|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2024/6830 |
29.11.2024 |
MOLADH ÓN gCOMHAIRLE
an 21 Deireadh Fómhair 2024
maidir le beartais eacnamaíocha, bhuiséadacha, fostaíochta agus struchtúracha na Rómáine
(C/2024/6830)
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 121(2) agus Airteagal 148(4) de,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/1263 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2024 maidir le beartais eacnamaíocha a chomhordú go héifeachtach agus maidir le faireachas buiséadach iltaobhach agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 (1) ón gComhairle , agus go háirithe Airteagal 3(3) de,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Samhain 2011 maidir le míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha a chosc agus a cheartú (2), agus go háirithe Airteagal 6(1) de,
Ag féachaint don mholadh ón gCoimisiún Eorpach,
Ag féachaint do na rúin ó Pharlaimint na hEorpa,
Ag féachaint do na conclúidí ón gComhairle Eorpach,
Ag féachaint don tuairim ón gCoiste Fostaíochta,
Ag féachaint don tuairim ón gCoiste Eacnamaíoch agus Airgeadais,
Ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Chosaint Shóisialta,
Ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Beartas Eacnamaíoch,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Tháinig Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), lenar bunaíodh an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (‘an tSaoráid’), i bhfeidhm an 19 Feabhra 2021. Cuireann an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta tacaíocht airgeadais ar fáil do na Ballstáit chun athchóirithe agus infheistíocht a chur chun feidhme, ionas gurb é atá i gceist léi spreagadh airgeadais atá maoinithe ag an Aontas. I gcomhréir le tosaíochtaí an tSeimeastair Eorpaigh um chomhordú an bheartais eacnamaíoch, cuidíonn sí ó thaobh an téarnamh eacnamaíoch agus sóisialta a bhaint amach, agus ó thaobh athchóirithe agus infheistíochtaí inbhuanaithe a chur chun feidhme, go háirithe chun an t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach a chur chun cinn agus chun cur le hathléimneacht gheilleagair na mBallstát. Cuidíonn sí freisin ó thaobh an t airgeadas poiblí a neartú agus borradh a chur faoin bhfás agus cruthú post sa mheántéarma agus san fhadtéarma, ó thaobh an comhtháthú críochach a fheabhsú laistigh den Aontas agus ó thaobh tacú le cur chun feidhme leanúnach Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta. |
|
(2) |
Is é is aidhm do Rialachán (AE) 2023/435 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) an 27 Feabhra 2023 (‘Rialachán REPowerEU’), a ghlacadh an 27 Feabhra 2023, deireadh a chur de réir a chéile le spleáchas an Aontais ar allmhairí breosla iontaise ón Rúis. Ba chuidiú é sin ó thaobh an tslándáil fuinnimh a bhaint amach agus soláthar fuinnimh an Aontais a éagsúlú, agus san am céanna, thiocfadh méadú dá bharr ar ghlacadh foinsí in-athnuaite fuinnimh, ar acmhainneachtaí stórála agus ar an éifeachtúlacht fuinnimh. Chuir an Rómáin caibidil nua REPowerEU lena plean náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta chun go maoineofar athchóirithe agus infheistíochtaí ríthábhachtacha a chuideoidh le cuspóirí REPowerEU a bhaint amach. |
|
(3) |
An 16 Márta 2023 d’eisigh an Coimisiún teachtaireacht dar teideal ‘Iomaíochas fadtéarmach an Aontais: níos faide ar aghaidh ná 2030’, ar mhaithe le bonn eolais a chur faoi chinntí beartais agus leis na creatdálaí a chruthú chun an fás a mhéadú. Déanann an teachtaireacht an t-iomaíochas a bhunú i dtaca le naoi spreagthach a threisíonn a chéile. I measc na spreagthaí sin, is iad an rochtain ar chaipiteal príobháideach, an taighde agus an nuálaíocht, an t-oideachas agus na scileanna, agus margadh aonair feidhmiúil na príomhthosaíochtaí beartais maidir le hathchóirithe agus infheistíocht chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin táirgiúlachta atá ann faoi láthair agus chun iomaíochas fadtéarmach an Aontais agus a Bhallstát a fhorbairt. An 14 Feabhra 2024, d’eisigh an Coimisiún Teachtaireacht dar teideal ‘an Tuarascáil Bhliantúil maidir leis an Margadh Aonair agus an Iomaíochas 2024’. Déantar cur síos sa teachtaireacht sin ar láidreachtaí agus dúshláin iomaíocha an mhargaidh aonair Eorpaigh, agus rianú á dhéanamh ar fhorbairtí bliantúla de réir na naoi spreagthach iomaíochais a sainaithníodh. |
|
(4) |
An 21 Samhain 2023 ghlac an Coimisiún an Suirbhé Bliantúil don Fhás Inbhuanaithe 2024, rud a chuir tús leis an Seimeastar Eorpach um chomhordú an bheartais eacnamaíoch. An 22 Márta 2024, d’fhormhuinigh an Chomhairle Eorpach tosaíochtaí an tSuirbhé Bhliantúil don Fhás Inbhuanaithe 2024, tosaíochtaí atá dírithe ar na ceithre ghné den inbhuanaitheacht iomaíoch. An 21 Samhain 2023, ar bhonn Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011, ghlac an Coimisiún Tuarascáil 2024 maidir leis an Sásra Foláirimh freisin, tuarascáil ar shainaithin sé inti go bhfuil an Rómáin ar cheann de na Ballstáit a bhféadfadh míchothromaíochtaí difear a dhéanamh di, nó a bhféadfadh baol a bheith ann go ndéanfaidís difear di, agus a mbeadh grinn-athbhreithniú ag teastáil ina leith. Ghlac an Coimisiún moladh freisin le haghaidh moladh ón gComhairle maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro, agus togra le haghaidh Thuarascáil Chomhpháirteach ar Fhostaíocht 2024 lena ndéantar anailís ar chur chun feidhme na dTreoirlínte Fostaíochta agus ar phrionsabail Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta. Ghlac an Chomhairle an Moladh maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro (5) (‘Moladh 2024 maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro’) an 12 Aibreán 2024 agus an Tuarascáil Chomhpháirteach ar Fhostaíocht an 11 Márta 2024. |
|
(5) |
An 30 Aibreán 2024, tháinig creat rialachais eacnamaíoch nua an Aontais i bhfeidhm. Áirítear sa chreat Rialachán nua (AE) 2024/1263 maidir le beartais eacnamaíocha agus faireachas buiséadach iltaobhach a chomhordú go héifeachtach, Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 (6) ón gComhairle maidir le dlús a chur le cur chun feidhme an nós imeachta um easnamh iomarcach agus soiléiriú a dhéanamh air, agus Treoir 2011/85/AE (7) ón gComhairle (arna leasú) maidir le ceanglais le haghaidh chreataí buiséadacha na mBallstát (arna leasú). Is iad cuspóirí an chreata rialachais eacnamaíche nua airgeadas poiblí fónta inbhuanaithe, fás inbhuanaithe cuimsitheach agus athléimneacht a chur chun cinn trí athchóirithe agus infheistíochtaí, agus easnaimh iomarcacha rialtais a chosc. Cuireann an creat rialachais eacnamaíoch nua úinéireacht náisiúnta chun cinn agus díríonn sé níos mó ar an meántéarma, agus ina theannta sin, tá forfheidhmiú níos éifeachtaí agus níos comhleanúnaí i gceist leis. Ní mór do gach Ballstát plean struchtúrach fioscach meántéarmach náisiúnta a chur faoi bhráid na Comhairle agus an Choimisiúin. I bplean struchtúrach fioscach meántéarmach náisiúnta atá ag Ballstát, tá a ghealltanais fhioscacha, athchóiriúcháin agus infheistíochta, lena gcumhdaítear tréimhse phleanála 4 nó 5 bliana, de réir fhad rialta an téarma reachtaigh náisiúnta. Ní mór an chonair ghlanchaiteachais (8) sna pleananna struchtúracha fioscacha meántéarmacha náisiúnta ceanglais Rialachán (AE) 2024/1263 a chomhlíonadh, lena n-áirítear na ceanglais maidir le hollfhiachas rialtais a chur ar chonair anuas inchreidte, nó é a choinneáil ar an gconair sin, faoi dheireadh na tréimhse coigeartaithe, nó é a choinneáil ar leibhéil stuama faoi bhun 60 % den olltáirgeacht intíre (OTI), agus an t-easnamh rialtais ghinearálta a thabhairt faoi bhun an luacha tagartha 3 % de OTI sa mheántéarma, nó é a choinneáil faoi bhun luach tagartha an Chonartha. I gcás ina ngeallann Ballstát sraith ábhartha athchóirithe agus infheistíochtaí a dhéanamh i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach i Rialachán (AE) 2024/1263, is féidir síneadh suas le 3 bliana a chur leis an tréimhse choigeartaithe. Chun tacú le hullmhú na bpleananna struchtúracha fioscacha meántéarmacha náisiúnta sin, d’fhoilsigh an Coimisiún treoir an 21 Meitheamh 2024 maidir leis an bhfaisnéis atá le soláthar ag na Ballstáit ina bpleananna struchtúracha fioscacha meántéarmacha náisiúnta agus ina dtuarascálacha bliantúla ar dhul chun cinn. I gcomhréir le hAirteagail 5 agus 36 de Rialachán (AE) 2024/1263, tharchuir an Coimisiún conairí tagartha agus faisnéis theicniúil chuig na Ballstáit, i gcás inarbh infheidhme. Ní mór do na Ballstáit a bpleananna struchtúracha fioscacha meántéarmacha náisiúnta a chur isteach faoin 20 Meán Fómhair 2024, mura gcomhaontóidh an Ballstát agus an Coimisiún síneadh ama réasúnta a chur leis an sprioc-am. I gcomhréir lena gcreataí dlíthiúla náisiúnta, féadfaidh na Ballstáit a ndréachtphleananna meántéarmacha a phlé lena bparlaimintí náisiúnta, féadfaidh siad a iarraidh ar na hinstitiúidí fioscacha neamhspleácha tuairim a eisiúint, agus féadfaidh siad comhairliúchán a dhéanamh leis na comhpháirtithe sóisialta agus le geallsealbhóirí náisiúnta eile. |
|
(6) |
In 2024, tá an Seimeastar Eorpach um chomhordú an bheartais eacnamaíoch fós ag forbairt i gcomhréir le cur chun feidhme na Saoráide. Tá cur chun feidhme iomlán na bpleananna téarnaimh agus athléimneachta fós riachtanach chun go mbainfear amach na tosaíochtaí beartais atá ann faoin Seimeastar Eorpach, ós rud é go gcuidíonn na pleananna ó thaobh aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar na ndúshláin uile a sainaithníodh sna moltaí tírshonracha ábhartha a eisíodh le blianta beaga anuas, nó ar sciar suntasach de na dúshláin sin. Tá moltaí tírshonracha 2019, 2020, 2022 agus 2023 fós chomh hábhartha céanna maidir leis na pleananna téarnaimh agus athléimneachta arna n athbhreithniú, arna dtabhairt cothrom le dáta nó arna leasú i gcomhréir le hAirteagail 14, 18 agus 21 de Rialachán (AE) 2021/241. |
|
(7) |
An 31 Bealtaine 2021, chuir an Rómáin a plean náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta faoi bhráid an Choimisiúin, i gcomhréir le hAirteagal 18(1) de Rialachán (AE) 2021/241. De bhun Airteagal 19 de Rialachán (AE) 2021/241, rinne an Coimisiún measúnú ar ábharthacht, éifeachtacht, éifeachtúlacht agus comhleanúnachas an phlean téarnaimh agus athléimneachta, i gcomhréir leis na treoirlínte measúnaithe a leagtar amach in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán sin. An 29 Deireadh Fómhair 2021, ghlac an Chomhairle a Cinneadh Cur Chun Feidhme maidir le formheas an mheasúnaithe ar phlean téarnaimh agus athléimneachta na Rómáine (9), a leasaíodh an 8 Nollaig 2023 de bhun Airteagal 18(2) de Rialachán (AE) 2021/241 chun an ranníocaíocht uasta airgeadais le haghaidh tacaíocht airgeadais neamh-inaisíoctha a nuashonrú, agus de bhun Airteagal 21 de Rialachán (AE) 2021/24 chun an plean téarnaimh agus athléimneachta a leasú mar gheall ar imthosca oibiachtúla, agus chun caibidil REPowerEU a chur san áireamh (10). Tá scaoileadh na dtráthchodanna ag brath ar chinneadh a bheith glactha ag an gCoimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 24(5) de Rialachán (AE) 2021/241, ina sonraítear go bhfuil na garspriocanna agus na spriocanna ábhartha a leagtar amach sa Chinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle comhlíonta go sásúil ag an bPolainn. Ní féidir comhlíonadh sásúil a bheith i gceist ach sa chás nach ndeachthas siar ar ghnóthú na ngarspriocanna agus na spriocanna a gnóthaíodh roimhe sin. |
|
(8) |
An 13 Bealtaine 2024, chuir an Rómáin a Clár Náisiúnta um Athchóiriú le haghaidh na bliana 2024 isteach. I gcomhréir le hAirteagal 27 de Rialachán (AE) 2021/241, is léiriú é an Clár Náisiúnta um Athchóiriú 2024 ar thuairisciú leathbhliantúil na Rómáine maidir leis an dul chun cinn atá déanta ó thaobh a plean téarnaimh agus athléimneachta a bhaint amach. |
|
(9) |
An 19 Meitheamh 2024, d’fhoilsigh an Coimisiún tuarascáil tíre 2024 don Rómáin. Rinneadh measúnú sa tuarascáil sin ar dhul chun cinn na Rómáine ó thaobh aghaidh a thabhairt ar na moltaí tírshonracha ábhartha a ghlac an Chomhairle idir 2019 agus 2023, agus measadh cur chun feidhme phlean téarnaimh agus athléimneachta na Rómáine. Ar bhonn na hanailíse sin, sainaithníodh sa tuarascáil tíre bearnaí atá ann i ndáil leis na dúshláin sin nár tugadh aghaidh orthu sa phlean téarnaimh agus athléimneachta, nó nár tugadh aghaidh orthu ann ach go páirteach, mar aon le dúshláin nua agus dúshláin atá ag teacht chun cinn. Rinneadh measúnú inti freisin ar dhul chun cinn na Rómáine ó thaobh Colún Eorpach na gCeart Sóisialta a chur chun feidhme agus ó thaobh príomhspriocanna an Aontais maidir le fostaíocht, scileanna agus laghdú na bochtaineachta a bhaint amach, mar aon leis an dul chun cinn i dtreo Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe a bhaint amach. |
|
(10) |
Rinne an Coimisiún grinn-athbhreithniú ar an Rómáin faoi Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011. Príomhthorthaí an mheasúnaithe a rinne foireann an Choimisiúin chun críoch an Rialacháin sin, ar measúnú é ar leochaileachtaí maicreacnamaíocha atá ann i gcás na Rómáine, foilsíodh iad i mí an Mhárta 2024. An 19 Meitheamh 2024, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go bhfuil míchothromaíochtaí iomarcacha maicreacnamaíocha ag an Rómáin. Go háirithe, baineann leochaileachtaí na Rómáine le cuntais sheachtracha fós, atá nasctha go príomha le heasnaimh mhóra rialtais atá ag dul i méid agus atá ina bhfadhb go fóill, agus go bhfuil méadú tagtha ar bhrúnna suntasacha praghsanna agus costais agus nach ndearnadh mórán gníomhaíocht beartais. Tháinig feabhas áirithe ar an easnamh sa chuntas reatha in 2023, den chuid ba mhó mar gheall ar thomhaltas príobháideach níos laige agus méadú ó thaobh na trádála de, ach tá sé mór go fóill agus táthar ag tuar go bhfanfaidh sé mar atá sé i mbliana agus go dtiocfaidh feabhas air in 2025. Dá bhrí sin, níl an staid ghlan infheistíochta idirnáisiúnta mar sciar de OTI ag feabhsú a thuilleadh, d’ainneoin an fháis ainmniúil ard ar OTI agus má leantar de na heasnaimh mhóra sa chuntas reatha tá an baol ann go rachaidh sé chun donais. Tá laghdú tagtha ar an mboilsciú ceannlíne agus ar an gcroí-bhoilsciú, ach tá an croí-bhoilsciú fós an-ard, agus é beagán faoi bhun na buaice is déanaí agus níos airde ná mar a bhí bliain ó shin. Tháinig dlús le tuarastail agus le dinimicí na gcostas saothair in 2023 agus lean siad de bheith láidir in 2024, rud a léiríonn go páirteach méaduithe móra ar an bpá íosta agus ar an bpá poiblí agus margadh saothair teann ann. Chuir sé sin le himní maidir le hiomaíochas costais, agus tá scrogaill struchtúracha ag déanamh dochar i gcónaí don iomaíochas neamhchostais. Cuireann na tosca sin ar fad le himní maidir le daingniú caillteanas iomaíochais agus moill ar an bhfeabhas riachtanach maidir le cothromaíocht na trádála. Tá meath tagtha ar an staid fhioscach, ar an príomhchúis leis an easnamh mór sa chuntas reatha í, le bliain anuas. Tuartar go rachaidh an t-easnamh mór fioscach in olcas pas in 2024 agus 2025. Mhéadaigh an cóimheas idir fiacha an rialtais agus OTI beagán d’ainneoin an fháis ainmniúil ard ar OTI, agus tá sé measartha go fóill ag 50,9 %, ach tá sciar mór de arna n-ainmniú in airgeadra eachtrach. D’fhéadfadh leanúnachas na n-easnamh rialtais arda an féichiúnas seachtrach a mhéadú agus bheadh an Rómáin níos spleáiche ar fhoinsí maoinithe sheachtracha, rud a d’fhágfadh go mbeadh an tír leochaileach i dtaobh shuaití mheon na n-infheisteoirí agus suaití seachtracha. Bhí an freagra ó thaobh beartas chun aghaidh a thabhairt ar na leochaileachtaí sainaitheanta lag. Tá conair inchreidte chomhdhlúthaithe fhioscaigh ríthábhachtach chun rioscaí do chobhsaíocht an gheilleagair a laghdú. Chuige sin, is gá na moltaí faoin nós imeachta um easnamh iomarcach a chomhlíonadh agus na hathchóirithe struchtúracha fioscacha a áirítear sa phlean téarnaimh agus athléimneachta a chur chun feidhme go hiomlán, go háirithe na cinn arb é is aidhm dóibh an t-ioncam rialtais a mhéadú go struchtúrach, agus rialú i bhfad níos déine ar chaiteachas ná mar a rinneadh le blianta beaga anuas. D’fheabhsódh cur chun feidhme athchóirithe agus infheistíochtaí an phlean téarnaimh agus athléimneachta anuas ar na cinn fhioscacha struchtúracha an t-iomaíochas chomh maith. |
|
(11) |
De réir sonraí arna mbailíochtú ag Eurostat, tháinig méadú ar easnamh rialtais ghinearálta na Rómáine ó 6,3 % de OTI in 2022 go 6,6 % in 2023, agus d’ardaigh fiachas ginearálta an rialtais ó 47,5 % de OTI ag deireadh 2022 go 48,8 % ag deireadh 2023. |
|
(12) |
Tá an Rómáin faoi réir nós imeachta um easnamh iomarcach ó bhí 2020 ann. An 3 Aibreán 2020, ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE) 2020/509 (11) faoi Airteagal 126(6) den Chonradh maidir le staid easnaimh iomarcaigh a bheith sa Rómáin mar gheall ar neamhchomhlíonadh beartaithe in 2019 le critéar easnaimh an Chonartha, agus d’eisigh sí Moladh (12) faoi Airteagal 126(7) den Chonradh d’fhonn deireadh a chur le staid easnaimh iomarcaigh an rialtais faoi 2022 ar a dhéanaí. I bhfianaise an chraptha dhomhain ar ghníomhaíocht eacnamaíoch atá nasctha le paindéim COVID-19, an 18 Meitheamh 2021 ghlac an Chomhairle Moladh (13) athbhreithnithe chuig an Rómáin faoi Airteagal 126(7) den Chonradh d’fhonn deireadh a chur le heasnamh iomarcach rialtais faoi 2024 ar a dhéanaí (moladh an 18 Meitheamh 2021). |
|
(13) |
Sa Mholadh uaithi an 18 Meitheamh 2021, mhol an Chomhairle don Rómáin a heasnamh ceannlíne a laghdú go 8,0 % de OTI in 2021, 6,2 % de OTI in 2022, 4,4 % de OTI in 2023 agus 2,9 % de OTI in 2024. Bhí sé sin i gcomhréir le rátaí fáis ainmniúla ar chaiteachas príomhúil rialtais ghinearálta 3,4 % in 2021, 1,3 % in 2022, 0,9 % in 2023 agus 0,0 % in 2024. D’fhreagair sé sin do choigeartuithe struchtúracha bliantúla 0,7 % de OTI in 2021, 1,8 % de OTI in 2022, 1,7 % de OTI in 2023 agus 1,5 % de OTI in 2024. Sonraíodh i Moladh an 18 Meitheamh 2021 freisin gur cheart aon ghnóthachain amhantair a úsáid chun easnamh ginearálta an rialtais a laghdú agus gur cheart don Rómáin tuairisciú gach 6 mhí ar a laghad ar an dul chun cinn atá déanta i gcur chun feidhme an Mholta go dtí go gceartófar an t-easnamh iomarcach. |
|
(14) |
Bhain an t-easnamh ceannlíne 6,6 % de OTI amach in 2023 agus bhí sé as marc go mór i gcás sprioc easnamh ceannlíne an nós imeachta um easnamh iomarcach, is é sin, 4,4 % de OTI. Ba é an phríomhchúis a bhí leis sin fás leanúnach ard ar chaiteachas rialtais, go príomha mar gheall ar aistrithe sóisialta, caiteachas ar earraí agus ar seirbhísí agus caiteachas caipitil. D’imir taifead ar íocaíochtaí phá na hearnála poiblí (arbh fhiú 0,5 % de OTI iad) tar éis breitheanna ón gcúirt tionchar ar easnamh príomha 2023 freisin. Rud nach beag a thábhacht, bhí an comhthéacs maicreacnamaíoch fabhrach don chomhdhlúthú fioscach. Tá feidhmíocht eacnamaíoch na Rómáine ó glacadh Moladh mhí an Mheithimh 2021 ag teacht leis na hionchais go ginearálta, d’ainneoin suaití eacnamaíocha a tharla ó shin. Mhéadaigh ioncam an rialtais i bhfad ní ba thapúla nár mar a réamh-mheasadh, rud a léiríonn comhdhéanamh fáis saibhir ó thaobh cánach de, a bhfuil fás eacnamaíoch agus boilsciú ard ann. |
|
(15) |
Bhí an iarracht fhioscach in 2023 níos ísle ná mar a mhol an Chomhairle. D’fhan cothromaíocht fhioscach struchtúrach na Rómáine go mór mar a bhí in 2023, i gcomparáid le feabhas 1,7 % de OTI a mhol an Chomhairle. Bhí an fás ar ghlanchaiteachas príomhúil (coigeartaithe do bhearta aonuaire agus do bhearta beartais fhioscaigh ar thaobh an ioncaim) níos airde ná a mholadh in 2023, ag 11,8 % de OTI in aghaidh sprioc 0,9 % a mhol an Chomhairle. Mar a tharla sna blianta roimhe seo a chumhdaítear leis an Moladh an 18 Meitheamh 2021, baineadh úsáid as formhór na ngnóthachan amhantair ar thaobh an ioncaim chun caiteachas breise a mhaoiniú. Bunaithe ar an méid thuas, tá an Coimisiún den tuairim nár ghníomhaigh an Rómáin go héifeachtach mar fhreagra ar an Moladh ón gComhairle an 18 Meitheamh 2021. |
|
(16) |
An 10 Bealtaine 2024, thug údaráis na Rómáine tuarascáil ar ‘ghníomhaíochtaí a ghlacadh chun an t-easnamh iomarcach a cheartú’. Leis an tuarascáil sin, daingníodh sprioc easnaimh 4,9 % de OTI an rialtais le haghaidh 2024 a áiríodh sa bhuiséad ach chuir sé béim freisin ar an mbealach go raibh cur i bhfeidhm an bhuiséid le linn na chéad 3 mhí den bhliain mar chúis le heasnamh 2,06 % de OTI ar bhuiséad an rialtais , 0,6 pointe céatadáin de OTI os cionn an easnaimh a taifeadadh sa tréimhse chéanna in 2023, tráth a bhí easnamh na bliana iomláine ar ráta 6,6 % de OTI. Mínítear an t-easnamh níos airde sa chéad 3 mhí de 2024 i gcoibhneas leis an tréimhse chéanna in 2023 go príomha le méadú tapa ar chaiteachas an rialtais, go príomha mar gheall ar chaiteachas níos airde ar infheistíocht. |
|
(17) |
Tuartar i réamhaisnéis earraigh 2024 ón gCoimisiún go méadóidh an fíor-OTI faoi 3,3 % in 2024 agus 3,1 % in 2025, agus go seasfaidh boilsciú arna thomhas leis an innéacs comhchuibhithe praghsanna do thomhaltóirí (ICPT) ag 5,9 % in 2024 agus 4,0 % in 2025. |
|
(18) |
Tuartar i réamhaisnéis earraigh 2024 ón gCoimisiún easnamh rialtais 6,9 % de OTI in 2024, agus tá an cóimheas idir fiachas an rialtais ghinearálta agus OTI le méadú go 50,9 % faoi dheireadh 2024. Léiríonn an méadú réamh-mheasta ar an easnamh in 2024 go príomha fás tapa ar chaiteachas reatha an rialtais. Meastar go dtiocfaidh méadú mór ar an gcaiteachas ar phá poiblí, rud a léiríonn na méaduithe lánroghnacha a tháinig le déanaí ar phá in earnálacha an oideachais, na sláinte agus na cosanta. I gcomhthéacs an athchóirithe pinsean, beidh costas gearrthéarmach ag baint le hathríomh pinsean in 2024 agus 2025, ach déanfar coigilteas mór mar gheall ar an athchóiriú ina dhiaidh sin, sa mheántéarma agus san fhadtéarma. In 2024, tá coinne leis go bhfanfaidh an infheistíocht phoiblí mar sciar de OTI cobhsaí a bheag nó a mhór ar an leibhéal ar sroicheadh in 2023, de bharr caiteachas caipitil na n-údarás áitiúil a d’fhás go tapa, agus de bharr imscaradh cistí ón tSaoráid. |
|
(19) |
In 2024,tá coinne leis go sáróidh fás ioncaim an rialtais fás ainmniúil OTI, rud a bheidh ina léiriú ar chomhdhéanamh fabhrach ‘saibhir ó thaobh cáin de’ an fháis eacnamaíoch, na hiarrachtaí chun feabhas a chur ar bhailiú cánach tríd an gcóras cánach a dhigitiú agus an tionchar a bheidh ag pacáiste beart méadaithe ioncaim arna ghlacadh i bhfómhar 2023, pacáiste a bhfuil coinne leis borradh thart ar 1 % de OTI a chur faoi ioncam an rialtais. Is éard atá sa phacáiste go príomha méadú ar chánachas corparáideach, go háirithe i leith micrifhiontar, méadú ar an a gcáin a ghearrtar ar dhaoine aonair, a thagann as saoráidí fabhracha cánach a bhaint go páirteach in earnálacha na foirgníochta agus na talmhaíochta, deireadh a chur le rátaí laghdaithe cánach breisluacha ar earraí agus seirbhísí roghnaithe, méadú ar dhleachtanna máil, agus cáin speisialta ar láimhdeachas na mbanc agus cuideachtaí ilnáisiúnta. Áirítear leis an bpacáiste bearta ar thaobh chaiteachais, lena n-áirítear cuíchóiriú riaracháin phoiblí agus coinníollacha níos déine maidir le incháilitheacht státseirbhíseach dearbháin saoire agus liúntas bia a fháil. De réir mheastacháin an Choimisiúin, réamh-mheastar go mbeidh an staid fhioscach neodrach den chuid is mó in 2024 ag 0,1 % de OTI. |
|
(20) |
Meastar go maoineofar caiteachas ar fiú 1,0 % de OTI é le tacaíocht neamh-inaisíoctha (‘deontais’) faoin tSaoráid in 2024, i gcomparáid le 0,1 % de OTI in 2023, de réir réamhaisnéis earraigh 2024 ón gCoimisiún. Le caiteachas a mhaoinítear le deontais faoin tSaoráid, beifear in ann infheistíocht ardcháilíochta agus athchóirithe a dhéanamh lena gcuirfear leis an táirgiúlacht gan tionchar díreach a bheith aige ar chomhardú nó fiachas rialtais ghinearálta na Rómáine. Tá an Rómáin ag déanamh talamh slán de gurb éard a bheidh sna hiasachtaí a íocfar ón tSaoráid 0,2 % de OTI in 2024 agus 1,2 % de OTI in 2025, i gcomparáid le 0,3 % de OTI in 2023. |
|
(21) |
An 14 Iúil 2023, mhol an Chomhairle (14) don Rómáin gníomhú chun na bearta tacaíochta fuinnimh éigeandála atá i bhfeidhm a fhoirceannadh, agus úsáid á baint as an gcoigilteas gaolmhar chun an t-easnamh rialtais a laghdú, a luaithe is féidir in 2023 agus 2024. Mhol an Chomhairle thairis sin, dá mbeadh gá le bearta tacaíochta nua nó leantacha chun dul i ngleic le méaduithe a thiocfadh an athuair ar phraghsanna fuinnimh, gur cheart don Rómáin a áirithiú go mbeidh na bearta tacaíochta sin dírithe ar theaghlaigh leochaileacha agus ar ghnólachtaí leochaileacha a chosaint, go mbeidís inacmhainne go fioscach, agus go gcaomhnófaí leo dreasachtaí coigilte fuinnimh. De réir réamhaisnéis earraigh 2024 ón gCoimisiún, meastar gurb é 0,3 % de OTI a bhí i nglanchostas buiséadach (15) na mbeart tacaíochta éigeandála fuinnimh in 2023, agus réamh-mheastar gurb é -0,1 % de OTI a bheidh ann in 2024 agus in 2025. Tá scéimeanna tacaíochta a bhfuil tionchar foriomlán 0,5 % de OTI in 2024 agus 0,4 % de OTI in 2025 acu, tá siad le fanacht i bhfeidhm, ach réamh-mheastar go ndéanfaidh cánacha amhantair ó chuideachtaí táirgthe agus dáilte fuinnimh iad a fhritháireamh. Meastar gurb é a bheidh i gcostas buiséadach na mbeart tacaíochta atá dírithe ar theaghlaigh leochaileacha agus ar ghnólachtaí leochaileacha a chosaint 0,2 % de OTI in 2024, agus níos lú ná 0,1 % de OTI a chaomhnóidh an comhartha praghais chun an t-éileamh fuinnimh a laghdú agus an éifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú. Dá n-úsáidfí an coigilteas gaolmhar ó laghdú ghlanchostas buiséadach na mbeart tacaíochta fuinnimh éigeandála chun an t-easnamh rialtais a laghdú, mar a mhol an Chomhairle, thuigfí as na réamh-mheastacháin sin go mbeidh coigeartú fioscach 0,4 % de OTI ann in 2024, ach soláthraítear rannchuidiú forleathnaitheach ó ghlanchaiteachas príomhúil a mhaoinítear go náisiúnta leis an staid fhioscach 1,2 % de OTI sa bhliain sin. Ní mheastar go ndéanfar na bearta tacaíochta fuinnimh éigeandála a fhoirceannadh a luaithe is féidir in 2023 agus in 2024. Tá riosca ann nach mbeidh sé sin i gcomhréir leis an méid a mhol an Chomhairle. Thairis sin, ní mheastar go n-úsáidfear an coigilteas gaolmhar go hiomlán chun an t-easnamh rialtais a laghdú. Níl na rioscaí sin i gcomhréir leis an moladh ón gComhairle. |
|
(22) |
Ina theannta sin, mhol an Chomhairle freisin don Rómáin infheistíocht phoiblí a mhaoinítear go náisiúnta a chaomhnú agus a áirithiú go n-ionsúfar deontais faoin tSaoráid agus cistí eile de chuid an Aontais go héifeachtach, go háirithe chun an t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach a chothú. De réir réamhaisnéis earraigh 2024 ón gCoimisiún, maidir le hinfheistíocht phoiblí a mhaoinítear go náisiúnta, réamh-mheastar go dtiocfaidh méadú uirthi ó 2,3 % de OTI in 2023 go 3,3 % de OTI in 2024. Tá an méid sin i gcomhréir leis an méid a mhol an Chomhairle. Dá réir sin, maidir le caiteachas poiblí a mhaoinítear le hioncam ó chistí an Aontais, lena n-áirítear deontais ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, meastar go dtiocfaidh laghdú air ó 3,3 % de OTI in 2023 go 2,3 % de OTI in 2024. Is é is cúis leis an laghdú sin deireadh chlárthréimhse 2014-2020 de chistí struchtúracha an Aontais, a bhfuil cistí ar fáil ina leith go dtí 2023. |
|
(23) |
De bhun bearta beartais a bhfuiltear ar an eolas fúthu ag scoithdháta na réamhaisnéise agus ar an mbonn go dtuigtear nach mbeidh aon athrú beartais ann, tuartar i réamhaisnéis earraigh 2024 ón gCoimisiún easnamh rialtais 7,0 % de OTI in 2025. Meastar go dtiocfaidh méadú go 53,9 % ar an gcóimheas idir an t-ollfhiachas rialtais agus OTI faoi dheireadh 2025. Léiríonn méadú an easnaimh in 2025 go príomha costas gearrthéarmach an athchóirithe pinsean, rud a bhfuil coinne leis go gcuirfidh sé 0,5 % de OTI eile leis an easnamh in 2025 i gcoibhneas le bunlíne gan athchóiriú. Mar sin féin, is dócha go dtiocfaidh maolú áirithe ar chaiteachas caipitil tar éis na dtoghchán áitiúil agus tá coinne leis go dtiocfaidh moill áirithe ar fhás an chaiteachais reatha gan pinsin a áireamh. Ní áirítear le réamhaisnéis an easnaimh 2025 an t-ioncam breise ionchasach a eascraíonn as athchóiriú chóras cánach na micrifhiontar agus as an athchóiriú leathan cánach, ar chuid den phlean téarnaimh agus athléimneachta iad agus atá á ndearadh faoi láthair. D’fhéadfadh na hathchóirithe sin ioncam substaintiúil a chruthú don rialtas agus, má dheartar agus má chuirtear chun feidhme i gceart iad, d’fhéadfaidís easnamh 2025 a laghdú go suntasach i gcoibhneas leis an réamhaisnéis. Ba cheart go rannchuideodh beartas fioscach stuama leis an gcroí-bhoilsciú a laghdú, rud atá go mór os cionn mheán an Aontais agus a bhféadfadh caillteanais iomaíochais a bheith mar thoradh air dá leanfadh sé de bheith ann, agus ba cheart go rannchuideodh sé leis an seasamh seachtrach a neartú. |
|
(24) |
I gcomhréir le hAirteagal 19(3), pointe (b) de Rialachán (AE) 2021/241 agus le critéar 2.2 d’Iarscríbhinn V a ghabhann leis, áirítear sa phlean téarnaimh agus athléimneachta tacar fairsing athchóirithe agus infheistíochtaí a threisíonn a chéile agus atá le cur chun feidhme faoi 2026. Meastar go gcuideoidh na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí sin ó thaobh aghaidh a thabhairt ar na dúshláin uile a sainaithníodh sna moltaí tírshonracha ábhartha, nó ar sciar suntasach de na dúshláin sin. Laistigh den tréimhse dhocht sin, tá sé ríthábhachtach dul ar aghaidh go pras le cur chun feidhme éifeachtach an phlean téarnaimh agus athléimneachta, lena n-áirítear caibidil REPowerEU, chun borradh a chur faoi iomaíochas fadtéarmach na Rómáine leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach, agus cothroime shóisialta á háirithiú san am céanna. Chun gealltanais an phlean téarnaimh agus athléimneachta a chomhlíonadh faoi mhí Lúnasa 2026, tá sé ríthábhachtach don Rómáin dlús suntasach a chur le hathchóirithe agus infheistíochtaí a chur chun feidhme trí rialachas éifeachtach a áirithiú agus trí chur le hacmhainneacht riaracháin. Tá rannpháirtíocht chórasach na n-údarás áitiúil agus réigiúnach, na gcomhpháirtithe sóisialta, na sochaí sibhialta agus na bpáirtithe leasmhara ábhartha eile ríthábhachtach i gcónaí chun úinéireacht leathan a áirithiú maidir le cur chun feidhme rathúil an phlean téarnaimh agus athléimneachta. |
|
(25) |
Mar chuid den athbhreithniú meántéarma ar chláir an bheartais comhtháthaithe, i gcomhréir le hAirteagal 18 de Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16), tá sé de cheangal ar an Rómáin gach clár a fhaigheann tacaíocht ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE), ó Chiste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+), ón gCiste Comhtháthaithe agus ón gCiste um Aistriú Cóir (CUAC) a athbhreithniú faoi mhí an Mhárta 2025, agus na dúshláin a sainaithníodh i moltaí tírshonracha 2024, le cois nithe eile, á gcur san áireamh aici, mar aon lena plean náisiúnta fuinnimh agus aeráide. Is é an t-athbhreithniú sin is bunús le leithdháileadh críochnaitheach an chistithe ón Aontas atá san áireamh i ngach clár. Tá dul chun cinn déanta ag an Rómáin maidir le cláir an bheartais comhtháthaithe agus Colún Eorpach na gCeart Sóisialta a chur chun feidhme, ach tá dúshláin ann fós agus tá éagothromaíochtaí suntasacha críochacha infheistíochta agus fostaíochta fós ann idir ceantar na príomhchathrach agus na réigiúin eile, agus idir limistéir uirbeacha agus neamhuirbeacha. Tá sé ríthábhachtach dlús a chur le cur chun feidhme chláir an bheartais comhtháthaithe agus acmhainneacht riaracháin a neartú ar an leibhéal náisiúnta agus réigiúnach. Tá na tosaíochtaí a chomhaontaíodh sna cláir ábhartha i gcónaí. Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar bhainistiú agus inbhuanaitheacht na hearnálacha uisce, fuíolluisce agus dramhaíola a fheabhsú. Tá sé chomh tábhachtach céanna feabhas a chur ar tháirgiúlacht oibre agus ar chumas na ngnólachtaí dul i mbun nuálaíochta, trí dhíriú ar thacaíocht spriocdhírithe ghnó, lena n-áirítear comhar poiblí-príobháideach agus rannpháirtíocht i dtionscnaimh thaighde agus nuálaíochta Eorpacha. Ba cheart leanúint de thús áite a thabhairt d’infheistíocht sa ghréasán iarnróid agus in iompar inbhuanaithe uirbeach, in éineacht le cosaint na mbithéagsúlachta. |
|
(26) |
Ina theannta sin, tá sé ríthábhachtach acmhainneacht riaracháin a fhorbairt ar an leibhéal náisiúnta agus fonáisiúnta, agus béim á leagan ar údaráis áitiúla agus réigiúnacha a neartú. Ba cheart cur chun feidhme na bpleananna críochacha um aistriú cóir a áirithiú, lena n-áirítear gual a chéimniú amach faoi 2032. Ba cheart leanúint de sheirbhísí fostaíochta poiblí a fheabhsú. Tá an méid sin ábhartha go háirithe chun feabhas a chur ar éifeachtúlacht na mbeart gníomhachtúcháin le haghaidh an mhargaidh saothair i ndáil le mná, daoine óga nach bhfuil i mbun fostaíochta,oideachais ná oiliúna, daoine faoi mhíchumas agus pobail imeallaithe, mar shampla, na Romaigh. Tá gá le hinfheistíocht san oideachas agus oiliúint, agus in uas-sciliú agus athsciliú an phobail. Tá gá le feabhas a chur ar inrochtaineacht agus caighdeán cúraim shóisialta agus fhadtéarmaigh chomh maith le seirbhísí sláinte ar fud na tíre le haghaidh grúpaí leochaileacha, agus tá gá le dlús a chur le bearta dí-institiúidithe. Is dúshlán suntasach fós é an bhochtaineacht fuinnimh. Agus an t-athbhreithniú meántéarma a dhéanamh, is fiú tuilleadh airde a thabhairt ar sholáthar tithíochta sóisialta agus ar sheirbhísí sóisialta gaolmhara, agus ar fhorbairt inbhuanaithe ceantar beag uirbeach, atá i ngleic le heasnaimh leanúnacha maidir le hacmhainní riaracháin. Trí aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin, thacófaí freisin leis an gcóineasú sóisialta aníos, i gcomhréir le hanailís tíre dara céim de chuid sheirbhísí an Choimisiúin, bunaithe ar ghnéithe an Chreata um Chóineasú Sóisialta, a tugadh isteach ar bhonn píolótach in 2024. I gcomhréir le hAirteagal 3(3), pointe (b), de Rialachán (AE) 2024/1263, áireofar sa Seimeastar Eorpach faireachas ar chur chun feidhme na dtreoirlínte fostaíochta atá ag an gCoimisiún, inter alia, trí chreat chun rioscaí don chóineasú sóisialta a shainaithint. D’fhéadfadh an Rómáin an tArdán um Theicneolaíochtaí Straitéiseacha don Eoraip, arna bhunú le Rialachán (AE) 2024/795 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17), a úsáid chun tacú le hinfheistíochtaí sa bhiteicneolaíocht (mar shampla, infheistíochtaí in úsáid na hintleachta saorga san earnáil leighis agus sa taighde, agus infheistíochtaí táirgiúla i dtáirgí íocshláinte criticiúla), sna teicneolaíochtaí digiteacha, sa nuálaíocht domhainteicneolaíochta agus sna teicneolaíochtaí glana agus teicneolaíochtaí atá tíosach ar acmhainní; chomh maith le hinfheistíocht in acmhainneachtaí chun aghaidh a thabhairt ar ghanntanais scileanna, mar shampla, na scileanna is gá chun na teicneolaíochtaí criticiúla sin a fhorbairt. |
|
(27) |
D’ainneoin feabhsuithe le déanaí, tá an riosca bochtaineachta agus neamhionannais fós ard, agus éagothromaíochtaí suntasacha ann idir grúpaí den phobal agus na réigiúin, an tráth céanna atá rochtain ar fhostaíocht agus ar oideachas fós míchothrom sa Rómáin. Léiríonn an córas cosanta sóisialta éifeachtúlacht theoranta go fóill maidir le rioscaí bochtaineacht agus éagothromaíocht a mhaolú, de bharr rochtain neamhleor agus acmhainneacht íseal. Chomh maith leis sin, tá an ráta dífhostaíochta ar na cinn is ísle san Aontas, go háirithe i gcás grúpaí atá faoi ghannionadaíocht. Ar deireadh, na deacrachtaí maidir le rochtain chomhionann ar oideachas agus ar oiliúint ar ardchaighdeán, tá tionchar diúltach acu ar fás cuimsitheach. |
|
(28) |
Cumhdaítear sa phlean téarnaimh agus athléimneachta bearta a bhaineann leis na dúshláin dá dtagraítear in aithris 27. Áirítear ar na bearta sin athchóiriú ar chóras cosanta do dhaoine fásta faoi mhíchumas, athchóiriú chun cártaí oibre a thabhairt isteach agus obair na n-oibrithe tí a chur ar bhonn foirmiúil, infheistíocht i scéimeanna chun go ndéanfaidh fostaithe i ngnólachtaí uas-sciliú/athsciliú, athchóiriú ar an gcóras oideachas éigeantach chun luathfhágáil na scoile a laghdú agus a chosc, agus infheistíocht chun go bhforbrófar creatchlár maidir le hoiliúint leanúnach do ghairmithe sna seirbhísí oideachais luath-óige. Áirítear leis na cláir comhtháthaithe freisin bearta gaolmhara, mar shampla, bearta idirghabhálacha tiomanta maidir le fostaíocht an aosa óig, gníomhachtú agus fostaíocht grúpaí faoi mhíbhuntáiste i margadh an tsaothair, chomh maith le cuimsiú sóisialta daoine i ngrúpaí leochaileacha. Dul ar aghaidh le cláir an bheartais comhtháthaithe a chur chun feidhme go pras, chuirfeadh sé sin le haghaidh a thabhairt ar na dúshláin dá dtagraítear in aithris 27 agus thacódh sé leis an gcóineasú sóisialta aníos. |
|
(29) |
I bhfianaise ghrinn-athbhreithniú an Choimisiúin agus a chonclúidí maidir le míchothromaíochtaí a bheith ann, léirítear moltaí faoi Airteagal 6 de Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011 i moltaí (1) agus (2). Cuidíonn na beartais dá dtagraítear i moladh (1) le haghaidh a thabhairt ar na leochaileachtaí a bhaineann leis na heasnaimh mhóra sa chuntas reatha agus na heasnaimh mhóra rialtais, a fhágann go bhféadfadh an geilleagar a bheith i mbaol suaití agus a chuireann le boilsciú ard. Cuidíonn beartais dá dtagraítear i moladh (2) le haghaidh a thabhairt ar leochaileachtaí atá nasctha le hiomaíochas costais mar gheall ar mhéaduithe pá a sháraíonn an fás ar tháirgiúlacht saothair agus le hiomaíochas neamhchostais mar gheall ar scrogaill struchtúracha, |
AG MOLADH LEIS SEO go ngníomhódh an Rómáin in 2024 agus 2025 chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
1. |
An plean struchtúrach fioscach meántéarmach a thíolacadh go tráthúil. Déan an beartas fioscach níos doichte chun coigeartú fioscach a bhaint amach in 2024 ina iomláine. I gcomhréir le ceanglais an Chomhshocraithe Cobhsaíochta agus Fáis athchóirithe, srian a chur ar an bhfás sa ghlanchaiteachas (18) in 2025 go ráta atá comhsheasmhach, inter alia, leis an easnamh rialtais ghinearálta a laghdú i dtreo luach tagartha an Chonartha, is é sin 3 % de OTI, agus an fiachas rialtais ghinearálta a choinneáil ar leibhéal stuama sa mheántéarma. |
|
2. |
Dlús mór a chur le cur chun feidhme chláir an bheartais comhtháthaithe agus an phlean téarnaimh agus athléimneachta, lena n-áirítear caibidil REPowerEU, agus é á áirithiú go dtabharfar athchóirithe agus infheistíochtaí chun críche faoi mhí Lúnasa 2026, trí rialachas éifeachtach a áirithiú agus trí chur leis an acmhainneacht riaracháin. I gcomhthéacs an athbhreithnithe meántéarma ar chláir an bheartais comhtháthaithe, leanúint de bheith ag díriú ar na tosaíochtaí a comhaontaíodh, gníomhú chun gur fearr a thabharfar aghaidh ar riachtanais i leith na tithíochta sóisialta, na seirbhísí sóisialta gaolmhara agus forbairt ceantar beag uirbeach, agus na deiseanna a chuireann an tArdán um Theicneolaíochtaí Straitéiseacha don Eoraip ar fáil chun feabhas a chur ar an iomaíochas a chur san áireamh san am céanna. |
Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 21 Deireadh Fómhair 2024.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
NAGY I.
(1) IO L, 2024/1263, 30.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1263/oj.
(2) IO L 306, 23.11.2011, lch. 25, ELI: https://eur-lex.europa.eu/eli/reg/2011/1176/oj.
(3) Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (IO L 57, 18.2.2021, lch. 17, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/241/oj).
(4) Rialachán (AE) 2023/435 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Feabhra 2023 lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/241 a mhéid a bhaineann le caibidlí REPowerEU i bpleananna téarnaimh agus athléimneachta agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) 2021/1060 agus (AE) 2021/1755 agus Treoir 2003/87/CE (IO L 63, 28.2.2023, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/435/oj).
(5) Moladh (AE) ón gComhairle an 12 Aibreán 2024 maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro (IO C, C/2024/2807, 23.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2807/oj).
(6) Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 an 7 Iúil 1997 maidir le dlús a chur le cur chun feidhme an nós imeachta um easnamh iomarcach agus soiléiriú a dhéanamh air (IO L 209, 2.8.1997, lch. 6, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/1997/1467/oj).
(7) Treoir (AE) 2024/1265 ón gComhairle an 8 Samhain 2011 lena leasaítear Treoir 2011/85/AE maidir le ceanglais le haghaidh chreataí buiséadacha na mBallstát (IO L 306, 23.11.2011, lch. 41, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2011/85/oj).
(8) Glanchaiteachas mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2) de Rialachán (AE) 2024/1263: ciallaíonn ‘glanchaiteachas’ caiteachas rialtais atá glan (i) ar úschaiteachas, (ii) ar bhearta lánroghnacha ioncaim, (iii) ar chaiteachas ar chláir an Aontais arna meaitseáil go hiomlán le hioncam ó chistí an Aontais, (iv) ar chaiteachas náisiúnta ar chómhaoiniú clár a chistíonn an tAontas, (v) ar ghnéithe timthriallacha den chaiteachas ar shochar dífhostaíochta, agus (vi) ar bhearta aonuaire agus bearta sealadacha eile.
(9) ST 12319/21 agus ST 12319/21 ADD 1.
(10) Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle an 8 Nollaig 2023 lena leasaítear Cinneadh Cur chun Feidhme an 29 Deireadh Fómhair 2021 maidir le formheas an mheasúnaithe ar phlean téarnaimh agus athléimneachta le haghaidh na Rómáine (ST 15833/23 agus ST 15833/23 ADD 1).
(11) Cinneadh (CE) Uimh. 2020/509 ón gComhairle an 3 Aibreán 2020 maidir le heasnamh iomarcach sa Rómáin (IO L 110, 8.4.2020, lch. 58, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2020/1467/oj).
(12) Moladh ón gComhairle an 3 Aibreán 2020 d’fhonn deireadh a chur le heasnamh iomarcach rialtais sa Rómáin (IO C 116, 8.4.2020, lch. 1).
(13) Moladh ón gComhairle an 18 Meitheamh 2021 d’fhonn deireadh a chur le heasnamh iomarcach rialtais sa Rómáin (IO C 304, 29.7.2021, lch. 111).
(14) Moladh ón gComhairle an 14 Iúil 2023 maidir le Clár Náisiúnta na Rómáine um Athchóiriú 2023 agus ina dtugtar tuairim ón gComhairle maidir le Clár um Chóineasú na Rómáine 2023 (IO C 312, 1.9.2023, lch. 216).
(15) Léiríonn an figiúr leibhéal chostas buiséadach bliantúil na mbeart sin, lena n-áirítear ioncam agus caiteachas agus, i gcás inarb infheidhme, glan ar an ioncam ó chánacha ar bhrabúis amhantair soláthróirí fuinnimh.
(16) Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste um Aistriú Cóir agus an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus rialacha airgeadais maidir leis na cistí sin agus maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí (IO L 231, 30.6.2021, lch. 159, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/1060/oj).
(17) Rialachán (AE) 2024/795 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Feabhra 2024 lena mbunaítear an tArdán um Theicneolaíochtaí Straitéiseacha don Eoraip (STEP), agus lena leasaítear Treoir 2003/87/CE agus Rialacháin (AE) 2021/1058, (AE) 2021/1056, (AE) 2021/1057, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) 2021/1060, (AE) 2021/523, (AE) 2021/695, (AE) 2021/697 agus (AE) 2021/241 (IO L, 2024/795, 29.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/795/oj).
(18) De réir Airteagal 2(2) de Rialachán (AE) 2024/1263, ciallaíonn ‘glanchaiteachas’ caiteachas rialtais atá glan ar chaiteachas úis, ar bhearta lánroghnacha ioncaim, ar chaiteachas ar chláir an Aontais arna meaitseáil go hiomlán le hioncam ó chistí an Aontais, ar chaiteachas náisiúnta ar chómhaoiniú clár arna gcistiú ag an Aontas, ar ghnéithe timthriallacha den chaiteachas ar shochar dífhostaíochta, agus ar bhearta aonuaire agus bearta sealadacha eile.
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/6830/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)