|
21.7.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 260/1 |
CINNEADH (AE) 2021/1197 ÓN gCOMHAIRLE
an 13 Iúil 2021
maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na hIndinéise de bhun Airteagal XXVIII den Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Trádáil (CGTT) 1994, comhaontú i bhfoirm Malartú Litreacha a bhaineann le modhnú lamháltas ar na cuótaí ráta taraife go léir a áirítear i Sceideal CLXXV an Aontais de thoradh tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe an chéad fhomhír d’Airteagal 207(4) de, i gcomhar le pointe (a)(v) den dara fomhír d’Airteagal 218(6) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Ag féachaint do thoiliú Pharlaimint na hEorpa (1),
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 15 Meitheamh 2018, d’údaraigh an Chomhairle don Choimisiún tús a chur leis an gcaibidlíocht de bhun Airteagal XXVIII den Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Trádáil (CGTT) 1994 maidir le cionroinnt na gcuótaí ráta taraife a áirítear i Sceideal XVIII an Aontais de thoradh tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas. |
|
(2) |
An 28 Eanáir 2021, tugadh an chaibidlíocht leis an Indinéis i gcrích trí inisealacha a chur leis an gComhaontú i bhfoirm Malartú Litreacha idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na hIndinéise de bhun Airteagal XXVIII den Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Trádáil (CGTT) 1994 a bhaineann le modhnú lamháltas ar na cuótaí ráta taraife go léir a áirítear i Sceideal CLXXV an Aontais de thoradh tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach (“an Comhaontú”). |
|
(3) |
Síníodh an Comhaontú thar ceann an Aontais an 11 Bealtaine 2021, faoi réir a thabhairt i gcrích ar dháta níos déanaí, i gcomhréir le Cinneadh 2021/516 (2) ón gComhairle. |
|
(4) |
Ba cheart an Comhaontú a fhormheas, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Formheastar leis seo, thar ceann an Aontais, síniú an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na hIndinéise de bhun Airteagal XXVIII den Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Trádáil (CGTT) 1994, a bhaineann le modhnú lamháltas ar na cuótaí ráta taraife go léir a áirítear i Sceideal CLXXV an Aontais de thoradh tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach, faoi réir thabhairt i gcrích an Chomhaontaithe sin (3).
Airteagal 2
Tabharfaidh Uachtarán na Comhairle, thar ceann an Aontais, an fógra dá bhforáiltear sa Chomhaontú (4).
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 13 Iúil 2021.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
A. ŠIRCELJ
(1) Toiliú an 23 Meitheamh 2021 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).
(2) Cinneadh (AE) 2021/516 an 22 Márta 2021 maidir le síniú, thar ceann an Aontais, an Chomhaontuithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na hIndinéise de bhun Airteagal XXVIII den Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Trádáil (CGTT) 1994, comhaontú i bhfoirm Malartú Litreacha a bhaineann le cionroinnt na gcuótaí ráta taraife a chuimsítear i Sceideal XVIII an Aontais de thoradh tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach (IO L 104, 25.3.2021, lch. 29).
(3) Ní ann do théacs an Chomhaontaithe sa Ghaeilge.
(4) Déanfaidh Ardrúnaíocht na Comhairle dáta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.