú le fás inbhuanaithe cuimsitheach, cruthú post agus comhdhlúthú fioscach. Ba cheart don Choimisiún agus SEGS faireachán rialta a dhéanamh chun a áirithiú go ndéanfar na réamhchoinníollacha sin a chomhlíonadh agus na cuspóirí sin a bhaint amach.
(20)Chun a áirithiú go gcosnaítear ar bhealach éifeachtúil na leasanna airgeadais sin de chuid an Aontais atá nasctha leis an gCúnamh Macrairgeadais ón Aontas, ba cheart don Iordáin na bearta iomchuí a dhéanamh a bhaineann le calaois, éilliú agus neamhrialtachtaí eile i dtaca leis an gcúnamh a chosc agus a chomhrac. Ina theannta sin, ba cheart forálacha a bheith i gcomhaontú iasachta atá le tabhairt i gcrích idir an Coimisiún agus údaráis na hIordáine lena n‑údaraítear don Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) imscrúduithe a dhéanamh, lena n‑áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, i gcomhréir leis na forálacha agus na nósanna imeachta a leagtar síos i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 12 agus Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/966 13 ón gComhairle, don Choimisiún agus don Chúirt Iniúchóirí iniúchtaí a dhéanamh agus d’Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh a hinniúlachtaí a fheidhmiú maidir le Cúnamh Macrairgeadais ón Aontas a sholáthar le linn a tréimhse infhaighteachta agus ina dhiaidh sin.
(21)Tá scaoileadh an Chúnaimh Macrairgeadais ón Aontas gan dochar do chumhachtaí Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ( ina gcáil mar údarás buiséadach).
(22)Ba cheart méideanna an tsoláthair a theastaíonn maidir leis an gCúnamh Macrairgeadais ón Aontas a bheith i gcomhréir leis na leithreasuithe buiséadacha dá bhforáiltear sa chreat airgeadais ilbhliantúil.
(23)Is é an Coimisiún ar cheart dó cúnamh macra-airgeadais an Aontais a bhainistiú. Chun a áirithiú go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle in ann cur chun feidhme an Chinnidh seo a leanúint, ba cheart don Choimisiún iad a chur ar an eolas go rialta faoi aon fhorbairt a bhaineann leis an gcúnamh agus na doiciméid ábhartha a sholáthar dóibh.
(24)Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an gCinneadh seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 14 .
(25)Ba cheart cúnamh macra-airgeadais an Aontais a bheith faoi réir coinníollacha beartais eacnamaíoch a bheidh le leagan síos i Meabhrán Tuisceana. Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú i dtaca leis an gcur chun feidhme agus ar chúiseanna a bhaineann le héifeachtúlacht, ba cheart a thabhairt de chumhacht don Choimisiún na coinníollacha sin a chaibidliú le húdaráis na hIordáine faoi mhaoirseacht choiste ionadaithe na mBallstát i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. I bhfianaise an tionchair shuntasaigh a d’fhéadfadh a bheith ag cúnamh, is iomchuí an nós imeachta scrúdúcháin mar a shonraítear i Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 a úsáid. I bhfianaise mhéid an Chúnaimh Macrairgeadais ón Aontas don Iordáin, ba cheart feidhm a bheith ag an nós imeachta scrúdúcháin maidir le glacadh an Mheabhráin Tuisceana, agus maidir le haon chás ina ndéanfaí an cúnamh a laghdú, a chur ar fionraí nó a chur ar ceal.
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
1.Cuirfidh an tAontas Cúnamh Macrairgeadais dar luach EUR 500 milliún ar a mhéid ar fáil don Iordáin (‘cúnamh macra-airgeadais an Aontais’), d’fhonn tacú le cobhsú eacnamaíoch na hIordáine agus le clár substainteach don athchóiriú. Beidh an cúnamh sin ina chuidiú chun riachtanais na hIordáine maidir le comhardú na n‑íocaíochtaí, mar a aithníodh iad i gclár CAI, a chumhdach.
2.Is i bhfoirm iasachtaí a sholáthrófar méid iomlán an Chúnaimh Macrairgeadais don Iordáin.
3.Tabharfar de chumhacht don Choimisiún, thar ceann an Aontais, an t‐airgead is gá a fháil ar iasacht ar na margaí caipitil nó ó institiúidí airgeadais agus an t‐airgead sin a thabhairt ar iasacht don Iordáin.
4.Bainisteoidh an Coimisiún eisíoc an Chúnaimh Macrairgeadais ón Aontas ar bhealach atá comhsheasmhach leis na comhaontuithe nó na comhthuiscintí arna dtabhairt i gcrích idir an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta (CAI) agus an Iordáin, agus le príomhphrionsabail agus príomhchuspóirí na n‐athchóirithe eacnamaíocha a leagtar amach sa Chomhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Iordáin.
5.Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas go rialta faoi aon fhorbairt maidir leis an gCúnamh Macrairgeadais ón Aontas, lena n‑áirítear eisíocaíochtaí an chúnaimh sin, agus soláthróidh sé na doiciméid ábhartha do na hinstitiúidí sin in am trátha.
6.Cuirfear cúnamh macra-airgeadais an Aontais ar fáil ar feadh tréimhse dhá bhliain go leith, tréimhse a thosóidh an chéad lá tar éis theacht i bhfeidhm an Mheabhráin Tuisceana dá dtagraítear in Airteagal 3(1).
7.Más rud é, le linn na tréimhse ina mbeidh cúnamh macra-airgeadais an Aontais á eisíoc, go dtiocfaidh laghdú nach mór ar riachtanais mhaoinithe na hIordáine i gcomparáid leis na réamh-mheastacháin tosaigh, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme chun méid an chúnaimh a laghdú nó chun an cúnamh a chur ar fionraí nó a chur ar ceal. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 7(2).
Airteagal 2
1.Mar réamhchoinníoll i dtaca leis an gCúnamh Macrairgeadais ón Aontas a thabhairt don Iordáin, ní mór di sásraí éifeachtacha daonlathacha a urramú — lena n‑áirítear córas parlaiminteach ilpháirtí — maille leis an smacht reachta, agus ráthaíocht a thabhairt go n‑urramófar cearta an duine.
2.Déanfaidh seirbhísí an Choimisiúin agus an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí faireachán ar chomhlíonadh an réamhchoinníll sin le linn shaolré an Chúnaimh Macrairgeadais ón Aontas.
3.Déanfar míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo a chur i bhfeidhm i gcomhréir le Cinneadh 2010/427/AE ón gComhairle 15 .
Airteagal 3
1.I gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 7(2), comhaontóidh an Coimisiún i gcomhar le húdaráis na hIordáine, coinníollacha airgeadais agus coinníollacha beartais eacnamaíoch, lena ndíreofar ar athchóirithe struchtúracha agus airgeadas poiblí fónta, a mbeidh an Cúnamh Macrairgeadais ón Aontas faoina réir, agus leagfar na coinníollacha sin síos i Meabhrán Tuisceana (‘an Meabhrán Tuisceana’) ina mbeidh creat ama chun na coinníollacha sin a chomhlíonadh. Beidh na coinníollacha airgeadais agus na coinníollacha beartais eacnamaíoch a leagfar síos sa Mheabhrán Tuisceana i gcomhréir leis na comhaontuithe nó na comhthuiscintí dá dtagraítear in Airteagal 1(4), lena n‑áirítear an coigeartú maicreacnamaíoch agus na cláir um athchóiriú struchtúrach arna gcur chun feidhme ag an Iordáin le tacaíocht ó CAI.
2.Leis na coinníollacha dá dtagraítear i mír 1, féachfar, go háirithe, le héifeachtúlacht, trédhearcacht agus cuntasacht na gcóras bainistíochta airgeadais phoiblí san Iordáin a fheabhsú, lena n‑áirítear é sin i dtaca le cúnamh macra-airgeadais an Aontais a úsáid. Nuair a bheidh bearta beartais á gceapadh, tabharfar aird chuí freisin ar an dul chun cinn maidir le hoscailt fhrithpháirteach an mhargaidh, ar fhorbairt trádála riailbhunaithe agus cothroime, agus ar thosaíochtaí eile i gcomhthéacs bheartas seachtrach an Aontais. Déanfaidh an Coimisiún faireachán go tráthrialta ar an dul chun cinn atá á dhéanamh maidir leis na cuspóirí sin a bhaint amach.
3.I gcomhaontú iasachta atá le tabhairt i gcrích idir an Coimisiún agus údaráis na hIordáine, leagfar síos na téarmaí mionsonraithe airgeadais a ghabhann le Cúnamh Macrairgeadais an Aontais i gcomhréir le hAirteagal 223 de Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 16 .
4.Fíoróidh an Coimisiún go tráthrialta go bhfuiltear ag leanúint de na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 4(3) a chomhlíonadh, lena n‑áirítear cibé acu atá nó nach bhfuil beartais eacnamaíocha na hIordáine i gcomhréir leis na cuspóirí atá le cúnamh macra-airgeadais an Aontais. Á dhéanamh sin dó, beidh an Coimisiún ag comhordú go dlúth le CAI agus leis an mBanc Domhanda agus, i gcás inar gá, le Parlaimint na hEorpa agus leis an gComhairle.
Airteagal 4
1.Faoi réir na gcoinníollacha dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo, cuirfidh an Coimisiún cúnamh macra-airgeadais an Aontais ar fáil ina dtrí thráthchuid. Leagfar síos méid gach tráthchoda sa Mheabhrán Tuisceana dá dtagraítear in Airteagal 3(1).
2.Déanfar foráil maidir leis na méideanna de chúnamh macrairgeadais an Aontais, i gcás inar gá, i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 2021/947.
3.Déanfaidh an Coimisiún cinneadh maidir le heisíoc na dtráthchodanna faoi réir gach ceann de na coinníollacha uile seo a leanas a bheith comhlíonta:
(a)an réamhchoinníoll a leagtar amach in Airteagal 2(1);
(b)teist leanúnach shásúil maidir le clár beartais a chur chun feidhme faoina gcuirfí i bhfeidhm bearta láidre maidir le coigeartú agus leis an athchóiriú struchtúrach, clár beartais a fhaigheann tacaíocht ó shocrú creidmheasa CAI nach socrú réamhchúraim é;
(c)na coinníollacha beartais eacnamaíoch agus airgeadais a socrófar orthu sa Mheabhrán Tuisceana a chur chun feidhme go sásúil.
Ní dhéanfar an dara tráthchuid a eisíoc, i bprionsabal, tráth is luaithe ná 3 mhí tar éis an chéad tráthchuid a eisíoc. Ní dhéanfar an dara tráthchuid a eisíoc, i bprionsabal, tráth is luaithe ná 3 mhí tar éis an dara tráthchuid a eisíoc.
4.I gcás nach gcomhlíontar na coinníollacha dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo, déanfaidh an Coimisiún eisíoc chúnamh macrairgeadais an Aontais a chur ar fionraí go sealadach nó a chur ar ceal. I gcásanna den sórt sin, cuirfidh sé in iúl do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle na cúiseanna a bhí aige leis an bhfionraí nó leis an gcealú.
5.Is le Banc Ceannais na hIordáine a eisíocfar cúnamh macra-airgeadais an Aontais. Faoi réir na bhforálacha atá le comhaontú sa Mheabhrán Tuisceana, lena n‑áirítear deimhniú na riachtanas maoiniúcháin sheachtraigh atá fós ann, féadfaidh Banc Ceannais na hIordáine cistí an Aontais a aistriú chuig Aireacht Airgeadais na hIordáine ina cháil mar an tairbhí deireanach.
Airteagal 5
1.Chun Cúnamh Macrairgeadais an Aontais i bhfoirm iasachtaí a mhaoiniú, tabharfar de chumhacht don Choimisiún, thar ceann an Aontais, na cistí is gá a fháil ar iasacht ar na margaí caipitil nó ó institiúidí airgeadais i gcomhréir le hAirteagal 223 de Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509.
2.Déanfaidh an Coimisiún comhaontú iasachta leis an Iordáin maidir leis an méid dá dtagraítear in Airteagal 1. Leagfar síos sa chomhaontú iasachta an tréimhse infhaighteachta agus téarmaí mionsonraithe na tacaíochta faoin gCúnamh Macrairgeadais i bhfoirm iasachtaí, lena n‑áirítear iasachtaí i ndáil leis na córais rialaithe inmheánaigh. Deonófar na hiasachtaí ar théarmaí a chuirfidh ar a cumas don Iordáin an iasacht a aisíoc thar thréimhse fhada, lena n‑áirítear tréimhse chairde fhéideartha. 35 bliana ó dháta an eisíoca a bheidh i bhfad uasta gach eisíocaíochta de na hiasachtaí.
3.Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoi fhorbairtí i dtaca leis na hoibríochtaí dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2.
Airteagal 6
1.Cuirfear Cúnamh Macrairgeadais an Aontais chun feidhme i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 17 .
2.Is faoi bhainistiú díreach a dhéanfar Cúnamh Macrairgeadais an Aontais a chur chun feidhme.
3.Sula gcuirfear cúnamh macra-airgeadais an Aontais chun feidhme, déanfaidh an Coimisiún measúnú, trí bhíthin measúnú oibríochtúil, ar a fhónta atá socruithe airgeadais na hIordáine, na nósanna imeachta riaracháin, agus na sásraí rialaithe inmheánaigh agus sheachtraigh is ábhartha maidir leis an gcúnamh.
Airteagal 7
1.Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
2.I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
Airteagal 8
1.Faoin 30 Meitheamh gach bliain, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur chun feidhme an Chinnidh seo sa bhliain roimhe sin, lena n‐áirítear meastóireacht ar an gcur chun feidhme sin. Sa tuarascáil, déanfar an méid seo a leanas:
(a)scrúdófar an dul chun cinn atá déanta i dtaca leis an gCúnamh Macrairgeadais ón Aontas don Iordáin a chur chun feidhme;
(b)déanfar staid agus ionchais eacnamaíocha na hIordáine a mheasúnú, mar aon leis an dul chun cinn a bheidh déanta i dtaca leis an mbeartas eacnamaíoch agus na coinníollacha airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 3(1) a chur chun feidhme;
(c)sonrófar an chomhbhaint idir na coinníollacha beartais eacnamaíoch a leagtar síos sa Mheabhrán Tuisceana, feidhmíocht leanúnach eacnamaíoch agus fhioscach na hIordáine agus cinntí an Choimisiúin maidir le heisíoc na dtráthchodanna atá i gCúnamh Macrairgeadais an Aontais.
2.Tráth nach déanaí ná 2 bhliain tar éis dhul in éag na tréimhse infhaighteachta dá dtagraítear in Airteagal 1(6), cuirfidh an Coimisiún faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle tuarascáil meastóireachta ex post, ina ndéanfar measúnú ar thorthaí agus éifeachtúlacht an Chúnaimh Macrairgeadais ón Aontas agus ar a mhéid a rannchuidigh sé i dtaca leis na cuspóirí a bhí leis an gcúnamh sin a bhaint amach.
Airteagal 9
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán An tUachtarán
RÁITEAS REACHTACH AIRGEADAIS AGUS DIGITEACH
1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH3
1.1.Teideal an togra/tionscnaimh3
1.2.Réimsí beartais lena mbaineann3
1.3.Cuspóirí3
1.3.1.Cuspóirí ginearálta3
1.3.2.Cuspóirí sonracha3
1.3.3.An toradh agus an tionchar a mheastar a bheidh ann3
1.3.4.Táscairí feidhmíochta3
1.4.Baineann an togra/tionscnamh le:4
1.5.Foras an togra/tionscnaimh4
1.5.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena n‑áirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme céimneach an tionscnaimh4
1.5.2.Breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais (tá rudaí éagsúla a bhféadfadh an breisluach sin eascairt astu, e.g. gnóthachain de thoradh comhordú, deimhneacht dhlíthiúil, breis éifeachtachta nó comhlántachtaí). Chun críocha na roinne seo, is é a chiallaíonn ‘breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais’ an luach a thagann as idirghabháil an Aontais, ar luach breise é le cois an luacha a bheadh ann dá mbeadh na Ballstáit ag feidhmiú astu féin.4
1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart4
1.5.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil agus sineirgí a d’fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí iomchuí eile5
1.5.5.Measúnú ar na roghanna éagsúla maoinithe atá ar fáil, lena n‑áirítear na féidearthachtaí athshannadh a dhéanamh5
1.6.Fad an togra/tionscnaimh agus an fad a mhairfidh an tionchar airgeadais a bheidh aige6
1.7.Na modhanna atá beartaithe chun an buiséad a chur chun feidhme6
2.BEARTA BAINISTÍOCHTA8
2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe8
2.2.Córais bainistíochta agus rialaithe8
2.2.1.An réasúnaíocht atá leis na modhanna cur chun feidhme buiséid atá beartaithe, leis na sásraí cur chun feidhme cistithe atá beartaithe, leis na módúlachtaí íocaíochta atá beartaithe agus leis an straitéis rialaithe atá beartaithe8
2.2.2.Faisnéis faoi na rioscaí a aithníodh agus na córais rialaithe inmheánacha a cuireadh ar bun chun na rioscaí a mhaolú8
2.2.3.Meastachán ar chostéifeachtacht na rialuithe agus an réasúnaíocht atá leis an gcostéifeachtacht sin (an cóimheas idir na costais rialaithe agus luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú), agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a mheastar a bheidh ann (tráth na híocaíochta agus an tráth a dhúnfar an clár)8
2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc9
3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH10
3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid caiteachais ar a n‑imreofar tionchar10
3.2.An tionchar airgeadais a mheastar a bheidh ag an togra ar leithreasuithe12
3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a imreofar ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí12
3.2.1.1.Leithreasuithe ón mbuiséad ar vótáladh ina fhabhar12
3.2.1.2.Leithreasuithe ó ioncaim shannta sheachtracha17
3.2.2.An t‑aschur a mheastar a chisteofar ó leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí22
3.2.3.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe de chineál riaracháin24
3.2.3.1. Leithreasuithe ón mbuiséad ar vótáladh ina fhabhar24
3.2.3.2.Leithreasuithe ó ioncaim shannta sheachtracha24
3.2.3.3.Iomlán na leithreasuithe24
3.2.4.Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach25
3.2.4.1.Nithe arna maoiniú ón mbuiséad ar vótáladh ina fhabhar25
3.2.4.2.Nithe arna maoiniú ó ioncaim shannta sheachtracha26
3.2.4.3.Iomlán na n‑acmhainní daonna a bheidh riachtanach26
3.2.5.Forléargas ar an tionchar a mheastar a imreofar ar infheistíochtaí a bhaineann le teicneolaíochtaí digiteacha28
3.2.6.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha28
3.2.7.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe28
3.3.An tionchar a mheastar a imreofar ar ioncam29
4.Gnéithe digiteacha29
4.1.Ceanglais a bhaineann le cúrsaí digiteacha30
4.2.Sonraí30
4.3.Réitigh dhigiteacha31
4.4.Measúnú idir-inoibritheachta31
4.5.Bearta chun tacú le cur chun feidhme digiteach32
1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH
1.1.Teideal an togra/tionscnaimh
Togra le haghaidh Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Cúnamh Macrairgeadais a sholáthar do Ríocht Haisimíteach na hIordáine
1.2.Réimsí beartais lena mbaineann
Réimse beartais: Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais
Gníomhaíocht: Gnóthaí eacnamaíocha agus airgeadais idirnáisiúnta
1.3.Cuspóirí
1.3.1.Cuspóirí ginearálta
Cuspóirí straitéiseacha ilbhliantúla an Choimisiúin ar a bhfuil an togra/tionscnamh dírithe
‘Geilleagar a fhóireann do dhaoine’
‘Eoraip níos láidre sa domhan’
1.3.2.Cuspóirí sonracha
Tacú le cobhsaíocht mhacrairgeadais agus athchóirithe spreagtha fáis a chur chun cinn lasmuigh den Aontas Eorpach, agus áirítear ar na bealaí chun é sin a dhéanamh idirphlé rialta eacnamaíoch a dhéanamh le comhpháirtithe tábhachtacha agus trí Chúnamh Macrairgeadais a sholáthar.
1.3.3.An toradh agus an tionchar a mheastar a bheidh ann
Sonraigh an tionchar a bheadh ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe / grúpaí ar a bhfuil sé dírithe.
(1) Rannchuidiú le riachtanais maoiniúcháin sheachtraigh na hIordáine a chumhdach i gcomhthéacs an mheathlúcháin mhóir ar a gcuntais sheachtracha de dheasca forbairtí geopholaitiúla a tharla le déanaí.
(2) Riachtanais maoiniúcháin bhuiséadaigh an chomhpháirtithe a mhaolú.
(3) Tacaíocht a thabhairt don iarracht comhdhlúthaithe fhioscaigh agus don chobhsú seachtrach i gcomhthéacs chlár CAI.
(4) Tacaíocht a thabhairt d’athchóirithe struchtúracha a bhfuil sé d’aidhm acu feabhas a chur ar an mbainistíocht mhaicreacnamaíoch fhoriomlán, an rialachas eacnamaíoch agus an trédhearcacht a threisiú, agus feabhas a chur ar na dálaí le haghaidh fás inbhuanaithe
1.3.4.Táscairí feidhmíochta
Sonraigh na táscairí chun faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn agus ar ghnóthachain.
Beidh ceangal ar údaráis na hIordáine tuairisc a thabhairt go tráthrialta do sheirbhísí an Choimisiúin faoi thacar táscairí eacnamaíocha agus tuarascáil chuimsitheach a sholáthar faoi chomhlíonadh na gcoinníollacha beartais a comhaontaíodh sula n‑eisíocfar tráthchodanna an chúnaimh.
Leanfaidh seirbhísí an Choimisiúin d’fhaireachán a dhéanamh ar bhainistíocht airgeadais phoiblí, tar éis an mheasúnaithe oibríochtúil ar scagchuarda airgeadais agus nósanna imeachta riaracháin san Iordáin. Soláthróidh Toscaireacht an Aontais san Iordáin tuairiscí go rialta faoi shaincheisteanna a bhaineann le faireachán ar an tacaíocht. Fanfaidh seirbhísí an Choimisiúin i ndlúth-theagmháil leis an gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta agus leis an mBanc Domhanda chun leas a bhaint as an tuiscint atá acu de thoradh a ngníomhaíochtaí reatha sa chomhpháirtí féin.
Leis an gcinneadh reachtach atá beartaithe, foráiltear go gcuirfear tuarascáil bhliantúil faoi bhráid na Comhairle agus Pharlaimint na hEorpa, agus beidh measúnú ar chur chun feidhme na hoibríochta sa tuarascáil sin. Déanfar meastóireacht ex post neamhspleách ar an tacaíocht laistigh de 2 bhliain tar éis don tréimhse infhaighteachta dul in éag.
1.4.Baineann an togra/tionscnamh le:
X beart nua
beart nua a leanann treoirthionscadal / réamhbheart 18
síneadh ar bheart atá ann cheana
beart nó bearta a chumasc nó a atreorú i dtreo beart eile/beart nua
1.5.Foras an togra/tionscnaimh
1.5.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena n‑áirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme céimneach an tionscnaimh
Beidh eisíocaíocht an chúnaimh ag brath ar chomhlíonadh na réamhchoinníollacha polaitiúla agus ar chuntas teiste sásúil i gcur chun feidhme an chláir eacnamaíoch leanúnaigh idir an Iordáin agus CAI, a d’fhormheas an Bord an 10 Eanáir 2024. Ina theannta sin, tiocfaidh an Coimisiún ar chomhaontú le húdaráis na hIordáine maidir le coinníollacha sonracha beartais, agus liostófar iad i Meabhrán Tuisceana.
Tá sé beartaithe an cúnamh a eisíoc ina thrí thráthchodanna. Meastar go ndéanfar na heisíocaíochtaí idir 2026 agus 2028.
Beidh forálacha sonracha maidir le cosc ar chalaois agus ar neamhrialtachtaí eile i bhfeidhm, forálacha a bheidh i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais.1.5.2.Breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais (tá rudaí éagsúla a bhféadfadh an breisluach sin eascairt astu, e.g. gnóthachain de thoradh comhordú, deimhneacht dhlíthiúil, breis éifeachtachta nó comhlántachtaí). Chun críocha na roinne seo, is é a chiallaíonn ‘breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais’ an luach a thagann as idirghabháil an Aontais, ar luach breise é le cois an luacha a bheadh ann dá mbeadh na Ballstáit ag feidhmiú astu féin.
Ionstraim atá bunaithe ar bheartais is ea ionstraim an Chúnaimh Macrairgeadais atá spriocdhírithe ar riachtanais airgeadais sheachtracha a mhaolú sa ghearrthéarma agus san fhadtéarma. I gcomhthéacs na géarchéime réigiúnaí atá ar siúl go fóill, cabhróidh an Cúnamh Macrairgeadais le spás beartais eacnamaíoch agus fioscach a sholáthar do na húdaráis chun freagairt eacnamaíoch éifeachtach a thabhairt ar an ngéarchéim trí chabhrú leis an tír chomhpháirtíochta na deacrachtaí eacnamaíocha a ghéaraítear leis na forbairtí geopholaitiúla a tharla le déanaí agus go háirithe an cogadh sa Mheánoirthear agus géarchéim na Mara Rua a d’eascair as sin. Rannchuideoidh an Cúnamh Macrairgeadais atá beartaithe le cobhsaíocht mhaicreacnamaíoch agus pholaitiúil a chur chun cinn sa tír chomhpháirtíochta. Déanfaidh an Cúnamh Macrairgeadais comhlánú ar na hacmhainní atá curtha ar fáil ag na hinstitiúidí airgeadais idirnáisiúnta, deontóirí déthaobhacha agus institiúidí airgeadais eile an Aontais Eorpaigh. Agus sin á dhéanamh, rannchuideoidh sé le héifeachtacht fhoriomlán na tacaíochta airgeadais a sholáthar an comhphobal idirnáisiúnta, agus an chúnaimh airgeadais eile ón Aontas Eorpach chomh maith, oibríochtaí tacaíochta buiséid san áireamh.
Ina theannta sin, trí mhaoiniú fadtéarmach a chur ar fáil i dtéarmaí an-lamháltais, i dtéarmaí níos fabhraí de ghnáth ná an chuid eile de dheontóirí idirnáisiúnta nó déthaobhacha, meastar go gcabhróidh an clár cúnaimh macrairgeadais leis an rialtas a bhuiséad a chur i bhfeidhm gan dialltaí fioscacha agus go gcuirfidh sé le hinbhuanaitheacht fiachais.
Anuas ar thionchar airgeadais an Chúnaimh Macrairgeadais, neartóidh an clár atá beartaithe tiomantas athchóirithe an rialtais. Bainfear an toradh sin amach, inter alia, trí choinníollacht iomchuí maidir le heisíocaíocht an chúnaimh.
1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart
Oibríochtaí cúnaimh macrairgeadais i dtíortha comhpháirtíochta, tá siad faoi réir meastóireacht ex post. Is é an chonclúid a baineadh as na meastóireachtaí a rinneadh go dtí seo (ar chláir cúnaimh macrairgeadais atá críochnaithe) gurb amhlaidh a bhíonn an Cúnamh Macrairgeadais ina chuidiú, bíodh is gur cuidiú ar leibhéal íseal nó indíreach a bhíonn ann uaireanta, le feabhas a chur ar an inbhuanaitheacht sheachtrach agus ar an gcobhsaíocht mhaicreacnamaíoch sa tír chomhpháirtíochta agus go gcabhraíonn sé le hathchóirithe struchtúracha a bhaint amach sa tír chomhpháirtíochta. I bhformhór na gcásanna, ba chun sochair a chuaigh na hoibríochtaí cúnaimh macrairgeadais do chomhardú íocaíochtaí na tíre comhpháirtíochta agus chuidigh lena srianta buiséadacha a mhaolú. Ba thoradh eile ar an tacaíocht gur mhéadaigh ar an bhfás eacnamaíoch de bheagán.
1.5.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil agus sineirgí a d’fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí iomchuí eile
Comhoiriúnacht don Chreat Airgeadais Ilbhliantúil
I gCreat Airgeadais Ilbhliantúil 2021-2027, cumhdófar soláthar iasachtaí cúnaimh macrairgeadais faoin Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha laistigh den Eoraip Dhomhanda (an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta).
Sineirgíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí iomchuí eile
Tá an tAontas Eorpach ar cheann de na príomhdheontóirí atá ag an Iordáin, agus tugann sé tacaíocht dá hathchóirithe eacnamaíocha, struchtúracha agus institiúideacha maille le tacaíocht do shochaí shibhialta na tíre. Sa chomhthéacs sin, déanann an Cúnamh Macrairgeadais comhlánú ar ghníomhaíochtaí seachtracha eile an Aontais Eorpaigh nó ionstraimí a úsáidtear chun tacaíocht a thabhairt don Iordáin. Leis na bearta beartais a bhaineann le Cúnamh Macrairgeadais, cumhdaítear forálacha roghnaithe a bhaineann leis an gComhaontú Comhlachais agus le Tosaíochtaí Comhpháirtíochta an Aontais Eorpaigh agus na hIordáine.
I gcomparáid le hionstraimí eile de chuid an Aontais, ba é an breisluach ba thábhachtaí a bhainfeadh le Cúnamh Macrairgeadais creat maicreacnamaíoch cobhsaí a thógáil trí bhealaí éagsúla, lena n‑áirítear comhardú íocaíochtaí agus staid bhuiséadach inbhuanaithe a chothú, mar aon le creat iomchuí chun athchóirithe struchtúracha a chur chun cinn. Ní thugann an Cúnamh Macrairgeadais gnáth-thacaíocht airgeadais agus cuirfear deireadh leis a luaithe is a chuirfear staid sheachtrach airgeadais na tíre ar ais ar bhealach na hinbhuanaitheachta.
Ina theannta sin, bheadh an Cúnamh Macrairgeadais comhsheasmhach le hidirghabhálacha atá beartaithe ag an gcomhphobal idirnáisiúnta, go háirithe na cláir um choigeartú agus athchóiriú a dtugann CAI agus an Banc Domhanda tacaíocht dóibh.
1.5.5.Measúnú ar na roghanna éagsúla maoinithe atá ar fáil, lena n‑áirítear na féidearthachtaí athshannadh a dhéanamh
Trí iasachtaí a úsáid, méadaítear éifeachtacht bhuiséad an Aontais leis an oibríocht cúnaimh macrairgeadais seo tríd an éifeacht ghiarála agus déanann sé foráil maidir leis an rogha is costéifeachtaí.
Tá sé de chumhacht ag an gCoimisiún cistí a fháil ar iasacht ó mhargaí caipitil thar ceann an Aontais Eorpaigh agus Euratom araon trí úsáid a bhaint as ráthaíocht bhuiséad an Aontais. Is é is aidhm dó sin cistí a fháil ón margadh ag na rátaí is fearr atá ar fáil a bhuí le rátáil chreidmheasa AAA an Aontais.
1.6.Fad an togra/tionscnaimh agus an fad a mhairfidh an tionchar airgeadais a bheidh aige
X fad teoranta
–i bhfeidhm ar feadh 2,5 bliana ón uair a tháinig an Meabhrán Tuisceana i bhfeidhm, mar a luaitear in Airteagal (1.4) den togra le haghaidh Chinnidh.
–Tionchar airgeadais in 2027 maidir le leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí araon.
1.7.Na modhanna atá beartaithe chun an buiséad a chur chun feidhme
X Bainistíocht dhíreach a dhéanann an Coimisiún
X ina ranna, lena n‑áirítear an chuid sin den fhoireann atá i dtoscaireachtaí an Aontais;
2.BEARTA BAINISTÍOCHTA
2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe
Cuirfidh an Coimisiún na bearta atá le maoiniú faoin gCinneadh seo chun feidhme faoi bhainistíocht dhíreach óna cheanncheathrú agus le tacaíocht ó thoscaireachtaí an Aontais.
De chineál maicreacnamaíoch is ea an cúnamh seo agus ceapadh é i gcomhréir leis an gclár eacnamaíoch a bhfuil tacaíocht CAI leis. Déanfaidh seirbhísí an Choimisiúin faireachán ar an ngníomhaíocht ar bhonn an dul chun cinn atá á dhéanamh maidir le cur i bhfeidhm shocrú CAI agus cur i bhfeidhm bearta athchóirithe sonracha atá le comhaontú le húdaráis na gcomhpháirtithe i Meabhrán Tuisceana (Féach freisin pointe 1.3.4), ar mhinicíocht atá ag teacht le líon na dtráthchodanna.
2.2.Córais bainistíochta agus rialaithe
2.2.1.An réasúnaíocht atá leis na modhanna cur chun feidhme buiséid atá beartaithe, leis na sásraí cur chun feidhme cistithe atá beartaithe, leis na módúlachtaí íocaíochta atá beartaithe agus leis an straitéis rialaithe atá beartaithe
Cuirfidh an Coimisiún na bearta atá le maoiniú faoin gCinneadh seo chun feidhme faoi bhainistíocht dhíreach óna cheanncheathrú agus le tacaíocht ó thoscaireachtaí an Aontais.
Braitheann eisíocaíochtaí cúnaimh macrairgeadais ar athbhreithnithe rathúla, agus bíonn siad ceangailte le comhlíonadh na coinníollachta a ghabhann le gach oibríocht. Déanann an Coimisiún dlúthfhaireachán ar chur chun feidhme na gcoinníollacha, i ndlúthchomhar le toscaireachtaí an Aontais.
2.2.2.Faisnéis faoi na rioscaí a aithníodh agus na córais rialaithe inmheánacha a cuireadh ar bun chun na rioscaí a mhaolú
Na rioscaí a sainaithníodh
Tá rioscaí ó thaobh muiníne, beartas agus polaitíochta de ag na hoibríochtaí cúnaimh macrairgeadais atá beartaithe.
Tá riosca ann go n‑úsáidfí an Cúnamh Macrairgeadais ar bhealach calaoiseach. Toisc nach bhfuil an Cúnamh Macrairgeadais sannta do chostais ar leith (murab ionann agus an maoiniú do thionscadail, mar shampla), tá baint ag an mbaol sin le tosca amhail caighdeán ginearálta na gcóras bainistíochta i mBanc Ceannais agus Aireacht Airgeadais an chomhpháirtí, nósanna imeachta riaracháin, feidhmeanna rialaithe agus maoirseachta, slándáil córas TF agus oiriúnacht na n‑inniúlachtaí iniúchóireachta inmheánaí agus seachtraí.
Tá riosca eile ann, is é sin go mb’fhéidir nach n‑éireodh leis an gcomhpháirtí ús a íoc ar a chuid dliteanas airgeadais i leith an Aontais, dliteanais a bheadh ceangailte leis na hiasachtaí cúnaimh macrairgeadais atá beartaithe (riosca mainneachtana nó creidmheasa), rud a d’fhéadfadh titim amach, cuir i gcás, dá rachadh comhordú íocaíochtaí agus staid fhioscach an chomhpháirtí in olcas an athuair.
Córais rialaithe inmheánaigh
Beidh an Cúnamh Macrairgeadais faoi réir nósanna imeachta fíorúcháin, rialaithe agus iniúchóireachta faoi fhreagracht an Choimisiúin, lena n‑áirítear an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus Cúirt Iniúchóirí na hEorpa mar a fhoráiltear le hAirteagal 129 den Rialachán Airgeadais.
Ex-ante: Measúnú an Choimisiún ar chórais bhainistíochta agus rialaithe sa tír is tairbhí. I gcás gach tíre is tairbhí, déanfaidh an Coimisiún measúnú oibríochtaí ex-ante ar na scagchuarda airgeadais agus ar an timpeallacht rialaithe, más gá, le tacaíocht theicniúil ó chomhairleoirí. Déanfar anailís ar nósanna imeachta cuntasaíochta, ar dheighilt na ndualgas agus ar iniúchóireacht inmheánach/sheachtrach an Bhainc Ceannais agus na hAireachta Airgeadais chun leibhéal réasúnta cinnteachta a áirithiú maidir le bainistíocht fhónta airgeadais. I gcás ina sainaithnítear aon laige, déanfar coinníollacha díobh, coinníollacha nach mór a chur chun feidhme sula ndéanfar an cúnamh a eisíoc. Chomh maith leis sin, nuair is gá, leagfar síos socruithe sonracha le haghaidh íocaíochtaí (e.g. cuntais imfhálaithe).
Le linn an chur chun feidhme: seiceálacha an Choimisiúin ar dhearbhuithe tréimhsiúla na gcomhpháirtithe. Beidh an íocaíocht faoi réir (1) faireachán arna dhéanamh ag baill foirne AS ECFIN, i ndlúthchomhar le toscaireachtaí an Aontais Eorpaigh agus leis na páirtithe leasmhara seachtracha, CAI mar shampla, ar chur chun feidhme na gcoinníollachtaí arna gcomhaontú, agus (2) an ghnáthnós imeachta maidir le rialú dá bhforáiltear leis an scagchuaird airgeadais (samhail 2) a úsáidtear in AS ECFIN, lena n‑áirítear fíorúchán arna dhéanamh ag an aonad airgeadais ar na coinníollacha atá curtha le heisíocaíocht an chúnaimh a luaitear thuas. An eisíocaíocht a bhaineann le hoibríochtaí cúnaimh macrairgeadais, d’fhéadfadh sí a bheith faoi réir fíorúcháin bhreise neamhspleácha ex post (doiciméadacha agus/nó ar an láthair) arna ndéanamh ag oifigigh na foirne rialaithe ex post ón Ard-Stiúrthóireacht. Féadfar fíorúcháin den sórt sin a thionscnamh freisin ar iarraidh ón oifigeach údarúcháin trí fhotharmligean atá freagrach as. Is féidir úsáid a bhaint as briseadh íocaíochtaí agus íocaíochtaí a chur ar fionraí, ceartúcháin airgeadais (arna gcur chun feidhme ag an gCoimisiún) agus aisghabhálacha i gcás inar gá (níor tharla sé go dtí seo), agus foráiltear go sainráite dóibh sna comhaontuithe maoiniúcháin leis na comhpháirtithe.
2.2.3.Meastachán ar chostéifeachtacht na rialuithe agus an réasúnaíocht atá leis an gcostéifeachtacht sin (an cóimheas idir na costais rialaithe agus luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú), agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a mheastar a bheidh ann (tráth na híocaíochta agus an tráth a dhúnfar an clár)
Na córais rialaithe atá ann, mar atá na measúnuithe oibríochtaí ex-ante nó na measúnuithe ex post, áirithíodh leo ráta earráide éifeachtach 0 % maidir leis na híocaíochtaí cúnaimh macrairgeadais. Ar feadh a bhfuil ar eolas againn, ní ann d’aon chás calaoise, éilithe ná gníomhaíochta mídhleathaí. Tá loighic shoiléir idirghabhála ag oibríochtaí cúnaimh macrairgeadais, loighic a fhágann go bhfuil an Coimisiún in ann meastóireacht a dhéanamh ar a dtionchar. A bhuí leis na rialuithe, táthar in ann cinnteacht a dheimhniú agus cuspóirí beartais agus tosaíochtaí a bhaint amach.
2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc
Chun na rioscaí a bhaineann le mí-úsáid chalaoiseach a mhaolú, tá roinnt beart déanta cheana agus déanfar bearta eile amach anseo:
I dtús báire, is éard a bheidh sa Chomhaontú Iasachta tacar forálacha maidir le cigireacht, calaois a chosc, iniúchtaí agus aisghabháil cistí i gcás calaoise nó caimiléireachta. Anuas air sin, tá sé beartaithe go gceanglófar roinnt coinníollacha beartais sonracha leis an tacaíocht, lena n‑áirítear coinníollacha a bhaineann le réimse na bainistíochta airgeadais phoiblí, agus é sin d’fhonn éifeachtúlacht, trédhearcacht agus cuntasacht a threisiú. Ina theannta sin, déanfar an t‑airgead a lóisteáil i gcuntas ar leith de chuid bhanc ceannais an chomhpháirtí.
Ar deireadh, beidh an Cúnamh Macrairgeadais faoi réir nósanna imeachta fíorúcháin, rialaithe agus iniúchóireachta faoi fhreagracht an Choimisiúin, lena n‑áirítear an Oifig Eorpach Frithchalaoise (OLAF) agus Cúirt Iniúchóirí na hEorpa mar a fhoráiltear in Airteagal 129 den Rialachán Airgeadais.
3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH
3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid caiteachais ar a n‑imreofar tionchar
·Línte buiséid atá ann cheana
In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.
|
Ceannteideal de chuid an chreata airgeadais ilbhliantúil |
Líne bhuiséid |
Cineál caiteachais |
Ranníocaíocht |
|||
|
Uimhir
|
Difreáilte/Neamhdhifreáilte 19 . |
ó thíortha de chuid CSTE 20 |
ó thíortha is iarrthóirí agus tíortha is iarrthóirí ionchasacha 21 |
Ó thríú tíortha eile |
ioncam sannta eile |
|
|
14.02.01.70 ICFCI – An Eoraip Dhomhanda – Soláthar an Chiste don Soláthar Coiteann [iasachtaí cúnaimh macrairgeadais – EAG] |
Difreáilte |
NÍL |
NÍL |
NÍL |
NÍL |
|
·Línte nua buiséid atá á n‑iarraidh – neamhbhainteach
3.2.An tionchar airgeadais a mheastar a bheidh ag an togra ar leithreasuithe
3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a imreofar ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí
– Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí
–X Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí, mar a mhínítear thíos
3.2.1.1.Leithreasuithe ón mbuiséad ar vótáladh ina fhabhar
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
Ceannteideal de chuid an chreata airgeadais ilbhliantúil |
6 |
Ceannteideal 6 - ‘An Chomharsanacht agus an Domhan’ |
|
AS:ECFIN |
Bliain |
Bliain |
Bliain |
Bliain |
IOMLÁN CAI 2021‑2027 |
||||||||||||||||
|
2024 |
2025 |
2026 |
2027 |
||||||||||||||||||
|
Leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí |
|||||||||||||||||||||
|
Líne bhuiséid 14.02.01.70 ICFCI – An Eoraip Dhomhanda – Soláthar an Chiste don Soláthar Coiteann [iasachtaí cúnaimh macrairgeadais – EAG] |
Gealltanais |
(1a) |
|
|
|
45 |
45 |
||||||||||||||
|
Íocaíochtaí |
(2a) |
|
|
|
45 |
45 |
|||||||||||||||
|
Leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach na gclár sonrach |
|||||||||||||||||||||
|
Líne bhuiséid 14.20.03.01 |
Gealltanais agus íocaíochtaí |
(3) |
|
|
|
0,1 |
0,1 |
||||||||||||||
|
IOMLÁN leithreasuithe i gcomhair Ard-Stiúrthóireacht ECFIN |
Gealltanais |
=1a+1b+3 |
45.1 |
45.1 |
|||||||||||||||||
|
Íocaíochtaí |
=2a+2b+3 |
45.1 |
45.1 |
||||||||||||||||||
|
|
Bliain |
Bliain |
Bliain |
IOMLÁN CAI 2021‑2027 |
|||||||||||||||||
|
2025 |
2026 |
2027 |
|||||||||||||||||||
|
IOMLÁN na leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí
|
Gealltanais |
(4) |
45 |
45 |
|||||||||||||||||
|
Íocaíochtaí |
(5) |
45 |
45 |
||||||||||||||||||
|
IOMLÁN na leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach na gclár sonrach |
(6) |
0,1 |
0,1 |
||||||||||||||||||
|
IOMLÁN na leithreasuithe faoi CHEANNTEIDEAL 6 |
Gealltanais |
=4+6 |
45,1 |
45,1 |
|||||||||||||||||
|
den chreat airgeadais ilbhliantúil |
Íocaíochtaí |
=5+6 |
45,1 |
45,1 |
|||||||||||||||||
|
Bliain |
Bliain |
Bliain |
Bliain |
IOMLÁN CAI 2021‑2027 |
|||||||||||||||||
|
2024 |
2025 |
2026 |
2027 |
||||||||||||||||||
|
• IOMLÁN na leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (gach ceannteideal oibríochta) |
Gealltanais |
(4) |
|||||||||||||||||||
|
Íocaíochtaí |
(5) |
||||||||||||||||||||
|
• IOMLÁN na leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach na gclár sonrach (gach ceannteideal oibríochta) |
(6) |
||||||||||||||||||||
|
IOMLÁN na leithreasuithe Faoi Cheannteidil 1 go 6 |
Gealltanais |
=4+6 |
|||||||||||||||||||
|
den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
Íocaíochtaí |
=5+6 |
|||||||||||||||||||
|
|
7 |
‘Caiteachas riaracháin’ |
||||||||
|
AS: <…….> |
Bliain |
Bliain |
Bliain |
Bliain |
IOMLÁN CAI 2021‑2027 |
|||||
|
2024 |
2025 |
2026 |
2027 |
|||||||
|
Acmhainní daonna |
||||||||||
|
Caiteachas riaracháin eile |
||||||||||
|
IOMLÁN AS <….> |
Leithreasuithe |
|||||||||
|
AS: <…….> |
Bliain |
Bliain |
Bliain |
Bliain |
IOMLÁN CAI 2021‑2027 |
|||||
|
2024 |
2025 |
2026 |
2027 |
|||||||
|
Acmhainní daonna |
||||||||||
|
Caiteachas riaracháin eile |
||||||||||
|
IOMLÁN AS <….> |
Leithreasuithe |
|||||||||
|
IOMLÁN na leithreasuithe faoi CHEANNTEIDEAL 7 den chreat airgeadais ilbhliantúil |
(Iomlán na ngealltanas = Iomlán na n‑íocaíochtaí) |
|||||||||
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
|
Bliain |
Bliain |
Bliain |
Bliain |
IOMLÁN CAI 2021‑2027 |
||||||||
|
2024 |
2025 |
2026 |
2027 |
||||||||||
|
IOMLÁN na leithreasuithe faoi CHEANNTEIDIL 1 go 7 |
Gealltanais |
||||||||||||
|
den chreat airgeadais ilbhliantúil |
Íocaíochtaí |
||||||||||||
|
|
Bliain |
Bliain |
Bliain |
Bliain |
IOMLÁN CAI 2021‑2027 |
||||||||
|
2024 |
2025 |
2026 |
2027 |
||||||||||
|
IOMLÁN na leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí
|
Gealltanais |
(4) |
45 |
45 |
|||||||||
|
Íocaíochtaí |
(5) |
45 |
45 |
||||||||||
|
IOMLÁN na leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach na gclár sonrach |
(6) |
0,1 |
0,1 |
||||||||||
|
IOMLÁN na leithreasuithe faoi CHEANNTEIDEAL 6 |
Gealltanais |
=4+6 |
45,1 |
45,1 |
|||||||||
|
den chreat airgeadais ilbhliantúil |
Íocaíochtaí |
=5+6 |
45,1 |
45,1 |
|||||||||
3.2.2.An t‑aschur a mheastar a chisteofar ó leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (níl sé seo le líonadh isteach i gcás gníomhaireachtaí díláraithe)
Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
Sonraigh cuspóirí agus aschuir |
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
IOMLÁN |
||||||||
|
Cineál 22 |
Meánchostas |
Uimh. |
Costas |
Uimh. |
Costas |
Uimh. |
Costas |
Líon iomlán |
Costas iomlán |
|||
|
CUSPÓIR SONRACH Uimh. 1 23 … |
||||||||||||
|
- Aschur 1 |
Soláthar na Ráthaíochta do Ghníomhaíochtaí Seachtracha |
1 |
45 |
1 |
45,1 |
|||||||
|
- Aschur 2 |
Meastóireacht ex post |
1 |
0,1 |
1 |
0,1 |
|||||||
|
Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 1 |
2 |
45,1 |
2 |
45,1 |
||||||||
|
CUSPÓIR SONRACH Uimh. 2... |
||||||||||||
|
- Aschur |
||||||||||||
|
Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 2 |
||||||||||||
|
IOMLÁIN |
2 |
45,1 |
2 |
45,1 |
||||||||
3.2.3.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe de chineál riaracháin
–XNí éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin
– Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin, mar a mhínítear thíos
3.2.3.1. Leithreasuithe ón mbuiséad ar vótáladh ina fhabhar
|
LEITHREASUITHE AR VÓTÁLADH INA bhFABHAR |
Bliain |
Bliain |
Bliain |
Bliain |
IOMLÁN 2021 - 2027 |
|
2024 |
2025 |
2026 |
2027 |
||
|
CEANNTEIDEAL 7 |
|||||
|
Acmhainní daonna |
0,000 |
0,000 |
0,000 |
0,000 |
0,000 |
|
Caiteachas riaracháin eile |
0,000 |
0,000 |
0,000 |
0,000 |
0,000 |
|
Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 7 |
0,000 |
0,000 |
0,000 |
0,000 |
0,000 |
|
Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7 |
|||||
|
Acmhainní daonna |
0,000 |
0,000 |
0,000 |
0,000 |
0,000 |
|
Caiteachas eile de chineál riaracháin |
0,000 |
0,000 |
0,000 |
0,000 |
0,000 |
|
Fo-iomlán lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7 |
0,000 |
0,000 |
0,000 |
0,000 |
0,000 |
|
|
|||||
|
IOMLÁN |
0,000 |
0,000 |
0,000 |
0,000 |
0,000 |
Cumhdófar na leithreasuithe is gá le haghaidh acmhainní daonna agus caiteachas eile de chineál riaracháin le leithreasuithe ón Ard-Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó atá ath-imlonnaithe laistigh den Ard-Stiúrthóireacht, mar aon, más gá, le haon leithdháileadh breise a d’fhéadfaí a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.
3.2.4.Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach
–X Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna
– Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna, mar a mhínítear thíos
3.2.4.1.Nithe arna maoiniú ón mbuiséad ar vótáladh ina fhabhar
Sloinnfear an meastachán in aonaid de choibhéis lánaimseartha
|
LEITHREASUITHE AR VÓTÁLADH INA bhFABHAR |
Bliain |
Bliain |
Bliain |
|
|
2025 |
2026 |
2027 |
||
|
20 01 02 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin) |
0 |
0 |
0 |
|
|
20 01 02 03 (Toscaireachtaí an Aontais) |
0 |
0 |
0 |
|
|
01 01 01 01 (Taighde indíreach) |
0 |
0 |
0 |
|
|
01 01 01 11 (Taighde díreach) |
0 |
0 |
0 |
|
|
Línte buiséid eile (sonraigh) |
0 |
0 |
0 |
|
|
20 02 01 (AC, END ón ‘imchlúdach iomlánaíoch’) |
0 |
0 |
0 |
|
|
20 02 03 (AC, AL, END, agus JPD i dToscaireachtaí an Aontais) |
0 |
0 |
0 |
|
|
Riarachán Líne thacaíochta
|
- sa Cheanncheathrú |
0 |
0 |
0 |
|
- i dToscaireachtaí an Aontais |
0 |
0 |
0 |
|
|
01 01 01 02 (AC, END - Taighde indíreach) |
0 |
0 |
0 |
|
|
01 01 01 12 (AC, END – Taighde díreach) |
0 |
0 |
0 |
|
|
Línte buiséid eile (sonraigh) - Ceannteideal 7 |
0 |
0 |
0 |
|
|
Línte buiséid eile (sonraigh) - Lasmuigh de Cheannteideal 7 |
0 |
0 |
0 |
|
|
IOMLÁN |
0 |
0 |
0 |
|
An fhoireann is gá chun an togra a chur chun feidhme (in aonaid de choibhéis lánaimseartha):
|
Le cumhdach ag an bhfoireann reatha atá ar fáil i seirbhísí an Choimisiúin |
Foireann bhreise eisceachtúil* |
|||
|
Le maoiniú faoi Cheannteideal 7 nó Taighde |
Le maoiniú ó líne BA |
Le maoiniú ó tháillí |
||
|
Poist sa phlean bunaíochta |
4 |
Ní bhaineann le hábhar |
||
|
Foireann sheachtrach (CA, SNEnna, INT) |
||||
Cur síos ar na cúraimí a bheidh le déanamh ag:
|
Oifigigh agus pearsanra sealadach |
|
|
Pearsanra seachtrach |
3.2.6.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha
I gcás an togra/tionscnaimh seo:
–X is féidir é a mhaoiniú ina iomláine trí athshannadh laistigh den cheannteideal ábhartha den chreat airgeadais ilbhliantúil (CAI)
– is gá an corrlach gan leithdháileadh faoin gceannteideal ábhartha de CAI a úsáid agus/nó na hionstraimí speisialta a shainítear sa Rialachán maidir le CAI a úsáid
– is gá athbhreithniú a dhéanamh ar CAI
3.2.7.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe
I gcás an togra/tionscnaimh seo:
–X ní dhéantar foráil maidir le cómhaoiniú le tríú páirtithe
– déantar foráil maidir leis an gcómhaoiniú le tríú páirtithe atá réamh-mheasta thíos:
Leithreasuithe in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
Iomlán |
|
|
Sonraigh an comhlacht cómhaoinithe |
|||||
|
IOMLÁN na leithreasuithe cómhaoinithe |
3.3.
An tionchar a mheastar a imreofar ar ioncam
–X Ní bheidh aon tionchar airgeadais ag an togra/tionscnamh ar ioncam.
– Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:
– ar acmhainní dílse
– ar ioncam eile
– má tá an t‑ioncam sannta do línte caiteachais, sonraigh sin
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
Líne buiséid ioncaim: |
Leithreasuithe atá ar fáil don bhliain airgeadais reatha |
Tionchar an togra/tionscnaimh 24 |
|||
|
Bliain 2024 |
Bliain 2025 |
Bliain 2026 |
Bliain 2027 |
||
|
Airteagal …………. |
|||||
4.Gnéithe digiteacha
Níl siad infheidhme maidir leis an tionscnamh beartais seo.
4.1.Ceanglais a bhaineann le cúrsaí digiteacha
|
Ní bhaineann le hábhar |
4.2.Sonraí
|
Ní bhaineann le hábhar |
4.3.Réitigh dhigiteacha
|
Ní bhaineann le hábhar |
4.4.Measúnú idir-inoibritheachta
|
Ní bhaineann le hábhar |
4.5.Bearta chun tacú le cur chun feidhme digiteach
Ní bhaineann le hábhar